Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets

Title
Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets
Compiler/Editor
O'Rahilly, T. F.
Composition Date
1727
Publisher
(B.Á.C.: Gill & Son, Ltd., 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Beannaig an bárc bláthshnuite béal-chumtha,
Beannaig an áirc árrachtach éis-iumdha,
Beannaig an sál shnáimhfeas, a Dhé Dhúilimh,
Is gach calaithe, an tráth thráchtfas, i bhféichiúine.



Ciuin cothrom ceart do chrothas gal na gaoithe a seól,
'S is dlúth torainn-mhear do sgoilteas sreabh na taoide
i gcóir,
An bhrú bholg-bhreac gan doichte ar dteacht na síne i
dtreóir
'S ní fíu borb-bharc, ar sonna slat, a maíomnh na deóig.



'Na deóig is marbh na marana is bríomhar béad,
'S is bródach bagar a hanairte ag sníomh a dtéad,
An bhóchna ar lasa mar ghearras a cíle créacht,
'S i meón a hanaithe a fearaibh ag maíomh a héacht.
Is éachtach obann a sorrathan saor chun siúil,
'S is aeurdha bhogas a brollach, a taobh 's a stiúir,
An bhréideach bhorb do goradh le saoraibh iúil,
is cé fraochta a folca, ní íochtar a céim ach ciúin.



A Athir na ngrás, thárthaig an t-ochtar dobhí
Sealad san Áirc ábhail, gur sochtadh an díl,
Tabhair gach tráth, áilim, gan dochar gan díth
Chun calaithe slán árthach Í Lochlainn 's a buíon.



Ao Buí Mac Cruitín cct.



Is tú tríd chôchta d'fhóir ón gcarcair me, a Dhé!
Ná diúlta an tóir seo im dheóig do fhreastal go réig;
A Dhúilimh mhóir do Jób thug aiseag a spré,
Ní lúide fós do stór me chabhair mar é.



DEASGÁN TUANACH.



Selections from Modern Clare Poets.



VIII.



Ao Buí MacCruitín cct., i bhFlóndras.



Is grinn an tsollamhain chím fé'n Nollaig seo
ag ríshliucht Gholaimh an áthais,
An laochra goradh le gríos an chogaig,
le gclaoitear cosgar a námhad.
Tan líontar tonna don fhíon ba tofa
dofríth ó phortaibh na Spáine,
Ní smaoinid colla le gnaoi nách doirbh
gach braon gan oba go dtráifid.



An Brianach calma, ár dtiarna ceannasach,
dian i n-eagar an ármhaig.
'S an fialmhac fleagach, ár dtriath Ó Seachnasa,
aniar ó shleasaibh an bhán-Ghuirt,
Is gach gliaire catha 'na ndiaig don aicme seo
ó iathibh Banba tháinig,
'S is cian na fearaibh le grian na gaisge
á fiad gan seasamh le táintibh.



Is dó, má ghabhaim-se an cóta dearg so,
leó go rachtar sáile,
A sgóda leatha, a seólta sgartha,
's a sról 'na mbratachaibh árda.
Cóir ná ceannach ní gheóid ó Ghallaibh
go dtógaid sealbh a n-áitreabh,
Is Seóirse thachta le córda casta,
's is ceólmhar sgreadfas an chláirseach.



Aindrias Mac Cruitín, leis an Athir Seán Ó Finn agus
le n-a mhnaoi thí, cct.



Tá dúr-bhean chráite i n-áras aoibhinn ait
Do dhiúlta 'om páirt gan fáth, san oíche ar dteacht;
Dar lium, a Sheáin, is nár mar sgríobhaid stair
Gur fiunn atáir, is tá fhios ag Críost nách ea!



X.



Ao Buí Mac Cruitín cct.



Is mithid a mhaíomh ar rí-fhuil Bhreógain am
Gur mise do sgríbh a bhfíor-stair nó gan cham,
Gur chuireas an Ghaoilge i bhfír 's i gcló nách gann,
cé duine gan bhrí me, ag sníomh na ród go fann.



An fhuireann do shíolra ó Mhíle mhór anall
Dob'urra lem dhíon, táid claoite ó ghleó-ghuil Gall;
Ó d'imig na saoithe taoim gan ghlór gan ghreann,
'S is truime mo chroí ná an líog is mó san ngleann.



Táid m'fhiacha ar fhuil Fhiachra 's ar dhearbh-shliucht Táil,
Ós fianach gur rianas a seanchas dáibh;
Is diachrach mo thriall-sa go hainnis mar táim,
Gan diallait, gan srian mhath, gan chapal im laímh.



A ríogain tofa do bhorbfhuil uaisle Táil,
Tá an aois dom tholla, 's is fogas dam guais an bháis,
Tá caoiche im rosgaibh 's is follas mo ghruaig gur bhán.
'S níl brí im chosaibh ó chlochaibh an chrua-chasáin.



. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .



A dhuille seo, éire i gcéin is tabhair mo ghrá
Don gheanamhail bhéasach bhéilghlic bharramhail bhreá,
Do shleachtaibh na laoch is don fhéin chuir Danair tar sál,
Is mo bheannacht dá céile caomh ná dearmaid tráth.




XI.



Ao Buí Mac Cruitín cct.



Is ábhar do thuras, a Thaidhg,
's is uras úr mbuíon do lua,
a dtréithe, a dtábhacht 's a ngníomh,
's a ndéine le díon don tslua.



Is iumdha flea is fíon is ceól
ag saoithe fá sheól do ghnáth;
iumdha sean is baothán bocht
id dhún gan socht ag teacht tráth.



Fuarais crógacht Chluinne Cais,
do ghníomh níor thais ag cur an áir,
is dofuarais ciall a modh mhór
id bhiatach gan chló gan táir.



Fiadhain an tan dobhí
an dá rí re dul i dtreas,
do náimhde gé'r líonmhar dóibh,
ag an mBóinn do ghníomh ba feas.



Nuair thug ceannaphairt an tslóig
aire dhuit, a chló gan táir,
Tug amas ort go dian doirbh, -
is do nár shoirbh an dáil.



Gur thit leatsa lámh ar láimh
i meán an áir (ba céim cruaig!)
's níor ghabhais tuirse na tlás
go dtugais a bhás i measg an tsluaig.



I gClár Tuamhumhan arís
is tu gan sgíos do choisg an chealg;
d'fhóiris an campa cóir
's do choisgis an tóir fós gan fearg.



Is trua ná raibh gach laoch lonn
dílis don fhuirinn mar é,
is ní bheadh Cailvín ná a chogal
iniubh i n-áit phobail Dé.



An dara lá do mhí Iúil,
san mbliain sin (ní hiúl díosg)
míle, sé chéad, nochad nocht,
dob'é sin gan socht aois Chríost.



Cé iumdha mathas re n-aithris ar laoch na Rann,
Ní fiunntar taise ar a ghaisge le céill nách gann,
'S an miunn bhí i gceannas ag Gallaibh i nEirinn am,
Le lúth a ghlaice gur mhairbh, 's le tréine a bhall.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services