Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fionn agus Lorcán, Scéalta

Title
Fionn agus Lorcán, Scéalta
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Muineacháin, Conchubhar
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FIONN AGUS LORCÁN.



Bhí Fionn mhac Cumhaill agus a mhór-shluaighte ag fiadhach agus ag
sealgaireacht lá. Ar dteacht a bhaile dhoibh um thráthnóna
do dhein Fionn moill éigin 'n-a ndiaidh agus do thioniáin ai
Fiann leó isteach. Sul ar ráinigh le Fionn an rígh-theaghlach
a shroisint do chonnaic sé chuige gruagach mná, agus d'aithin sé
uirre nách éin-nídh fóghanta a thug í.



Bhí sé ag bailiughadh leis uaithe, agus nuair a chonnaic sí ag
imtheacht é do ghlaodhuigh sí air.



Do sheasaimh Fionn mar a raibh aige chum go dtainig sí
suas.



Do bheannuigheadar féin d'á chéile, agus ní ró-fhada bhíodar
ag caint nuair fhiafruigh sí dhe an n-imreóchadh sé breith.



"Inireóchad, a chailligh." arsa Fionn. D'imrigheadar agus
do cuir an chailleach an bhreith ar Fionn



"Cuir do bhreith, a chailligh," arsa Fionn léi.



"Ní beag dhuit a luaithe, a Finn," ar sise: "Cuirim dc
cheist, de bhreith agus de mhór-ualach ort, gan dá oidhche a chodladh
ar aon leabaidh ná dá bhéile bhídh d'ithe ar aon bhórd chum go
dtugair chugham an claidheamh soluis atá ag Rígh an Oileáin
Dercha 'sa Domhan Toir, agus gan éinne a bhreith leat acht an
mac máthar is measa ar an bhFéinn, 'sé sin, Caol an
Iarainn."



"Tá sé ró-chruaidh, a chailligh," arsa Fionn.



"Dá mbeadh sé nídh-sa chruaidhe agam do chuirfinn ort e."
ar sise.



Annsoin d'imthigheadar araon ó chéile. Ar maidin i
mbáireach nuair éirigh Fionn agus an Fhiann uile, dubhairt sé le
Caol an Iarainn é féin a ghléasadh suas i gcóir bóthair



Is amhlaidh a léim Caol an Iarainn ar fuaid an rígh-
theaghlaigh le háthas, toisg é féin a thoghadh thar éinne eile
de'n Féinn.



Do ghléasadar suas iad féin agus do thiomáineadar leo
síos fé dhéin an chuain.



Ba ghearr go bhfeacadar gaisgidheach mór go léir ag
tarrang isteach chúcha.



D'fhiafruigh Fionn de Chaol an Iarainn ciaca rithfidís nó
sheasóchaidís.


L. 2


"Seasócham," arsa Ca ol an Iarainn.



"Buadh, séan, agus gaisge leat, a Chaoil, b'fhéidir go
ndéanfá rudh maith fós," arsa Fionn.



Do stadadar mar a raibh aca chum go dtáinig an gais-
gidheach chúcha.



Do bheannuigh sé dhóibh agus do bheannuigheadar do. D'fhiaf-
ruig Fionu de ciar' bh'é fein nó cá raibh a thriall.



"Mise," ar seisean, "Lorcán 'ach Luirc, agus táim chum lae
agus bliadhna a chaitheam i bhsochair Fhinn mhic Chumhaill."



"Dé bheatha id' shláinte" arsa Fionn, "ní rabhas riamh
chomh mór gábhadh leath is táim anois." Ní raibh aon aithne
aca ar a chéile go dtí sain.



"Goidé an géibheann so ort, a Fhinn?" arsa Lorcán.



D'innis sé dho na geasa bhí curtha ag an gcailligh air.



"Seadh, máiseadh, raghadh-sa leat, a Fhinn, agus ní raghaidh
Caol an Iarainn i n-aon chor linn," arsa Lorcán.



"Dar so súd," arsa Caol, "raghad-sa libh."



Eatorra féin ab' fheárr é. Nuair b'fhada le Lorcán a bhí
sé ag dul air 'san áiteamh, do rug sé ar dhá lurgain air,
agus bhain sé casadh as, agus chuir sé de chaitheamhé ó Almhuin go
Béal Átha an Ghaorthaidh, agus chuaidh sé síos go dtí n-a chrom-
ánaibh 'sa talamh le neart fuinnimh.



"Sead, a Finn," arsa Lorcán, "b'fhéidir ná tiocfadh sé
suas linn go fóill."



Annsoin do phreab Fionn agus Lorcán isteach i n-a
gcurrachán áluinn aoibhinn éan-choise, agus thiomáineadar leú
an shairrge amach agus ba ghairid gur dheineadar amach talamh
'san Oileán Dorcha. Nuair shroiseadar talamh thugadar
ceangal lae agus lán-bhliadhna ar a gcurrachán, cuir i gcás
ná béadh sé ann acht uair a, chluig.



Annsoin d'imthigheadar isteach tríd an dtír, agus ba ghearr
gur casadh orra aodhaire bó le Rígh an Oiléain Dorcha.



Do chuir sé béic nimhe as chúcha, agus dubhairt sé leó gur
dhána an gnó do-s na bochtánaibh teacht annso ag déanamh
conncais ar an rígh.



Do rug Lorcán ar mhullach cinn air agus bhain sé casadh as,
agus do strac sé an ceann ó'n gcolainn de, agus do chaith sé i
dtalamh é, agus do chuir sé an cholann léig amach 'sa bhfairrge
choimhighthigh.



"Bíodh an méid sin agat de bharr t'umhlaigheachta dhúinn,"
arsa Lorcán.



Do thiománieadar leó arís, agus 'sa tslighe dhóibh do casadh
orra aodhaire eile leis an rígh. Do chuir sé sgread nimhe


L. 3


as féin chúcha féibh mar dhein an chéad fhear, agus ba mheasa an
chainnt a tháinig uaidh 'ná ó'n gcéad fhear.



Budh ró-gheárr an mhoill ar Lorcán cúntas a shocrughadh
leis séibh mar a dhein sé leis an gcéad aodhaire. Tiomáin-
eadar leó arís, agus 'sa tslighe dhóibh do casadh orra muicidhe
na-muc, agus chuir sé na mílthe fáilthe roime na ríghte onóracha
ó Eirinn.



"Ó Eirinn mise féin," ar seisean. Nuair a fuaradar
an suidhe-umhlacht uaidh do sháthuigh an bheirt a lámha 'n-a
bpócaidhibh agus thugadar suím óir dó.



"Is olc an ball gur thug bhur gcosa sibh," ar sesean
leó.



"A' bhfuil daingean mór romhainn," arsa Lorcán.



"Tá," ars' an muicidhe - "tá trí gheata idir sibh agus dul
isteach - tá ar an gcéad gheata aca sain stail fhiadhain, a
mharbhóchadh a dtiocfaidh agus a dtáinig - tá ar an darna geata
tarbh níos measa go mór ná an stail - agus ar an dtrío-
mhadh geata cullach nimhe is measa ná iad go léir."



"Agus ar eagla go ragadh aon nídh isteach d'á n-aimh-
dheoin sin," ars' an muicidhe, "tá roth nimhe ag casadh mór-
dtimcheall na cúirte, agus ar an dtaobh istigh de sin tá
tigh amhas chum éinne a raghadh isteach a chur ag triall orra
i gcomhair iad a léiriughadh."



"Tá daingneacha maithe aca," arsa Lorcán, "acht dá
fheabhas iad tabharfam-na fútha."



Thiomáineadar leó annsain fé dhéin an chéad gheataigh agus
chrom Lorcán agus an stail ar a chéile Ba gheárr a bhíodar
ag comhrac, nuair a chuir Lorcán a lámh 'n-a mhuing, agus bhain
sé casadh as, agus chuir sé seacht léig amach 'sa bhfairrge
choimhithigh é.



Do choinnibh sé a cheann 'n-a dhorn, agus do chaith sé i
dtalam é.



Annsain d'éirigh sé de bhaoithléim nár throm, agus chuaidh sé
de dhruim an gheataigh, agus d'éirigh Fionn 'n-a dhiaidh, agus chuaidh
sé isteach.



D'ionnsuigheadar an tarbh gan moill, agus badh dhóigh leat
go stracfadh sé sin croinn agus clocha as an dtalamh le neart
feirge, agus d'aireócfaidhe 'sa Domhan Toir é ag búithrigh.
Ba gheárr a bhíodar le chéile nuair a chuir Lorcán a lámh
'n-a adhairc agus chuir sé an fhaid chéadna leis an stail amach
'sa bhfairrge é.



D'éirgheadar araon arís de bhaoithléim nár throm, agus
isteach tar geata leó fé dhéin an chullaigh.


L. 4


Ba mheasa é sin ná an stail agus an tarbh i dteannta
chéile, mar ní fhéadfaidhe an greim a bhreith air.



D'ionnsuigh Lorcán agus an cullach a chéile go géar láidir.
'Sa bhfuirseadh dhóibh do chuir Lorcán a mhéar laistigh de
fhiacail mhóir an chullaigh agus bhain se casadh as, agus chuir se an
fhaid chéadna isteach sa bhfairrge choimhithigh é leis an stail
agus leis an dtarbh.



Annsain d'éirigh sé féin agus Fionn de bhaoith-léim nár
throm, agus isteach tar geata fé dhéin an rotha nimhe leó.



Bhí an roth ag casadh mór-dtimcheall, agus do rug Lorcán
air, agus dubhairt sé le Fionn preabadh isteach thairis an fhaid
a bheadh greim aige féin air. Do chuaidh Fionn isteach go
lúthmhar tapaidh.



Annsain dubhairt Lorcán le Fionn breith ar an roth
agus gan leigint do casadh an fhaid a bheadh sé féin ag dul
isteach.



Do rug Fionn go lom láidir air acht má dhein, do chas an
roth d'á aimhdheoin agus do bhain sé tarrang capaill d'fhuil agus
d'fheoil de Lorcán leis an gcasadh sain.



"Do leigis mé ghorthughadh, a Fhinn," arsa Lorcán.



"Do leigeas, acht ní raibh leigheas agam air," arsa
Fionn.



"Tá fhios agam-sa sain, a Fhinn, acht tá mo leigheas
agam-sa féin," arsa Lorcán. Do chimil sé órdóg ná
láimhe deise dhe, féin ins gach aon bhall go raibh cneadh ná
gearradh ann agus do leighis sé é féin chomh maith is bhí sé
riamh.



Annsain do dhein sé ar an stocán cuaille comhraic, do
sgread sgiath agus d'iarr comhrac agus do thug fiadh ná deaghaidh
riamh i ndiaidh a thúna - dubhairt sé gur bh'é féin Gaisgidheach
Dún-na-laoch, fear cóir agus ceart a lorg agus gan cóir ná
ceart a thabhairt uaidh, acht mar bud mhaith leis féin é, agus
budh chuma goidé sin.



Do phreab an rí chuige amach agus d'fhiafruigh sé de an mór
a throidfeadh sé.



"Troidfead," arsa Lorcán, "seacht gcéad laoch lán-
chalma ar mo láimh dheis, seacht gcéad laoch lán-chalma
ar mo láimh chlé, seacht gcéad laoch lán-chalma romham
amach, seacht gcéad laoch lán-chalma im' dhiaidh aniar,
agus seacht gcéad laoch lán-chalma i n-aghaidh gach aon
tsnaidhm cnámh d'á bhfuil im' chorp."



"Ní fhéadfad an méid sin a chur le chéile go dtí i
mbáireach" ars' an rí


L. 5


"Maiseadh," arsa Lorcán, "caithfir ósdaidheacht na
hoidhche a thabhairt dúinn-ne."



"Gheobhaidh sibh," ars' an rí.



Do chuir an rí teachtaire leó go tigh amhas i gcás go
n-íosfadh na hamhais iad. Nuair a chuadhdar araon isteach
chúcha, do chromadar (na hamhais) ar gháirí le háthas,mar
shíleadar go mbeadh béile bhreágh aca ar Fhionn agus ar
Lorcán.



Bhí sean-chailleach ghránda thuas 'sa chúinne - sean-mháthair
na n-amhas - agus do leath sí a béal chomh mór sain ag
gáirí go bhfeacadar a croidhe agus a haedheanna.



"Goidiad na gáirí sin agaibh fúinn," arsa Lorcán.



"Mar," ars' an tsean-chailleach leó, "is fada nár
tháinig aon bheirt chughainn is mó fuil agus fe'oil 'ná sibh, agus is
mór é bhur gcuid feóla agus is beag é bhur gcuid anbhruith
againn-ne ar ball."



D'fhéach Lorcán orra annsain agus do thug sé fé ndeara an
té budh mhó tóin agus budh chaoile luirgne aca.



Do rug sé ar luirgnibh air seo. agus do smiot sé go dtí na
hailt é, ag gabháil ar an muintir eile, agus do mharbh sé iad
go léir, acht éinne amháin a chuaidh i n-áirde ar an maide
snaidhm.



Dubhairt Lorcán leis seo preabadh anuas chuige, chum go
dtugadh sé íde na coda eile dho.



D'iarr sé go bog agus go cruaidh air gan é mharbhadh agus go
ndéanfadh sé seirbhíseach maith dho ar feadh a shaoghail.



"Tair chughainn an uas annso, maiseadh," arsa Lorcán,
"agus caith uainn amach na conablaigh seo."



Do tháinig sé anuas agus do chaith sé amach iad, agus do sguab agus
do ghlan an tigh.



Nuair a bhí an méid sin déanta aige do rug Lorcán ar
chosaibh air agus do thug sé cor na coda eile dho. Dubhairt sé
nár theastuigh a leithéid de sheirbhíseach uaidh féin.



Nuair a bhíodar socair síos, agus na hamhais i leathtaoibh
aca, d'fhiafruigh Lorcán d'Fhionn an raibh sé sásta anois.



"Is deacair dom gan bheith sásta," arsa Fionn, "acht dá
mbeadh aon adhbhar teine againn bheimís níos feárr."



"Beidh sain againn gan moill, a Fhinn." arsa Lorcán.



D'imthigh Lorcán amach go dtí fás coille a bhí ag an rí
(i gcomhair teine chnámh a dhéanamh do'n chóisire nuair a
phósfadh a inghean) agus do staith sé as a préamhachaibh an méid
d'fhéad sé, agus do thug sé leis isteach é, agus do dhein sé
teine dhe.


L. 6


Nuair a bhí an méid sin déanta aige d'fhiafruigh sé
d'Fhionn an raibh se sásta.



"Is deacair dom gan bheith," arsa Fionn, "acht dá mbeadh
aon adhbhar leaptha againn bheimís níos suaimhneasaighe."



"Beidh sain againn gan moill, a Fhinn," arsa Lorcán, ag
preabadh amach fé dhéin cruaiche féir an ríogh, agus ag tabhairt
a ndóthana isteach leis. Annsain do dhein sé bínsidhe
breághtha le hais na teine do féin agus d'Fionn chum luighte
air.



Nuair a bhí sin déanta aige, "Seadh, a Fhinn," ar sé, "an
bhfuil tú sásta anois?"



"Dá mbeadh ár suipéar anois againn," arsa Fionn,
"bheimís go maith."



"An mór íosfair, a Fhinn?" arsa Lorcán.



"Íosfad na seacht muca, agus na seacht mairt, agus na seacht
muilt is mó agus is fearr ag Rígh an Oileáin Dorcha," arsa
Fionn.



"Is beag an iongnadh gur leigis mise a ghortughadh ó
chianaibh, muna n-íosfair a thuilleadh," arsa Lorcán; "íosfad-
sa a sheacht n-oirid sin."



Do phreab Lorcán fé dhéin a' ríogh, agus dubhairt sé leis a
suipéar a chur chuige féin agus chum Fionn mhac Cumhaill go
mear.



"An mór íosfaidh sibh?" ars' an rí.



"Íosfaidh Fionn na seacht muca, agus na seacht mairt, agus na
seacht muilt is mó agus is fearr agat, agus íosfad féin seacht
n-oirid an méid sin," arsa Lorcán.



Do bhuail an rí chuige iad d'réir mar áirimh sé iad, agus
d'árduigh Lorcán leis fé dhein Finn iad.



"Seadh, a Finn, an bhfuil tú sásta anois?" ar sé.



"Is deacair dom gan bheith," arsa Fionn, "agus táim ad'
chuir chum an iomarca trioblóide."



"Táim-se umhal duit chum aon nídh oirfidh dhuit a thabhairt
chughat," arsa Lorcán.



"Seadh," arsa Fionn, "bheimís an-mhaith dá mbheadh
annlann ár suipéir againn anois."



"Is gairid a bheidh sain i n-easnamh orainn," arsa Lorcán,
ag preabadh fé déin an ríogh, agus d'á iarraidh air go dána.



Dubhairt an rí leis gur'b é an búistéir a thabharfadh do
é sin, agus dul fé n-a dhéin.



"Ní bhead i bhfad i n-iongnais mar sin," arsa Lorcán, ag
imtheacht fé dhéin an bhúistéara, agus ag iarraidh annlainn a
suipéir air.


L. 7


"Gheobhair," ars' an búistéir, "acht tá cleas annso agam
agus caithfir é dhéanamh ar dtúis."



"Goidé sin?" arsa Lorcán.



"Tá ubhall annso agam, agus caithfidh an chéad bhuille bheith
agam-sa, agus bíodh an dara buille agat-sa," ars' an búistéir.



"Brostuigh ort, maiseadh," arsa Lorcán, agus buail do
bhuille, agus ná bí am' mhoilliughadh-sa."



Do rug an búistéir ar an ubhall nimhe, agus d'aimsigh sé
Lorcán i gclár an éadain leis, agus thug sé chum soluis i gcúl
a chinn é.



"Do ghortuighis mé," arsa Lorcán, ag tabhairt an ubhaill
amach le n-a mhéir arís, agus 'á chneasughadh féin le n-a
órdóig.



"Seasaimh-se anois domh-sa," arsa Lorcán leis an mbúis-
téir.



Sheasaimh sé, agus chaith Lorcán an t-ubhall leis, agus bhuail sé
'san éadan é, agus chuir sé siar amach tré chúl a chinn é, agus
chuaidh sé tré chomhlainn iarainn a bhí ag cúl an bhúistéara,
agus chuaidh sé seacht bhfeath i dtalamh 'n-a dhiaidh sin. Do thuit
an búistéir i gceann a chos agus d'fhan sé ar an áit sin marbh.



Annsain do rug Lorcán a dhóthain annlainn leis, agus is
air ná raibh a bhac, agus thiomáin sé leis fé dhéin Fhinn agus
d'itheadar a suipéar i dteannta 'chéile go sásta.



Nuair a bhí sain déanta, d'fhiafruigh Lorcán d'Fhionn,
ciaca codladh thosac na hoidhche nó codladh dheire na hoidhche
a bheadh aige.



"Bíodh codladh dheire na hoidhche agat-sa," arsa Fionn le
Lorcán, "mar is tú chaithfidh troid i mbáireach."



Do shín Fionn ar a bhinnse féin agus thuit a chodladh air, agus
d'fhan Lorcán 'n-a shuidhe ar a bhinnse féin.



Amach 'san oidhche dho do chonnaic sé chuige anuas tríd an
siminé géag mná, agus do rug sí air chum é tharrang suas.



Le n-a linn sin d'aimsigh seisean a chlaidheamh, agus do bhuail
an ghéag leis agus bain di ó'n ngualainn í. Do chuir sí an
dara géag i n-achrann ann chum é bhreith léi, agus do bhuail sé
arís í, agus do bhain di ó'n ngualainn í.



Annsain do thuit sí 'n-a pleist anuas ar an úrlár, agus
chuaidh sí seacht bhfeath i dtalamh, bhí sí chomh trom sain.



B'í seo máthair dhuine de-s na hamhuiseannaibh a bhí curtha
ag an rígh chum iad a mharbhadh.



Nuair a bhí leath na hoidhche caithte, do dhúisigh Lorcán
Fionn, agus chuaidh sé féin a chodladh.



D'éirigh Lorcán amach ar maidin i mbáireach, agus do bhuail


L. 8


buille ar an gcuaille comhraic, agus thug fiadh ná deaghaidh
riamh i ndiaidh a thóna. D'fhiafruigh an rí dhe an niór a
throidfeadh sé. "D'innseas cheana indé dhuit é sin," arsa
Lorcán.



Do sgaoil an Righ chuige iad d'réir mar áirimh sé iadi agus
bhíodar go léir marbh aige go mór-luath um thráthnóna.



Do chaith sé féin agus Fionn biadh, teine agus leabaidh fhághail
uaid i gcomair na hoidhche.



D'éirigh Lorcán amach arís la ar n-a bháireach, agus do sgread
sgiath agus d'iarr comhrac agus thug fiadh ná deaghaidh riamh i ndiaidh
a thóna. Tháinigh an rí amach agus d'fhiafruigh sé dhean mhór a
throidfeadh sé.



Dubhairt Lorcán leis go gcomhraiceóchadh sé an oiread
céadna a bhí 'n-a choinnibh indé agus an oiread eile anuas
air.



Do sgaoil an Rí chuige iad, acht má dhein, do thog Lorcán
an cor céadna dhóibh a thug sé do mhuintir an chéad lae.



Maidin an tríomhadh lae, do phreab sé amach arís, agus do
sgread sgiath agus d'iarr comhrac agus do thug fiadh ná deaghaidh
riamh i ndiaidh a thóna.



Phreab an rí chuige agus d'fiafruig sé dhe an niór a throid-
feadh sé indiu.



"Comhraiceochad," arsa Lorcán, "an oiread agus bhí indé
im' choinnibh agus dúbailt i n-a theannta."



"Ní'l an méid'sin agam," ars' an rí, "gan mo mhac féin
a chur ag troid 'n-a dteannta."



"Ní feárr liom-sa duine a throidfidh mé 'ná do mhac,"
arsa Lorcán.



D'fhan an mac siar i gcomhnaidhe chum go raibh deireadh na
ngaisgidheach marbh aige, annsain do lé m sé chuige, acht má
dhein, thug Lorcán a chosa sa spéir láithreach bonn



Nuair a bhí a mhac marbh, do chuaidh an rí féin ag troid
leis agus an claidheamh soluis aige, acht do mhairb Lorcán é
gan puinn righnis.



Seadh, nuair a bhíodar go léir léirighthe aige do thug sé
an claidheamh soluis d' Fhionn, agus thiomáineadar leó fé dhéin
na hÉireann, agus bhí lá agus bliadhain tabhartha amuigh aca nuair
a shroiseadar an cuan.



"Seadh a Fhinn," arsa Lorcán, "tá lá agus bliadhain tabhartha
id' theannta agam, agus caithfead dul a bhaile anois."



"Ná h-imthigh, fan agam go déo, is tú an comrádaidhe
buachalla is feárr a casadh riamh orm," arsa Fionn.



"Ní fhéadfainn é," arsa Lorcán, "acht má bheireann aon


L. 9


chás cruaidh go bráth thú, ní'l agat acht cuimhneamh ar m'ainm,
agus bead de'n iarracht sain agat."



Annsain d'imthigh Lorcán a bhaile, agus do thug Fionn an
claidheamh soluis do'n ghruagach mná a chuir an bhreith air.



I gcionn suím aimsire 'na dhiaidh sin do tháinig gruagach
ag triall ar Fhionn ag tabhairt cuireadh dínnéir do féin agus
do'n Féinn uile, agus d'ainmnigh sé lá áirmhighthe dho.



"Cá bhfaighmíd é?" arsa Fionn.



"Ta cheithre áird ar an ndomhan," ar seisean, "agus bíodh
bhur rogha áird aca agaibh."



Nuair a tháinig an lá orra thiomáineadar leó agus bhíodar
ag fiadhach agus ag sealgaireacht rómpa.



Budh gheárr a dheaghadar nuair a casadh cum tighe iad go
raibh a dhóirse osgailte, agus búird leigithe amach ann, agus biadh
agus deoch orra.



Dubhairt Conán Maol go mb' fhéidir gur bh'é seo an ball
go bhfuaradar cuireadh, agus pe 'ca b'é nó nár bh'e a leigint
dóib an biadh d'ithe. Shuidheadar síos ar na suidheachánaibh,
agus ní túisgea bhíodar suidhte, ná gur cheangail a dtóineanna
de na suidheachánaibh, agus do cheangail na suidheacháin de'n
talamh, agus do cheangail a lámha de-s na sgeanaibh, agus do
cheangail na sgeana de-s na miasaibh. agus do cheangail na
miasa de'n bhórd agus do cheangail an bórd de'n talamh.



Níor airigheadar pioc chum gur phreab an gruagach chúcha.



"Seadh, a Fhinn ghránda mhailísigh," ar seisean, "is fada
dhom ag faire ort féin, agus ar an bhFéinn uile, agus anois tá sibh
agam chum mo thoile."



"Slán beó chughat, a Lorcáin, dá mbeitheá anois agam
is beag an beann a bheadh agam ar an spadalach so," arsa
Fionn.



Ní túisge a bhí na focail as a bhéal ná mar a bhí Lorcán
ar an úrlár 'n-a sheasamh.



D'fhéach an gruagach siar thairis féachaint cia a bhí ann, agus
ní raibh féachta i gceart aige nuair a bhí an ceann geárrtha
dhe ag Lorcán.



Annsain dubhairt duine de'n Fhéinn le Fionn a órdóg a
choigint féachaint cad a leighisfeadh iad. Do choigin sé í, ó'n
gcroiceann go dtí an fheoil, ó'n bhfeóil go dtí an cnámh, ó'n
gcnámh Go dtí an smior, agus ó'n smior go dtí an smúsach.
Ní túisge a bhí sain déanta aige ná go ndubhairt sé leó
go raibh tobar 'sa Domhan Toir, go dtugtaoi tobar na
Beithile air, agus go leighisfeadh braon d'á chuid uisge
sin iad


L. 10


"An bhfuil aon choisidhe fúghanta agat, a Fhinn," arsa
Lorcán, "a thabharfadh chughainn an t-uisge go tapaidh?"



"Tá coisidhe again," arsa Fionn, "agus dá mbeadh lán
cobhlaigh gan cheann defháinleógaibh istigh innte, ní leigfeadh
sé amach aon cheann aca le lúth a chos."



"Ní dhéanfadh sé sin an gnó go bráth," arsa Lorcán, "an
bhfuil aon choisidhe eile agat is mire 'ná é?"



"Tá," arsa Fionn, "coisidhe eile agam, agus an lá gaoithe
is mó a thiocfadh, do raghadh sé i n-áirdear mhullach an chnuic
is aoirde, agus ní leigseadh sé aon ruibe de mhála clúimh
a sgaoilfídhe leis an ngaoith ar an dtalamh."



"Ní dhéanfadh sé sin an gnó acht chomh beag leis an gcéad
fhear," arsa Lorcán, "an bhfuil aon choisidheagat is luaithe
'ná é sin?"



"Tá," arsa Fionn, "coisidhe agam is luaithe 'ná intinn
mná idir bheirt fhear."



"Déanfaidh sé sin an gnó; cá bhfuil tú a choisidhe?"
arsa Lorcán.



"Táim annso, agus an t-uisge agam ó Thobar na Beithile,"
ars' an coisidhe.



Annsain do chuir Lorcán braon de'n uisge orra ins gach
aon bhall go rabhadar ceangailte, agus thóg sé suas iad chomh
slán, chomh folláin is bhíodar riamh, acht amháin Conán Maol,
agus ní raibh a dhóthain uisg aige 'n-a chomhair sin.



Do b'éigin do Lorcán agus do Oscar é stathadh de'n
tsuidheachán, agus d'fhan a raibh ó'n gcnámh amach de'n fheoil
ceangailte ar an suidheachán 'n-a dhiaidh.



Annsain mharbhuigheadar molthachán dubh, agus cheangladar
suas an croiceann de thóin Conáin Maoil.



D'fhásadh an oiread olna air gach aon bhliadhain agus dheineadh
stocaidhe do'n Fhéinn go léir as sain amach.



Ní bhfuaras-sa d'á mbárr acht stocaidhe fionáin, bróga
páipéir, agus gártaerí bainne reimhir. Do ghabhas-sa an t-áth,
do báitheadh iad-san, agus thánag-sa slán a bhaile, moladh le
Dia.


L. 11


CONALL GULBAN.



Bhí árd-rí thíos i n-íochtar na hÉireann fad ó darab ainm
Niall.



Do rugadh mac do, (Conall a tugadh mar ainm air,) agus
do chuir sé ag triall ar bhanaltrain le hais chnuic na
Gulban i gcontae Chiarraidhe é. Ó'n gcnoc sain is eadh
baisteadh Conall Gulban air.



Nuair aosuigh sé suas, bheireadh an bhanaltra go mullach
an chnuic gach aon lá é, agus chuireadh sí ag rith le fánaidh
síos é.



Nuair a bhí sé ábaltha ar rith go maith le fánaidh, do thos-
nuigh sí ag bun an chnuic leis, chum go raibh sé chomh hábalta
ar rith i gcoinnibh an chnuic agus bhí le fánaidh.



Annsain do chuir sí sgéala ag triall ar a athair go raibh
sé oireamhnach ar mhaireamhaint i n-éaghmais banaltran.



Do tháinig a athair annsain, agus do thóg leis a bhaile é.



Ins an am sain do tháinig conncas cogaidh ar Rígh na
Frainnce, agus do chuir sé sgéala ag triall ar Árd-Rígh
Niall agus ar Rígh Laighean dul agus cabhrughadh leis chum buadhach-
taint ar a namhaid.



Do thug Rí Niall leis a armáil agus a bheirt mhac budh shine,
agus d'fhág sé 'sa bhaile Conall, mar dob' óg leis é.



Do chuaidh Rí Laighean i n-éinfheacht leis, le n-a shaigh-
diúiribh féin.



Bhí cailín óg d'inghin ag Rígh Laighean - an bhean budh
bhreághta a bhí suas le n-a linn - Bas Bharra-gheal dob'
ainm di.



D'fhág sé sé feara déag de-s na fearaibh dob' fheárr a
bhí aige d'á faire.



D'airigh Conall Gulban trácht thairse, agus d'imthigh sé fé
n-a géin (= déin) chum í thabhairt leis.



Do chonnaic an cailín óg chúiche é nuair a bhí sé ag
déanamh ar an dtigh, agus do chuir sí amach seirbhíseach a bhí
aice, féachaint goidé an saghas duine é, nó cá raibh a
thriall.



Dubhairt sé léi gur bh' é féin Conall Gulban, mac Árd-
Ríogh Niall.



Do rith an seirbhíseach isteach tar n-ais d'á innsint do'n
Bhas Bharra-gheal cia bhí ann.


L. 12


Do chuir an Bhas Bharra-gheal amach an seirbhíseach arís
'á rádh leis dul siar 'sa bhfaithche, ag imirt liathróide i
dteannta na bhfear an fhaid a bheidís ag ullmhughadh a
dhínnéir do.



"Ní dínnéar ná breicfeast atá uaim, acht í féin," arsa
Conall.



Do dhein sé isteach fé lán an tseoil chúiche, agus d'árduigh
sé leis i n-áirde ar chúlaibh a sgéithe í, agus bhí sé tamall mór
ó'n dtigh sul a bhfeacaidh na sé feara déag é.



Annsain do ritheadar 'n-a dhiaidh chum í bhaint de, acht bhí
Conall ró-lúthmhar dóibh.



Do labhair an Bhas Bharra-gheal le Conall agus dubhairt sí
gur shaoil sí nach de thoradh cos a bhéarfadh éinne chum
siubhail go deó í.



"Ní bheidh sain le rádh agat," arsa Conall. Do stad sé
mar a raibh aige, chum go dtáinigh na sé feara déag suas
agus do chrom sé féin agus iad féin ar a chéile ar an áit sin.



Bhí deichneabhar aca marbh aige an fhaid a bheifeá ag
dúnadh do shúl.



Do liúigh an Bhas Bharra-gheal air gan an marbhadh a
dhéanamh.



"Ní dhéanfainn aon phioc de muna mbeadh tú féin," arsa
Conall.



D'iompuigh an seisear eile a bhaile, agus do thiomáin Conall
agus an Bhas Barra-gheal leó. Annsain do chuadhdar araon
i n-áirde ar mhullach cnuic a bhí ar bhruach na fairrge, agus budh
gheárr gur thuit a chodladh ar Conall mar bhí sé suaidhte ó'n
mbóthar fada.



D'fhan an Bhas Bharra-gheal 'n-a theannta agus budh gheárr go
bhfeachaidh sí an currachán ag déanamh isteach ar an
gcuan.



An Pocán Mór ó Ríoghacht na Saileach a bhí sa churrachán,
agus é ag teacht fé dhéin Bhas Bharra-gheal. Do cheangail sé
a bhád, agus thiomáin sé leis i n-áirde mar a raibh si féin agus
Conall Gulban.



Nuair a chonnaic sí ag déanamh orra é, d'imthigh sí i
leathtaoibh ó Chonall.



Nuair a tháinigh an Pocán suas, d'fhiafruigh sí dhe cá raibh
a thriall.



Dubhairt sé léi gur fé dhéin Bhas Bharra-gheal a bhí sé ag
teacht - "acht," ar seisean, "pé saghas í, ní raghad thart-sa."



"Mo thruagh go deó thu," ar sise, "dá bhfeicfeá an
Bhas Bharra-gheal, ní fhéachfá de thaobh do shúl orm-sa."


L. 13


"Tá sí breágh go maith nó tá tusa chomh breágh léi - ní
raghad thart-sa, béarfad liom tu," ars' an Pocán Mór.



"Sul a n-imthighmíd dúisighimís garsún de dhearbhráthair
dom atá 'n-a chodladh thuas annsain," ars' an Bhas Bharra-
gheal; "b'fhéidir gurab amhlaidh a raghadh sé amugha."



"Cá bhfuil sé?" ars' an Pocán.



"Tá sé annso thuas," ars' an Bhas Bharra-gheal, 'á thais-
beáint do.



Bhí sí ag cuimhneamh dá mbeadh Conall dúisighthe, go mar-
bhóchadh sé an Pocán.



Do mheádhach sé claidheamh Chonaill ar dtúis, annsain do
chuarduigh sé sé snaidhmeanna a chnámh, féachaint a' raibh sé
láidir.



Annsain dubhairt sé go mb'fheárr é fhágaint mar a raibh
aige, mar go raibh codladh trom air. Is amhlaid a bhí eagla
a dhóthain air roimis, agus d'árd igh sé leis an Bhas Bharra-
gheal d'á haindeoin.



Nuair a dhúisigh Conall, agus chonnaic sé go raibh a bhean
imthighthe, bhí sé ag léimrigh mar bheadh duine buile ar fuaid
an chnuic.



Do chonnaic sé uaidh beirt aodhairidhthe bó, agus bhíodar ag
gáirí uime.



D'fhiafruigh sé dhíobh goidé an chúis mhaghaidh a bhí aca fé
féin.



Dubhradar leis go bhfeacadar an bhean budh bhreághtha d'á
bhfeacadar riamh ag teacht i n-éinfheacht leis indiu, agus go
rug gaisgidheach éigin leis í 'n-a churrachán tá tamall ó
shoin.



"Goidé an treó i n-ar imthigheadar an fhaid a bhí radharc
agaibh orra?" arsa Conall.



D'innseadar do, agus do thiomháin sé 'n-a ndiaidh ar séideadh
annsain.



'Sé an chéad áit gur dhein sé amach talamh 'sa Ghréig, agus
do thiomáin sé leis chum gur aimsigh sé cúirt Ríogh na
Gréige, agus do bhuail buille 'sa chuaille comhraic.



Do tháinig an rí chuige agus d'fhiafruigh sé dhe an mór a
troidfeadh sé.



"Troidfead," arsa Conall, "seacht gcéad ar mo láimh
dheis, seacht gcéad ar mo láimh chlé, seacht gcéad romham
amach, agus seacht gcéad im' dhiaidh aniar."



Seo ar a chéile iad, agus b'fhiú dul ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain ag féachaint orra. Bhíodar go léir
marbh aige go mór-luath um thráthóna.


L. 14


Chuir sé trí laige dhe amuigh ar an bhfaithche, mar bhí sé le
fada roimis sin gan aon bhlúire bídh d'ithe.



Tháinigh draoitheadóir a bhí ag an rígh chuige (ó Éirinn ab'
eadh é,) agus dubhairt sé go raghadh sé isteach go dtí inghean an
Ríogh, féachaint a' dtabharfadh sí aon bhlúire bídh do.



Do chuaidh sé isteach, agus d'innis sé dhi gur bh'é Conall
Gulban, mac Ard-Ríogh Niall ó Éirinn, a bhí ann, agus go
marbhóchadh se a raibh de shaighdiuiríbh aig' a h-athair, agus an
t-Amhas Tórmaigh 'na ndiaidh. Gaisgidheach ab' eadh an
t-Amhas Tórmaigh go raibh inghean an Ríogh aige le fághail
i gcionn bliadhna, acht an chúirt a chosaint agus gach éinne a
thiocfadh ag cur toirmisg orra a mharbhadh go dtí sain.



Dubhairt an draoitheadóir le hinghean an Righ go mbeadh
sí pósta ag Conall Gulban, agus gur bh'olc an mhaise aice
muna dtugadh sí rud éigin le n-ithe dho.



"Preab amach agus abair leis teacht chugham isteach," ar sí
leis an ndraoitheadóir.



Do thug an draoitheadóir leis isteach é, agus fuair sé a
dhóthain le n-ithe agus le n-ól agus leabaidh chum codlata uaithe.



D'éirigh sé go moch lá ar n-a bháireach agus do bhuail buille
sa chuaille comhraic.



D'fhonn sgéil ghairid a dhéanamh de, do mhairbh sé an oiread
céadna leis an lá roimis sin. Nuair a bhíodar go léir
marbh aige, do tháinig an draoitheadóir chuige, agus dubhairt sé
go raghadh sé isteach, féachaint an dtabharfadh inghean an ríogh
aon nidh le n-ithe dho.



Do thiomáin sí amach an draoitheadóir arís fé n-a dhéin,
agus thug sí a dhóthain do.



D'éirigh sé go moch i mbáireach a bhí chughainn, agus bhí an oiread
céadna marbh aige le linn gréine a dhul fé.



Do tháinig an draoitheadóir amach chuige, agus dubhairt sé
gur'b iad na chéad daoine a mhairbh sé a bhí aige 'ámharbhad
gach aon lá - "mar," ar seisean, "tá cailleach ag an rígh
seo, agus tá deócán aice, gur'b é an ainm atá air "Beilgium"
agus séideann sí i gcluais gach aon duine é nuair imthigheann
tusa, agus bíd chomh slán, chomh folláin is bhíodar riamh 'n-a
diaidh.



"Sín annsain i dteannta na ndaoine marbh go dtagaidh
sí, agus féach a' bhfeadfá deire a chur léi," ars' an draoithea-
dóir.



Chomh maith do dhein, agus budh gheárr go dtáinig sí, ag leigheas
na bhfear marbh.



Do leim Conall 'n-a suidhe, agus do rith sé 'n-a diaidh, agus do


L. 15


bhuail sé í le línn éirighthe de dhruim na pálach, agus do mhairbh
sé í. Fuair sé biadh agus deoch agus leabaidh chum codlata ó inghin
an ríogh.



Annsain do phreab chuige an tAmhas Tórmach, agus budh
mheasa dho chuige é 'ná ar throid sé de shaighdiúiríbh na
laetheannta roime sin. Bhí sé ag fághail sgannradh uaidh
nuair a tháinig an draoitheadóir suas.



Dubhairt seisean leis dul fé isteach, agus barróg a bhreith
air.



Do dhein Conall féibh mar a dubhairt an draoitheadóir
leis, agus budh gheárr gur leag sé é, agus thug sé cruaidh-cheangal
dosgaoilte air.



"Sgaoil arís mé," ars' an tAmhas Tórmach, "agus bead im'
sheirbhíseach agat chomh maith is bhíos ag an Rígh."



Do sgaoil Conall é. Annsain do tháinig an rí suas, agus
thug sé isteach Conallagus an draoitheadóir, agus bhíodar a dtriúr
ag ithe, agus ag ól i dteannta 'chéile.



Budh gheárr go dtáinigh gaisgideach, darab ainm Saidhneas
Áirbhéis isteach agus do bhuail sé clabhtóg ar an rígh agus an dara
ceann ar an Amhas Tórmach.



Do léim Conall as a chorp, agus do rug sé barróg air, agus
thóg bonn a chos i n-áirde agus do leag n-a phleist ar an
dtalamh é, agus cheangail sé a cheann agus a chosa dh'á chéile.



"Sgaoil arís mé," ar sé le Conall, "ní chum aon díogh-
bhála d'éinne agaibh a bhíos, acht neart ocrais a bhí ag cuir
orm, mar do bhíos i Ríoghacht na Saileach, agus nuair a thánag
ann do tháinig an Pocán Mór isteach agus an Bhas Barra-gheal
ó Eirinn aige; do chuadhas i gcogadh leis a d' iarraidh na
mná a bhaint de, agus bhíomair ag bruighin le chéile ar feadh
seacht lá. Bí sé ró-mhaith dhom, agus chaith sé síos le faill mé
isteach i neid éin mhóir, go dtugtar an ghníomh ingneach uirre,
i gcomhair go n-íosfadh sí féin agus na geárrcaigh mé. Do
mharbhuigheas na geárrcaigh lem' chlaidheamh; agus do thóg an
sean-éan léi mé go tráigh na tíre seo, agus do leig sí uaithe
mé. Le linn tosnuighthe ar mé stracadh, do fuaras faill
uirre, agus do mharbhuigheas lem' chlaidheamh í. Do ritheas ann-
sain agus níor bhuail tigh ná rud le n-ithe umam go dtí so."



Do sgaoil Conall é.



"Seadh," arsa Conall leis an Amhas Tórmach, "bíodh do
bhean agus do bhall féin agat-sa, agus raghad-sa agus Saidhneas
Airbhéis fé dhéin mo mhná agus an Phocáin Mhóir gd Ríoghacht na
Saileach."



"Raghad-sa libh," ars' an t-Amhas Tórmach, "fanfaidh mo


L. 16


bhean agus mo bhall féin annso go bhfillead." Thiomáineadar
a dtriúr leó go Ríoghacht na Saileach, mar a raibh an Pocán
Mór, agus an Bas Barra-gheal.



Nuair a bhíodar ag déanamh ar chúirt an Phocáin dubhairt
an t-Amhas Tórmach go dtroidfeadh sé féin thar cheann
Chonaill?



"Ní throidfir," arsa Conall, "ní bheidh sé le rádh ag
éinne gur tú bhain amach mo bhean dómh-sa, muna mbain-
fead féin amach í, bíodh sí ag an bPocán Mór."



Do chuaidh sé go dtí an cuaille comhraic, do sgread sgiath
agus d'iarr comhrac, agus do thug fiadh ná deaghaidh riamh i ndiaidh
a thóna. D'fhiafruigh an Pocán Mór de a' mór athroidfeadh
sé.



Dubhairt Conall leis ná troidfeadh sé aon fhear acht é
féin - ná raibh aon chúis aige orra.



"Agus," arsa Conall leis, "dá mbeitheá it' fhear, ní hé
an fhaid a bhíos-sa im' chodladh a thabharfá uaim mo bhoan."



"Ní'l aon bheann agam ort id' chodladh ná id' dhúiseacht,"
ars' an Pocán Mór leis.



Do chromadar araon ar a chéile, agus bud ró-ghearr gur chuir
Conall ag crothadh a chos an Pocán Mór.



Bhí an Bhas Bharra-gheal ó roinnt ag Conall annsain, agus
is í bhí go háthasach.



Bhí cailín óg d'inghin ag an bPocán Mór, agus dubhairt
Conall le Saidneas Áirbhéis í féin agus ríoghacht a hathair a
bheit aige, agus go raghadh sé féin agus a bhean agus an t-Amhas
Tórmach fé dhéin na Frainnce, féachaint ar mhair a athair 'ná
éinne d'á lucht leanamhna.



"Raghad-sa i n-éinfheacht libh," arsa Saidhneas Áirbhéis,
"agus chífead saor sábhálta sibh, agus fanfaidh mo bhean agus mo bhall
annso go dtagad thar n-ais."



Thiomáineadar leó go dtí an Fhrainnc, agus is amlaidh a bhí
buaidhte ar Rígh laighean, agus ar Árd-Rígh Niall i dteannta
'chéile rómpa.



Do casadh isteach i dtigh iad ná raibh éinne ann ná raib.
teithte nó marbh.



Dubhairt an t-Amhas Tórmach le Conall agus leis an
muintir a bhí 'n-a theannta dul a chodladh agus go bhfairfeadh
sé féin dóibh.



Budh ghearr gur dhein fear isteach ar an Amhas Tórmach,
ag teacht fé dhéin an tighe i n-a raibh Conall agus a cháirde.



Do tharraing an tAmhas a chlaidheamh air, agus bhain sé an
ceann de.


L. 17


Do chuir sé béic as le linn a chinn a bhaint de, agus d'airigh
Conall í agus d'aithin sé an glór. Cia bhí ann acht Ard-Rí
Niall, athair Conaill.



Bí Conall ar spéir-bhuile nuair afuair se a athair marbh,
mar níor chuimhnigh sé go raibh "Beilgium," .i. deocán na
caillighe, aige. Bhí an-bhuadhairt orra go léir chomh maith le
Conall.



Nuair a chuimhnigh Conall air féin - "Dar fiadh, ná bíodh
mairg oraibh; ní'l aon díoghbháil déanta," ar sé leó, "mar
tá deócán na caillighe agam, agus tógfad-sa chomh slán chomh
folláin is bhí sé riamh é." Comh maith do dhein.



Annsain d'fhiasruigheadar de cionnus a bhí an sgéal mar
gheall ar an gcogadh.



Dubhairt sé leó go raibh buaidhte orra féin agus ar mhuintir
na Frainnce, agus go raibh furmhór na ndaoine imthighthe as na
tighthibh, ar fuaid na ngleann.



D'innis sé dhóibh go raibh longphort déanta ag an namhaid
i mball áirighthe, agus lampa mór ar lasadh i n-a lár, agus go
rabhadar ag roinnt ollmhaitheas na tíre le chéile an oidhche
sin.



"Téanam ort," arsa Conall leis an Amhas Tórmach,
"chum go marbhuighniíd iad," "agus fanaidh-se annsain," ar sé
le n-a mhnaoi, agus le n-a athair, agus le Saidhneas Airbhéis, "chum
go dtagaimíd-ne."



Thiomáineadar leó agus chuaidh Conall'sa dorus thíos isteach
agus an tAmhas Tórmach 'sa dorus thoir.



Do caith Conall saighead leis an solus, agus do mhúch sé é.



Annsain do mharbhuigheadar araon gach aon duine d'á
raibh 'sa longphort.



Nuair a bhí sain déanta aca, do thiomáineadar sgéala
ag triall ar Rígh na Frainnce go raibh a namhaid go léir
marbh aca féin, agus leigean do féin agus d'á mhuinntir luighe
isteach 'n-a dtír féin ar a suaimhneas.



Bhí an rí go buidheach beannachtach, agus dubhairt sé leó, dá
mbeireadh cruadhtan ná géibheann go bráth iad, leigint
dóibh fios a chur air féin agus go gcúiteóchadh sé leó an
mhaitheas a dheineadar do.



Annsain do choinnibh an rí iad 'sa bhFrainnc ar feadh
coicthighise, agus bhí fleadh agus féasda agus spórt aca.



Nuair a bhí deireadh leis an bhféasda aca, do thiomáin
gach éinne aca fé dhéin a mbaile dúthchais féin, agus do
mhaireadar féin agus a mná go soilbhir suairc i gcomhluadar
a chéile


L. 18


AN GAISGIDHEACH LEATH-CHAOCH RUADH.



Bhí sean-rí ann fad ó go raibh triúr mac aige, agus b'é a
ngnó bheith ag fiadhach agus ag sealgaireacht.



Lá d'á rabhadar amuigh, do tháinigh an Gaisgidheach Leath-
chaoch Ruadh go cúirt an ríogh. Bhí an ri istigh roimis agus é
ag ól dighe a corn óir, agus do tharraing sé deoch do'n
Ghaisgidheach.



Dubhairt an gaisgidheach leis féin í ól roimis. Nuair
a bhuail an rí an corn ar a cheann, do bhnail an Gais-
gidheach buille dhorn ar an gcorn, agus bhain sé fiacail as
an rígh, agus do sgiub sé an corn agus an fhiacail uaidh. Nuair
a tháinigh a chlann a bhaile um thráthnóna, do dhírigh a
n-athair ar throid leo i dtaobh an tarcuisne a bhí faghta
aige ó'n ngaisgidheach agus gan éinne aige a bhainfeadh aon
tsasamh de.



Do chuir an bheirt mhac chríonna druim le gan da idhche
a chodladh ar aon leabaidh 'ná dá bhéile bhídh d'ithe ar aon
bhórd, chum go mbainfidís sásamh de'n ghaisgidheach.



Ní raibh aon fheidhm aca ar an ndearbhráthair óg a bhreith
leó mar ní raibh ann acht garsúinín.



Thiomáin an bheirt leó, agus nuair fhéachadar 'na ndiaidh, agus
iad tamall mór ó'n dtigh, is amhlaidh a chonnaiceadar an
fear óg 'á leanamhaint. D'fhilleadar tar n-ais a bhaile
leis.



Thiomáineadar leó arís agus bhí dúbailt na slighe curtha aca
dhíobh, nuair a chonnaiceadar an garsún 'na ndiaidh arís.



Dubhradar araon le chéile go rabhadar imthighthe ró-fhada ó
bhaile chum filleadh, agus go bhfágfaidís é pé áit go bhfaighdís
lóisdín chum do go mbeidís ag teacht tar n-ais, mar na
raibh aon ghnó aca dhe, dar leó féin.



Do bhuail tigh úmpa, agus do chuadar isteach, agus d'iarradar
lóisdín dó.



Bhí bean istigh rómpa, agus chuir sí míle fáilte roime mhac
an río .i. an garsún.



Níor fhan aon iíieas ag an mbeirt eile orra féin toisg
an urraim a fuair an garsún ós a gcionn féin.



"Tá fhios agani-sa cá bhfuil sibh ag dul anois," ars' an


L. 19


bhean leó, "agus ní sibh a bhainfidh aon tsásamh de acht an
garsún."



Dubhairt sí leó go raibh sí féin chomh mór spíd chuni
an ghaisgidhigh agus bhíodar sain, mar go raibh aon chailín amhain
d'inghin aice agus gur bhuail sé méar fé n-a crios, agus gur
árduigh se uaithe i.



Thiomáineadar leó ar maidin i mbáireach, agus bhíodar ag
siubhal riamh agus choidhche, chum gur dheineadar amach an ball
i n-a raibh an Gaisgidheach Leath-chaoch Ruadh chum comhnuidhe:



B'é dul isteach a bhí chum cúirt' an ghaisgidhigh, arthach a
leigint síos le faill go raibh míle ar aoirde innte.



Dubhairt a' mac críonna é féin a leigint san árthach agus
gur ghearr go mbeadh sásamh aige as an ngaisgidheach.



Do cuireadh ann é, acht budh gheárr a chuaidh sé, nuair a
liúghuigh sé é tharrang thar n-ais, go raibh sé ag caillea-
mhaint a mheabhrach.



Seo isteach san árthach an dara mac, acht má chuaidh, budh
ghearr síos a dheaghaidh sé, nuair ab' éigin do filleadh thar
n-ais, mar bhí a mheabhair geall leis caillte aige.



Annsain do phreab an garsún isteach, agus dubhairt sé leó
é sgaoileadh síos.



Do sgaoileadh, agus budh ró-gheárr an mhoill air dul chum
cinn.



Sul ar fhág sé a dhearbhráithreacha, dubhairt sé leó
má mhairfeadh sé, go mbeadh sé thar n-ais i gcionn lae agus
bliadhna.



Chóm luath agus tháinig sé amach as an árthach, síos do
thiomáin sé leis fé dhéin ceárdchan, agus d'fhiafruigh sé de'n
ghobha an ndéanfadh sé claidheamh do.



D'fhiafruigh an gobha dhe goidé an saghas claidhimh.



"Claidheamh," arsa mac an ríogh, "go mbeidh faobhar chum
geárrtha, agus faobhar chum sáithte' agus faobhar chum marbhuighthe
air."



Do dhein an gobha an claidheamh do chum a thoile.



D'imthigh sé annsain go dtí an cuaille comhraic, agus thug
fiadh ná deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna.



"Téirigh amach," ars' an gaisgidheach le n-a bhuachaill.
"féachaint an troid atá uaidh siúd, nó, má 'seadh, an mór a
chuirfear chuige."



Amach le buachaill an ghaisgidhigh go drochmhúinte, agus
dubhairt sé: "A spailpín ghránda, do chuir mo mháighistir
ainach mé féachaint an troid atá uait nó má'seadh, an mór
a throidfir."


L. 20


"Druid chugham i leith, tá eallaoir orm," arsa mac an ríogh
leis an mbuachaill.



Do dhruid an buachaill leis, agus do chaith mac an ríogh an
ceann de.



"Bíodh sain agat," ar sé, "de bhárr do cheanndánacht'."



Nuair a bhí sain déanta aige, do bhuailbuille 'sa' chuaille
comhraic arís.



"Téirigh amach," ars' an gaisgidheach le ceann d'á chóis-
deóiríbh, "féachaint an troid atá uaidh shiúd nó an mór a
chuirfear chuige."



Seo amach an cóisdeóir agus dubhairt sé le mac an ríogh,
"A ghaisgidhigh ónóraigh, do chuir mo mháighistir amach mé
féachaint an troid atá uait nó an mór a chuirfear chughat."



Dubhairt sé leis dhá chéad aca a chur chuige. Dubhairt an
gaisgidheach leó preabadh fé n-a dhéin.



Seo amach iad agus nuair a chonnaiceadar luighead an
gharsúin, budh chuma leo ciaca a bheadh aige ar dtúis, chuin
cunntais a shocrughadh leis, bhí sé chom suarach sain, dar leó.



Thosnuigheadar féin ar a chéile, agus bhíodar go léir marbh
go mór luath um thráthnóna aige.



Annsain thiomáin sé leis go tigh lóisdín, agus do chodail sé.
seacht lá agus seacht n-oidhche. Do tháinigh go dtí an cuaille
comhraic arís agus do sgread sgiath agus d'iarr comhrac agus do thug
fiadh ná deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna.



Dubhairt an gaisgidheach le n-a chúisdeóir preabadh amach
féachaint an mór a throidfeadh sé.



"A ghaisgidhigh ónóraigh," ars'an cóisdeóir, "do chuir mo
mháighistir amach mé féachaint an mór a throidfeá."



"Troidfead cheithre chéad indiu," arsa mac an ríogh.



Do sgaoileadh chuige iad, agus bhíodar go leir treasgartha
aige, go mór-luath um thráthnóna.



Annsain chuaidh sé go dtí a lóisdín, agus chodail sé seacht lá
agus seacht n-oidhche.



I ndeireadh na seachtmhaine do phreab arís chum an chuaille
comhrac, agus do sgread sgiath agus d'iarr comhrac agus do thug fiadh
ná deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna.



Do chuir an rí an cóisdeoir amach arís féachaint an mór
a throidfeadh sé.



"Seadh, ní'l aon ghnó agam ag caitheamh mo shaoghail ar an
gcuma so," arsa mac an ríogh. "acht tigeadh a bhfuil ann
agaibh chugham."



Seo chuige iad, agus bhíodar go léir marbh aige le linn gréine
a dhul fé.


L. 21


Annsain chuaidh sé go dtí a lóisdín agus chodail sé seacht lá
agus seacht n-oidhche.



Nuair a bhí na seacht lá amuigh do preab sé go dtí an
cuaille comhraic, agus do sgread sgiath agus d'iarr comhrac agus do
thug fiadh ná deaghaidh riamh i ndiaidh a thóna.



"Féach," ars' an Gaisgidheach Leath-chaoch Ruadh le n-a
chóisdeóir, "an mé féin atá uaidh indiu."



"A ghaisgidhig ónóraigh," ars' an cóisdeóir, "do chuir mo
mháighistir amach ag triall ort mé féachaint an é féin a bhí
agat le troid indiu."



Dubhairt mac an rí leis gur bh'é muna raibh éinne
eile aige.



Dubhairt an cóisdeóir leis rud a dhéanamh air féin agus dul
chum cainte le cailín a bhí 'sa' chúirt sul a dhtéigheadh sé chum
troda leis an ngaisgidheach, agus dubhairt sé go ndúnfadh sé
féin gach aon fhuinneóg dá raibh 'sa' tigh, acht fuinneóg an
tseómra i n-a raibh sí, i gcás go mbeadh fhios aige cá
dtabharfadh sé a aghaidh.



Seo isteach é mar a raibh sí.



"Seadh," ar sise leis, "tá tusa chum dul chum troda leis
an nGaisgidheach Leath-chaoch Ruadh, acht ní'l aon chabhair duit
ann, mar ní'l aon nídh chum a mharbhuighthe acht a chlaidheamh
féin, agus ní mharbhóchadh sain féin é, acht i bpaiste odhar atá fé
bhun a chín deis."



Dubhairt sí leis, nuair a raghadh sé chum comhraic leis,
sosadh comhraic a thabhairt do, má iarrfadh sé é.



Chuadar ag troid, agus budh gheárr a bhíodar ag gabháil d'á
chéile, nuair ab' éigin do'n ghaisgidheach sosadh comhraic
d'iarraidh ar mhac an righ.



Suidheadar i n-aice a chéile, agus dubhairt mac an ríogh go
mb' fhearra dhóibh claidhmhte a mhalartughadh le chéile.



Dubhairt an gaisgidheach ná tabharfadh sé féin a chlaidheamh
d'éinne.



"Muna dtugair, ní'l aon ghnó annso againn," arsa mac
an ríogh, ag éirghe 'n-a shuidhe agus ag snapadh an chlaidhimh ó'n
ngaisgidheach.



Do bhuail sé é 'sa' phaiste odhar leis an gclaidheamh agus do
mharbh é gan éirghe ó shoin.



Nuair a bhí sain déanta aige, tháinig sé isteach 'sa'
chúirt, Ní raibh éinne annsain roimis acht an cóisdeóir, agus
an cócaire, agus an cailín a comhairligh é chum an ghaisgidhigh a
mharbhadh.



B'í an cailín seo inghean na mná gur casadh triúr clainne


L. 22


an ríogh chúiche, ar a dteacht ar lorg an Ghaisgidhigh Leath-chaoich
Ruaidh.



"Seadh," arsa mac an ríogh leis an gcóisdeóir agus leis an
gcócaire, "bronnaim-se suas an ball so agus a bhfuil ann
oraibh-se, mar ní fhillfead-sa annso go deó arís, acht-
béarfad liom an cailín seo agus corn mh'athar.



"Is truagh," ars' an coisdeóir, "gan tabharthas éigin agam
a thabharfainn duit, ó tá tú chomh maith sain dúinn; tá stail
agus cú agus seabhac agam, nár bhácáil i n-aon ball go dtugadar
a n-aghaidh riamh agus beir leat iad."



"Ní'l aon nídh agam-sa," ars' an cócaire leis an gcailín,
"acht crios, agus ní'l éinne ná 'neósfadh an fhírinne, ná go
gcuirfeadh si d'fiacaibh orra é gan bhuidheachas, acht "fáisg,
a chrios" a rádh léi."



Thóg mac an ríogh agus a bhean léo a n-eachraidhe, agus d'fhágadas
slán ag an mbeirt 'na ndiaidh, agus seo fé dhéin na faille iad.
Bhí lá agus bliadhain caithte amuigh aige, agus bhí a dhearbhráithreacha
i mbárr na faille ag feitheamh leis.



Budh shia amach go mór bárr na faille 'ná a bun, agus do
chuir sé a stail, agus a chú, agus a sheabhac isteach fúithe i gcás ná
beadh radharc ag éinne a bheadh i n-áirde orra.



Nuair a tháinig na dearbhráithreacha dubhairt sé leó an
t-árthach aleigint anuas, chum go dtógaidís i n-áirde abhean
agus corn a athar, agus do dheineadar.



Dubhairt sé leó an t-árthach a sgaoileadh anuas arís chum
go mbeiridís é féin i n-áirde.



Ní raibh aon ionntaoibh aige asta agus 'sé rud a dhein sé ná
a chomhthrom féin de chloich a chur san árthach, agus dubhairt sé
leó é tharrang.



Nuair a shamhluigheadar gur'b é féin a bhí aca, do
tharraingeadar leath-slighe suas é, agus do sgaoileadar thar
n-ais arís é chum a mharbhuighthe.



Nuair a bhí sain déanta aca - agus é marbh, shamhluigheadar -
thógadar leó an cailín agus corn a n-athar agus an fhiacail a bhaile
agus dubhradar gur bh'iad féin adhein an gaisge, agus gur cailleadh
a ndearbhráthair óg 'sa' t-slighe.



Nuair a fuair an fear óg cad a bhí déanta ag a
dhearbhráithreachaibh air, dubhairt sé leis an seabhac eitilt,
agus leis an gcoin léimt i n-áirde. Annsain do phreab sé 'san
iallait ar an stail, agus do bhácáil sé dhá uair mar ní raibh a
dhótain ruthaig aige.



An tríomhadh huair do léim sé i n-áirde, agus chuir sé a thosach
ar bhárr na faille. Níor fhéad sé a dheireadh a bhreith leis,


L. 23


agus do phreab seisean as an iallait ar bharr na faille
agus do rug sé ar mhullach cinn air, agus do tharraing chuige
i n-áirde.



Thiomáin sé leis annsain chum go ndeaghaidh sé go tigh
feirmeora a bhí comhangarach do chúirt a athar, agus chuir sé
isteach ann a stail, a chú agus a sheabhac.



Do chaith sé dhe culaidh éadaigh leis an ngaisgidheach a bhí
air, agus bhuail sé air féin sean-bhalcaisidhe, agus seo fé dhéin
muiltheóra a bhí ag a athair (an sean-rígh) é. Do réidhtigh
sé leis an muiltheoir, agus ní raibh aon phioc arbhair sa mhuileann
ná go raibh meilte chum na hoidhche aige. Dubhairt sé leis
an muiltheóir gan leigint air leis an rígh go bhfuair sé aon
chongnamh.



Dubhairt an rí leis, nuair a chonnaic sé an obair
éachtach a bhí déanta aige, an lá i mbáireach a bheith aige
chum fiadhaigh.



D'fhiafruigh mac an ríogh de'n mhuiltheóir an n-oirfeadh aon
chongnamh do, dubhairt sé leis go raibh seabhac agus cú bheag
aige a shamhluigh sé a bhí go maith.



Dubhairt an muiltheoir gur'b é ab' fhearr ná chéile.



Thiomáineadar araon leó go meidhreach, agus rud a imthigheadh
ó'n gcoin do mharbhuigheadh an seabhac é.



Dubhairt mac an ríogh leis an muiltheóir gan a leigint
air ná gur'b é fein a dhein an gníomh go léir.



Bhí an cailín a bhain sé de'n Ghaisgidheach Leath-chaoch Ruadh agus
a dhearbhráthair críonna le pósadh, agus dubhairt sé leis an
muiltheoir a fhiafraighe de'n tsean-rígh an leigfeadh sé é
féin go dtí an pósadh.



Dubhairt an rí leis an muiltheoir ná raibh sé oireamhnach
ar bheith i dteannta na cuideachtan a bheadh ann, acht ná
raibh aon nídh eile iarrfadh sé air ná go bhfaghadh sé.



D'innis sé do mhac an ríogh an freagra a fuair sé ó'n
sean-rígh.



"Déanfaidh sain an gnó," arsa mac an ríogh. Níor dhein
sé aon bhlúire amháin acht an méid bídh a bhí sa mhuileann i
gcomhair an phósta, a chur isteach i dturcail, agus bhuail sé an
réitheach ar bhaic a mhuiníl, agus thiomáin leis an bóthar uatha leis.



Do rith an muiltheóir fé dhéin an ríogh, agus d'innis sé dho
cad a bhí déanta ag an ngarsún, dubhairt sé ná beadh aon.
bhiadh do'n chóisire aca.



Dubairt an rí leis an muiltheóir preabadh 'na
dhiaidh, agus a rádh leis an biadh a thabhairt thar n-ais, agus go
bhfaghadh sé cead suidhe i n-a theannta féin. D'fhill sé thar


L. 24


n-ais le n'ualach, agus do thiomáin sé leis fé dhéin na cúirte agus
chuir sé culaidh gaisgidhigh air féin, agus do shuidh sé i dteannta
a athar.



Tamall sul a raibh an bhean óg agus an mac críonna le
pósadh, do thug sí súil-fhéachaint crosta an bhúird air seo,
agus d'aithin sí é, agus do phreab sí 'na suidhe ó n-a comrádaidhe
féin chuige.



Do rug an mac a bhí aice le pósadh uirre chum í choiméad
mar a raibh aice.



Dubhairt sí leis bogadh dhi, nár bh' é a throid ar a son, agus
an té a dhein, gur aige a bheadh sí mar mhnaoi.



D'fhéach an chuideachta ar a chéile, agus bhí iongnadh orra cad
a bhí ar siubhal aice.



"Seadh," ars' an bhean óg leis an sean-rígh, "is dóigh leat-
sa gur beirt mhac duit iad so, acht, ní'l aon cháll agat chúcha,
acht is mac duit é seo .i. an mac óg, agus tá a leithéid seo
déanta aca linn," ar sise, 'á innsint do.



Do ceistigheadh an fear críonna, acht, má ceistigheadh, dob'
fhada ó'n fhírinne a ghaibh sé.



"Cá bhfuil tú, a chrios? cas tú féin timcheall air agus fáisg
é'" ars' an cailín.



Bhí an t-anam ag an gcrios 'á fhásgadh as, agus dob' éigin do
tosnughadh i dtosach an sgeil, agus é innsint síos tríd féibh
mar a bhí sé.



Nuair airigh an sean-rí an sgéal do thug sé leis chúig
ualaighe fiugóididhe,* agus thug sé teine dhóibh, agus do loisg sé an
bheirt bhuachaillidhe istigh 'sa' teine agus do thóg sé leis na
cnámha go dtí an muileann, agus do mheilt sé 'na bpúdar iad
agus do sgaoil sé leis an ngaoith iad.



Nuair aithin an sean-rí gur'b é a mhac an fear óg, ar
éigin a fuair sé slighe thíos ná thuas do, agus do pósadh é
féin agus an cailín, agus bhí saoghal suairc aca.



Annsain dubhairt an sean-rí le n-a mhac, a rogha cor a
thabhairt d'á mháthair.



Dubhairt an mac ná féadfadh sé a rádh gur bh'í a mháthair í, agus
ná tabharfadh sé aon droch-chor di, acht í chuir i dtúr an fhaid
mhairfeadh sí, agus gan aon nídh a thabhairt le n-ithe di, acht arán
agus fíor-uisge.



An fhaid a bhí aon mhaith ionnam do shiubhluigheas, agus do
chonnac a lán.



*Faggots.


L. 25


Im' shiúbhlóid dom do casadh orra so mé, agus iad féin 'innis
dom, cionnus a thuit an sgéal amach, agus cionnus a shrois-
eadar a chéile.



Ní fheadradar cad is fiú iad anois, táid siad chomh
saidhbhir sin.



Níor ghábhadh dhomh-sa gan bheith chomh maith leo nó i ndeall-
ramh leis, mar do choimeádfaidís mé im' chóisdeóir, dá
leigfeadh an míofhortún dom fanamhaint 'na dteannta.


L. 26


AN LEAS-MHAC AGUS AN TARBH.



Bhí lánamha ann fad ó, agus tar eis leinbh mic abheith aice do
fuair an bhean bás.



Do phós an fear bean eile, agus bhí triúr inghean aca.



Do bhí cheithre súile ag an inghin chríonna, cúig súile ag an
dara hinghin, agus trí súile ag an inghin óig.



Dob' fheárr leis an leas-mháthair agus leis na leas-
deirbhshéaracha 'ná a bhfeacadar riamh go mbeadh an
garsúinín marbh, agus bhíodar ad' iarraidh é chur chum báis
leis an ocras. Ag aodhaireacht ar na cnocaibh is eadh a
bhíodh sé aca.



Do thuit an garsún bocht 'n-a chodladh lá, agus do tháinig
tarbh d'á raibh ar na buaibh chuige agus do dhúisigh sé é.



Dubhairt an tarbh leis breith ar adhairc air agus í thógaint
anuas d'á cheann.



Chomh maith do dhein agus tháinig gach aon tsaghas bídh d'á
bhreághthacht amach as an adhairc chuige. Bhí an garsún ag
borradh agus ag at gach aon lá as sain amach, agus bhí iongnadh ar
na mnáibh cad a bhí 'á chothughadh, agus gan aca féin 'á thabhairt
do acht an t-ocras.



Dubhradar nár bh' fhuláir nó go raibh fortún éigin air,
tráth is ná raibh sé marbh, agus dubháirt an inghean chríonna go
raghadh sí féin 'á fhaire lá ar n-a bháireach, agus chomh maith do
chuaidh.



Nuair a theasduigh ó'n dtarbh a dhínnéar a thabhairt do'n
gharsún, do chuir sé géim as, agus chuir sé codladh ar an
gcailín a bhí 'á fhaire.



Tháinigh sí a bhaile ist-oidhche agus dubhairt sí ná feacaídh sí
féin pioc le n-ithe aige 'á fhághail.



Dubhairt an dara hinghean go raghadh sí féin 'á fhaire i
mbáireach.



Do chuaidh, agus nuair a theasduigh ó'n dtarbh biadh a thabhairt
dó, do chuir sé géim as arís, agus thuit a codladh uirre.



Tháinigh sí a bhaile agus dubhairt leó ná fuair sé blúire.



Dubhairt an bhean óg go raghadh sí féin ag faire an
tríomhadh lá.



'Sé an áit gur dheaghaidh sí ag faire i mullach claidhe, agus 'sé
an áit go raibh an tríomhadh súil aice i gcúl a cinn.


L. 27


Nuair a theasduigh ó'n dtarbh a dhínnéar a tabhairt do'n
garsún, níor fhead sé aon chodladh a chur ar an gcailín mar
'sí súil an chúil a bhí ag faire air.



Chuaidh sí a-bhaile, agus d'innis sí d'á máthair agus d'á deirbh-
shéarachaibh an chóir le feabhas a bhí ag an ngarsún, agus an chuma
go raibh sé 'á fhághail, agus dubhairt sí gur bh'in é a bhí 'á
chothughadh.



Do buaileadh an mháthair breoidhte, leointe, mar 'dh eadh.



D'fhiafruigh a fear di ar bh' eolach di aon nídh a dhéanfadh aon
tairbhe dhi.



Dubhairt sí leis an chéad bheithidheach a thiocfad 'sa' mhacha
a mharbhadh dhi.



B'é an tarbh a thigeadh ar tosach 'sa' mhacha coitcheannta agus
is chuige a bhí an t-sainnt ag an mnaoi.



Nuair a tháinig an tarbh go dtí an geata do dhírigh sé ar
a mhuineál a thochas síos suas, agus do sgaoil sé bó isteach
thairis, agus bhí búistéir istigh chum a marbhuigthe.



Do dhein an tarbh an cleas céadna chum go raibh deireadh
na mbó marbh le hórdughadh na mná. D'éirigh an fear ar
buile nuair a bhí a bha go léir marbh agus gan aon fheabhas
uirre-se.



"Seadh," ars' an tarbh leis an ngarsún, "ní'l aon dul as
agam-sa, agus bain díom an adharc eile, agus gheobhair crios istigh
innte, agus cas fan bhuilg ort féin í, agus nuair a raghad-sa
isteach, preabfar chugham chum me a mharbhadh, agus preab-se i
n-áirde ar an gcarn aoiligh, agus seasaimh chomh himeallach agus
d'fhéadfair air, agus má fhaghaim-se m' adharc féd' chrios
beidhmíd beag-bheann orra as sain amach."



Nuair a chuaidh an tarbh isteach do preabadh chuige, agus do
rith sé timcheall an chairn aoiligh, agus do sháthuigh sé a adharc fé
chrios an gharsúin, agus d'imthigheadar leó gan bith a dtuairisge
faid gach bhfaid ó bhaile.



Fé dheireadh, nuair a stadadar, dubhairt sé leis an
ngarsún teacht anuas; agus fanamhaint mar a raibh aige, mar
go gcaithfeadh sé féin dul agus tarbh eile a throid, agus gur
bhaoghlach go marbhóchadh sé é.



Bhí abha mar ar sgaradar le chéile, agus dubhairt sé leis an
ngarsún, gur'b é comhartha a bheadh aige, dá marbóchfaidhe é
féin, an abha a bheith dearg le fuil.



Thug sé dho sgian annsain, agus dubhairt se leis, dá
marbhóchfaidhe é, an croiceann a bhaint de chnámh a
dhroma ó gach taobh, agus é choimeád, agus ná raibh aon ghaisge
a theipfeadh air.


L. 28


Budh gheárr go bhfeacaidh an garsún an abha 'na fuil, agus
thioniáin sé leis agus bhain sé an croiceann de dhá thaobh droma
an tairbh agus chuir sé chuige é.



D'imthigh sé annsain agus bhí sé ag cur de chum gur bhuail
tigh uime, agus d'iarr sé lóisdín ann agus do fuair.



Lánamha ab' eadh iad ná raibh éinne clainne riamh aca, agus
d'iarradar air fanamhaint aca ar fad, agus go ndéanfaidís
duine leó féin de, agus ná raibh aon nídh aca le hiarraidh air
acht an méid sin gabhar d' aodhaireacht, agus go raibh athaigh
teórantach leó agus go rabhadar marbh aca ad' iarraidh iad a
choimeád uatha.



Lá ar n-a bháireach, nuair a bhí a dhóthain mine coirce agus
bainne gabhar ithte agus óltha ag an ngarsún, 'sé rud a dhein
sé na gabhair a thiomáint isteach i dtalamh na n-athach i n-ionad
iad a choimeád uatha.



Seo chuige athach mór na ndá cheann, na ndá bheann, na
ndá mhuineál fhada, reamhar, dhíreach, "Airiú, a dhailthín, goidé
seó déanta agat, is 'mó duine a bhí ag aodhaireacht na
ngabhar sain le fada, agus bhí gach aoinne 'á gcoimeád uainn
acht tusa; goidé an marbhadh is maith leat, ciaca is feárr
leat iomrasgáil chruaidh cholgánta, nó gabháil de chlaidhmhtibh
géara, glana i mbun agus i mbárr easnuigheach a chéile?" ar
seisean leis.



"Is feárr liom an iomrasgáil, mar is í a thaithigheas
ar na faithchidhibh i measg na leanbhuidhe uaisle," ars' an
garsún.



Dheineadar ar a chéile mar a dhéanfadh dhá laoch calma nó
dhá tharbh cnuic. Dob' fhiú dul ó íochtar an domhain go
huachtar an domhain ag féachaint orra. Do dheinidís ball
bog de'n bhall chruaidh agus ball cruaidh de'n bhall bhog, ísleán
de'n árdán agus árdán de'n ísleán, agus d'éirgheadh toibreacha
fíor-uisge aníos as an áit go seasuigheadh ladhracha
a gcos.



Bhíodar mar sin le chéile go tráthnóna. Do léim an
spideóigín ar a aghaidh amach agus dubhairt sí leis cor a
thabhairt do'n spadalach agus é chur go cromán agus an darna cor
go slinneán. Chomh maith do dhein.



"Cinn díot, a spadalaigh," ars' an garsún.



"A! ná dein," ars' an t-athach, "agus bíodh a bhfuil de
thalamh a' gabháil liom agat, agus each donn ná feacaidh sé
radharc na spéireach riamh, agus ná fuair sé aon bhiadh riamh
acht cruithneacht dhearg agus fíor-uisge, ó stad sé d'á mháthair
ól. "Beid sin agus do chinn agam, a abalaigh," ar sé, 'á


L. 29


mbaint de, agus 'á n-árdughadh féin agus na ngabhar leis
a-bhaile.



Bhí crainn timcheall an tighe i n-a raibh an tsean-lánamha,
agus chuir sé gad 'dir na ceannaibh, agus chroch sé ar ghéagaibh iad.



Ar maidin i mbáireach seo le n-a ghabhraibh fé dhéin
talaimh an dara hathaigh é,



Is gairid a bhí sé ann nuair airigh sé chuige an siot agus an
fuaim agus an fothrom ag athach mór na dtrí gceann, na dtrí
mbeann, na dtrí muineál fhada, reamhar, dhíreach.



"Greadadh chughat, a rud ghránda bhoicht, cad a bheir duit
mo dhearbhráthair a mharbhadh indé, agus gur le heasbaidh
adhmuid a cuireadh as an gcliabhán riamh é; is mór é do
chuid feóla agus is beag é do chuid an bhruith agam-sa ar ball,"
ars' an t-athach,



Seo chum a chéile iad go feargach. Ar theacht an tráth-
nóna bhí an cheann-smách d'á fhághail ar an ngarsún.



Seo chuige an spideoigín agus dubhairt sí an chaint a chaith sí
an lá roimis sin leis.



Ní raibh puinn moille air nuair a fuair sé an lámh
uachtair ar an athach.



"Cinn díot, a spadalaigh," ars' an garsún.



"Ná dein," ars' an t-athach, "agus gheóbhair mo chuid talaimh
agus each ciar ná feacaidh radharc na spéireach riamh, agus ná
fuair de bhiadh acht cruithneacht agus fíor-uisge ó stad sé d.á
mháthair d'ól, "Beid siad agam agus do chinn 'na dteannta,"
ars' an garsún 'á mbaint de agus 'á gcrochadh i dteannta
ceann athaigh an lae indé.



Maidean an tríomadh lae do thóg sé leis a ghabhair
arís, agus chuir sé i dtalamh na n-athach iad. Budh ghairid
do ann nuair airigh sé chuige an siot agus an fuaim agus an
fothrom tríd an gcoill ag athach mór na gceithre gceann,
na gceithre mbeann, na gceithre muneál fada, reamhar,
dhíreac.



"Ciach agus léir ort, a dhailthín," ars' an t-athach, "goidé an
gníomh so déanta le dhá lá agat, goidé an marbhadh is
feárr leat?"



"Airiú, a spadalaig ghair, ní'l aon tsásam agam-sa le
tabhairt uaim," ars' an garsún.



Seo ar a chéile iad, agus ní raibh acht neamh-nídh dho an dá
céad athach a chomhrac seachas an preabaire seo.



Le linn gréine a dhul fé do phreab an spideoigín
chuige agus dubhairt sí leis cor a thabhairt do'n spadalach
agus é chur go cronián agus an dara cor é chur go slinneán.


L. 30


Chomh maith do dhein. "Cinn díot, a spadalaigh," ars' an
garsún.



"Ná dein," ars' an t-athach, "agus gheobhair mo ríoghacht agus each
riabhach ná feacaidh radharc na spéireach riamh, agus ná fuair
aon bhiadh act cruithneacht dhearg agus fíor-uisge."



"Beid siad sain agus do chinn agam," ars' an garsún, 'á
mbhaint de, agus 'á dtógaint leis agus 'á gcrochadh i dteannta
ceann na n-athach eile.



Níor fhéad bean a' tighe a dóthain árthaighe fhághail do
bhainne na ngabhar.



Annsain dubhairt sé leis an sean-lánamha sgaoileadh
leis na gabhraibh, pé áit gur mhaith leó dul, mar gur bh'é
féin máighistir thalamh na n-athach.



Bhíodar ad' iarraidh é choimeád go deó acht ní fhanfadh sé,
D'imthigh sé uatha, agus do casadh i gcomhair na hoidhche é i dtigh
ríogh, agus do réidhtigh sé leó cum bheith ag aodhaireacht mhuc.
Ní raibh acht aon inghean amháin ag an rígh. Bhí loch ar
thalamh an ríogh, agus bhí piast innte a chaitheadh inghean ríogh
fhághail le n-ithe i gcionn gach aon seacht mbliadhan, agus
is ar inghin an ríogh seo a thuit an crann an bhliadhain sin.
Thug an garsún fé ndeara duairceas éigin ar aigne an
ríogh agus a mhná, ní rabhadar cainteach ná sultmhar mar a
bheadh a leithéidí eile.



"Samhluighim," ars' an garsún leis an rígh, "go bhfuil
rud éigin bun os cionn ort.



"Má tá," ars' an rí, "ní haon chabhair dom bheith 'á
innsint duit-se."



"Ar bh'aon deifir leat é innsint dom?" ars' an garsún.
D'innis sé dho.



Dubhairt an garsún go mb' fhéidir go gcuirfidhe bun os
cionn léi í. Dubhairt an rí nár bh' fhéidir é, mar go
gcaitheann sí ceann d'fhághail i gcionn an téarma i
gcomhnuidhe.



Nuair a hinnseadh do'n gharsún cá ngeóbhadh sé le n-a
mhucaibh lá ar n-a bháireach, do chuir sé isteach i bpáirc iad
agus do dhaingnigh sé orra, agus do rith sé chomh mear agus d'fhéad sé
fé dhéin capaill an chéad athaigh a mhairbh sé, agus bhuail sé culaidh
airm agus éadaigh leis an athach suas air féin agus bhuail sé srian
agus iallait ar an each donn.



Budh gheárr go raibh sé ag - an loch, agus bhí inghean an ríogh
ar bhruac an locha roimis. Cuaidh sé chum cainte leis an
mnaoi óig, agus dubhairt sí leis, dá mb' é a thoil é, suidhe
annso 'n-a haice, agus a cheann a leogaint i n-a hucht. Do


L. 31


shín sé i n-a hucht agus dho thuit a chodladh air, agus bhain sí loca
gruaige de chúl a chinn agus chuir sí i gcoimeád chúiche féin í.



Budh gheárr go bhfeacaidh sí chúiche an phiast, agus dubhairt sí
leis an ngarsún imtheacht, nár bheag í féin a bheith sluigithe
agus gan eisean a bheith léirighthe i n-a teannta.



'Sé rud a dhein sé i n-ionad teitheadh uaithe, déanamh 'n-a
coinnibh agus díriughadh ar íthroid le n-a chlaidheamh chum gur
cuir sé briseadh uirre. Bhí seó uaisle cnuasta ar thórramh
na mná óige. Budh chuma nó tórramh é.



Do liúghuigh an rí ar an sluagh gan an marcach a leigint
uatha acht d'imthigh sé d'á n-aindeoin, mar d'imtheóchadh an
ghaoth gan bith a thuairisge, agus chuir sé a chapall agus a chuid
éadaig mar a bhfuair sé iad.



Annsain do dheagaidh sé fé déin a mhuc agus do rug se leis
roimis a bhaile iad, agus do cheistigh sé an rí i dtaobh na
hinghine.



Dubhairt an righ leis gur tháinigh fear breágh cumasach agus
gur chuir sé cosg leis an bpéist, agus nár bh' fhios d'éinne
cár gab se.



"Féach anois," ars' an garsún, "go ndubhart leat go
mb' fhéidir go dtiocfadh duine éigin a chuirfeadh bun os
cionn an phiast."



"Goidé an mhaith sain? Caithfidh sí a triaill a sheasamh
arís i mbáireach," ars' an rí,



Dubhairt an garsún nár dhóichighe ná go dtiocfadh duine
eile i mbáireach féibh mar a tháinigh indiu.



Thiomáin leis a mhuca i mbáireach agus do dhaingnigh sé suas
i bpáirc iad, agus do phreab fé dhéin capaill an dara hathaig,
agus do chuir sé air a chulaidh airm agus éadaigh, agus seo fé dhéin
inghine an ríogh é. Bhí sí ar bhruach an locha go brónach
roimis, agus dubhairt sí leis síneadh 'na hucht go fóill.



Do shín sé agus do bhain sí loca eile gruaige a cúl a chinn.
Budh ghearr gur phreab an phiast chúcha agus í ag búithrigh, acht
do chuir an garsún an briseadh arís uirre.



Bhí seo daoine bailighthe ag an rígh, chum aon duine a
thiocfadh ag troid na péiste a choimeád. Nuair a bhí cosg
curta leis an bpéist ag an ngarsún, seo chum siubail é
mar imtheóchadh an ghaoth, agus ní fheadradar cár ghabh sé. Cuir
sé a each mar a bhfuair sé é, agus chuir sé air a shean-chulaidh
éadaigh, agus seo a bhaile le n-a mhucaibh um thráthnóna é,



Do cheistigh sé an rí i dtaobh na hinghine, Dubhairt an rí
gur bh'é an sgéal céadna é, gur dheallradh le fear an lae
indé a tháinigh, acht go raibh malairt capaill agus éadaigh aige.


L. 32


"Féach, a dhuine uasail, go ndubhart-sa leat go mb'
fhéidir go dtiocfadh duine éigin a chuirfeadh cosg léi arís,"
ars' an garsún.



"Goidé an mhaith sain? Caithfidh sí a triaill a sheasamh
arís i mbáireach, agus ní'l aon chaoi aice ná go n-imtheóchaidh sí,"
ars' an rí.



"Cár dhóichighe riamh é ná go sábhálfaidhe i mbáireach í féibh
mar a sábháladh an dá lá cheana," ars' an garsún.



Lá ar n-a bháireach, nuair a bhí a mhuca daingnighthe ag an
ngarsún, do phreab sé fé dhein an chapaill riabhaigh, agus chuir
sé srian agus iallait air, agus culaidh airm agus éadaigh an athaigh air
féin, agus budh gheárr go raibh sé i dteannta na mná óige arís,
agus bhain sí an tríomhadh loca gruaige a cúl a chinn.



Do phreab chúcha an phiast agus faobhar an diabhail uirre.



Do léim an garsún, agus do dhein sé dhá leath chruinne chomh-
mhóra dhi le n-a chlaidheamh. Níor bheag iongnadh a raibh
bailighthe ag an rígh an tríomhadh lá, chum éinne a thiocfadh a
choimeád, acht ní raibh ann dóibh, d'imthigh sé gan bith a
thuairisge, ní fheadair éinne cia ar bh'é féin ná cár imthigh
sé. Do chuir sé a chapall mar a bhfuair sé é, agus chas a
bhaile a mhuca um thráthnóna, agus cheistigh sé an rí i dtaobh na
hingine.



Dubhairt an rí gur marbhuigheadh an piast agus gur dheall-
radh le héinne amháin a tháinig na trí lá, acht atharrughadh
éadaigh a bheith air agus atharrughadh capaill a bheith aige.



"Féach anois go ndubhart leat go sábhálfaidhe an cailín
sin," ars' an garsún leis an rígh.



"Goidé an mhaith sain, agus ná feadar cia féin, 'ná cad as
é, mar do thabharfainn mo ríoghacht, agus m' inghean le pósadh
dho, 'ars an rig.



Do cuireadh gairm sgoile amach ar uaislibh na tíreach
féachaint an mbeadh an té a mhairbh an phiast ar éinne aca.
Ní'l éinne a thigeadh ná go gcaithfeadh dul i láthair na mná
óige agus a hata a bhaint d'á cheann.



Nuair a bhí na huaisle go léir trialtha aice, dubhairt sí
le n-a hathair ná raibh sé ar éinne d'á raibh tigithe.



Annsain do cuireadh gairm sgoile amach ag rádh le gach
aon t-saghas stuithiríne teacht. Do theip na stuithiríní, ní
raibh aon loca gruaige i n-easnamh orra.



Bhí gach aon t-saghas duine cuarduighthe aice acht garsún
na muc, agus dubhairt sí le n-a hathair a rádh leis sin teacht
ag triall uirre.



Do cuireadh fios air, agus dubhairt sé ná raghadh sé féin 'na


L. 33


rud shalach ag sailiughadh an phárlúis. D'innis an rí d'á
inghin cad dubhairt sé, agus dubairt sí go gcaithfeadh sé teacht
ag triall uirre.



"A rígh ónóraigh," ars' an garsún, "dá mb' é do thoil é
aimsir a thabhairt dom chum culaidh éadaigh níos feárr ná
so a chur orm, munabh aon nídh id' choinnibh é, do bheinn
buidheach dhíot."



"Do gheobhair do dhóthain aimsire agus fáilte," ars' an rí.



D'imthigh sé fé dhéin tighe an chéad athaigh a mhairbh sé agus
chuir sé uime culaidh airm agus éadaigh leis, agus chuir srian agus
iallait leis an each donn agus budh gheárr go raibh sé ag
cúirt an ríogh.



Do phreab sé anuas de'n each agus isteach i láthair na mná
óige leis.



Do thóg sí an hata d'á cheann agus fuair sí gur oireamhn na
locaidhe gruaige a chúl.



"O! a dhaidí, sidé an fear," ar sí.



Fuair sé le pósadh í, agus fuair sé a ríoghacht ó'n rígh agus do
mhaireadar go soilbhir suairc i gcomhluadar a cheile



Bhíos féin ar a'n bpósadh, agus budh neamhghábhadh dhom gan
bheith 'na dteannta ó shoin, acht an diabhal a bheith ag
séideadh fúm.


L. 34


AN T-ÉAN BUIDHE.



Bhí rí 'na chomhnuidhe i mBéal-Átha-an-Ghaorthaidh fad ó, agus
beidh arís leis, le congnamh Dé.



Bhí triúr mac aige gur bh'é a ngnó bheith ag fiadhach agus ag
sealgaireacht.



Maidean d'ár ghabhadar anach, agus a ngunnaidhe aca. bhí éan
buidhe amuigh ar ghéig crainn rómpa. Do chaitheadar a
dtriúr leis, acht má dheineadar, níor mharbhuigheadar, agus do
leanadar é ag caitheamh leis chum go raibh deireadh púdair
agus gráin úsáidthe aca.



"Seadh," arsiad le chéile, "tá sé chomh maith againn filleadh
a bhaile, agus ár ndóthain púdair agus gráin a bheith againn i
gcomhair an lae i mbáirigh, má chímíd é."



Bhí sé rómpa lá ar n-a bháireach 'san áit chéadna, agus do
chaitheadar leis, agus do leanadar é chum go raibh deireadh
úsáidthe an lá sain aca.



"Seadh," adubhradar, "tá sé comh maith againn filleadh agus
is mór an seó nó beidh ár ndóthain púdair agus gráin againn
i gcomhair an lae i mbáirigh."



Bhí sé rómpa maidean an tríomhadh lae 'san áit chéadna,
agus seo 'na dhiaidh iad ag caitheamh leis go tráthnóna.



Nuair a bhíodar comhangarach, do thóg sé sgraith de'n
talamh agus do phreab sé síos i bpoll a bhí ann.



Dubhairt an mac críonna go raghadh sé féin 'na dhiaidh.
Seo síos é, agus budh gheárr a chuaidh, nuair ab' éigin do filleadh
tar n-ais mar bhí draoidheacht ar an bpoll.



Annsain phreab an dara mac síos, agus b'é an sgéal céadna
aige, chaith sé filleadh.



Dubhairt an fear og é féin a sgaoileadh síos. Síos leis
chum go ndeaghaidh sé go bun, agus bhí tír an-bhreágh ann,



Chuaidh sé isteach i dtigh agus d'iarr sé lóistín ar mhnaoi an
tighe, agus do fuair.



"Seadh," ar sise leis, "'sé an t-éan buidhe a leanais-se,
agus is olc an ball go dtug do chosa tu."



"Cad na thaobh?" adubhairt sé.



"Mar," ar sise, "is 'mó fear maith ídighthe mar gheall
uirre sin, agus is 'mó sparra iarainn timcheall tighe a hathair,
agus ní'l aon cheann aca gan ceann duine a tháinig 'na diaidh


L. 35


anuas air, acht aon cheann amháin agus tá sain ag feitheamh led'
cheann-sa." (Cailín ab' eadh an t-éan buidhe go raibh
draoidheacht uirre).



"Ní'l mar ná raghad-sa 'n-a threo," adubairt sé.
"Caithfir dul, ó thánghais ins an bhall so i n-aon chor," ar
sí.



Dubhairt sí leis, nuair a bheadh sé ag imtheacht lá ar n-a
bháireach, dul amach 'sa stábla agus láirín bhán a bhí ann a bhreith
leis, agus nuair a raghadh sé go dtí an chúirt í chur ar stábla,
agus annsain déanamh mar a déarfadh sí leis.



B'é an chuma go gcurtaoi chum báis na daoine ann: trí
lá a thabhairt dóibh chum dul i bhfolach, agus dá n-aimseóchfaidhe
aon lá de-s na trí laetheanntaibh iad' an ceann a bhaint
díobh.



Nuair a bhí biadh faghta ag an láirín, d'fhiafruigh sí dhe cá
raghadh sé i bhfolach,



Dubhairt sé ná feadair sé sin.



"Tair annso," ar sise, "agus staith amach an fhiacail is
sia siar im' cheann, agus téirigh isteach i n-a hionad."



Chomh maith do dhin, agus do dhin fiacail de. D'imthigh an duine
uasal agus a chongantaidhe 'á lorg, agus theip orra, nídh nách
iongnadh.



Nuair a bhí gnó an lae déanta aca agus gan pioc d'á bhárr
aca, dubhairt an láirín leis gabháil amac as sain, agus bualadh
chúcha isteach go dána. Cómh maith do dhein, agus d'fhan sé an
oidce sin na dteannta.



Nuair a chuaidh sé go dtí an láirín le biadh lá ar n-a
bháireach, d'fhiafruigh sí dhe cá raghadh sé i bfolach indiu.



"Ní fheadar," ar seisean.



"Staith ribe amac as m' earball agus preab isteach i
n'-ionad," ar sí leis.



Do chuaidh agus do dhein ribe dhe.



D'imthigh an duine uasal agus a chongantaidhe arís 'á lorg, agus
theip orra é fhághail,



Do dhuibh agus do ghormuigh ag an nduine uasal nuair a bhí
teipithe air an dara lá.



"Buail amac as sain," ars' an láirín bhán, "táim marbh
agat ó bheith ag sileadh lem' earball ó mhaidin indiu."



Phreab sé amach, agus seo fé dhéin tighe an duine uasail é
go dána.



Nuair a thug sé biadh chum na lárach báine an tríomhadh lá,
dfhiafruigh sí dhe cá raghadh sé i bhfolach indiu.



"Táim dall air," ar seisean.


L. 36


"Tóg suas mo chos," ar sise, "agus tarraing amach as mo
chrúdh tairnge, agus preab isteach i n'-ionad." Chómh maith do
dhin agus do dhin tairnge dhe.



"Seadh," arsa inghean an duine uasail (.i. an t-éan buidhe),
"tá sé dultha gach aon lá 'sa stábla, agus níor fhág sé é agus
tabharfad-sa teine dho'n stábla indiu."



"Ná dein - ná faighim gondéanfá aon nídh le n-a chapall,"
arsa a hathair.



D'imthigh sise amach agus thug sí teine dho'n stábla, nuair a
fuair sí a hathair agus a chongantaidhe imtighthe 'á lorg.



Nuair a thosnuigh an stábla ar dhóghadh agus ar thuitim anuas,
bhí an láirín bhán ag léimrigh ó thaobh taobh ag teitheadh ó'n
dteine chum go bhfeacaidh sí poll tríd, agus do léim sí de
dhruim an fhala amach.



Bhí a cuid clúimh ar lasadh nuair a cuaidh sí amach, agus
d'umlaisg sí í féin i bpáirc agus do mhúch sí é.



Nuair a bhí an duine uasal agus a chongantaidhe tigithe a
bhaile um thráthnóna agus gan pioc de bhárr a lae aca, dubhairt
an láirín leis an áit a bhí aige fhágaint agus bualadh chúcha
isteach go dána agus leigint air bheith ar buile i dtaobh í féin a
bheith dóighte aca.



Seadh, bhí cúrsaidhe an bhuachalla rithte, agus chaith an duine
uasal dul i bhfolach, agus bhí an ceann le baint de, dá bhfaigheadh
an buachaill é laistigh de thrí lá.



Chuaidh sé le biadh ag triall ar an láirín, agus d'fhiafruigh sí
dhe cá raghadh sé 'á lorg indiu. Dubhairt seisean ná
feadair sé.



Dubhairt an láirín leis dul isteach fé dhéin na mná óige,
agus a lámha a chasadh uirre, agus bheith ag "cá bhfios sain dómh-sa"
léi, agus "a rádh léi gur'b í do bhean í. Déarfaidh sí leat go
mb' fhearra dhuit dul a' lorg a hathar. Abair-se léi gur
geárr an mhoill ort é fhághail, agus iarr uirre gluaiseacht i
n-éinfeacht leat agus an linn éisg atá ag a hathair a
thaisbeáint duit, féachaint ciaca is breághtha é nó linn éisg
t'athar féin. Is deacair léi dul leat, acht mar sin féin,
nuair a leanfair uirre, raghaidh. Beidh lachain annsain
rómhaibh, agus beidh ceann riabhach orra níos mó 'ná an chuid eile,
agus abair léi an ceann sain a mharbhadh chum dínnéir duit.
Déarfaidh sí leat do rogha lacha eile a bheith agat agus leigint
di sin. Abair-se léi ná sáiseóchadh aon lacha eile tu acht í,
agus tabhair aire mhaith do ubh atá istigh innte, mar is istigh ann
atá a h-athair i bhfolach. Nuair a gheóbhair an t-ubh buail i
n-imeall na teine é 'á bheirbhiughadh.


L. 37


Do dhin sé féibh mar adubhairt an láirín leis, agus ní fada
a bhí an t-ubh i n-aice na teine nuair a liúghuigh an duine
uasal gan é dhoghadh.



"Mhuise, ciach agus léir ort, má's annsain atá tú," ars' an
buachaill.



Bhí muintir an tighe tré chéile de dheasgaibh é fhághail i
n-aon chor.



Chuaidh sé le biadh go dtí an láirín ar maidin i mbáireach, agus
d'fhiafruigh sí dhe cá raghadh sé 'á lorg indiu.



"Ní fheadar," ar seisean.



"Buail fé dhéin na mná óige arís," ars' an láirín, agus cas
do lámha uirre, agus abair gur'b í do bhean í." Déarfaidh sí
leat gur ghábhtaraighe dhuit go mór a hathair a chuardach.
Abair-se léi gur geárr an mhoill ort é fhághail nuair is
maith leat é, agus iarr uirre gluaiseacht i n-éinfheacht leat agus
abhlórd (ubhallghort) a hathar a thaisbeáint duit féachaint
ciaca is breaghtha é nó abhlórd t'athar féin. Beidh sí ag
iarraidh gan dul leat, agus, nuair a leanfair uirre, raghaidh.
Nuair a raghair isteac 'san abhlórd, bí ag tiomáint leat
chum go dtéighir go dtí an chúinne thoir thuaidh de. Chífir
crann annsain go mbeidh ubhall ana-mhór air. agus abair léi
nách mór duit an t-ubhall sain d'ithe. Déarfaidh sise leat
tu féin a shásamh ar an abhlórd acht leigint do sain, mar
go raibh gradam mór ag a hathair do thorthaidhibh an chrainn
sin. Abair-se ná sáiseóchadh aon ubhall eile tú acht é,
tabhair léim i n-áirde agus leag é, mar is istigh 'san ubhall
sain atá a hathair i bhfolach, agus aimsigh do sgian, agus bhí
'á ithe."



Do dhin mac an ríogh féibh mar adubhairt an láirín leis,
agus nuair a bhí sé ag gearradh an ubhaill, do liughuigan duine
uasal gan é ghearrad.



"Mhuise, ciach agus léir ort, má's annsain atá tú," arsa
mac an ríogh.



Thángadar a-bhaile, agus bhí muintir an duine uasail tré
cheile go seóigh de dheasgaibh é bheith faghta an dá lá, agus gan
uaidh acht lá eile cum deireadh a chur leis.



Maidean an tríomhadh lae, nuair a bhí biadh faghta
ag an láirín, d'fhiafruigh sí dhe cá raghadh sé 'á chuardach
indiu.



"Ní fheadar," ar seisean.



"Buail chúcha isteach anois, agus ní bheidh an cailín óg rómhat,
agus fiafruigh cá bhfuil sí. Déarfar leat labhairt réidh agus gan
aon fhothrom a dhéanamh mar go bhfuil sí ana-bhreóite.


L. 38


Abair leó go gcaithfir í fheicsint. Déarfar leat ná fuil
aon chaoi agat air mar go raibh sí ró-olc. agus ná leigfidhe
aoinne ag triall uirre. Abair leó ná himtheóchair gan
í fheicsint - nách é sin cion atá agat uirre. Taisbeánfar
duit í 'sa deire, agus beidh sí rómat 'sa leabaidh, agus is mór an
seó an carn balcaisidhe a bheidh casta ar a ceann. Fiaf-
ruigh di cionnus tá sí, agus neamhshásta go maith a bheidh sí leat.
Abair léi go bhfuil an iomad fothna ar a ceann, agus cuid aca'
a chaitheamh di. Déarfaidh sí leat leigint di féin agus gan
bheith 'á cur tré chéile. Dírigh ar a ceann a nochtadh agus ná
fág aon phioc éadaigh air. Beidh sí ad' iarraidh gan a leigint
duit, agus ná géill-se dhi, mar tá lumpa óir istigh i gcúl a
gruaige, agus a hathair istigh annsain. Tóg as é agus abair gur
breágh go léir an t-ór é, agus gur truagh ná fuil fhios agat
ciaca is fearr é nó an t-ór atá id' dhúthaigh féin. Tóg
leat é agus buail i n-imeall na teine é. Annsain tabharfaidh
sé chughat tuagh agus bloc, agus fiafruigh-se dhe goidé a ghnó dhíobh
sain. Déarfaidh sé leat gur chum tu a bhaint an chinn de
féin, mar dá n-aimseóchadh sé féin tusa, nuair a bhís i
bhfolach, go raibh an cor céadna le fághail agat. Abair-se
leis ná déanfair, mar go bhfuil a mhalairt de chion agat
air."



Do dhein mac an righ féibh mar adubhairt an láirín leis.



Budh gheárr gur liúghuigh an duine uasal gan é dhóghadh.



"Mhuise, ciach agus léir ort, má's annsain atá tú," arsa
mac an ríogh.



Annsain ní bhfaigheadh sé slighe thíos ná thuas do, toisg an
chinn fhágaint air, agus thug sé a inghean le pósadh dho, agus a
raibh aige de saidhbhreas.



Nuair a bhí sé féin agus a bhean ag teacht a bhaile do
ghlaodhadar chum tighe na mná gur léi an láirín agus thug sé
féirín maith dhi. Annsain thiomháineadar leó chum go
ndeagadar go bárr an phuill seo go dtángadar isteach
ann



Tigeadh an bheirt dearbhráthar gach aon lá go dtí an
poll agus bhíodar ann roimis.



Do chuir sé roimis suas a bhean agus an t-airgead.



Nuair a fuair na dearbhráitheacha í féin agus an t-airgead
thuas, do bhuaileadar leac ar an bpoll, agus d'fhágadar thíos
é, agus b'éigin do filleadh ar mhnaoi na láiríneach báine.



"Seadh," ar sise, "do dheineadar mar sin leat é, agus
caitfir fanamhaint annso go maidin."



D'imthigh sí i n-éinfheacht leis ar maidin agus chaith sí an leac


L. 39


as an bpoll agus thug sí cead a chos do, agus tháinigh sé a bhaile.
Bhí a dhearbhráthair críonna chum a mhná a phósadh, mar bhí sé
i n-amhras ná fillfeadh sé choidhche.



Nuair a tháinigh sé, ní gheobadh an bhean leis an bpreab-
aire críonna, agus do sgrios sé as an ndúthaigh. Do
cheannuigh sí féin agus a fear áitreabh duine uasail le h-ais
Bhéil-Átha-an-Ghaorthaidh, agus do mhaireadar go soilbhir suairc i
gcomhluadar a cheile.


L. 40


AN BRAIMÍM RIABHACH.



Do chomhnuigh feirmeóir go raibh triúr mac aige, i mBéal-
Átha-an-Gaorthaidh fad ó. Ag siubhlóid agus ag aodhairidheacht
a bhíodh an mac óg agus ní thugadh sé leath a shaoghail 'sa' bhaile.



Tráth d'á raibh sé amuigh do cailleadh a athair. Sul a
bhfuair an t-athair bás do shocruigh sé gach aon nídh dá raibh
aige ar an dtriúr.



'Sé an méid a bhuail a fear óg, láir thorrach.
T'réis teacht' a bhaile dho, d'éirigh sé ar buile nuair a
fuair sé ná ráibh fágtha aige acht an láir, agus d' imthigh sé leis
féin arís agus níor fhill sé go ceann bliadhna.



Nuair a tháinigh sé a-bhaile bhí cúpla beartha ag an láir,
ar a raibh siorrach fireann riabhach.



Dubhairt an siorrach so leis, an siorrach eile a mharbhadh,
agus bainne na lárach go léir a thabhairt do féin. T'réis
mórán tathaint a dhéanamh air do mairbh sé an siorrach.



D'imthigh an mac óg arís agus níor fhill sé go ceann
bliadhna eile.



Bhí cúpla eile beartha ag a láir roimis, agus d' iarr an
brainiín riabhach air iad a mharbhadh i gcás go mbeadh a
mbainne aige féin.



Dubhairt sé ná marbhóchadh, agus bhíodar féin ag pléidhe le
chéile, chum gur thoiligh sé chum a mar bhuighthe fé dheire.



Nuair a bhíodar marbh aige, d'imthigh sé agus níor tháinig tar
n-ais ar feadh bliadhna. I gceann a bliadhna nuair fhill sé
is amhlaidh a bhí cúpla beartha arís ag an láir roimis.



Dubhairt an Braimín Riabhach leis na siorraigh a mharbhadh
i gcás go mbeadh an tríomhadh lacht aige féin.



Dubhairt sé ná marbhóchadh sé a thuille, gur bh'é budh mhór
leis a bhí marbh aige ceana dho.



Dubhairt an braimín leis ná h-iarrfadh sé acht lacht na
bliadhna so, agus dá bhfaghadh sé é, go ndéanfadh sé aon ghníomh
budh mhaith leis do; acht níor bh' aon chabhair do bheith leis,
dubhairt sé nár bheag leis a raibh marbh cheana aige dho.



"Seadh, maiseadh," ars' an braimín, "buail orm srian agus
iallait go dtugainiíd cúrsa."



Do bhuail agus thiomáineadar leó agus bhíodar ag siubhal cois
na trágha.


L. 41


Do chonnaic an marcach táth gruaige a bhí chomh buidhe leis
an ór, agus dubhairt sé leis an mbraimín go dtúirlingeóchadh
sé, agus go dtógfadh sé an táth gruaige.



Dubhairt an braimín leis gan a dhéanamh ar a bhás. Ní
raibh aon chabhair do bheith leis, do thúirling sé, agus do thóg sé
an táth, agus do chuir i n-a phóca é.



"Ní haon chabhair dom bheith ag gabháil duit, ní dhéanfá
aon nídh orm, agus beir i n-aithreachas fós mar geall air,"
ars' an braimín.



Thiomáineadar leó agus bhuail tigh úmpa le hais an bhóthair.



"Téirigh annsain isteach féachaint a' bhfaghfá lóisdín na
hoidche agus stábla dhomh-sa, agus b' fhéidir go dtógfaidhe id'
bhuachaill stábla ar fad ann tú," ars' an braimín.



Isteach leis, agus fuair sé lóisdín do féin 'agus stábla do'n
bhraimín, agus fuair sé bheith 'n-a bhuachaill stábla chomh maith.



Nuair a bhíodh sé ag dul ag feicsint na gcapall gach aon
oidhche ní bheireadh sé aon tsolus leis, mar do thabharfadh
an táth gruaige solus do'n domhan.



Do thug na seirbhísigh fé ndeara ná raibh aon tsolus
aige 'á bhreith uatha féin, agus go mbíodh an solus go léir aige
'sa' stábla, agus d'innseadar d'á máighistir é.



D'imthigh an máighistir 'n-a dhiaidh oidhche áirighthe féachaint
cad a bhí ag déanamh an tsoluis do, agus níor airigh an
buachaill pioc chum gur phreab sé chuige isteach 'sa' stábla.



D'fhiafruigh sé dhe cá bhfuair sé an táth gruaige sin.
D'innis an buachaill do.



Dubhairt an máighistir leis an bhean gur fhás an táth
gruaige sin uirre a thabhairt chuige féin, nó go mbainfeadh
se an ceann de.



"Cá bhfaighead í," ars' an buachaill.



"Tá cheithre áird ar an ndomhan, agus tóg do rogha aca," ars'
an máighistir.



Chuaidh sé ag triall ar an mbraimín agus d'innis sé a
sgéal dó.



"Dubhart leat an táth gruaige sin d'fhágaint it' dhiaidh agus
ní dhéanfá rud orm- féach cá bhfagham an bhean sain anois,"
ars' an braimín.



"Ní fheadar," ars' an buachaill.



"Téirigh anois ag triall ar do mháighistir, agus abair leis
costas an bhóthair a thabhairt go maith dhuit," ars' an
braimín.



Do fuair sé a dhóthain airgid agus thiomáineadar leó chum
go ndeaghadar go dtí an fhairrge.


L. 42


Bhí slaitín draoidheachta ag an mbraimín, agus do dhin sé
bóthar tríd an bhfairrge agus thiomáineadar leó chum gur
bhuail tig úmpa.



Bhí bean na gruaige i bhfuinneoig i mbárr an tighe, agus
gárda shaighdiúiridhe las-'muigh 'á faire.



"Seadh anois," adubhairt an braimín leis an mbuachaill,
"b'fhéidir go n-iarrfadh an bhean óg cead teacht ag mar-
caigheacht ar do chúlaibh-se, agus má fhaghann sí an cead,
iarrfaidh sí ort-sa í leigint ar do chúlaibh, agus abair-se léi
teacht agus fáilthe, agus má fhaghaim-se ar mo dhrom í, tá siad
sgartha léi go bráth."



Do fuair sí an cead, agus ní túisge a fuair an braimín ar
a dhrom í ná gur bhuail sé bóthar.



Do phreab an gárda a bhí 'á faire i n-a diaidh chum gan í
leigint uatha.



Nuair a bhíodar imthighthe tamall ó'n dtigh, do dhún an
marcach an bóthar le slaitín draoidheachta an bhraimín, agus do
báitheadh gach aon duine d'á raibh 'á leanmhaint.



Annsain thugadar a n-aghaidh ar thigh an mháighistir
agus í aca.



D'fhiafruigh an duine uasal de'n mhnaoi a' bpósfadh sí é.



Dubhairt sí ná pósfadh chum go s'láthruigheadh sé fáinne a
chaill sí 'sa' bhfairrge.



Chuaidh sé ag triall ar an mbuachaill agus dubhairt sé leis
an fáinne a bí ag an gcailín d'fhághail nó go mbainfeadh
sé an ceann de.



D'fhiafruigh an buachaill de cá raghad sé 'á chuardach.
Dubhairt sé leis go raibh cheithre áird ar an ndomhan agus a
rogha aca a thóghaint.



Chuaidh an buachaill ag triall ar an mbraimín, agus d'innis
sé a chúrsa dho.



Dubhairt an braimín leis, dá ndeineadh sé rud air féin,
nár ghábhadh dho gabháil tríd an dtrioblóid a bhí 'n-a gcomhair,
agus dubhairt sé leis costas an bhóthair fhághail ó'n máighistir.
Do fuair sé a dhóthain airgid.



Annsain do thiomáineadar leó, agus dubhairt an braimín leis
go mbuailfeadh a lán éisg uime agus é go léir a cheannach, mar
gur istigh i mbolg éisg mhóir a bhí sé.



Do cheannuigh sé ar bhuail uime d'iasg, agus fuair sé an
fáinne i mbolg an éisg mhóir, agus d'fhilleadar thar n-ais agus é
aca.



Do fuair an máighistir an fáinne, agus d'fhiafruigh sé dhe'n
mhnaoi óig a' bpósfadh sí anois é.


L. 43


Dubhairt sí ná pósfadh chum go dtugadh sé chúiche capall
a bhí aice.



Dubhairt sé leis an mbuachaill preabadh agus an capall a
sholáthar nó go mbainfeadh sé an ceann de.



Do phreab sé agus d'innis sé d'á bhraimín cad a bhí ráidhte leis.



"A!" arsan braimín, "ní raibh an donas riamh go dtí so
orainn; dá ndeinteá rud orm-sa agus lacht an tríomhadh
bliadhain a thabhairt dom, badh bheag é mo thoradh ar an
gcapall a thabhairt liom; fuair an capall sain bainne
bliadhna sa mbreis orm-sa, agus tá a rian air, tá sé ró-mhaith
dhomh-sa."



"Ní'l leigheas anois air, acht bheith cráidhte, agus ní haon
chabhair é sin," ars' an buachaill.



"Faigh cosdas an bhóthair; caithfeam tabhairt fé, acht is
beag an chabhair dúinn é," ars' an braimín.



Fuair sé an cosdas agus thiomáineadar leó fé dhéin sráide.



Dubhairt an braimín leis an mbuachaill dul go tionús,
agus an oiread leathair d'fhághail agus do chlúdóchadh gach aon phioc
de féin acht a shúile. Chlúduigh sé é agus thiomáineadar leo
annsain.



Nuair a dhineadar ar an gcapall so bhí gach aon léim
aige, agus ní raibh aon bhrígh sa bhraimín seachas é, mar bhí sé
mór, fiadhain, coimhthigheach, láidir.



Seo ar a chéile iad, agus gach aon ghreim a bheireadh an
bitheamhnac mór ar an mbraimín, ní thugadh sé leis acht
an leathar.



Ní'l aon ghreim a bheireadh an braimín ná go dtugadh sé
lán a bhéil d'fhuil, agus d'fheoil amach ó'n gcnámh leis.



Bhíodar ag gabháil d'á chéile chum gur dhein an braimín
foltharach stracaighthe geárrtha dhe, agus bhí sé go inín macánta
'n-a dhiaidh agus b' fhurasda dhóibh é thabhairt leó rómpa.



Ní raibh pioc imtighthe ar an mbraimín acht pé méid
leathair a bhí stracaighthe dhe.



Nuair a bhí sé tabhartha leó d'fhiafruigh an máighistir de'n
mhnaoi óig a' bpósfadh sí anois é. Dubhairt sí ná pósfadh
chum go dtugadh sé chúiche trí buidéil de uisge ifrinn.



Chuaidh an máighistir ag triall ar an mbuachaill agus dubhairt
sé leis an t-uisge a thabhairt chuige féin nó go mbainfeadh
sé an ceann de.



Phreab an buachaill agus d'innis sé d'á bhraimín goidé an
cúram a bhí curtha air. Dubhairt an braimín ná raibh an
diabhal riamh go dtí so orra, agus leigint do cosdas an bhóthair
fhághail mar go gcaithfidís é thriall ar aon chuma.


L. 44


Thiomáineadar leo, agus, nuair a bhíodar buailthe le
h-ifreann, dubhairt sé leis an mbuachaill teacht anuas agus an'
tsúil a bhaint as, acht í fhágaint ar sileadh leis, agus go sínfeadh
sé féin agus go leigfeadh sé air bheith marbh, agus go mbaileóchadh.
préacháin timcheall air ag priocadh a shúl, agus leigint do
sain síneadh le n-a ais agus breith ar cheann aca, agus gan sgara-
mhaint leis chum go dtugadh ceann d'á chomrádaidhibh an
t-uisge chuige.



Do dhein an bhuachaill rud air agus budh gheárr go raibh greim
ar phréachán aige. Bhí an chuid eile aca a d'iarraidh air
cead cos a thabhairt do, acht dubhairt sé leó ná sgarfadh sé
féin leis chum go dtugadh ceann éigin aca an t-uisge ó
ifreann chuige.



Fé dheire d'imthigh ceann de-s na préachánaibh a d'iarraidh
an uisge agus thug sé leis cheithre cinn de bhuidéalaibh.



Nuair a tháinigh sé bhí a raibh air de chlúmh loisgithe, agus ní
raibh acht a rádh go raibh an t-anam ann. Annsain dubhairt
an braimín leis an mbuachaill an tsúil a chur isteach agus go,
mbeadh sí chomh maith is bhí sí riamh.



Chómh maith do dhein agus thiomáineadar leó a-bhaile.



"Seadh, anois," ars' an braimín leis an mbuachaill, "'sé
an gnó atá aice siúd de'n uisge, chum é chimilt di féin, agus
ní dhóighfidh aon nídh í 'n-a dhiaidh, agus iarrfaidh sí ar an
máighistir dul ag rinnce i dtobán teárra a bheidh ar lasadh
i n-éinfeacht léi, nó ná pósfaidh sí é féin ná éinne eile,
munarinncfidh siad 'sa' tobán teárra 'n-a teannta; preab-
faidh an máighistir isteach ag rinnce 'n-a teannta; agus loisg-
fear é, agus cimil-se a bhfuil i gceann de-s na buideálaibh
dhíot féin, agus preab isteach nuair a bheidh an máighistir
loisgithe."



Chómh luath is fuair an buachaill a mháighistir loisgithe do
phreab sé féin isteach, agus é cimilthe de'n uisge chómh maith léi.



Ní raibh pioc d'á cionnacha cimilthe aice-se, agus do thosnuigh
an buachaill ar an dtearra a chaitheamh 'san aghaidh uirre.



Do liúghuigh sí air gan í losgadh, agus do léim sí amach as an
dtobán.



Annsain do phósadar araon, agus do dhíoladar talamh an
mháighistir agus do thoghadar feirm thailimh i mBéal-Átha-an-
Ghaorthaidh, agus do mhaireadar go soilbhir suairc i gcomhluadar
a chéíle go lá a mbáis.



Ta clann a gclainne fós go saidhbhir creideamhnach i
mBéal-Átha-an-Ghaorthaidh.


L. 45


INGHEAN RÍOGH UÍBH LAOGHAIRE AGUS NA
h-ATHAIGH.



Bhí rí 'n-a chomhnuidhe i n-Uíbh Laoghaire fad ó agus fuair sé
cuireadh dínnéir ó ridire a bhí 'n-a chomhnuidhe i mBaile
Mhúirne.



Dubhairt sé le n-a ghiománach cóiste cheithre gcapall a
ghléasadh, agus chomh maith do dhein, agus chuaidh sé féin agus a bhean fé
dhéin an dínnéir, agus níor fhág aoinne 'n-a, dhiaidh i mbun na
rígh-theaghlaighe acht a inghean agus buachaill aimsire.



Thugadar aire mhaith dh'á ngnó i gcaitheamh an lae go
dtáinig an tratnóna orra.



Ní raibh an rí ag teacht, agus dubhairt an buachaill le n-a
inghin ná fanfadh sé féin ann toisg gan aoinne a bheith 'sa'
tigh acht í.



"Féadfair imtheacht," ar sise, agus chomh maith d'imthigh sé.



Níor tháinigh aoinne ag triall uirre an oidhche sin agus
thiomáin sí léi a chodladh.



Níor bh' fhada a bhí sí 'n-a codladh nuair airigh sí chúiche an
siot 's a' fuaim 's a' fothrom ag athach mór na dtrí gceann,
na dtrí mbeann, na dtrí muineál bhfada reamhar
ndíreac.



"Osgail an dorus, a inghean ríogh Uíbh Laoghaire'" ar s
léi. Níor labhair sí focal.



D'iarr sé dá uair eile uirre é, acht má dhein, níor leig sí
uirre gur airigh sí é, acht dubhairt sí leis ná raibh aoinne
annso i gcomhair na h-oidhche acht í féin, agus leigint do dul i
mball éigin eile do féin.



Níor dhein sé acht a ghuala a bhualadh leis an ndorus agus é
bhualadh thiar ar an ndorus iadhta.



Phreab sí 'n-a su dhe agus dhein sí síos teine.



Dubhairt sé léi a shuipéar a chur síos do.



Buail sí síos ceathramha mhairt do.



Tharraing sé síos í, tharraing sé suas í, tríd an
ngríosaigh, tríd an ngruasaigh, trí n-a fhiaclaibh fada
fuara, do shluig sé suas í agus d' ith.



Dubhairt sé ná raibh a dhóthain ann, agus ceann eile a
bhualadh síos do.


L. 46


Do bhuail agus thug sé an córughadh céadna dhi. Nior shásaimh
sain é gan an tríomhadh ceann d'fhághail agus d' ith sé í.



"Dein leabaidh dom, a inghean ríogh Uíbh Laoghaire," ar
seisean.



"Goidé an sórd leaptha is maith leat?" ar sise.



"Bárr iarainn fúm, bárr iarainn os mo chionn, agus máilín
snímh fém' cheann," ar seisean.



Do dhein sí an leabaidh do agus chuaidh sé a chodladh.



Budh ghearr gur thuit a chodladh air mar bhí a bholg ró-lán.



Fuair sí sgian leadurra líomhtha na fágfadh síol bime ná
béime, agus do sgaoil sí á chuid fola fé'n dtigh, agus bhuail sí gad
'n-a phluc.



Annsain chuaidh sí a chodhladh agus níor throm suan di go
bhfeacaidh sí solus an lae, agus níor thainig an buachaill ná a
muintir chúiche an lá sain. Bhuail sí amach um thráthnóna
féachaint a' bhfeicfeadh sí a muintir chúiche.



Ní fheacaidh sí aon nídh acht an ghaoth ag dul ar sgáth na
copóige, agus an chopóg ag teitheadh uaithe, agus gach aon nídh ag
dul i n-'eal féin i gcomhair na h-oidhche. D'iompoidh
sí thar n-ais agus d'iarr rí cabhair Dé, nó, munar iarr, do
leog do.



Nuair a bhí gach aon nídh curtha i dtaisge aice, chuaidh sí a
chodladh.



Budh gheárr a bhí sí ann nuair airigh sí chúiche an
siot, 's a' fuaim, 's a' fothrom, ag athach mór na gcúig
gceann, na gcúig mbeann, na gcúig muineál bhfada reamhar
ndíreach.



"Osgail an dorus dom, a ingean ríogh Uíbh Laoghaire," ar
seisean, trí h-uaire i ndiaidh chéile.



"Ní'l aoinne annso i gcomhair na h-oidhche acht mise, agus is
olc an t-ionad duit teacht ann," ar sise. Níor dhein sé acht
a ghuala a bhualadh fé'n ndorus, agus é bhualadh thiar ar an
ndorus iadhta.



Preab sí 'n-a suidhe agus dhein sí síos teine.



"Cuir síos mo shuipéar dom, a inghean ríogh Uíbh Lao-
ghaire," ar seisean.



Bhuail sí síos ceathramha mhairt do.



Tharraing sé síos í, tharraing sé suas í, tríd an
ngríosaigh, tríd an ngruasaigh, shluig sé suas í agus d'ith.



B'éigin di trí ceathramhna eile d'fhághail do, agus thug sé an
córughadh céadna dhóibh.



"Dein leabaidh dom, a inghean ríogh Uíbh Laoghaire," ar
seisean léi.


L. 47


"Goidé an sórd leaptha is maith leat?" ar sise.



"Bárr iarainn fúm, bárr iarainn os mo chionn agus máilín
nímh fém' cheann," ar seisean.



Do dhein sí leabaidh do agus chuaidh sé a chodladh.



Thuit a chodladh air, bhí a bholg ró lán agus níor bh'iongnadh
sain t'réis cheithre ceathramhna mairt d'ithe.



Fuair sí a sgian leadurra líomhta ná fágfadh síol bime
ná béime agus do sgaoil sí a chuid fola fé'n dtigh, agus bhuail sí
gad 'n-a chluais.



Annsain chuaidh sí a chodladh agus níos throm suan di chum go
rug solus an lae i nbáirigh uirre



Phreab sí 'n-a suidhe ag déanamh a gnótha, agus níor tháinig
a muintir ná an buachaill fé n-a géin i gcaitheamh an lae.



Nuair a bhí deireadhnaighe an lae ag teacht uirre, do
bhuail sí amach go h-uaigneac 'n-a h-aonar féachaint a'
bhfeicfeadh shí a muintir ag teacht.



Ní fheacaidh sí aon nídh acht an t-árdán ag dul ar sgáth
an ísleáin, agus an ghaoth ag dul ar sgáth na copóige, agus an
chopóg ag teitheadh uaithe agus gach aon nídh ag dul i n-'ealféin
i g-comhair na h-oidhche.



D'iompoidh sí isteach go brónac, agus chuaidh sí a chodladh dhi
féin.



Níor bh'fhada i n-aon chor a bhí sí ann nuair airigh sí chuiche
an siot 's a' fuaim 's a' fothrom ag athach mór na seacht
gceann, na seacht mbeann, na seacht muineál bhfada
reamhar ndíreach.



"Osgail an dorus, a inghean ríogh Uíbh Laoghaire," ar
seisean léi, trí h-uaire as a chéile.



"Ní'l aoinne annso i gcomhair na h-oidhche acht mise, agus
is olc an t-ionad duit teacht ann," ar sise leis.



Níor dhein sé acht a ghuala a bhualadh fé'n ndorus agus é
bhualadh thiar i gcoinnibh an doruis iadhta. Phreab sí 'n-a
suidhe agus dhein sí síos teine.



"Cuir síos mo shuipéar dom, a inghean ríogh Uíbh Laoghaire,"
ar seisean léi.



Bhuail sí síos cheithre ceathramhna mairt do. Tharraing sé
síos iad, tharraing se suas iad, tríd an ngruasaigh, tríd an
ngríosaigh, do shluig sé suas iad agus d'ith. Dubhairt sé léi
ceithre ceathramhna eile d'fhághail do. Do fuair agus thug sé an
córughadh céadna dhóibh.



Nuair a bhíodar sain alpaithe aige' d'iarr sé an oiread
eile.



Bhí dultha a feoil di, agus do phreab sí amach le n-a sgiain


L. 48


leadurra líomhtha, agus bhain sí an cheathramha dheiridh de bheithidheach
reamhar, agus thug chuige í, agus d'ith.



Annsain dubhairt sé léi leabaidh a dhéanamh do.



"Goidé an sórd leaptha," ar sise.



"Bárr iarainn fúm, bárr iarainn os mo chionn, agus máilín
snímh fém' cheann," ar seisean.



Do dhein sí an leabaidh do, agus chuaidh sé a chodhladh.



Thuit a chodladh air, bhí a bholg ró-lán, nídh nách iongnadh
t'réis a raibh alpaithe d'fheoil aige.



Fuair sí a sgian leadurra líomhtha ná fágfadh síol bime
ná béime, a bhainfeadh anuas de'n chéad sgríb nó an dara
sgríob le chéile, agus do sgaoil sí a chuid fola ar fuaid an
tighe, agus chuir sí gad 'n-a chluasaibh.



Chuaidh sí a chodladh agus níor throm suan di go bhfeacaidh sí
solus an lae i mbáirigh.



Phreab sí 'n-a suidhe, agus amach 'sa' lá tháinigh a muintir, agus
bhí an triúr athach marbh rómpa.



Annsain chuir a h-athair amach gairm sgoile go raibh
inghean aige le pósadh, agus ná faigheadh aoinne í acht duine a
raghadh de léim treasna na Laoi.



Bhí an saoghalthacht ag teacht, acht ní bhfaigheadh aoinne 'n-a
charáiste tabhairt fé í léimt.



Fé dheire tháinigh sgiúirséadach buidhe lom, agus thóg sé ruthag
ó Bhéal-Átha-an-Ghaorthaidh chúiche agus do léim sé í.



"Seadh' a rígh Uíbh Laoghaire, tá t'inghean agam," ar
seisean. "Tá cheana," ars' an rí.



Annsain dubhairt sé léi teacht annso ar a chúlaibh go
mbeireadh sé a bhaile í. Chomh maith do dhein.



Tiomáin sé leis chum go ndeaghaidh sé siar go Céim-an-
Fhiadh, agus dubhairt sé léi bheith anuas de'n chapall. Do
tháinigh sí anuas, agus do thainigh sé agus do cheangail sé le
téid d'earball an chapaill í, agus tháinigh sé in-áirde arís,
agus thug sé bata agus bóthar do'n chapall, agus tharraing sé
'n-a dhiaidh an cailín, chum go ndeaghaidh sé go tigh uaigneach
a bhí i mbolg sléibhe thiar 'sa' Chumar, agus tharraing sé
leis isteach í.



B'iad na h-athaigh a chomhnuigh sa tigh seo, agus bhí a máthair
istigh roimpe, agus dearbhráthair dóibh ab' eadh an sgiulúdhach a
thug leis ar earball an chapaill í.



Nuair a chonnaic an mháthair ag déanamh isteach an dorus
iad: "Airiú, a Phocáin, a laogh," ar sí, "an í sin an
mhéirdreach a mhairbh mo thriúr leanbh? "O! is í, a mháthair,"
arsa Pocán.


L. 49


Pocán ab' ainm d'á mac.



"Buail a ceann annso ar an mbloc chugham," ar sí leis.



"Buailfead, a mháthair," arsa Pocán.



D'iarr inghean an righ spás orra, chum go ndéarfadh sí
roinnt phaidreacha i mball uaigneach léi féin.



Fuair sí an spás uatha, agus chuaidh sí i gcloiséidín léi
féin. Budh gheárr gur thuit a chodladh ar Phocán agus ar
a mháthair.



Nuair a bhí sí ar a paidreacha, do chonnaic sí solus na
n-aingeal ag teacht isteach chúiche trí pholl an fhala, agus do
tharraingeadh tríd an bpoll amach í.



Nuair a fuair sí í féin amuigh, do tháinigh an choisidheacht
go h-áluinn di, agus do rith sí fé dhéin a muintire féin, agus dob'
fhada uaithe an áit.



Nuair a dhúisigh an chailleach dubhairt sí le Pocán preabadh
an mhéirdreach a thabhairt chúiche agus a ceann a chur ar an
mbloc.



Phreab Pocán fé n-a géin, acht má dhein, ní raibh sí ann
roimis.



"Ó faire, faire! cad a dhéanfam anois?" ars' an
chailleach.



"Leanfad-sa í," arsa Pocán.



Phreab sé ar a chapall chum teacht suas léi, acht ní raibh
ann do, bhí an cailín tigithe a bhaile, agus a sgéal innsighthe aice
dh'á h-athair.



Do cheap Pocán ná féadfadh sí go bráth bheith tigithe a
bhaile roimis, agus do dhein sé fé dhéin tighe an ríogh, agus do
ghlaodhuigh sé air i n-am mhairbh na h-oidhche.



Do chuir an rí míle fáilthe roimis agus dubhairt sé leis suidhe.



Do chuaidh an inghean i leathtaoibh nuair airigh sí ag
teacht é.



Dubhairt Pocán leis an rígh ná raibh neart aige suidhe
mar go raibh cuireadh dínnéir faghta aige féin agus ag á
mhnaoi, agus gur chuir sí a d'iarraid an éadaigh ab fheárr a
bhí aice é.



Dubhairt an rí go bhfaghadh agus fáilthe.



Bhí an t-éadach 'á fhághail do, mar 'dh eadh, nuair a phreab
an inghean chuige.



"Á! airiú, a chladhaire, is tú "feall ar ionntaoibh"
budh bheag an truagh mise agus dul ar th'ionntaoibh," ar
sí leis.



Do bhuail sé a cheann fé go h-eaglach, agus níor bh' iongnadh
sain agus an gníomh a bhí déanta aige.


L. 50


Thánaghthas air annsain agus do ceangladh de earball a
chapaill féin é, ar nós mar a dhein sé féin le h-inghin an ríogh,
agus do thiomáineadh an capall níos géire fé dhéin tighe a
mháthar, agus do marbhuigheadh iad araon, agus do loisgeadh i,
bhfiugóidíbh iad.



I gcionn sgathaimh 'n-a dhiadh sin do thug Rí Uíbh Laoghaire
a inghean le pósadh do mhac ridire Bhaile Mhúirne, agus thug sé
a ríoghacht dóibh t'réis a bháis, agus do mhaireadar go soilbhir
suairc i gcomhluadar a chéile.



Tá mórán d'á sliocht ar fuaid na paróiste fós 'n-a
ndaoinibh saidhbhre creideamhnacha.


L. 51


DIARMUID DONN AGUS AN FHIDEÓG
DHRAOIDHEACHTA.



Do tháinigh cogadh ar an bhFéinn 'sa' Domhan Toir, agus
chaitheadar dul fé n-a dhéin.



B' ana-ghaisgidheach Seachrán Sálfhada, acht níor bhain sé
leó i n-aon chor.



D'iarr Fionn air dul i n-éinfheacht leó.



Dubhairt Seachrán leis ná raghadh, mar, ná leigfead a
bean leó é, "act," ar seisean, "iarr cead uirre agus b'
fhéidir go leigfeadh sí ann mé." Bí sé féin ana-thoil-
theanach le dul ann.



D'iarr Fionn cead ar an mnaoi agus do fuair. Dubhairt
sí leó dá mbeadh Seachrán marb aca ag teacht a bhaile,
brat gorm a chur suas, agus dá mbeadh sé i n-a bheathaidh brat
bán a chur i n-áirde.



Dubhairt Seachrán le Fionn gur bh'é an chúis go ndubhairt
sí na bratacha a chur i n-áirde, chum iad a bháthadh nuair a
bheidís ag teacht chum cuain, dá mbeadh sé féin marbh.



Thiomáineadar leo fé dhéin an chogaidh, agus do bhuadhadar
gan moill ar a namhaid.



Bíodar ag teacht a bhaile go h-áthasach, chum gur casadh
cú nimhe orra agus do mhairbh sí Seachrán.



Thógadar leó a chorp 'sa' luing, agus bhíodar go brónach 'n-a
dhiaidh. Nuair a bhíodar i gcomhangar na h-Éireann do
chuireadar brat bán i n-áirde, chum gur dhóigh le mnaoi
Sheachráin go raibh sé 'n-a bheathaidh.



Nuair a chonnaic sí an brat bán do leig sí chum cinn
iad mar shaoil sí go raibh a fear 'n-a bheathaidh.



Nuair a thángadar ag triall uirre agus a fear marbh aca,
bhí sí an spéir-bhuile, nuair ná raibh sé de shásaiíi aice iad
a bhátadh.



D'fhiafruigheadar di a' raibh aon leigheas a thógfadh é.
Dubhairt sí go raibh agus gur bhaoglach gur bheag an chabhair é.



Dubhairt sí leó go raibh fideóg 'sa' Domhan Toir, agus go
raibh fáinne ar a méir agus go dtógfadh trí braonacha a
gheóbhadh tríd an bhfáinne é.



Ar Dhiarmuid Donn a phuínteáil sí chum dul a d' iarraidh
an fháinne.


L. 52


"Goidé an chabhair domh-sa dul sé n-a dhéin sin, agus go
bhfuil na céadta gaisgidheach níosa sheacht feárr 'ná
mise titithe leis an obair sin cheana," arsa Diarmuid
Donn.



Bean a bhí fé dhraoidheacht ab' eadh an fhideóg, agus nuair a
bhíodh éinne ag dul fé n-a géin do chuireadh sí fead aiste agus
thuiteadh suan codalta air.



Do thoiligh Diarmuid le dul ann mar bhí ana-dhúil aige
Seachrán a thógaint.



"Má ritheann liom a fáinne a bhaint di," arsa Diarmuid,
"éireóchaidh na gaisgidhigh atá tuitithe léi siúd, agus aithneóchaidh
siad gur agam a bheidh an fáinne, toisg mo long a bheith ar
imeall agus bainfidh siad díom é."



Dubhairt sí leis go dtabharfadh sí buadh d'á luing ná
féadhfadh aon long eile teacht suas léi, agus nuair a thiocfadh
sé i radharc an chuain, má rithfeadh leis, leigint do an
fáinne a chaitheamh chúiche féin.



'Sé an gnó a bhí aice dhe - féachaint tríd agus a mbeadh 'n-a
dhiaidh a bháthadh, acht níor innis sí é sin do Dhiarmuid.



Do thiomáin Diarmuid leis go dtí an Domhan Toir, agus
nuair a shrois sé an cuan is amhlaidh a bhí na mílthe loingeas
ann roimis.



Do cheangail sé a long ar an dtaobh amuigh dhíobh, agus
shiubhluigh sé isteach ar na loingeas eile, agus thiomáin sé leis
chum go ndeachaidh sé i radharc na fideóige.



Nuair a chonnaic sí é chuir sí fead aiste. Do bhí suan
ag teacht ar Dhiarmuid agus do sháithigh sé a chlaidheamh go cnámh
'n-a cholpa agus do rith sé ana-stanng annsain, le neart
teinnis. Chuir sí fead eile aiste, agus bhí suan níos mó ag
teacht ar Dhiarmuid.



Do bhuail sé bas ar an gclaidheamh agus chuir sé isteach go
smior é, agus do rith sé ana-thamall eile. Do chuir sí an
tríomhadh fead aiste, agus é ana-chomhangarach di.



Bhí an suan ag teacht air, agus thioniáin sé an claidheamh
isteach go smúsach 'n-a chois, agus do rith annsain chum go
ndeaghaidh sé chum cinn agus do thóg sé an fáinne d'á méir.



Nuair a bhí an fáinne bainte dhi, d'éirigh na gaisgidhigh go
léir, a bhí tuitithe leis an ndraoidheacht, as a suan.



Ní raibh aon chúntas ag éinne cia aige go raibh an fáinne,
acht iad féin ag áiteamh ar a chéile - "agat-sa atá an
fáinne."



"Agat-sa atá an fáinne," adeireadh Diarmuid comh
maith leó.


L. 53


Thiomáineadar leó fé dhéin a loingeas chum teacht a
bhaile.



Tháinigh Diarmuid go dtí a long agus d,imthigh sé rómpa.
Do bhrostuigh an mhuintir eile 'n-a dhiaidh chum teacht suas
leis mar bhí amhras aca gur aige a bhí an fáinne.



Nuair a tháinigh sé i radharc an chuain, bhí bean Sheachráin
amuigh ag faire agus chaith sé an fáinne fé n-a déin.



D' fhéach sí tríd agus do bháthuigh sí a raibh i ndiaidh Diarmuid
Donn.



Nuair a tháinigh Diarmuid chum cinn do thug sé trí
braonacha tríd an bhfáinne do Sheachrán, agus d' éirigh sé 'n-a
bheathaidh chomh maith agus bhí sé riamh.


L. 54


AN PHLÁINÉID.



Bhí feirineóir ann fad ó go raibh buachaill de mhac aige, agus
bhí an buachaill an-urraimeamhail d'á athair mar do saoil
sé nar bh' fhéidir fear chomh macánta leis d' fhághail.



Ní chreidfeadh sé ó éinne ná gur cnapán rógaire a
mháthair agus d'á dheasgaibh sin ní raibh aon bheann aige uirre.



Do buaileadh breoite a athair agus b'é toil Dé gur cailleadh
é. An fhaid a bhí sé breoite fuair sé aire mhaith ó n-a mhac.
An lá a bhítheas ag cur an t-seanduine, bhí sé fuar fliuch
gaothmhar, agus dhein a mhac an-iongnadh go léir de toisg an lae
a bheit chomh h-olc ag éinne chomh macánta, agus bhí sé ag
déanamh breighdeáin do i gcomhnuidhe.



B'é leónughadh Dé gur buaileadh breoiteacht an bháis ar an'
sean-mhnaoi agus do cailleadh í i gcionn sgaithimh 'n-a dhiaidh sin.



Ní raibh a leath-oiread suime ag a mac innte is bhí aige
'n-a athair, acht mar sin féin, dubhairt sé leis féin gur bh'í a
mháthair í agus gur cheart do aire a thabhairt di agus í chur. An lá
a bhítheas 'á cur, níor bh' fhéidir do bheith níosa bhreághta, ná
níosa ghrianmhaire.



Do dhein sé an-bhuadhairt do goidé an fáth go raibh an lá
fliuch ag a athair agus é i n-a fhear mhacánta, agus an lá breágh ag
a mháthair agus í 'n-a stracaire rógaire.



Annsain bhí sé dh'á dhéanamh amach i n-a aigne ciaca
b'fhearra dho dhuine bheith 'n-a rógaire nó 'n-a dhuine mhacánta,
agus dubhairt sé go mbeadh se ag siubhal choidhche chum go
bhfaigheadh sé amach é.



Bhí dhá ghobha ar an mbaile aige, agus bhí duine aca bocht
agus duine eile saidhbhir, agus bhí fhios aca, agus ag mórán nách iad
mac an fheirmeóra a bheith le h-imtheacht.



"Mhuise, a Dhiarmuid," ars' an gobha bocht "tabhair
cúntas chugham goidé an fáth go bhfuilim bocht, agus an gobha
eile saidhbhir, agus mise ábaltha ar é mhúineadh aon lá."



Bhí fear eile ar an mbaile, go raibh tigh cinn tuighe aige
"Mhuise, a Dhiarmuid," ar seisean, "má imthigheann tú, agus go
bhfaighir aon chúntas, tair chugham agus innis dom cad 'na thaobh
go bhfuil báisteach anuas agam - d'á mbeidhinn ag cur dín
gach aon lá de'n bhliadhain, ní fhéadfainn cosg a chur léi."



Thiomáin Diarmuid leis ar maidin lá ar n-a bháireach, agus
bhí sé ag siubhal fan lae agus níor casadh duine'ná tigh air, 'san
áit gur ghabh sé.


L. 55


Bhí an oidhche ag druidim leis, agus ná feadair sé cá ngeóbhadh
sé, agus tart agus ocras air t'réis an lae. Do chonnaic sé uaidh
isteach sa ghleann deatach ag éirghe i mbreac-choill agus dubhairt
sé leis féin go raghadh sé ann féachaint a' bhfaigheadh sé
lóisdín na h-oidhche.



Do chuaidh sé fé dhéin an tighe, agus ní raibh roimis ann acht
cailín.



D'iarr sé bheith istigh go maidin uirre.



Dubhairt sí leis suidhe síos. Do shuidh, agus níor bh' fhada i
n-aon chor a bhí sé ann nuair a fuair sí a shuipeár do, agus
gábhadh a dhóthain aige leis. Bhí leabaidh ar chlitheán an tighe,
agus dubhairt sí leis dul a chodladh aon uair budh mhaith leis é.



Do strupáil sé dhe, agus do chuaidh a chodladh, agus níor throm
suan do, mar ní fheadair sé goidé an sórd tighe e, nuair ná
feacaidh sé éinne ann acht an cailín, acht do leig sé air bheith
'n-a chodladh.



Níor stad sí i dtosach na h-oidhche acht ag déanamh a
gnótha síos is suas ar fuaid a' tighe. Bhí gríosach mhaith
theine ann agus do phreab sí aníos fé n-a géin agus tharraing amach
í, agus shín sí idir í agus an t-iarta, agus chlúdaigh sí uirre féin an
ghríosach.



"Dia lem' anam," arsa Diarmuid, "is olc an áit go rug
mo chosa me, tá sí loisgithe agus crochfar mé léi." D'fhan sí
annsain ar feadh tamaill, agus Diarmuid ag faire amach uirre,
agus ná féadfadh sé corruidhe le neart sgannradh.



I gcionn sgathaimh níor airigh Diarmuid blúire chum go
raibh sí thíos ar lár an urláir, agus chroith sí í fein mar a chroith-
feadh an t-asal a bheadh t'réis é féin d'umlasg ar an
mbóthar agus do léim sí isteach ar mhullach a cinn i dtobán
uisge. "Flaps," ars' an t-uisge, agus do buaileadh streanncán
de idir an dá shúil ar Dhiarmuid.



"Seadh, dar fiadh," arsa Diarmuid leis féin, "muna
bhfuil tú loisgithe, tá tú báithte."



D'fhan sí ann ar feadh tamaill, agus i gcionn sgathaimh do
chroith sí í féin, agus tháinig sí ar bhonnaibh a cos ar lár an
úrláir, agus tharraing sí chúiche téad agus chuir sí fásgadh ruthaig
de ar an maide snaidhm agus chroch sí í féin.



"Dar fiadh, d'airigheas riamh," arsa Diarmuid, "An té
bheirtear chum a chrochta, ná bíonn aon bhaoghal báithte air."



Nuair a bhí sí sgathamh ann do rug sí ar an dtéid, agus chaith
sí d'á sgórnaigh é, agus seo ar fuaid an tighe í chomh maith is
bhí sí riamh. Nuair a chonnaic sí breacadh an lae do phreab
sí 'n-a suidhe agus dhein sí síos teine, agus d'ullamhuigh sí a bhreic-


L. 56


feast do Dhiarmuid, agus dubhairt sí leis bheith 'n-a shuidhe agus
biadh d'ithe agus a aghaidh a thabhairt ar an mbaile.



Chuir sé uime, agus suidheadar araon chum a mbreicfeaist.
D'fhiafruigh Diarmuid di goidé an sórd í nó cad 'n-a thaobh
go raibh sí 'n-a h-aonar. "Mise an Phláinéid," ar sise.



D'fhiafruigh sí dhe an raibh sé 'n-a dhúiseacht nuair a chuaidh
sí sa teine araoir.



"Bhíos," arsa Diarmuid.



"Uair a' chluig a thugas ann," ar sise, "agus éinne a rugadh
an uair sin dóghfar é."



D'fhiafruigh sí dhe an raibh sé 'n-a dhúiseacht nuair a chuaidh
sí 'sa' tobán uisge.



Dubhairt Diarmuid léi go raibh.



"Níor chodlais aon néal acht ag faire orm," ar sise, "agus
uair a' chluig a thugas 'sa' tobán agus éinne a rugadh an uair
sin báthfar é."



"An bhfeacais an uair a chrochas mé féin?" ar sise.



"Do chonnac," arsa Diarmuid.



"Uair a' chluig a thugas crochta," ar sise, "agus éinne a
rugadh an uair sin crochfar é."



Dubhairt sí leis go raibh fhios aice cad a thug é, agus d'innis
sí dho go raibh a athair thuas ar chnoc Cealbhaire ag éisteact
aifrinn, agus gur'b é breithneamhnas aithrighe a cuireadh air, an
lá a bheadh sé dh'á chur a bheith fliuch agus dubhairt sí leis go raibh
a mháthair ag gabháil timcheall an tséipéil agus slabhra ceang-
ailthe ar a cois, agus í 'á tharrang 'n-a diaidh, agus dubhairt sí
leis go dtaisbeáinfeadh sí dho iad, má budh mhaith leis é.



Dubhairt sí leis a rádh leis an dgobha gur'b é cúis go raibh
sé bocht, go mbíonn an buille déidheanach aige ar an
inneoin gach aon 'st-oidhche Dia Sathairn.



"Abair leis an té úd go bhfuil an braon anuas air i
gcomnuidhe, agus é ag cur dín gach aon lá, go mbeidh báisteach
anuas air choidhche, mar, an chéad díon a cuireadh ar a thigh, ní
ar foghnamh a fuaradh é," ar sise.



Do tháinigh sé a bhaile go buidheach beannachtach, agus d'innis
sé a sgeal do'n té go raibh an bháisteach anuas air agus do'n
ghobha.



Níor oibrigh an gobha déidheanach aon oidhche Shathairn as
sain amach, agus do chnuasuigh sé morán airgid agus do thug sé a
inghean le pósadh do Dhiarmuid agus bhí saoghal fada suairc aca,
agus do leag "fear na báistighe" a thigh agus chuaidh sé chum
comhnuidhe ag triall ar Diarmuid agus d'fhág sé a chuid tailimh
aige t'réis a bháis.


L. 57


TRÍ CHOMHAIRLE MHIC TAILCE.



Lá de-s na laetheantaibh, d' fhág fear bocht ó Bhéal-Átha-
an-Ghaorthaidh a bhean agus a pháistí, agus níor stad se riamh ná
choidhche chum go ndeaghaidh sé go Mainistir-na-Féile.



Do casadh feirmeoir annsain air, agus do réidhtigh sé leis agus
d'fhan sé aige chum go raibh trí ghiní tuillthe aige uaidh.



Annsain dubhairt sé le n-a mháighistir go raghadh sé a
bhaile fé dhéin a mhná agus a chlainne.



Dubhairt an máighistir gur mhaith an rud le déanamh é, agus
d'fhiafruigh sé dhe ar airigh sé riamh trácht thar Thailc mhac
Treoin. Dubhairt an fear bocht gur airigh go minic.



"Mac do-san is eadh mise," agus tá trí chomhairle agam, agus
ní thabharfainn aon chomhairle aca gan giní an ceann, agus tá
trí ghiní tuíllthe agat orni-sa, agus bíodh do rogha agat an
t-airgead nó na comhairlí," ars' an máighistir.



"D'oirfeadh an t-airgead go seoidh dom," ars' an duine
bocht, "acht is dócha go bhfuil na comhairlí go maith, agus do
thógfainn iad dá mbeadh aon nídh agam a bhéarfadh a bhaile
mé - tógfaidh sé dhá lá agus dhá oidhche uaim an baile a
shroisint."



Do bhácáil an máighistir trí cinn de chístíbh agus chuir sé
marc ar cheann aca agus dubhairt sé leis an bhfear mbocht é
breith a bhaile ag triall ar a pháisdíbh, agus an bheirt eile d'ithe
fan bhóthair.



Nuair a bhí an duine bocht ullamh chum dul a bhaile, d'iarr
sé na comhairlí ar a mháighistir.



Dubhairt an máighistir leis (1) An bóthar díreach a
choimeád chum go dtéigheadh sé a bhaile, (2) gan codladh i
n-aon tigh i n-a mbeadh fear tighe críonna agus bean óg pósta
aige, (3) gan aon nídh a dhéanamh ist-oidhche go mbeadh
cathughadh air ar maidin i dtaobh a dhéanta.



D'fhág an máighistir a bheannacht aige, agus d'fhág seisean a
bheannacht ag an máighistir, agus thiomáin sé leis go h-éa-
dtrom éasga. Do casadh fear clúimh a bhailiughadh air, agus choin-
gbhigheadar cuideachta a chéile ar feadh tamaill de'n bhóthar.



"Seadh," arsa fear an chlúimh, "tá comangar annso, agus
tá sé comh maith againn gabháil ann." "Sé is feárr ná
chéile," ars' an duine bocht.



D'iompuigheadar isteach, agus ní rabhadar i bhfad imthighthe


L. 58


nuair a chuimhnigh an fear bocht ar chomhairlíbh mhic Tailce, agus
d'iompoidh sé thar n-ais, agus dubhairt sé ná geobhadh sé féin an
comhangar, go gcoimeádfadh sé an bóthar díreach.



Do lean fear an chlúimh a shrón, agus chuir an fear bocht a
bhóthar féin de.



Budh gheárr a dheaghaidh sé nuair airigh sé an sgreadach agus
an bhéiceach ag fear an chlúimh.



Is amhlaidh a bhí robálaidhthe 'sa' ghleann comhangair roimis
agus níor fhágadar clúmh na feoirlinn airgid aige agus do
mharbhuigheadar é.



"Cabhair Dé chughainn," ars' an fear bocht. "dá ngabhainn
an comhangar, budh bheag an chabhair dom mo chuid airgid, agus
muna mbeadh do chomhairle, a mhic Tailce, bhíos mharbh."



Do thiomáin 'sé leis go h-áthasach chum go dtáinigh deir-
eadhnaighe an lae air, agus dubhairt sé leis féin nár mór do
bheith istigh fhághail i n-áit éigin ó aodhar na h-oidhche.



Chonnaic sé tigh feirmeóra aga bheag uaidh isteach ó'n
mbóthar, agus thiomáin sé fé n-a dhéin. Do ráinig roimis istigh
fear críonna, agus bean óg a bhí ag déanamh a gnótha ar fuaid
a' tighe, agus d'iarr sé bheith istigh go maidin orra.



Dubhairt fear an tighe go bhfaigheadh agus fáilthe, agus leigint
do suidhe aníos chum na teine. Chomh maith do shuidh agus
chaitheadar píosa de'n oidhche ag seanachaidheacht le chéile.



Do choinnibh an fear bocht cuimhne ar chomhairlidhibh mhic
Tailce, mar bhí díolta go maith aige asta, agus d'fhiafruigh sé
de fhear an tighe an raibh éinne ag gabháil leis an dtig act
é féin 's a bhean.



Dubhairt fear an tighe ná raibh.



"Ní fhanfad-sa níosa shia annso mar sin," ars' an fear
bocht.



"Cad 'na thaobh, airiú?" arsa fear a' tighe.



"Ní mór dom bheith ag ciorrbhughadh an bhóthair," ars' an
fear bocht.



Ní fheadair sé cá dtabharfadh sé a aghaidh, acht do phreab
sé fé dhéin coca féir a bhí le h-ais an tighe san iothlainn agus
d'fhan sé ann agus níor throm suan do.



Níor bh' fhada bhí sé ann nuair airigh sé an chaint ag
déanamh fé n-a dhéin.



"Dia go deó, linn," ar seisean, "táim réidh anois' munab
ionann agus riamh."



Cad a thiocfadh le n-a ais acht triúr fear. "Ciaca
againn a mharbhóchaidh é," arsa duine aca leis an mbeirt
eile.


L. 59


"A athair," arsa duine aca, "marbh-se é agus ná buail i
n-aon chor é acht tacht é."



"Bíodh 'n-a mhargadh," ars' an t-athair - "tá sé chomh maith
agam mo chóta mór fhágaint annso chum go dtigead thar
n-ais."



Sin mar a bhí.



Ní raibh aon daingean curtha ag bean a' tighe ar an
ndorus mar bhí (a) fhios aice na preabairí a bheith le teacht
an oidhche sin.



Seo isteach an t-athair fé dhéin an tseanduine 'sa'
leabaid agus do rug sé ar dhiúlthaigheach air agus do thacht sé é.



Do chaith bean an tighe agus an triúr preabairí an oidhche go
meidhreach nuair a bhí an seanduine léirighthe aca.



An fhaid a bhíodar istigh do thóg an fear bocht an cóta
mór chuige agus bhain sé séala a bhí fé'n gcába dhi le n-a sgiain,
agus chuir sé chuige 'n-a phóc é.



Nuair a bhí aithint an lae ag teacht, seo amach an triúr
fear, agus do rugadar leó an cóta mór, agus seo fé dhéin a
mbaile iad, agus budh gheárr sain uatha.



Níor bh'fhada 'n-a dhiaidh sin gur phreab bean an t-sean-
duine a marbhuigheadh amach ar chnocán, agus do liúghuigh sí agus
do bhéic sí go raibh a fear marbh t'réis na h-oidhche.



Do chnósaigh na comharsain fé n-a géin, agus ní raibh éinne
budh dúthrachtaighe ná an mhuintir a mhairbh é.



Thiomáin an fear bocht leis fé dhéin Bhéil-Átha-an-Ghaorthaid
chomh tapaidh agus d'fhéad sé, agus níor shrois leis an baile sin a
bhaint amach go h-am mhairbh na h-oidhche.



Nuair a tháinigh sé bhí a mhuintir marbh 'n-a gcodladh
roimis.



Bhí garsún de mhac do a bhí i n-aimsir tigithe a bhaile an
oidhche sin, agus ní raibh aon leabaidh ag an mnaoi bhoicht de
mháthair do chum é chur chum codlata acht i n-a teannta féin.



Do las an fear solus agus do chuaidh sé fé dhéin na leaptha i
n-a raibh a bhean agus chonnaic sé a mhac agus shaoil sé gur dhuine
iasachta é. "H'anam 'o'n diabhal, a bhoidirigh, cia sin id'
theannta?" ar sé ag breith ar ghrafán chum í mharbhughadh.



"Airiú, an amhlaidh ná h-aithnigheann tú Seagháinín?" ar
sí leis.



Do chuimhnigh sé ar a chomhairle agus do leag sé a lámh, agus
thosnuigh sé ar phaidhreoireacht le mac Tailc i dtaobh na
gcomhairlidhe maithe a fuair sé uaidh.



Do chuir a bhean agus a chlann míle fáilthe roimis agus d'éir-
gheadar agus d'adaidheadar teine.


L. 60


Nuair a bhí an teine dearg do tharraing sé chuige an
císte go raibh an marc air agus dubhairt se leó teacht ag ithe.
le linn cannta a bhaint as, do thuit giní ar an úrlár, agus budh
ghearr 'n-a dhiaidh sin gur thuit beirt eile.



"Airiú," arsa a bhean, "nách greannmhar an áit gur chuiris
do chuid airgid chughat."



"Máighistir maith a bhí orm a dhein é sin agus thug sé níos mó
'ná luach an airgid de chomhairlíbh dom," ars' an fear, "agus
muna mbeadh é, bhís-se marbh agam anocht."



I gcionn sgathaimh 'n-a dhiaidh sin do chonnaic Seagháinín i
bpáipeár go raibh coiste ar an seanduine agus gur dhein an
dochtúir amach gurab amhlaidh a tachtadh é, agus go raibh céad
púnt duaise tarraingthe d'éinne a 'neósfadh cia dhein é.



Níor dhein an fear bocht pioc a leigint air, agus preab sé fé
dhéin na gconnstáblaidhthe agus d'innis sé a sgeal dóibh.



Do fuaradh barántas orra agus do tógadh iad. Bhí duine
aca pósta ag bean an tseanduine.



'Sé an bás a fuair an triúr iad a losgadh i bfiugóidíbh.



Fuair an fear bocht an céad púnt agus do mhair sé féin agus a
bhean go soilbhir suairc i gcomhluadar a chéile i mBéal-
Atha-an-Ghaorthaidh as sain amach. Mac mic do is eadh
an Comhairleach Contaetheach atá istigh ó'n gceanntar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services