Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Guaire cct.

Title
Seán Ó Guaire cct.
Author(s)
Ó Guaire, Seán Cct,
Compiler/Editor
Seán Ó Guaire
Composition Date
1844
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Fonn: "Táim-se im chodladh is ná múscail mé."



Ar maidin indé i gcéin cois coille dham
Tráth is mé ag machtnamh ar chúrsaí an tsaoghail,
Is ar an aiste seo ar Ghaedhil fá ghéibheann Gallaphuic,
Do tháinig osna go diúth im thaobh.
Do dhearcas an réaltann mhaordha mhaiseamhail
'Na reathaibh mear éasca ag téacht im aice-se,
is a carn-fholt craobhach dréimreach daithte tiugh
Go sáil ó bhaitheas ag túirlint léi.



Bhí luisne na gcaor gan bhréig 'na leacain
Le scáil an tsneachta go dlúth i ngléidh,
Is a reamhar-rosc claon le gaethe threascair
Na táinte seabhac le tnúth i bpéin;
A leabhar-chrobh réidh ar dhaor-bhrat thairngeas
Barcaibh ar thréan-mhuir, éanlaith is eachradh,
Lasadh na Trae, is a laochra ladartha;
A brághaid is a mama mo phudhair! mar aol.



Tan dhearcas an bhé do b'éadtrom aistear
Sléachtaim sealad go humhal dá gné;
Fionnaim de'n spéir-bhean scéal go haibidh,
A dáil, a hainm, a clú 's a préamh.
"An sibh-se fó réim ó'n nGréig go cealgach
d'fhág treascartha an Trae is éag na ndragan,
An ghailtheann gheal tséimh ler traochadh Achilles,
Nó'n stáid dar moladh an t-ubhall 's an chraobh?



"An tusa an tsídh-bhean mhíonla mhaiseamhail
Thug Iáson sochma fá stiuir do'n Ghréig,
Nó an ainnir thug laochradh Gaedheal ó Albain,
Nó'n bháb d'fhúig Conalll tar triúcha i gcéin?
An tú thaistil le Naois ó chrích na hEamhaine,
Nó neachtar de'n dís do shín le hAlastrom,
Thelestis bhinn, nó'n chaoin-bhean Verenis,
Tailtean chailce, nó Lúna shéimh?"



D'fhreagair an bhé i mbréithribh eagna:
"Mo dháil is follas i ndúlaibh Gaedheal,
Is bean-chara d'Aonghus, d'Aodh agus Chairbre
An t-árd-fhlaith ullamh fuair clú agus réim,
Ag taisteal fód' dhéin le scéalaibh anabaidh
An bascadh 's an baoghal so ar bhéaraibh Breataine,
'S is fogas dóibh béim Mhic dé dá dtreascairt,
An táin seo shaelbhuigh dúnta Gaedheal.


L. 75


"Gach danaire d'úr-shliocht Liútair mhallaighthe
Cháineas taise 'gus úird na Naomh,
Thug masla is míochlú gan chúis do'n Aifreann,
Is gar dóibh eascar le cunntas tréan.
Ag taisteal na dtonn tá an Prionnsa pearsanta,
Dá chabhair tá cabhlach Franncach feargach
Do chaithfeas na Gaill as Teamhair na Banbha,
Síor sliocht Gallaibh gan clú dá n-éis.



"Má chaillid siúd triúchadh cúil na Breataine
Stáid na Sacsan is úr-ghlas féar,
Tá fearann ag Liútar i gclúid dóibh ceannuighthe
I n-áras Tartaruis mhúrthaigh bhréin,
I n-aice na dtonn i ngleannta Phlegeton,
Nó i n-Acheron fann i dteannta Cerberuis,
I bhfochair an phrionnsa scannrtha Belzebub
Is Charon chuirfidh thar srúill gach n-aon.



"A chalm-shliocht Ghaedhil is Mhíleadh meardha
Ba ghnáthach treasamhail trúpach tréan,
Gabhaidh bhar gclaidhmhte is bhar gcraoisigh catha
Go feardha fortail, le lúth is fraoch.
Is gairid uaibh coimheascar fíochmhar, geallaim díbh,
Is curadhaibh le faoibhir ag díochur Danaraibh,
Is beidh seilbh arís ag mo shíol mar chleachtadar, -
Slán leat feasta, is chum siubhail beidh mé."



Gach calm-fhear grádhmhar sár-ghlic seasamhach
Fáilteach, fearamhail, fiúntach, saor,
Tagadh le páirt im dháil 'dtí an tabhairne,
Sár-shliocht Labhartha, Lugh is Chéin.
Líontar dhúinn cárt ar clár de bheathuisce,
is ólfaimíd sláinte chláir ghil Banbha,
Céad míle fáilte ó'n áit seo feasta leat -
táim-se im chodladh is ná múscail mé!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services