Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Le grádh dá mhnaoi

Title
Le grádh dá mhnaoi
Author(s)
Ó Conaire, Padraic,
Composition Date
1912
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LE GRAD DÁ MHNAOI.
PADRAIC Ó CONAIRE DO SGRIOBH.



I.



Lá Fhéile Pádraic a bhí ann agus bhí an t-Aifreann deireannach beagnach léighte
ag an sagart. Bhí cuid de na daoine nach raibh aon tsuidhcheáin aca ag eirghe dá
nglúnaibh agus ag baint fad asta féin thall is i bhfus. Na daoine a raibh na suidh-
cheáin aca bhíodar n-a suidhe ionnta ar a socamhalacht. Dunadh leabhar an Aifrinn.
Rinne an sagart casacht faoi dhó le n-a sgórnach a ghlanad i gcomhair cainnte. Thug
sé aghaidh ar a thread le comairle a leasa thabhairt dóibh. Bhí blúiríní páipéir n-a
ghlaic aige, agus thosuigh sé ar a léigheadh. D'iarr sé paidreacha an phobuil ar son
anaman na ndaoine fuair bás ó labhair sé leo cheana, agus ar son na ndaoine a bhí
i mbéal an bháis go bhfágfaidís an saoghal seo i stáit na ngrás, no go bhfuighidís
biseach da mb'é toil naomhtha Dé é. Chluinteá mar bheadh crónán beach ann i ndiaidh
gach ainme, agus corr-sheanbhean trom-osna aiste le teann bhróin. Is minic a thigeadh
creathadh i nglór an tsagairt féin, agus críocnadh na n-ainmneacha faoi dheireadh.
Leag sé thart na páipéirí agus dubhairt:



“A dhearbhráithreacha agus a dhearbhshúireacha. Tá fear san bparáisde reo,
feilméara láidir a raibh gean na ndaoine air féin agus ar a mhuinntir gach lá ariamh.
Bhí gean agus meas agam féin air uair, acht níl anois. Tá an duine seo ar lorg
cailín aimsire. Molaim d'aithreachaibh an pharáisde gan inghean leó leigint isteach
n-a theach. Molaim de mhnáibh óga na háite ní amháin gan a dul ar aimsir aige acht
gan féachaint ar an taobh de'n bhóthar n-a mbéidh sé. An bhean óg a bhí ar aimsir
aige cheana tá sí féin agus a leanbh i dteach na mbocht anois…”



Ní ar an tseansagart a bhí na daoine ag féachaint faoi seo, acht ar fear chaol
ruadh a bhí ar a ghlúnaibh agus a cheann faoi i gceann de na suidheacháin tosuigh, agus
ar a mhnaoi phósta a bhí le n-a thaobh. 'N-a suidhe a bhí sise agus a ceann i n-áirde
go huaibhreach aici. Bhí an bheirt aca gléasta go faisiúnta ar nós daoine ón gcathair.



Rinne an sagart casacht an athuair agus lean air —



“Tá an bhean óg a bhí ar aimsir aige go dtí anois i dteach na mbocht,” ar seisean,
“í féin agus a leanbh más beo iad, acht ní i dteach na mbocht atá athair an leinbh acht
i dteach Dé, sa teach seo atá sé — an fear atá ar a ghlúnaibh ós mo chomhair annsin
sin é athair an leinbh. A Eoghain Uí Dhubhgáin…”



Bhí faoi a thuilleadh a rádh acht d'eirigh an bhean a bhí le taobh Eoghain, le taobh an
fhir ruaidh, 'n-a seasamh de phreib. Bhí a héadan chomh bán leis an sneachta, agus
í corruighte go mór.



“Ní hé Eoghan Ó Dubhgháin athair an leinbh… Ní hé! ní hé!” ar sise agus
í ar creathadh, “ní hé mo chéile-sa an t-athair,” ar sise, “bréag atá ann, dearg-
bhréag.”



Rug sé ar ghualainn ar a fear agus chreath sí é. Níor thóg seisean a cheann.



“Teanam,” ar sise, “teanam abhaile liom-sa má's fear thú. Ní cuirfear
droch-ghníomh do leith 'san éagcóir agus mise sa láthair,” ar sise ós árd go dána borb


L. 27


ionnos go gcloisfeadh cách í, agus do ghluais an bheirt amach go mall; eisean roinnt
sgáthmhar faiteach, ise agus a ceann i n-áirde aici go leitheadach.



Bhí an cárr taobh amuigh de gheata an tseipéal aca; rug sise ar an tsrian agus
d'imthigh leo. Bhí fuadar fúithi, droch-fhuadar shíltheá, acht ba chosamhail le duine
bhéadh n-a chodhladh eisean. Bhí sé ag iarraidh a dhéanamh amach céard a thárla agus
é ag cinnt air. Níor chuala sé an chéad chuid de chainnt an tsagairt agus níor thuig
sé brigh na cainnte. Ar dhubhairt an sagart gurbh eisean athair an leinbh? Bhí sé
ag ceapadh go ndubhairt acht má dubhairt tuige ar chuir a bhean n-a aghaidh go dána
agus gan de phort aici le mé anuas acht é? Nach raibh sí gá chasadh leis moch mall
deireannach? Bhí Eoghan cinnte gur chreid sí an sgéal: cad chuige dhi mar sin an
sagart a bréagnughadh ar an altóir? Níor fhéad an fear ruadh an sgéal a réidhteach.



II.



Thóg sé a cheann agus do dhearc sé uaidh ar na sléibhte agus ar an loch ar nós
duine nach bhfaca an áit ariamh cheana. Acht cé'n mí-adh atá ar Bhrighid anois? Ní
abhaile atá sí a dul ar chor ar bith.



“A Bhrighid,” ar seisean, “nach bhfuil eolas na slighe agat fós, a Bhrighid?”



“Tá,” ar sise.



“Nach bhfeiceann tú gur ar bhóthar Dhoire na bhFiach atámuid?”



“Go Doire na bhFiach atá ár dtriall,” ar sise.



“Cé'n gnó atá agat annsin?” ar seisean agus congnadh air.



“Le cuairt a thabhairt ar do leanbh-sa,” ar sise agus do dhún sí a dhá béal ar
a ceile.



Bhí a lán le rádh ag Eoghan acht nár dhubhairt sé é. Ní raibh aon aimhreas air acht
gur chreid sí an sgéal — acht an sagart a bhréagnughadh! Agus cuairt a thabhairt
ar an leanbh ionnos go gcreidfeadh an pobuil uile go raibh iomlán na fírinne aige!



Bhí sé cinnte nach raibh acht cineál aithne aige ar a mhnaoi má bhíodar pósta le
naoi mbliadhna féin. Tháinic sí chuige i dtosach na haimsire sin gan de spré aici
acht an gean mór bhí aici air. Acht le linn na mbliadhna, d'fhuaraig an gean roinnt;
d'imthigh dhá bhliadhain, trí bhliadhna, ceithre bliadhna agus níor bronnadh aon chlann
orra. Níor bronnadh orra acht maoin shaoghalta. An mhaoin bheo n-ar chuir Brighid
dúil a croidhe níor bronnadh orra í, agus do réir a chéile bogadh an tseansnadhm
seirce bhí eatorra nuair a phósadar.



Ba ghnáthach le Eoghan gan aon chur-isteach a dhéanamh ar a mhnaoi, tugadh cead a
cinn i gcomhnaidhe dhí. Tugadh cead a cinn dhí anois. Níor labhradh focal gur
shroicheadar geataí theach na mbocht. Bhí Eoghan ar tí na geataí osgailt, acht d'os-
gluigheadh dhó iad, agus b'éigin dóibh dhul ar leath-taobh le sean-trucaill dubh a raibh
connra air a leigint thart. An bheirt a bhí i n-áirde ar an trucaill, dhearcadar go
géar ar Eoghan ag dul thart dhóibh.



Bhí aithne ag an doirseóir ar Eoghan mar bhí sé ar lucht Chosanta na mBocht.



“An bhean óg úd bhíodh ar aimsir againn-ne, a Pheadair —”



Níor fhéad Brighid an chainnt a chríochnughadh nuair a thug sí faoi deara cé'n
t-athrughadh mór tháinic ar éadan an doirseóra.



“Nár casadh a sochraoid libh, a mhaighistreas — má's le n-a sur tháinic sibh.”



“Acht an naoidhneán.”



“Go bhfoiridh Mac Dé air,” agus do sheól sé suas an staighre iad, agus isteac


L. 28


i seomra lom mar a raibh cailleach agus naoidhe nua-bheirthe ar a glúin aici. Rug
Brighid ar an naoidhe ó'n gcailligh, agus thug póg dó. Níor thaithnigh sin leis an
naoidhe — nach í an bhean iasachta bhí dána leis! Leig sé streanacán as. Bhí
Eoghan ar leath-taobh, agus é ag féachaint go hamaideach ar an obair seo.



“Beir air,” arsa Brighid leis.



Do rug, agus do rinne sé a sheacht ndithcheall an naoidhneán a bhréagadh acht sin
a raibh dá bhárr aige. Bhí fhios aige go raibh an bheirt bhan óg ag féachaint go géar
air; agus ba dhóigh leis go rabhadar beirt ag iarraidh a dhéanamh amach cé'n cosamhlacht
a bhí idir é agus an leanbh. Acht ní ar sin a bhí Brighid ag smaoineadh. Chomh luath
is chonnaic sí an leanbh thaithnigh sé léithi, agus le dánacht do cheap sí a thabhairt abhaile
céard deirfidhe; an leinbh a bhí uaithi, agus sé an leanbh seo — leanbh a fir mar shíl
sí — bhéadh aici.



“Agus fuair do mháthair bhocht bás,” ar sise leis, “a chréatúirín aonraich,” ar
sise, agus do rug sí air ó n-a fear.



“A Eoghain, a Eoghain,” ar sise go tobann mar bhéadh sí thar éis smaoineadh air,
“bhfuil fhios a'd céard a dhéanfas muid — é thabhairt abhaile agus a oileamhaint,
sgoil agus fóghluim a thabhairt dó.”



“É thabhairt abhaile,” ars Eoghan agus íongnadh an tsaoghail air. “Céard
déarfar acht an rud adubhradh cheana, an rud a bhréagnuigh tú ar maidin…”



“Acht anois ó tá a mháthair marbh. Ní bheidís chomh droch-chroidheach sin. Ní
bhéadh ann acht grádh Dé. Nach é an t-ailleáin é! Féach na lámha boga ruadha, agus
na hiongnaí deághchuma! Na cosa bídeacha! Agus an folt atá air, a Eoghain, an
folt atá air! Agus an cholann chumhartha! A Eoghain, a Eoghain, tá sé ag féachaint
ort. Aithnigheann sé thú, aithnigheann sé thú, a Eoghain! An créatúirín!”



I gceann leathuaire bhí Eoghan agus a bhean ag gabhail bóthar abhaile agus an
naoidhneán aca. Níl fhios ag Eoghan fós cé'n chaoi ar mealladh é go dtiubhradh sé
abhaile leis é. Níl fhios aige fós cad chuige ar chuir a bhean iallach air cruthughadh ós
comhair an tsaoghail go mba leis é, agus nuair a chuir sé ceist uirri n-a thaobh ní
dheárna sí acht an naoidhneán a theannadh léithi agus labhairt go bladarach mealltach
grádhmhar leis.



[leanfar de seo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services