Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal ar bhráthair nár fhéad focla áirithe 'san naomhadh sailm ar cheithre fíchid do thuigsint

Title
Sgéal ar bhráthair nár fhéad focla áirithe 'san naomhadh sailm ar cheithre fíchid do thuigsint
Author(s)
O Domhnaill, Mártan,
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉAL AR BHRÁTHAIR NÁR FHÉAD FOCLA ÁIRITHE
'SAN NAOMHADH SAILM AR CHEITHRE FÍCHID
DO THUIGSINT.



MÁRTAN O DOMHNAILL.



Bhí bráthair ann aon uair amháin, agus ba fear craibhtheach diadha é.
Chaith sé a shaoghal idir urnaighe, oibriughadh agus trosgadh; agus ba
dúthrachtach a chuir sé i n-gníomh an uile chomhairle a chuirfeadh ar bhealach
a leasa é. Do chreid sé an uile nidh dár chraobhsgaoil an Eaglais d'a
cloinn, acht bhí aon nidh amháin nár fhéad sé a thuigsint; agus b'é sin
chomh gearr agus do chidhtear na mílte bliadhan do Dhia. Maidin
áirithe dh'a raibh sé ag léigheamh na d-trath, ar léigheamh dó na bh-focal:
“Quoniam mille anni ante oculos tuos, tanquam dies hesterna quae
practcriit,” (óir míle bliadhain d'eis a n-dula thart, tá siad id' radharc
mar an lá indé atá imthighthe), dubhairt sé: “Creidim, a Thighearna,
acht ní thuigim é.”



I g-ceann tamaill bhig bhuail sé amach fá'n d-tuaith, agus ba bhreágha
ná a chéile gach radharc d'a bh-faca sé. Bhí an ghrian ag lonuradh agus
ag sgapadh a gáth n-geal ar an radharc do bhí os a choinne amach. Ní
raibh an oiread soin gaoithe ann a chuirfeadh duilleabhar na g-crann
ar criothnughadh, agus leis an g-ciúineas sin do tháinic asteach in a
chroidhe dó aoibhneas agus siothcháin nár mhothuigh sé riamh roimhe seo,
agus gan fios aige cá h-as a d-tainic an sógh agus an t-aoibhneas do
líon a anam astigh.



Ag spaisteóireacht do'n bhráthair cois coilleadh i n-gar do'n mhainis-
tir (mainistrigh) do chonnaic sé éan bán agus é ag seinm ceóil chomh
binn nach g-cuala duine a leitheid riamh. Ní fhéadfadh duine éisteacht
leis gan a chuid amhgair agus bróin do chur de. Ba chosamhail sin leis
an m-brathair é. D'éist sé ar feadh tamaill bhig, mar do shíl sé, le
ceol binn an éin bháin, agus ní raibh cuimhne aige le na linn sin ar an
mhainistir (mhainistrigh), ar bhráithribh na mainistreach, no ar aon nidh eile
a chuireanns brón nó imnidhe ar chroidhe an duine. Ba ghearr leis an
m-bráthair an t-am a chaith sé ag éisteacht le ceól an éin bhain óir ba
chosamhail le h-aoibhneas na b-flaitheas an ceól binn sin a dhíbir as a
chuimhne gach buaidhreadh agus tuirse chroidhe le a líontar beatha an


L. 384


duine i n-gleann so na n-deór. Ar sgurudh do'n éan d'á cheól bhuail
clog na mainistreach agus leis sin d'imthigh an t-aoibhneas agus an
t-áthas d'a raibh a anam lán go nuige sin.



Ar g-clos an chluig dó do thriall sé ar an mhainistir (mainistrigh)
óir b'é clog tratha an mheadhóin lae do bhí d'eis a bhuailte. Nuair thainic
sé thar n-ais ba mhór an t-athrughadh do bhí roimhe. Bhí an mhainistir in
a seasamh mar do bhí riamh, acht d'eirigh sí glais-liath, dar leis an
m-bráthair, ó d'fhág sé ar maidin í. Bhí “coraidhe ceatal agus ceól”
innte mar do bhí 'san am d'imthigh thart, acht b'íongantach le rádh é nach
raibh aithne ag an m-bráthair ar bhráithribh na mainistreach nó aithne ag
bráithribh na mainistreach air acht chomh beag. Nuair d'fhiafruigh an
Príor dhe cé'r bh'as é nó cá h-as a d-táinic sé d'fhreagair sé dhó gur
bhráthair de bhráithribh na mainistreach sin é agus gur fhág sé an mhainis-
tir ar maidin. Acht d'fhreagair an Príor dó agus dubhairt: “Do
chaitheas breis agus dá fhíchid bliadhain mar Phríor 'san mainistir seo
acht ní'l aon chuimhne agam go bh-faca mé thú roimhe seo.” Annsin
dubhairt an bráthair leis gur fhág sé an mhainistir ar maidin agus ag
spaisteóireacht dó go bh-faca sé éan bán agus é ag seinm an cheóil ba
bhinne d'a g-cuala duine ar an t-saoghal seo, agus mar gheall ar sin
go n-deachaidh uaire an chluig thart, agus shíl sé nár chaith sé an oiread
sin móimid ann ag éisteacht leis an g-ceól. “D'imthigh uaire an chluig
agus bliadhanta freisin,” ars an bráthair ba sine do bhí 'san mainistir
(mainistrigh). “Nuair do bhí mé im nóibhíseach annseo tá breis agus
ceithre fichid bliadhain anois d'fhág bráthair áirithe an mhainistir seo aon
mhaidin amháin gan teacht thar n-ais ó shoin i leith munab' é sin é atá
anois i láthair.”



B'aisteach agus b'iongantach an sgéal é. Acht do chinn an Príor
agus na bráithre ar fhírinne an rádh' seo do chruthughadh. Leis sin do
chrom siad ar “Chlár” na mainistreach do sgrúdughadh, óir bhí cunntas
ann ar an uile bhráthair d'ar mhair 'san mainistir agus d'a n-deachaidh
ar slighe na fírinne ó cuireadh ar bun í. Agus ag sgrúdughadh an
Chláir dóibh do fuair siad cunntas ar bhráthair áirithe d'imthigh amach
aon mhaidin amháin breis agus ceithre fíchid bliadhain roimhe sin agus
nach d-tainic thar n-ais. Agus mar seo do thuig siad uile go léir
gurbh'fhíor é sgéal an bhráthar.



Maidir leis an m-bráthair ní raibh aon amhras aige ar fhírinne na
bhfocal úd ó shoin amach. Acht ar a shon sin féin ní raibh fíor-shuaimhneas
aige. Ba mhór ba mhian leis an saoghal seo d'fhágáil. Ba ghearr in a
dhiaidh seo, amh, go n-deachaidh sé ar slighe na fírinne, agus fuair sé
mar luach-saothair aoibhneas do-labhartha ar neamh, mar a bh-fuil ceól,
binn na n-éan m-bán — 's é sin amhrán na n-aingeal n-gleigeal ag
moladh an Dé bhí — d'a chlos go síorruidhe.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services