Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óg Á Chaoineadh

Title
Óg Á Chaoineadh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Floinn, Donnchadh
Composition Date
1807
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Uilíam Ó Mohir cct ar bhás Bríain mc Domhnaill
Uí Fionnacháin .i. mar do bhí an Brían réimhráite aig
fóghluim a léighin ar sgoil an Uilíam chéadhna día
Sathruin agus da adhlaca an Lúan bo goire don
tSathrann céadhna.




'Sé do bhás, a Brian, is díachar croídhe liom,
's do bhás obann a ttosach na hoídhche;
do bheadh marbh ad leanamh fa líogaibh,
's do chodhla fada lér theasdaig Indimion.



As mor ainnise beartaibh an tsaoighil seo:
ní thuigim a mhalairt na cleasaibh ar aonchor.
An té bhí faram Dé Satharan go bríomhar,
Dia Lúain marbh 's a charid dá caoíne!



'S an uair dob eaglach le hainnise mo chroídhe-se,
's gurab é dfúdach an úair sin do rionniomh
le slúaitibh úaibhreacha na bruíghne
go stúaic chnoca fúara na tire,



Do ghlúaisíos mar ghrugach na gaoíthe
go muar-bothadh Thúamhain dob aoíbhne;
do chúardíos gach úachais ionna mbíd sin,
's dom dhuaise mo lúadhsa le hAoibhioll:



"A bhean uasal bo múargo le righthaibh,
's doba ádhbrach le hárd-cheasda sgaoile,
an ttarlo nó ar áitig san tír seo
brádh beag do theáirnaibh ó shaoíthaibh?"


L. 12


Aoibll: Doba é raite na bán-chnise míne:
"Atá fáilte dhuit san ait so agus aoichta;
nidh tharla san ait so 'na mbím-se
bradhadh air bith ó sháradh na Gaídhallaibh.



"'S nách nár libh an t-ár so do rinnead
ar Éirinn 's a traocha le caoíthaicc?
cár ghabhadar clann Ériomháin is Éibhir,
na laochra bo fraochdha a ccoinnsgar?"



Uillm: "Saoghal duit, a spérbhean na ndlaoithe;
do gheiliodar an mhéid sin do ríomuis;
ó ghaibh Murchadh cumas na ttíortha,
do shaorthaibh sé Eire dá naómhdaibh."



Aoibll: "Is dearach an sgéal lén innsint:
an té sin do phréamh-fhuil an tsinnsir
go héadrom aig géilleadh dá phoimpe,
go luaibhneach a buala da naomhdaibh."



Uillm: "Feachsa más bréagach an nídh sin,
go rug sí clann ar shamhailt na nímhe,
gur sgaoil a corp le hoch chuin síolruig,
's go bhfuil dá lot le holch na haoibis."



Aoibll: "Do-chím gurab olc a chor 's a ghníomhartha,
is nách rabhadar doibhn go díoleas:
nach imirt cheart do sgaig a maointa
ach íad féin nár caith go maith a ndísle."



Uillm: "Tar éis gach beart is eadh do chidhtear
cia hí an bheart ba maith le díonamh:
mor-mhagha cuiriota a ccluithche an taoibh sin,
ata an bun aig Jack 's a seacht a n-aoinfheacht."


L. 13


Aoibll: "Smuinig agus sgrúaidaig le draoíthaibh,
nó ar bfeidir le haor neach a claoimadh,
muna ngeilid siad do dhéithibh gan brígh ar bith,
no do lucht Bearla do leaghadh is do sgriobhadh."



Uillm: Sud asteach ár bhfreasdal oídhche,
biadha blasda maitha daoine,
mór-cuiruin órdha da líona
do bheoirthadh, neachtóran is dfiontadh.



Budh léor sin do shólás an tighe sin,
gur éirghe grían a ndíagh na haoidhche;
do ghobhas mo chead gan sdad re hAoibhioll,
is tánga tar m'ais go sreabh na bfaoíleann,



Do chúadhas ar fad go sreab na faoíleann
mar a bhfuaras bád a mbár na taoíde:
fuirionn ghasda matha maoite
do árdaig seólta a ccóir na gaoithe.



Do éirghe reomhainn go crósda san tslíghe sin
Neptune mór is Eolus na gaoithe,
do cuir a bun ionna bar 's a bar ionna hiochtar,
's do neart cnamh do shnámhas chuin tíre.



Níor fhágbhas fána, árd na ísiol,
ar feadh na Múmhan nar shiubhlas timpchioll;
do chuadhas go moch go Cnoc Ibhnis,
is d'éighios go lóm ar Dhonn na Fíre.



Donn: "Eisdig," ar Donn, "gabhaig bhúr ngraoisig:
cluinim fear dom meas a caoíne;
's da mo bean ní bfacfuinn coidhche:
glacadh gach neach a gcaith sa síoda!"


L. 14


Do cheisdig Donn adhbhar mo chaoínte.
Do innisios do gurab óg do chaoínios
do shliocht Ghuaire mhúardha agus Aoimhir
do bhí fám smacht a tteacht na Naoi mBan.



Uillm: "Leanamh gasda, dalta mhínor
an cnis chailce sneachtaig chloíte,
a shuil 's a leaca a taithniomh daoíne,
's as dubhach nar bhair go ccaithfeadh aoíse."



Donn: "Ná déin taisdiol bailte brruíne,"
ar so Donn comm glan fíre;
"ní thait leanuidhe talbhuidhe ísleadh:
riogiocht na glóire is doibh a dhílios.



"Do bhíosa fós 's a cóip so círse
os cheann na gréine san spéir doba aoirde,
gur caitheadh anuas sinn le huabhar 's le díomas
's ní racham tar ais go ccasa an díliann.



"A chlann Ádhamh áirsadh agus Éabhb,
is díb is áirighthe an ait is aoibhne:
bígídhe cráibhtheach grádhmhar críona,
is comeáduig aithionta an Athar Iosa.



"Bígídhe faire, radh psalm san oídhche,
abruig an phadir ata tairbheach brioghbhar;
bioch an charthannacht faraibh nbhur ngniobhartaibh;
an saoghal na meallach sib: níl agaib acht 'iasacht."
Amen.




Foircheann .i. finished by me Thomas Mac Mahone this 10th day
of December 1807.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services