Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge

Title
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1913
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL



.i. SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE



PÁDRAIC MAC PIARAIS DO THIOMSUIGH



III



DIA LIBH, A LAOCHRADH GHAOIDHEAL!



AONGHUS MAC DAIGHRE UÍ DHÁLAIGH cct. (circ. 1580)



Dia libh, a laochradh Ghaoidheal!
Ná cluintear claoidhteacht oraibh:
Riamh níor thuilleabhar masla
I n-am chatha ná cogaidh.



Déantar libh coinghleic chalma,
A bhuidhean arm-ghlan fhaoilteach,
Fá cheann bhur bhfearann dúthchais,
Puirt úr-ghuirt inse Gaoidheal.



Má's áil libh agradh Éireann,
A ghasradh céimeann gcródha,
Ná seachnaidh éacht ná iorghail
Ná catha mionca móra.



Fearr bheith i mbarraibh fuairbheann
I bhfeitheamh shuainghearr ghrinnmhear,
Ag seilg troda ar fhéinn eachtrann
'Gá bhfuil fearann bhur sinnsear.



Má's mall do hagradh libhse
Magh Life nó lios Teamhrach
Nó Caiseal na sreabh nuaghlan
Nó mín-chlár Cruach na Meadhbha,



Díth chuimhne, a chlanna Mhíleadh,
Fonn réidh na rígh-lios ndaithgheal,
Tug oraibh gan agradh Tailltean
Nó táth críoch maighreach Maistean.


L. 362


Ní tacha lúith ná lámhaigh
Tug oraibh, a ógbhadh Bhanba,
Bheith dhíbh urramach umhal
Do mhear-shluagh ghusmhar Ghallda.



Acht nach deoin le Dia, a Éire.
Sibh le chéile do chongnamh,
Ní bhéidh bhur mbuaidh i n-éinfheacht
Ag sluagh críoch léidmheach Lonndan.



Crádh liom eachtrainn 'gá bhfógradh,
Ríoghradh Fódla san oireacht.
'S nach goirthear díobh 'na ndúthchas
Acht ceitheirn cúthail' coille.



'S iad féin i ngleannaibh garbha
Laoich Bhanba, beag dá leathtrom,
'S fonn mín an chláir-se Chríomhthainn
Ag feadhain fhíochmhair eachtronn.



Gach rún feill dá bhfuil chuca,
Buidhean fhial-churadh gcogtha,
'S a liacht namha ar tí a ngonta,
Do bheir orm codladh corrach.



An tráth bheirid laoich Laighean,
Cinn deighfhear cláir na gcuradh.
Buaidh eachtrann an chró-chuinsi
Bí m'aigne suilbhir subhach.



Dubhach bhímse uair eile
Mar bheirid buaidh na saoirfhear
Na Gaill-si thig tar tonn-mhuir
Do chomhlot ghasraidh' Gaoidheal.



Líon gleodh de laochraidh lannghuirm
Gabhal Raghnuill, Dia dá ndídean!
Méid a nguaise sa ngleann-sa
Do chuir mo mheanma i míneart,


L. 364


Dia leo ag luighe 's ag éirghe,
Tréinfhir is treise i dtachar,
Dia 'na seasamh 's 'na luighe leo
Is i dtráth chuirthe an chatha!



IV



RÓISÍN DUBH



FEAR GAN AINM cct (circ. 1602?)



A Róisín, ná bíodh brón ort fá'r éirigh dhuit:
Tá na bráithre 'teacht thar sáile is iad ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phárdún ó'n bPápa is ó'n Róimh anoir,
Is ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.



Is fada an réim do léig mé léi ó indé go dtí indiu
Treasna sléibhte go ndeachas léi, fá sheolta' ar muir,
An Éirne is chaith mé 'léim í, cidh mór an sruth,
'S bhí ceol téad ar gach taebh dhíom is mo Róisín Dubh.



Mharbh tú mé, a bhrídeog, is nár badh fearrde dhuit,
'S go bhfuil m'anam istigh i ngean ort, is ní indé ná indiu,
D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné 's i gcruth,
Ná feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh.



Shiubhalfainn féin an drúcht leat agus fásaigh ghuirt,
Mar shúil go bhfaghainn rún uait nó páirt dem' thoil,
A chraoibhín chumhra, gheallais domh-sa go raibh grádh agat domh,
'S gur b'í fíor-sgoth na Mumhan í mo Róisín Dubh.



A Róisín mhín mhodhamhail na mbán-chíoch gcruinn,
Is tú d'fhág míle arraing i gceart-lár mo chroidhe:
Éaluigh liom, a chéad-shearc, agus fág an tír,
'S dá bhféadfainn nach ndéanfainn bainríoghain dhíot, a Róisín Dubh!



Dá mbiadh seisreach agam do threabhfainn i n-aghaidh na gcnoc,
'S dhéanfainn soisgéal i lár an Aifrinn dem' Róisin Dubh.
Bhéarainn póg do'n gcailín óg do bhéaradh a hóige dhomh.
'S dhéanfainn cleas ar chúl an leasa lem' Róisín Dubh.


L. 366


Biaidh an Éirne 'na tuiltibh tréana agus réabfar cnuic,
Biaidh an fhairrge 'na tonnaibh dearga is doirtfear fuil,
Biaidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is móinte ar crioth,
Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services