Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aréir cois Leasa is mé Tnáite Fann

Title
Aréir cois Leasa is mé Tnáite Fann
Author(s)
Ó hIfearnáin, Liam Dall,
Composition Date
1775
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1931)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Aréir Cois Leasa is me Tnáite Fann.
Fonn: Páistín Fionn.
Uilliam Abson cct. Bheidhleadóir a bhí 'na chomhnuidhe i gCorcaigh,
1775.



Aréir cois leasa is mé tnáite fann,
Gan spéis an aitios ná trácht air ghreann,
Leam thaobh gur dhearcas an páistín fionn,
Ba gheaneamhail ciúin tais a gáireadh.



Bugh dréimreach bachallach fáinneach fionn,
A craobhfholt daiteadh go sáil air síubhal,
A claonrosg ghlasa gan cháim mar dhrúcht,
'Sa mala bugh chúmthadh le haireamh.



Bhí sgéimh an tsneachtaidh go hálluinn úr,
Le caoradh a caismirt do ghnáth na gnúis,
A béal binn mealla na ráidhte cciúin
Bugh bhlasda do sgrúdach gan ráthfladh.



A haolchrobh leabhair gan cháim air domhann,
Air théada spreagach gach dán le fonn,
Céad tréith le sealladh me tláth lag fann,
Tréim aisling gur mhúisgleas le sámhghean.



A spéirbhean chailce na mban dlúith fionn,
Lead' taon toil aithrise lán stair dhúinn,
Créad an fearann an táird nó an dún
Ór ghaibhise chughainne le grásaibh?



An tú Venus chailce do pléidhidh an túbhal,
Nó Helen measardha, ó'n nGréig thar srúil,
An béith lear' cailleadh na táinteadh dúbhach,
Sular taisdil na tríuchadh le Paíris?



An tú Déirdre an aingir gheal áluinn úr,
Thug Naois go fearannta as Clár-Luirch uainn
Nó Meidhbh chuir dragainn go tláith an iúir
An ainim duit Úna nó Áine?



Is caomha d'fhreagair an paístín fionn,
Ní haon dár chanais atá agud ann,
Acht béith an aislinn mé taínniadh chughad,
Aig aithris rún duit le háthas.



Cidh traochda measdar bheith tnáite fann,
Ár Cséarlas ceannasach caighmear clúimhuill,
Tá teacht an gradam gan spás thar srúill,
Sa ghasra thrúpeach dá ghárda.



Sin traochda Bagmhell, tá Maud go fann,
Is gach aon don aicme thug lánneart míomhann
Bombré Tenson is Parcer cam,
Lear chailleadh gan chionnta na ráibhchoin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services