Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eadhmon De Búrc (tuilleadh dhe)

Title
Eadhmon De Búrc (tuilleadh dhe)
Author(s)
Ní Chonaill, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Eadhmon de Búrc."



Máire Ní Chonaill.



[Tuilleadh dhe.]



Ag seo litir a chuir sé uaidh nuair bhí sé tuairim is bliadhain thar lear.



"A Athair dhílis,



"Fuaireas an litir do chuiris chúgham, tá seachtmhain ó shoin.
Beidh áthas ort a chloisint go bhfuilim ag cur díom ar mo shástacht ó
thánga annso. Táim ag obair i dteannta feirméora, agus ciodh go
gcaithim oibriúghadh go dian, is maith liom an áit mar bím amuigh fá'n
aer ó dhubh go dubh. Tá mo shláinte ag rith liom go maith. Is
minic ámhthach a bhíonn uaigneas orm, níl dán na amhrán le cloisint
i dteangain ársa na nGaedheal, agus dá bhfeicfeá iad ag rínnce!
Go deimhin féin ní'l éan deallramh aige leis an rínnce fada, an cor
ceathrair, agus iad so a bhíodh againn ag na crosaraidhibh sar ar fhágas
an baile. Agus an oidhche déidheanach a bhíos 'nbhúr measg, ní chuirfead
as mo chuimhne go bráth é. Tá súíl agam ná fuil an saoghal ag dul
'nbhur gcoinnibh agus go bhfuil sibh uile go léir i n-deagh-shláinte.



"Mise,
"Do mhac ionmhuin féin,
"Eadhmon."



Bhí na bliadhanta ag sleamhnúghadh leó go tiugh, mar is orra ná bhíonn
an mhoill, agus ba gheárr go raibh Eadhmon imthighthe cúig bliadhana,
agus i rith na h-aimsire sin ní raibh aige á chur abhaile chum a mhuinntire
acht gach deagh-thuairisc, agus rud na theannta, mar is minic do
chuireadh sé airgead uaidh, mar ciodh go raibh a athair compórdach
i dtosach á shaoghail agus beagán struis aige fuair sé a lán dhóthain le
déanamh is murghail mór a bheith air le beathúghadh.



I rith na h aimsire seo go léir bhí Róisín ni Dhonnchadha ag cómhnuidhe
le na muinntir féin go meidhreach mánla. Bhí taithneamh ag gach
éinne dhi agus bhí siúd an cailín ciúin ceannsa, agus dá mbeadh éinnídh
bun ós cionn le h-éinne bí Róisín go mbeadh an deagh-fhocal na béal
agus an deagh-chómhairle lé tabhairt uaithe aici. D'fhaigheadh sí tuairisg
go minic ó Eadhmon, agus bhíodh sé ag geallamhaint di i gcómhnuidhe
go dtiocfadh sé ar ais chúiche nuair bheadh saídhbhreas go leór aige chum
iad araon do chothúghadh. Bhí a fhios aige anois is dócha go bhfaigheadh
an tarna mac an fheirm ó na athair, agus is aige bhí sé tuillte.


L. 926


Tháinig atharúghadh saoghail ar Eadhmon, agus geallaim-se dhuit gur
dhein sé dearmhad ar an baile, agus ar Róisín, mo ghreidhin í.
D'atharuigh a mháighistir ó'n áit 'na raibh sé agus d'imthig leis go dtí
áit éigin eile ins na stáiteannaibh. Do dhein sé a dhícheall chum
Eadhmoin a thógaint leis, acht níor mhaith leis an cúmplacht a bhí aige,
d'fhágaint. Acht b'éigin do scaramhaint leó ámhthach agus imtheacht leis
go tig céirde, mar ar buaileadh é ar bhior a chínn i gcorrach na
h-aimhléise. 'San áit seo bhí scata ná raibh eagla orra roimh Dia na
duine; nuair bhuail sé leó so bhí sé diadha diagánta, mar ba ghnáth
leis, agus mar gheall ar sin bhí sé 'na cheap magaidh ag an gcuid eile.
Gach maidean deireadh sé a phaidreacha, agus i lár an lae nuair
bhuaileadh clog-chuimhne bheannachta an aingil ba dhiadha deireadh sé a
phaidreacha, pé broid oibre bheadh air. Lean mar seo ar feadh a
bhfad Éireann, & do thosnuig creideamh Eadhmoin ar dhul i bhfuaire.
Gan dabht níor chaill sé a chuid Chreidimh d'éan phreab, acht nuair tá
duine imeasg droch-chómhluadar is deocair bheith go maith. Um
thráthnóna ar chur suas d'obair dóibh seadh dheineadh cuid aca ná iad
féin do shághadh isteach go tig tábhairne, b'fhéidir gan é d'fhágaint go
meadhon oidhche. Is náireach an scéal le n-aithris gur fhoghlumaig
Eadhmon an ceárd so leis, ciodh gur le mór-thaithint do thógadar 'na
dteannta é, acht 'sá' deire fairíor do bogadh é, agus i n-inead beagáin
airgid do chur abhailé chum a mhuinntire, do chaitheadh sé é go bog i dtig
an óil. Is mar seo fairíor a bhí ag eiriúghadh le h-Eadhmon. Nuair
chaithead sé an oidhche i dtig tábhairne, ní bhíodh ann eiriúghadh go moch
ar maidin, agus dá bhrígh sin ba mhinic déidheanach chum a oibre é, &
ins na tighthibh seo go bhfaigheann doine págh do réir a mbeidh d'obair
le taispeáint um tráthnóna aca, níor bh'éan iongnadh gur chuaid
sparán Eadhmoin i laighead, mar ba i gceann des an tighthibh seo a bhí
sé. Ní ar féín amháin fairíor do thuit an mhío-ádh de bhárr a dhroch-
imtheachtha, achtar an athair bocht sa bhaile, agus ar an máthair is orra
do ghoill sé go trom.



Do stad Eadhmon leis de scríobadh chum Róisín. Nuair chonnaic
sé an cuma 'na raibh sé bhí náire air scríobhadh chum ghrádh geal a chléibh.
Nuair mhothuigh sise an aimsir ag sleamhnúghadh ó bhliadhain go bliadhain
gan tásc ná tuairisc aici uaidh cheap sí go raibh sé ag déanamh óinsíghe
dhi i rith na h-aimsire. Bhíodh sí ag smaoineadh ar mhnaoi Eadhmoin in
Aimeiricé, mar cheap sí gur bhuail óig-bhean éigin eile leis an thaithn
níos feárr leis ná í féín, & go raibh sé pósta fá'n am seo. Do bhris sé
seo a croidhe, agus d'athruig sí ar fad. I n-inead an chailín gleóidte
gruadh-dhearg a bhí ann an oidhche úd fadó i dtig Mhichíl de Búrc, bhí sí
an-leice, aghaidh uaigneach bhrónach uirri. Bhí agaidh bhán uirri anois
i n-inead dath an róis a bhí ann fadó. Seadh, bhí Róisín ag dul i
n-olcas ó ló go ló, chum gur chuaidh sí san leabaidh ar fad, agus tairéis


L. 927


luigheachán bliadhna nó mar sin d'fág Róisín slán fada ag an saoghal
so, & sceinn go dtí an saoghal eile. Do fhóbair dá muinntir imtheacht
fiadhain nuair tóg Dia uatha a leanbh dílis, acht bhí fhios aca go raibh sí
i n-áit níos feárr.



D'fan Eadhmon ar éan tarrach amháin i rith na h-aimsire seo, ag
imtheacht síos síos gach lá, fairíor. Éan oidhche amháin bhí séi dtig óíl.
Bhí cúmplacht mór ann, agus bhí scléip is racaireacht go leór aca.
I lár na hoidhche thosnuig Eadhmon ag cainnt leis an té ba ghiorra dho,
agus nuair fuaireadar an chéad deoch eile, dubhairt Eadhmon agus é
ag ól "Sláinte na h-Éireann."



"An Éireannach tusa," ars an fear eile.



"Seadh, go deimhin," ars Eadhmon, "agus is orm atá an bród 'na
thaobh."



"Éireannach eile an fear led thaoibh," ars an duine eile.



"I neadh go deimhin," ars Eadhmon,"tabhair dhom do lámh, is mór
an táthas atá orm duine dem chineadh féin d'feicsint, agus cad é an
áit i nÉirinn gur b'as thu?"



"Baile beag i gconndae Corcaighe mhaise, ar an nglaodhtar Gleann-
Garbh an áit is deise fá luighe na gréine."



Do tháinig suim mór ag Eadhmon ann, acht níor leog sé air go raibh
éan bhaint aige féin leis an áit. Do lean an fear eile air.



"Cailleadh m'athair is mo mháthair nuair bhíos ana-óg agus d'fágadar
mise gan éinne chum féachaint im dhiaidh. Ní raibh aca acht botháinín
bocht ar thaoibh an bhóthair, agus nuair fágadh mise im dhileachtaidhe thóg
feirmeóir de mhuinntir Dhonnchadha isteach mé 'na thig féin agus bhíos
ann chum go dtánga annso."



"Go deimhin," ars Eadhmon, "ba cheart duit bheith an-buidheach de,"
agus e ag deanamh iarrachta fós gan taispeáint go raibh éan eolas
aige ar éinnídh.



"Táim leis," ars an fear eile, "agus ní chuirfead as mo chuimhne
go bráth ar dhein sé dhom. Ní'l acht ar maidin indiu a fuaireas litir
uaidh, agus mo thruagh an fear bocht, cailleadh a inghean tá mí nó mar
sin ó shoin."



"Cad a bhain di?" ars Eadhmon, agus ag iarraidh é féin do
choimeád socair, agus ba dheocair dó soin.



"Ní'l éinnídh dá fios agam-sa" ars' an fear eile, "acht deir an
t'athair liom 'na litir gur innis sí an scéal ar fad do ar leabaidh a
báis. Bhí feirmeóir 'na chómhnuidhe i n-aice leó gur bh'ainm do Mícheál
de Búrc. Do thug a mhac súd gean di, agus d'imthigh sé air go
h-Aimeirice agus thréig sé í. Do fuair sí bás le briseadh-croidhe.
Sin mar deireann an t-athair."



"Cad do b'ainm dí?" ars Eadhmon.



"Roisín," ars an fear eile.


L. 928


Do bhí gloine beóir láimh Eadhmoin agus é ag eisteacht leis an
scéal. Do thuit sé as a láimh, agus thuit sé féin na phleist anuas ar
an úrlár.



Do bhí an fear eile, Séumas Ó Briain, ag féuchaint ar seo go
léir agus bhí aithreachas air i dtaobh a raibh ráidte aige. Do thóg sé
Eadhmon 'na shuidhe, agus ba gheárr go dtáinig sé chuige féin, agus
b'follus go raibh grádh 'na chroidhe cómh fíor is bhí riamh do Róisín
ní Dhonnchadha. D'innis sé an sceal go léir do Shéumas, agus bhí sé ag
imtheacht fiadhain le aithreachas is aithmhéla. Dúbhairt Eadhmon leis
féin go bhfeiceadh sé uaig a grádh-ghil sul a bhfaigheadh sé bás.



Ar maidin amáireach d'eirig Eadhmon, acht ní raibh cor ann.
Do thabharfadh sé éinnídh fá luighe na gréine acht focal dh'fhághail ó
Róisín. Tráthnóna an lae sin chuaidh sé amach fá'n sráid agus
cheannuig sé bláthanna áilne chum iad do chur ar uaig a ghrádh ghil.
Do chur sé isteach na bhosca iad, agus an oidhche sin shuidh sé síos,
fuair sé peann, agus dubh is páipéar litre, agus thosnuig sé mar seo.



"A athair mo chroidhe,



"Is dócha go bhfuilim-se imthighthe as do chuimhne le fada riamh
agus is maith an ceart soin. Ní bheadh an scéal mar sin dá dtóg-
fainn-se do chómhairle an lá úd fadó, nuair dubhraidis liom 'gur mhór
taidhbhseach iad adharca na mbó tar lear.' Fairíor is agam-sa tá a
fhios soin anois. Má tá éan párdún fághtha id chroidhe tá súil agam
gur tu an t-athair céadna a bhí ann fadó, agus go maithfir dom.
Táim ag fágaint na h-áite seo i lá nó dhó agus táim ag dul ar ais
chum mo dhúthaighe féin. Beidh an litis seo agat tamaillín rómham féin.



"Mise,
"An Eadhmon céadna a bhí mar mhac agat."



Fuair Mícheál de Búrc an litir seo ar leabaidh a bháis, agus bhí a
fhios aige ná feiceadh sé go bráth airís a mhac féin. Ghlaoidh se ar
mhnaoi a tharna mhic, mar bhí seisean pósta anois, agus dubhairt sé
léithe a rádh le Eadhmon nuair thiocfaidh sé go raibh sé 'na aigne féin
go dtí gur tharraing sé an anál déidheanach. Táinig Eadhmon lá na
socraide, agus dá bhfeicfeá é, agus é ag bualadh bas & ag casadh scol.



Do thionnlaic sé sochraid a athar lán de cheist is do ceann-fé, agus
nuair shroich sé an teampall d'osgail a chréachta airís mar bhi Róisín
ghrádhmhar ghleóidte Ní Dhonnchadha ann sínte.



Tá cathúgahadh agus dólas croidhe ar Eadhmon anois i dtaoibh a
thíre dhúthchais d'fágaint riamh, agus ní gádh dhom a rád go bhfuil
sé ag cur i n-aigne na ndaoine mór-thímcheall air, gan dul tar
sáile go deó, acht a ndícheall agus a ndá-dhícheall do dhéanamh
chum Róisín Dubh do thógaint go dtí an seasamh is dual di.



Críoch.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services