Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge

Title
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1913
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL



SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE



PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh



IX



MO BHEANNACHT LEAT, A SGRÍBHINN



Seathrún Céitinn cct. (circ. 1606)



Mo bheannacht leat, a sgríbhinn,
Go hinis aoibhinn Ealga!
'S truagh nach léir damh a beanna,
Gidh gnáth a dteanna dearga!



Slán dá huaisle is dá hoireacht,
Slán go roi-bheacht dá cléirchibh,
Slán dá bantrachtaibh caoine,
Slán dá saoithibh re héigse!



Mo shlán dá maghaibh míne,
Slán fá mhíle dá cnocaibh,
Mochean do'n tí tá innti,
Slán dá linntibh 's dá lochaibh!



Slán dá coilltibh fá thorthaibh,
Slán fós dá corthaibh iasgaigh,
Slán dá móintibh 's dá bántaibh,
Slán dá ráthaibh 's dá riasgaibh!



Slán óm' chroidhe dá cuantaibh,
Slán fós dá tuarthaibh troma,
Saoraidh dá tulchaibh aonaigh,
Slán uaim da craobhaibh croma.



Gidh gnáth a fóirne fraochda
I n-inis naomhtha neambocht,
Siar tar dromchladh na díleann
Beir, a sgríbhinn, mo bheannacht!


L. 518


X



CAOIN THÚ FÉIN, A DHUINE BHOICHT



Seathrún Céitinn cct. (circ. 1640)



Caoin thú féin, a dhuine bhoicht,
De chaoineadh cháich coisg do shúil;
Ná caoin inghean, ná caoin mac
Dár cuireadh fá bhrat i n-úir.



Caoin ar dtús do pheacadh féin
Ré ndul ins an gcré dod' chorp;
Caoin, ó's éigean duit a híoc,
An pháis fuair Críost ar do shon.



Caoin ar fhuiling ar do sgáth
Críost, do cheannuigh cách i gcrann,
Caoin a dhá láimh 's a dhá chois,
Is a chroidhe do sgoilt an dall.



Rachaidh cách uile fá seach:
Ná caoin neach dá rachaidh uait,
Seach ar leagadh riamh i gcré,
Doilghe dhuit thú féin, a thruaigh.



Ar chruthuigh lámh dheas an tSaoir
Idir mhaca, mnaoi, is fir,
Ní fhuil againn truagh ná tréan,
Nach rachaidh uainn d'éag mar sin.



Dá bhfaicfeá a ndeachaidh uait,
Mar atáid na sluaigh so fúinn,
Tar a ndeachaidh riamh i gcré,
Do chaoinfeá thú féin ar dtúis.



Ar shléibh Shióin, lá na sluagh,
Budh duibhe 'ná gual do ghné,
Anois gidh áluinn do chruth,
Muna gcaoinir 'bhfus thú féin.



Teachtaire Dé ó's é an bás,
Dá raibh ort-sa 'na chás chruaigh,
Do-ghéanadh tú th' aimhleas féin,
Is aimhleas an té do chuaidh.


L. 520


Truagh sin, a bhochtáin gan chéill,
Dá dtuigtheá thú féin mar taoi,
Do léigfeá de chaoineadh cháich,
'S do bheitheá go bráth ag caoi.



XI



A BHEAN LÁN DE STUAIM



Seathrún Céitinn cct. (circ. 1642).



A bhean lá de stuaim,
Congbhuigh uaim do lámh.
Ní fear gníomha sinn,
Gé taoi tinn dár ngrádh.



Féach ar liath dem' fholt!
Féach mo chorp gan lúth!
Féach ar thraoch dem' fhuil!
Créad re a bhfuil do thnúth?



Ná síl mé go saobh,
A-rís ná claon ceann,
Bíodh ar ngrádh gan ghníomh,
Go bráth, a shíodh sheang.



Druid do bhéal ón' bhéal,
Doilghe an sgéal do chor,
Ná bíom cneas re cneas,
Tig ó'n teas an tol.



Do chúl craobhach cas,
Do rosg glas mar dhrúcht,
Do chíoch chruinn gheal bhláith
Tharraingeas mian súl.



Gach gníomh acht gníomh cuirp,
Is luighe id' chuilt shuain,
Do-ghéanainn don' ghrádh,
A bhean lán de stuaim!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services