Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagrán 1917

Title
Eagrán 1917
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
Muintir Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE COLUMBAN RECORD



IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD



AR NA CHUR AMACH DO



CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD



Beir mo bheannacht lat siar,
As briste mo chroidhe im chliabh;
Dá tteccmadh écc dála damh,
Is ar méad grádha Gaodhal.



— Colm Cille.



Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.



1917


L. ii


DOLLARD
PRINTINGHOUSE
DUBLIN
LIMITED.


L. iii



L. iv


“IS BEAN RÓ-MHÓR I BPÉIN MÉ IS MO CHÉILE DO
CHUAIDH THAR TUÍNN,
MO CHLANN GO BHFUIL I NDAOR-BHRUID GO TRÉITH-
LAG 'S GAN PHREAB 'NA GCROIDHE,
ACH EIREÓCHAIDH CLANNA GAEDHILGE AGUS LÉIMFIDH
GO MEAR GACH CLOIDHEAMH,
'S GUR B'É TÚIS A'S DEIRE MO SGÉIL-SE GO
MBEIDH ÉIRE FÓS AG CÁIT NÍ DHUIBHIR.”


L. 1


IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.



THE COLUMBAN RECORD.



AN CÚIGEADH BLIADHAIN DÉAG. 1917.



EUGCAOINE AN DOCHTÚRA UÍ ICEADHA.



(Fonn: Seaán Ó Duibhir an Ghleanna.)



I.



Tráthnóinin lae go seascair
Tháinig chugham-sa sagart
Le sceula chum agallamh
Gur chailleadh an laoch;
Gur ghlaodhadh ar an gcródhaire
Ó Phortchládhach ar an gClódach
Ó thigh a dhearbhráthar, mo mhór-ghoin,
Mar ar tháinig air an neul;
Gur fhreagair sé go tapaidh,
Gan claon, ná staon, ná eagla,
A's gur bhronn sé ar a Athair
An t-anam in a chléibh;
Gur thug aghaidh ar na Flaithis
Ag coinne le Naomh Peadar
Ná hiadhfadh air an geata
Go hoighreacht na bhfíreun.



II.



Mo bhuaidhreamh buan an teastas,
Gur chuaidh in eug an sagart,
Go buadhach ar thaobh an mhaithis
Do sheasuigh le n-a ré;
Ba cheart, ba léir, ba chneasta
Do réidhfeadh sé na snadhma
Go daingean bhí ag ceangal
Ár n-eólas 's ár léigheann;
Ba sheasmhach a theagosc,
Ba bhlasta é ag tagairt
Do bheatha Gaedheal do mhair ann
In Éire gheal na naomh;
Do léirigh siar a mbeatha
Ar an saoghal so, an aga
Do bhíodar ann ag faire
'S ag fuireach leis an nglaodh.



III.



Don Róimh do-chuaidh go tapaidh
Ag coinne leis an Athair
'N-a shuidhe i gcathaoir Pheadair
Go réidhfeadh a sceul,
A chúis do phléidh gan bhladar
Gan lúib ná sceul in aisce
Acht dubhracht fhíor a's faisnéis
Do chur dóibh i gcéill.
Buaidh ní bhfuair, is feasach;
Is buaidheartha do bhí dá dheascaidh
Ar cuaird ag casadh abhaile
Go dubh-chroidheach, mo léin.
Fuascladh go bhfaghaidh
Ná fuair sé ar an talamh
Mar luach a's lón feasta
Dá chuid ar son na nGaedheal!


L. 2


IV.



Cad dheunfaimíd, a cháirde?
Anois in a dhiaidh go cráidhte
Gan comhairle ón sáir-fhear
Tá sínte anois i gcré,
I gcré a bhaile dhúthchais.
An cholann úd, mo dhubh-chreach,
Gur leagadh í chomh luath ann
Is dealbh é mar sceul.
Do cuireadh é, is feasach,
A's Gaedhil go dubhach ag athcuinge
I nGaedhilg mhilis ghreanta
Do chleachtaigheadh sé féin.
Anois atá sé treascartha
Gan lúth, ná guth in a cheannachaibh,
Mo chumha go dian an t-easnamh
Anois ar chlannaibh Gaedheal.



V.



Guidhimís, a cháirde,
Chum Críost a's Muire Máthair
Leabaidh mhín a's áitreamh
I gcuideachta na naomh,
Do thabhairt don taoiseach eólach
Don sagart gléigeal álainn,
Bhí caoin, cneasta, grádhmhar,
Do-chuaidh ró luath in eug.
Peadar, Pól, a's Pádraig,
Cárthach, Eóin, a's Deuglán,
A's Micheul cóir Árdaingeal,
Go rabhadar ar a thaobh,
Go bráth i gcúirt na bhflaitheas,
Fa ghrádh i measc na n-aingeal
Fa aoibhneas árd a's gradam
Ar dheas-láimh Mic Dé.



Gach neach mar a léigheann,
Guidheadh ar an nGaedheal,
Micheul séimh ó hIceadha.



PÁDRAIG DE BREIT
ó Phortláirge do scríobh.


L. 12



DÓMHNALL UA CONAILL.



Tamall maith ó shoin bhíos ag éisteacht
le h-óraid dhá thabhairt ag easbog a tháinig
annso ó'n bhFrainnc. A Frainncís a labhair
sé linn. I rith na cainnte dó, dúbhairt sé
linn go bhfeaca sé i sráid mhóir cathrach
Bhaile-Átha-Cliath leacht 'na seasamh 'ghá
thaisbeáint do gach aoinne a thagann isteach
ann an onóir agus an urraim a bheith
ag muinntir na h-Éireann do'n Chonallach.
Annsan do dhein sé suím cainnte i dtaobh
an fhir mhóir sin, agus thug sé féin fíor-
mholadh dó mar gheall ar an obair a dhein
sé ar son na h-Éireann, ar son Creidimh
na h-Éireann, agus ar son saoirseachta
na h-Éireann. Dúbhairt sé nách raibh
fear le fághail le cur i gcomórtas leis.
Tar éis na h-óráide sin do dheineas-sa
machtnamh ar a lán rudaí a bhain leis an
gcainnt. Seo anois cuid de'n mhactnamh
sin. Féach duine, adúbhras i m'aigne
féin, nách raibh riamh i n-Éirinn go dtí so,
duine nách bhfuil aon bhaint aige le
muintir na h-Éireann, duine nách bhfuil
aon spéis aige 'sna neithibh a thaithneann
le h-Éireannachaibh, duine nách bhfuil focal
Gaedhilge aige, agus 'na aimhdheoin sin,
is maith atá a fhios aige go ndeárna
Dómhnall Ua Conaill mórán chun Éire
do shábháil ó aindlighthibh na nGall, agus
chun caoi a thabhairt di ar a creideamh féin
do chleachtadh mar ba chóir. Nách ceart
dúinn-ne eólus níos feárr go mór a
bheith againn ar bheatha, ar ghníomhtharaibh
agus ar thréithibh slánuightheóra na
h-Éireann? D'fhiafruigheas díom fhéin
an raibh an t-eólus cruinn sin agam,
agus do chaitheas a admháil nách raibh.
Sé rud a dheineas de bhárr an mhachtnaimh
ná íarracht a dhéanamh ar chúntaisí a bheatha
d'fhághail. Do léigheas leabhair ag cur
síos ar ar dhein sé ar son a thíre féin.
Fuaireas tráchtas i gceann acu ar an
mhódh 'nar chaith sé a shaoghal ó'n am 'na
rugadh é go dtí go raibh sé bliadhain is
fiche d'aois. Do fuaireas eólus ann nách
raibh agam go dtí san, gur sgríobh
Dómhnall irisleabhar ar ghníomhtharaibh agus
ar léightheóireacht gach lae. Do lean sé
ar an irisleabhar ar feadh na mbliadhanta
a chaith sé ag foghluim an dlighe, i Lonndain
ar dtúis, agus na dhiaidh sin i mBaile-
Átha-Cliath. Is mór an truagh nár lean
sé ar an obair ar feadh a shaoghail go léir,
ach do chuir sé cosg leis díreach nuair badh
mhaith linn cúntas a bheatha a bheith againn
uaidh féin. Is dócha go raibh an iomarca
le déanamh aige nuair a bhí obair an dlighe
agus obair phoilitídheachta ar siubhal aige.
Acht mar sin féin is maith an rud go bhfuil
an méid sin d'á sgéal sgríobhtha aige féin.



Rugadh Dómhnall Ua Conaill i n-Iarthar
Chiarraidhe i mbliadhain a míle seacht gcéad
cúig deag agus trí fichid. Ní raibh aon
chaoi ag a mhuintir ar árd-sgoluidheacht
d'fhághail do i nÉirinn san am san. Chuaidh
sé go dtí an Fhrainnc dá bhrígh sin chun
na foghlumtha d'fhághail nách raibh le fághail
'na thír féin mar gheall ar anfhorlann is
aindlighthibh na nGall. Do chaith se suím
aimsire ann, agus bhí a dhearbhráthair 'na
fhocair. B'éigean dóibh teicheadh as an áit
nuair a thosnuigh an éirighe amach i gcoinnibh


L. 13


an Riaghaltais i mbliadhain 1795. Tháinig
Dómhnall go Lonndain agus d'fhan sé ann
ar feadh tamaill ag foghluim an dlighe.
Is um an dtaca so a chrom sé ar an
irisleabhar a sgríobhadh agus tá curtha
síos aige ann cúntas ar a mbíodh ar
siubhal aige gach lá. Tá curtha os ár
gcómhair aige ainmneacha na leabhar a
léigheadh sé agus na smaointe a thagadh
chuige ar mbeith 'ghá léigheamh dó. Deir
sé gur thaithn Stair Impireachta na
Rómhánach a sgríobh Gibbon go h-ana-mhaith
leis, agus do léigheadh sé cuid de'n leabhar
so gach lá go dtí go raibh sé críochnuighthe
aige. Acht cé go raibh an léightheóireacht
seo ar siubhal aige níor thug sé faillíghe
'na ghnó féin. Bhíodh sé ag foghluim gach
lá as leabhraibh an dlighe. Nuair a bhíodh
gníomhthara an lae dá sgríobhadh síos aige
thugadh sé fé ndeara gach dearmhad a dhein
sé, agus do chuireadh sé roimis an dearmhad
san do sheachaint as san amach. Tá deagh-
shompla againn annso má's maith linn é
leanamhaint agus beart a dhéanamh dá
réir. Níor ró-mhaith é chun éirighthe as a
leabaidh ar maidin, agus bhíodh sé go
h-ana-dhian air féin mar gheall air,
agus do chuireadh sé os a chómhair éirighe
go moch ar maidin. Fé dheire do bhuaidh sé
ar an ndroch-nós, mar tá fhios againn
go n-éirigheadh sé ar feadh cúig bliadhan
is fiche timcheall ar a ceathair a chlog ar
maidin agus bhíodh sé na shuidhe ag obair
ar a cúig a chlog.



Deir sé san irisleabhar go raibh módh
áirighthe aige chun foghlumtha an dlighe, acht
ní bhfuil fhios againn cérbh'é an saghas
é mar níor sgríobh sé a thuille na thaoibh.
Tá a fhios againn gur éirigh leis go dian-
mhaith mar dlightheóir clisde do b'eadh é.
Is dócha nár mhair aon fhear eile i nÉirinn
ó shoin go raibh an méid oibre le déanamh
aige agus mar a bhíodh ag an gConallach
ar feadh a ré. Is iongantach an sgéal
é seo go mór mór nuair atá a fhios againn
gurbh'é an chéad Chatoiliceach é a dhein
an méid sin. Tamaillín roimh an am
so ní raibh cead ag aoinne de lucht ár
gCreidimh bheith 'na fhear dlighe i n-Éirinn.
Acht do cuireadh an cosg san ar neimhnídh,
agus ní túisge a cuireadh ná mar a tháinig
an t-Éireannach óg os cómhair an tsaoghail,
agus le h-éirim aigne agus le géire
inntleachta do bhuaidh sé ar gach aoinne a
bhuail 'na choinnibh, agus tar éis tamaill
dob' é an fear ab fheárr i nÉirinn é
chun cómhairle a thabhairt do dhuine, agus
chun é do bhreith saor ó gach contabhairt
do bhain leis an ndlighe. Bhí na Protes-
túnaigh ar a lorg chómh maith le muintir
a Chreidimh féin. Bhí beirt Phrotestúnach
ag cainnt lá, agus bhí cúis ag duine
acu 'san gcúirt agus b'é Dómhnall
an fear dlighe a bhí aige. Dúbhairt an
duine eile leis nár cheart dó é thabhairt
do Chatoiliceach an fhaid is bhí fir dlighe
a dhóthain de lucht a chreidimh féin aige.
“Fan go fóil,” arsa'n chéad fhear, “agus
b'fhéidir go mbeadh a fhios agat cad na
thaobh gur thugas mo chúis dó-súd.”
D'imthigh an obair cun cínn, agus mar
ba ghnáthach, bhí an buaidh ag an gConallach.
“Anois,” arsa'n chéad fhear leis an
nduine a bhí ag cnáimhseáil, “nách raibh
an ceart agam?”



Fear sultmhar, meidhreach, soilbhir
ab'eadh é, agus is mó sgéal greannmhar
a ríomhthar 'na thaoibh. D'airigh a lán
daoine is dócha an sgéal i dtaobh na beár-
thóireachta a d'éirigh idir Dómhnall agus
Brighid Ní Mhuirchearthaigh i mBaile-Átha-
Cliath. Bhí a fhios ag a cháirdibh gur mhaith an
saghas é chun aghaidh na muc agus na
madraí do thabhairt do dhuine, acht do chuir
duine acu geall leis go mbuaidhfeadh an
bhean so air. Do thóg sé an geall agus
tháinig sé os cómhair Bríghde, agus do
thosnuigh sé ar na h-earraí a bhí aici do
cháineadh. Annsan do tharaing sise chuichi
a cuid droch-chainte, agus do thug sí dhó


L. 14


é go dána mí-náireach. Acht bhí Dómhnall
ró-ghlic di. Do chrom sé ar gach focal
deacair neamh-choitchianta a leigint amach
as a bhéal. Níor airigh sí ceann acu riamh
roimhe sin, agus ba dhóigh léi gur dhroch-
mhasla uathbhásach gac focal díobh. Nuair
a bhí a cuid féin imthigthe uaithi is amhlaidh
a bhí seisean ag dul i bhfeabhas, agus fé
dheire do chaith sí géilleadh dhó. Is mó
sgéal eile ar a deintear trácht 'na thaoibh
acht ní h-aon mhaitheas bheith 'ghá gcur síos
annso.



Nuair a bhí sé 'na gharsún ag dul ar
sgoil ní raibh sé ní b'fheárr ná aoinne eile
do réir an chúntais atá againn air.
Deirtear mar sin féin gur fhoghluim sé
an aibgitir ó mháighistir sgoile i rith uaire
an chloig nó mar sin. Níor mhaith leis aon
phionós d'fhághail, agus lá nuair a bhí a
mháighistir ar tí é do bhualadh mar- gheall
ar gan a cheacht a bheith de ghlan-mheabhair
aige d'iarr sé air beagáinín annsire a
thabhairt dó; agus do thug, agus nuair
a bhí an t-am caithte bhí an ceacht go maith
aige cé gur dheacair le foghluim é. Ó'n
óige bhí dúil aige ins na leabhraibh, agus
b'fheárr leis bheith ag léigheamh ná bheith
ag rith agus ag déanamh spóirt leis na
buachaillíbh eile. Nuair a bhíodh sé ag
léigheamh beatha fhir mhóir éigin, agus
nuair a chuimhnígheadh sé conus a bhí ainm
agus gníomhthartha an fhir sin os cómhair
an tsaoghail agus i mbéal na ndaoine 'sé
machtnamh a dheineadh sé ná: “Badh mhaith
liom-sa bheith mar sin; mo cháil agus mo
chlú á leathadh ar fúid na h-Éireann agus
ar fúid an domhain ar fad.” Do dhein
sé beart do réir an mhachtnaimh sin acht is


L. 15


beag an coinne a bhí aige go bhféadfadh
sé a rádh le fírinne fé mar adúbhairt
sé: “Táim-se im' rí ar Éirinn anois.”
Is cosamhail é sin le rud eile a thuit amach
nuair a bhí sé bliadhain is fiche d'aois.
Chuala sé cúntas ar bhás a charad, agus
sgríobh sé 'san irisleabhar machtnamh
a dhein sé ar an sgéal san. “Bhí caradas
dlúth idir mise agus an fear bocht so,
acht tá brón orm a rádh gur éirigh easaontas
eadrainn. Acht is dúbhach dubrónach liom
cúntas a bháis. Ní fheadar an mbeidh
aoinne chun deóir a shileadh ós mo chionn-sa,
nó an mbeidh aon fhíor-chara im' dhiaidh chun
mo bháis féin a chaoineadh. Ba mhian liom
dá mbeadh duine éigin croidheamhail a
chuimhneóchadh orm cois na h-uaighe 'na
mbead sínte fuar ag dreóghadh! Acht
ó's geárr an saoghal atá againn annso
déanfad-sa mo dhícheall chun sonas agus
sólás d'fághail pé fada geárr a bhead
annso. Sé slighe is feárr chuige sin
ná mo chroidhe do líonadh de thír-ghrádh agus
de ghrádh do'n Chreideamh.” Do dhein sé
fé mar a chuir sé roimis a dhéanamh. Do
chaith sé a shaoghal ar fad ag obair chun a thír
dhúthchais do shábháil agus chun Creideamh
na Naomh d'aithbheódhadh innti. Is beag an
coinne a bhí aige ámhthach nuair a tháinig an
smaoineamh san isteach 'na aigne go mbeadh
Éire go léir 'ghá chaoineadh, agus go mbeadh
gach tír 'na raibh grádh saoirseachta agus
Creidimh Chríost innti go brónach tar
éis a bháis. Acht is mar sin a thárla. Tré
mí-ádh agus ocras agus galar na bliadhna
uathbhásaighe úd '47, d'éirigh gáir chaointe
truaighmhéileach ó gach aon pháirt d'Éirinn
nuair do h-airígheadh cúntas a bháis. Mar
adúbhairt páipeur nuaidheachta an bhliadhain
sin: “Tá an gorta 'nár measg, tá an
fiabhras 'nár measg, tá easaontas
eadrainn, agus tá an Conallach marbh.”



B'fhéidir gur mhaith an rud cur síos
geárr a sgríobhadh ar áilneacht a phearsan
agus a ghné. Deir muintir a chómh-aoise
gurbh fhear téagartha, áluinn, slineánach
a bhí ann. Bhí sé ana-dhathamhail i na
cheannachaibh. Súile gorma geala air,
agus iad go geanamhail, cneasta, macánta.
Bhí guth breágh árd aige go bhféadfá a
chloisint ar gach taobh de chruinniúghadh
daoine 'na mbeadh na céadta míle fear
ag éisteacht le gach focal a thagadh amach
as a bhéal. Agus ní amháin go raibh an
guth breágh san aige, acht bhí an chainnt
aige chómh maith nó b'fhéidir ní b'fheárr.
Thagadh na focla chuige fé mar a thagann an
t-uisge do'n sreabh. Dá bhrígh sin bhí
cómhacht míorbhuilteach aige chun daoine
do choimeád fé na réim, agus d'fhéadfadh
sé aon nidh ba mhaith leis a d'iarraidh
ortha agus do dhéanfaidís rud air.



Is mó duine a chuir síos ar a ndeárna
sé ar son na h-Éireann, agus ar an módh
a cheap sé chun saoirseachta a thabhairt dí
ar a Creideamh do chleachtadh mar ba chóir.
Is mó duine a sgríobh cúntas a bheatha,
agus deir a bhfurmhór nár mhair aoinne
riamh i nÉirinn gur féidir é chur i
gcomórtas leis san obair a dhein sé
ar son Creidimh agus tíre. Roimh an am
so ní raibh cead ag muintir na h-Éireann
taithíghe do dhéanamh de'n Chreideamh. Do
cuireadh gach aon tsaghas pionós ortha
nuair d'airígheadh na Sasanaigh go raibh
an cleachtadh san ar siubhal. Dá mbadh rud
é go raibh capall maith ag feirmeóir
Catoiliceach, agus gur mhaith le Sasanach an
capall a bheith aige féin, ní raibh le déanamh
aige acht cúig púint do thabhairt do'n
bhfeirmeóir bhocht, agus chaithfeadh seisean
an capall a thabhairt do. Sin é ceann
des na aindlighthibh mí-nádúrtha a bhí ag
brúghadh ár sínnsear san am san. Níor
bhféidir le Catoiliceach dul mar feisire
go dtí Tigh an Riaghaltais, agus na daoine
go raibh togharma acu, bhí iachall ortha iad
do thabhairt do thighearna talmhan, nó muna
dtabharfaidís do caithfidhe amach ar an
mbóthar iad féin agus a gclainn. Nuair


L. 16


a thugadh siad na togharma ba bheag an
maitheas dóibh iad. Ní bhfaghadh siad
asta acht tuille anró is mí-ádh.



Ní ghádh dhom a rádh ná go raibh brón
ar an gConallach mar gheall ar an mí-
riaghail seo a bhí ar mhuintir a thíre féin.
Cé go bhfuaireadar saghas saoirseachta
roimh an am so, ní rabhadar go ró-mhaith
fós. Acht ba gheárr go raibh Dómhnall
sa chéad áit i gCuallacht na gCatoiliceach.
Ba gheárr go bhfeaca sé nách raibh aon nidh
le fághail as Sasana agus a Riaghaltas
muna gcuirfeadh muintir na tíre go léir
go daingean le n-a chéile. Mar gheall air
sin, do chuir sé fógradh amach 'ghá iarraidh
ar gach aoinne go raibh tír-ghrád 'na
chroidhe aige teacht isteach 'sa chumann
nuadh a bhí aige dhá chur ar bun. Sé cumann
nuadh a cheap Dómhnall ná, Comh-
Chruinniughadh na gCatoiliceach; agus is
dócha go bhfuil a fhios ag gach aoinne
cad é an bhrígh atá leis. Ba bheag an
dream a tháinig isteach ar dtúis acht tar éis
tamaill nuair do cuireadh na fógraí
amach ar fúid na tíre, agus go mór-mór
nuair a bhí na sagairt ins gach aon
áit ag oibriughadh go dían ar a shon, do
tháinig mór-chuid de phríomh-fhearaibh na
gCatoiliceach isteach. Rud eile a dhein
Dómhnall agus b'é rud é na “Cíos na
gCatoiliceach” a dh'fhághail ó gach aoinne
go raibh páirt aige 'san obair. Thug gach
aoinne pingin sa mí do'n Chuallacht chun
airgead do bhailiughadh i gcóir na h-oibre
a chuir an Conallach roimis a dhéanamh.
Ba mhór an t-áthas agus an lúthgháir a
tháinig ar na daoinibh nuair a cuireadh
an méid sin i n-iúil dóibh. Do thuig
Dómhnall leis go mbadh mhór an congnamh
a d'féadfadh na daoine a thabhairt dó,
dá mbeadh tuisgint a gcómhachta féin
i gceart acu. Bhí toghairm ag an bhfurmhór
díobh acht ba bheag an mhaitheas dóibh é go
dtí so, mar ní raibh aoinne acu le cur
isteach i bPárliament acht duine a dhéanfadh
an díoghbháil ba mhó a bhféadfadh sé. Acht
do tháinig athrúghadh mór ar na daoinibh
mar gheall ar an gcíos. Do snaidhmeadh
dlúth-cheangal idir gach craobh de'n Chual-
lacht mar gheall air, agus bhí na daoine
ins gach áit ag féachaint ar an gceann
uraid a bhí acu i mBaile-Átha-Cliath chun
eólus d'fhághail uaidh ar cad ba ceart
dóibh a dhéanamh.



Bhí an méid sin eagla ar Shasana agus
ar lucht an Riaghaltais roimh an gCuallacht
a cuireadh ar bun mar seo, gur cuireadh
dlighe eile i bhfeidhm ag cur cosg le gach
cumann 'na mbíodh cruinnighthe ar feadh
breis is coighthídhis ann, nó 'na mbíodh
airgead dá bhailiúghadh. Bhí a fhios ag
gach aoinne gur i gcoinnibh na gCatoiliceach
a cuireadh an dlighe i bhfeidhm. Acht fear
dlighe eólgaiseach ab'eadh an Conallach
leis, agus tamaillín tar éis sin, do
chuir sé an Chuallacht ar bun arís acht
i bhfuirm nuadh, i dtréo ná beadh aon
bhaint ag an gcosg léi. Do cuireadh
ar bun í chun oideachas agus congnamh
do thabhairt dos na bochtaibh. Bhíodh
cruinniughadh ins gach cúigeadh na
h-Éireann, agus tháinig na mílte daoine
i bhfocair a chéile, agus d'éirigh caradas
idir lucht na tíre agus taoiseacha na
Cuallachta.



Nuair a bhí gach aoinne ag cabhrúghadh le
n-a chéile mar sin, do chonnaic an ceann-
uraid go mbadh mhaith an rud duine d'á
mhuintir féin do chur isteach i bPárliment.
Le h-ádhmharaighe an domhain bhí áit ollamh
'na chómhair i bPortláirge. Do chuir sé
fear ag triall ar na daoinibh ann, fear
go raibh grádh saoirseachta ár gCreidimh
aige cé nách raibh an Creideamh aige féin.
Stuart ba shloinne dhó. Tháinig na daoine
'na míltibh go dtí an áit 'na raibh an toghadh
ar siubhal, agus thugadar na gártha molta
agus míle fáilte do'n Chonallach agus
d'á chuideachtain. Bhí tighearna talmhan
ann leis, agus ba dhóigh leis siúd agus


L. 17


leis na daoinibh a bhí ar a thaoibh ná beadh
aon trioblóid air an buaidh d'fhághail.
Acht do bhí dearmhad mór ortha. Thug gach
aoinne beagnách a thoghairm do'n fhear
nuadh, agus do fágadh an tighearna talmhan
mar a bhí sé. Do h-imireadh an cleas céadna
ins na h-áiteannaibh eile. Annsan do
bhí Cuallacht na gCatoiliceach ag dul ar
aghaidh i gceart. Do dhein na tighearnaí
talmhan iarracht ar dhíoghaltas a bhaint
as na feirimeóiríbh, agus do cuireadh
a lán díobh as seilbh. Acht do bhí airgead
a ndóthain ag an gCuallacht agus thugadar
dos na daoinibh bochta é chun biadh agus
gach nidh eile do sholáthar dhóibh. Do bhí
an ceangal a bhí idir gach craobh de'n
Chuallacht ag éirighe ní ba threise i n-aghaidh
an lae. Do cuireadh sgéala thar lear
'na thaoibh, agus fuair muintir na h-Iodáile
agus na Spáinne agus muintir tíortha eile
cúntaisí na h-oibre a bhí ar siubhal i
n-Éirinn chun an Chreidimh Chatoilicigh do
bhreith saor ó n-a náimhdibh.



Tháinig eagla ar “dhream an fheill” i
n-Éirinn nuair a connachtas conus a
bhí Cuallacht na gCatoiliceach ag dul chun
cínn. Do bhí daoine i n-Éirinn ag cur
sgéala ag triall ar an Riaghaltas thall
i Sasana, go raibh Éire ar tí éirighe amach
'na gcoinnibh. Ar dtúis is amhlaidh a bhí
an Riaghaltas ag magadh fé'n obair go
léir. Tamaillín na dhiaidh sin (1828)
do chuaidh an Conallach go dtí Conndae
an Chláir chun dul isteach i bPárliment
i gcóir na h-áite sin. Bhí fear eile ag
déanamh iarracht ar dhul 'na choinnibh acht
bhí a shaothar i n-aisdear aige. Do toghadh
Dómhnall mar feisire, agus dá bhrígh
sin ba mhór an chúis áthais agus lúthgháire
a bhí air féin agus ar a Chuallacht. Fuair-
eadar dhá mhíle púnt agus seacht gcéad
as an gcíos an tseachtmhain na dhiaidh sin.
Sí cómhairle ar ar cinneadh acu annsan
ná, fear cuallachta do chur isteach i ngach
páirt d'Éirinn 'na raibh feisire a bhí ag
dul i gcoinnibh saoirseachta na gCatoiliceach.
Do bhíodh cruinnighthe móra i dTiobruid
Áran acu chun sgeón agus eagla do chur
ar an Riaghaltas. Agus gan amhras ba
dheacair do'n Chonallach féin agus dos
na fearaibh eile a bhí ag cabhrúghadh leis
cosg do chur leis na daoinibh, agus iad
do choimeád ó'n dtroid ba mhaith leó a
dhéanamh. Ba dhóigh leis na Sasanachaibh go
n-éireóchaidís aon lá na gcoinnibh, agus
do thuigeadar annsan go dian-mhaith nách
raibh aon leigheas acu acht saoirseacht
do thabhairt dóibh ins gach aon rud a bhain
leis an gCreideamh. Do bhí a lán daoine
ag tathaint ar lucht an Riaghaltais dual-
gaisí na gCatoiliceach a thabhairt dóibh
mar ba chóir. Fé dheire i mbliadhain 1829
do cuireadh an Bille os cómhair an tighe
íochtair, agus tar éis sin os cómhair an
tighe eile, agus do chuir an rí a ainim leis
ar an trímhadh lá déag d'Abrán 1829.
Anois nuair a cuireadh an dlighe i bhfeidhm
bhí cead ag Catoiliceach aon phost d'fhághail
seachas cúpla ceann a choingibh na Protes-
túnaigh dóibh féin. Bhí dualgas acu dul
isteach agus toghairm do thabhairt i dtighthibh
an Riaghaltais. Acht do baineadh an
toghairm de gach aoinne nách raibh acht
gabháltas dá fhichid sgilling aige. Ba
mhór an díoghbháil é sin mar b'iad súd na
daoine a thug an congnamh ar fad do'n
Chonallach agus ba mhór an chailleamhaint
gach toghairm díobh. Acht nuair a chonnaic
na Sasanaigh ná tabharfadh siad toghairm
d'aon tighearna talmhan, nuair a bhí fhios
acu go raibh grádh saoirseachta go daingean
na gcroidhthibh acu, do bhaineadar díobh
an dualgas so. Agus rud eile, chun
masla do thabhairt d'Éireannachaibh, do
chuireadar iachall ar cheann-uraid na
gCatoiliceach na sean-mhionnaí a dhearbh-
úghadh fé mar a bhíodar i bhfeidhm nuair
a toghadh é i gcóir Chonndae an Chláir.
D'éitigh sé an méid sin a dhéanamh. Chuaidh
sé go dtí an Clár arís, agus do thoibh


L. 18


siad a dtaoiseach le h-áthas agus caon-
dúthracht.



Acht ní raibh fuascailteóir na
h-Éireann sásta fós. Do bhí saoirseacht
an Chreidimh ag na daoinibh de bhárr a
shaothair acht is mó rud a bhí ag teasdáil
uatha fós. Do bhí an tír seo fé smacht
ins gach aon tsaghas cuma eile agus
ba mhaith leis í do dhéanamh neimh-spleádhthach
agus a riaghaltas féin a thabhairt di. Is
mó rud a dhein sé chun na h-oibre sin do
chríochnúghadh, acht na theannta san is mó
cosg a cuireadh leis. Ní gádh dhom a chur
síos annso conus a chruinnigh sé na daoine
le n-a chéile fé mar a dhein sé cheana,
conus mar a bhíodh a cúig, a sé, agus a
seacht de mhíltibh daoine i bhfochair a chéile
aige. Fé dheire nuair a chonnaic lucht
an Riaghaltais nár bh'féidir leó aon
troid a dhéanamh do cuireadh cosg leis an
gcruinniúghadh mór a bhí ceapaighthe ag
an gConallach a bheith i gCluain Tairbh.
Annsan tógadh é féin agus a lucht con-
ganta, agus do cuireadh i gcarcar iad,
agus cé gur imthigheadar saor i ndeire na
dála do bhí croidhe an taoisigh mhóir briste
'na chliabh. Bhí dream óig-fhear ag éirighe
agus ba dhóigh leó san nách raibh aonnidh
le fághail as an Riaghaltas muna gcuirfí
iachall ortha é thabhairt. Sé módh a cheapadar
chuige sin ná troid armtha a dhéanamh 'na
gcoinnibh i n-ionad iontaoibh a bheith acu
a cainnt agus a cruinnighthibh móra. Níor
mhaith leis an gConallach an aicme seo, acht
d'imthigh a chómhacht uaidh fé mar a bhíodar
san ag éirighe ní ba threise. Fé dheire
tháinig dí-shláinte air, agus d'fhág sé
an tír chun dul go dtí an Róimh chun ceann
so-fheicse na h-Eaglaise d'fhiosrúghadh.
Acht faraoir géar! níor mhair sé chun a
dhéanta. Fuair sé bás i nGenoa ar an
cúigmhadh lá déag de mhí na Bealtaine
1847. Thug sé a chroidhe do'n Róimh le
h-uadhacht agus do h-adhlacadh ann é,
acht do cuireadh an corp san uaigh i nGlas
Naoidhean, agus bhí Éire go léir ag
caoineadh a taoisigh agus a fuascailteóra.



Fear diadha, cráibhtheach, uasal ab'eadh
é. Fear go raibh grádh d'á Chreideamh
agus grádh d'á thír go daingean 'na
chliabh. Tá a cháil agus a chlú ins gach
áit 'na bhfuil Creideamh Chríost beó.
Is mór an truagh nách bhfuil fear d'á
shaghas againn i n-Éirinn anois chun na
ndaoine do dhluthúghadh le n-a chéile arís
i dtreó go bhféadfaidís seasamh i gcoinnibh
an Riaghaltais Ghallda, i n-ionad bheith ag
gabháil páirte leó agus ag cabhrúghadh leó
mar atá na feisirí fé láthair. Cuimh-
nighmís go minic ar an gConallach, agus
deinimís aithris air sa tír-ghrádh a bhí aige.
Cuirimís rómhainn gach rud a bhaineann le
n-ár dtír do chur chun cínn. Cruinnigídh
bhur neart mar sin, a Ghaedheala, chun
teanga ár sinnsear d'aithbheódhadh agus
tiocfaidh gach rud eile na theannta. Tioc-
faidh fíor-spioraid an Chreidimh arís fé
mar a bhí sí ag ár sínnsearaibh fadó. Níor
thuig an Conallach an chómhacht a bhí sa
teangain, agus mar gheall air sin ní
raibh aon bhaint aige léi, cé go raibh an
Ghaedhilg go fíor-mhaith aige féin. Acht
badh chóir go mbeadh a fhios againn-ne go
bhfuil spioraid na Gaedhilge níos treise
agus níos bríoghmhaire ná droch-nósa agus
droch-litridheacht na nGall, agus go
mbeadh buaidhte glan againn ortha dá
mbadh rud é go raibh an teanga dá labhairt
ar fud na tíre arís. Beidh Éire fós ag
Cáit Ní Dhuibhir acht ní bheidh go dtí go
mbeidh teanga Phádraig, Bhrighde, agus
Chuilm Cille fé réim arís 'nár measg.
Nuair a thuigimíd an méid sin deinimís
beart do réir na tuigseana san. Is mar
sin a bheimíd ag oibriúghad i gceart chun
dualgaisí na saoirseachta d'fhághail dhúinn
féin, agus chun Éire a bheith ag na
h-Éireannachaibh neimhspleádhthach ó n-a
náimhdibh.



TOMÁS UA SPEALÁIN,
Ciarraidheach.


L. 19



A fhir léighfeas fuirm an duille go saoir-
chiallach.



Sé Donchadh daoineach torrachtach tíorthach
cosantach cíosach cruith-leoghanta.



1. Ceathrar do ní díon do gach ealadhain
eadhoin tacadh sgríbhinne aimsear log
agus pearsa. Tacadh sgríbhinne an leabhair
se an bhliadhain daois Chríosd eadhoin
míle seacht gcéad agus dá bhliadhain déag.
Aimsear don leabhar so eadhoin aimsear
Anna inghion tSémuis mic Séarluis
Stíobhard do bheith n-a bainríoghain ar
Shaxaibh ar Albain ar an bhFrainc agus ar
Éirinn. Log don leabhar so Léim an Eich i
gconntae an Chláir i gcóige Mumhan.
Pearsa fós don leabhar so eadhoin an ridire
róordhruic SIR DONNCHADH Ó BRIAIN aon
do rúnchomhairle a mórdhachta i nÉrinn.
A chlann fheardha eadhoin Lúisius agus
Hénrígh. [al. m. deirbhshiúr don tSir
Donchadh so Onóra pósta ag Donchadh Ó
Bhriain ón Daoich].



2. m CONCHOBHAIR le Máire inghion
Torrdhealbhaigh Mic Mathghamhna triath
Chluana idir dhá lá agus Máire inghean
Iarla Tuadhmhumhan a máthair.


L. 20


3. m DONNCHAIDH le hOnóra Wing-
fíld. [al. m. inghean Onóra inghean
Taidhg mac Murchaidh Uí Bhriain céid-
Iarla Tuadhmhumhan]. A chlann fheardha
eadhoin Conchobhar réamhráite, Diarmaid,
Tadhg, Torrdhealbhach, Murchadh agus
Donnchadh.



4. m CONCHOBHAIR le Sláine inghean
Sir Torrdhealbhaigh Uí Bhriain.



5. m DONNCHAIDH le Sláine inghean
Mhic Conmhara Fhinn. Inghean don
Donnchadh so Mairghréag pósta ag
tiaghurna Chairige ó gConaill.



6. m MURCHAIDH céidIarla Tuadh-
mhumhan le hOiléin inghean Ridire an
Ghleanna.



a. A chlann fheardha .i. Diarmaid a
quo Iarla Innse Uí Chuinn pósta ag
Mairghréig inghean Donnchaidh Iarla
Tuadhmhumhan. Mac le Diarmaid .i.
Murchadh pósta ag Mairghréag Cíosóg 1
inghean ghiúisdín na hÉireann. Mac
le Murchadh .i. Murchadh pósta ag inghin
Bharúin Dealbhna nó Iarla Iairmhidhe
.i. Anábla Nuinnsionn. 1 Mac le
Murchadh .i. Diarmaid pósta ag Ebhilín
inghean Éamuinn Mic Gearailt ó Bhaile
Uí Mhaolbhuaidh. 2 Triur 3 mac le
Diarmaid .i. I. Murchadh Iarla Innse Uí
Chuinn pósta ag inghin Sir Uilliam S.
Leger. Mac le Murchadh .i. Uilliam
pósta [ag] inghin Iarla Oiririghe. Mac
le Uilliam .i. Uilliam anois san iarlocht.
Agus II. Criostóir do bhí na mháior
ghenearálta ar arm na hEreann 4 pósta
ag Onóra inghean Mhic Mathghamhna
Chluana idir dhá lá .i. deirbhshiúr máthar
an Sir Donnchadh réamhráite. Agus III.
Hénrígh an treas mac.



b. Mac oile le Murchadh an céidIarla
.i. Tadhg pósta ag Móir inghean Domhnaill
Mhóir Uí Bhriain. Clann inghean ag
Tadhg so .i. Onóra a quo tiaghurna
Chúirte an Phuéridh, 5 Sláine ag Tadhg
Ó Bhriain mac Iarla Tuadhmhumhan.



c. Clann inghean an Mhurchaidh so an
céidIarla .i. Mairghréag pósta ag Iarla
Chloinne Riocaird agus Sláine ag Domhnall
Mhór Ó Bhriain.



7. m TORRDHEALBHAIGH DHUINN le
hinghin Mic Conmhara. Naoi mbliadhna
fichiod réimheas an Torrdhealbhaigh so.
A chlann fheardha .i. Conchobhar pósta ac
inghin Mhic Uilliam agus rug sí dias mag
dhó .i. Donnchadh Iarla Tuadhmhumhan
agus Domhnall Mór.



a. Donnchadh soin .i. an tIarla Mór
pósta ag inghen Iarla Urmhumhan. A
chlann fheardha .i. Conchobhar, Tadhg
agus Torrdhealbhach. A chlann inghean .i.
Mairghréag pósta ag Diarmaid mac an
chéidIarla, Máire ag tiaghurna an
Bhriotáis agus Mór.



b. Conchobhar soin [al. m. an
treas] Iarla Tuadhmhumhan mac
an Donnchaidh réamhráite pósta ag
inghean Uí Bhriain Aradh. A chlann
fheardha .i. Donnchadh Iarla Tuadh-
mhumhan, Tadhg ó Dhrom Mór agus Sir
Domhnall Charrge an Chabhlaigh a quo
tiaghurna an Chláir. Clann inghean an
Chonchobhair réamhráite .i. Máire ag
triath Chluana idir dhá lá .i. senmháthair
an Sir Donnchaidh réamhráite, Mairghréag
ag Mac Piaruis agus Onóra ag Mac Muiris
Ciarraighe.



c. Donnchadh so mac Conchobhair
Iarla Tuadhmhumhan pósta ag inghin
triath Róisdeach agus rug sí én inghean dó .i.
Mairghréag pósta ag triath Múscroighe.
Bean oile ag an Donnchadh réamhráite .i.
inghean Iarla Chille Dara agus do rug sí dhó
Hénrigh do bhí n-a Iarla Tuadhmhumhan



1 al. m. Léigh Mairghréag Cíosóg i n-áit
Anábla Nuinnsionn [agus vice versa].



2 Ballymaloe in the parish of Kilmahon,
barony of Imokilly, Co. Cork.



3 MS dias



4 Doubtful and altered to something else. In
any case the statement applies not to Christopher,
but to the other son Henry. The same is true
of the marriage referred to.



5. Powerscourt, Co. Wicklow.


L. 21


agus do chuaidh gan sliocht feardha agus Brian
o bhfuil Iarlaidhe Tuadhmhumhan anois
.i. Hénrí mac Hénrí mic Hénrí mic Briain
réamhráite.



d. Domhnall Mór réamhráite mac
Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh
Dhuinn pósta ag Sláine inghean Murchaidh
céidIarla Tuadhmhumhan. A chlann
mhac .i. Sir Torrdhealbhach Ó Briain ó
bhfuilid sliocht na Duimhche [al. m. agus
an Bhaile Nua] agus Sláine inghean
Sir Torrdhealbhaigh céadna pósta ag
Conchobhar mac Donnchaidh ó Léim an
Eich. Muircheartach agus Conchobhar do
chlainn an Sir Torrdhealbhaigh céadna.



e. Conchobhar réamhráite mac Torr-
dhealbhaigh Dhuinn bean oile aige .i.
inghean Iarla Deasmhumhan agus do rug sí
clann dó .i. Tadhg Donn ó Bhéal Atha
an Chomh[raic], Murchadh ó Chathair
Meannáin, Murcheartach ó Dhruim
Líghean agus Torrdhealbhach…
inghean don Chonchobhar réamhráite
pósta ag Ó Dhomhnaill.



8. m TAIDHG AN CHOMHAID. Anna
inghean Mhic Uilliam Chlainne Riocaird
a bhean phósta. A chlann mhac .i.
Torrdhealbhach Donn réamhráite et
cetera. Sé bliadhna a réimheas agus mic oile
aige nach áirmhighthear sonn.



9. m TORRDHEALBHAIGH BUIG etc.



Page xiii. Table of contents.



Page 1. Poem of 57 stanzas ascribed to
Tórna Éigeas:



Dáil chatha idir Chorc is Niall



Page 6. Poem of 35 stanzas by Tadhg
mac Dáire Mic Bruaidíogha in answer to
the foregoing:



Olc do thagrais a Thórna



Page 9. Poems by Lughaidh Ó Cléirigh
and Tadhg mac Dáire arranged in the
form of a dialogue:



A Thaidhg ná tathaoir Tórna
and
Éisd-si a Lughaidh lem labhra



Page 35. Poems by Robert Mac Arthur,
Franciscan and Doctor of Divinity, and
Tadhg mac Dáire arranged in the form
of a dialogue:



Measa a Thaidhg do thagrais féin
and Go gcead dot ghairm a bhráthair



Page 45. Poems by Aodh Ó Domhnaill
and Tadhg mac Dáire arranged in the
form of a Dialogue and headed Soighin
comhrá[i]dh annso ó Aodh Ó Dhomhnaill
ar Thadhg mac Dáire re ndul i gcumaidh
freagra do thabhairt air do réir úird
agallmha:



Measa do thagrais a Thaidhg
and
Ní guais leam t'urchar a Aodh



Page 72. Poem of 12 quatrains headed
Ag so dán do tháinig adtuaidh gan ainm
aoin fris chum Taidhg mac Dáire [al. m.
Baothghallach Ruadh Mac Aodhagáin cct.
M.L.]:



Mairg darab féithiomh fear gaoil
Page 73. Poem of 24 quatrains by
Tadhg mac Dáire:



A dhuine labhras an laoidh
mé an Tadhg ataoi do thathaoir
mo ghairm ní cheilim fam choim
do bheirim m'ainm re' n-abruim



Page 76. Poem of 17 quatrains by
Lughaidh Ó Cléirigh:



Ná brosdaigh (sic) mise a mhic Dáire.



Page 77. Poem of 31 quatrains by Tadhg
mac Dáire:



A Lughaidh labhram go séimh



Page 81. Quatrain headed An t-úcaire
adtuaidh do chan so san Iomarbhaidh ‘The
Fuller from the North sang this in the
Contention,’ printed in Walsh, Gleanings
from Irish Manuscripts 124:



Ná hosglaid Muimhnigh a mbéal



This is followed by a stanza by the Fuller
from Munster, printed ibidem:



Leath Eoghain ceart cródha is úire
sluagh


L. 22


Page 82. Blank.



Page 83. Poem of 8 quatrains by Toirr-
dhealbhach Ó Briain of Cathair Meanáin
‘Caherminnaun’ in the parish of
Kilfenora 1 and county of Clare, in answer
to Aodh Ó Domhnaill. Murchadh Ó
Briain of Cathair Meanáin, referred to in
the pedigree above § 7e, was father of
Toirrdhealbhach and died in 1591 (Four
Masters vi. 1906). Toirrdhealbhach sided
with the Irish in 1598 and 1599 in opposition
to his kinsman the Earl of Thomond
(ibid. 2090, 2106):



A Aoidh óig na n-each luath



The last quatrain runs thus:



Más trom leat ar labhair mé
bíodh a aithfear ort a Aoidh
s gach neach léighfeas ar dhá ndán
breathnuigheadh sé rádh an dá thaoibh



Page 84. Blank.



Pages 85-6. Cut out.



Pages 87-8. Half cut out, blank.



Page 89. Poems by Baothghalach Ruadh
Mac Aodhagáin and Tadhg mac Dáire
arranged in the form of a dialogue:



Fuirigh lem thagra-sa a Thaidhg
and
Ní theithim ria dtagra maoith



Pages 93-6. Blank.



Page 97. Poem of 37 quatrains by Tadhg
mac Dáire described in the table of contents
prefixed to the manuscript as dán ó Thadhg
ag agradh cíosa ollomhnachta ar Leath
Mogha:



Fagham ceart a chlann Ebhir
Summarised in O Grady, Catalogue of
Irish Manuscripts in the British Museum
535.



Page 100. Poem of 55 quatrains by
Tadhg mac Dáire addressed to Donnchadh
Ó Briain 4th Earl of Thomond, who
succeeded in 1580:



1. Mór atá ar theagasg flatha
aige tá teacht deagh-ratha
cur ríghe i n-eagar madh áil
leagadh tíre nó tógbháil



2 Ós do réir an neith do-ní
móide is inteagaisg airdrí
tig leas nó aimhleas an fhuinn
bheas ní hainbhfeas a n-abruim.



3. Tig don rígh rádh go bhfiadhain
madh é do-ní neimhriaghail
cur cháich go léir tar a leas
ní hé féin a-mháin mhilleas



A much more correct version than that
printed by O Flannagan in the Transactions
of the Gaelic Society, Dublin, 1808.



Page 105. Poem of 10 quatrains, with
one stanza in amhrán appended, ascribed
by a later hand to Domhnall Ó Maol-
chonaire, on the martial exploits of
Donnchadh 4th Earl of Thomond. The
original ascription an fear céadna cct. i.e.
Tadhg mac Dáire, is deleted:



Aoighe ó gCais (sic) n-a chrích féin
The stanza in amhrán, which is absent
in earlier copies, is as follows:



Go luaimhneach ag ruathar ón Máigh
go Bóinn
s ag suan-sgor fa chuan Chloinne
Mhághach mhóir
badh uamhan ar fuaid oirir Pharthalóin
nach suanaidh i dTuadhmhumhain ó
Táil go dtreóir.



Page 106. Poem of 5 quatrains by the
same i.e. Tadhg mac Dáire, addressed
to the same Donnchadh, Earl of Thomond:



Mo cheithre rainn duit a Dhonchaidh.
Printed in O Flannagan, op. cit. 229, and
from this copy in Walsh, Gleanings from
Irish Manuscripts 122.



1 So the Ordnance Survey Index of Townlands,
but O Donovan (F. M. vi. 1907, 2090, 2106)
says “in the parish of Killilagh”


L. 23


Page 107. Poem of 10 quatrains without
heading or ascription and described with
the following piece in the table of contents
as Caithréim Murchaidh .i. Iarla Innse Uí
Chuinn agus amhráin:



Gabhaim mo dheich rainn sa rian
do Mhurchadh mhaoidheas airm-
ghliadh
crann bagair Gaoidheal is Gall
nach airg aoinfhear anbhfann.



Notwithstanding the praises showered on
Inchiquin in this and the following item
his name, no less than Cromwell's, is to
this day execrated in the popular memory.



Page 108. Poem of 4 stanzas in the same
strain as the preceding:



Tugasa searc nach casfaid síoth-
mhnáibh suilt
do churadh na gcath noch smachtas
fíoch-námhaid
ursa na lag is ceap na síothchána
is cruithneacht gan mheath ar dteacht
ar shíol dTáil sin



Page 110. Poem of 20 quatrains by
Lochlainn óg Ó Dálaigh, described as
Duain leanbhuidhiochta do Chonchobhar
Ó Bhriain ó Léim an Eich, do Thadhg mac
Domhnaill ón Daoich 1 agus do Thadhg mac
Murchaidh chaoich ó Bhéal Átha an
Chomhraic. For two poems by the same
see O Grady, op. cit. 373-4. Conchobhar
Ó Briain of Léim an Eich was son of
Donnchadh, son of Murchadh 1st Earl
of Thomond (see the pedigree above § 4),
and died in 1603 (Four Masters vi. 2348):



Ionmhuin triúr táinig dom fhios
do shín oram tré aineas
triúr do shíol saoir-shleachta Bloid
líon aoin-leaptha an triúr tánaig.



I leath Cuinn ag cur catha
gearr go mbia a mbonsacha
'g an druing náir bhfearchonta i
bhfidh
n-a ngáibh geal-chorcra gaisgidh.



Page 112. Poem of 37 quatrains with
the original heading erased; one can still
make out… mac… Mic Bruai-
díodha cct. A later hand has added
Conchobhar Mac Cruitín cecinit. Dán do
Thadhg triath Chluana idir dhá lá.



Righin mo thriall go triath Baisgne
bíodh nach bhféaduim anmhain uaidh
gidh cian mo chaidreamh ón fhéachuin
m'aigneadh siar do éalaigh uaim.



Tug dhamh th'aire a Innse an laoigh
atú i n-easbaidh h'iúil neamhchlaoin
a mhúir éin-gheal hallach sean
nar bh'annamh feidhm gach fileadh.


L. 24



An tu mh'aithne a Innse an laoigh
a mhúr geal na ngreas ndealbh-chaoin
a iosdadh cinn Banbha breagh
adhbha gill na nGaoidheal.




Lionnán toile atá a Londoin
muna dtí dom theasargain
dá rosg géagabhlach mar ghloin
cosg budh éadtarbhach orrain.



Fial-fhuil Táil ó tharla an uair se i n-úir.



Page 126. Poem of 12 stanzas by Giolla
Brighde Albanach on the personal ap-
pearance of Donnchadh Cairbreach Ó
Briain †1242:



Aisling do chonnarc ó chianaibh
ar chlár loinge i leabaidh chaoil
mo bhreith go cloich leabhair Luimnigh
don sgoith threabhaigh shuirghigh
shaoir.



Do chuala ar thagrais a Thaidhg.



Ceolchair sin a chruit an ríogh.
Printed in Walsh, Gleanings from Irish
Manuscripts 111.



Page 153. Poem of 13 quatrains, to
which is appended a stanza in amhrán,
headed an fear céadna don chruit chéadna
cct., a wrong ascription. Giolla Brighde
Albanach Mac Conmidhe was the author
of the piece:



Tabhra[i]dh chugam cruit mo ríogh.



A chruit bhreac-dhonn chobhar-
mhonair chaoin-cheólmhar
gríobha id chonn rónta agus rígh-leóghain
guth id chom lóm-thana líon-ghlórach
do chuirfeadh th'fhonn foghal-scoith
ar chaoil-mheóraibh.



A fhir thagras an chaint bhaoth.



Pages 157-168. Blank.




Éisdidh a éigse Banbha.



Triath na hInnse ag triall tar taoide.



Page 177. Poem of 46 stanzas by Brian
Ó Briain on the death of Inchiquin:



Ar bheith dhó-san breóite cnaoite.


L. 25


A Mhurchadh Uí Bhriain tá fiadhach
ar Ghaodhalaibh
le hocht mbliadhna i ndiaidh a chéile
is mithid duit stad is teacht chum
réitigh
is léighidh id chairt do cheart ar
Éirinn.



Ochtar dhíobh ar siubhal sluagh.



Do chuala tásg do chráidh fir Éireann.



Seal dá rabhus gan fhonn gan aoibhneas.



A Mháire má tá i ndán gur cailleadh
thu.



Cuirim fhiadhnaise ar na hanbhfainn
do bhíodh ag éiliomh réim a n-airteagal
i mBaile Átha Luain gur bhuan an
charaid thu
s i mBaile Loch Riach mar a dtrialladh
aicme aca.



An uair do bhí Coott s a chúirt go
bagarthach
An Blac Búc fa rún dá dhearbhadh
nach biadh fód go deó dá mbailte aca
do bheireadh do ghlór-sa fórsa ó
Ghallaibh leis.



Do bhíodh a bhót ó nóin go maidin leat
ag déanamh féasdaoi do phéirsí Saxanach
s ag fagháil réitigh do gach aon dár
cheangal leat
do bhíodh gan bhiadh gan éadach gan
bhreabanna.



Iona mbochtáin ag gearán na hainnise
tá an uair-se i mbuataisibh faisionta
i gclócuidhe i mór-mhaoin sin-each-
araidh
do bhiadh faoi sháil an bhráca cean-
gailte



Gan do cháirdeas dob fhearr ná an
t-airgiod
a ghrádh dhil do chuaidh do cháil tar
fairge
don Iodáin is don Easpainn farra sin
go Londain do chuaidh clú is teasdus ort.



A Chluain-se tar a mbuailim go
diamhair.



Sé cúis h'éaga mhéadaigh mh' osna.



Sí Máire inghean an Iarla mo sgrúda.



Lá éigin dár éirgheas ar maidin laoi
luím.


L. 26


A thurcullaigh leágha do dháil searc
uait don mhnaoi.



A long an áir do chráidh na tíortha.



Sguir a mhacaoimh ná dín (sic)
ainbhfios.



Is mé Suibhne ar díoth mo chéille.



Sé Conchubhar croidhe an fear
cosantach caoin soilbhir a ghnúis
ghrianda.



Truagh liom a chompáin do chor.



Cread fa s:naim síol Aodha.



Gabh mo chomhairle ria n-éag.



Bíodh nach dáilfeadh Dia nimhe
ionmhus d'fhior an deigh-chridhe
ní cúis béime dá mbeadh lom
neach gan fhéile ní fhoghnann.



Dubhach sin a Chinn Choradh.



Page 245. Poem of 39 quatrains with
the following superscription: Eoghan R.
bheós ag éageaoine inghean Í Dhomhnaill
(Nualaidh) do bheith n-a haonar ar
bheagán mbanchuire ag caoineadh na
n-uasal tar a dtig isan dán síosana. al. m.
Eoghan Ruadh Mae an Bhaird A.D.
1600:



A bhean fuair faill ar an bhfeart.


L. 27



Ní bhfuighe meise bás duit.



Printed ibidem. 2



Page 256. Blank.



Page 257. Poem of 10 quatrains, headed
Aodh mac Aodh duibh:



Gabh mo theagasg a bhean bhán.


L. 35


“GAEDHEAL DE GHAEDHEALAIBH.”



“MO bhrón ar an mbás, 'sé dhubh mo
chroidhe-se.” Do chaill Éire, i rith na
bliadhna seo ghabh tharainn, a lán des na
laochaibh calma a bhí ag obair go dúthrachtach
ar a son, go mór-mhór ar son na teangan
agus gach ar bhain léi. Ba mhór an chaill-
eamhaint é, mar is 'mó fear lághach, léigh-
eannta fíor-Ghaedhealach a bhí ortha, agus
is 'mó rud fóghanta d'fhéadfaidís a dhéanamh
dá bhfágtaoi an t-am acu chuige. Acht
do scuabadh iad gan truagh, gan taise,
agus do fágadh Éire fá bhrón ag géar-
chaoineadh 'na ndiaidh. Beidh cuimhneamh
ortha go deo, ámhthach, mar bha dhual sinnsir
do Ghaedhealaibh cuimhneamh do choimeád ar
ghníomharthaibh na ngaisgidheach a d'imthigh
rómpa. Beidh cuimhneamh thar chách ar an
t-é dob' uaisle, an t-é ba ghéire inntleacht,
agus ba threise aigne ortha, .i. an duine
uasal, Pádraig Mac Piarais. Is mó
tairbhe a dhein Pádraig d'á thír le n-a
linn agus dob' fhiú eólus a bheith go cruinn
ag gach aoinne ar chúrsaíbh a bheathadh,
mar, dá ghiorracht í, tá a lán gníomhartha
uaisleachta, agus tír-ghráidh agus daingin-
chreidimh le feiscint innti. 'Sé is bun
leis an aiste seo ná cuimhneamh na ndaoine
do bhuanughadh ar ar dhein sé ar son teangan
na nGaedheal. Ní gádh trácht ar a chuid
poilitidheachta. Tá a ainm i mbéal gach
aoinne acht is baoghalach nach bhfuiltear
go léir ar aon aigne 'na thaobh. Tá daoine
ann nach dtuigeann an scéal i gceart
agus tá daoine eile go bhfuil eagla ortha
roimis an bhfírinne. “Caithfidh a leithéidí
bheith ann.” Ní bheidh aon bhaint le ceist na
poilitidheachta annso. Níl uainn acht a
thaisbheáint cionnus mar a chaith sé a shaoghal
chun sprid agus anam na tíre do shábháil ó
dhaor-smácht na nGall. Bhí a fhios aige
go raibh an Galldachas ag brúghadh isteach
agus sean-spiorad na nGaedheal ag
imtheacht agus dhein sé iarracht ar stad
do chur leis. Do thuig sé gur tír gan
anam tír gan teanga, agus nárbh fholáir
aire do thabhairt do'n teangain ar dtúis
má theastuigh uaidh an t-anam do choimeád
glan. Chuige sin chrom sé ar obair ar
son na teangan. Ní ar shochar ná ar
shaidhbhreas a bhí a lorg. Ní raibh tuarasdal
sa domhan uaidh acht an maitheas a dhéanfadh
sé d'a thír. Is annamh an scéal é 'san
aimsir seo againne.



Do rugadh Pádraig sa mbliadhain 1880,
i dtreo ná raibh acht sé bliadhna déag is
fiche aige nuair a scuabadh uainn é. Ba
ghearr an saoghal a tugadh dó, acht is
iongantach ar dhein sé le n-a linn. Ba
mhinic a dhá fhaid ag duine, seadh, agus
ag duine léigheannta spioradamhail, leis,
agus ní bhéadh leath a oiread déanta aige.
Dá ndeineadh gach Gaedheal a chion féin
mar a dhein Pádraig, ba ghearr an mhoill
go mbéadh Cáit ní Uallacháin 'na suidhe
arís ar a cathaoir ríoghdha as ar díbreadh
go h-éagcórach í. Rud eile, ní raibh an
Ghaedhilg do réir dhúthchais ag Pádraig
cé go raibh an rud ba ghiorra dí aige .i.
meas ar a shinnsear agus mian 'na chroidhe
a shaoghal do chaitheamh ar mhaithe le n-a
thír. Do tugadh tabhairt suas mhaith dhó;
bhí meas ag a mhuinntir ar léigheann agus


L. 36


ar eólas agus fuaradh caoi dó chun lean-
amhaint ar a mheón dúthchais. Thosnuigh sé
ag foghluim na Gaedhilge, agus ag léigheamh
stair na h-Éireann a bhain leis an sean-
tsaoghal. Bhí ana-shuim aige i n-eachtraíbh
Chon Chulainn agus na bhFiann agus is
minic a bhíodh sé 'ghá gcur tré chéile 'na
aigne. Ní raibh sé acht 'na stócach nuair
a cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun,
acht is dócha go gcloiseadh sé trácht air.
Chun an Ghaedhilg d'aithbheodhadh a cuireadh
ar bun é, acht thuig muinntear an Chonnartha
gurbh í an tslighe dob' fhearr chun é sin
do dhéanamh, ná í do choimeád beó ins na
h-áiteachaibh 'na raibh sí dá labhairt fós.
Mar sin bhíodh mórán trácht ar siubhal ar
an nGaedhealtacht, agus shocruigh Pádraig
leis féin go gcaithfeadh sé dul ann dá
mb'áil leis an teanga a bheith ar fheabhas
aige. Shocruigh sé, leis, ná raibh aon áit
'na raibh an Ghaedhilg le fághail níos fearr,
níos flúirsighe, agus níos glaine ó anál
lobhtha an tSasanaigh ná i gcúige Chonnacht.
Dá réir sin, théigheadh sé siar go minic,
go mór-mhór ar feadh na laetheanta saoire,
agus bhíodh sé ag dul i measc na ndaoine
ann agus ag comhrádh leo agus ag cur
aithne ortha. Is mór a d'fhoghluim sé
ar an gcuma sin. Fuair sé fíor-bhlas
na teangan, chuir sé aithne ar ghnáth-
bheathaidh agus ar bhéasaibh na ndaoine,
agus bhí scéalta, rainn, a's sean-ráidhte
go leór le fághail aige. Thaithnigh na
daoine leis mar gheall ar a símplidheacht,
agus thaithnigh seisean leó-san, agus
bhíodar croidhe-oscailte leis. Muna
mbéadh na cuairteanna san, ní bhéadh
“Íosagán” ná “An Mháthair” againn
anois agus bhéadh an litridheacht níos
boichte 'na n-éaghmais. Ba mhaith an rud
dá ndeineadh níos mó daoine aithris ar an
ndeagh-shompla sin indiu. Bíonn coláistí
ar siubhal ins gach ceanntar Ghaedhealach
i rith an tSamhraidh, agus níl áit ar bith
níos fearr chun an teanga d'fhághail ná
ionnta-san. Bíonn spórt agus caitheamh-
aimsire ar siubhal mar aon le h-obair
dúthrachtach ionnta agus is féidir eolus
d'fhagháil ar na sean-bhéasaibh agus ar na
sean-nósaibh i measc na ndaoine. Ní
miste cuimhneamh ar cionnus d'éirigh le
Pádraig ins an nGaedhealtacht agus ar
an mbrabach a bhíodh aige ag teacht abhaile
dhó.



Ná síleadh aoinne, ámh, gurab' amhlaidh
ná raibh aon rud eile le déanamh ag Pádraig
ar feadh na h-aimsire seo acht an Ghaedhilg
d'fhoghluim. Bhí agus morán eile, agus
nuair a toghadh mar fear eagair do'n
“Chlaidheamh Soluis” é sa mbliadhain
1903, bhí dá chéim gnóthuighthe aige, ceann
i n-“Arts” agus ceann san “dlighe.”
As san amach bhí rún déanta aige a shaoghal
do chaitheamh “ar son tíre agus teangan.”
Bhíodh sé ag smuaineamh go minic roimhe
sin ar an rún sin, acht sa mbliadhain
1903 thosnuigh sé ar bheart do dhéanamh d'á
réir. Bhí an crann beag fásta suas, agus
bláthanna áilne, cúmhra, go flúirseach
air, mar chómhartha de'n toradh aibidh a bhí
le teacht. Ins an “gClaidheamh” a bhí
cuid de'n toradh sin le feiscint ar dtúis.
Thaisbeáin sé feabhas a mheóin agus géire
a inntleachta ann. Bhíodh cur síos ar
gach uile rud ann, acht thug sé congnamh
mór do mhúinteóiribh ghá chur ós a gcómhair
cad é an módh a b'fhearr chun an teanga
do mhúineadh. Theastuigh sin uatha an uair
sin. Annsin bhéadh trácht aige ar stair
agus litridheacht na h-Éireann, bhéadh sé
ag cur 'na luighe ar oidíbh a riachtanaighe
's a bhí sé, eolus do bheith ag na scoláiribh
ortha, agus gur as Gaedhilg ba cheart
iad do mhúineadh, de bhrigh gur fuar an
scéal é, Gaedhilg a bheith ag duine muna
ndéanfadh sé usáid dí ins an scoil agus
taobh amuich dí. Mar sin, bhíodh sé ag
tagairt i gcómhnuidhe do neithibh a bhain
le gluaiseacht na h-oibre agus le maitheas
na cúise. Thugadh sé cómhairle a leasa


L. 37


don t-é a thiocfadh ar lorg comhairle
uaidh; agus ar gach saghas cuma ba thábhachtach
an duine do Chonnradh na Gaedhilge é.
Ins an “gClaidheamh” a thug sé dúinn
ar dtúis na scéalta atá againn anois
i leabhraibh fé leith, “Íosagán” agus “An
Mháthair.” Tá a fhios ag an saoghal gur
breágh, aoibhinn na scéalta iad agus
gur deacair a sárúghadh d'fhághail i nGaedhilg
ná i n-aon teangain eile acht an oiread.
Ba chóir do gach Gaedheal iad do léigheamh,
mar tá smuainte creidimh agus tír-ghráidh
ar lasadh ionnta, gan trácht ar an nGaedhilg
bhlasta, bhríoghmair, chinnte, atá ins gach
scéal díobh. Is cosamhail le scathán iad,
'na bhfuil, ní h-eadh amháin muinntear
Chonnacht le feicsint, acht an croidhe
Gaedhealach, leis, agus dar ndóigh tá
aigne uasal Phádraig féin le feiscint
ionnta comh maith. Is fuiriste a aithint
ortha gur éirigh go maith le Pádraig san
nGaedhealtacht. Acht thug sé níos mó ná
scéalta ár gcómh-aimsire féin dúinn.
Thug sé cuid de'n tsean-litridheacht leis.
Mar adubhramar cheana, bhí suim aige
i gcómhnaidhe ins na scéaltaibh a bhain
leis na Gaedhealaibh a bhí i nÉirinn fadó,
agus thaithnigh go mór leis eachtraí fian-
nuigheachta. Bhí a fhios aige nach féidir
dúinne meas a bheith againn ar ár dtír
muna bhfuil meas agus eolus againn
ar ár sinnsir. Uime sin, dhein sé iarracht
ar leabhair a sholáthar dúinn 'na mbéadh
na h-eachtraí sin le fághail agus tá
“Bruidhean Chaorthainn” agus “Bodach
an Chóta Lachtna” againn d'á bharr.
'Sé truagh an scéil ná raibh seans aige
ar a thuilleadh díobh 'nár dtaobh féin agus
i dtaobh na bhfiann a thabhairt dúinn,
acht “ní thig an dá thráigh leis an ngob-
adán.”



Sa mbliadhain 1909 d'éirigh sé as an
obair leis an “gClaidheamh.” Is amhlaidh
ab' áil leis rún do chur i bhfeidhm, rún a
bhí 'na aigne aige le fada roimhe sin,
an toradh dob' uaisle agus ba mhó tairbhe
a tháinig as a ghrádh do'n Ghaedheal .i.
Scoil Naomh Éanna. Ní chun slighe-bheathadh
do dhéanamh dó féin a chuir sé an scoil
sin ar bun, agus ní raibh págh le fághail
aige as mar is deacair a leithéid de scoil
do choimeád i nÉirinn agus an riaghaltas
atá againn. Dob' oireamhnach an ainm
é “Scoil Naomh Éanna,” agus is dócha
gurab' é an fath ar thug Pádraig an ainm
sin uirthi ná go bhfeiceadh sé i n-áit éigin,
i n-Árainn b'fhéidir, fothrach na scoileanna
móra a bhí ann fadó nuair a bhíodh Naomh
Éanna 'na oide agus scata daltaí aige.
Togha oideachais a bhí le fághail an uair
sin. Bhí eolus dá scaipeadh ar stair agus
ar litridheacht agus ar na h-ealadhnaibh go
léir, agus b'iad tír agus creideamh bun
agus bárr gach eoluis. Bhíodh Pádraig
ag cuimhneamh air sin agus ní h-iongnadh
gur cheap sé scoil do chur ar bun ar
nós scoileanna na sean-Ghaedheal. D'éirigh
go h-iongantach leis go dtí gur coscradh
ag an Sasanach bhradach, mí-mhúinte é.
Bhí sé fá lán-tseól aige um an mbliadhain
1909. Bhí suas le deichneabhar agus cheithre
fichid scoláirí aige an chéad bhliadhain,
agus na h-ollamhna ba léigheannta a bhí sa
tír dá múineadh aige, gach duine acu níos
oilte 'ná a chéile 'na ealadhain féin.
Oideachas fíor-Ghaedhealach a bhí le fághail
ann. Bhí an Ghaedhilg d'a foghluim ag an
aos óg, agus bhí sí mar ghnáth-chainnt
i measc na ndaoine fásta. As Gaedhilg a
múintí a lán rudaí, agus ní baoghal go
ndeintí dearmhad ar stair ná ar litridheacht
na h-Éireann. Níorbh eolus tur tirim
a bhí 'á thabhairt dóibh mar is le súil go
ndéanfaidhe aithris ar dheagh bhéasaibh agus
deagh-nósaibh na sinnsear a tugtí an
t-eolus dóibh. Ba mhian le Pádraig go
mbéadh gach duine acu mar shompla
uaisleachta ós cómhair an tsaoghail fé
mar ba dhual d'Éireannachaibh a bheith go
dtí gur tháinig an Galldachas 'na measc.


L. 38


Sean-Éire na nGaedheal d'aithbheodhadh arís,
b'shin é an rud a theastuigh ó Phádraig,
agus chuige sin bhí gach nidh sa scoil cómh
Gaedhealach agus d'fhéadfadh sé a bheith.
Gan amhras bhí rudaí dá múineadh nár
bhain leis an dtír chor ar bith acht bhí siadsan
riachtanach i dtreo go mb'fhéidir leis na
daltaíbh slighe bheatha do sholáthar dóibh
féin. Annsan, bhíodh spórt, agus cleasaí,
agus caitheamh-aimsire acu agus bhéadh
an phríomh-áit i gcomhnaidhe ag cluichibh a
muinntire féin. Ní gádh aon rud a rádh i
dtaobh an sórt oide ab eadh Pádraig féin.
Duine uasal ab eadh é 'na phearsain, 'na
ghníomharthaibh agus 'na chainnt. Bhí sé
cosamhail le sean-Mhaitias mar dob'
“iongantach an grádh a bhí aige do'n nídh
is áilne agus is glaine d'ár chruthuigh Dia,
anam glé-gheal an pháiste.” Níor mhian
leis sceon ná eagla do chur i gcroidhthibh
na scoláirí roimhe, riamh; thuigeadh sé
gur beag an tairbhe dó féin é, agus
nách mbéadh sé acht ag baint ó'n neamh-
spleadhachas acu-san — rud ná taithneochadh
leis. Bhí léigheann agus tír-ghrádh agus
creideamh 'ghá bhfighe le chéile 'na n-aigne
aige. Chuireadh sé i n-iúl dóibh gurbh í
Éire ár dtír agus gur suarach, mí-
ónóireach an rud é bheith ag brath ar dhaoinibh
eile chun an ghnótha atá ar ar gcumas
féin do dhéanamh. Is mór an truagh nach
mar a chéile agus Scoil Éanna a lán des
na scoileannaibh atá ar fuaid na tíre
againn. Scoileanna “náisiúnta” mar
dh'eadh! Aoinne atá ag brath ar dhuine
iasachta chun tuarasdail a shaothair d'fhághail,
caithfidh sé toil an duine sin do dhéanamh.
Ba dheacair toil Shasana do dhéanamh
agus scoileanna Gaedhealacha do choimeád
ar siubhal, ar an gcuma san. Níorbh
é sin an saghas tuarasdail a bhí i n-aigne
Phádraig, ámh. Ní raibh uaidh acht go mbéadh
a chuid scoláirí, agus gach aoinne eile leis,
'na ndaoine léigheanta fíor-Ghaedhealacha,
eolgasacha i ngach ar bhain le n-a dtír,
agus oilte ar na neithibh a thabharfadh
slighe maireamhna dóibh. Tá buidheachas
an chinidh Ghaedhealaigh tuillte aige agus
tá súil againn go mbeidh Gaedhil dílis
d'a chuimhneamh go deo.



Bhíodh Pádraig ag scríobhadh i rith na
h-aimsire seo, leis, agus ní fuláir dúinn
tagairt do chuid d'a scríbhinnibh. Tá
focal le rádh againn ar dtúis i dtaobh
a chuid filidheachta. Is beag dí a chum sé,
acht is fuiriste a aithint uirthi go raibh
an féith filidheachta aige. “Suantraighe
agus Goltraighe” is ainm do'n leabhar
'na bhfuil na dánta i gcló aige, agus
cé gur gann iad, táid go léir go breágh,
tír-ghrádhach, deagh-fhuinnte gan fuigheall
ná easba ortha. Tá rud éigin neamh-
shaoghalta ag baint leo nach bhfuil ag
baint le filidheacht na h-aimsire seo.
Toradh a mheóin mí-choitchianta féin 'seadh
é, tá sé le fághail ins na scéaltaibh a
scríobh sé, leis. Tá trácht ionnta ar
neithibh atá níos aoirde ná neithe saoghalta
fé mar bhí suim ag Pádraig i neithibh a bhí
i bhfad níos buaine ná neithe an tsaoghail
neamh-sheasmhaigh seo. Smuainte a chroidhe
atá ins na dántaibh agus is deacair iad
do mheas i gceart muna mbéadh a fhios ag
duine cérbh é an saghas duine é féin.



Seo ceann díobh a chum sé i dtaobh
gealbhain a fuair bás ar lic a dhorais
lá geimhridh: —



“A éin bhig!
Fuar liom do luighe ar an lig;
A éin nár smuain riamh olc
Truagh triall an bháis ort!”



Is gearr an dán é sin, dar ndóigh,
acht ar a shon sin féin tá an oiread ann
agus bhéadh i ndán fada. Tá an béas is
uaisle a d'fhéadfadh a bheith i gcroidhe an
duine ann, taise do'n truagh, agus fuath
do'n pheachadh. Mar sin dos na dántaibh
go léir. Tá siad gearr acht tá na smuainte


L. 39


ag dul thar maoil ionnta. Seo ceann
eile díobh: —



“Mise Éire;
Sine mé ioná an Chailleach Béarra.
Mór mo ghlóir;
Mé do rug Cú Chúlainn cródha.
Mór mo náir;
Mo chlann féin do dhíol a máthair.
Mise Éire;
Uaignighe mé ioná an Chailleach Béarra.”



Sin stair na h-Éireann, mar a thuig
Pádraig í, i gcúpla rann. Níl an chlann
dílis d'á máthair anois fé mar a bhíodar
fadó. Dhíoladar ar ór 's ar airgead í,
rud nár ghnáthach le Gaedheal do dhéanamh.
Tá adhbhar machtnaimh ann, agus as an
machtnamh ba cheart dúinn rún do cheapadh
ar ónoir agus glóire do thabhairt d'ár
máthair Éire arís. Sin mar a dhein Pádraig.
Bhíodh sé ag síor-chuimhneamh ar a mháithrín
bhocht, agus tá a rian le feiscint ar a
ghníomharthaibh. Ba lughaide an náir
d'Éirinn é, dá mbéadh a clann cómh dílis
le Pádraig dí. “Tigeann maith le
cáirde.”



An chuid is mó des na leabhraibh eile
a scríobh sé, tá siad as Béarla agus tá
baint acu le neithibh poilitidheachta. Fé
mar a chuir cuimhneamh na sean-Ghaedheal
d'fhiachaibh air aithris do dhéanamh ortha
i scoil Éanna, ar son na h-Éireann, ar
an gcuma gcéadna bhíodh sé ag cuimhneamh
ar na laochraibh a throid chun Éire do
shaoradh ó smacht na nGall, — .i. Tone,
Meagher, Mitchel, agus a leithéidí — agus
chuir an cuimhneamh sin d'fhiachaibh air a
iarracht féin do dhéanamh agus dhein sé é.
Bhí cúis eile aige leis, ámh. Chonnaic sé
go raibh an Gall cómh socruighthe agus
cómh dána i nÉirinn agus bhí sé riamh —
ní raibh aon atharughadh air-sean, acht, mo
léan, bhí atharughadh ag teacht ar mhuinntir
na h-Éireann. Bhí cuid acu sásta le
luighe fá shálaibh an allmhuraigh, an fhaid
's bhí a ndóthain féin de bhiadh agus d'airgead
acu d'a bhárr; agus ní h-eadh amháin sin
acht bhí an chuid eile dá ndalladh aca i dtreo
go bhfágfaidhe iad féin ar a sástacht.
Ní raibh an scéal cómh dona riamh agus
bhí sé nuair a bhí obair de'n tsórt sin
ar siubhal. Thuig Pádraig go soiléir an
méad sin, agus i dteannta le gasradh
uasal eile, cheap sé cur 'na choinnibh.
Do dhein sé solus a intinne do scaipeadh
ar fuaid na tíre i leabhairínibh, agus
aon áit 'nar leigeadh do'n tsolus sin dul
isteach, d'imthigh an ceó doircheachta aisti.
Trí cinn déag nó mar sin des na leabhair-
ínibh sin a scríobh sé. Thaisbeáin sé cad
is náisiúntacht ann; chuir sé síos ar na
neithibh a bhaineas le náisiúntacht, agus
nidh nach iongnadh ceann díobh san seadh
an teanga. I Mí an Mhárta 1916 a
scríobh sé an ceann deireannach agus
go gairid 'na dhiaidh san tháinig an seabhac.



Sin cughaibh, a cháirde Ghaedhealacha, cunn-
tas gearr ar bheathaidh Phádraig Mhic Phiarais
agus ar an obair a dhein sé ar son ár
dteangan dílse. Dhein sé rudaí eile
ar a son nach bhfuil tagairt ar bith dóibh
ins an aiste bheag seo. Chuir sé cumann
ar bun, bhí páipéar darab ainm “An
Bárr Buadh” ar siubhal aige ar feadh
tamaill, agus mar sin. Is leór a bhfuil
ráidhthe againn, ámh, chun a dhearbhughadh
go cinnte gur chaith sé a shaoghal ag obair
ar son teangan na nGaedheal agus chun
meas a thabhairt dos na daoinibh ar a
dtírín dúthchais. Is brónach an scéal é
go bhfuil sé imthighthe uainn, mar ní fios
cad a bhéadh déanta aige ar son cinidh
ársa na nGaedheal dá mbéadh saoghal
fada aige; agus tá congnamh na bhfear
gcalma ag teastáil uainn le déidheanaighe.
Is áthasach an scéal é, ámhthach, nach bhfuil
deireadh leis na gaisgidheachaibh, fós, daoine
nach bhfuil eagla ortha aghaidh do thabhairt
ar an mbás nuair a cheapaid siad gur ar


L. 40


mhaithe leis an dtír é, agus b'fhéidir gur
toil le Dia go bhfuil Gaedhil láidre,
chalma, léigheanta againn fós, agus
go mbeidh go deo. Agus anois, a léigh-
theóirí, an miste a iarraidh oraibh aithris
do dhéanamh ar an deagh-shompla a thug
Pádraig dhíbh. Gan amhras, ní le gach
aoinne is féidir an oiread do dhéanamh
agus dhein Pádraig, acht is féidir le
gach duine a dhícheall, dá laighead é, do
dhéanamh agus níor dhein Pádraig acht an
méad sin. Níl sé ró-dhéidheanach ag aoinne
chun tosnuighthe. Tá sé ar chumas gach
fir, mná, agus páiste, an Ghaedhilg
d'fhoghluim acht cur chuige dáiríribh agus
croidhe cródha do choimeád. Annsan
cuimhnighidh gur “beatha teangan í do
labhairt,” agus gur beag an maitheas
eolus ag duine ar an nGaedhilg muna
labharfaidh sé í nuair a bheidh an chaoi aige
chuige. Beidh sé deacair, ar dtúis, acht sé
an taithighe a thugann clisteacht. Bíodh
cuimhneamh agaibh, leis, ar an oideacas
bhreágh Ghaedhealach a bhí ag Pádraig d'a
thabhairt d'a scoláiríbh, agus deinidh bhur
ndícheall chun a leithéid do chraobhscaoileadh
ar fuaid na tíre. Tá Pádraig imthighthe
uainn, acht tá an sprid agus an mheanma
a bhí aige annso fós. D'éag sé ar son na
h-Éireann; ionann san is a rádh gur
éag sé ar ár son féin. An bhfuilmíd
fiúntach go bhfuigheadh duine bás ar ár
son? Muna bhfuilmíd, ba chóir go
mbéimís, agus “is fearr go déidheanach
ná go bráth.” A chlanna Gaedheal, músclaidh
bhur misneach, ruagaidh an Béarla, labhairidh
an Ghaedhilg, agus “beidh Éire fós ag
Cáit Ní Dhuibhir.”



MICHEÁL MAC AMALTOINN.



Agus múscail do mhisneach, a Éire,
Cé dúbhach na spéartha indiú
Soillseóchaidh an saoirse, lá éigin,
Ar lorg na laoch 'san úir!



BRIAN NA BANBAN.


L. 46


Milis glór gach fir
Ag a mbidh cuid agus spré.
Searbh glór an duine lom
Bun os cionn do labhrann sé.


L. 47


SEAN-PHÁID, PÁID, AGUS PÁID ÓG.



FEAR óg, láidir, sgolbánta, sciamhach
do b'eadh Páid Mac Aodha. I nGleann na
bhFiadh 'seadh rugadh agus tógadh é, agus
is ann freisin a rugadh agus a tógadh a
athair agus a shean-athair roimhe. Go
deimhin, leis an bhfírinne d'innsint, bhí
muinntir Mhic Aodha 'n-a gcomhnuidhe i
nGleann na bhFiadh chomh fada siar 's
chuaidh cuimhne an duine ba shine 'san áit.
Bhí cliú agus cáil ortha riamh mar gheall
ar a gcalmacht agus a gcródhacht agus a
gcarthannas. Bhí athair Pháid 'sna
“bhFianntaibh” nuair bhí sé óg agus is
iomdha buille a bhuail sé ar son a thíre.
Bhí sé 'n-a shean-fhear críon, liath anois,
agus ag fágháil cúig scilleacha “phensiun”
'sa seachtmhain. Nuair a deireadh aoinne
leis fá mhagadh nár cheart dó bheith ag
glacadh airgid Riaghaltais mar sin 'sé
freagra a thiubharfadh sé i gcomhnuidhe: —
“Glac gach pighinn a gheobhair ó Shasana.
Tá sé i n-am dí cuid d'ár n-airgead féin
a ghoid sí uainn thabhairt ar ais dhúinn.
Ní i n-am d'éirigh sí fial, acht is forus
bheith fial má's rud é gur féile ár gcuid
airgid a goideadh uainn a thabhairt ar
ais arís dhúinn i ndeireadh na dála.”
Bhí máthair Pháid seanda go leór freisin.
Dar léithi fhéin bhí sí sean go leór le
“pensiun” d'fhagháil mar dubhairt sí
gur chuimhin léi “oidhche na gaoithe móire.”
Acht de réir leabhar Chúnntais Aos bhí
trí bhliadhain i n-easnamh uirthi. Bhíthí
ag magadh fúithi mar gheall air sin 'ghá
rádh gur uirthi féin bhí a locht mar gur
cheil sí a h-aos ceart ar an bhfear a bhí ag
déanamh an chunntais nuair bhí sí 'n-a
cailín, le n-a dhéanamh amach go raibh sí
an-óg ar fad. Acht thugadh sí a n-éitheach
i gcomhnuidhe. Bhí beirt deirbhshiúr ag
Páid acht bhíodar 'sa n-Oileán Úr. Bhí
dearbhráthair aige acht báitheadh é nuair
nach raibh sé acht cúig bhliadhna déag d'aois.



Bhí teach te teólaidhe ag muinntir Mhic
Aodha, agus slighe mhaith acu freisin.
Bhíodh Páid ag obair ar an bhfeirm bhig
ó mhaidin go faothain, agus is aige bhí
eolas a ghnótha. Fear lághach, ceanamhail,
subháilceach, cráibhtheach a b'eadh é. Bhí
gean ag gach aon air agus bhí níos mó ná
gean ag Úna Ní Fhathaigh, inghean an
ghabhann, air, mar bhí sí i ngrádh leis agus
eisean dar ndóigh i ngradh léithi chomh maith,
nó b'fhéidir níos fearr. Fearr teann
láidir féitheannach do b'eadh Séamus Ó
Fathaigh, nó Séamus Gabha, mar a tugtí
air. Bhí a cheárdcha ag an gcrois-bhóthar
aige mar bhí ag a shinnsear roimhe. Bhí
sé ar na gaibhnibh do b'fhearr a bhí 'sa
gconndae agus bhí a chliú agus a cháil
leathta ar fud na tíre. Ní raibh aoinne i
n-ann an ceann is fearr d'fhagháil air ag
caitheamh an úird agus ní dheachaidh air
ariamh i dtroid ná i n-iomrascáil. Iomán-
aidhe lúthmhar aicillidhe cliste do b'eadh é
freisin. Ní raibh de chlainn ag Séamus
agus ag á mhnaoi Máire acht an t-aon
inghean amháin agus muna raibh Séamus
ríméadach as an inghin sin ní lá go maidin
é. Agus ní thógfadh aoinne air mar gheall


L. 48


air sin, mar cailín deas, dathamhail, gleóidhte
ab eadh í agus cailín céillidhe cúramhach
freisin.



Gach oidhche ar feadh an gheimhridh thagadh na
buachaillí ó'n gcomhursanacht ar chuairt
do'n cheardchain. Teach clúthmhar teóluidhe
do b'eadh é le cuairt, mar bhíodh teine
mhaith i gcomhnuidhe ann, agus bhíodh an-
spórt aca ar fad. Bhíodh cleasa agus
magadh agus greann agus gáire ar siúbhal
gach oidhche ann. Acht bhí cúis fé leith ag Páid
Mac Aodha le teacht ar chuairt ann. Bhí
práidhinn aige do'n teach. Dob' í Úna an
chúis. Agus bhí a fhios sin ag na buachaillíbh
eile cé nár leigeadar ortha ós comhair
Pháid go raibh. Is ait, oilte, ealadhanta
an dream sin ar a dtugtar “na buachaillí.”
Ní mórán a thuiteas amach nach bhfeiceann
duine de “na buachaillíbh” é. Agus má
chíonn fhéin ní innseóchaidh sé an nuaidheacht
d'aoinne eile acht do “na buachaillíbh.”
Agus ní gádh do “na buachaillíbh” focal
a labhairt mar táid i n-ann caint a dhéanamh
le chéile gan fiú focal a rádh. Is iongantach
an dream iad go cinnte, acht má's eadh
féin ní bhaineann sin le mo sgéal.



Acht bhíodh níos mó 'ná gáiridhe agus
magadh ar siubhal i gceárdchain Shéamuis
Gabha. Bhídís gruamdha agus buaidheartha
go leór ann uaireannta. Gaedheal
dúthrachtach “ó chnámh go smior 's ó smior
go smúsach” do b'eadh an gabha, agus
is minic a thosóchadh sé ag trácht ar stair
na h-Éireann — ar chalmacht agus ar
chródhacht na nGaedheal agus ar fheall
agus lúbaireacht a námhad. Bhíodh a
chroidhe ar lasadh le tír-ghrádh agus do
chuireadh sé croidhthe na bhfear óg a bhíodh
ag éisteacht leis ar lasadh na theannta.
“Cuimhnigidh bhur ngail 's bur ngníomh,”
adeireadh sé. “Cuimhnigidh ar bhur sinnsir
calma cródha, agus an chaoi 'n-ar throid-
eadar le saoirse a bhaint amach d'a dtírín
dúthchais, agus leis an námha sanntach fall-
sa a ruaigeadh thar lear. Cuimhnigidh ar ar
fhulaingeadar ar son creidimh agus tíre.
Cuimhnigidh ar an éagcóir agus an lámh-
láidir agus an chos-ar-bholg a deineadh
ortha. Cuimhnigidh ortha sin go léir agus
smaoinigidh ortha. Do theip ar ár sinnsir
rómhainn slabhraí na daoirse a bhriseadh,
acht do rinneadar a ndícheall agus ba
leór sin. An bhfuil sibh-se réidh, riartha
chum a sompla san a leanamhaint? Tá
Róisín Dubh — ár máthair — fá aindlighe agus
daor-bhruid fós. Tá slabhraí an námhad
ag brúghadh uirthi, agus tá sí ag súil
linne chum teacht agus cabhrughadh léithi.
A ndiúltóchaimíd lámh chabhartha a thabhairt
dí? An leigfimíd do'n námhaid lámh-
láidir a dhéanamh uirthi? An leigfimíd
dó slabhraí na daoirse a dh'fháscadh uirthi?
Má's rud é go leigimíd cladhairí is eadh
sinn. Níorbh' fhéidir le h-aoinne a rádh
ariamh gur cladhairí Clann na nGaedheal,
agus le congnamh Dé agus Phádraig
naomhtha ní bheidh sé le rádh go deó na
ndeór go raibh meathtacht ag baint leó.
Má theipeann orainn féin, cé'n dochar é?
Cibé chaoi déanaimís iarracht ar ár dtírín
a shaoradh.”



Is minic a thagadh athair Pháid ar chuairt
freisin agus nuair a bhíodh a dhúidín ar
lasadh aige agus é ar a shástacht innsigheadh
sé scéalta i dtaobh na dtroid a chonnaic sé
fhéin. Nuair a bhíodh sé ag cainnt lasadh
a shúile le díogras agus cheapfá go raibh
sé 'n-a fhear óg arís ag troid go dian
dúthrachtach ar son a thíre. Théigheadh an
chainnt seo go mór ar na fearaibh óga
agus mar gheall air sin níorbh' iongnadh
ar bith é, nuair cuireadh Óglaigh na
h-Éireann ar bun, go raibh gach fear
díobh in-a dhalta aca.



Is annsin a thosuigh an obair i gceart.
Ní raibh aca roimhe seo acht cainnt. Acht
d'éirigheadar as an gcainnt anois, agus
siúd chun foghluma ealadhan shaighdiúrachta
iad. Agus ní fada go rabhadar 'n-a
dtogha saighdiúirí. Deirtear go dtagann


L. 49


an tsaighdiúracht go h-an-réidh leis an
nGaedheal. Cibé fíor bréagach é sin
ní fada a bhí óglaigh Ghleanna na bhFiadh
ag dul i bhfeabhas. B'é Páid an taoiseach
a bhí ortha acht cé déarfas nár mhaith an
togha a rinneadar, mar fear staidéarach
ciallmhar ab eadh é agus gaisgidheach
galánta leis. Bhí an-mheas agus an-chion
ag na fearaibh air agus ba mhaith an aghaidh
ar Pháid é. Dar ndóigh bhí an gabha ins na
h-Óglachaibh freisin, agus dá bhfeicfeá
a dhealbh agus a dhéanamh, a fhéitheacha
fuinte fáiscthe agus a ghuailne groidhe,
gaisgeamhla, déarfá id' aigne féin go
mb'fhearr dhuit bheith muinteardha caradach
leis 'ná bheith id' námhaid dhó. Uaireannta
thagadh athair Pháid go dtí faithche na
n-óglaoch, agus mar adeireadh sé féin
bhíodh sé 'n-a fhear óg an fhaid a bhíodh sé
ag féachaint ortha agus iad ag cleachtadh
go dian díochrach. Agus amannta bheireadh
sé leis a shean-phíc — an phíc a bhí aige i
gcathaibh go leór — agus theasbáineadh sé
dhóibh an ealadha agus na cleasa a bhíodh
acu 'san am fadó. Agus gan easnamh
gan áidhbhéil is é a bhí i n-ann úsáid a
bhaint as an phíc. Níor thaithnigh na gunnaí
leis chor ar bith. Deireadh sé nach troid
cheart troid le gunnaíbh mar go raibh
cladhaire meathta i n-ann gunna a láimh-
seáil chomh maith le gaisgidheach curata.



Cibé chaoi, do lean na h-óglaigh ortha
féin ag cleachtadh agus ag síor-chleachtadh
go dtí nach raibh sárughadh 'n-a gcionn.
Thagadh daoine a paróistíbh eile féachaint
ortha agus iad ag siubhal agus a ghunna
ar a ghualainn ag gach fear aca agus
iad gléasta suas “i n-arm agus i n-éideadh
chatha.” Agus uaireannta thosuigheadh
troid mhagaidh eatortha agus bhídís ag
rith agus ag léimnigh agus ag ionnsuidhe
a chéile agus ag cromadh síos i gclaisibh
agus cheapfá go marbhóchaidís a chéile.



Bhí go maith go dtí gur tugadh focal
dóibh bheith réidh riartha lá áirithe le troid
ar son saoirse a dtíre. Nuair a chualadar
sin leigeadar naoi ngártha le méad a
n-áthais agus d'fhreagair na cnuic agus na
gleannta ar ais iad. Tháinic an lá agus
bhíodar réidh riartha leis. Thángadar i
gceann a chéile an mhaidin sin ag an
gceárdchain. Chruinnigh na comhursain
ann chomh maith. Agus dár ndóigh tháinic
athair Pháid. D'fhéach sé ar an scata laoch
a bhí os a chomhair amach, tháinic loinnir
'n-a shúilibh, chrom sé a cheann agus thosuigh
sé ag gol. D'árduigh sé a cheann, dhearc
sé ortha arís, agus “Ó, a bhuachaillí agus
a laochraidhe,” ar sé, “ná tógaidh orm go
bhfuil na deóra 'mo shean-shúilibh. Bhí mise
óg fadó mar atá sibh-se indiu. A, is fada
siar an t-am é. Is iomdha cor atá curtha
ag an saoghal de ó shoin, is iomdha sin.
Acht tá aon rud amháin ann indiu fé mar
a bhí agus mise i m'fhear óg agus is é rud
é sin meanma agus tír-ghrádh na nGaedheal.
Tá rud eile ann indiu fé mar a bhí fadó
agus is é rud é sin fealltacht agus
aindlighe na nGall. Is iomdha iarracht
a rinne ár sinnsir rómhainn ar shaoirse
dh'fhagháil. Do throid mé féin ar son
Chaitlín Ní Uallacháin” (cuir na h-óglaigh
suas gáir mhór mholta nuair adubhairt
Sean-Pháid sin). “Acht ní'l sí saor fós.
Tá mise i mo sheanduine anois agus is
beag an mhaith fhéadfas mo leithéid a
dhéanamh feasta — is beag sin — acht ag
dearcadh ar dhaoinibh eile go maith, ag
féachaint ar an saoghal, agus dá leigean
tharm. Acht anois agus arís ní féidir
liom gan machtnamh a dhéanamh ar Éirinn
bhoicht. Tá grádh agam do Róisín Dubh
agus ní maith liom í d'fheicsint fá chois
ag an námhaid. Acht bhí rud eicínt gá
rádh liom i gcomhnuidhe — ‘Ná caill do
mheisneach; beidh Róisín saor fós.’ Agus
indiu nuair a dhearcaim oraibh-se, a laochraí
na nGaedheal, agus nuair a chím an bhuidhean
gaisgidheach tréan os mo chomhair agus
iad réidh riartha le buille a bhualadh ar


L. 50


son a dtírín tagann glionndar 'mo
chroidhe agus deóra áthais le mo shúilibh.
Ó mo thruagh nach bhfuilim féin 'mo fhear
óg arís agus ag dul libh indiu. Acht
ní h-é sin toil Dé. Go n-éirighidh libh, a
bhuachaillí. Rinne bhur sinnsir an obair
chéadna. Ní raibh sé ariamh le rádh go
ndeachaidh Feara Fáil ar gcúl i n-aimsir
thagartha ná teangmhála ná nach raibh
croidhe leomhain 'n-a gcroidhtibh i n-aimsir
chosgartha na fola — ag cosaint a dtíre.
Throideadar go dian dúthrachtach, go calma
cródha, agus go te teann. Déinidh-se
amhlaidh. Cuimhnigidh bhur ngail 's bhur
ngníomh. Ruaigidh an sean-námha as bhur
dtír, troididh go meanmnach misneamhail
agus tabhraidh ar ais an chraobh agus an
choróinn d'Éirinn bhoicht arís. Beidh bhur
gcliú 's bhur gcáil dá n-aithris go lá
luain an bhrátha. Beannacht Dé oraibh,
a óglaigh, agus go dtugaidh Sé buaidh
dhaoibh.” Do leig na daoine a bhí i láthair
gáir mhór mholta nuair a bhí críoch le h-óráid
Shean-Pháid agus d'imthigh an bhuidhean
óglach suas an bóthar go meidhreach
mór-mhuinighneach agus iad ag fágáil ceó
stúir ar a gcúl a dhallfadh na céadta le
méid aclaidheachta a dtroighthe agus aibhéile
a gcoiscéimeanna. B'é Páid Mac Aodha
an taoiseach. D'fhan na comhursain ag
féachaint 'n-a ndiaidh nó go rabhadar
imthighthe as a radharc, agus annsin d'fhill-
eadar a bhaile. Bhí cailín óg 'n-a measc
agus na frasa diana deór anuas léithi
le méid a cumha. D'fhiafruigh na mná dí
cé'n fáth go raibh sí ag gol chomh fuidheach
sin agus dubhairt sí go raibh faitchíos
uirthi go marbhóchthaí a h-athair. Acht bhí
imnidhe uirthi freisin i dtaobh Pháid Mhic
Aodha (mar is í Úna Ní Fhathaigh a bhí ann).
Acht ní dubhairt sí an méid sin le na
mnáibh agus thug a máthair abhaile í.



Bhí an t-éirghe amach thart. Tháinic
óglaigh Ghleanna na bhFiadh abhaile. Loiteadh
beirt nó triúr dhíobh acht b'shin ar loiteadh.
Níor éirigh na h-óglaigh amach acht annso is
annsúd ar fud na h-Éireann. Bhí dearmad
eicínt déanta, agus bhí an lá caillte.
An méid díobh a d'éirigh amach throideadar
mar leomhain, agus bhaineadar sásamh as
an námhaid. Bhí Páid go h-an-ghruamdha ar
fad agus é 'ghá innsint sin do na comhur-
sanaibh. Acht do labhair Sean-Pháid agus
'séard dubhairt sé — “Ní h-í seo an chéad-
uair a briseadh cath orainn, a bhuachaillí.
Ní oraibh-se atá a mhilleán. Dheineabhar bhur
ndícheall. Ná caillidh bhur misneach.
Imthigidh abhaile agus cuiridh bhur ngunnaí
i dtaisge mar beidh lá eile ag Cáit Ní
Dhuibhir.” Chuaidh na h-óglaigh abhaile —
gach fear d'á theach féin agus is rómpa
a bhí an fháilte. An lá 'n-a dhiaidh sin
thosuigheadar ag obair mar ba ghnáthach
leó. Tar éis cúpla lá chualadar gur
gabhadh taoisigh na n-óglach ar fud na tíre,
gur daoradh chun bháis cuid acu agus gur
cuireadh príosún thar lear ar ghearra-
chuid eile aca. Níorbh' fhada gur gabhadh
cúigear d'óglachaibh Bhaile Ghlais — baile
a bhí sé mhíle ó Ghleann na bhFiadh. Nuair
chualaidh Páid sin bhí fhios aige go ngeobhfaí
é féin freisin muna n-imtheóchadh sé.
Chuaidh sé síos do'n cheárdchain agus
dubhairt le Séamus Gabha go raibh faoi
an sliabh amach a thabhairt air féin. “Cé'n
fáth?” arsa Séamus agus iongantas air.
“Mar má fhanaim annso lá eile geobhfar
mé — agus tusa freisin, a Shéamuis, —
mar táthar ag déanamh thoir i mBaile
Ghlas. Is fearr bheith 'sa mbaile cé gur
i bhfolach ar nós sionnaigh a bheitheá na
bheith díbrighthe thar lear nó sínte marbh
le h-urchar.” (D'fhéach sé ar Úna agus é
ag cainnt agus chonnaic sé na deóra
'n-a súilibh móra gorma). “B'fhéidir go
bhfuil an ceart agat,” ars' an gabha,
“acht ní fhaca mise riamh an fear atá i
n-ann slabhraí a chur orm-sa. Agus má tá
an fear sin beó ba mhaith liom é d'fheicsint


L. 51


agus fanfaidh mé annso le mo shúile
agus mo dhoirn a leagaint air.” “Ná
bí amaideach,” arsa Páid. “Nach bhfuil
fhios agat go maith nach aon fhear amháin
atá le troid agat acht céad.” “Is dócha
go bhfuil an ceart agat,” arsa Séamus
tar éis tamaill. “Mar sin fhéin ní
maith liom teicheadh, acht mar adubhrais
is fearr é 'ná sásamh a thabhairt dóibh.
Ó, mo thruagh nár éirigh amach óglaigh na
h-Éireann ar fad an lá céadna, agus
ní bheimís ag tabhairt na gcnoc agus na
ngleann orainn mar seo. Acht is iomdha
Gaedheal rómhainn a dhein an cleas céadna,”
ar sé agus é ag gáiridhe. “A Úna, cuir
fios ar Thadhg chum teacht aniar do'n
cheárdchain an fhaid 's bheimíd i bhfolach.”
(Dearbhráthair dhó do b'eadh Tadhg agus
bhí ceárdcha bheag aige i nGleann Gortach).
D'innsigheadar d'Úna an áit 'n-a mbeadh
siad i bhfolach — an Scailp a bhí mar ainm
uirthi. Bhí an gabha 'ghá nigheadh féin nuair
tháinig marcach isteach le sgéal go raibh
na saighdiúirí agus na píléirí i bhfoisceacht
míle go leith dóibh. Ní dhearna an bheirt
acht slán d'fhágáil ag Úna agus amach
leó. Ní fada 'n-a dhiaidh sin go dtáinic
na saighdiúirí agus dheineadar aghaidh ar
an gceárdchain. Bhí iongnadh ortha nuair
nach raibh an gabha istigh rómpa. Annsin
do chuarduigheadar an teach suas síos
acht ní raibh an gabha le feicsint. D'fhiaf-
ruigheadar d'Úna go searbh cá raibh sé.
Dubhairt Úna nach raibh fhios aici. Thugadar
gach sórt mhasla agus droch-chaint do'n
chailín bhocht agus d'imthigheadar go feargach.
Suas leó go teach Pháid acht ní raibh ann
rómpa acht Sean-Pháid agus a bhean,
agus bheadh sé chomh maith dhóibh bheith ag
labhairt le cloich 's bheith ag fiafruighe
ceist as Béarla de'n bheirt. Níor thaithnigh
saighdiúr Gallda le Sean-Pháid riamh agus
thosuigh sé ghá innsint dóibh a Gaedhilg
cad é an meas a bhí aige ortha anois.
Tháinic faitchíos ortha roimhe. Bhí sé ag
féachaint chomh bagarthach sin gur cheapadar
gur gealt a bhí ann agus d'imthigheadar
leó.



Bhí Páid agus an gabha i bhfolach 'sa Scailp
ar feadh coigthíghse. Thagadh Úna chúcha
agus biadh aici dhóibh gach lá agus thugadh
sí gach cunntas dóibh. Ba ghearr go
bhfuair brathadóir eicínt amach an áit
'n-a rabhadar i bhfolach, agus d'innis do
na píléiríbh é. Fuair sé luach-saothair
uatha is dócha, acht ní fada 'n-a dhiaidh sin
go bhfuair sé luach-saothair eile nár
thaithnigh leath chomh maith leis, cé gur
shaothruigh sé deich n-uaire níb' fhearr é.



Maidin bhreagh a bhí ann. Bhí Úna 'n-a
suidhe go moch le biadh a thabhairt chum a
h-athar agus chum Páid. D'fhéach sí amach
agus chonnaic sí an scata píléirí ag dul
suas bóthar an tsléibhe agus an brathadóir
— Seaghán Dubh — ag déanamh eoluis an
bhealaigh dóibh. Ba bheag nár thuit sí i
lagar mar bhí fhios aici go rígh-mhaith céard
a bhí fútha. Acht céard a dhéanfadh sí
fhéin? Caithfidh sí iad a shábháil ar chaoi
eicínt. Ní raibh aoinne eile 'n-a suidhe
'sa mbaile beag. Amach léithi agus do
dhein aithghiorra treasna an tsléibhe. Bhí
sí ag rith chomh tapaidh 's bhí 'n-a cosaibh.
Bhí a croidhe 'n-a béal. Nuair shroich sí
árdán i n-aice na Scailpe chonnaic na
píléirí í agus thosuigheadar ag rith 'sa
chaoi go mbeadh an tosach aca uirthi. Rith
sí arís acht ní raibh aon mhaith dhí ann.
Bheadh an tosach aca-san. Stad sí go
h-obann agus do leig liúgh mór aisti.
Rith na píléirí ní ba thapa. Leig sí liugh
eile aisti. Chonnaic sí Páid ag teacht
amach go faiteach as an Scailp. D'fhéach
sé 'n-a treó agus nuair a chonnaic sé na
píléirí phreab sé isteach le Séamus Gabha
a dhúiseacht. Acht sar a raibh Séamus
dúisighthe aige bhí na píléirí isteach ortha
agus ba ghearr go bhfaca Úna iad ag
teacht agus slabhraí ceangailte ar a
lámhaibh agus na píléirí agus a ngunnaí


L. 52


agus a sáidhteáin aca agus iad 'ghá leigint
ortha féin go rabhadar an-chalma ar fad.
Do bhris an tocht a bhí ar chroidhe Úna
uirri agus nuair chonnaic Páid í rith caise
deór anuas ó n-a shúilibh féin. Bhí an
gabha ag dearcadh go feargach fíochmhar
'n-a thimcheall. Cheapfá nach raibh sé
'n-a dhúiseacht i gceart.



Ní raibh na comhursain 'n-a suidhe fós.
Tugadh go Baile Átha Cliath an bheirt
agus gan greim bídh ithte aca ó'n tráthnóna
roimhe sin. Cuireadh dlighe shaighdiúra
ortha. Daoradh chun phríosúin ar feadh
deich mbliadhan an bheirt aca. Ní dhubhradar
seadh ná ní h-eadh. Ba chuma leó cé mhéad
a curfaí ortha chomh fada 's gur ar son a
dtíre a bheadh siad ag fulaingt. Acht
mar sin fhéin níorbh' fhéidir leó gan cuimh-
neamh ar a muinntir a bhí 'sa mbaile.
Is mion minic a bhíodh Páid ag cuimhneamh
ar Úna agus é fá ghlas agus ní dhearna
Úna dearmad ar Pháid acht an oiread.
Bhí Sean-Pháid brónach nuair a chualaidh
sé an bhreith a cuireadh ortha, acht mar sin
féin bhí bród air gur mar gheall ar a thír-
ghrádh bhí a mhac i bpríosún. “Buidheachas
le Dia,” ar sé, “nach mar gheall ar aon
droch-ghníomh a dhein sé atá sé faoi ghlas
indiu.” Chabhruigh na comhursain leis
agus thagadh meitheal díobh ag obair dhó
nuair a bhíodh gádh leis. Tháinig dear-
bhráthair an ghabhann ag obair 'sa gceárd-
chain freisin.



D'imthigh trí bhliadhain thart. Cúpla lá
roimh an Nodlaig fuair Úna leitir ó
Pháid 'ghá rádh gur leigeadh saor a h-athair
agus é féin agus go mbeadh siad ag
teacht abhaile gan mhoill. Níorbh' fhéidir
léithi níos mó a léigheadh, bhí sí chomh h-áthasach
sin. Suas léithi go teach Pháid agus
d'innis do'n tsean-fhear agus do'n tsean-
mhnaoi an nuaidheacht a fuair sí. Thosuigh
an mháthair ag gol le h-áthas. “Cheapas
go mbéinn faoi'n gcré sar a leigfí amach
mo mhac,” ar sí. “Míle buidheachas le
Dia na Glóire.” “Is mór an rud é,”
arsa Sean-Pháid, “is mór an rud é gan
amhras. Dar ndóigh tá áthas ort-sa,
a Úna, t'athair a bheith 'sa mbaile arís
agat.” “Tá,” arsa Úna, “acht ní lugha
ná san an t-áthas atá orm Páid bocht a
bheith saor. Maradh gur fhan sé le m'athair
a dhúiseacht an mhaidin ar rugadh ortha
'sa Scailp ní gheobhfaí choidhche é. Acht
caithfidh mé an scéal d'innsint do na
comhursanaibh.” “Déan,” ars' an sean-
fhear, “is maith a sheas na comhursain linn
ó d'imthigh Páid, agus is mór an chumaoin
a chuireadar orainn.”



Thángadar abhaile oidhche lae ar na
bhárach. Bhí daoine as gach áird bailighthe
ag an gceárdchain rómpa. Bhí teine
chnámh acu agus rinnce agus ceól. Munar
fearadh fíor-chaoin fáilte roimh an bheirt
ní lá go maidin é. Bhí na comhursain
ag craitheadh lámh leóbhtha agus ag cainnt
agus ag liúgh. Bhí sórt cuthalachta ar
Pháid agus ar an ngabhainn acht ní shásóchadh
aon nidh na daoine acht an bheirt aca do
dhul amach ag rinnce. Dubhradar go
rabhadar tuirseach traochta de bhárr a
n-aisdir acht níorbh aon mhaith dhóibh bheith
ag tabhairt leath-sgéal mar bhí “Ballaí
Luimnighe” dá seinnm ag an bpíobaire.
Níorbh fhada go bhfuair Páid comh-rinnceóir
agus ní gádh a rádh ná gurb'í Úna í.
Níor lugha an lúthgháir agus ollgháirdeas
a bhí ar Úna roimhe ná bhí air-sean í a
fheiceáil arís, gur chaitheadar an oidhche
ar fad ag congbháil comhráidh le chéile.
Bhí an rinnce ar siubhal go “fáinne
geal an lae,” agus annsin d'imthigh na
daoine abhaile go meidhreach suairc.



Tar éis an Nodlag — agus ba shona an
Nodlaig a bhí ag muinntir Ghleanna na
bhFiadh — thosuigh Páid ag obair ar an
bhfeirm arís, acht bhí daoine 'ghá rádh go
mbíodh sé thíos ag an gceárdchain go
h-an-mhinic. Agus ní fada gur leath an


L. 53


sgéal amach go raibh Páid agus Úna le
pósadh an Inid a bhí chúcha. Agus do b'fhíor
an sgéal. Thaithnigh an cleamhnas le na
comhursanaibh ar fad agus bhí bród acu
as an lánamhain óg. Bhí an-oidhche ann
oidhche na bainfheise: —



“Beoir is bainne,
Bairíní geala,
Blas na meala ar gach aon ghreim.”



Bhí fleadh agus féasta, sult agus
siamsa, rinnce agus ceól ann agus ba
shubhac, sáthac, so-mheanmnach an comh-
luadar.



Tá ag éirghe go h-áluinn le Páid agus
le n-a mhnaoi ó shoin. Fuair Sean-Pháid
bás bliadhain nó mar sin th'réis an phósta
agus thug sé a bheannacht dóibh. Rugadh
mac do Pháid nuair bhí an sean-fhear ar
leabaidh a bháis, agus chuir sé fá gheasaibh
iad “Páid” a bhaisteadh air. “Beidh sé
'n-a ghaisgidheach amach annso,” ar seisean,
“mar bhí a shinnsear roimhe.” Ní fada a
mhair máthair Pháid 'n-a dhiaidh sin.



Tá Páid go h-an-ríméadach as Páid óg.
Is minic a shiubhlann sé go dtí'n cliabhán
agus tógann an leanbh n-a bhaclainn
agus deireann “Ní baoghal d'Éirinn
chomh fada 's tá Páid óg Mac Aodha ann
le troid i n-aghaidh an námhaid. Beidh sé
'n-a laoch calma agus 'n-a fhíor-Ghaedheal.
Nach mbeidh tú, a Pháid óig?” Bíonn
Úna ag magadh faoi nuair a chíonn sí é
ag iarraidh caint a bhaint as an leanbh.
Acht an lá cheana, agus Páid ghá fhiafruighe
de'n naoidheanán an mbeadh sé 'n-a
ghaisgidheach tréan leig Páid óg uaill
eicínt uaidh. Tá Páid cinnte, siúralta
gur “beidh mé” adubhairt an leanbh
agus tá sásamh aigne agus áthas chroidhe
air ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu
ann.



MÍCHEÁL Ó FALLAMHAIN.


L. 58


PARTICULARS OF CLARE POETS



O Renehan Manuscript 69, in the
library of Maynooth College, was compiled
by Michael O Reilly of Ennistymon in the
county of Clare in 1853. There is a
preface prefixed to the volume by the
scribe, and as it contains important
particulars connected with the two Mac
Curtins, Hugh and Andrew, with Michael
Comyn and another Clare poet, it will be
of advantage to scholars to have the piece
in full.



PAUL WALSH.



10th March, 1917.



DUANAIRE DÍON-SHUAIRC UÍ
RÁGHALLAIGH.



Cnuasuigheadh an beag-shaothar so le
Mícheál Ó Rághallaigh do chomhnuighios i
nInnse Diomáin an tan fó aois don
Tighearna 1853.



Do cnuasuigheadh na duanta so as
i liomad do shean-leabhruibh do thárla liom
san tír so. Go sonnraightheach a bhfuil
do laoithibh na Féinne ann, as leabhar do
sgríobhadh i mBáile Áth Cliath tille agus
dá chéad bliadhain ó shoin. Mórán don
chuid eile is iad filidhe na Mumhan ro
chan iad. Atá beagán díobh do canadh
le fir atá n-a mbeatha fós agus do mhair
mórán díobh san t-ochtmhadh céad déag
agus cuid eile roimhe sin.



A léightheóir ionmhuin, ná tabhair aithis
nó milleán orm tré olcus an sgríobhainn
atá san leabhar so, óir is fear céirde
mé agus is i n-aimsir díomhaoin 1 do
roine mé an cnuasacht so. Dá bhrígh sin
ní féidir leis a bheith comh slachtmhar le
sgríbhinn do dhéanfadh fíor-chléireach. Acht
tarais sin an tan do chonarcus dom nach
raibh aoinneach do lucht mo chomhaimsire
ag cnuasacht a bheag do shaothar ár bhfilidhe
do mheas mé gan iad uile do léigint ar
fán. Acht is beag an tairbhe iad do
chosaint, óir is náireach le ar n-aos óg
teanga a sinnsear dfhoghluim. Dá bhrígh sin
ní bhia focal Gaoidhilge san ríoghacht i
gcionn céad eile bliadhain má leanaid an
nós atá aca leam chuibhe féin.



Do mhair ceathrar filidhe fíor-eólach n-a
lucht comhaimsire ag a chéile san tír so .i.
Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buidhe Mac
Cruitín, Mícheál Coimín agus Seón Ó
hUaithnín.



Do chomhnaigh Aindrias i bporóisde Chill
Mhuire Uíbh Breacáin san mbaile re rátar
Moghlas. 2 Tá an mhéid dá shaothar do
bfhéidir liom dfhagháil san leabhar so.
Déanadh é ádhlacan i gCill na bhFear
buidhe 3 i nÍbh Briceán mar aon re a
shinnsir A.D. 1749.



Do bhí Aodh n-a dhuine ró-léighionda, óir
do sgríobh sé leabhar seanchus ar
Éire [&] focalóir Sagsbhéarla agus
Gaoidhilge le graiméar Gaoidhilge. Do
clódh-bhuaileadh na saothair sin agus do


L. 59


moladh go mór iad. Do chomhnaigh sé
i Ráith Mheirgín 1 i bporóiste Chill Mic
Crithe 2 agus iar n-éug do curadh san
gcill riomhráite é A.D. 1755. An mhéid
dá fhilidheacht do thárla orm atá san leabhar
so. Ba filidhe oighreachtuidhe Thuadhmhumhan
na Cruitínigh. Nír fhág Aodh aon mhac
acht dís inghein.



Do chomhnaigh Mícheál Coimín i gCíll
Chorcarán 3 i bporóisde Chill na bhFear
buidhe agus iar sin san gCeathr[amh]adh
Chaol 4 san bporóisde chéadna. Ba duine
uasal do shliocht Goill an Coimíneach so.
Ba náireach le n-a mhac go raibh a athair i
n' fhile. Da bhrígh sin do dhógh sé an mhéid
do bhí san teach dá shaothar tar éis a bháis.
Tá ar thárla dá fhilidheacht orm san leabhar
so. Do cuireadh é i gCill na bFhear buidhe
A.D. 1760.



Do chomhnaigh muinntir Sheóin Uí
Uaithnín san Dairrín 5 i bporóiste Chill
tSeanna[i]dh i gCorcomruadh. Do b'é
an fear ba láidire agus ba mhó lúth agus
léim dá raibh san tír le n-a linn féin. Bhí
sé ró-thabhartha d'ól agus do mhná. Dá
bhrígh sin ní fhacamar saothar trom nó
léighionda ó n-a pheann. An mhéid dá
shaothar do chonarc mé atá san leabhar
so. Do chua[i]dh sé go hóg don Spáinn
mar a raibh a dhearbhráthair n-a thaoiseach
chabhlaigh ag rígh na Spáinne. D'éug sé san
tír sin.



Do bhí mé aimsir imchian ag cruinneadh
gach saothar dá bhfuil san leabhar so.
Atchim gach léightheóir do léighfios a bheag
don leabhar so guidhe do chur i láthair Dé
re hanam an sgríobhnóir .i. MÍCHEÁL
Ó RAGHALLAIGH.



Molann an saoghal an te bhíos grádhmhar cóir
Is molann an cléir an té bhíos pairteach leó
Dair solus na gréine is mo rádh go deó
Go molfadsa féin leam rae an t-áth má gheabhad.


L. 60


MUIRE GAN SMÁL,
I SGRÍBHNIBH NA SEAN-GHAEDHEAL.



“NÍ h-é Críost an duine ba mhó truagh
leat ar Chalbhairí acht a mháthair bheannuighthe.
Tá mórdhacht agus cródhacht i gCríost.
Truaghnairt ar fad atá innti-sin. Is
fada ós na Protestúnaigh fós go mbeidh
a leithéid do chómhacht agus d'fhuinneamh
aca chun croidhthe na ndaoine a bhogadh
agus a n-aigeanta a ghríosadh.” 1 Briathra
Stead iad seo ar bhfeiscint Dráma na
Páise i n-Óber-Ammergau dó. Ní h-aon
ghrádh dos na Catoiliceachaibh a bhí á
spriochadh chum a leithéid sin a rádh. Is
amhlaidh a thuig sé 'na aigne nár bhfuláir
do dhuine croidhe ba chruaidhe ná cloch a
bheith aige, chun go n-eireóchadh leis machtnamh
a dhéanamh ar chás Mhuire agus gan báidh
bheith aige léi. Dá bhrígh sin, is fearrde
réidhteóchadh an urraim a tugtar do Mhuire
le croidhe agus aigne an duine, buige
chroidhe agus teasaidheacht mheóin a bheith
aige.



As so is iontuigthe a mhire is a leath cáil
Mhuire imeasg muinntear an Oirthir 2
agus a mhinicighe a tagradh di 'na sgríbhnibh,
agus gan an sgéal céadna aici i litridheacht
an Iarthair. Ar an gcuma gcéadna, aoinne
a thuigeann meón an Ghaedhil, ní h-iongnadh
leis gur mheasa Muire agus í ag fulang
ó chroidhe ar Chnoc Chalbhairí, leis an
nGaedheal ná leis an Sasanach. Ar
bhfeiscint dúinn a aeraighe agus a mhí-
shaoghalaighe mar a thugaidís na Gaedhil
a saoghal, is fuiris a thuigsint go mbéadh
truagh aca do'n bhochtán agus cómbáidh
aca leis. De bhárr na mór-thruaighe sin,
tháinig báidh aigeanta dhóibh le Muire;
do ghabhadar grádh gan teóra dí, agus ba
ghearr go raibh ionntaoibh sár-iongantach
aca aisti. Ní h-amháin i n-Éirinn a
bhí an sgéal mar sin. B'é an údháltha
aca é i n-Alban leis, amhail is follus
d'aoinne a léigheann an leabhar luachmhar
úd, “Carmina Gadelica.” 3 Tá dánta
fé leith do Mhuire sa leabhar sin, acht
'na theannta san, tá smaointe uirri ins
gach aon dán aca, agus uaireannta san
áit is lugha na mbéadh coinne agat leó.
Ní fuláir nó gur gearr gur thuig
Pádraig na tréithe seo a bhí i meón na
nGaedheal, agus gur mhaith a mhaise aige
san. Do chonnaic sé gur dhein urraim
do'n mhaighdin sásamh mór aigne dhóibh
agus ní mór dúinn a chreideamhaint nár
shos dó gur leath sé a cáil ar fuaid na
tíre.



Acht bhí cúis eile ag Pádraig le bheith
dilís ag moladh Muire. Is iomdha cur
síos agus tráchtas atá sgríobhtha ar na
h-uairibh a dhein Pádraig a leithéid seo
nó a leithéid siúd. Acht má tá aon dáta
'na bheathaidh níos deimhne ná a chéile, is é
ceann é sin ná gur i mbliadhain a 432
a tháinigh sé go h-Éirinn chun an chreidimh
a chraobhsgaoileadh. Ní fuláir mar sin
nó go raibh togha an eolais aige ar na
Riaghlachaibh do chuir an Pápa amach ag
Ephesus an bhliadhain roimhe sin, agus
gur cuireadh 'na luighe go docht do-sgaoilte



1 W. T. Stead, The Passion Play as Played
To-day, p. 11.



2 Pöhle-Preuss, Mariology, p. 49.



3 Carmichael (Constable and Co., Edinburgh).


L. 61


air, tréithe na maighdine máthar do chur
i n-eolas dos na h-Éireannachaibh agus
í do thabhairt ós a gcómhair mar shompla
i subhailce agus i gcneastacht. B'fhuiriste
dhó é, mar níor dheacair le meón na
nGaedheal glacadh leis an gcreideamh san.



Acht sé adéarfaidh an fear thall, ná
fuil tagairt do Mhuire i sgríbhnibh
Phádraig ná Secundinus ná Tireacháin
ná Muirchú. 1 Agus rud eile, ins na
tuairisgíbh is seanda againn ar iompódh
inghean Ríogh Laoghaire 2 chun an chreidimh,
níl aon chur síos ar Mhuire san Chré a chuir
sé rómpa. Tá go maith, acht níl tagairt
dí acht cómh beag i “mBeatha Naoimh Declan
agus Mochudha”; 3 agus maidir leis an
gCré, cá bhfuil an tagairt do Mhuire san
Chré a bhí riachtanach san “Ordo ad poeni-
tentiam dandam,” atá i láimh-sgríbhinn
Gaedhealaigh ag Basle? 4 Ar a shon san,
níl aoinne a dhéarfadh ná raibh eolas ag
na sgríbhneóiríbh ar a tréithibh. Acht mar
sin fhéin, b'fhéidir gur fearr a dh'admháil
go raibh an sgéal céadna aca i n-Éirinn
agus a bhí san domhan uile agus an Eaglais
'na h-óige — ná raibh an oiread san eolais
uirri i dtosach agus a bhí 'na dhiaidh sin.
Agus ní h-aon iongnadh é sin. Níor mhór
eolas agus cion ar Íosa féin ar dtúis
sar a bhféadfaí urraim a thabhairt do
Mhuire. Ba ghearr, ámhthach, gur leath
a clú go fada fánach, agus níor tharraing-
eadar na Gaedhil siar uaithi ó shoin.



Acht bíodh san mar athá, ba dhóigh le duine
ar an gcéad amharc gur obair gan tairbhe
bheith ag tóruidheacht tagartha d'fhíor-ghlaine
Mhuire i leabhraibh na Sean-Ghaedheal, agus
bheith ad iarraidh a phromhadh gur chreid ár
sinnsir Muire do bheith gan smál i
gcómhnuidhe. Ba mhóide a thuairim sin a
chuimhneamh gur iomdha díospóireacht a
bhí ag diadhairíbh na h-Eaglaise le fada
bhliadhantaibh ar an gceist gcéadna go
dtí gur chuir an Pápa deire leis san
bhliadhain a 1854. Mar sin féin, is féidir
a rádh gan eagla a bhréagnaighthe ná deir
tagairt ar bith dá bhfuil i sgríbhnibh na
nGaedheal go raibh aon t-sailitheacht riamh
ar Mhuire acht gur mion minic a deirtear
go raibh sí riamh gan cháim. Dá bhrígh sin
is tairbhighe an cuardach ná mar a mheasfadh
duine a prióri. Is fearr a dh'admháil,
ámhthach, ná deirtear go díreach agus go
beacht mar atá sé i Riaghlachaibh Pii IX., 5
gur cumhdaigheadh Muire ó'n a gein riamh
ó bhrúdar ar bith peacaidh. Acht ní tógtha
ar sgríbhnibh na nGaedheal é sin. Ní deir-
tear cómh beacht nó cómh cruinn é acht
cómh beag san Scriptiúr nó i sgríbhnibh
na n-Aithreach, ach dubhairt an litir úd
“Ineffabilis Deus” gurb é an creideamh
céadna atá ionnta san. Uime sin, níl
le déanamh annso acht a thaisbeáint go
raibh an tuairim chéadna aca ins an tsean-
aimsir riamh i n-Éirinn. Tá coimrighe
na tuairime sin ar na tagarthaibh a cuir-
fear síos annso. Dá ndeintí trácht ar
gach ceann aca mar ba cheart, bhéadh an
t-aiste seo ró-fhada ar fad. Is amhlaidh
atá an chuid is mó díobh soiléir a ndóthain
cheana gan cur síos orra a thuille.



Aoinne a léighfeadh an Liodán Mhuire
san atá le fághailt san Leabhar Breac, 6
ní fhéadfadh sé gan a rádh gur chreid na
Gaedhil Muire a bheith neamh-thruaillighthe,
agus nár chlaon sí riamh chun toil Dé a
bhriseadh. Gach rud atá glan agus glór-
mhar, ceannsa agus cráibhtheach, cuirtear
'na leith é. Do cuarduigheadh an neamh agus
an talamh chun ainm d'fhághailt di. Gach
rud dá bhreaghthacht dár luigh súil duine



1 Stokes, Vita Tripartita, Introduction, p
clxv.



2 e.g. Ibid., p. 316.



3 Power, Irish Texts Society.



4 I. E. Record, July, 1866, from Basle MS.
FF. III., 15.



5 Denzinger, Enchiridion, p. 356.



6 Fol. 121, printed by Stokes, Op. cit., Intro-
duction, p. clxv.; Ó Tuathail, Tóraidheacht
na bhFírean ar Lorg Chríosta, p. 322; Salmon,
Ancient Irish Church, p. 230, etc., etc.


L. 62


riamh air, cuirtear i gcóimh-mheas léi é.
Raghadh sé den chine dhaonna an léiriughadh
san ar ghlaine agus ar gheanmnuidheacht
Mhuire a shárughadh. Seo cuid den chainnt
atá ann: —



A rigan na naingel,
A bendachta agus a robendachta,
A tempail na diachta,
A crutach mar cholum,
A shochraid mar esca,
A thaigaide mar grin,
A óg shuthain,
A maisi in domain. 1



Sé ba dhóigh leat as ag a deire gurb
amhlaidh a bhí mian gan sásamh agus dúil
gan mhúchadh ag an sgríbhneóir, moladh a
thabhairt do Mhuire, agus gur thuig sé go
raghadh sé de é dhéanamh i gceart, dá fheabhas
a chuirfeadh sé chuige. Tá na smaointe
céadna le fághail ann agus atá i n-
Amhránaibh Thaidhg Ghaedhealaigh 2 nó san
dán úd do cuireadh i gcló i n-Ériu, 3 tá
tamall de bhliadhantaibh ó shoin anois.
Seo ceathramhain as: —



“A ligach! a loinderrda
co ngnim gensa ngil!
A argoir cain coindealta
A noeimgein do neimh.” 4



Is minic i n-áitibh eile a faghtar tagartha
den t-saghas céadna di. Ní gádh annso acht
aon tsliocht amháin as cuid des na sean-
leabhraibh is mó cáil againn a chur síos chun
a fhírinne seo a léiriughadh. Seo mar
a deintear tagairt di: — “ind firógh,” 5
“Muire minghile,” 6 “in ogh saerglan.” 7
Deir Aongus 'na Fhéilire 8 go raibh sí
“bán-ghil.” Seo mar a labhrann Saltair
na Rann 9 na taobh: —



“Ri doraiga, mathar nglé
indflesc doclainn Iesse
indóg findlem, glan a gné
Maire ingen Ebraide.”



Ní gádh dúinn a thuille des na h-ainm-
neachaibh a tugtar ar Mhuire a thabhairt
annso. Is follus as a bhfuil thuas gur
bh'é ba dhóigh leis na Sean-Ghaedhlibh go
raibh glaine agus gile fé leith innti, agus
gur dheineadar a ndícheall chun a smaointe
d'fhoillsiughadh.



Gach sgríbhneóir a chuireann síos ar
Mhuire, ní fuláir leis trácht ar Fháilte an
Aingil, óir cuireann sé i n-iúl dúinn mór-
thréithe Mhuire. Arís is arís eile ins na
sean-leabhraibh táid na focail thábhachta
ceudna le faghailt. Seo nóta atá san
Leabhar Imnium



San Leabhar Breac, 11 seo mar a cuirtear
síos ar chuaird na nDraoithe: — “Lotar



1 O Queen of the Angels.
O Blessed and most Blessed.
O Temple of the Divinity.
O Graceful as the Dove.
O Fair as the Moon.
O Resplendent as the Sun.
O Perpetual Virgin.
O Beauty of the Universe.



2 e.g., p. 99 sqq., Edited by Dineen.



3 Vol. I., p. 122 (Strachan). Text from MS.
23 N 10 (R.I.A.), p. 18. An t-Ath. Pól Breathnach,
I. E. Record, 4 Ser., Vol. XXIX., p. 172. (Text
and Translation).



4 “O bright coloured one, O shining one,
With deed of white chastity:
O fair shining vessel of gold,
O holy child from heaven.”



5 The true virgin. Stokes, Martyrology of
Gorman, p. 157.



6 Gentle white Mary. Acallamh na Senórach,
l. 3609 (Irische Texte, Vierte Serie, 1. Heft).



7 The pure virgin. Bernard and Atkinson,
The Irish Liber Hymnorum, p. 194.



8 Leabhar Breac, fol. 102, l. 18. Whitley
Stokes, Transactions of the R.I.A., Vol. I., p.
clxxvii.



9 Whitley Stokes. Line 7501.



10 Bernard and Atkinson, Op. cit., p. 55.



11 Fol. 133 b. Hogan, Legends of the Child-
hood of Christ, p. 65. (Todd Lecture Series,
Vol. VI.).


L. 63


iarsin isin tech agus robennachsat do Muire
& ised roraidset iarum, ‘Ave tu benedicta
gratia plena.’ Dia lat, isat bennachda
agus isat lan do rath.” 1



Tá focail Ghabriél leis againn i ngluais
atá ag trácht ar Dhán Naoimh Hilairi
2 San Liodán
naomhtha sin thuas deirtear go raibh sí
“lan agus for-lan o rath in spirita noib.” San
Aifreann do léightí i mBobbio lá Fhéile
Muire Mhór ins an bhfoghmhar, táid na
focail seo leanas



3 Agus mar sin dóibh.



Ag cur síos dó ar an “mbeannacht,” sé
deir Luther féin:
4
Ar an gcuma gcéadna ní bhéadh sí “lán de
ghrástaibh” muna mbéadh go raibh sí saor
ó pheacadh ó'n gcéad uair a geinead í. Ní
fuláir dúinn mar sin a thuigsint ná raibh
aon teóra le n-a raibh aici de ghrástaibh.
Dá gcuirtheá an bhrigh seo leis an dtréith
“lán de ghrástaibh,” agus a chuimhneamh go
raibh sí “beannuighthe” san am chéadna,
ní mór duit a chreideamhaint gur geineadh
gan smál í. Is follus gur mar sin a thuig
sgríbhneóirí na Sean-Ghaedheal é ó'n a lán
atá sgríobhtha aca. Seo sliocht de dá
dhearbhadh sin: —



Ag cur síos dó ar an gcainnt seo,
deireann an Dr. Todd 6: — “Is aisteach
le duine an chainnt seo agus ní thagann
isteach ró-mhaith leis an gcreideamh ar
Ioncholnughadh Chríost má tuigfear na
focail go liteardha, .i. nach nádúir dhaonna
amháin a bhí i Muire.” Ní beag liom
Salmon 7 ag freagairt dó-san ins an
nidh seo. Seo mar adeir: — “Nach ó
phréimh dhaonna í — agus sin í an abairt
cheart — ní h-ionann é sin agus a rádh
“nách nádúir dhaonna amháin a bhí innti.”
Sé a chialluigheann sé ná go raibh sí saor
ó pheacadh an t-sinnsir a luigh ar gach
duine eile den chineadh daonna.” Cuireann
an líne úd thuas, “Quae ex fide non recessit
sed extetit stabilis,” crot na fírinne ar
an gcainnt san. Tá an smaoineadh
céadna sin “nach ó phréimh dhaonna í” le
fághailt san Leabhar Breac, 8 mar a
n-abair: — “Is aire dino doronta corp
Adaim don talmain choitchind, uair
rofess co n-elnigfithea agus co m-(b)ad
do thalmain gloin nemelnighthi Pardais
dognethea corp Muire iartain agus co mbad
o chorp Muire nogenfithea corp Crist iar
firinde na Screptra noemhi agus na fatha
agus na n-uasal athrac archena.” 9



1 “They then entered the house and saluted
Mary: — ‘Ave, etc.’ Hail, thou art blessed
and thou art full of grace.”



2 Bernard and Atkinson, Op. cit., p. 37.



3 Mabillon, Museum Italicum, Vol. I., p. 300.



4 Kirchenpostille 1527.



6 Book of Hymns of the Ancient Church of
Ireland, ii., p. 140.



7 The Ancient Irish Church, p. 179.



8 Fol. 110 a. Published by McCarthy. Codex
Palatino-Vaticanus, p. 49.



9 “Now it is for this reason that the body
of Adam was made of the common earth, for it
was known that it would be defiled, and in order
that afterwards the body of Mary should be
made from the pure undefiled land of paradise
and in order that from the body of Mary should
be born the body of Christ, according to the
truth of the Holy Scripture and of the Prophets
and of the Patriarchs besides.”


L. 64


Pé brígh atá le cainnt naoimh Cuchuimei
thuas, is follus as, ná raibh Muire riamh
'na namhaid ag Dia acht go raibh sí “lán
de ghrástaibh.” Dá mba rud é go raibh
sí riamh ar feadh fiú nóimit fé chuing
an pheacaidh, ní fhéadfaí a rádh le fírinne
go raibh sí “dílis i gcómhnuidhe.” Is mó
cur síos leis atá i sgríbhnibh Seidbhuil
ar ghlaine Mhuire. Bíodh a fhiadhnaise sin
ar an dteist do-bheir Seán ó Colgáin 1
'na dtaobh:



Chun na cainnte sin a thuisgint i gceart,
níor bhfuláir do dhuine a chuid oibre go
léir a sgrúdughadh. Níl slighe annso acht
chun dhá ghiota aisti a thabhairt acht tuigfar
asta an treó atá ar an gcuid eile dá
chainnt. Seo dhuit iad: —



Tá abairt mar an gcéad cheann díobh
thuas le fághail san Aifreann do luadhadh
agam cheana. Sid é é: —



Tá a lán tagartha eile do Mhuire mar
iad siúd i litridheacht na Sean-Ghaedheal
acht ní h-acfuinn dúinn iad a chur síos
annso. Feicimís anois cionnus a dhein
ár sinnsir na smaointe céadna a léir-
iughadh agus Muire mháthair aca á cur i
gcomparáid le h-Éabha, céad mháthair an
chinidh dhaonna; agus is móide is iontuigthe
fírinne a bhfuil ráidhte againn, na rudaí
a deirtear i dtaobh Muire agus Éabha.



Ar léigheamh an Scriptiúra d'Aithreachaibh
na h-Eaglaise, do chonnacadar gur
cuireadh Críost i gcomparáid le h-Ádhamh.
Sé Críost a leighis an díoghbháil a dhein
Ádhamh. 4 Ar an gcuma gcéadna thuigeadar
gurab í Muire a shlánaig an díoghbháil
a dhein an chéad bhean. Is ó Ádhamh i bhfochair
Éabha a tháinig an peacadh, acht ó Chríost
agus a mháthair bheannuighthe is eadh a
thagann uisge na ngrásta na thuile chugainn.
Deir Cardinel Newman féin gur léir
as an gcomórtas so go raibh Muire riamh
gan smailc ón saoghal. Níl caoi agam
chun é sin a dheimhniúghadh annso, agus ní
gádh é acht cómh beag, mar is iomdha tráchtas
diadhachta 'na bhfuil sé le fághail. 5 Is
leór a rádh annso go ndeintear Muire
rann-pháirteach i maitheas agus i naomhthacht
a Mic tríd an gcomórtas so. Níl aon
chiall leis muran fíor go raibh Muire
riamh gan cháim. Ar an ádhbhar san níl
le déanamh agam anois annso acht cúpla



1 Colgani Hibernia, p. 317.



2 Edit. Areval, p. 203, l. 67.



3 Mabillon, Op. cit., i., p. 301.



4 Cfr. Rom. V. 14. sqq.



5 e.g. An Essay on “The Second Eve” in
I. E. Record, Vol. V., p. 167, should satisfy the
English reader.


L. 65


sleachta as na sean-leabhraibh dá dheimh-
niughadh so a luadh, mar is follus an
bhrígh atá leó.



Féach mar a deintear beannughadh do
Mhuire san Liodán úd réamh-ráidhte



Seo giotaí as sgríbhnibh Seidbhuil 4 ag
trácht ar an rud gcéadna: —



Tá an píosa seo leanas san dara leabhar
dá Carmen Paschale.



Cuirtear i gcéill an smaoineadh céadna
go deas i na Prosa Pascalis. Seo é: —



Is mó abairt eile den tsórd san atá
le fághail i leabhraibh na Sean-Ghaedheal
acht ní gádh dhom iad do luadh annso.
Is leór dúinn a thuigsint as an méid
sin thuas gurab í Muire “róathnáiged
agus roslánaidh inni rusdiscail agus rusmalairt
Eva. Haec est salus mundi cum aedificavit
quod Eva desdruxit.” 5 Acht 'na
theannta san is follus ó'n a bhfuil ráidhte
ionnta go raibh Muire cómh naomhtha do
réir a bunadhasa agus bhí Éabha riamh
sar ar deineadh peacadh an t-sinnsir.



Aoinne a dhéanfadh machtnamh agus
marthan ar na smaointibh seo, ní fhéadfadh
sé gan a dh'admháil gur mheas na Sean-
Ghaedhil Muire do bheith saor-ghlan gan sal
peacaidh i gcómhnuidhe. B'fhéidir nach ionann
é sin agus a rádh gur gein gan smál í.
Ar bhféacaint isteach san sgéal, ámhthach,
chífar gur beag an deifrigheacht atá
eatortha sa deire agus go leanaid siad
as a chéile. Acht, ní rabhadar na Gaedhil
sásta leis an méid sin. Do léirigheadar
a smaointe ní b'fhearr, ar chaoi ná fuil



1 Bernard and Atkinson. Op. cit., Vol. I., p. 33.



2 Mabillon. Op. cit., i., p. 301.



3 Bernard and Atkinson. Op. cit., p. 54.



4 Migne, Patrologia Latina, Vol. XIX.



5 “Foscél arinlenam dothuit 'sa cuirr.”
Revue Celtique, Vol. XXXI., p. 301.


L. 66


faill ag aoinne a rádh nár thuigeadar brígh
na cainnte seo thuas 'na ceart. Do
deineadh é sin ar dhá shlighe: — (1) Dubhradh
go díreach na sgríbhnibh go raibh Muire
“nemelnigthe” .i. gan smál, agus (2) do
cuiread Féile ar bun i n-onóir do Mhuire
gan smál. Is fíor an bhun-riaghail úd
“Lex orandi, lex credendi.” Mar sin
níor mhór dos na Sean-Ghaedhlaibh creideamh
ana-láidir bheith aca nár truailligheadh
Muire riamh le peacadh sar a gcuirfí Féile
ar bun in onóir dá glaine.



(1) Ní gádh dúinn acht na píosaí seo
leanas as an Leabhar Breac a luadh chun
a thaisbeáint gur thuigeadar níos soiléire
leis an aimsir na tréithe a bhí ag Muire.



“A athair nemda… is airi
ro-n-gabais, a Ísu, doenacht o'n oig
nemelnigthe fo-daig ar n-icca-ne.” 1



Is minic a chasfaí an smaoineadh seo
ar dhuine ar léigheamh sgríbheann na
n-Aithreach dó. An duine a chuirfeadh
Muire i gcóimh-mheas leis an gcré neamh-
thruaillighthe, ní miste a rádh ná go raibh
sé cinnte nár thruailligheadh í féin riamh
le salchar ar bith peacaidh. Do-gheibhtear
an smaoineadh céadna níos soiléire dá
mb'fhéidir é i n-áitibh eile sa leabhar
chéadna. Seo sompla díobh: —



“Ro-po chubaid co ro-cloitea o mac na
hóige .i. Crist, in tí ro-cloiestar Adam mac
na hoige, .i. mac in talman nóim; ar in
talam di-a ndernad Adam, óg e-side,
ar ní ro-helned ó iarnd nách ó fhuil
dóenna, agus ní ro-heroslaiced fria hádnocal
neich in tan sin.” 3



Do b'fhéidir a lán cainnte eile don
tsaghas san d'fhághail. Ní tabharfar annso
acht cheithre habartha eile chun a chur i
n-iúl don léightheóir nach san Leabhar
Breac amháin ná ins na sgríbhnibh
Gaedhleacha amháin atá smaointe mar sin
i dtaisge. Easpog Protestúnach is eadh
chuir an chéad cheann i gcló. Seo mar
adeir: —



Na daoine is mó eolas anois, deirid
gurab é Naomh Columbanus a sgríobh
an giota seo thíos, agus é ag cur síos ar
na foclaibh,
bíodh is gur cheap a lán go dtí le
déidheanaighe gurab é San Ieróm a dhein
é. Seo é:



1 Atkinson, Passions and Homilies, p. 46,
l. 174.



“O heavenly father… for our salvation
thou didst take humanity upon thee from
the unspotted Virgin.”



2 Ibid., p. 108, l. 2389.



“As the first man, Adam, committed sin
on the yet uncorrupted earth, so it was
necessary that Christ should be born from
an unspotted Virgin, that the human race
which had died in Adam, might be brought
to everlasting life, and that the tree of death
might be expelled by the tree of the cross.”



3 Ibid., p. 97, l. 2021.



“for it was fitting that Christ the virgin's
son, should overcome him who had vanquished
Adam, the son of the virgin, the holy earth;
for the earth of which Adam was made was
of virgin soil, unstained by iron or by human
blood, nor had it ever yet been opened for
the burial of anyone.”



4 Bp. Forbes. Liber S. Terenani (from a MS.
at Basle), p. xl.



5 Vallarsi. Opp. S. Hieron., tom. VII., p.
1050.


L. 67


Tig Naomh Breandáin leis an nídh céadna
mar a n-abair agus é ag guidhe: —



Tá an sliocht so thíos as an Aifreann
réamh-ráidhte ag dearbhughadh an ruda
chéadna. Seo an chainnt atá ann: —



Ní h-aon ghádh na briathra so a
mhíniúghadh agus ní bhéadh ann acht caill-
eamhaint aimsire gan tairbhe a thuille díobh
a luadh. Is iontuigthe asta go léir gur
chreid na Sean-Ghaedhil Muire a bheith gan
smál gan máchail. Ba dheocair leó an
creideamh sin a fhoillsiughadh ar dtúis acht
is follus ó'n a bhfuil ráidhte thuas agam
gur maith a d'eirigh leó i ndeire bárra.



(2) Ba cheart annso tráchtas a sgríobhadh
ar an bhFéile do cuireadh ar bun i n-Éirinn
i n-onóir do Mhuire gan Smál, acht tá
an t-aiste seo ró-fhada cheana féin. Ní
bhfuighinn annso acht a dh'iarraidh ar an
léightheóir an t-alt a sgríobh an t-Athair
Thurston (do Chumann Íosa), san Month, 3
do sgrúdughadh. Is iomdha tagairt do'n
Fhéile réamh-ráidhte atá i sean-leabhraibh
na h-Éireann gan cur síos aige orra
san aiste sin, acht taisbeánann sé dúinn
ar a luigheadh go raibh an Fhéile sin ag
ár sinnsearaibh san naomhadh aois. 4 Ní
fuláir nó gur chreideadar go daingean
go raibh Muire glan glégeal riamh, agus
féile n-a h-onóir do chur ar bun as a
stuaim féin, sar a raibh aon chuimhneamh
ag an bhfurmhór do Chatoiliceachaibh eile
an domhain air. Is follus as an aiste
seo nach fás aon oidhche amháin atá annso,
acht gurb amhlaidh a dh'eascair sé as síol a
chuir Naomh Phádraig san gcré thorthamhail
sin, croidhe cráibhtheach an Ghaedhil.



Aoinne a léigheann an méid seo thuas
againn, ní h-iongnadh leis na Gaedhil
a bheith go lán dílis do Mhuire ó shoin
ille. Ní h-iongnadh go rabhadar go
dícheallach ag guidhe chúichi agus iad ar
fán an tsaoghail ag sileadh deór agus
searbhas na deóraidheachta ag goillea-
mhaint orra. Ní h-iongnadh gurbh
Gaedheal — John Duns Scotus — an príomh-
chosantóir ar theagasg na Geineamhna
Naomhtha gan Cháim. Níor dhein sé sin acht
creideamh a shinnsear a fhoillsiughadh don
domhan. Is maith a bhí a thuigsint so ag
an bhfile adubhairt, agus é ag cur síos
air: —



Is mór an sólás dúinn-ne go ndeinid na
Gaedhil fós mar a dheineadar riamh sa
tsean-aimsir, .i. osnaidheacha agus paid-
reacha d'fhearadh go fuidheach ar son na
h-Éireann i dtreó go ndéanfadh Muire
gan Smál fóirthin orainn, agus sinn uile
do chosaint ar mháchail an pheacaidh.



TOMÁS Ó GALLCHOBHAIR.



1 Moran. Acta S. Brendani, p. 35.



2 Mabillon. Op. cit., Vol. I., p. 301


L. 78


ÉIRIGHE GEAL NA GRÉINE.



An leanbh. — A mháthair dhil, cé'n fáth
a bhfuilir ag siubhal mar seo ar fud na
tíre ag sileadh na ndeor agus do cheann
crom agus slabhra mór thimcheall ar do
mhuineál agat?



An mháthair. — A ghráidh ghil, tá brón
agus uaigneas ag stracadh agus ag
brúghadh mo chroidhe, acht suidh síos annseo
le m'ais tamall agus leag do cheann ar
m'ucht agus cuir do lámh i mo láimh-se
agus innseóchaidh mé dhuit fáth mo bhuaidh-
eartha.



An leanbh. — Suidhfead, a mháthair, mar
adeireann tú, cois na h-aibhne móire
leithne seo. Féach! tá an t-uisge ag
preabadh go binn glórach síos uainn agus
tá an ghaoth ag séideadh go bog thrí na
cranntaibh agus tá na h-éanlaithe ag
ceileabhradh go ciúin i measg na gcraobh
agus iad ag fanamhaint le h-éirighe na
gréine.



An mháthair. — 'Seadh, a mhic, táid ag
fanamhaint le fáinne geal an lae, mar
táimíd féin ag fanamhaint le h-éirighe
gréine ár Saoirse, agus budh chóir dúinn
aithris do dhéanamh ortha-san agus bheith
go meidhreach croidhe-éadtrom mar atá
siad-san — dhá mb'fheidir linn é.



An leanbh. — Agus anois ó táimíd 'n-ár
suidhe annseo agus mo cheann ar t'ucht
agus mo lámh i do láimh-se, b'fhéidir go
n-innseóchadh tú do do pháistín cad tá ag
cur an bhróin agus an uaignis sin ort.



An mháthair. — Ochón agus briseadh croidhe!
Cé mar is féidir liom sgéal mo dhóláis
d'innseacht gan aibhne deor do shilt níos
leithne doimhne ná an abha mhór seo atá
ag gluaiseacht go tapaidh ag ár gcosaibh?
Fáiríor géar! Lá de'n tsaoghal ní raibh
mé crom ceangailte mar atáim anois,
acht bhíos chomh díreach leis an dorugha
agus chomh saor leis an ngaoith a shéideas
anall thar an bhfairrge. Annsin bhí mo
cháil i n-áirde ar fud an domhain. Bhí mo
riaghaltas agus mo dhlighe féin agam agus
mo sgoileanna agus mo mhainistreacha
chlúthamhla agus thigeadh na mic léighinn
as gach ball de'n Euróip chun cráibhtheacht
agus oideachas d'fhoghluim uaim. Oileán
na Naomh agus na Sgoláirí do beirthí
orm an t-am sin. Acht mo léan agus
mo chrádh! D'imthigh sin agus tháinig seo.
Tháinig an dubh-ghadaidhe agus an cneamhaire
anall chugam, agus leag mo sgoileanna
agus mo mhainistreacha agus mharbhuigh mo
mhuinntear agus scaip ar fud an domhain
iad agus bhain an fhuil as mo leacain agus
an solas as mo shúil agus chuir an slabhra
mór seo thimcheall ar mo mhuinéal agus
thug iarracht mhillteach faoi mo theanga
agus mo chreideamh do léir-scriosadh orm
agus a sglábhaidhe féin do dhéanamh dhíom
ar an saoghal seo agus sglábhaidhe an
diabhail ar an saoghal atá le teacht.



An leanbh. — Acht, a mháthairín, nach fada
an lá ó tugadh an íde sin ort agus cad
chuige an bhfuil sé ag cur trioblóide
ort anois?



An mháthair. — Is minic, a laoigh ghil, a
thuit mo chlann ag troid ar son a saoirse


L. 79


agus is minic do chaoin mise in-a ndiaidh,
agus le goirid do marbhuigheadh daoine
acu ba thréine clisde dá raibh ar druim
talmhan. Bhíos i mo chodladh agus dóirteadh
a bhfuil te amach ar mo ghruaidh agus
dhúisigh sí me, agus nuair do chualas cad
a rinneadh ortha is beag nár bhris mo
chroidhe i mo chléibh istigh. Ní h-iongnadh
mar sin, a chuid, go bhfuil dubrón ar do
mháthairín, agus sin agat anois fáth mo
bhuaidheartha.



An leanbh. — 'Seadh, a mháthair dhil, tá
tú mar Rachel ag gol a páistí agus nach
nglacfaidh sólás ó aon duine. Acht ná
bí ag caoineadh chomh cráidhteach brónach
sin i ndiaidh na bhfear dtréan atá imthighthe,
oir má cailleadh féin iad, ní i n-aisdear
a thuiteadar, mar éireóchaidh na céadta
ó n-a gcré a leanfas de'n obair ar ar
thosuigh siad-san agus le congnamh Dé
ní cuirfear cosg leis an deagh-obair sin
choidhche go mbéidh d'áit féin gnóthuighthe
amach acu dhuit i measg náisiún eile an
domhain agus go mbéidh do sgoileanna
agus do mhainistreacha tógtha aríst agus
go mbéidh do theanga mhilis féin ar labhairt
ar fud na tíre agus go mbéidh na mic
léighinn iasachta ag teacht chugat aríst
chun cráibhteacht agus oideachas d'fhoghluim
uait.



An mháthair. — Is mór an misneach agus
an croidhe a bheireas tú dhom, a gráidhín
dhílis. Is cóir dúinn cinnte bheith go
dóchasach i gcomhnuidhe, mar an té atá
éadóchasach, ní fiú saoirse é. Má tá
droch-chosamhlacht ar an spéir faoi láthair
féin, le congnamh Dé glanfaidh sé suas ar
ball má's toil le mo mhuinntir mo
shaoradh.



An leanbh. — Toil le do shaoradh, a
mháthairín! cé'n sórt cainnte é sin?
Nach chun do shaortha atá do mhuinntear
ag troid ar feadh beagnach míle bliadhain;
agus nach ar a shon sin a dheargadar an
talamh go mion agus go minic le n-a
gcuid fola agus a chaitheadar a mbeatha
i bpríosún agus a thugadar suas a raibh
acu ar an saoghal seo, go fiú a n-anam
féin; agus nach ar sin atámaoid uilig
ag smaoineadh ó lá ár mbeirthe go lá ár
mbáis? Agus deireann tú fós “má's
toil le mo mhuinntir mo shaoradh”!
Ó is léir go bhfuil do bhuaidhreadh ag
goileamhaint go mór ort, a mháthair.



An mháthair. — Tá an ceart agat, a
chuid; tá an ceart agat go cinnte. Is
dóigh nach bhfuil daoine san domhan a
ghrádhuigheanns a máthair níos fearr ná
ghrádhuigheann mo mhuinntear mise, acht
bíodh fhios agat gur mór-iongantach ar
fad an gean atá riachtanach chun mise
do shaoradh, agus ní le cainnt ná leis an
lámh-láidir amháin a déanfar é acht le
paidreachaibh cráibhtheacha agus obair chiúin
croidheamhail nach stopfar choidhche go fáinne
geal lae mo shaoirse.



An leanbh. — Is minic, a mháthairín dhílis,
a bhí mé fhéin gha cheapadh sin, agus le
deireannas go mór-mhór do buaileadh
isteach go daingean i mo aigne nach leis
an gclaidheamh amháin a gnóthóchar do
shaoirse dhuit. B'fhéidir gur maith an rud
an fhuil do shilt i n-amanna chun croidhthe
na ndaoine do mhúsgailt agus iad do
shábháil ar dhraoidheacht an Ghalldachais,
agus chun a chur i n-úil do'n tsaoghal nach
bhfuil sean-spiorad na nGaedheal caillte
fós. Acht i n-a dhiaidh sin shíleas nach
féidir linn do shaoradh leis an mheadhón
seo amháin.



An mháthair. — Agus bhí an ceart agat,
a mhúirnín, agus éist anois leis an
gcómhairle a bhéarfas mé dhuit le h-aghaidh
mo pháistí eile. Abair leobhtha má's mian
leobhtha an fíor-shaoirse a ghnóthughadh d'á
máthairín go gcaithfidh siad cleachtadh a
dhéanamh ar gach subháilce dá fheabhas, mar
is é a gcreideamh an oighreacht is luachmhaire
d'á dtáinig anuas chuca ó n-a snnsiri
agus is é an t-aon-nídh amháin nárbh fhéidir


L. 80


leis an nGall do lot ná do laghdughadh ortha
agus is é chéad dhualgas mo mhuinntire
an creideamh sin do thabhairt d'á gclainn
féin chomh beo diongbhálta agus do ghlac-
adar féin ó n-a sinnsir é, agus ní thig
leobhtha sin do dhéanamh gan cleachtadh
do dhéanamh air de ló is d'oidhche. Agus
is ar na sagairt go mór-mhór atá mo
sheasamh leis an gcreideamh do shábháil,
agus má theipeann ortha-san a gcuid
féin do dhéanamh, tá mise réidh leis an
saoghal seo. Mar cad é an mhaith dhom
bheith go cumhachtach séanmhar má táim gan
creideamh gan Dia? Féach cé mar atá na
tíortha móra thart thimcheall orm dá
mbrúghadh agus dá gcrádh ag láimh dhíoghal-
taigh Dé faoi gur thréigeadar é féin agus
chuaidh i ndiaidh déithe mbréagach — acht
táim ag do bhodhradh, a leanbh, le mo cuid
cainnte, mar is dóigh nach maith leat an
tseanmóireacht.



An leanbh. — Go deimhin, a mháthair, táim
ag éisteacht leat go h-aireach agus siubhal
leat anois ag tabhairt comhairle ár leasa
dhom.



An mháthair. — Deirim-se go bhfuil bród
agus áthas orm faoi n-a feabhas agus do
chuidigh Dia le mo chlainn san am atá
caithte le n-a gcreideamh féin do shábháil
agus do thabhairt thar sáile do dhaoinibh
eile a bhí i n-a suidhe i ndorchadas agus
i sgáth an bháis; agus glóir agus onóir
d'a Ainm! tá an mhuinighin chéadna Aige
asam fós, mar tá Sé 'ghá iarraidh orm
aríst tuilleadh de mo chlainn do bhronnadh
Air agus gheallas go toilteanach Dho nach
baoghal go mbeidh easbaidh mo chlainne-se
Air chun A obair dhiadha fhéin do dhéanamh
i measc muinntire an domhain thoir.



An leanbh. — Acht, a mháthair, an ceart
do na daoinibh úd dul amach go tíortha
gallda agus an méid oibre atá le déanamh
acu ar do shon-sa san mbaile?



An mháthair. — Ná bíodh faitchíos ort,
a leinbh, nach mbéidh mo sháith clainne
agam i gcomhnuidhe san mbaile chun aire
do thabhairt dom féin. Acht badh mhaith
liom freisin go rachadh cuid eile acu ag
tabhairt do na págánachaibh bochta an
tsolais chéadna a thug Naomh Pádraig
dhom-sa tá cheithre chéad déag bliadhain
ó shoin ann. Agus na daoine a théigheas
amach mar seo bíodh siad-san dílis do Dhia
agus dhom-sa i gcomhnuidhe, bídís tréan
i láthair conntabhartha agus nár sheach-
naidís go deo an fhírinne do labhairt ós
comhair ríogh agus taoiseach dá n-íocfaidís
as le n-a n-anam féin; agus na daoine
a fhanas san mbaile go dtroididh siad-san
freisin guala ar ghualainn ar son Dé
agus na h-Éireann; agus bíodh fhios acu
nach bhfuil aon bhealach eile níos fearr
ann 'na dtig leobhtha sin do dhéanamh ná
bualadh go dian dúthrachtach faoi n-a
dteanga féin d'aithbheochadhan. Sin é
an gnó is mó atá le déanamh ag na
h-Éireannaigh faoi láthair — teanga a
sinnsear do shábháil ó'n mbás. Mo bhrón
agus mo léan! nach ar mo chroidhe a bhíonns
an chumha agus an t-uaigneas go minic,
nuair a smaoinim ar theangaidh bhinn mhilis
mo mhuinntire a gheobhas bás go cinnte os
comhair mo shúl mura n-oibrighidh mo chlann
agus go mór-mhór mo shagairt de ló
agus d'oidhche ar a son le neart fathach
tréanmhar. Á! dá dtuigidís an sgéal
i gceart ní stopfaidís choidhche go mbeadh
an Béarla ruaigthe amach agus an Ghaedhilig
dhílis curtha 'n-a h-áit féin aríst. Tá
fhios agam, a mhúirnín, gur minic cheana
adubhradh é seo agus is dóigh gur minic a
déarfar aríst é, agus is ceart bheith
dhá rádh i gcomhnuidhe ar fhaitchíos go ndéan-
faidhe a dhearmad choidhche, oir muna gcuir-
tear an síol ní fhásfaidh an bárr. Ó,
a stóir mo chroidhe! dá mbéadh fhios agam
go raibh mo mhuinntear agus go mór-mhór
na sagairt ag cur suime i dteangaidh a
dtírín dúthchais mar badh chóir dhóbhtha,
d'imtheóchadh an t-uaigneas agus an chumha


L. 81


uaim ar áit na mbonn agus bhéinn chomh
h-óg croidhe-éadtrom agus bhíos riamh.



An leanbh. — A mháthairín, tá sgéal
breágh sólásach agam dhuit.



An mháthair. — Agus cad é an sgéal
sin, a chuid?



An leanbh. — Táthar ag cur an-spéis'
ar fad san gCúis i Máigh Nuadhadh anois.
Gach duine is fiú ainm fir tá sé ag foghluim
na Gaedhilge anois agus ag déanamh
deagh-rúin nach ndéanfaidh sé dhá leith
d'a dhícheall, san gColáiste ná taobh amuigh
dhe, le h-obair na nGaedheal do chur chun
cinn le gach meadhón d'á bhfuil ar a chumas.
Bíonn buidheanta Gaedhilge ar siubhal
beagnach gach móiméad, de ló agus d'oidhche.
Tá gach rud a bhaineas le n-a dtír féin
faoi mheas acu, paidreacha agus ceol agus
déantús Gaedhealach agus tá geall tugtha
ag a lán acu gan focal Béarla do labhairt
choidhche le n-a chéile mura bhfuil gábhadh
eicínt leis. Agus, a mháthairín, ní'l fhios
agam cad a thug an spioraid nuadh sin
isteach san gColáiste, acht b'fhéidir go
raibh baint eicínt ag cailleadh na bhfear
dtréan leis.



(Preabann an mháthairín suas go tobann, agus
árduigheann a ceann agus triomuigheann a súile
agus caitheann an slabhra go luath ó n-a muineál.)



An mháthair. — Ó! a mhich mo chroidhe, sé
Dia a chuir an bealach seo mé chun an
deagh-sgéal áluinn sólásach seo do
cloisteál uait. Bheireann an sgéal sin
láidreacht nuadh agus misneach croidhe
dhom. Bhí an brón agus an chumha ag
stracadh agus ag brughadh m'anma agus
níor fhéadas mo cheann a árdughadh. Acht
tá fhios agam anois nár dóirteadh amach
i n-aisdear fuil te na dtréan — acht
gur mhúscail sí suas spioraid an aosa
óig chun gach nídh d'á mbaineann leis an
nGall do dhíbirt amach ó n-a measc agus
na neithe a bhaineas le n-a dtír féin do
thabhairt isteach. Má's fíor go bhfuil mic
léighinn Muigh Nuadhadh ag cur suime
san nGaedhilg mar seo, ní baoghal, a
ghráidhín dhil, nach dtiocfaidh gach rud
ceart. Agus anois abair leobhtha gur
dhubhairt mise leobhtha leanacht de fhoghluim
na Gaedhilge i gcomhnuidhe agus má thigeann
tuirse nó laigeacht chroidhe ortha anois
agus aríst, mar sin féin nár sguiridís
go deo de'n obair diadha atá curtha ar
bun acu go mbéidh teanga a sinnsear
dh'á labhairt ar fud na h-Éireann aríst.
Chun sgéal gairid do dhéanamh dhe, deirim-se
leobhtha má is cóir dom, “aithbheodhaidís i
dtoiseach a dteanga féin agus annsin
bronnfar gach nídh eile ortha.”



Agus anois, a laoigh ghil, caithfidh mé
bheith ag imtheacht, mar tá na h-éanlaithe
ag cantan ós árd imeasc an duilleabhair
agus tá an ghaoth ag séideadh go borb thrí
na cranntaibh agus féac! tá an ghrian
mhór dhearg go díreach ar tí theacht i n-amharc
agus Ó! nach bréagh aoibhinn áluinn an
ghrian dhearg sin! Nach gcuirfeadh sí
i gcuimhne dhuit an fhuil a sileadh ar son
éirghe Gréine ár Saoirse — agus, a
mhúirnín, ní fhuil lá éirghe na gréine sin
i bhfad uainn anois le congnamh Dé na
gCumhacht. Guidhimís go léir go dtigidh
sé chugainn cos i n-áirde agus bímís
'ghár ngléasadh fhéin gach lá chun go
mbéimíd fiuntach an tSaoirse sin a
ghlacadh agus a chongbháil gan smál go
dtí an lá úd 'n-a séidfidh an t-Árd-
aingeal Mícheál ar a thrompa 'ghá rádh: —



“A dhaoine! tá deireadh go deo leis an
Saoghal.”



SEUMAS Ó CONAILL.


L. 94


LÁ FHÉILE PHÁDRAIG.



LÁ Fhéile Phádraig! Seadh, nach mór a
chuireas an t-ainm sin i gcuimhne do gach
fíor-Ghaedheal! Tigeann na smaointe
go tiugh indiaidh a chéile — smaointe ar
Naomh Phádraig agus ar an obair dhúth-
rachtaigh a rinne sé fadó in-ár measc;
smaointe a chuireas bród agus uaibhreas
croidhe orainn ag cuimhneamh dhúinn ar a
fheabhas do lean ár sinnsir de chreidheamh
Phádraig agus na naomh in-aimhdheoin a
raibh ar chumas an namhad agus an
allmhúraigh do dheunamh in-a n-aghaidh.
Smaointe freisin ar an dtráth a raibh
Éire “fé chlú, fé mheas, fé cháil” mar
gheall ar dhiadhacht agus léigheann a
muinntire — an tráth tugadh “Oileán na
Naomh agus na Saoithe” uirthi.



An seachtmhadh lá deug de Márta
ceileabhrtar Lá Fhéile Phádraig againn
in-Éirinn. An lá sin do chífeá craoíbhín
beag seamróige ceangailte de chába nó
de hata urmhóir na ndaoine ar fud na
tíre agus ar an nóiméad cuirtear i
gcuimhne dhúinn cionnus mar shoillsigh
Naomh Phádraig an Tríonóid Naomhtha d'ár
sinnsearaibh an lá úd id “Teamhair na
Ríogh.” Agus fós! an ruidín beag glas
sin tugann sé ós comhair ár inntine ár
mbrat uaithne féin atá go dtí seo againn
“ag síneadh go h-árd ar an ngaoith.”



Lá Fhéile Phádraig! Seadh go deimhin,
sin é an lá thar laetheannaibh eile na
bliadhna ag muinntir na h-Éireann. Aon
áit fé'n ngréin a bhfuil Éireannach le
fagháil innti déantar mol-chuimhne ar an
lá seo. Um an dtaca seo seadh is mó a
thigeann na smaointe thar n-ais tar sáile
go h-Éirinn agus go gaoltaibh sa baile.
I gcathrachaibh móra an Oileáin Úir bíonn
coisidheacht mhór ar siubhal ag na deóraidhí
Gaedheal mar onóir ar an lá agus ba
mhór a chuirfeadh sé as dóibh-san muna
bhfuighidís craoíbhín beag seamróige ó
Éirinn le cur in-a gcasógaibh fé chóir
an lae.



Acht nach ait an sceul é! Is ait acht
is fíor é seadh, suim agus spéis i Lá
Fhéile Phádraig bheith ag dul in-eug fá
láthair in-Éirinn. Do bhíos ag léigheamh
tamall beag ó shoin i dtaobh Éireannaigh
a bhí tamall maith thall san Oileán Úr
agus ar teacht abhaile go Baile Átha Cliath
dhó anuraidh tamaillín roimh Lá Fhéile
Phádraig níor mhó rud a chuir iongnadh
air ná a thabhairt fé dheara nach raibh aon
rud ar siubhal san gcathair a chuirfeadh
in-iúl do dhuine an lá a bhí ann. Aimsear
chogaidh a bhí ann dhar ndóigh acht pé rud é
dubhairt an fear seo nár mhiste imtheachta
eigín bheith ar siubhal an lá sin agus gur
iontuigthe as sin go raibh rud eigín as
bealach leis an saoghal seo againn in
Éirinn. An amhlaidh atá Éire ar tí a
sloigthe isteach i mbeul na Galldachta?
Ní móide go sloigfear amhthach má chuimh-
nighid muinntear na h-Éireann i gcomhnuidhe
ar a gcreideamh agus a dtír dhuthchais féin.
Ach sé is mó atá fé dhaoinibh áirithe in
Éirinn aithris do dhéanamh ar an muinntir
thall i Sasana agus dearmad do dhéanamh
ar a dtír féin agus ar ghach a bhaineas léi.
Is léir go bhfuil an dream sin ag iarraidh


L. 95


a cheilt gur de mhuinntir na h-Éireann
iad díreach mar ba chúis náire é baint
le h-Éirinn.



Go dtí le goirid féin do bhíodh coisidheacht
nó rud eigín de'n t-sórt sin ar siubhal
i mórán áiteanna ar fud na tíre. Bíonn
cuirm-ceóil i n-áiteannaibh fós ach maidir
le na cuirmeachaibh ceóil a bhíos ar siubhal
is annamh a bhíos blas na Gaedhealtachta
le fagháil ortha. Is ró-mhinic a bhíos amhráin
dá ngabháil agus puirt dá seinm nach
mbíonn baint ar bith aca le h-Éirinn ná
le stair na h-Éireann.



Ba cheart cosc do chur le n-a leithéid
sin de mhol-chuimhne agus cuimhne ghlan-
Ghaedhealach do dhéanamh ar an lá. 'S
iomdha sean-nós atá imthighthe as cuimhne
orainn agus ba mhór an truagh dá ndéanfadh
muinntear na h-Éireann dearmad ar
cad is brigh le Lá Fhéile Phádraig agus ar
cionnus is ceart dóibh iad féin d'iomchur
an lá sin. B'fhéidir dá mb'fhios dóibh
sin go gcuirfidís a mhalairt de spéis
san lá taobh amuigh de'n t“Seamróig do
fhliuchadh” i dtigh-ósta.



Nach breagh thiocfadh dráma stardha nó
aon rud a dhéanfadh stair na h-Éireann
do léiriughadh do'n Féile ist'oidhche.
Agus dhar ndóigh do bheadh amhráin
Ghaedhealacha ibhfad níos oireamhnaighe do'n
oidhche ná aon ráiméis iasachta atá le
fagháil. Is do'n t-sagart ba cheart tosach
dho dheunamh annseo; ní baoghal dhó gan
cur síos ar imtheachtaibh Phádraig in-a
seanmóir agus beurfaidh na daoine aire
dhá chainnt.



Ní h-é atá fúm annseo cur síos ar
bheatha ná ar ghníomharthaibh Naoimh Phádraig
in-ár measc acht ba mhaith liom a rádh
gurab é slighe do b'fhearr chum aithris do
dhéanamh ar Phádraig agus cuimhne do
dhéanamh ar dheagh-ghniomharthaibh ár sinnsear
agus ar cháil ár dtíre fadó, ná gan
dearmad do dhéanamh ar an dteangain
as ar labhair Pádraig agus gan bheith ag
déanamh aithris' ar allmhúrachaibh, agus
béasa agus nósa againn féin níos fearr
ná mar atá aca-san. Dá bhrigh sin ba cheart
mol-chuimhne “Ghaedhealach” do dhéanamh ar
Lá Fhéile Phádraig go mór-mhór óir 'sé
an lá sin príomh-lá na bliadhna ag muinntir
na h-Éireann — an lá a dhéanaimíd cuimhne
ar ár gcreideamh agus ar stair ár dtíre.



P. Ó C.



Is breac brig in domain
docach diambi baile
Issí in brígh uile
sercc mór do mac maire.


L. 96


MANANÁN MHAC LIR.



SEAN-SGÉAL GAEDHEALACH A BHAINEANNS LE CONNDAE
MHUIGH EÓ.



I.



BHÍ Rí i nÉirinn fad ó, agus is fada ó bhí, agus
dhá mbéadh anois ann, ní bhéadh ann an uair sin.
Bhéadh sgéal úr nó sean-sgéal againn, agus
níor dhóichidhe sin 'ná bheith gan aon sgéal. 'Sé
an t-ainm a bhí ar an Rí seo Mananán Mhac Lir,
agus chómhnuigh sé, a ghrádh mo chroidhe, i n-a
chaisleán agus a dheagh-árus féin ar Oileán
Loch' Mhananáin, i gCiarruighe Loch na nÁirneadh,
a dtugtar Achadh Mór anois air.



Bhí a cháil agus a chliú, a dhraoidheachta agus
a dhiabhalaidheachta i gceithre ceardaí na Fódla.



Pósadh i laetheanntaibh a óige é, agus bhí
mór-sheisear inghean aige, acht cailleadh iad
uilig acht aon inghean amháin, ar bh'ainm dhuithí
Pampóg, agus bhí sí ar áilneacht agus ar
bhreaghacht agus ar dheiseacht an domhain.



Bhí rí eile i nÉirinn i dtaca an ama sin darbh'
ainm Caoilte? agus rugadh mac d'á mhnaoi,
agus tugadh Céadtach mar ainm ar an bpáisde.



Aon lá amháin thug Caoilte a mhac leis go
dtí fear feasa nó Réadóir, agus d'fhiafruigh
dhe cá gcuirfeadh sé a mhac le draoidheacht agus
diabhaluidheacht a fhóghluim, i riocht is nach
bhfuigheadh fear ná arm an lámh i n-uachtar
air go bráth na breithe. Mhol an Réadóir dhó
a chur chuig Mananán Mhac Lir, gurbh'é an
fear ba mhó draoidheacht agus diabhalaidheacht
d'á raibh le fágháil, “agus,” ar seisean, “bliadhain
's an oidhche anocht rugadh inghean d'á mhnaoi,
agus tá dháréag ban ag freastal uirthi, agus
dháréag cailín ag déanamh seirbhíse dhuithí, agus
béidh an freastal céadna ar do mhac.”



Bhí an treas rí ann faoí'n tráth sin chomh maith,
arbh' ainm dhó Mac Guirr, agus rugadh mac
d'á mhnaoi, agus tugadh Londubh Mac Ghuirr
air mar ainm. Chuaidh athair Londuibh chuig
Réadóir nó fear feasa a bhí san gcomharsanacht
agus d'fhiafruigh dhe, cá gcuirfeadh sé a mhac
le ceird dhraoidheachta agus dhiabhaluidheachta
fhoghluim, agus dubhairt an fear feasa leis,
a chur chuig Mananán Mhac Lir.



Bhí an triúr páisdí i gCaisleán ríogh
Mhananáin, agus iad ag dul ar sgoil le chéile,
go raibh Pampóg sé bliadhna déag d'aois,
Céadtach cúig bliadhna déag, agus Londubh
cheithre bliadhna déag.



Lá dh'á rabhadar ag teacht a bhaile le chéile
ó'n sgoil, ghabhadar isteach i gceardchain. Thóg
Céadtach slat iarainn 'n-a láimh, agus chas í, chaith
sé chuig Londubh annsin í, agus d'iarr air a
dhíriughadh. Thóig se tairnge annsin, agus d'fhiaf-
ruigh de'n bhflaith eile, cé mhéad a ghlachadh sé agus
a lámh a leagaint ar an inneóin agus an tairnge
ar a láimh go mbuaileadh seisean bhuille de'n cheap-
uird ar an tairnge: [agus] dubhairt an flaith eile
go leigfeadh sé dhó a dhéanamh, dhá leigeadh seisean
dhó buille gan chosaint a fhághail air-sean sa'
gcéad chath a bheith eatortha. Dubhairt Céadtach
go leigfeadh; agus thóig sé an ceap-urd agus
thiomáin sé an tairnge thrí bhois Londuibh isteach
san inneóin. Leig Pampóg a sean-sgairt gháire,
agus d'imthigh a bhaile go cúirt a hathara, — agus
Céadtach léithi.



'Nuair thug an gabha faoi deara an rud a
thárla san gceardchain d'fhiafruigh sé de
Londubh céard a thiubhradh sé dhó dhá sgaoileadh
sé (é) í. Dubhairt Londubh leis gur fear bocht
a bhí ann féin acht, dhá dtagadh sé isteach ar a
oighridheacht féin go deó, go dtiúbharadh sé luach
a sheirbhíse dhó. Thoisigh an gabha leis an
tairnge, agus ní raibh sé a bhfad go raibh sí
bainte amach aige. Chuaidh Londubh a bhaile ann-
sin chuig caisleán an ríogh, agus focal níor
dhubhairt sé. Mar sin féin, bhí's ag an ríg.
Thuig sé an sgéal ó thús go deireadh.



Maidin lár na bhárach, chuir an rí fios ar na
haithreachaibh, agus d'iarr ortha theacht chuig
dínnéar an lá n-a dhiaidh sin. Tháinig an bheirt
rí agus chaitheadar an féasta leis. D'fhiafruigh-
eadar dhe annsin arbh' ór nó airgead a bhí ag
teastáil uaidh. Dhá mbadh 'eadh go dtiubharfadh
siad dhó (é) íad, agus céad míle fáilte. Dubhairt
Mananán nár bh'eadh, acht gur bh'amhlaidh eirigh
easaontas idir a mbeirt mhac, agus go mbadh
mhaith leis go réidhteóchadh siad é.



“Agus tá's agam,” ar seisean, “gur éad
is cionn-tsiocair leis.”



Dubhairt na haithreacha leis go mbéadh siad
sásta le cé bé cé'n réidhtheach a dhéanfadh sé
féin.



“Cuirfead an triúr isteach san gcaisleán,”
ar seisean, “fosglóchad na dóirse agus leig-
fead d'fhear amháin teacht amach ar dhoras amháin
agus d'fhear eile teacht amach ar dhoras eile,
agus cibé fear aca a leanfas sí, bíodh sí aige.”



Nuair bhí na haithreacha imthighthe, chuir sé an
triúr isteach san gcaisleán. D'fhosgail na
dóirse: agus, 'ar ndóigh, lean Pampóg Céadtach.
'Nuair chuaidh Londubh amach chonnaic sé Céadtach.
D'fhiafruigh sé dhé, ar chuimhnigh sé air go raibh
buille gan chosaint le fágháil aige air san
gcéad chath. Dubhairt Céadtach gurbh'é a
bharamhail nach cath é seo.



“Ní ár-chath go dtí cath ar son mná,” arsa
Londubh.



D'ísligh Céadtach a lámha; agus tharraing
Londubh a chlaidheamh, agus bhain sé an ceann de.
Annsin chuaidh sé chuig Pampóg, agus



“An bpósfaidh tú mise anois,” ar seisean,
“ó thárlaidh seisean caillte.”



“Ní phósfad,” ar sise, “go bráth na breithe
thú,” agus d'iompaigh sí ar a sáil, agus ar
ais léithi go dtí corp Chéadtaigh.


L. 97


II



Fuair Pampóg bosga mór agus chuir corp
Chéadtaigh isteach ann, agus lusanna, luibh-
eanna agus bláthanna bána agus gorma an
tsléibhe 'na thimcheall. Annsin fuair sí long
lán-luchtuighthe lán-lonnracha (uighthe?), gur
árduigh sé a cuid seólta móra bucóideacha,
bucáideacha, cómh-fhada, cómh-árda, cómh-dhíreacha
le bárraibh na gcrann; níor fhág sí téadracha
tíreacha gan teannadh, rópaí righne gan réabadh
gan rúpáil. Lupadán agus lapadán ag míolta
móra agus míolta beaga na mara, míolta móra
na fairrge thiar ag teacht aniar, agus míolta
beaga na fairrge thoir ag teacht anoir, ar chosaibh
agus bhosaibh a maidí rámha, go dtug sí dhá dtrian
ar siubhal, agus trian ar sgóid; go raibh na
heasconaí éagsamhala ag feadghail agus ag
déanamh ceóil sidhe dhuithe; cubhar i n-íochtar dhó,
agus gainimh i n-uachtar, go mbéarfadh sí ar
an nGaoith Ruaidh Mhárta a bhí roimpi, agus
nach mbéarfadh an Ghaoth Ruadh Mhárta a bhí n-a
diaidh uirthi; gur threabh sí cosán caol díreach
thríd na tonntrachaibh móra millteacha tréan-
bhorba, rian na gréine dá mealladh san ló,
agus rian na gealaighe san oidhche; gur chaith sí
naoi mí ar an muir, agus gur bhuail cuan agus
caladh-phort i dtír choigchríce ar deireadh thiar
thall.



Chuir sí feistiughadh lae agus bliadna ar an
Luing. Shiúbhail sí léithi amach thríd an tír.
Chonnaic sí beirt fhear ag teacht chuici, agus iad ag
iomchar dhuine mhairbh. Gach maidin n-a dhiaidh sin
bhíodh an triúr fear le chéile ag imtheacht agus
gach aon tráthnóna bhíodh an bheirt ag teacht a bhaile
ag iomchar an fhir mhairbh, agus bhí sé mar sin ar
feadh trí lá. Sa deireadh labhair fear de na
fearaibh léithi, agus d'fhiafruigh dhuithe, cér bh'as í,
nó cé hí féin.



“Agus,” ar seisean, “má's ar thóruigheacht
fhir atá tú, tarra uait agus gheobhaidh tú ceann.”



Dubhairt sí leis imtheacht chomh sgiobtha is bhí
'n-a chosaibh, nó go gcaithfeadh sí go tóin na
fairrge é. D'imthigh leis go ndeachaidh sé
chomh fada le n-a dhearbhráthrachaibh, agus d'innis
dhóibhthe an chaoi ar labhair sí leis. Chuaidh an dara
dearbhráthair chuici agus dubhairt sí an rud
céadna leis. Chuaidh an treas dearbhráthair chuici,
agus bheannaigh dhuithí go módhamhail maiseach.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhaighdean óg,”
ar seisean, “an aon dhochar a fhiafruighe cé thú
féin, nó cá bhfuil do thriall?”



“Innseóchad duit! acht an innseóchthá dhom
'tuige a mbíonn beirt agaibh ag iomchar dhuine
mhairbh gach tráthnóna, agus go dtéidheann an
triúr agaibh amach le chéile an mhaidean 'n-a
dhiaidh sin?”



“Innseóchad sin duit, a bhainríoghain óg, agus
míle fáilte. Nuair bhí m'athair is mo mháthair beó,
bhí m'athair 'n-a rígh agus, nuair cailleadh é,
tháinig na Fágánaigh agus na Fir Ghorma, agus
dhíbrigheadar as an dá oileán sinn, agus támuid
ar bhárr an tríomhadh oileáin leóbhtha; agus dá
mhéad dhá mharbhuighimid, bíonn siad beó aríst
ar maidin le troid a dhéanamh 'n-ár n-aghaidh.
Agus marbhuigheann siad duine againn gach aon
lá, acht bheirimid ar ais ó'n mbás go slán
sábháilte é, le huisge slánuighthe na híoc-shláinte.”



“Tá liom-sa an gaisgidheach is fearr d'ár
bhuail buille chlaideamh ariamh, agus geallaim
dhuit a chongnamh, acht a thabhairt ó'n mbás an
babhta so.”



Ghabh an fear isteach agus thug leis amach an
íoc-shláinte. Chuimil le créachtaibh Chéadtaigh
é, gur d'éirigh sé beó aríst. Chuimil Céadtach a
shúile le n-a lámhaibh, agus dubhairt, “is mór an
codladh agus trom-shuan á bhí orm.”



“Is mór,” ar san bhainríoghain, agus sgairt
sí amach ag gáiridhe, agus d'innis dó gach ar
thárla, ó bhain an prionnsa a cheann dhe.



“Thugas liom thú ar bhord luinge,” ar sí,
“agus bhíomar naoi mí ar an bhfairrge sul dá
dtángamar annseo agus gheallas do chabhair
do'n fhear seo 'feadh lae dhá dtugadh sé
ó'n mbás thú acht ní rachaidh tú uaim go cionn
míosa nó go mbéidh tú go láidir agus tagtha
chugat féin.”



Chaitheadar an oidhche úd le chéile, trian le
fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus
trian le soirm' suain agus sámh-chodlata go
dtí fáinne geal an lae ar n-a bhárach.



III.



Maidin lá'r n-a bhárach, d'éirigh Céadtach Mac
Chaoilte Mhic Rónáin. Nigh sé a lámha agus a
éadan, d'ith a bhricfeasta, thug cúl a chinn ar
an luing agus ar an bhfairrge, agus a aghaidh
ar an talamh, agus thug na sléibhte, na coillte,
agus na gleannta air féin, nó go dtáinig sé
go dtí bothán beag faoi dheireadh thiar thall.



D'fhiafruigh sé de mhnaoi an tighe (bhotháin)
cia'n áit nó ionad annseo i n-a dtugtar cath agus
caon-chosgar.



“Dá mbadh fíor-ghaisgidheach nó curadh maith
thú, ní fhágfá áit ná ionad, ceard ná cearn,
ball ná clúid gan chuartughadh go grinn géar
agus annsin gheobhthá amach dhuit féin an áit ina
dtugtar cath agus chaon-chosgar.”



Chuir an freagra sin fearg air, agus chorruigh
agus d'árduigh sé a mheanma. Acht seadh
ná ní headh, hú ná há, níor dhubhairt sé, acht
lean sé an cosán caol díreach ó'n mbothán
amach. Ní dheachaidh sé a bhfad nó go bhfacaidh sé
na cnuic agus na sléibhte os a chomhair amach
breac ballach, dubh dorcha, le daoinibh aisteacha
ag teacht n-a aircis. Rinne sé ortha de rithteach,
mar dhéanfadh seabhac ar sgata éanlaith, nó
mar rithfeadh cú thrí sgata caorach; nó go ndear-
naidh sé cárnán d'á gceannaibh, cárnán d'á
gcosaibh, agus cárnán d'á gcuid arm is éadaigh.
Annsin shín sé é fhéin i measg na marbh, go
bhfeiceadh sé an raibh éin-neach eile le tigheacht.



Níor bh'fhada dhó sínte sul dhá bhfacaidh sé sean-
fhear agus sean-bhean ag tígheacht agus pota
agus cleite (clúmh) leóbhtha; agus chaitheadar
steall ar an taoibh seo agus ar an taoibh sin
agus, 'léir mar bhíodar ghá chaitheamh ar na
daoinibh marbha, bhíodar ag éirighe beó aríst
ar nós míoltóg. Dubhairt Céadhtach leóbhtha
gan a thuilleadh a dhéanamh beó, go marbhóchadh
sé a raibh beó aca. Mharbhuigh sé gach aon duine
aca agus an sean-fhear agus an tsean-bhean chomh
maith leobhtha. Acht seal má bhfuair an sean-bhean
bás, chuir sí de gheasaibh droma draoidheachta
air gan codladh a dhéanamh an dara hoidhche i
n-aon teach amháin, nó an dara béile bídh a
chaitheamh ag an mbord céadna nó go n-inn-


L. 98


seóchadh sé do Chailligh na Cille — gur mharbh se
Cailleach an Áir agus Ár é féin.



D'imthigh leis agus bhí sé ag imtheacht agus ag
síor-imtheacht thar shléibhte' móra maola agus thar
ghleannta doimhne dorcha, go dtáinig deón agus
deireadh an lae, agus go ndeachaidh na míoltóga
móra dubha faoi sgáth na gcopóg sráide. Faoi
dheireadh nuair bhí sé sáruighthe siuncuighthe.
Casadh cailleach árd mhanntach mheirgeach leis.
Bheannuigh sé dhuithe go caoin séimh.



“An tusa Cailleach na Cille?” ar seisean.



“Is mé,” ar sise.



“Bhoil,” ar seisean, “fuagraim dhuit gur
mharbhuigheas Cailleach an Áir, agus an tÁr é
féin.”



Chuir sí fearadh na fíor-chaoin fáilte roimhe,
agus d'innis dó gur chaith sí trí bliadhna i
nIfreann ag fóghluim draoidheachta agus diabhal-
aidheachta, mar foillsigheadh dhuithe i dtair-
gireacht go raibh a leithidhe le teacht n-a haghaidh.



“Gabh a bhaile anois,” ar sise, “agus maith-
fead duit é.”



“Ní gheobhadh,” ar seisean.



“Féach le faobhar do chlaidhimh,” ar sise.



Tharraing sé an claidheamh agus thug buille
dhuithe, acht, i n-áit a marbhuighthe, baineadh mannt
as an gclaidheamh i gcaoi is gur mhill sé an faobhar
is go mb'éigean dó a chur sa truaill.



“Maithim dhuit anois, agus gabh a bhaile,”
ar sise.



“Ní ghabhfad,” ar seisean.



“Caith isteach i bpoll uisge mé,” ar sise.



Chaith! Agus bhí sí trí ceathramhna uaire ann
agus é 'n-a mullach 'ghá coinneál síos. Agus,
'n-a dhiaidh sin is uilig, d'éirigh sí aníos chomh
láidir is bhí sí ariamh.



“Maithim duit, a Chéadtaigh.”



“Ní mhaithim-se dhuit-se,” arsa Céadtach.



“Caith síos i bpota tárra a bhéas dhá bhruith
mé.”



Chaith, agus d'fhág sé ann feadh trí ceathramhain
uaire í. D'éirigh sí aníos chomh sgiobtha láidir
le mionnán aereach.



“Maithim dhuit anois,” ar sise.



“Ní mhaithim-se dhuit-se,” arsa Céadtach.
“Cosain thú féin.”



Tharraing sé an claidheamh agus thug buille
dhuithe acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Chuir sí
a lámha thart thimcheall air go bhfuair sí greim
ar a chroiceann. Chuir a hionga isteach thríd
an chroiceann go dtí an cnámh, agus bhain amach
agus thug léithí lán a glaice dh'á chuid feóla.
Bhí sé ar tí cur suas dé'n troid nuair a chuir éinín
beag cogar 'n-a chluais, 'ghá chomhairliughadh a
ceann a tharraing ó na fréamhachaibh. Ar an
bpoinnte, boise d'éirigh de léim ár a dá ghualainn
agus rug ar a ceann agus tharraing as na
fréamhachaibh é. Acht sul má bhfuair sí bás, chuir
sí de gheasaibh droma draoidheachta air gan codladh
an dara hoidhche san leabaidh chéadna, ná an
dara béile bídh a chaitheamh ag an mbord céadna,
go racadh sé chuig Uan an Átha, agus go
n-innseóchadh sé dhó gur mharbhuigh sé Cailleach an
Áir, agus Ár é féin, agus Cailleach na Cille.



D'imthigh leis, agus bhí sé ag siubhal agus ag
síor-shiubhal go dtáinigh sé go páirc mhóir. Ní
raibh sa bpáirc mhóir acht crann mór, carraig
mhór chloiche, agus Uan.



“An tusa Uan an Átha?” ar seisean.



“Is mé,” ars' an Uan.



“Bhoil, fuagruighim dhuit gur mharbhuigheas
Cailleach an Áir, an t-Ár é féin, agus Cailleach
na Cille.”



Rinne an tUan air de rithteach, agus níor airigh
sé i bhfogus dó acht neart síneáin ghaoithe a leag
ar an talamh é. Nuair a d'éirigh sé sgíord sé chomh
sgiobtha is bhí 'n-a chnámhaibh go dtí an crann.
Rith an tUan 'n-a dhiaidh agus an síneán gaoithe.
Rith sé thimcheall an chrainn. Lean an tUan agus
an síneán é. Léim sé thar an gcarraig. Bhí sí
naoi bpéirse ar leithead, agus naoi bpéirse ar
áirde. Léim an tUan 'n-a dhiaidh agus, le
neart agus luathas agus fuinneamh an fhuadair
bhí faoi, chuir sé a cheann thríd an charraig. Ní
luaithe fuair Céadtach ceann an Uain a bheith
greamuighthe sa gcarraig 'ná thug sé buille
chlaidheamh dhó, a sgoith an ceann dé'n cholainn.



“Cuirim de gheasaibh droma draoidheachta ort,”
ars' an tUan, “gan an dara hoidhche chodlata
bheith agat sa teach céadna, ná an dara béile
bídh a chaitheamh ag an mbord céadna go n-innsighidh
tú do Chat na h-Uaire Brice gur mharbhuighis
Cailleac an Áir, agus an t-Ár é féin, Cailleach
na Cille, agus Uan an Átha. Tháinig séideóg
ghaoithe annsin agus sguab sí an tUan chun
bhealaigh.



D'imthigh mo Chéadtach bocht leis, agus é cortha
claoidhte go maith, go dtáinig sé go béal
gleann. Casadh cat mór millteach leis.



“An tusa Cat na hUaire Brice?” ar seisean.



“Is mé.”



D'fhuagair sé dhó gur mharbhuigh sé Cailleach
an Áir, Ár é féin, Cailleach na Cille, agus Uan
an Átha.



“Ní mharbhóchair mise,” ars' an Cat, “dá mbadh
nás dom mo chroidhe a chailleadh leat.” D'ionn-
suigheadar a chéile, agus níor bh'í troid na mbó
maol, an troid a rinneadar.



Bhíodar le na chéile go ndearnadar bogán
de'n chruadhán agus cruadhán de'n bhogán aríst,
agus go dtugadar toibreacha fíor-uisge thríd
leacrachaibh glasa an ghleanna. Faoi dheireadh
thug Céadtach aon leadóg amháin de'n chlaidheamh
dhó, agus rinne dhá leith de'n Chat, acht ar leagan
do shúl bhí sé greamuighthe le chéile aríst. Le
buille eile sgoilt sé an Cat ó bhathas a chinn go
dtí bárr an 'riobaill. Nuair bhí sé ar tí an
treas bhuille a tharraingt, léim an Cat air, agus
rug barróg air, gur sháith sé gath nimhe a bhí ar
bhárr a 'riobaill isteach thríd a ucht, agus gur
tharraing a chroidhe amach ar a bharr, agus d'fhág
ag sliobarnaghail le n-a thaoibh é. Acht sul
á thuit Céadtach chuir sé a lámh isteach i mbéal
an Chuit, agus stróic sé an croidhe amach as.
Agus le leagan do shúl thuit an bheirt aca mín
marbh ar an mbán.



IV.



Nuair tháinig deón agus deireadh an lae, agus
faoithean fíon-dearg, dubhairt duine de na
dearbhráthrachaibh leis an mbeirt eile go raibh sé
i n-am aca dul le beagán cabhrach agus conganta
a thabhairt do'n ghaisgidheach greannta groidh-
eamhail as Éirinn, agus dubhairt an bheirt eile
gur leag sé amach an obair dhó féin go ceann
lae, agus go bhfágfaidís obair an lae seo air,
agus go rachaidís le cabhrughadh leis ar n-a bhárach.


L. 99


'Chaoi ar bhith d'éirigheadar, agus d'imthigh
leobhtha 'n-a dhiaidh. 'Léir mar ghluaiseadar ar
aghaidh, chonnaiceadar an sléacht agus an t-ár
millteach a rinne an tÉireannach. Acht faoi
dheireadh fuaireadar é féin agus Cat na hUaire
Brice sínte mín marbh ar an mbán le chéile.



Fuaireadar greim ar an gcroidhe a bhí i n-a
dhorn ag Céadtach, agus chuireadar isteach i n-a
cholainn aríst é. Chuimleadar braon íochshláinte
air, agus d'éirigh sé chomh maith agus bhí sé
ariamh.



D'imthigheadar leobhtha — an triúr dearbhráthair
agus Céadtach leobhtha. Tháinig sionán maith
gaoithe a chorruigh sop cocháin ar an mbóthar agus,
ar an toirt, bhí Céadtach de léim gur leag sé cos
air. Bhí 's ag na dearbhráthrachaibh annsin nár bh'é
a chroidhe féin a bhí ann acht croidhe an Chait, agus
tharraing duine aca a chlaidheamh, agus bhain an
ceann de Chéadtach. Ghabh an fear eile ar ais
go bhfuair sé an croidhe eile. Bhaineadar
amach croidhe an Chuit, agus chuireadar a chroidhe
féin isteach 'n-a cholainn aríst. Chuimil braon
de'n Íocshláinte air, agus d'éirigh sé arís chomh
lúthmhar éasgaidh aigeantach is bhí ariamh.



Nuair thángadar a bhaile bhí oidhche bhreagh
shultmhar aca le n-a chéile. Trialladh suipéar
maith dhóibh, agus d'itheadar agus d'óladar a
súthach sáthach go bhfacadar sgáth a mbolg ar na
frathachaibh. Annsin chaitheadar an oidhche trian
le fiannaideacht, trian le sgéalaidheacht, agus
trian le soirm suain agus sámh codlata.



Maidin lá'r n-a bhárach tháinig an triúr dear-
bhráthair chuig Céadtach, agus thairgeadar rígheacht
a n-athara dhó, agus d'iarradar air bheith 'n-a
rí, agus go dtiubharfaidís dó a gcuid maoine
agus gach a raibh i n-a seilbh aca; agus go ndéan-
faidís seirbhíseacht agus teachtaireacht dó.



Ghabh se a bhuidheachas leóbhtha, agus le réidhteach
a dhéanamh eatartha, thug sé an chéad oileán do'n
dearbhráthair ba shine, an dara hoileán do'n
dara fear; agus an treas oileán do'n fhear
do b'óige. Annsin d'fhág sé slán agus beannacht
aca, agus tháinig chuig a mhnaoi, a d'fhág sé sa
luing cois an chladaigh.



V.



Maidin lá'r n-a bhárach, d'éirigh Céadtach agus
Pampóg, a bhean, go moch, agus dhírigheadar
tosach na luinge lán-lochthuighthe lán-tsoillsighthe
láidre ar Éirinn agus a deireadh ar an oileán.
D'árduigheadar a gcuid seólta móra bucóideaca
bucáideacha, comh-fhada, cómh-árda, comh-dhíreacha
le barraibh na gcrann, agus níor fhágadar
téada tíre gan teannadh, rópaí righne gan
réabadh, gan rúpáil, lupadán agus lapadán
ag míoltaíbh móra agus míoltaibh beaga na
mara. Míoltaí móra na fairrge thiar ag teacht
aniar agus míoltaí móra na fairrge thoir ag
theacht anoir — ar chosaibh agus bhosaibh a maidí
rámha — go dtugadar dhá dtrian ar siubhal
agus trian ar sgóid, go raibh na heascona
éagsamhla ag feadghail, agus ag déanamh ceóil
sídhe dhóibhthe. Cubhar i n-íochtar dhó, agus gainimh
i n-uachtar, go mbéarfadh siad ar an ngaoith
ruaidh Mhárta bhí rómpa, agus nach mbéarfadh
an ghaoth ruadh Mhárta a bhí 'n-a ndiaidh ortha,
gur threabhadar cosán caol díreach thríd tonn-
trachaibh móra millteacha tréan-bhorba na mara
rian na gréine d'á mealladh sa ló, agus rian na
gealaighe san oidhche, gur chaitheadar naoi mí ar
muir, sul dár bhuail siad cuan agus caladh-phort
i mBinn-Éadair Eadarnaidhe mhic Fhinn Mhic
Chumhaill.



Nuair chualaidh Fionn go raibh strainséir i dtír
i ngan fhios do'n bhFéinn, nó do Mhananán
Mhac Lir féin, thairg sé claidheamh agus culaidh
ghaisge do'n té a gheobhfadh a thásg is a thuairisg
is a ghraithe dhá dhúthaigh dhó. Chuaidh Conán amach
i n-a aircis agus labhair go borb leis.



“Ce thú féin?” ar seisean, “agus goidér'd
do ghraithe 'un na tíre seo?”



Hú ná há níor dhubhairt Céadtach, acht rug
ar Chonán Maol mhac Mórna na Mallacht, agus
chaith isteach faoi dhabhaigh a raibh taoille leaghta
bruithte ag teacht anuas uaidh i mbraonacha
troma tiugha, i gcaoi is go raibh 'chuile bhraon
de, a thuitfeadh ar Chonán, ag dul thríd an
gcroiceann go dtí'n cnámh, ó'n chnámh go dtí'n
smior, agus ó'n smior go dtí'n smúsach. Nuair
a thug Fionn é sin faoi deara, chuir sé Caoilte
chuige. Labhair Caoilte go caoin macánta séimh
leis agus d'iarr air a innseacht dó, dhá m'áil
le n-a ónóir cé bé féin i slighe is go bhféadfadh
sé a innseacht d'Fhionn.



“Abair le Fionn go mbéad ag dínn ar leis,”
arsa Céadtach.



Annsoin sgaoil sé de Chonán, agus dubhairt
leis gan teachtaireacht a thabhairt chuig duine
uasal go bráth aríst.



VI.



Chuaidh Céadtach sgathamh de'n bhealach go
teach a hathar le n-a mhnaoi, agus nuair a d'fhág
i ngar do'n teach í, d'fhill sé d'Fhionn. Chaitheadar
a ndínnéar agus chuaidh ag fiadhach agus ag
fian-chosgar. Dubhairt Céadtach gur strainséar
a bhí ann agus go dtóigfead sé gleann dó féin,
agus thóig. 'Léir mar bhíodh sé ag marbhughadh an
ghéim bhíodh se 'ghá gcaitheamh ar an ród, go dtí
gur shíl sé go raibh sé i n-am aige dul a bhaile.



Cheangail sé na héanlaithe le chéile go dtáinig
Fionn agus a shluaighte, agus d'iarr ortha a
dtógáil agus a n-iomchar, acht ní raibh ionnta
a dhéanamh. Chuir sé bárr a bhróige faoi'n ualach,
chaith ar a ghualainn é, agus as go bráth leis a
bhaile. Rith Caoilte 'n-a dhiaidh; acht bhí a dhínnéar
ithte ag Céadtach sul dá dtáinig sé chomh fada
leis. 'Chaoi ar bith d'fhanadar le chéile go
fáinne an lae.



An dara lá, chuadar ag fiadhach agus ag fian-
chosgar go Gleann na Smól, áit a rabhadar an
lá roimhe. Chuaidh Céadtach go dtí an gleann 'n-a
raibh na Fianna an lá roimhe, agus chuaidh siad
go dtí an gleann 'n-a raibh seisean ag fiadhach.
San tráthnóna ní raibh ag Fionn acht péire éanlaithe,
agus bhí an t-ualach céadna ag Céadtach is bhí
an lá roimhe. Ar an treas lá thárla an nídh
céadna, acht ar an gceathramhadh lá, thuit ceó
draoidheachta ortha, agus ní raibh 's aca cá raibh
iad ag dul, agus chuadar isteach go caisleán
breagh mór. Bhí biadh ar an mbórd, agus
dheasuigheadar thart agus bhíodar ghá ithe. Tháinig
sgáth nó tais mná isteach agus sguab léithi a
raibh de ghreimínibh beaga briste ar an mbord,
agus leag a thuilleadh bídh ar an mbord n-a áit,
go raibh a seacht sáith ithte agus ólta aca. Bhí
leaba réidh sa gcaisléan le haghaidh gach beirte


L. 100


agus leaba do Chéadtach dhó féin, agus ceann
eile d'Fhionn.



VII.



Maidin lá'r na bhárach chuaidh Céadtach agus
Fionn chuig fleidh agus féasta, go dtí Caisleán
Mhananáin Mhic Lir .i. athair a chéile. Bhí fearadh
na fíor-chaoin fáilte rompa; agus áthas agus
aoibhneas, bród agus ríméad ar 'chuile dhuine,
faoi go dtug Céadtach a chroiceann leis, 'léis
an mhéid a ndeachaidh sé thríd. Trialladh an-
dínnéar dhóibhthe, agus nuair bhí sé réidh gléasta
dheasuigheadar thart 'uig an mbord le n-a leagaint
isteach. Thóig Fhionn a sgian agus a phíce agus
leag ar an mbiadh aríst iad, agus dubhairt nach
mblasfadh sé biadh ná deoch sa gcaisleán go
gcoimhlíonfadh Pampóg impidhe dhó.



“Coimhlíonfad impidhe ar bith a iarrfas tú
acht ní leigfead do mo fhear chéile dul ag dréim
ná ag comhrac leis an mBláithín Bhlóigh.”



“Mur' leigir dhó é sin a dheanamh ní bhlasfad
greim bídh,” ar Fionn.



“Bfhearr liom an geallamhaint sin féin a
thabhairt duit ná go n-imtheóchthá ó dhoras
Mhananáin Mhic Lir gan béile bídh a chaitheamh.”



Nuair facthas do Chéadtach go raibh air imtheacht
d'éirigh sé de phlimp, agus chaith uaidh a sgian
agus a phíce, agus d'imthigh leis. Lean Fionn é,
agus lean Pampóg Fionn, agus d'iarr air
aon fhábhar amháin .i. a fear céile a thabhairt
ar ais aríst chuici bíodh sé beó nó marbh. Agus
dhá mbádh bheó dhó na seólta “glas-uaithne”
a árdughadh, agus dá mbadh mharbh dhó na seólta
dearga a thógháil.



VIII.



D'imthigh le Céadtach mac Chaoilte Mhic Rónáin
agus Fionn Mhac Chumhaill, agus seacht gcatha na
Féinne, agus seacht gcatha na Gnáth-Fhéinne,
agus stad ná staonadh, aobh na foras, níor
bhain dóbhtha, nó gur bhuaileadar cuan agus
caladh-phort san Domhan Thoir, ag deagh-árus
agus ionad-chómhnaidhthe An Bhláithín Bhlóigh'.



Chuireadar feistiughadh lae agus bliadhna ar
an luing, thug a gcúl leis an muir, a n-aghaidh
ar an tír, agus ghabhadar an aith-ghiorra ba dhíríghe
ar chúirt agus dheagh-chaisleán an Bhláithín Bhlóigh'.
Nuair thángadar go dtí an geata, bhuail Céadtach
an Cuaille Comhraic (Cónra'), agus fiafruigheadh
dhe céard a theastuigh uaidh. Dubhairt sé gur
theastuigh teach uaidh. Dubhradh leis go raibh teach
thíos annsin, agus go raibh na hAmhaí ann, agus
go gcaithfeadh sé a ghábhail.



Ghabh se isteach sa teach, agus thoisigh na hAmhaí
móra ag gáiridhe, agus na hAmhaí beaga ag gul
(a' caoineachán). D'fhiafruigh sé dhóbhtha céard
ba chionn-tsiocair leis an tseafóid seo.
D'fhreagair na hAmhaí móra go raibh siad
ríméadach faoi an bplaic dheas a bheith aca as
agus dubhairt na hAmhaí beaga go raibh siad
féin dobrónach pusach faoi nach mbeadh greim
ar bith dhe le fágháil aca-san. D'éirigh gach ceann
aca annsin agus chuir bolta ar an doras, agus
d'éirigh Céadtach gur chuir sé bolta agus maid'
éamuinn air. Annsin rug sé ar cheann de na
hAmhthaibh, agus fuair greim coise air. Bhuail sé
Amha eile leis gur mharbhuigh sé. Thoisigh ortha
n nsin agus duine ná diúlach, óg ná sean, fear,
bean, ná páisde, dá raibh san teach, níor fhág
sé beo. D'éirigh sé annsin, agus chuaidh amach
le féachaint an raibh Fionn agus Fianna Éireann
ag teacht. Bhíodar ag druidim i ngar dhó. D'iarr
sé ar dháréag den bhFéinn aon Amha amháin a
chaitheamh amach, acht theip ortha. Rug sé féin
ar an gcéad duine, agus chaith amach agus, le
iompóbh do bhoise, bhí an ceann deireannach
aca caithte amach aige.



'Léis sin chuaidh sé chuig na Glafairthí' chuig
an gcisteannaigh. Bhuail an doras. Fiafruigheadh
dhe céard do theastuigh uaidh. Dubhairt sé gur
theastuigh biadh. Dubhradh leis dul amach go dtí
an pháirc, agus damh a mharbhughadh. D'imthigh go dtí
an pháirc; chonnaic sé tarbh. D'ionnsuigh an tarbh
é. Rith sé leis go dtí an teach, agus an tarbh
'n-a dhiaidh. Nuair bhí an tarbh istigh aige, dhún
sé an dá dhoras, agus mharbhuigh agus d'fheann
é, agus chuaidh amach le féachaint a' raibh a
mhuinntir féin ag tigheacht. Bhíodar go díreach
tagtha. Thángadar isteach go dtí'n teach. Thug
Céadtach ceathramha de'n mhart le n-iomchar
dhóibhthe. Theip ortha a iomchar. Chuir sé na ceithre
ceathramhna isteach sa gcroiceann aríst agus
d'iomchair a bhaile iad.



Chuaidh sé aríst chuig Glafairthí na Cisteannaighe
agus fiafruigheadh dhe, céard do bhí aige dhá
thóruigheacht. Dubhairt sé go raibh sé ar thóruigh-
eacht móna le teinidh a dhéanadh. Dubhradh leis
go raibh cruach taoibh amuigh agus go bhféadfadh
sé a sháith dhi a thabhairt leis.



Bhí draoidheacht agus diabhalaidheacht i ngach
uile nídh. Rith ré agus bhain bacla mhóna as an
gcruaich, agus rith le n-a anam chuig an teach,
agus an chruach mhóna n-a dhiaidh ghá phlúchadh
agus ghá thachtughadh gur dhún sé an doras 'n-a
haghaidh.



Ghabh sé chuig Glafairthí na Cisteannaighe aríst
agus d'iarr ortha ádhbhar leabthan a thabhairt
dó.



Dubhradh leis a thabhairt leis as an iothlainn,
an méid a theastóch' uaidh. Chuaidh sé 'na
hiothlainne, agus tharraing roinnt cocháin as
an gcruaich, agus rith sé leis agus an chruach
ar fad 'n-a dhiaidh ag a iarraidh a phlúchadh agus
a thachtughadh gur dhún sé an doras 'n-a haghaidh.
Chuaidh se aríst chuig na Glafairí ag iarraidh
uisge. Dubhradh leis go raibh tobar i n-a leithid
seo d'áit, agus a sháith a thabhairt leis as. Chuaidh
sé chuig an tobar agus chuir a lámha san uisge,
agus thóg aníos braon de, agus rith go dtí an
teach, acht ní túisge a thóig 'ná rith an t-uisge
ar fad 'n-a dhiaidh ag iarraidh a bháidhte.



Ghabh se chuig na Glafairí aríst, ag iarraidh
teineadh, agus pota, agus dubhradh leis dul go
dtí teach na n-Amha n-Órmach, go raibh teine
agus pota ann, agus a dtabhairt leis. Fuaidh,
acht má chuaidh féin, leig na hAmhaí a sean-sgairt
gháire, agus dubhairt nach raibh an pota ag bruith
na feóla d'easbhaidh teineadh agus go gcaithfeadh
sé a bhruith le n-a cheann.



D'ionnsuigheadar a chéile, go bhfuair 'ach aon
duine aca greim caol cruaidh corraigheachta.
Níor bhogadar an bharróg sin go ndearnadar
bogán de'n chruadhán, agus cruadhán de'n bhogán
aríst agus go dtugadar toibreacha fíor-uisge
thríd na leacrachaibh glasa. Dhá dtagadh fear
ó uachtar an domhain go híochtar an domhain, is le
hamharc ar an mbeirt a thiocfadh sé. Faoi


L. 101


dheireadh thug Céadtach aon fhásgadh fiann-
mhíleadhta amháin dó a chuir go dtí na rúitínibh é,
agus an dara fásgadh chuir sé go dtí n-a
ghlúnaibh é. Annsin sháith sé a cheann faoi'n
bpota, agus choinnigh ann é gur bhruith sé an
fheóil dó. Sguab sé leis an pota agus an fheóil,
agus d'ith sé féin agus Fhionn a seacht sáith, agus
dubhairt sé leis na daoinibh eile biadh a thriall
dóibh féin.



IX.



D'iarr sé ortha annsin fanacht 'n-a suidhe ar
a n-aire agus ar a n-áirdeall a fhad 's bhéadh
seisean ag fágháil dreasa bhig chodlata. Gealladh
sin dó agus chuaidh sé a chodladh. Céard a dhúiseo-
chadh e 'léis tamaill acht srann' fartaigh na bhfiann
agus iad 'n-a gcodladh 'n-a thimhcheall. D'éirigh
sé, agus chonnaic na céadta ag déanamh ar an
teach, agus tárra agus ádhmad agus cochán aca
leis an teach a chur le teinidh.



Chuaidh Céadtach amach 'n-a n-aircis, agus a
chlaidheamh nochtuighthe aige, agus níor sguir
sé de'n troid go raibh 'chuile mhac máthar aca
mín marbh ar an mbán aige. Ghabh sé isteach agus
dhúisigh na fianna, agus dubhairt leobhtha dreas
eile codlata a thabhairt dó, agus faire a dhéanamh
'fhad 's chodlóchadh sé. Gealladh sin do. Níor
bh'fhada 'n-a chodladh dhó, nuair dúisigheadh aríst
é, agus chonnaic sé sluagh mór ag tigheacht aríst,
mar tháinig siad an chéad bhabhta. D'ionnsuigh
sé aríst iad gur chuir sé deireadh leóbhtha.
Thárlaidh sé sin aríst agus aríst eile 'feadh
na hoidhche agus na fianna 'n-a gcodladh.



Le fáinneachan an lae ar n-a bhárach, ghabh sé
chuig Glafarthaighibh na Cisteanaighe, agus d'iarr
ortha trí chéad fear a chur os a chomhair, 300 fear
taobh thiar dhe (le na thóin), 300 fear ar gach aon
thaoibh dhe, agus 300 fear ar gach aon fhaobhar
de fhaobhar a chlaidhimh. Agus fuarthas ar an
toirt iad. Rith sé thríobhtha ar nós seabhaic
thrí sgata éanlaithe, nó coileán con thrí sgata
caorach, agus bhí ghá ngabháilt d'á chlaidheamh agus
ghá leadradh, agus ghá slaiseáil, nó go ndearnaidh
sé brosgar dhíobhtha. Rinne sé cárnán d'á
gcloignibh, cárnán d'á lorgnaibh, agus cárnán
d'á n-airm is d'á gcuid éadaigh.



Chuaidh sé chuig Glafarnaigh na Cisteanaighe aríst
ag iarraidh a dhá n-oiread. Cuireadh chuige iad,
agus má cuireadh féin, d'fhág an sailghradaigh
orrtha agus rinne an rud céadna leobhtha agus
rinne leis an gcéad dream.



Ghabh se chuig Glafarthaigh na Cisteanaighe
aríst ag iarraidh a dtrí h-oiread, agus tugadh
dó iad, agus rinne sé an cleas céadna orrtha
(leóbhtha).



Bhuail Céadtach Cuaille Comhraic na Cistean-
naige ríst agus dubhairt an Breilsg Mór go
dtroidfeadh sé Céadtach, agus go ndéanfadh sé
púdar dh'á chnámhaibh. Ghabhadar i bhfástódh a chéile,
acht má ghabh féin, bhain sé trí h-uaire troda agus
tréan-chomhraic as, sul dár mharbhuigh sé an
Breilsg Mór.



Thug se dubhshlán an Bhláithín Bhlóigh annsin,
agus d'éirigh an Bláithín Blóigh, agus dubhairt
gur mhór an truaigh nach dtáinig sé amach leis
an strainséar a mharbhughadh sul dár marbhuigheadh
a shluaighte ar fad. Thoisigh sé féin agus
Céadtach ar a chéile gur mharbhuigh sé an Bláithín
Blóigh i ndeireadh na dálach.



Chuaidh Céadtach isteach chuig an teach 'léis sin
chuig inghin an Bhlaithín Bhlóigh, agus d'fiafruigh sí
dhe cá raibh sé ag dul, eisean a mharbhuigh a hathair
agus a chuid fear.



“Nach fearr dhuit mise agat anois ná iad ar
fad?” arsa Céadtach.



“Dhá mbéadh a fhios agam gur chugam-sa a
bhís ag tarraingt chabhróchainn leat mé féin,”
ars' an ainnir óg. Le briathraibh binne béil
agus caon-chomhrádh agus bladar milis, mheall sé
mo bhruinneall bhocht chomh mór sin is gur shíl
sí go raibh sé i ndearg-ghrádh léithi agus, a chuisle
mo chroidhe, thuit sí i ngradh leis ar áit na mbonn.



Chaitheadar an oidhche i gcumhlódar a chéile agus,
le breacachán na maidne, nuair fuair Céadtach
'n-a toirchim suain agus sámh-chodlata í, bhain sé
an bráisléad ómra de chaol a láimhe deise, agus
bhí ag imtheacht nuair a dhúisigh an áil-bhruinneall
agus d'fhiafruigh dhe, nach raibh sé le fanacht léithi.
Dubhairt sé nach raibh, dá áilne dhá raibh sí, agus
d'imthigh sé chuig Fionn, agus d'ullmhaigheadar
le dul a bhaile, agus d'fhág slán agus beannacht
go deó na ndeór ag an aobh-bhruinneall óig
áluinn uasail údan.



X.



Nuair bhíodar ar bord na luinge aríst ar a
mbealach a bhaile, nochtuigh Céadtach cuid dhá
smaointibh d'Fhionn agus dubhairt leis go mar-
bhóchaidhe ar an mbealach a bhaile é. Dubhairt le
Fionn freisin go raibh sé i n-aois a dhá bhliadhain
fichead an lá sin, agus “an fear a mharbhuigh ar
dtús mé, tá sé le mo mharbhughadh indiu aríst.
Tiocfaidh sé ar nós éin, san aer, agus cuirfidh
sé an chuma chéadna air féin is tá orm, agus
iarrfad air teacht anuas ar an soitheach, agus
béidh troid mhór mhillteach, agus fian-chomhrac
idir mé féin agus an Londubh, Ó's eisean a bhéar
ann.



Tháinig Londubh ar bhord na luinge. Bhí a phrin-
tíseacht thart an lá sin. Bhí sé i ngaol gar do'n
mhnaoi a raibh Céadtach ag pléidhcidheacht léithi,
agus ar bhain sé an bráisléad ómra dhuithe.
Ar an toirt, thoisigh an troid eatortha — agus
níor bhréag ná magadh troid a thabhairt uirthi.



Thoisigheadar i gcuma ghearr-bhodach, agus throid-
eadar go rabhadar 'n-a bhfearaibh óga agus go
rabhadar 'n-a sean-daoinibh críon-liatha caithte
cruptha spíonta.



Throideadar 'n-a dhiaidh sin ó bheith 'n-a gcoil-
eánaibh go rabhadar 'n-a sean-mhadraíbh; ó riocht
dhá tharbh óga go rabhadar 'n-a sean-tairbh; agus
ó riocht dhá stail óga go raibh siad 'n-a sean-
stailibh.



Annsin thoisigheadar ag troid i bhfuirm éan-
laithe. Agus throideadar mar dhá sheabhac, agus ar
an riocht sin mharbhuigh ceann aca an ceann eile.
An ceann a bhí i n-íochtar, bhuail sé buille feill
mharbhthaigh ar an gceann a bhí i n-uachtar, agus
nuair bhí an ceann uachtarach ag tuitim, thuit ar
an gceann íochtarach agus mharbhuigh é: agus
budh é Londubh Mac Ghuirr a thuit i dtosach. Agus
caitheadh amach leis an bhfairrge mhóir é. Acht an
seabhac eile, tugadh a bhaile chuig mnaoi Chéadtaigh
Mhic Chaoilte Mhic Rónáin é go háitreabh agus
deagh-árus a hathar, Mananáin Mac Lir, go
Caisleán Oileáin Mhananáin, i gCiarraighe
Locha na n-Áirne, a dtugtar Achadh Mór indiu


L. 102


air. Nuair a bhuail tosach a luinge cuan
agus caladh-phort i gCríochaibh Éireann do
hárduigheadh na seólta móra dearga, agus nuair
a thángadar i dtír bhí bean Chéadhtaigh rompa,
agus tugadh an seabhac dhuithe, agus ar sise,
“Seo é an méid a gheóbhas mé i leabaidh mo
Chéadtaigh?” Ghabh rabharta bróin agus briseadh
croidhe í, agus leig sí naoi ngártha caointe a
gheobhadh go croidhe na Cloiche Ghlaise, agus fágadh
ise agus an t-éan leó féin annsin, agus d'imthigh
Fionn Mhac Chumhaill agus na Fianna a bhaile agus
níor thugadar aon áird uirthi.



Nuair bhí sí tuirseach tnáidhte tréith-lag ag gol
agus ag éagcaoin, agus lionndubh mór ar a
croidhe, shuidh sí síos agus bhreathnuigh suas san
aer agus chonnaic dhá éan ag troid go dásachtach
le chéile, agus mharbhuigh ceann aca an ceann
eile. Agus tháinig sgatha éanlaithe agus chuireadar
duilleóga de chrann áithride thart thimhcheall an
éin mhairbh, agus i gceann leath-uaire a' chluig
d'éirigh sé go beó beathadhach bíodhgamhail aríst.



Annsin fuair sí roinnt duilleóg de'n chrann
céadna agus chuir ar a seabhac féin iad agus
tháinig sé chuige féin agus bhí chomh maith is bhí
ariamh. D'fhiafruigh sé dhuithe annsin an bhfuair
sí an Bráisléad Ómra ó Fhionn, agus dubhairt
sí nách bhfuair.



CRÍOCH.



'Léis sin chuaidh sé féin agus í fein i bhfochair
a chéile, go dtí caisleán a hathar, i n-Oileán
Loch' Mhananáin, i gCiarruighe-Loch-na-n-Áirneadh
i n-Achadh Mór i bhfogus do Bhéal Átha hAmhnais.



Nuair thángadar go hionad-chómhnaidhthe Mhana-
náin, bhí ríméad agus aoibhneas croidhe ar athair
a chéile faoi go dtáinig Céadtach ar ais go slán
sábháilte go ceann a chúrsa.



Agus, ar ndóighche, ní raibh Pampóg 'n-a
cúthailrimín ag ullmhughadh le haghaidh na bainise
agus na fleidhe agus níor bhainis go dtí í.
Cuireadh gairm sgolb amach chuig mór-uaislibh
agus beag-uaislibh agus chuig uaislibh nach iad
agus tháinig siad 'n-a sluaightibh. Bhí fleadh agus
féasta ann a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá
agus bhí an lá deireannach chomh maith leis an
gcéad lá. Bhí blas na meala ar gach aon ghreim
agus ní raibh aon dá ghreim d'aon bhlas. Bhí
'chuile mhac máthar d'á raibh ann go súghach sáthach
agus iad uilig go léir ar sheol na mbracha.



Bhítheas ag ithe agus ag ól go bhfacthas sgáth
a mbolg ar na fraghthachaibh, agus deirtear gur
fearr a tsultmhaire a bhí i ndeireadh ná i dtosach
na bainse.



Sul dá raibh an bhainis thart ghabh Fionn Mhac
Chumhaill chuig an mnaoi a chuir na geasa droma
draoidheachta air, leis an mBráisléad Ómra
a thabhairt chuici, agus d'iarr sé í, agus ar
seisean léithí —



“Má gheallas duit an Bráisléad Ómra a
thabhairt chughat, níor gheallas a thabhairt duit,
agus ní thiubhrfad duit (le n-a choingbheáil) é,”
agus tháinig sé go dtí teach na féasta, agus
thug do mhnaoi Chéadtaigh é. Pósadh é féin agus
an óig-bhean a chuir na geasa air. Agus, a
mhic mo chroidhe, b'é deireadh na fleidhe agus
sgaradh na gcompánach, nach raibh pioc agam
dá mbárr acht bróga páipéir agus stocaí bláithche,
gur ith madraí an bhaile na bróga agus gur ligh
siad na stocaí, agus gur fágadh m'aonraic mé
ceann is cos-nochtuighthe — go mbadh slán an
sgéaluidhe, go mbadh slán a léigheanns, agus go
mbadh cúig céad slán go héag an fear á sheas-
anns i n-aghaidh námhad na hÉireann, chomh fada
dílis tír-ghrádhach buadhach is sheas Mananán
Mac Lir.



Sgéal a chualas i laetheanntaibh m'óige agus
atá le cloisteál go fóill ó chuid de na sean-
Ghaedhilgeóiribh i bPáraisde Achaidh Mór'.



PILIB Ó BHALDRAITHE.


L. 108


“LITRIDHEACHT AGUS EILE.”



DO bhí iongnadh agus alltacht ar a lán
daoine, le déidheanaighe, nuair ba chlos
dóibh gur scríobh ughdar Éireannach leabhar
a bhí chómh diamhaslach agus chómh brocach
san gur cuireadh an dlighe air, thall i
Sasana, ar a shon. Acht b'fhéidir go mba
lugha é an t-iongnadh agus an t-alltacht
dá léighidís alt eile a scríobh an t-ughdar
céadna — Seoirse Ó Mórdha.



Ag comhairliú na mBreathnach do bhí
sé i dtaobh a dteangan. Ba chóir dóibh
níos mó céille do bheith aca, dá mba mhaith
leó an Bhreatnais do choimeád beó, ná mar
a bhí ag na Gaedhil, a mharbhuigh an Ghaedhilg
le h-aimideacht agus le díthchéille. Nuair
do tháinig sé féin chun na Gaedhilge do
aithbheodhú, do chomhairligh sé an Bíobla
Gaedhealach do chur á léigheamh — acht bhí an
iomarca eiriceachta ann — sin é adubhradh
leis, agus ní glacfaoí leis i n-aon chor.
Annsan do bhí sé chun Finnscéalta na
h-Araibe do chur ós a gcómhair — adubhradh
leis iad do scagadh go maith ar dtús.
Do scríobh sé féin beart scéalta — agus
dubhradh leis ná rabhadar sáthach cráibhtheach —
ní glacfaoí le h-aon scéal gan míorbhail
nó rud den tsaghas san do bheith ann.
Agus i ndeire na scríbe d'éirigh Seoirse
Ó Mórdha as mar ghnó.



Chítear as an méid sin go bhfuil an dá
dhóigh ann ar an scéal, agus go ndeineann
Seóirse agus a leithéid beart do réir a
dtuairme. Ní thuigeann Seóirse agus
daoine mar é, gurab aon díoghbháil dóibh
féin ná d'aon duine eile leabhair mar
“The Brook Kerith” do scríobh, agus
chun stáid a n-aigne do thuiscint, ní mór
dúinn a fhéachaint cár fhoghluimigheadar
na tuairmí sin.



Le linn na Renaissance do tháinig athrú
an-mhór ar aigne na n-ughdar agus ar an
gcaoi 'na nochtaidís í. Do tháinig aos
léighinn an Oirthir go dtí an Eadáil, agus
do leath an nuadh-leigheann san ar fuid na
h-Eorpa. Ba mhór an chabhair dó an chló-
dóireacht, a bhí eirghe coitcheann an t-am
san. Do chuaidh gach saghas ealadhan
chun cinn in san am chéadna, agus fiú an
domhain féin bhí sé tar éis dul i méid,
nuair do tháinig Columbus abhaile ó'n
Oileán Úr. Ní h-iongnadh mar sin na
h-ughdair do bheith ag eirghe muinghíneach
asta féin agus as cómhacht na h-aigne,
agus ag eirghe neamhspleadhach ionnta
féin. Agus d'airigheadar go raibh rudaí
eile san tsaoghal seachas pionós agus
seanmóireacht, do bhraitheadar an t-áthas
mór a bhí ar fagháil i ngach aon áird, agus
an áilne bhí san ndomhan agus i ngach
aon rud d'á raibh ann. Agus do chaitheadar
i leathtaoibh gach aon rud a bhí gá gcosc
ar na rudaí sin — an tsean-fheallsamhnacht
úd na manach, agus na tuairmí caithte
do chloisidís gach aon lá ag seanmóiridhthe —
smachtú na colna, umhlacht aigne — an
Chríostaidheacht go léir, agus do ghlacadar
chúcha an Phágántacht nuadh a chumadar
féin.



Na feallsamhain do tháinig na ndiaidh,
ní h-aon chosc ná toirmeasc do rinneadar
ar an ngluaiseacht so, acht cuidiú leis.
Ba mhó an tsaineamhlacht agus an leithlis
aigne do bhí ann de bhárr teagaisc
Descartes; mar chuir sé aigne an duine
ós cionn an uile nidh, mar bhreitheamh
agus mar thomhas. Do chríochnuigh Kant
an scéal dó, le na Árd-Chritic, a raibh
cead aige gach aon nidh do scrúdú agus


L. 109


do phromhadh — agus níor fhág sé ar thalamh
ná ar neamh aon dlighe don chine daonna,
acht an rud a fhuráileann intleacht an
duine. Annsan do tháinig Darwin agus
Spencer, agus ní ghábhadh dhom a rádh cionnas
mar bhí an scéal na ndiaidh, acht go bhfuil
an stáid aigne ar a ngoireann Hardy
“Modernism” i n-aoirde láin fé láthair.
An sean-rúd, Panteism, fé chruth nua,
atá ann, agus ainm deas air — “Creideamh
na Daonnachta” — ag a lucht leanamhna.



Acht sí an cheist atá againn le cur ar
an gcreideamh galánta so — cad é an
toradh a thagann as — ar an dtoradh aith-
nighthear an crann. Féachaidh. Ní raibh
duine le fagháil ba mhó a bhí oilte agus
eolgach ar fheallsa an Amhrais, agus ar gach
nidh a bhain leis, 'ná Georges Sand — agus
cad é an chabhair a bhí ann di. Ní chuirfeadh
sí dlighe ná cosc ar aon duine acht aon-
dlighe a mheóna féin — agus i ndeire na
dála níor éirigh leithe aon áthas ná aon
shástacht aigne d'fhagháil acht leis an
ndomhan, nó eile a feallsa, do thréigean.
Níor fhéad Balzac ná Zola, a chuir an
oiread san spéise i saoirse thola agus i
neamh-spleadhacht intleachta, aon rud eile
d'aithint ar chlainn an duine — iad súd a
raibh forlámhas aca ar spéir agus ar
thalamh — acht gur “beithidheach ainmhianach
brúideach” gach mac máthar aca. Do thais-
beán Heine nach raibh i gCreideamh na Daon-
nachta acht Creideamh na h-ainmhéine, agus
deimhnigheann Richepin go dtéidheann
síbhílteacht agus an t-sean-fheallsa le
chéile — agus go dtuiteann gach nidh as
a chéile má leantar an nuadh-chreideamh
— gurab é a thoradh ná donas agus
aimiléis agus éadóchas.



Is ar lorg na scríbhneóir úd ba mhaith
le Seóirse Ó Mórdha sinne do bheith ag
gluaiseacht — acht féachaimís an taobh eile
den cheist.



Ní mór an suaimhneas ná an spás a
bhí ag Gaedhil leis na céadta bliadhain
chun árd-tuairmí feallsamhnachta do
cheapadh; níor bheag a bhí le déanamh aca
agus slighe bheatha do bhaint amach dóibh
féin i n-éan chor. Is fíor go raibh a lán
troid agus imreasán ar siubhail san
Eadáil le linn na Renaissance acht ní
h-ionnan troid le boirbeacht, agus an
troid is gábhadh do dhéanamh le cruadhtan.
Acht má's fíor nár cheap ár sinnsear
amach aon fheallsamhnacht nuadh, níor
ghlacadar ar a shon san le déantús na
nGall acht an oiread. Chítear é sin go
soiléir ins na scéalta agus na h-imtheachta
d'aistrigheadar go Gaedhilg. Chun sompla
do thabhairt — cuir i gcomparáid an Aeneid
fé mar a chéad-scríobh Feargal é, leis an
leagan Gaedhealach atá i gceann de sna
sean-leabhraibh .i. Imtheachta Aeniasa.
Dán maordha Rómhánach seadh an Aeneid,
acht do rinne an t-ughdar Éireannach cló
Gaodhlach do chur air, agus do rinne sé
scéal ceart Gaedhealach de, chómh Gaedhealach
le h-aon iomramh d'ár cheap Gaedheal
riamh. Do chuir sé leis agus do bhain sé
de aon rud ba mhaith leis do bheith ann nó
as, gan spleadhchas aige ar aon ughdar.



Cuimhnidh arís ar na Gearaltaigh agus
ar mhuinntir Bhutléir. Do rug na Sean-
Ghaill seo leo go h-Éirinn na dánta agus
na h-amhráin do bhí á seinm ar fuid na
h-Eórpa le n-a linn — amhráin an “amour
courtois.” Do bhí méadaracht spesialta
ag gabháil leis na h-amhráin seo pé áit
na rabhadar — acht do thóg na h-Éireannaigh
an gné litridheachta san chúcha féin, agus
do chuireadar a séala féin air, agus do
chasadar ionnta an fhonómhaid gheal-gháir-
theach a bhí mar thréith ar leithligh ag na
Gaedhil riamh. Nuair do bhí na h-amhráin
socruighthe aca ar a dtoil, do bhí ag aos
litridheachta, do bhárr a saothair, amhráin
mar “Neimhthinn an Galar an Bás” —
Cúchonnacht Ó Cléirigh do scríobh. Na
h-ughdair do scríobh as Gaedhilg, agus
cuid mhaith díobh súd a scríobh as Béarla —


L. 110


Mangan agus Kickham, cuir i gcás —
do leanadar den nós chéadna — ní mó atá
de Ghalldachas i scríbhinní Mangan ná mar
atá le fagháil i leabhraibh an Chéitinnigh.



Acht tá athrú mór tar éis teacht ar aon
saoghal i nÉirinn le déidheanaighe. Do bhí
Renaissance dár gcuid féin againn —
aithbheodhú litridheachta. Do bhí uain agus
spás againn chuige, agus do scaipeadh a
lán leabhar — litridheacht cheart — fén
bpobal. Cuid de sna scríbhneóirí — an
t-Athair Peadar cuir i gcás — do leanadar
go dlúth agus go daingean den tsean-nós,
agus is fíor-bheag d'aon nós iasachta a
leigeadar isteach. Ní dóigh linn go
seasóchaidh an dóigh sin — nár ghlac sean-
ughdair na nGaedheal le na lán rud
iasachta acht iad do Ghaedhealú. Acht
furmhór na scríbhneóirí eile — An Dr. P.
Ó Síothcháin, agus Pádraig Mac Piarais,
agus Domhnall Ó Corcardha — agus tá
sluagh mar iad — do chumadar agus do
cheapadar i slighe go mairfidh a gcuid
leabhar i measc litridheachta na h-Eórpa.
Do ghlacadar chúcha gach nidh do b'fhearr
agus do b'fiú do ghlacadh ó scríbhneóirí
na Frainnce, agus na Rúise, agus na
h-Almáine, agus do Ghaedhealuigheadar é.
An nidh is mó, b'fhéidir, atá le fagháil
do bhárr saothair litridheachta na h-Eórpa
le trí chéad bliadhain — an Rómhánticeacht —
do ghlacadar í. Do ghlac fós leis an
stíl nó an modh scríobhtha atá fé gnáth-
úsáid — an t-úrscéal “psychologique.”
Agus mar sin féin níor ghlacadar leis an
Amhras, ná leis an “Modernism” liteardha
so atá go h-an-láidir i Sasana. Níor
bhacadar le ceisteanna móra an domhain
do réidhteach, má bhíodar réidhtighthe cheana
ag an gCríostaidheacht — agus tá a rian ar
an litridheacht do shaothruigheadar.



Acht dála Seóirse Ó Mórdha. Tá an
tríomhadh dream i nÉirinn seachas an
dá dream thuas, .i. Seóirse Ó Mórdha,
agus Shaw, agus AE, agus Liam Ó Riain,
Níl aon amhras ná gur ghlac na daoine seo
le feallsamhnacht na nGall — le Panteism
agus le Creideamh na Daonnachta agus
le pé rud eile do cheap Sasanaigh agus
Franncaigh dhóibh féin. Agus ní h-é
amháin gur ghlacadar leis an bhfeallsa
iasachta sin, do ghlac cuid aca .i. Seóirse
Ó Mhórdha, le gach saghas gairse agus
gránndachta dhá raibh ar fagháil.



Agus anois, seo í an cheist. An leanfaidh
scríbhneóirí na h-Éireann Seóirse Ó Mórdha,
nó an leanfaidh siad Pádraig Mac Piarais
agus an Dr. Ó Síothcháin? Beidh litridheacht
mhór thádhbhachtach ag na Gaedhil fós — acht
cad é an saghas a bheidh ann. Tá Éire mar
a bhéadh ógánach gléasta chun catha —
tá éirim agus éifeacht aici, agus tá,
freisin, beart mhór le déanamh aici — tá
a lán ag brath uirthe.



Tá lucht litridheacht ag obair leis na
mílte bliadhain — san nGréig, sa Róimh
san Eóruip uile — agus cad tá déanta
aca? Dada! Níl níos mó uaisleachta
ná fongnaimh ag Sasanaigh indiu ná mar
a bhí ag Gréigigh dhá mhíle bhliadhain ó shoin —
agus tá an díombáidh agus an t-éadóchas
céadna aca. Agus cad é an fáth: —
“gan mise ní féidir libh puinn do dheanamh”
ar ár dTighearna. Do chuaidh lucht an
domhain i muinghín a gcomhacht féin, agus
níor éirigh leó. Acht má théidheann na
Gaedhil ar lorg a sinnsir; agus má
dheineann siad an rud atá a fhios aca do
bheith ceart, cá bhfios ná go bféadfaid a
shoillsiú do'n domhan cad is beatha agus
áthas agus saoirse ann — rud do theip ar
eolgaigh an domhain go dtí seo.



Agus rud eile — do chuireamar-na,
clanna Gaedheal, an Chríostaidheacht i
leabaidh na Págántachta ar fuid na
h-Eórpa, le seanmóireacht agus le
h-oilithreacht uair: nach féidir linn an
nidh céadna do dhéanamh an t-ath-uair
le litridheacht agus le foillsiughadh eagna.



M. de L.


L. 111


CIONNUS DO SHAOR SÉ A ATHAIR.



INS an tsean-aimsir bhí rí i n-Éirinn, acht ní
bhfuil a fhios ag éinne cadé an t-ainm do bhí air.
I gcaitheamh a fhlaithis, ámhthach, tháinig gorta mór
ar na daoinibh go h-obann, agus is iad a bhí
i gcruadhchás toisc gan mórán lóin bheith curtha
i dtaisce aca i gcóir na droch-aimsire. Bhí na
daoine ag fagháil bháis i ndiaidh a chéile le neart
an ocrais. Acht chun go mbeadh a ndóithin le
n-ithe ag na fearaibh oibre is catha, chuir an rí
fógradh amach 'ghá órdughadh dóibh na sean-daoine
go léir — a bhí níos mó ná deich mbliadhna is
dachad d'aois — do chur as an slighe. Ba h-uath-
bhásach an fógradh é sin, agus níor mhaith leis na
daoinibh óga a n-aithreacha agus a mháithreacha
do mharbhadh, acht b'é órdughadh an rí é agus ní
raibh a mhalairt le déanamh ag na daoinibh bochta.



Um an dtaca so, bhí fear ann a bhí 'n-a cheann
ar lucht oibre an rí. In ionad a athar do chur
chun báis, is amhlaidh do chuir sé i bhfolach é
isteach i bpluais áirithe do bhí i n-aice a thighe.
D'fhan an seanafhear ins an áit sin, nuair a
bhí na sean-daoine eile (go ndéanaidh Dia trócaire
ar a n-anmanna) ag fagháil bháis ar fuid na tíre.
Do bhí a fhios ag an rí nár mhaith leis na daoinibh
fógradh chomh uathbhásach sin d'fhreagairt, agus
mar gheall air sin, badh mhaith leis a dhéanamh
amach an raibh éinne i measc a lucht oibre ag
tabhairt iarracht ar an órdughadh do sheachaint.
Ar an ádhbhar sin, do shocruigh sé ar cheisteannaibh
deacra do chur ortha, mar bhí a fhios aige go
h-an-mhaith nach dtiocfadh acht leis na sean-daoinibh
tuigsionacha géarchúiseacha a leithéidí de cheist-
eannaibh d'fhreagairt. Is uime dhéin sé an méid
sin, ionnus go mbeadh a thuairim aige go raibh
sean-daoine éigin ag tabhairt coghnaimh dos na
daoinibh óga dá mbeadh sé ar chumas éinne na
ceisteanna do réidhteach.



D'á bhrígh sin, chuaidh sé amach, lá, chun a lucht
oibre agus seo mar a labhair sé leo.
“I mbáireach,” ar seisean, “tabharfad cúig
phúint do'n duine gur féidir leis a innsint dom
cionnus thiocfadh leis a n-aithint seo thar a chéile,
eadhon, snab* agus bárr slaite nuair a bhéidh
an dá cheann slím comh-chruinn agus déanta mar
a chéile ar gach aon tsaghas cuma.”



Tháinig scannradh ar na daoinibh nuair airigh-
eadar an focal san. Do thosnuigheadar ar chainnt
is ar chogarnaigh. “Ní fheadar,” arsa duine
aca, “cad d'éirigh do'n rí nó cad é an malairt
aigne atá tréis teacht air.” “B'fhéidir,” ars an
dara fear, “gurab amhlaidh ba mhaith leis cuid-
iughadh leis an bhfear is tuigsionaigh againn,”
agus mar sin dóibh. Pé scéal é, tháinig ana-fhonn
ar an bhfear oibre úd — air a rabhas ag trácht
ó chianaibh — an t-airgead d'fhagháil mar bhí a
bhean agus a mhac agus a athair i gcruadhchás,
agus gan a ndóithin bídh le n-ithe aca. Fear ana-
ghlic ana-thuigsionach dob'eadh a athair, agus bhí
sé lán-oilte ar gach saghas léighinn. Um thráthnóna
an lae sin, do ghluais an fear oibre air abhaile
go tapaidh agus nuair bhí tuitim na h-oidhche ann,
siúd amach fé dhéin na pluaise é. D'innis se
d'á athair cad dubhairt an rí leo agus chuir sé
i n-iul dó an cheist a chuir sé ortha. “Agus
anois,” ar seisean, “badh mhaith liomsa
í d'fhreagairt mar gheall ar an nduais móir
atá i gcóir an t-é a réidhteochaidh í.” “Tá go
maith,” ars a athair, “Seo dhuit an freagra,
a mhic ó. Má chuirir an tslat isteach i sruthán,
raghaidh snab na slaite ar tosach. Sin mar is
féidir le duine iad d'aithint thar a chéile. Téirigh
chun an rí anois, agus go n-éirighidh an t-ádh
leat.” “Déanfad mar adeirir,” ars' an mac,
“agus tabhair-se aire dhuit féin go dtí go
bhfillfead abhaile arís.” Do ghabh sé a bhuidheacas
le n-a athair mar gheall ar an gceist do réidhteach
dó, agus amach leis.



Maidin lá'r n'a mháireach d'éirigh sé go moch
agus d'imthigh sé air chun an pháláis. Bhí an chuid
eile de'n lucht oibre ann roimhe. Bhíodar go léir
chomh balbh leis na clochaibh, agus chomh dall ar
an gceist is bhíodar riamh. Nuair a bhíodar ag
obair ar feadh tamaill bhig, chonnacadar an rí
ag déanamh orra. Bhí croidhe an fhir úd ag preabadh
'n-a chliabh. Tháinig an rí suas leo agus stadadar
de'n obair. “Anois,” ars an rí, “cia'ca agaibh
fhéadfaidh an cheist úd d'fhreagairt?” “Is
féidir liom-sa,” ars an fear, agus dubhairt
sé leis an rí an t-slat do chur isteach i sruthán
agus go dtiocfadh leis an dá cheann d'aithint
ó n-a chéile, mar go raghadh snab na slaite ar
tosach. “Tá an ceart agat, a dhuine mhacánta,
agus bíodh na cúig phúint agat.”



Do bhain sin misneach des na fearaibh eile acht
dubhairt an rí leo go mbéadh cúig phúint eile i
gcóir an duine a dtiocfadh leis na trí ceisteanna
seo d'fhreagairt, eadhon (1) cad é an rud is
mó cion agat air? (2) cad é an cara is fearr
agat? (3) cad é an namhad is measa agat?
Ceisteanna ana-dheachair do b'eadh iad gan amhras
agus ní bhfuil sé ar chumas gac duine iad
d'fhreagairt go furaiste.



Nuair do bhí obair an lae críochnuighthe aige,
chuaidh an fear do fuair an t-airgead abhaile,
agus áthas ana-mhór air. Chuaidh sé amach chun
na pluaise, agus d'innis sé d'á athair an scéal
ó thúis deire. Do bhuail an seanafhear a bhasa
le neart áthais, agus ba mhór an tógaint croidhe



*Snab — Sin an ceann is ísle de shlait, nuair
a bhíonn sí ag fás ar an gcrann.


L. 112


dó an scéal do chlos. “Acht,” ars an mac,
“tá trí ceisteanna eile agam duit anocht.”
“'Seadh,” ars a athair, “innis dom iad gan
mhoill.” Ach le scéal fada a dhéanamh gearr
d'innis sé na ceisteanna dhó agus seo mar a
dhéin sé iad d'fhreagairt.



“An rud is mó cion agat air, sin é do mhac.
An cara is fearr agat, sin é do mhadra (mar
tiocfaidh sé chugat arís d'á mhéid a bhuailfir é),
agus an namhadh is measa agat sin í do bhean.”
Annsan dubhairt sé leis dul chun an rí agus a
chapall do thabhairt leis. “Cuir do mhac ar do
bhéalaibh gus do bhean ar do chúlaibh agus
bíodh do mhadra ag ruith led' thaobh.” Do rinne
sé mar órduigh athair dó agus siud chun siubhail
fé dhéin an pháláis iad. Nuair tháinig an rí amach
mar ba ghnáthach leis, thug an fear na freagartha
úd dó, acht ní túisce bhí na focla, “an namhad
is measa agam, sin í mo bhean,” amach as a bhéal
ná gur liúigh sise amach de ghuth árd, “dá mbéadh
an scéal mar sin agam,” ar sí, “is amhlaidh do
bheadh t'athair, an ropaire feill, marbh um an
dtaca seo ag saighdiúiríbh an rí.” Is fíor do'n
tseanfhocal, agus is deacair a shárughadh: —



“Má's maith leat scéal bheith i mbéalaibh na
dtrí bpobal, innis tré rún do mhnaoi é.”



Tar éis an scéil go léir do chloisint, chuir an
rí a shluagh ar lorg an t-seana-dhuine, agus do
rugadar air agus é i bhfolach phluais. Do
tharraingeadar amach é agus do thugadar leo
chun an pháláis é. Cuireadh os comhair an bhreithimh
é agus daoradh chun a dhóighte é. Do ceapadh lá
a bháis agus chuir an rí tionól ar a mhaithibh agus
a mhór-uaislibh go léir i gcóir an lae sin. Nuair
a tháinig an t-am a bhí beartuighthe chun an fhir do
chur chun báis, chromadar na maithe agus na
mór-uaisle ar chruinniughadh chun na faithche ar
aghaidh na bruidhne amach. An fear óg gur
daoradh a athair, bhí sé ag cur an bhóthair de agus
é ag déanamh ar an bhfaithche, nuair tháinig sé
suas le duine uasal áirithe do bhí ag dul chun na
h-áite céadna.



“Dia dhuit a cara,” ars an duine uasal leis.



“Dia is Muire is Pádraig dhuit,” ars an
fear eile.



“Ar mhiste leat a innsint dhom cá bhfuil do
thriall anois?”



“Óch, tá m'athair tréis a dhaortha chum báis,
agus táim ag dul anois 'ghá fhéuchaint chum an
pháláis.”



“Is ann atáim-se ag dul leis,” ars an
duine uasal, “do réir fógra an rí,” gus
as san amach do leanadar ortha i n-éinfeacht a
chéile agus dhéineadar caradas agus muinn-
teardhas le chéile. Nuair a bhain an bheirt an áit
amach, bhí mórán daoine bailighthe ann rómpa.
Do chonnacadar an rí 'na shuidhe ar a chathaoir
ríoghdha agus a lucht freastail 'ná thimcheall.
Bhí an fear bocht do daoradh chun báis i gcúinne
na faithche agus beirt saighdiúirí ag coiméad
faire air. Bhí morc mór teineadh ar lasadh i lár
na faithche, agus na smólacha ag éirighe suas as.
Nuair chonnaic an rí an duine uasal úd a bhí
ag teacht, d'iarr sé air óráid do thabhairt uaidh
sul a ndóighfí an fear cionntach. D'éirigh an
duine uasal suas 'ná sheasamh agus dubhairt
sé nach raibh sé socair aige aoinnidh do rádh
annsan, acht go raibh seirbhíseach aige agus gur
mhaith leis rud éigin do rádh leo. “Tá go maith,”
ars an rí, “cuir chugham é.” Do dhéin an duine
uasal mar adubhradh leis agus dhruid fear an
tráchta so suas i láthair an rí. Sul ar chrom sé
ar an óráid do thabhairt uaidh, ámhthach, do dhéin
sé an margadh seo leis an rí: An chéad duine
a tiocfaidh romham* ar mo scéal, dóightear i
n-ionad m'athar é.” “Bíodh sé 'n'á mhargadh,”
ars an rí, agus do léirigh sé dos na maithibh
go léir coinghiallacha an mhargaidh. Annsan
d'innis an fear an scéal so dóibh.



“Aon uair amháin ní raibh duine ná daonaidhe
i n-Éirinn acht aon fhear amháin, a mháthair agus
a sheana-mháthair. Bhí an tír go léir fé'na smacht
agus ba ghnáthach leo síol do chur innti. Dá
dheascaibh sin, chuaidh an fear amach, lá Éarraigh,
chun í do threabhadh, agus, dar mo bhriathar, bhí
an talamh go léir treabhtha aige, agus an síol
curtha innti aige, sul a dtáinig oidhche an lae sin.
Bhí sé ana-thuirseach tréis an méid sin oibre
do dhéanamh, agus do chodluigh sé go socair sámh
an oidhche san. D'éirigh sé go moch ar maidin
lá'r na mháireach agus nuair chuaidh sé amach
bhí an t-arbhar aibidh agus i mbéal bainte.
D'ullmhuigh an triúr a gcorráin agus amach
leo chun an arbhair do bhaint. Chuaidh an fear
féin go dtí cúige Mhumhan, chuaidh a mháthair
go dtí cúige Chonnacht agus chuaidh a shean-
mháthair go cúige Uladh. Ní raibh an fear ag obair
acht ar feadh tamaillín, nuair do chonnaic sé
girrfhiadh mór 'na luighe i measc an arbhair.
Chaith sé a chorrán leis agus do sháith sé sa dhruim
é. Do chrom an girrfhiadh ar rith anonn is anall
síos suas ar fud na h-áite, agus é ag leagadh
an arbhair ar gach taobh de, toisc an chorráin
bheith sáithte go daingean 'na dhruim. Bhí sé ag
síor-rith ó thaobh taobh agus ó chúige cúige go dtí
go raibh an t-arbhar go léir bainte aige. Tháinig
áthas mór ar an tríur nuair a thugadar fé
ndéara go raibh an girrfhiadh ag baint an arbhair
pé áit 'na raghadh sé, agus is amhlaidh bhí an
fóghmhar críochnuighthe aca agus na stuacaí tógtha
aca, sul a raibh an ghrian ar tí dul fé. Acht
nuair d'éirigheadar go moch ar maidin lae'r
na mháireach bhí a mhalairt de scéal aca mar
níor fhéadadar stuaca nó punann d'fheicsint
i n-aonbhall. Bhíodar imthighthe go glán i nganfhios
dóibh. Bhí an fear go dubhrónach ar fad. Bhí an
ghealach na suidhe san spéir fós. Chuaidh an fear
amach agus chuir sé a chluas leis an dtalamh.
Do phreab sé go h-obann agus isteach fé dhéin
an thighe leis, mar is amhlaidh do chualaidh sé
fothram dh'á dhéanamh thuas sa ghealaigh fé mar
bheadh duine ag súisteadh arbhair.



“Is amhlaidh,” ar seisean leis an mbeirt bhan,
“tháinig na fir bheaga anuas ó'n spéir i rith
na h-oidhche agus ghoideadar an t-arbhar, greadadh
chúcha mar bhitheamhnaigh,” agus le n-a linn sin,
do bhain sé dhá ruibe as ceann a shean-mháthair
agus do dhéin sé saghas dréimire asta. Annsan
d'árduigh sé é féin suas go dtí an ghealach agus
do rug sé ar na firíníbh agus iad ag súisteadh
an arbhair ar a ndícheall, acht chomh luath agus
thugadar fé ndéara an fathach mór, dar leo,
do theicheadar ins gach áird le corp eagla. Bhíodar
ag tuitim le faill na gcnoc mór atá le feicsint
sa ghealaigh, agus fuair mór-chuid díobh bás.



*Teacht roimh = To interrupt.


L. 113


Acht nuair mhothuigh Rí na gealaighe an scríos
sin dh'á dhéanamh do tháinig sé 'ghá ghuidhe ar an
bhfear gan bheith ar a dtóir níosa shia agus dubhairt
sé go gcaithfidís an t-arbhar go léir síos go
talamh ar n-ais. Do chaitheadar síos é acht le
linn na h-oibre do bhriseadar an dréimire air, i
dtreo nach raibh a fhios ag an fear bocht, cionnus
raghadh sé síos chun a thíre féin. Bhí giota beag,
ámhthach, de'n dréimire ag crochadh as an ngealaigh
agus do leig sé síos é féin go dtí gur shroich sé
an ceann dé. Annsan do thug sé léim mór
agus tar éis aistir fhada tríd an spéir, d'fhill
sé thar n-ais go h-Éirinn.



“Do bhailigh sé a chuid arbhair isteach sa scioból,
shúistigh sé ar a shuaimhneas é agus do cháth sé é.
Nuair do bhí lán an mhála de choirce cháithte aige,
chuaidh sé go dtí an baile chun é do dhíol. Bhí sé
ag marcuidheacht agus do chuir sé an mála suas
ar mhuin an chapall leis. Bhí cruidhte nuadha
fé chosaibh an chapaill agus mar gheall air sin
bhí cinn na dtairnge ag síneadh amach go garbh,
i dtreo nuair bhí sé ag cur an átha anonn de,
do sháith bradán ar gach tairnge díobh. Do
briseadh muin an chapaill le h-ualach an fhir
agus an mhála agus na mbradán. Bhí an fear
bocht i gcruadhchás anois. Níor fhead sé dul ar
an aonach ná filleadh abhaile. Fé dheireadh,
ámhthach, do chonnaic sé caora ag inbhear i bpáirc
a bhí i ngoireacht dó. Do mhairbh sé an chaora agus
bhain sé an croiceann de. A h-aithle san, do
chuir sé an croiceann ar mhuin an chapaill agus
cheangal sé le slataibh drisligh é. 'Na dhiaidh san
chuaidh an capall i bhfeabhas, acht nach ait an
scéal a rádh gur fhás an drisleach agus an ollan
ag an am céadna i treo go mbíodh na garsúin
ag stothadh sméara as muin an chapaill gach
bliadhain agus…”



“Agus ní bhfuil ionnat acht fear bréige
agus ní bhfuilir acht ag innsint bréige ó chromais
ar an scéal sin,” arsa duine uasal mór droch-
mhúinte leis. Bhí an margadh briste anois agus
b'í críoch an scéil gur cuireadh an duine uasal
chun báis do réir na gcoinghioll agus gur tugadh
cead a chos do'n tseanfhear.



DOMHNALL Ó h-ÉARCÁIN.


L. 115


BÓTHAR NA MIAS.



IS iomdha sean-sgéal agus béal-oideas
atá ag na sean-daoinibh i ngach ceanntar
i n-Éirinn. Sean-scéalta i dtaoibh a
gceanntar féin a bhfurmhór. Sean-scéalta
i dtaoibh caisleáin agus cille, i dtaoibh
crann agus sgeach, i dtaoibh sléibhte agus
lios, i dtaoibh sruthán agus toibreacha,
agus i dtaoibh a lán rudaí agus áiteanna
nach dtabharfá aon áird ortha maradh
an dlúth-bhaint agus an ceangal atá aca
le stair ár sinnsear.



Tá daoine ann go cinnte agus 'sé a
dtuairim nach bhfuil ins na sean-scéalta
seo acht seafóid agus ráiméis agus baois.
Bhí an dream seo ins an saoghal ariamh,
agus is dócha go mbeidh siad ann go deó.
Acht ní móide go bhfuil an ceart aca. Cibé
chaoi tá sgéalta le cloisint ameasg na
sean-daoine fós i n-Éirinn, agus is léir
do gach aon nach bhfuil claon-bhreathach gur
fíor agus ughdarásach na scéalta iad. Is
dóigh liom-sa gur scéal díobh-so an scéal
atá le cur síos annso anois agam. Scéal
is eadh é atá clódh-bhuailte i meabhrachaibh
muinntire Aidhne, .i. diogheóise Cille-Mhic-
Duaigh. Tá an t-ainm sin ar an diogheóise
mar gheall ar Naomh Cholmán, mac Duaigh
(an naomh a bhfuil an scéal seo faoi), bheith
'n-a chomhnuidhe ann.



Do mhair an naomh seo i ndeireadh na
sémhadh h-aoise agus i rith tosaigh na seacht-
mhadh h-aoise. De threibh ríoghdha Fhiachra
do b'eadh é. Righnach, inghean Chormaic, do
b'ainm d'á mháthair. Sul a rugadh Colmán
bhí sé i dtairingire go mbeadh ceannas ag
mac Righnach ar a threibh ríoghdha. Chuir sin
fearg mhór ar an rí (Colmán do b'ainm
dhó-san freisin) agus thug sé órdughadh
Righnach a mharbhadh. Ar a chloisint sin
o Righnach theith sí go Corcair — áit uaigneach
ameasg sléibhte Bhuirinn i gConndae an
Chláir — agus is annsin a rugadh Naomh
Cholmán. Ins an áit sin tá an tobar
naomhtha 'n-ar baisteadh é le feicsint fós.
Tobar Cholmáin a tugtar air agus tá
ionntaobh mór ag na daoine as an bhfíor-
uisge atá ann.



Nuair d'fhás Colmán bhí faitchíos air
roimh an rí agus deirtear gur imthigh sé as
Fiachrach Aidhne ar fad. Is cinnte go raibh
sé i n-Árainn, mar chuir sé dhá theampall
ar bun ann — Teampall Mór Mhic Duaigh
agus Teampall Beag Mhic Duaigh. Bhíodh
a lán daoine naomhtha i n-a gcomhnuidhe ins
na h-oileánaibh sin i n-allód, agus sin é an
fáth ar tugadh “Ára na Naomh” ar an áit.
“Ní raibh suim acu,” a ndeir an Céitean-
nach, “sna sealbhaibh saoghalta ní h-ionann
agus mórán do lucht na h-aimsire-se.”



Acht dá uaignighe 's bhí oileáin Árann
ní raibh Colmán sásta. Ar an ádhbhar sin
d'imthigh leis ó dheas treasna cuain na Gail-
limhe agus stad níor dhein sé nó gur shroich
sé Sléibhte Bhuirinn — an áit 'n-ar rugadh é.
Is uaigneach an radharc, radharc na sléibhte
seo indiu féin. Ní'l ionnta acht carraig-
reacha agus scréigeachaí agus scailpreacha
móra “ag bagairt a gcinn thar dhruim
a chéile.” Ní fheicfeá duine ná deóraidhe
ann. Ag siubhal duit ar an sliabh — agus
is deacair siubhal ann — b'fhéidir go
bhfeicfeá cúpla gabhar no caora sléibhe i
n-áit eicínt 'n-a bhfuil paiste féir. Ar
bhárr na sléibhte dhuit tá radharc breagh
agat ar an limistéar tíre id' thimcheall.
Chífá tighthe síos uait agus maradh an


L. 116


deatach a bheith ag teacht ó n-a simléiribh ní
déarfá go raibh aoinne 'n-a chomhnuidhe
ionnta. Chífir na paistí beaga talmhan
ameasg na gcloch agus gan bréag gan
áidhbhéil is deacair do na daoinibh bochta
slighe mhaireachtála a bhaint as a gcuid
talmhan.



Mar adubhart cheana chuir Colmán faoi
ar an sliabh uaigneach seo. Áit oireamhnach
do b'eadh í go cinnte le h-aghaidh aonaráin
naomhtha mar Cholmán nach raibh uaidh acht
síor-chaidreamh le Dia. Ní raibh aon chomh-
luadar aige acht aon ghiolla amháin a bhíodh
ag friothálamh an Aifrinn dhó. Chuireadar
teampaillín ar bun fá aill mhóir ar a
dtugtar Ceann-Aille indiu. Ní chaithidís
acht aon bhéile amháin 'sa ló agus annsin
féin ní bhíodh acu le n-ithe acht na luibheanna
fiadhaine agus gan dada le n-ól aca acht
an fíor-uisge. Acht ba bheag an áird a
chuir Colmán ar neithibh díombuana an
tsaoghail seo. Síor-ghuidhe agus síor-
throsgadh agus síor-mhachtnamh — níor iarr
Colmán acht iad-seo. 1 Agus bhí sé sásta
leó. Seo sgéal faoi atá sgríobhtha síos
ag an gCéitinneach: —



“Fa lucht comhaimsire dá chéile Mochua
agus Colam Chille, agus ar mbeith i ndí-
threibh an fhásaigh do Mhochua, no Mac Duach
ní raibhe do spréidh shaoghalta aige acht
coileach agus luchóg agus cuil. Is é feidhm
do-níodh an coileach dhó, iairmhéirghe an
mheadhóin oidhche do choimhéad. An luchóg,
iomorra ní léigeadh dhó acht chúig uaire do
chodladh san ló go n-oidhche, agus an tan do
thogradh ní sa mhó do chodladh do dhéanamh,
ar mbeith tuirseach dhó ó iomad croisfhigheal
agus sléachtan do ghabhadh an luchóg ag
slíobadh a chluas, go ndúsgadh amhlaidh sin
é. An chuil cheana, is é feidhm do níodh,
bheith ag siubhal ar gach líne da léaghadh
'na shaltair agus an tan do níodh sgíoth
ó bheith ag cantain a shalm do chomhnuigheadh
an chuil ar an líne do fhágbhadh go tilleadh
arís do rádh a shalm dhó. Tarla go grod dá
éis sin go bhfuaradar na trí seoide sin
bás agus sgríobhais Mochua leitir dá
éis sin go Colam Cille ar mbeith i nÍ i
n-Albain dó, agus do-ní casaoid ar éag
na h-ealtan soin. Sgríobhais Colam Cille
chuige agus is eadh adubhairt: — A bhráthair,
ar sé, ní cuirthe dhuit i n-iongantas éag
na h-ealtan do-chuaidh uait, óir ní bhí an
tubaist acht mar a mbí an spréidh.”



D'fhan Colmán seacht mbliadhna i
sléibhtibh Bhuirinn. 'Sa mbliadhan 604 thar
éis aimsire ár Slánuightheóra 'seadh ghlac
Guaire flaith agus forlámhas ar Chonnach-
taibh. Rí fial flaitheamhail ab eadh é agus
rí naomhtha léigheannta freisin. “Chomh fial
le Guaire” — b'shin sean-fhocal a bhíodh ag
na daoinibh an t-am sin. “Má's fíor,”
ars' an Céitinneach, “dobudh faide an lámh
lé ndáileadh ní do na bochtaibh ioná an lámh
lé ndáileadh ní do'n éigse.” I gCinn-
Mhara, i Rath Dhurlais — an áit 'n-a bhfuil
caisleán Dhúin Guaire anois — iseadh bhíodh
comhnuidhe ag rightibh Chonnacht an t-am sin.
Ar an ádhbhar sin ní h-iongnadh go bhfuair
Guaire amach go raibh a ghaol, Colmán, i
mBuirinn mar ní'l níos mó 'ná cúig mhíle
bealaigh idir na sléibhte agus Cinn-Mhara.
Nuair a fuair Guaire tuairisg ar Cholmán
ní raibh aon éad aige chuige mar bhí ag a
athair roimhe. I n'-ionad sin is amhlaidh do
thairg sé easbogacht Aidhne do Cholmán.
Acht dhiúltuigh seisean í mar do b'fhearr
leis uaigneas agus ciúineas na sléibhte
'ná onóireacha agus gleó an tsaoghail.



Anois is eadh do thárla ádhbhar mo sgéil.
Domhnach Cásga a bhí ann. Bhí an Carrghas
thart, agus má bhí is maith do shaothruigh
Colmán agus a ghiolla é le méad a
dtrosgaidh agus a bpíonós. Thar éis an
Aifrinn d'ofráil shuidh an bheirt síos le
greim bhricfeasta d'ithe. Thosuigh an giolla
ag clamhsán fá nach raibh béile maith acu


L. 117


Domhnach Cásga chaoi ar bith. 1 “Is bocht
an saoghal é,” ar seisean, “saoghal mar
é seo ameasg na sléibhte agus na bhfásach
gan béile maith againn Domhnach Cásga
thar éis ar dtroscaidh chruaidh ar feadh an
Charrghais. Ó, mo léan géar 's mo lomadh
luain nach i mo ghiolla i dteaghlach Ghuaire
na féile atáim agus mise i mbannaidhe nach
ag clamhsán fá mo bhéile a bheinn. Ó, go
bhfóiridh Dia orm.”



Ghlach Colmán truagh do'n ghiolla bocht.
Ní dhubhairt sé focal acht é féin do leigint
ar a ghlúnaibh agus a iarraidh go h-umhal ar
Dhia fleadh a thabhairt do'n ghiolla le n-a
chreideamh a dhaingniughadh. Ar an am
chéadna bhí fleadh agus féasta i gcúirt
an rí i gCinn-Mhara mar gheall ar an lá
beannuighthe a bhí ann. Ní móide nach raibh —



“Nuadh gach bídh, agus sean gach óil
Ar mhiasaibh chriostail, i gcuachaibh óir,”



ar bhórdaibh Ghuaire, croidhe na féile, i
Rath Dhurlais. Ní móide freisin nach raibh
cuireadh fairsing foirleathan ó'n rí a
dhul d'á gcaitheamh.



Bhí an comhluadar meidhreach ar tí suidhe
síos chun na fleidhe. Bhíodar ag cainnt agus
ag gáiridhe agus ag magadh. Acht féach!
Sul ar leag duine aca lámh ar aon rud
do sgiobadh de'n bhórd na miasa agus
gach a raibh leagtha os a gcomhair, agus ní
facthas aoinne ghá dtógaint. Tháinic
sgannradh agus uamhan ar gach a raibh i
láthair. D'fhéachadar ar a chéile agus
sceón ortha. Níorbh' fhéidir leo focal a
labhairt dá mhéid an fonn cainnte a bhí
ortha cúpla nóiméad roimhe sin. 'Sa
dheireadh d'éirigh Guaire agus do chuir
fios ar a mharcachaibh agus ar a lucht
coiméadta. Thángadar ar an bpoinnte
agus d'órduigh sé dhóibh theacht leis ar lorg
na mias. As go bráth leó agus iad ag
baint na sál d'á chéile, agus ag fágáil ceó
stúir ar a gcúl a dhallfadh na céadta le
méid aclaidheachta a dtroigh agus aibhéile
a gcoiscéim. Lean plód mór daoine iad
agus d'imthigheadar go léir ar thóir na
mias. 2



Maidir le na miasa d'imthigh leó “tar
sleasaibh an mhúir amach,” agus stad 'ná
comhnuidhe ní dhearnadar gur shroicheadar
bothán Cholmáin i bhfásach sléibhte Bhuirinn.
Chonnaic an giolla ag teacht iad, tháinic
iongantas air agus sgread sé amach: —
“Ó, féach, a athair,” ar sé, “féach toradh
t'urnuighthe chugainn anois. 'Sé Dia a
sheól chugainn iad.” Ar an am chéadna
chualadar guth aingil ghá rádh: — “Seo
fleadh Ghuaire a thug Dia annso mar gheall
ar urnaighthibh Cholmáin.” Thug an bheirt
buidheachas le Dia annsin mar gheall ar
A mhaitheas dóibh amuigh 'sa bhfásach. Shuidh-
eadar síos annsin chun na fleidhe agus
ní móide nach raibh goile maith ag an ghiolla.
Acht ní baileach a bhíodar 'n-a suidhe nuair
chualadar torann capall ag neartughadh
chúcha, agus ar fhéachaint soir dóibh chonnac-
adar marc-shluagh Ghuaire ag teacht 'n-a
dtreó féin cos i n-áirde agus cubhar le
béal na n-each. Tháinic scannradh ar an
mbeirt acht níor chaill Colmán an mhuinighin
a bhí aige riamh a Dia agus d'órduigh sé do
lucht na tóra i n-ainm Dé gan teacht troigh
níos goire dó fhéin agus d'á ghiolla nó
go mbeadh a sáith ithte aca.



Agus iongantas na n-iongantas! Ní
mó go raibh na focla sin labhartha aige
'ná imthigh lúth na ngéag ó na fearaibh
agus ó na caiplibh, greamuigheadh do'n
talamh iad agus d'fhanadar mar sin nó
go raibh a mbéile ithte ag an mbeirt. 3
Annsin do ghuidh Colmán ar Dhia 'ghá


L. 118


iarraidh Air iad a sgaoileadh, agus ar an
bpoinnte tháinic lúth na ngéag ar ais
chúcha agus d'iarr an rí maitheamhnas
ar Cholmán. Thilleadar abhaile annsin
agus do leathadar an sgéal míorbhúilteach
ar fud na tíre agus b'shin é an t-am n-a
ndeachaidh cliú agus cáil Cholmáin amach.



Má théighir go sléibhte Bhuirinn indiu
tasbánfar dhuit lorg cos na bhfear agus
bonn na gcapall ar na leacaibh — an áit
'n-ar h-órduigheadh dóibh fanamhaint 'n-a
seasamh.



Agus rud eile, 'sé ainm atá ar an
mbóthar atá ag dul do'n áit 'n-a raibh
bothán Cholmáin ná “Bóthar na Mias” —
mar gheall ar an scéal iongantach atá
innsighthe agam. Ní indiu 'ná indé a
tugadh an t-ainm sin air mar bhí eólas ag
na sean-ughdaraibh air. Seo mar a chuireas
an Céitinneach síos an scéal seo: —



Tarla go raibhe duine naomhtha cráibhtheach
do dhearbhráthair ag Guaire, darbh' ainm
Mhochua agus aimsir dá ndeachaidh do
dhéanamh an Chorghais go tobar fíor-uisge
atá láimh ré Buirinn siar budh dheas chúig
mhíle ó Dhurlus Guaire, agus gan 'n-a
fhochair acht aon-mhaiccléireach amháin do
bhíodh ag friothóladh an Aifrinn dó, agus
ní chaitheadh féin ná an maiccléireach 'san
ló go n-oidhche acht aon-phroinn, agus ní
caithtí annsin leo acht beagán aráin eorna
agus biorar agus fíor-uisge, agus iar
dteacht Laoi Cásg, agus iar rádh Aifrinn
do Mhocua, do ghabh mian feóla an maic-
cléireach agus adubhairt ris an naomh
Mochua go rachadh go Durlus d'fhios
Ghuaire d'fhagháil a sháruighthe feóla.



Ná déin ar Mhochua. An agam-sa go
nguidhinn Dia d'iarraidh feola dhuit, agus
leis sin léigis a ghlúine ré lár agus do
ghéaruigh ar a ghuidhe go Dia, ag iarraidh
feóla don mhaiccléireach. An aoinfheacht
soin, agus biadh da fhreasdal go bórdaibh
tighe Guaire, agus tháinig do ghuidhe Mochua
gur sgiobadh na miasa agus an fheoil do
bhí orra a lámhaibh an luchta do bhí agá
bhfreasdal, agus trialltar leo tar
sleasaibh an mhúir amach go ndearnadar
go réim-dhíreach gus an bhfásach 'na raibhe
Mochua, agus téid Guaire, líon a theaghlaigh,
ar marcuigheacht i dtóruidheacht na mias,
agus mar rángadar na miasa do láthair
Mochua, do ghabh ag moladh agus ag móradh
anma Dé, agus adubhairt ris an maic-
cléireach a shásadh don fheoil d'ithe. Leis
sin tug an cléireach súil seacha agus
at-chí an machaire lán do mharc-shluagh
agus adubhairt nár shochar do féin an
fheoil d'fhagháil, agus méid na tóire do
bhí 'na dhiaidh.



Ní h-eagail duit, ar Mochua, mo dhear-
bhráthair gona theaghlach atá ann, agus
guidhim-se Dia gan neach dhíobh do léigeadh
thairis súd go beith sáthach dhuit-se.



Agus leis sin leanaid buinn na n-each
don talamh go nach raibhe neart dóibh
triall thairis sin go beith sáthach don
mhaiccléireach.



Is annsin do ghuidh Mochua Dia, 'ghá
iarraidh air sgaoileadh da dhearbhráthair
agus dá mhuinntir. Sgaoiltear leis sin
díobh, agus tigid do láthair Mochua.
Léigis Guaire ar a ghlúnaibh é féin do
láthair an naoimh Mochua agus iarrais
maithmheachus air.



Ní h-eagail duit a dhearbhráthair. Gidheadh,
ittear an biadh libh annso.



Agus iar gcaitheamh a bproinne do
Ghuaire agus dá mhuinntir ceileabhraid do
Mhochua, agus tillid go Durlas tar a
n-ais. Is dearbhadh ar fhírinne an sgeoil-se
gurab Bóthar na Mias ghairthear dona chúig
mhílibh do shlighe atá ó Dhurlus gus an
dtobar 'ga raibhe Mochua an tan sin.” 1



MÍCHEÁL Ó FALLAMHAIN.


L. 119


CUALLACHT CHUILM CILLE.



Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh.



ROINN MHUIRE.



An choiste: — Micheál Mac an Mhílidh,
uachtarán; Dáithi Ó Conchubhair, leas-
uachtarán; Liam Ó Laoidhléis, fear an
airgid; Séamas Ó Conaill; Seaghan Ó
Conbhuidhe; Pádraig Ó Néill; Tomás
Ó Spealáin; Peadar Mac Tomáis;
Micheál Mac Amaltoinn.



D'eirigh go h-iongantach le cúis na
Gaedhilge i Roinn Mhuire i mbliadhna.
Do sháruigh an sprid a bhí ins na
macaibh léighinn, agus an obair a dheineadar
d'á réir, ar aon sprid a bhí ionnta,
ná ar aon obair a dheineadar riamh, ó
cuireadh Cuallacht Chuilm Naomhtha ar bun
ar dtúis — tá fiche bliadhain ó shoin ann
anois, beagnach —agus ní suarach an maoidh-
eamh é sin.



D'atharuigheadh go mór cúrsaí na
h-oibre i mbliadhna. Roimhe seo ní
caithtí i mbuidhnibh acht trí maidne sa
seachtmhain, agus tar éis na laethanta saoire
um Nodlaig is minic a d'fhéadfaidhe
laghdughadh do thabhairt fá ndeara ins
an méad sin oibre féin. A mhalairt
scéil atá ann anois. Seachas na gnáth-
bhuidhne a bhíonn ann ar maidin, bíonn
buidhne ar siubhal dá uair eile sa ló .i.
um eadarsuth agus istoidhche. Tá obair
dúthrachtach ar son na teangan 'á
dhéanamh ionnta, níl leabhar ná múin-
teóir ag teastáil uatha, acht an comhrádh
coitchiannta, agus trácht ar gach nidh ionnta.
Tá suas le céad duine ionnta agus tá
súil againn go bhfuil daoine eile ag
smaoineamh ar teacht isteach. Is do
Thomás Ó Gallchobhair is ceart a bhuidh-
eachas sin a bheith mar is é a chuir ar
bun ar dtúis iad le h-aghaidh na Muimh-
neach, acht ba ghearr an mhoill go dtí
go raibh an scéal céadna ag Micheál
Mac an Mhílidh agus Micheál Ó Conghaile le
h-aghaidh na gConnachtach agus na nUltach.
Tá siad ag dul ar aghaidh fós, agus i
n-ionad tuirse nó laghdughadh a bheith ag


L. 120


teacht ortha is amhlaidh atá an sprid ag
dul i ngéire agus i ndaingne ionnta.



Do cuireadh “Clánn an Ghramhnaigh
ar bun roimh an Nodlaig, leis, agus thug
muinntear na cláinne sin geallamhaint
gan labháirt acht Gaedhilg le n-a chéile
acht amháin nuair a bhéádh béarlóirí fá
láthair. Tá an gheallamhaint sin d'á
cóimhlíonádh ag an bhformhór díobh fós,
cé go bhfuil cuid acu agus do réir gach
deabhraimh, d'eirigh siad ar fad aisti.
De'n deichneabhar is trí fichid a thug a
n-ainmeacha isteach is baoghalach go bhfuil
an trian díobh anois gan na riaghlacha
'á choimeád acu. Tá tosnughadh maith
déanta, ámhthach, agus is mó tairbhe a
dhéanfaidh an “Clann” do chúis na
Gaedhilge fós.



Ní raibh an “Chúirt” ná buidhean an
tSoiscéil againn i mbliadhna cor ar
bith. Ní raibh am againn cúcha, mar bhí
buidhne ar siubhal ag Micheál Mac an
Mhílidh agus Tomás Ó Gallchobhair chun
Gaedhilg do mhúineadh dos na daoinibh
ná raibh morán dí acu cheana. Bhí usáid
'á dhéanamh acu de mhódh an Athar Uí
Thuathail agus thagadh scataí móra scoláirí
isteach chuige. Ba mhór an truagh ná
raibh caoi acu ar leanamhaint leis acht
go ceann tamaillín tar éis na Nodlag.



Bhí buidhean amhránuigheachta na Gaedhilge
ar siubhal, freisin. Aodh Ua Cathain
agus Pádraig Ó Néill a bhí 'ghá stúiriú
agus d'eirigh go h-ana-mhaith leis. Bhíodh
“Fuínn na Smól” agus amhráin nach iad
acu 'ghá múineadh dos na buachaillibh a
thiocfadh isteach. Tá siad ag comáint
leo gan sos ná stad leis an mbuidhin
sin fós.



Mar sin, gan trácht ar a lán rudaí
eile, ní miste a rádh go bhfuil scéal
áthais againn ag teacht go deireadh na
bliadhna dhúinn.



MICHEÁL MAC AMALTOINN.



ROINN NAOMH SHEÓSAIMH.



Na daoine os cionn na Cuallachta: —
Séumas Ó Fearghuis, Peadar Ó Dubhshláine,
Pádraig Ó Ruairc, Seosamh Mac Giolla
Fhiannáin, Máirtín Ó Laoi, agus Pádraig
Ó Curraidhín.



Do cuireadh timcheall le fiche buidhean
ar bun i dtosach na bliadna agus d'oibrigh-
eadar go cruaidh suas go Nodlaig. Ní
raibh na buidhne sin — buidhne na maidne —
acht timcheall mí ar bun nuair cuireadh
ar bun buidhne eile, buidhne 'san meodhan
lae agus buidhne 'san oidhche, agus chuaidh a
lán daoine as an Roinn seo isteach ionnta.
Do bhí na buidhne nuadha sin dul chun
feabhais ó sheachtmhain go seachtmhain suas go
Nodlaig agus na buachaillí ag obair go
dúthrachtach is go dícheallach ionnta. Bhí
buidhne na maidne freisin go sár-mhaith.



Taréis na Nodlag pé scéal é, mar gheall
ar an droch-aimsear a bhí ann, d'fhuar an
spiorad a bhí ins na buidhnibh nídh narbh'
iongnadh. Acht nuair d'imthigh an droch-
aimsear do tosnuigheadh ar na buidhnibh
acht má tosnuigheadh ní thiúbharfá fé deara
go raibh buidhne na maidne ag obair chomh
chruaidh agus do rinneadar roimh Nodlaig.
Bí a mhalairt do sgéal i dtaobh na buidhne
eile. D'aidhbheóchaidh an spioraid áluinn
ionnta agus d'éirigheadar chomh láidir le
riamh. Thugamar fé deara daoine do
théigheadh ins na buidhnibh ar maidin, 'san
meódhan lae agus arís 'san oidhche. Théigheadh
daoine eile i ndá mbuidhean sa ló agus
daoine eile i naon bhuidhean amháin sa ló.
Bí daoine freisin ins na buidhnibh i
mbliadna ag fóghluim na Gaedhilge go
dúthrachtach agus na daoine ceudna do
bhídís ag caint go sgigeamhail agus go
droch-mheasamhail ar na buidhnibh anuraidh.



Focal i dtaobh “Clann an Ghramhnaigh.”
Is cumasach ar fad an obair do rinne an
cumann sin i mbliadna. Do rinne na
mic-léigheann as an Roinn seo a gcion


L. 121


féin de'n obair. Tá a shliocht sin ar
chuid mhaith díobh; ní bhíonn aca súd anois
dá labhairt acht Gaedhilg. Mórán gach
am sa ló cluinfear an Ghaedhilg dá labhairt
ag a lán aca. Rud eile nuair castar na
buachaillí le chéile ar na siúbhaltánaibh nó
áit ar bith eile beannaigheann siad dá chéile
as Ghaedhilg.



Féachaint siar ar obair iomlán na
bliadna ní féidir linn a rádh go bhfuil
aon ghádh ná úghdar clámhsáin againn.
Ní'l acht ádhbhar bróid is ríméid agus
'sé ár mbaramhail má leantar de'n obair
amach annso mar rinneadh i mbliadna go
mbéidh an Ghaedhilg dá labhairt go blasta
ag gach mac léigheann 'san gcoláiste nach
suim fada bliadhanta.



PÁDRAIG Ó CURRAIDHÍN.



TIG NA SÓISEAR.



An Coiste i dTig na Sóisear. — Peadar
Ó Gráinne, Pádraic Ó Loingsígh, Pádraic
Ó Críodáin, Pádraic Ó Congaile, Donnchadh
Ó h-Eidhin.



Deineadh obair mhaith i roinn na Sóisear i
mbliadháin, go mór-mhór roimis an Nodlaig.
I dtosach na bliadhna cuireadh buidhean
is fiche ar siubhal, agus gan bhréag is
dúthrachtach d'oibrigheadar ar son na
Gaedhilge go dtí an Nodlaig. Ní raibh cuid
aca sásta ámhthach leis an Gaedhilge a
labhairt trí laetheanta 'sa tseachtmhain
ins na buidheantaibh. Gach oidhche chloisfeá
iad ag labhairt a dteangan dúthchais
eatortha féin agus is binn blasta a bhí
an Ghaedhilge ag cuid aca leis.



Do b'é an tAthair Ó Néill fa ndear
cuid mhaith de'n mhisneach seo a bhí ins na
macaibh léighinn. Bhí sé mar fear ceannais
ar an dtionól a bhí againn i dtosach na
bliadhna le h-aghaidh chuirm ceóil. Bhí
an tAthair Ó Conalláin ann freisin.
Do dheineadar araon cainnt bhríoghmhar
éifeachtach linn, agus is bród liom a radh
gurbh fhearrde na mic leighinn an chomhairle
chiallmhar a thugadar dhóibh.



Tar éis an Nodlag, ámhthach, ní raibh an
fonn céadna ar na macaibh leighinn. Is
dóigh liom gurbh é an sneachta agus an
dhoineann fé ndear é. Bhí gach aoinne nach
mór leathta leis an bhfuacht agus dá
bhrigh sin thuit cuid mhaith des na buidheantaibh
as a chéile. Timcheall Lá Fhéile Phádraic
mar onóir d'ár Aspal naomhtha socruigheadh
na buidheanta arís agus cuireadh timcheall
dá bhuidhean déag ar siubhal. Tá siad-
san socair ar a ndícheall a dhéanamh
ar son a dteangan dúthcais go deireadh
na bliadhna. Tá cúig mic-léighinn déag
nó mar sin i gClann Uí Ghramhnaigh, agus
tá gach uile duine aca ag déanamh cion fir
ar son na Gaedhilge. Ar an adhbhar
sin ní ceart dúinn gearán i ndeireadh
na bliadhna mar is léir dúinn go bhfuil
spioraid na nGaedheal ag dul chun cinn
i dTig na Sóisear.



P. UA L.


L. 122


St. Columba or Columcille, 521-597.



ÁR SGÉAL FÉIN.



Is iomdha cor iongantach a chuir an
saoghal mór de le bliadhain, agus ní misde
a rádh nár thaise dúinn-ne i n-Éirinn é.
Do lasadh an sean-sprid in ár ndaoinibh —
go mór-mhór chun saoirseacht ár dteangan
a bhaint amach. Níor bhféidir leis an
sprid sin a bheith ar lasadh taoibh amuigh
gan greim daingean d'fhagháil ar ár saoghal
bheag freisin. Do tháinig an dúil chéadna
orrainn-ne i saoirseacht ár dteangan
agus do



“Tugamar ár n-aghaidh
Ar an ród so rómhainn”



Agus



“Ar an ngníomh do chídhmíd.”



Agus tá sé rómhainn anois a dh'innsint
cé mar d'éirigh linn.



Is iad an dá rud is tábhachtaighe a thuit
amach i gCúis na Gaedhilge i mbliadhna —
(1) Craobh-sgaoileadh Módh an Athar Uí
Thuathail agus (2) An Fáinne do chur
ar bun. Do thug an chéad cheann aca so
faill do dhaoinibh agus easbaidh Gaedhilge
ortha í d'fhoghluim gan mórán trioblóide,
agus do rinne an tarna ceann dluth-
cheangailt idir na daoine go raibh sé
ar a gcumas an Ghaedhilge do labhairt cheana,
i dtreó gur minicighe de a bhéadh sé dá
labhairt aca. B'shin iad an dá choiscéim is
mó dá ndeárna Cúis na Gaedhilge ar
aghaidh i rith na bliadhna. D'fhág an dá rud
sin a riain ar obair Cuallacht Chuilm Chille
in ár measc i mbliadhna.



MÓDH AN ATHAR UÍ THUATHAIL.



Tháinig an t-Athair Ua Tuathail ar chuairt
chugainn i dtosac de Dheireadh Foghmhair.
Do mhínigh sé dúinn go beacht agus go
soiléir gach a raibh ag baint le n-a Mhódh
i dtreó go bhféadfadh sinn-ne é chur i


L. 123


bhfeidhm i Magh Nuadhat. Níor bh'fhéidir
linn a chreideamhaint ar dtúis go
n-éireóchadh leis cainnteóir Gaedhealach
a dhéanamh chomh tapaidh agus a dubhairt
sé, go mór-mhór nuair a bhí fhios againn
nár éirigh le duine a fuair “Honours”
ariamh san B.É. i Magh Nuadhat cómhrádh
a choimeád ar siubhal le fear sa Ghaedheal-
tacht dá bhárr, tar éis a raibh dá shaoghal
caithte aige ag fóghluim na Gaedhilge. Is
dócha go bhfuil an sgéal céadna aca ins
na h-Iolsgoileannaibh eile, mar ní gnáthach
iad níos fearr nó níos measa ná Magh
Nuadhat.



Pé sgéal é, do cuireadh dhá bhuidhean ar
bun, ceann le h-aghaidh na n-Ultach agus
na gConnachtach agus ceann le h-aghaidh
na Muimhneach. Níor éirigh leó acht “go
measardha.” B'fhéidir gurbh amhlaidh ná
raibh an Módh Múinte i gceart againn,
mar is cinnte nach féidir acht le múinteóir
sár-mhaith Módh an Athar Uí Thuathail a chur
i bhfeidhm cómh cliste agus a dheineann sé
féin é. Acht sé is dóichighe ná a chéile,
ná raibh caoi nó faill againn chun a cheart
féin a thabhairt do'n Mhódh. Aoinne go
bhfuil eolas ar shaoghal Mhuighe Nuadhat
aige, tuigeann sé go dian-mhaith gur beag
am atá againn chun buidhean a chur ar
siubhal sa tráthnóna. Ar an gcuid is mó
de, níor bhféidir linn níos mó ná uair go
leith an chluig 'sa tseachtmhain a ghoidh ó'n
gcaitheamh aimsire, mar tá sé sin gearr
a dhóthain cheana féin. Annsan is deacair
le duine é féin a strachadh ó'n a chómhar-
sainibh a bhíonn ag buaileadh báire nó ag
spaisdeóireacht dóibh féin amuigh fé'n
spéir, agus dul isteach i halla mheirbh
pé grádh do'n Ghaedhilg a bhéadh aige.
Nuair éirigheann an tráthnóna geal agus
tosnuigheann na comórtaisí is beag duine
gur féidir leis é féin a mhealladh isteach,
agus is dócha nach tógtha ortha é. Mar
sin, dá gcuirfí le chéile na h-uaire a
caitheadh ag gabhail do, ní féidir a rádh go
dtugadh comhthrom Féinne do'n Mhódh. Ar
a shon san is uile, is iomdha gníomh tábhachtach
a rinneadh tríd, agus táimid lán-chinnte
gurab é an Módh Múinte is fearr a
ceapadh riamh chun teangan nua a chur ar
cumas duine. Acht dála an tsean-
sgéil, tá dream i n-Éirinn fós go bhfuil
an galar nimhneach san ar a dtugann cara
dúinn an “Rabies Gadelica” orra, agus
is dímbuidheacas i n-ionad molta atá ag
dul do'n Athair Ó Tuathail uatha. 'Sé ár
nguidhe dúthrachtach go gcuiridh Dia rath
agus rathamhnas air, agus fágaimís fé
Dhia lucht a cháinte.



Acht ní h-é an duine atá ag tosnughadh
ar an nGaedhilg an duine is mó a bhuail-
feadh ort i Magh Nuadhat. Níl acht fo-
dhuine againn gan eolas éigin aige uirri,
mar bhí fromhadh na h-Iolsgoile ar ár bhfur-
mhor. Acht is iomdha duine againn ag
a bhfuil togha an eolais ar “Gaedhilge
na Leabhar” a théigheann amach as an
gColáiste seo gach bliadhain, agus ní fhéad-
faidís iarraidh ar dhinnéar mhaith tríd an
Gaedhilge. Do chuir Cuallacht Chuilm
Cille roimhidh i mbliadhna a leithéidí do
shaothrughadh. Seo mar a thárla. Bhí múin-
teóir ag míniughadh dá bhuidhin an feabhas a
thiocfadh ar a gcuid Gaedhilge ach Shiàna
'sa litriú simplí a léigheamh agus dubhairt
sé go raghadh sé i sochar do dhuine cómh maith
agus cainnteóir Gaedhilge bheith sa seomra
aige. Ar a shon san thuig sé gur cheart an
tairbhe ba mhó a dh'fhéadfaimís a bhaint as
na cainnteóiríbh a bhí againn. Ag deire
na buidhne dh'fhiafraigh sé arbh' acfuinn
d'aon chainnteóir aca teacht i mbuidhin
labhartha na Gaedhilge um eadarshuth nó
tar éis an t-suipéir. Ní raibh coinne ag
aoinne leis an bhfreagra. Dubhairt
cheithre dhuine fhichid ar an bpoinnte baise
gur mhaith leo dul. Chonnacthas annsan gur
cheart iad do chur i mbuidhnibh; ceathrar i
ngach buidhin aca, agus beirt chainnteóir
sár-mhaith orra siud; iad do riarughadh
i n-aghaidh na seachtmhaine i dtreó go mbéadh
a mhalairt do chomhluadar ag duine i
gcómhnuidhe agus go mbéadh cead ag gach
duine gur mhaith leis, éirghe asta nó teacht
isteach ionnta ag deire na seachtmhaine, gan
cur isteach ar an obair. Tá na buidheanta
seo ag dul i méid riamh ó shoin, agus
bíonn trí fhichid Muimhneach ag labhairt na
Gaedhilge gach lá ionnta anois.



Ar bhfeicsint dos na Connachtaigh agus
dos na h-Ultaigh a fheabhas is d'éirigh
leis an obair seo, ba mhaith an mhaise aca, an
rud céadna a dhéanamh dóibh féin agus
tá ag éirghe go geal leo riamh ó shoin. Ní


L. 124


bhíonn aon leabhar le feicsint ins na
buidhnibh seo acht is amhlaidh a bhíonn
sgéilíní beaga á dh'innsint as Gaedhilge,
nó cómhrádh caoin ar imtheachtaibh an domhain
mhóir ar siubhal aca. Ní misde a rádh go
ndearnadh cainnteóirí Gaedhlacha ins na
buidhnibh seo.



CLANN AN GHRAMHNAIGH.



Obair na mbuidhean so is eadh a chuir ar
cumas na mac-léighinn geall a thabhairt
ná labharfaidís acht an Ghaedhilge le na
chéile. Tá 53 againn fé gheasaibh gan acht
an Ghaedhilge a labhairt le céile nuair
nach bhfuil Béarlóir ar láthair, agus 15 eile
a thug na móide móra ná béadh aon teanga
eile eadortha go deó dá mbéadh an Rí féin
na gcuideachtain. Mar sin tá ceanntar
Gaodhlach i Magh Nuadhat fé láthair —
ceanntar a bheidh ag dul i dtreise i n-aghaidh
an lae, agus aoinne gur maith leis an
Ghaedhilge d'fhoghluim, níl le déanamh aige
acht streo a chuir ar dhuine de'n cheanntar
sin, agus ní h-é “Béarla gránda giobalach
na Sacsan” a tabharfar mar fhreagra air.



AN FHÍRINNE.



Sin agaibh, a cháirde, an fhírinne ghlan ar
stáid na Gaedhilge againn-ne. Tá ráflaí
amach go bhfuil Magh Nuadhat nua ann anois,
agus go bhfuil sé cómh Gaodhlach agus
dh'fhéadfadh sé bheith. B'fhéidir go bhfuil —
'n-a chroidhe — acht níl, faraoir, 'n-a
teangain. Tá deagh-thoil na mac-léighinn go
léir, beag nach, le cúis na Gaedhilge; acht ní
fíor a rádh go bhfuil a leath fós ag oibriughadh
ar a ndícheall chun labhairt na Gaedhilge
a chur ar aghaidh. Is maith linn deagh-thoil
acht ní h-áil linn gan tuilleadh. Tá gníomh
uainn, bíodh is nach bhfuil sa ngníomh san
acht, cainnt — sa Ghaedhilg. Níl slighe ar
bith eile chun na Gaedhilge chur ar aghaidh
acht í labhairt i dtráth is i n-antráth. Ní
mar ádhbhar gearáin nó clamhsáin atá an
méid seo dhá sgríobhadh againn, ná ag
baint beachtaidheacht as a bhfuil déanta.
Ní mór linn, agus ní mór d'aoinne a
dh'admháil go bhfuil i bhfad níos mó den
Ghaedhilge dhá labhairt i Magh Nuadhat i
mbliadhna ná mar a bhí riamh. Deirim an
méid sin gan eagla a bhréagnaighthe. Bhí
teanga na Gaedhilge le cloisint ar gach
aon taobh ar feadh na bliadhna. Acht má
bhí féin ní raibh sí ar siubhal ag na macaibh-
léighinn go léir go raibh sé ar a gcumas
aca í labhairt. Is fuiriste an rud cur síos
ar a chródhacht agus a chalmacht is a throid
Ógláigh na h-Éireann. Tá ár ndóthain
daoine againn anois chun cainnt d'á shórd
a dhéanamh, agus níl aon ghabháil againn leis
annso. Sé obair atá uainn — obair chruaidh
ar son na teangan, agus muna ndéanfar
san anois, beidh sé fuar againn ar ball.



AN DRÁMA.



'Sé a bhí rómhainn i dtosach na bliadhna
ná “Eoghan Ruadh Ua Néill” a léiriughadh
arís. Do bhí mórán trioblóid againn
'ghá ghearradh agus 'ghá ghléasadh i dtreó
go mbéadh sé oireamhnach agus do rinneadh
tionntódh do'n Bhéarla air le h-aghaidh an
fhir stiúirighthe, Mac Hardí Flint. Nuair
a bhí gach rud go deas againn ag an deire,
do cuireadh i n-iúl dúinn nach mbeidh acht
ocht n-oidhche againn chun é d'fhoghluim agus
gac rud do chur i gcóir agus gan aon chabhair
le fághail againn ó Mhac Hardí Flint.
B'fhacthas dúinn annsan nach n-éireóchadh
linn é dh'ollamhughadh san am san, agus ná
raibh le déanamh againn acht dhá dhráma bheag
a léiriughadh 'na ionad. Is maith an togha a
rinneadh nuair a socruigheadh ar “Mháire
Ní h-Eidhin” agus “Thompson in Tír na
n-Óg.” Ní gádh dom-sa cur síos orra
annso agus a fheabhas is a bhíodar, mar
tá a fhios san ag an léightheóir féin cheana.
Ní mór dom a rádh, ámhthach, gur mór an
chreideamhaint atá ag dul dá bhfearaibh
stiúirighthe, do Thomás de Burca agus
A. Mac G. Ceárr, agus do'n dá fhuireann
a chaith a raibh d'am saor aca ar feadh na
coigchighise sin ar son Cúise na Gaedhilge.
Deireann gach aoinne gurab iad siúd an
dá dhráma is mó a thaithnigh riamh le
macaibh-léighinn Muighe Nuadhat agus bhí
gach aoinne san halla 'na dtríthibh gáiridhe
ar feadh an dá oidhche.



“AN LÓCHRANN.”



I rith na bliadhna seo caithte againn
tháinig dhá pháipéir nuadha amach i nGaedhilge.
Do rinneadh “An Lóchrann” d'aithbheóthaint
an Márta so ghabh tharainn agus bíodh is
gur dhóigh le h-aoinne an uair sin nár
bh'fhéidir é do shárughadh, is amhlaidh atá sé
ag dul i bhfeabhas agus i dtreise riamh ó


L. 125


shoin. Ní bhíonn ann acht an Ghaedhilge.
Sean-ráidhte agus sean-ranncáin agus
a leithéidí is mó a bhíonn ann. Síos ó
bhéalaibh na ndaoine iseadh iad. Ins na
sgéaltaibh agus na streancánaibh atá i
mbéalaibh na ndaoine is eadh atá toradh
inntleachta ár sinnsear. Asta siúd is
feasach dúinn teasaidheacht agus abaidheacht
mheóin na nGaedheal, a ndíoghrais i ngrádh
agus a gcródhacht i gcath, agus a gcreideamh
díonghmhálta i mbeathaidh bioth-bhuan an
tsaoghail atá le teacht. Tá togha agus
rogha na Gaedhilge ionta. Do ceapadh
an chuid is mó dhíobh céad bliadhain ó shoin
sar a raibh urlabhra an scriosadóra dhá
spreagadh 'nár measc. Is ceart do ghach
Gaedhealgóir agus go mór-mhór gach
Muimhneach cabhrughadh leis an bpáipéir seo.



“AN CRANN.”



Acht is maol guala gan bráthair agus
is mór an t-áthas agus éirghe croidhe a chuir
sé orainn “An Crann” d'fheicsint agus
é ceapaighthe aige a dhéanamh ar son na
n-Ultach an rud a bhí dhá dhéanamh ag “An
Lóchrann” ar son na Muimhneach. Tá
cuid mhaith de'n Bhéarla sa “gCrann,”
acht tá súil againn nach fada an lá ag
teacht nuair nach mbéidh ann acht an
Ghaedhilge ar fad. Aon Mhuimhneach nó
Chonnachtach go mbéadh eólas ceart aige
ar an nGaedhilge, is beag de a raghadh gan
tuigsint uaidh, mar bíonn foclóirín deas
ag a deire. Ní thigeann “An Crann”
amach acht uair sa ráithe, agus “An
Lóchrann” uair sa mhí. Tá súil againn
nach fada go mbéidh siad ag teacht amach
uair sa seachtmhain.



Tá áthas orainn freisin a chloisint go
bhfuil páipéir Gaedhealach eile ag teacht
amach gan mhoill i gCúige Chonnacht.
Támuid cinnte go mbéidh sé chomh maith leis
an dá gceann eile, agus isé a bhfuil le
rádh againn “Go n-éirighidh an t-ádh leis!”



AN BÁS.



Níl acht cúpla focla le rádh agam
annso ar bháis an Dochtúra Uí h-Iceadha.
Tá a chaoineadh agus tuairisg a bheathaidh
le fagháil cheana 'san Irisleabhar
seo. Ní féidir le h-aoinne a thuigsint
fós a thairbhighe agus a thábhachtaighe is a
bhí a chuid saothair do chúis na Gaedhilge.
Do thuig sé go rí-mhaith nach mbeadh urraim
nó meas ag an gcoitcheanntacht ar an
nGaedhilge go bhfeicfidís í 'ghá labhairt
ag na daoine is mó fóghluim agus saidh-
bhris sa dtír. Do thuig sé nárbh iongnadh
gur beag le tuathachaibh ain-eolasach
teanga a mbothán súigh, mar nach bhfeicfidís
ag lucht a labhartha acht an dealbhas agus
ainbhfios agus aithis dá leanamhaint mar
leannán sídhe ó aois go bás dóibh, seachas
teanga chath-bhuadhach Shasana, urlabhra na
sgoil is na gcúirt agus lucht áird-réime.
Do chuir sé uaidh gach a raibh ar an saoghal
aige chun an sgéal so a leigheas. D'éirigh
a chúis leis agus do bhéadh sé fuar ag
muinntir na Gaedhilge gan é. Anois atá
toradh a shaothair againn agus faoi cheann
cúpla bliadhna eile ní bhéidh duine na
daonaidhe i n-Iolsgoileannaibh na h-Éireann
gan Gaedhilge aige. Tá sé faoi lucht
stiúirighthe na h-Iolsgoile a rádh cé mhéid
de'n Ghaedhilge a bheidh riachtanach, agus
tá súil le Dia againn gur ag dul i ndeac-
racht a bhéidh na fromhtha go dtí nach mbéidh
cead ag aoinne luighe isteach ar obair na
h-Iolsgoile gan a bheith ar a chumas aige
an Ghaedhilge a labhairt. Is fuiriste é
sin a dhéanamh, agus 'sé an rud is mó a
raghadh anois chun an Ghaedhilge a chur ar
láimh shábhaltha. Annsan is eadh a bheidh na
daoine ag déanamh aithris ar an dream
is mó eolais i n-Éirinn, díreach mar a
bhíodar ag sodar le sálaibh Shasana nuair
a bhí an Béarla fé réim sa dtír seo.
Mar seo, is mó do rinne an Dochtúir Ó
h-Iceadha ar son na Gaedhilge ná aoinne
d'á chómh-aimsir, nuair do chuir sé d'fhiacaibh
ar mhuinntir na h-Iolsgoile an Ghaedhilge
a bheith riachtanach innti, mar do leighisigh sé
an galar na chúis.



Go dtugaidh Dia leabaidh ins na flaithis
duit do bhárr do chuid saothair, a Athair
dhil, agus suaimhneas síorraidhe dot anam.



CÚIRT NA nGAEDHEAL.



Sé dearmhad is mó a rinneadh i gcúis na
Gaedhilge againn ná gan an Chúirt do chur ar
siubhal i mbliadhna. Is iongantach mar a
dh'eirigh leis anuraidh fé chúraim Shéumais uí
Chonaill agus níl aon amhras gur fearrde a
bhéadh an sgéal againn i mbliadhna a Ghaedh-
laighe is atáimíd. Cuirfear ar bun airís í an
bhliadhain seo chugainn le congnamh Dé


L. 126


agus tá a fhios againn cheana gur geal a
eireóchaidh léi fé'n Easbog nua — Mícheál
mac Amaltoinn.



AN CEOL.



Tháinig ár sean-chara, an t-Athair Séamus
Ó Floinn, ar chuaird chugainn ó Chorcaigh
ar feadh Seachtmhaine na Samhna. Ní fhéadfadh
sé fanamhaint linn acht ar feadh uair a
chluig, acht san am san, do mhínigh sé dúinn
an binneas atá sa gceól Gaedhealach, agus
ins na h-amhránaibh Gaedhealacha, dá
ngabhfaí i gceart iad. Do thaisbeán
sé dúinn a fheabhas is a dh'oireann siad
do mheón na nGaedheal; agus na h-amhráin
a chan sé féin dúinn, bhíodar cómh caoin-
chroidheamhail ceólmhar le ceileabhar na
céirsighe sa gcoill. Díreach tar éis
imtheachta dó, do cuireadh buidhean cheóil
ar bun, agus bhíodh sé ar siubhal uair nó
dó sa seachtmhain riamh ó shoin. Tá buidh-
eachas ó chroidhe ag dul d'Aodh Ó Cathain
d'á bhárr. B'é sin an “Smól” a ghaibh
na “Fuinn” dúinn, agus tá módh ceart
na Sean-Ghaedheal ar a thoil aige. Má's
cáil maitheasa dó a fheabhas is thaithnigh an
bhuidhean le n-a sgoláiríbh, níor eirigh
riamh cómh geal le múinteóir cheóil Gaedhilge
i Magh Nuadhat.



CUMANN NA SAGART nGAEDHEALACH.



Cuireadh Cumann na Sagart nGaedhealach
ar bun ag Cómhdháil Mhaighe Nuadhat anuraidh.
Léigh an t-Athair Tomás de Bhál tráchtas
breagh bríoghmhar an lá sin ar “An Chléir
agus an Creideamh agus an Ghaedhilge.”
Labhair sé ar aithbheochaint na teanga
náisiúnta i mBohemia agus i bPóland.
Cuir sé i gcuimhne dos na sagartaibh i
láthair go bhféadfaidís na céadta paidreacha
agus dánta diadha atá i mbéal na ndaoine
ins na ceanntaraibh Gaedhealacha fós a
thiomsúghadh agus a scríobhadh, go bhféad-
faidís aos óg na tíre a chur ag fóghluim
an Teagasc Chríostaidhe i nGaedhilge;
go bhféadfaidís Cuallacta Diadha a chur
ar bun.



Tar éis an tráchtais sin thoigh na sagairt
a bhí i láthair Oifigí an Chumainn. Toghadh
an t-Athair Tomás de Bhál mar chéad-
uachtarán; an t-Athair Séamas Mac
Leanacháin, Coláiste Mhaolmhaodhóigh, Béal
Feirste, mar Rúnaire; agus an t-Athair
Pádraig Ó Conaill, Coláiste Fhingéin,
Muileann Cearr, mar Cisteóir. Socruigheadh
go mbéadh sagart as gach díoghoise i
nÉirinn ar an gCoisde.



'Sé príomh-obair Chumann na Sagart
nGaedhealach Cuallachta Diadha a chur ar
bun. Is fíor an rud adubhairt an t-Athair
de Bhál go minic nach mbéadh an Ghaedhealg
fá árd-mheas i measc na ndaoine go dtí go
mbéadh sí fá árd-mheas i dTeampoll Dé.
Tá Cuallachta Diadha ag fás aníos go tiugh
anois, buidheachas le Dia, ins na bailtibh
móra.



Seo síos cunntas beag ar oibriughadh
an Chuallachta Diadha ins na h-áiteachaibh
ar cuireadh ar bun é. Tá cunntas ann ó
Chúige Mumhan, ó Chúige Laighean agus ó
Chúige Uladh, acht mo bhrón géar! níl aon
chunntas ó Chúige Connacht ann. Cad tá
á dhéanamh ag na sagartaibh san Iarthar
'chor ar bith, nach bhfuil fiú aon Chuallacht
Diadha amháin ar bun aca roimhe seo?
Ní hé easbaidh Gaedhilge ar thaoibh na
ndaoine nó ar thaoibh na sagart faoi
deara é. Tá súil agam nach fada go
n-éireóchaidh díobh an trom-chodhladh sin
atá orra anois i dtreó go mbéidh Cuallacht
Dhiadha i ngach baile mór sa gCúige sar
i bhfad.



I gCORCAIGH.



Thug an t-Athair Séamas Ó Floinn
deagh-shompla do shagartaibh na tíre i
dtaoibh na gCuallacht Diadha. Bhí Cuallacht
Mhuire ar siubhal aige i gCathair Chorcaighe
sul ar cuireadh Cumann na Sagart ar
bun. An tAthair Peadar a thug an
chéad seanmóin i mí Eanair 1914. Ó'n
lá sin bíonn cruinniú ann an tríomhadh
Céadaoin de ghach mí. Ar dtúis do
cruinnighthí muintear na Cuallachta i
n-Eaglais Pheadair is Phóil; acht anois is
ins an Árd-Eaglais a cruinnighthear iad.
Bíonn suas le cúig chéad duine idir óg
agus críonna ag gach cruinniú.



I mBAILE-ÁTHA-CLIATH.



Tá dhá Chuallacht ar siubhal i mBaile-
Átha-Cliath agus iad araon faoi chúram
an Athar Mícheal Mac Craith, C.Í. Tá
Cuallacht Mhuire agus Lorcáin Uí Thuathail


L. 127


le h-aghaidh na bhfear agus Cuallacht Mhuire
agus Bhrighde le h-aghaidh na mban. Fé
dhó ins an mhí iseadh theagann ceachtar aca
le chéile. Tionóltar na fir an Aoine
roimh an tríomadh Domhnach, leath-uair tar
éis a h-ocht, tráthnóna, agus déantar an
Paidrín Pairteach do rádh, roinnt dán
ndiadha do ghabháil, seanmóin d'aireachtaint
ó shagart stiurtha na Cuallachta, agus
deire do chur leis an tionól le Beannachtadh
na Sacraiminte Ró-naomhtha agus a thuilleadh
dán ndiadha.



Teagaid le chéile arís an tríomhadh
Domhnach féin agus bíonn Aifreann —
ar a naoi a chlog — seanmóin ghairid agus
Comaoine choithcheanta aca. Timcheall
deichneabhar is ceithre fichid atá fa láthair
sa Chuallacht seo na bhFear.



I dtaobh na mban — bíonn dhá chéad
éigin díobh-san ag teacht go dtí gach
cruinniú. Tionóltar iad an chéad Domhnach
de'n mhí ar a ceathair a chlog. An réim-
oibre chéadna a bhíos aca agus bhíos ar
siubhal ag na fearaibh. An Domhnach i
n-a dhiaidh sin .i. an tarna Domhnach de'n
mhí, teagaid siad le chéile arís le h-aghaidh
Aifrinn agus Comaoine coitcheanta.



Anuraidh agus i mbliadhna arís chuaidh
deichneabhar is fiche éigin des na fearaibh
faoi Chúrsa-spioradalta deiridh-sheacht-
mhaine san arús úd a bhaineas le h-Órd
Íosa ar a dtugtar Páirc Bhaile-an-
Mhuilinn. Téighthear fé'n gCúrsa timcheall
a deich a chlog istoidce Dé Sathairn agus
ó'n am sin go dtí am na céad-phroinne
maidin Dé Luain bítear go dian docht i
dtost.



I mBÉAL FEIRSTE.



Tá Cuallacht Bhrighde curtha ar bun i
mBéal Feirste i gceartlár Galldachta
Uladh. Cuireadh ar bun anuraidh í i mí
Bhealtaine. Cruinnighthear an Chuallacht seo i
dToigh Phobail N. Pheadair ar an tríomhadh
Domhnach d'ach aon mhí ar a cúig a chlog ins
an tráthnóna. Bíonn níos mó ná trí chéad
duine eadar fear a's bean i láthair de
ghnáth. An tAthair Seán Mac an tSaoir,
Timthire Chrann Eithne, a thug an tseanmóir
speisialta Dia Domhnaigh i ndiaidh Lá
Féile Pádraig, acht thug na sagairt a
bhfuil Gaedhilg aca i nDíoghoiseas Dhúin agus
Choindeire na seanmóirí míosamhla ó
cuireadh an Chuallacht ar bun.



I n-EOCHAILL.



Tá Cuallacht Mhuire i n-Eochaill faoi
chúram an Athar Dáithí de Barra. Cuireadh
ar bun í anuraidh i mí na Samhna. Chuidigh
an sagart paróiste, an Deadhán an-urra-
mach Domhnall Ua Céilleachair, go díl leis
an obair. Tháinig an t-Athair Peadar chun
an chéad seanmóin do thabhairt. Tá
timcheall le cúig chéad duine ins an
Chuallacht. Tháinig an Chuallacht le chéile trí
h-uaire cheana fhéin, an chéad Domhnach de
mhí na Samhna, an Domhnach i ndiaidh Lá
Fhéile Bhrighde, agus an Domhnach i ndiaidh Lá
Fhéile Phádraig.



I LUIMNIGH.



Um thosach an t-Samhraidh seo caithte
againn, agus go díreach ag deire
cúrsa cráibhtheachta cléir na Fairche
tháinig scata sagart le na chéile chun na
h-oibre do chur ar siubhal. Tugadh an cheist
ós comhair an easbuig agus do mhol seisean
an obair agus thug sé a bheannacht uirthi
ó'n a chroidhe amach. Do socruigheadh ar
tionól a bheith ann an tarna Diardaoin
de gach mí ar a h-ocht a chlog um thráthnóna.
'Siad seo na rudaí a bhíonn ar siubhal
ag gach tionól: — Ar dtúis bíonn an
Choróinn Mhuire ann i nGaedhilg. Tréis
sin tugtar seanmóin i nGaedhilg, agus
do bhéadh an t-seanmóin sin ar siubhal
go ceann fiche nóimeat nó leath-uair
an chluig. Tréis sin bíonn amhrán
diadha i nGaedhilg; annsoin, Beannacht
Cuirp Críost; tréis sin amhrán diadha
i nGaedhilg, agus sin deire. Tháinig an
Chuallacht le céile an chéad uair an tarna
Diardaoin de Mhí na Nodlag. B'iongantach
an sluagh daoine a bhí ann — bhí an domhain
agus a mháthair ann gan aon amhras; agus
gidh gur mhór an teampoll i n-ar thángadar
le céile do líonadh go dtí an doras é.



Ba cheart Cuallacht Dhiadha bheith ar
siubhal i ngach baile mór i n-Éirinn. Is
mór an chabhair don chreideamh obair d'á
shórd. Cuireann sé sprid agus brígh i
gcreideamh na ndaoine agus cuireann
teanga na nGaodhal na luighe orra an
dlúth-bhaint atá idir iad féin agus na
daoine dílse a chuaidh rómpa.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services