Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar an Dá Ghormánach

Title
Ar an Dá Ghormánach
Author(s)
A. Ó D.,
Compiler/Editor
A. Ó D.
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1928)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ar An Dá Ghormánach.
TOMÁS Ó hALLMHURÁIN "An Saor Mór" DO CHAN.



Ó! 'Íosa 'Mhic Dáibhidh thug táinte as cruaidh-ghéibheann,
'San díle níor bháidh Tú an té ghráidh Tú is do ghéill Dhuit,
Do mhuinntir thug slán leat ó Pharao 'san Éigipt,
Is do chlaoidh Tú 'n tíoránach mío-ghrásach droch-mhéineach;
Féach-sa go carthannach feasta ar na Gaoidhil
Le tréimhse ag Gallaibh dá gcreachadhis dá gclaoidhe,
An t-éigle 's an t-anacra dá ndalladh is dá snoidhe,
Is cuimhnigh am gábhadh ar bith, gur gheall Tú, an té ghlaodhfadh
Go bíogthach is go h-árd Ort a chás sin do réidhteach!



Seo 'n t-aoide in ar práinn do bhochtánaibh Chláir Éibhir,
A nguidhe leagadh Ad' láthair ag gnáth-ghol 's ag éigheamh Ort;
Cidh claoidhte is cidh tláth iad i ngach áit ar feadh Éireann,
Támuíd-ne níos cráidhte chois tráighte Malbay annso;
An ghaoth ar an bhfairrge 's an t-anfadh ar an dtír,
An plé is an t-achrann le sraithibh dá ndíol.
Gach aon nídh le ceannach seo a leath ag an rígh;
Cidh suidhte an trom-dháimh iad, níl tábhacht 'san mhéid sin,
Go dtigidh an deachmha láithreach is fear ró-cháinteach dá h-éileamh.



'Sé 'inntinn 's a shámhacht na bochtáin do léirscrios,
Ní dís ná fear fáin ach parráistigh le chéile;
Is bíogthach an báille é, neamh-náireach tré éigceart,
Is ní fírinne is gnáth 'na bharántas ach éitheach;
Is daor is is damanta mheasann sé an síol,
Ní féidir linn sreanadh leis, caithfeam é dhíol;
Bíonn spéice mór bata aige ag bagairt ar chínn
Fís is biotáile 's a lán dhe lá an aonaigh,
Is má íocainm é láithreach, seo amáireach é ag éileamh!



Is é gheabham go bráth ó'n fear cháinte so ag éileamh
Corrghail is clampráil, storráil is breith éigin,
Dorraidheacht is do-shástacht is mí-chéadfadh ar gach aoinneach,
Madraidheacht is ceanndánacht, gruthnáil is droch-fhéachaint;
Bíonn faobhar is fearg air is anfadh nímhe
Dá shéideadh chun anachain is deacair ghabhail roímhe;
Gach aon duine faoi'n amadh, sin creachta é gan scíth:
Tá suím fós gan áireamh nach gádh chur i gcéill Dhuit
Dé ghníomhartha na nGormánach, mar atá fhios Agat féin iad.


L. 22


Ó! 'Íosa má's áil go lá 'n bhráth sinn do shaoradh,
Cuir cúig éigint báis air do cháithfeadh de'n tsaoghal é;
Cuir loíbhre nó pláigh air nó gráin-ghalar éigint,
Cois chrainn nó tréighid bháis air nó algas foiréigin;
Créimnigh nó craipligh é gan tapadh gan brígh,
A ghéaga leag marbh nó alt as a dhruím,
Séid é le dropsy is cuir cnead ina chroidhe,
Ar mhaoil an tíoránaigh leag lámh i slígh éigint,
Do chlaoidhfeas é láithreach, a ghrádh dhil, is bíom réidh leis!



CEANGAL.



Is dána d'aithrisid an eaglais is duíbhe cóta
Go bráth nach peacadh is gur taithneamh Leat-sa, a Rí chómhachta
An fann ró-dhealbh do chreachadh is do shíor-scóladh,
is dá bhfeanntaí a gcroiceann nó a ndeachmha do dhíol leo-san:
Do ráidh gach pearsa aca go h-achrannach éagcórach
"'Sé ceárd ár mbeathadh-sa creachadh na bhfíor-lómach,
Anall ó fhlaitheas tá ár bpaitin 's ár bpríomh-chómhachta."
An cháin seo aistrigh mar ar theagaisc Tú dlighe do'n tóir so!




Freagra An Teachtaire.



.i. TOMÁS BACACH Ó GRÍOBHTHA.



Do réir mar do glacadh an gearán roimhráidhte i bhflaitheas Dé.



A dhaoine, mar tá sibh chois tráighte Malbay amuigh
Cíortha ó phúnáiste an Deacánaigh 's a chléirigh;
Líonaidh go láidir fiormáilte na spéartha
Ag síor-mholadh an Árd-Mhic le gártha lán-bhuidheachais,
Do shaor sibh ó dhanardhacht achrainn is dlighe,
Is d'éist ins na flaithis le psailm an tSaoir!
Do ghéill Sé go tapa gach ceacht di bheadh fíor,
Chuir scríobhtha dá láthair le Gabriel le léigheadh í
Is do claoidheadh an tíoránach, fear cáinte an an-éilimh.



An Fheartlaoidh.
Ó'N BHFEAR CHÉADNA.



A gharbh-leac ghlas gan slacht ó láimh an tsaoir,
Greamuigh gan stad led' chneas is fásc do shíor
Na feallairí, shlad is do chreach go bráth an tír,
Is do spalpfadh go prap stair nár ghnáthach fíor!


L. 23


Is fíor gur ádhbhar áthais dhúinne is croidhe
An dís Ghormánach thárla fút' na luighe;
Arís ód' lár má thárnuíd chughainn aníos,
A Chríost, cá bhfágham biotáile, púint na fís!



Fís má chasaid, bheadh báilleach as áit éigint,
Cíos ró-dhamanta a's deachmha do'n Archdeacon,
Nó raghadh an peidhre garbh le bata is le lán-spéice
Ag saighdeadh ár n-eallaigh faoi ghlasaibh i sáinn éigint.



Éigean is claon-bheart is fealladh gníomhartha
Daor-bhreith le géar-smacht is le bagairt gaoise: -
Seo tréithe soi-léighte na garbh-dhíse,
Séamas an éigcirt is Mathghamhain smíste.



Seo smístí ceapadh le Sátan dár síor-chiapadh,
Ba millteach masluightheach malluighthe mí-riaghalta;
Ba saighead nimhe a bhfearg is ba cealg a mín-bhriathra,
Do'n Árd-Rígh ár psailm ó scaradar linn i mbliadhna.



I mbliadhna leagadh na h-alpairí mí-bhéasach',
Chaith ciall a mbaithis le beartanna círéibeach';
Gan srian le h-anachain neachtar díobh seach a chéile,
Is Dia dá dtagadh ní mheasaim go mbearradh Séamas.



Tá Séamas marbh is dob' annamh leis bheith ciuin ná tais,
Mathghamhain garbh gan anam go dlúth len 'ais;
Badh scéal aithiseach dá bpreabadaís ód' chiumhais amach,
Géar-screadaim ort is greamuigh fút an cúpla, a leac!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services