Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Dheacracha na nGaedheal

Title
Ar Dheacracha na nGaedheal
Author(s)
Ó hAllmhuráin, Tomás,
Compiler/Editor
A. Ó D
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ar Dheacracha Na nGaedheal.
TOMÁS Ó h-ALLMHURÁIN "An Saor Mór" DO CHAN.
Lss Uí R. 69. L. 366.



A Rí 'tá ró-naomhtha is Do thréine gan chuímse,
A Chríost do ghlac daonnacht is do céasadh Dia h-Aoine,
A Dhís 'tá cómh-aontach 'san Naomh-Spioraid Bhur gcuibhreann,
Seo Gaedhil bhocht' ag éigheamh Ort a ngéibheann do scaoileadh,
Má's féidir gur chaitheamar masluighthe i mbrón
An tréimhse tré pheacadh do cheapais dúinn fós,
Do saorais nuair thaithn Leat is chabhair Tú ar Iób;
A Thríonóid go h-éascaidh beir féin Ad' ríoghacht sinn
Ó chuing na gCromwellians i n-Éirinn nó saoir sinn!



Nuair lingeadar tréin-fhir ag léirscrios ár dtíre,
Is bhí tigheas ag na Danes i ngach ceathramha mír dhi;
Nuair chlaoidheadar na Milesians le tréan-neart a naímhde,
Is fó chíos ag na méirligh nuair ba éigean dóibh stríocadh,
d'éist Tú le h-agallmha eaglais ar neoin,
Le géar-ghol na gCaitliceach n-easnamhach ndeireoil,
Le príomh-shliocht na Banbha ag cneadaigh fá'n ngeoc;
Do dhíbris Turgesius is do ghlaodhaidh Tú fád' dhíon iad
Ó chuibhreach Norwegians i n-Éirinn do scaoileadh.



Gach slighe 'na bhfuil Gaodhail bhocht' i n-Éirinn dá saigheadadh,
Ag scríobadh na déirce gan tréine gan reidhse,
Fá dhaoirse ag méirligh iad traochta is gan liaghas air;
Is daor iad na sraitheanna is damanta as meodhan,
Ní féidir na stampanna cheannach gan ór;
Féach-sa ar an ndeachmha dár gcaitheadh as treoir,
Príosúnacht daor ag na céadta dá fhoídhneamh
Ag críochnú gach éileamh fá ghéibheann i mbroíde!



Atá cíos ar na sléibhte is níor léigheadh ar a dhaoirse
Tá'n míonlach 's an t-aolbhach chómh daor is nár scríobhadh air;
Fíor-leath gach éileamh tá 'glaodhach ar na fíor-bhoicht
Is saor maith an cléireach do réidhfeadh feadh míos' é;
Ní h-éadtrom an tsraith atá ar bhraich is ar bheoir,
Féachtar le beathuisce is leathar na mbróg,
Dob' fhéidir gurab easbadhach tobac ar Mhór;
Má bíonn still ag aoinneach nó braon as a píopa: -
Seo an bhuidhean uile shaoghalta fá ghéibheann ag pílears


L. 71


Ó! 'Íosa dhil éist linn ag géar-ghol 's ag caoi Chughat,
Is ná smaoin sinn do ghéar-ghoin fá'n ngéibheann so choidhche,
Cuir saoi álainn éigint go léidmheach thar taoide,
Mar Mhaoise do'n Éigipt go saoradh sé a mhuinntir,
Do réidhfeadh gach anacra is scaipfeadh gach brón
Do chréim sinn le sealad fá easnamh go leor,
Le h-éileamh do leagadh ár mbaithis gan chóir,
Ár n-intinn go tréith-lag is gan féith 'nár gcroidhe istigh
Nár sníomhadh le fóiréigean chomh ? leis an síoda!



Ó! 'Íosa, an cóir éisteacht nó géilleadh do'n Réim Ríoghradh
Thug Maoilín ar Éire ó'n epoch féin choidhche,
do Chriomhthann bhí naomhtha ná d'aon rud dar scríobh sé,
Nó an bríoghmhar nó'n bréagach tá scéal Pastorini;
Má's féidir gur feasach do'n bhfear so gan gó
Gach éifeacht tá i dtaisce i n-Apocalypse Eoin,
Má's tréine nó treascairt gheabhaid Gallaibh go fóill,
Má's fírinneach Béda is gach a léighim ar Mhac Sinnsear,
Amhlaoibh bhí léigheannta nó 'Aonta má's fíor iad.



A naoimh uile as Éire tá i n-aon tigh le h-Íosa,
Chuir síos ar gach daor-bhruid bhí ag Gaodhail le gabháil tríobhtha,
Do mhaoidheabhar ar téarnamh do'n mhéid sin chun críche
Arís go mbadh saor iad go léidmheach lán líomhtha;
Sléachtaidh is screadaidh ar Pheadar is ar Phól,
Ar Bhainríoghan na bhflaitheas is gan dearmad Eoin,
Go léighfid ár ndeacracha ar fad do'n Tríonóid;
Má spioduigh an Spioraid Naomh sibh na scéalta uile d'innsint,
Impighidh gan traochadh nach mbréagnochadh bhur scríbhinn!



CEANGAL.



Mo chumha tríom' scairt, mo chnead, mo cheasnaghail bróin,
Is dubhach mo dhrioch is óm' dhearc bíd srothaibh deoir,
Go h-úr ag teacht go bleacht is mo chroidhe dhá dhóghadh
Tré phudhair mar mheathadh macaibh Mhíleadh mhóir.



Is mór an chreach liom sleachtaibh Chuinn is Eoghain
Ar feogh is ar meath gan ceannas dlighe ná cóir,
Go breoidhte lag gan seasamh coimhnscear gleodh: -
Níor chóir seo mheas nuair glacadh Ruaidhrí i gcoróinn.



Coróinn ná ceannas ó Ghallaibh ná stiuir dlighe is riaghail,
Níl dóibh i dtaisce le tabhairt ach sciúrsaí is srian,
Mór-chíos airgid dá bhailiú is iócaidheacht fhial,
Nó i gcarcair greamaighthe bíodh an t-eallach is dá ndíol ar thrian.


L. 72


Trian níl againn de'n mheanmain ba chleachtadh dhúinne
Ná trian de'n eallach gan scaipeadh againn 's is lag a gcunntas,
Dhá dtrian fearthaine le gailge is ar easbadh clúdaibh,
Dhá dtrian aindeise 'nár mbaithis agus m' fhad-chumha sin!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services