Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rósaire na Maighdine Muire

Title
Rósaire na Maighdine Muire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
DominIcan Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÓSAIRE NA MAIGHDINE MUIRE



An Paidrín Páirteach mar ghnáthuightear é i g-Cúige Mumhan. Sagart Riaghalta do Ghleus.



In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an
Spiorad Naomh. Amen.



Túirling a Spioraid Naoimh d' ár n-ionn-
suidhe, aithlíon croidhthe t'fhíreun, agus adhan
ionnta teine do ghrádha féin.



R. Cuir chugainn do Spioraid agus cruthó-
char íad.



F. Agus deunfaidh tu aghaidh na talmhan d'
athnuadhchant.



Guidhmís.



A Dhia do shoillsigh croidhthe na bh-fíreun le
lonnradh an Spioraid Naoimh, tabhair dúinn an
Naomh-Spioraid ceudna, chum go m-blaisfimís
milseacht do dhlighe chirt féin, agus in a
shólár-san go m-beidheadh síor-gháirdeachas orra-
inn: Tré Iosa Críost ár d-Tighearna. Amen.



[Ar na clochaibh móra abair An Phaidir,
agus ar na clocaibh miona, Fáilte an Aingil,
mar leanas:-]



An Phaidir.



An n-Athair atá ar neamh, go naomhuighthear
t' ainm. Go d-teagaidh do righeacht. Go n-
deuntar do thoil ar talamh mar deuntar ar
neamh. Ar n-arán laetheamhail tabhair dúinn
indiu. Agus maith dhúinn ár g-cionnta mar
mhaithimhíd do chách chionntuigheas 'n ár n-aghaidh.
Agus na léig sinn i g-cathuighibh. Acht saor
sinn ó 'n olc. Amen.



Fáilte an Aingil.



Go m-beannuighthear duit a Mhuire, lán de
ghrásda, tá an Tighearna i t'fhochair; is bean-
nuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe
toradh do bhruinne Íosa.



A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé, guidh orrainn
na peacaigh, anois agus ar uair ár m-báis.
Amen.



[I n-deire gach deichneabhair abair:-]



R. Glóire dho 'n Athair, agus do'n Mac,
agus do'n Spioraid Naomh.



F. Mar bhí ar d-túis, mar atá, agus mar
bheidheas go bráth, le saoghal na saoghal.
Amen.



NA CÚIG RÚINDIAMHRA SOLÁSACHA.



An Chead Rúindiamhair — Teachtaireacht an
Aingil.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so,
cionnus mar do cuireadh Aingeal ós na
flaitheasaibh chum a innsint do 'n Mhaighdean
Bheannuighthe go raibh sí chum a bheith 'na máthair
ag an bh-Focal Síorruidhe, agus mar do ghlac
Mac Dé colann daonda fé na bhruinn.



An Dara Rúindiamhair — An Fiosrughadh.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so,
cionnus mar do chuaidh an Mhaighdean Naomhtha
Muire le deithneas go sléibhtibh Iudéadh ag
fiosrughadh a siúra Naomh Elísabet ar bhfághailt
sgeula ó 'n aingeal í bheith ag ionchur leinbh,
agus mar d' fhan sí ar chuairt 'na fochair ar
feadh trí mhí.



An Treas Rúindiamhair — Breith ár d-Tighearna
Íosa Críost.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cion-
nus mar do rugadh ár Slánuightheóir Iosa
Críost ar uair an mheádhoin-oidhche, agus mar
do cuireadh 'na luighe i mainseur É, do bhrígh
nach raibh ionad le fághailt do i d-tighthibh ósta
Bhethlehem.



An Ceathramhadh Rúindiamhair — Ofráil an Leinbh
Íosa ins an Teampol.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cion-
nus mar d' ofráil an Mhaighdean Bheannuighthe
Muire an Leanbh Íosa ins an Teampol, lá a
coissicthe, agus mar do gabh Símeon Naomhtha
chuige ar a bhachlainn É, ag tabháirt moladh a's
buidheachus do Dhia i d-taobh na príbhléide so.



An Cúigeádh Rúindiamhair — Fághailt an Leinbh
Íosa ins an Teampol.



Machtnuighmíd ins an rúindíamhair so, cion-
nus mar do chaill an Mhaighdean Bheannuighthe
an Leanbh Íosa in Ierusalem gan a cionnta
féin, agus tar éis di a bheith dhá lorg ar feadh
trí lá, mar fuair sí an ceathramha lá ins an
Teampol É, ameasg an n-dochtúiridh, ag éis-
teacht leó agus ag cur ceistionn orra.


L. 538


NA CÚIG RÚINDÍAMHRA DOLÁSACHA.



An Chead Rúindiamhair — Urnuighthe agus Allus
Fola ár Slánuightheóra ins an n-Gáirdín.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do bhí ár Slánuightheóir Íosa Críost chómh
lán-dólásach san i ngáirdín Getsemini, gur
chuir Sé allus fola, do shil ná mhór-bhraonaibh
anuas go talamh.



An Dara Rúindiamhair — Dian-bhualadh ár
d-Tighearna ag an b-Piolóir.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do gabhadh de sgiúirsibh ar ár d-Tighearna
Íosa Críost gan truagh, gan taise, i d-tigh
Phíoláid, agus mar do bualadh ós ceann chúig
mhíle buille air.



An Treas Rúindiamhair — Coróiniughadh ár
d-Tighearna le Deilgnidhibh.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do cuireadh coróin gheur-dheilgneach ar
cheann naomhtha ár d-Tighearna Íosa Críost.



An Ceathramha Rúindiamhair — Íosa ag Iomchur
na Croise.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do daoradh ár d-tighearna chum báis,
agus do cuireadh trom-ualach na croise air,
mar shás breise péine agus masla.



An Cúigeadh Rúindiamhair — Ceusadh ár
d-Tighearna Íosa Crióst.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do baineadh a chuid eudaigh d' ár d-
Tighearna Iosa Críost, ar a theacht do go slíabh
Calbheri, agus mar do cuireadh tairngidhe tré
na lámhaibh agus tré na chosaibh dhá cheangal
do 'n chrois, i láthair a Mháthar ró-dhólásaighe.



NA CÚIG RÚINDIAMHRA GLÓRMHARA.



An Chead Rúindiamhair —Eiséirghe Chríost ó
Mharbhaibh.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar d' éirigh ár d-Tighearna Iosa Críost go
glórmhar ó mharbhaibh an treas lá tar éis a
bháis, ar stáid neamh-fhulangach, do-mharbhtha.



An Dara Ruindiamhair — Deasgabháil ár
d-Tighearna.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do chuaidh ár d-Tighearna Íosa Críost suas
ar neamh go caithréimeach glórmhar, dá fhichid lá
tar eís a Eiséirghe, i radharc a dheisgiobal agus
a Mháthar ró-Bheannuighthe.



An Treas Rúindiamhair — Túirling an Spioraid
Naomh ar na Deisgioblaibh.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do chuir ár d-Tighearna Íosa Críost an
Spioraid Naomh ar na h-apstolaibh Domhnach
Cíncíghise, agus mar do thúirling Sé orra 'san
áit 'na rabhadar mar aon leis an Mhaighdean
Mhuire ag gnáthughadh úrnaightheadh, iar bhfilleadh
dhóibh go Ierúsalem déis Deasgabhála.



An Ceathramhadh Rúindiamhair — Tógaint na
Maighdine Beannuighthe Muire suas go
Flaitheamhnas.



Machtnuighmíd ins an rúindiamhair so, cionnus
mar d' imthigh an Mhaighdean Mhuire as an
saoghal so dhá bhlíadhain deug déis eiséirghe a
Mic, agus mar do tógadh suas idir chorp agus
anam go flaitheamhnas í, i g-cuideachta na
Naomh-Aingeal.



An Cúigead Rúindiamhair — Coróiniughadh na
Maighdine Beannuighthe ins na Flaitheasaibh.



Machtnuighmídh ins an rúindiamhair so, cionnus
mar do cuireadh coróin ghlórmhar ar an
Mhaighdean Beann-uighthe ins na flaitheasaibh, ós
ceann na naomh agus na h-aingeal.



An Salbhe Regina.



Go m-beannuighthear duit a Bhainrioghan
Bheann-uighthe, a Mháthair na trócaire, ár m-
Beatha, ár Milseacht agus ár n-Dóthchas. Is
ortsa sGreada-maoid, clann bhocht dhíbeartha
Éabha. Is chugat-sa chuirimíd ár n-osnaidhe ag
geur-ghol a's ag caoidh, ins an ngleann so na
n deór. Ar an adhbhar san, ár n-Eadarghuidh-
theóir, iompuigh orrainn do shúile tró-caireacha,
agus tar éis ár n-díbeartha in so, teasbáin
dúinn toradh do bhruinne Íosa. O! A Mhaighdean
Mhuire cheannsa, ghrádhmhar, mhilis.



R. Guidh orrainn a Naomh-Mháthair Dé.



F. Ionnus go m-b'fhiú sinn geallamhna Chríost
d'fághailt.



Guidhmís.



Éist, a Dhia thrócairigh, le h-úrnuighthibh do
sheirbhíseach, ionnus sinne theagmhuigheas le chéile
i g-comhluadar na Rósaire ró naomhtha na
Maighdine Beannuighthe Máthar Dé go m-beidhmís
le na h-eadarghuidhe saor tríodsa ó 's na
contabhairtibh atá ós ár g-ceann do ghnáth.
Amen.


L. 600


LIODAIN NA MAIGHDINE MUIRE.



Cuirimíd sinn feín fá d' thearmainn, a Naomh-
Mháthair Dé, ná diúltaigh d' ár n-úrnuighthibh in
am ár riachtanas, acht ó'n uile bhaoghal beir
leat saor sinn a Mhaighdean shíor-ghlórmhar
bheannuighthe.



A Thighearna, deun trócaire orrainn.



A Chríost, deun trócaire orrainn.



A Thighearna, deun trócaire orrainn.



A Chríost, éist linn.



A Chríost, deónuigh éisteacht linn.



A Dhia, a Athair na bh-flaitheas, deun trócaire
orrainn.



A Dhia, a Mhic De, a Fhuasgaltóir an domhain,
deun trócaire orrainn.



A Dhia, a Spioraid Naoimh, deun trócaire
orrainn.



A Thríonóid Naomhtha, a aon Dia amháin, deun
trócaire orrainn.



A Naomh Mhuire.
Guidh orainn.



A Naomh Mháthair Dé,



A Naomh Mhaighdean na Maighdean,



A Mháthair Chríost,



A Mháthair na grásda Díadha,



A Mháthair ró-ghlan,



A Mháthair ró-gheanmnaighe,



A Mháthair gan truailliughadh,



A Mháthair gan toibhéim,



A Mháthair gheanamhail,



A Mháthair iongantach,



A Mháthair ár g-Cruthuightheóra,



A Mháthair ár Slánuightheóra,



A Mhaighdean ró Eagnaidhe,



A Mhaighdean ró Onórach,



A Maighdean ró Clúdhamhail,



A Mhaighdean Cumhachtach,



A Mhaighdean Ceannsa,



A Mhaighdean Dhilis,



A Scatháin an Chirt,



A Cathaoir na h-Eagna,



A Cúis ár luathghára,



A Shoithigh Spioradálta,



A Soithigh Onóraigh,



A Shoithigh Óirdheirc na Caonduthrachta.



A Róis Rúindiamhraigh,



A Thúir Dháibhi,



A Thúir Eabhurdha,



A Theach Ordha,



A Airc na Chonnartha,



A Gheata Flaitheamhnais,



A Reultan na Maidne,



A Shláinte na h-Easlán,



A Choimiridhe na b-Peacach,



A Sholáis na n-Dobrónach,



A Chongnaimh na g-Críostaidhtheadh,



A Bhainrioghan na n-Aingeal,



A Bhainrioghan na n-Árdathar,



A Bhainrioghan na bh-Fáigh,



A Bhainrioghan na n-Apstol,



A Bhainrioghan na Mairtíreach,



A Bhainrioghan na g-Confeasóiridh,



A Bhainrioghan na Maighdean,



A Bhainrioghan na Naomh Uile,



A Bhainrioghan, do gabhadh gan peacadh
an t-Sinnsir,



A Bhainrioghan an Rósaire ró Naomhtha,



A Uain Dé, thógas peacaidhe an domhain, ná
daor sinn a Thighearna.



A Uaín Dé, thógas peacaidhe an domhain, deó-
nuigh éisteacht linn, a Thighearna.



A Uain dé, thógas peacaidhe an domhain, deun
trócaire orrainn a Thighearna.



A Thighearna, deun trócaire orrainn.



A Chríost, deun trócaire orrainn.



A Thighearna, deun trócaire orainn.



R. Guidh orrainn, a Naomh-Máthair Dé.



F. Ionnus go m-b'fhiú sinn geallamhna Chríost
d'Fághailt.



Guidhmidh Thu, a Thighearna, do ghrásda do dhortadh
go líonmhar in ár n-anamnaich, ionnus, tar éis
fios d'fhághailt dúinn, tré theachtaireacht an aingil,
ar theacht Íosa Críost so Mhic i g-colann daonda,
go d-tiocfadh linn, tré neart a Pháise agus a
Croise, dul go glóire a eiséinghe: Tré Íosa
Críost ár d-Tighearna. Amen.


L. 650


AN PAIDRÍN LE NAGHAIDH OTHAR.



CIONNUS IS IN-DÉANTA MACHTNAMH AR RUINDIAMHRAIBH NA CORÓINEACH MUIRE.



NA RÚINDIAMHRA SÓLÁSACHA.



1. AN TEACHTAIREACHT.



A Liaigh Neámhdha, a tháinig anuas as na
Flaithis chum tinneas ar n-anmann a chneas-
ughadh, glacaim Go humhal-chroidheach an leigheas
péine seo agat dá chur chugham dom' bhreoidh-
teacht, dá impidhe ort go n-oibrigheadh sé
ionnam gach ar mhian leat féin nuair chuiris
de bharr do ghrádha-sa chugham é. Paidir, deich
nÁbhe agus glóire dhón Athair.



2. AN FIOSRUGHADH.



A ÍOSA agus á Mhuire, a aoidheacht neimhe,
ó's sibhse do thug an sólás go Teaghlach Sachaire,
tabhraidh damh-sa na grásta chum an ualaigh
péine seo cuireadh orm d'iomchar go háthasach.



3. AN BHREITH.



Ó Íosa ró-dhílis do ghlac anbhochtaineacht, an
fhuacht, an chruadháil agus an céasadh do roghain ó
fhíor-thosach do shaoghail ar an talamh-so, deónuigh
Led' ghrástaibh go gcabhró'idh mo phianadh-sa led'
chrádh féin chum mo shlánuighthe.



4. ANOFRÁIL.



Ó a Leinbh ró-bheannuighthe, agus a Mháthair
ró-shásta, mar aon leis an ofráil fhialmhair
do-gheinif-se sa Teampoll, gabhaim-se orm fhéin
gach ar mian le toil Dé do chur orm d'fulang.



5. AN FHÁGHÁIL SA TEAMPOLL.



A Mháthair bheannuighte, ní féidir liom a
thuilleadh dul d'iarraidh do Mhic dhiadha, don
Teampoll 'na gcomhnuígheann Sé sa Sácrai-
mint; athchuingim ort na grásta fhagháil dam
go gcuardó'd agus go bhfuighead é i dteampoll
mo chroidhe féin; go n-éistéo'd ánn le n-a
theagasg naomhtha, agus go gcuirfead sin, i ngníomh
go creideamhnach.



NA RÚINDIAMHRA DÓLÁSACHA.



1. AN TAOM SA NGÁIRDÍN.



Ó a Tighearna ró-naomhtha gur dom' dheas-
gaibhse agus de dheasgaibh mo pheacaí do tháinig
eagla agus truime chroide agus brón bháis ort i
nGáirdín na nOlach, innis dam an tslighe go
ndéarfad lem' chroidhe iomlán, mar abubharaís
féin: “Ní do réir mo thola-sa, a Athair, acht
do réir do thóla féin go ndéantar.”



2. AN SBÍURSÁIL.



Ó a Uain neamh-chionntaigh Dé, an Tusa
Amháin do sheasó'idh na leadhbanna? Ní tu a
Thighearna an chroidhe. Táim buidheach dhíot ar
son na bpianta so agat dá gcur chugam sa
an peacach dona. Deónuigh a gcur maille
leis na mór-bhuillidhibh do bualadh ag an
bpiolóir ort tríd' ghrádh dam.



3. AN CORÓNUGHADH LE DEILGNÍBH.



A Rí mh'anma, molaim tu ar son na breoidh-
teaít seo Thabhairt dam mar dheilg ón gcoróin
sin an mhasluighthe do cuireadh ort. Go
ndéanad a coinneáil mar bhronn tanas uait
se Féin.



4. IOMCHUR NA CROISE.



Ó a Thigearn ró-naomhtha, mo mhíle buidheachas
leat i dtaobh gur glaodhais orm chum cabhra
leat chum do chroise d'iomchur, mar do-ghein
Simóin an Gíréanach. Tabhair dam na grásta
chum a iomchus le saor-thoil Maille Leat-sa.



5. AN CÉASADH.



Ó a Íosa a Shlánuightheoir, d'fhan i bpiantaibh
báis ar ceangal do chruadh adh mad na croise
ar i feadh Trí nuair ar son do ghrádha dham agus
ar son mo pheacaidhe-se, agus a fuair bás ann
dhom' dheasgaibh-se, tabhair dam, impighim ort,
croidh-bhrugha iomlán ar na peacaidhibh iomad-
amhla, le ndeárna chomh minic fearg dochur
ort, maille leis na grástaibh cum bás
naomhtha sona d'fhagháil mar fuarais féin.


L. 651


NA RÚINDIAMRA GLÓRMHARA.



1. AN EISÉIRGHE.



Ó a Thighearna tre ghlóire d'eiséirighthe caith-
réimighe, neartuigh mo chreideamh, agus tabhair dam
foidhne an crádh agus an ísleacht so d'iomchur go
fearamhail ionnas go dtiocfaidh dá bharr
chugham-sa an tsíoraidheacht ghlórmhar.



2. AN DEASGABHÁIL.



A Thighearna ró-dhílis, a dubhairt go rabhais
agdul chum ionad do chórughadh dhúinne,
cuir domh chongnamh, athchuingim ort, dhóchas
neamh-staonuighthe id' gheallmhanaibh naomhtha.



3. TUIRING AN SPIORAID NAOIMH.



Ó a Spioraid Naoimh a Chábhruightheoir, gabh i
leith, agus líon mo chroide led' ghrádh agus le nola do
ghrásta naomhtha.



4. BAS NA MAIGHDNE MyE ATÓGAMTAR
NE.



Ó a Mháthair na Trócaire, ar mBéatha, ar
Milseacht agus ar nDochas, impighim ort, as ucht
an áthais a bhí ort ag fágáil an tsioghail seo,
bheigh i ngoireacht dam ar uair mo bháis, agus
toradh naomhtha do bhronn, Íosa, do thaisbéant
dam.



5. CORÓNUGHADH NA MAIGHDINE MUIRE
AGUS SÓLÁS NA NAOMH.



Ó a Mháthair bheannuighthe Dé bí id' mháthair
damféin, ná Tuilleann bheith im' leanbh duit,
agus guidh orm go rabhaid na pianta so, 'na
séodaibh im' choróin ins na Flaithis.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services