Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal ó'n Tuaith

Title
Sgéal ó'n Tuaith
Author(s)
An Fáinne Fionn,
Pen Name
An Fáinne Fionn
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SGÉAL Ó'N TUAITH.



Do bhailigh cómhluadar asteach idtigh m'athar oidhche amháin le
h-aghaidh seanchuis & céilidheachta do dhéanamh. Bhí teine bhreagh móna
shíos ar an dtinnlic ag fadodh ina bhfíadhnaise & ba mhór an sásamh é
do'n bhuidhin sin, cuid aca 'na suidhe ar stólaibh, cuid eile ar
fhuirmeannuibh & an seanchuidhe, no sgéuluidhe na hoidhche, i gcathaoir
fa leith 'na gceirtmheadhon ós cómhair na teineadh. Do leanadh sgeul
i ndiagh a chéile annsin go dtí go mbidís sásta gur innsigheadar, no
gur chualadar a ndóthain de'n ghreann an oidhche úd. Do sgaipidís
ó n-a chéile annsin 'nan duine & 'nan duine, réir mar bhí an bealach a
bhaile fada no gearr. Is minic a bhidheadh an oidhce dorcha no fliuch &
an bealach treasna na gortuibh contabhartach & chuaidh cor-dhuine aca
ar seachrán uaireannta. Acht is beag an bac do chuireadh an boghal
sin orra an chéad oidhche eile do ceapadh aca teacht arís.



Is iomdha cinéal sgéil a bhiodh ar siúbhal aca an oidhche gheimhridh sin.
Sgéulta le na seandaoinibh ar ghaduidhthibh & ar ghaduigheacht, ar thaisíbh
ar phúcáibh & ar an mbean-sighe; ar ghníomharthaibh ghaisge a sínnsir; ar
dhíanacht agus gheuracht na ndlightheadh bpíanamhla; ar olcas duine
éigin & ar mhaitheas no maothas duine éigin eile.



Feadh do bhiodh an sgéuluidhe ag innsint a sgéil, bhidís an
cuideachta 'na dtost ag éisteacht go h-aireamhuil leis go dtí go raibh
a sgéul críochnuighthe. Do measfaidhe mar dróichbhéasaí é do dhuine
air bith aon cheisteanna do chur ar an sgheulaidhe le linn innsinte a
sgéil; no cuid de'n dream láitreach a bheith ag cainnt le céile, & go
háiridhe an t-aos óg do bheith ag cur a ngotha asteach ameasg na
ndaoineadh fásta. Bhíodh faire geur dhá chur ag an gcómhluadar uile
ar lochtaibh de'n tsaghas sin, & budh mór an náire do chuireadh neach
éigin de'n chruinniugadh, no an cruinniughadh go léir, ar an té do
rinne aon ní as an tslighe ar feadh na h-oidhche.



Muna mbeadh an sgeul ro fhada, & go mbeadh tuilleadh ama le
caitheamh aca, do bhíodh glaodhach ar sgeulaidhe, no ar abhránuidhe eile, &
is anamh thigeadh cómhluadar le chéile mar sin gan abhránuidhe maith
do bheith orra.


L. 195


Ar oidhcheannuibh eile is é ádhbhar chainnte a bhiodh ar síubhal acha, &
is mór an sás cuid aca chuige, ar na bárruibh & ar ullmhughadh na
talmhan len-aghaidh. Ní raibh an oiread sin d'fhéur no de cheathraibh in
Eirinn an t-ám sin dá bhfuilim ag trácht as atá ann anois, acht ba mhaith
an t-íarratas agus an luach fuighidís na feilméiri ar a gcuid
chró, tuighe agus féir, & ba mhór an sásamh dóib sin. B'fhéidir leis an
bhfeilméir mharthain go compórdamhuil, & do dheanfadh maith do'n duine
a gheobhfadh an tslige radharc a thighe a's a fhuirinn & an fheabhas 'na
choinnigheadh íad. Budh breagh an radharc ar mhaidin, no ar thráthnóna
fa Bheiltinne an coirce & an chruithneacht ag eascur suas go huainneach,
díreach ina sreathannaibh ó cheann ceann an ghuirt. A ngort eile, no
an-ionad eile de'n ghort cheudna, bhíodh na fataí, na meacain, na píse
agus na pónairí ag borradh suas go h-úr, go háluinn.



Gidh mór an duadh & an cúram do'n fheilméir feuchaint i ndiaigh na
mbárr síolta só, is ádhbhar sholáis & luathgháire dó, thar éis a chuid tae
d'ól, éirighe amach & bhreathnughadh ar a chuid choirce no chruithneachta ag
fás thríd an talamh sin do shaothraidh sé dhóibh. Ann sin dearmadann
sé an dianshaothar do rinne sé ar feadh an lae & an méud alluis do
chuir se thar póiribh a chuirp & a ghéug.



I gciunas an ré sin bíonn an londubh & an smolach i lán choimhlint le
na chéile ag féuchaint cia aca dob' áirde glór, mar easpartain & mar
moladh do Dhía sul tuitfeadh an oidhche. Ar pháirc ar leithleith tá cuid
cheathra an fheilméire ag innilt go sochair dóibh féin. Tá na bá bhainne
thar éis a gcruidhte ag gobadh & ag alpadh an fhéir dhrúchta chumhra go
cíocrach; na capuill anois ar a suaimhneas líonaid síad a mbolg, mar
bhí ocras mór orra ag sguireadh dóibh ó shaothar an lae. Na caoraigh
'na mbuidhin & 'na sgata leó féin, & na h-uain óga ag léimrigh, ag
súgradh & ag cóistigheacht le céile & ag déunamh ghrinn doibh féin taobh
amuigh dá maithreachaibh. Bíonn an oiread sgléipe & suilt ar siúbhal
ag na h-ógánaibh seo ar uairibh go gcaillid aithne ar a maithreachaibh
féin, & is ann sin a bhíonn an méidhleach, & an blaodhacht truaidhmhéalach
ar a ma-a-aibh. Is minic theipeann ar na h-óganuibh seo a máithrín féin
d' aimsiughadh & ritheann síad go cíocrach chum fóise nach mbuaineann
leo ar aon chor. Íarrann síad steall beag bhainne d'fhághail asta,
acht ní ghabhann an tseanfhóisg le h-aon uan choimhthigheach aca, & is
iongantach an aithne atá ag na máithreachaibh ar a gcuid féin de na
h-uanaibh. 'Nuair aimsígheas an t-uan a mháthair cheart, amh, sgrúdiu-
gheann sise go friochnamhach é go mbadh deimhin léi gur dí-se a
bhuaineann sé. Agus ar théist nach leór teastas a dá súl chuige sin
bíonn sí dhá síor-bholadh go mbeadh sí cinnte ar an mboltanas gur ab,
é a h-uan féin é. Más léi an t-uan sin, leigeann sí leis gan mhoill.
Teilgeann an diúgaire é féin ar a dhá glún tosaigh ann sin &
ionnsuigheann sé ag díul go sanntach: & muna ritheann an sreath-


L. 196


bhainne forus go leor leis, bhíonn se ag teannadh & ag síór-bhogadh an
uith go dtiocfadh an bainne anuas chuige, acht gan an tsíne do leigint
as a bhéul an tráth cheudna. Do mheasas féin go minic gur mór an
fhoighid do na caoirchibh sheasamh an oirid sin de dhroich-íde óna huanaibh
dána mí-bhéasacha so. Ar ndóigh is mór í an fhoighid sin, & is breagh é
an sompla a bheireann na h-ainimhidhthe ceannsa neamhurchóideacha so
do na maithreachaibh dúra, borba ar an ionnus 'na iomchróchaidís íad
féin a dtaoibh a gcloinne.



I gcíunas an tráthnóna & an chreapscuil is é an t-am do'n
fheascurluch teachth amach as an bpluais 'na raibh se a bhfolach & 'na
chodladh ar feadh an lae. Tá sé ro-ghnódhach anois ag foluamhain go
h-éadrom, aerach ar a sgiathanuibh leathair, & ag seilg go discir indiaigh
na míoltóg mbeag mbídeach, atá comh iomadamhuil sin 'san spéir.
Tá seanrádh ann “comh dall le míol-leathair,” & más fiór sin le rádh
díobh 'san lá, ní mar sin dóibh, amh, 'san oidhche, & munáb é go bhfuil súla
géur-radharcacha thar fóir aca, ní fhéadfaidís na míoltóga sin
d'fheiscint i ndobhar-sholus na h-oidhche. Budh dóig leat uaireannta go
ngabhfá greim air, sgeamhann sé comh ghar sin dod cheann, acht tá se
comh-aicillidhe & comh éadtromh sin go sginneann se uait, pé dithchioll
a dhéanfá bhreith air, nó é bhualadh.



Ar cheann eile an ghuirt, no na páirce, bíonn na coiníní ag teacht
amach as a gcoineagar chum beagán de'n fhéur bhog sheannrógach do
chagaint.



Ní'l na geirrfhiadha comh iomadamhuil anois as mar bhíodar cúpla
scór blíadhan ó shoin, acht an uair sin bhí a lán díobh le fághail ann. Is
dóigh gur ab é is ádhbhar go bhfuil síad comh ghann anois an laighead
de'n talamh atá fa threabhachas,& dhá bhitin sin teirce an bhidh 'na cuireann
síad dúil. An sgealgaire & a ghunna, no a chú géur-shúileach, luathchosach
isé an námhuid is treise choitchianta dona h-ainmhidhthib cuthala,
faiteacha so é; acht tá námhuid shéimhidhe ghlic eile bhíonn ag braith orra
.i. an sionnach, no mar is ainm choitchionnta air, an madadh ruadh. Tá
fhios a ghnódha féin go maith ag an mbitheamhnach so. Is é fa fhalach na
hoidhche a dhéanann sé a shlad & a sholáthar, & is dona an coinín no an
geirrfhiadh sin a gheibheann sé greim air. Is tearc bean tighe 'san
gceanntar gan chúis ghearáin aice ar dhearg-ár éigin do rinne an
ropaire ruadh so ar a cuid ceárc no lachan, & is beag an sásamh is
féidir léi bhaint amach óna “huaislibh” sin a leanas an tseilg, & a
bhailigheas óir-chiste bheag lena díoladh, & a cúitiughadh ar a díobháil.
Ní'l 'san gciste sin acht leithsceul, & is iomdha madadh rúadh a cuirtear
as an tslighe le nimh ag na mnáibh sin ó nach ngeibheann síad luach
an-éunlaith ó fhear an taisge sin.



Más ádhbhar spóirt an sionnach dona h-uaislibh a bhias dhá sheilg; is
ádhbhar bhróin & ghulgháire é dona mnáibh bochta a chailleas a gcearca no


L. 197


a lachanaidhe & íad ag breith, no a ngeirrchearca & a bhfrancaigh oga &
íad réidh chum díolta do'n chlíabhaire. Má bhualann beirt no triur
mbantoighe ar a céile ar mhargadh no ar aonach, is é ádhbhar cainnte
a gcómhnuidhe a bhias ar siubhal aca an léirsgrios do rinne an
madadh ruadh orra: bean aca ag aithris cionnus mar tháinig an
slibhín grána so ar chuairt chuice, & a coileach no a gandhal do sgiobadh
uaithe i gceart-mheadhoin an lae. An dara bhean ag rádh gur fuair sé
baoghal ar a géidhthibh & a ngúisinibh, & an méad díbh nár chroich sé ar
siubhal leis gur mharbh sé íad. An tríomhadh bean ag innsint gur
tháinig an rógaire ruadh oidhche amháin 'san earrach, & 'nuair fuair sé go
raibh dorus na cearclainne dúnta roimhe, gurbhé a rinne sé dhul suas
ar an gcleith & poll do phruthadh, gur chuaidh sé asteach ann & gur mharbh
sé a raibh de chearcaibh ar an bhfaradh. Bhí sin go maith & ní raibh go holc,
acht theip sé air dul ar ais ar an tslighe ar arthánaig sé, no amach an
dorus, mar bhí sé dúnta go daingean. Isé an cleas ar ar cheap sé
ann sin leigint air go raibh sé marbh. Maidin lá ar na márach ag
oscailt an doruis do mhnaoi na gcearc, is amhlaidh fuair sí a cuid
cearc is íad uile marbh & an cladhaire ruadh sinte marbh na measg!
Bhuail sí a bosa & is uirri a bhí an t-aimhéaltas, acht ní raibh leigheas
aice air anois. Ghlaoidh sí i nairde a cinn & a gotha ar a fear theacht
chuice, & theasbáin sí dó an t-oirleach do rinneadh & an creachadóir & é
marbh gan anam i dteannta léo! An chéad ní do rinne an fear
símplidhe seo, rug sé greim ar iarball ar an bhfeallsaire & thug se
a shean-urchur dhe gur theilg se thar an gclaidhe é, mar shaoil sé go raibh
sé marbh i ndairíribh. B'in é a bhí ó'n mhadadh ruadh. An tan fuair sé é
féin acht beagán gortuighthe ar thaobh eile de'n chlaidhe, amach go bráth
leis; & más é go bhféadaidh an t-ainmhidhe sin gáire a dhéanamh, do gháir
seisean go croidheamhuil leis féin ar a amhantur & an baoghal mór do
chuaidh as de thoradh a dheaghratha. Is fearr stuaim 'ná neart. Is
iomdha sgeul greannmhar eile is féidir d'aithris ar ghéurchúiseacht &
ghliocas an chriomtainn, * acht ar son a n-eimhealtais sgaoilfimid
tharrainn íad an tacha so.



AN FÁINNE FIONN.



* Seanainm an mhadaidh ruaidh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services