THE COLUMBAN RECORD
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD
AR NA CHUR AMACH DO
CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD
Beir mo bheannacht lat siar,
As briste mo chroidhe im chliabh;
Dá tteccmadh écc dála damh,
Is ar méad grádha Gaodhal.
— Colm Cille.
Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.
1914
DOLLARD
PRINTINGHOUSE
DUBLIN
LIMITED.
Ar mhuir mhóir an léiginn láin
Bí id' loingseoir mhaith, a mhacáin,
Má's áil leat id' fháidh eagna
I ndáil chatha cóimhfhreagra.
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.
THE COLUMBAN RECORD.
AN DARA BLIADHAIN DÉAG. 1914.
CEART NA CAINNTE AGUS BEARTA FEILL.
I mBéal áth an Ghaorthaidh, in Uíbh Laoghaire
Chorcaighe, do chnuasuigheas an chuid is
mó de na rudaíbh seo thíos. Is eol dá lán
a fheabhas atá an Ghaedhilg a labharthar sa
cheanntar sin, agus a chruinne atá sean-
nósa na nGaedheal ar coimeád ann. Ach
níor bh'fhuláir duit tréimhse do chaitheamh
i measg muinntir na h-áite sul a dtuigfeá
sa cheart a Ghaodhlaighe atáid, agus a
dhaingne atá greim co meádta aca ar gach
brigh agus buadh dá mbaineann leis an
nGaedhilg. Is deise atá an chainnt aca,
agus is treise atá an creideamh aca ná
mar atá ag aon treabhchas daoine i n-aon
cheanntar Ghaodhlach eile dá bhfuil ar eolas
agamsa. B'fhéidir go ndéarfaí gur rudaí
suaracha gan bhrigh cuid de'n chnuasach
so thíos. Ach ní h-eadh. Is amhlaidh dá
dhícheallaighe a deintear seana-chaint na
ndaoine do thuisgint agus taithighe a
dhéanamh di, agus gach a bhfuil de bhrigh agus
de bhreaghthacht laistigh di do chur i bhfeidhm
ar ár bhfoghluim agus ar ár léigheann féin,
gurb eadh is usa dhúinn an Ghaedhilg do
chosaint ar an scoláireacht bhréige. Tá
an scoláireacht bhréige sin ad' iarraidh le
tamall an Ghaedhilg do lot. Ní leogfar
di, ámhthach, í lot. Tá fonn chómh mór san ar
dhaoinibh áirithe an Ghaedhilg do lot go
loitfidís rudaí nach í, — ar mhaithe leis an
nGaedhilg, mar'dh eadh! Ar mhaithe leis féin
a dheineann an cat crónán.
Sé is dóigh le fear an chrónáin seo is
mó atá ag teastáil uainn ná Gaedhilg
na ndaoine d'fheabhsughadh. Sé atá 'á
dheánamh aige, lot i n-ionad feabhsuighthe.
Agus is cuma leis ciaca loitfidh sé
mise nó thusa i dteannta na Gaedhilge.
Ach imreann sé cleas uaireannta is
gráinde seacht n-uaire ná an crónán san.
Bíonn oiread san fuatha aige uaireannta
dá chómh-Ghaedheal gur cuma leis cad a
dhéanfadh an Ghaedhilg dá n-éirigheadh leis
an cómh-Ghaedheal san do chur fé chois. Agus
is é taobh is greannmhaire de'n sgéal ná
bíonn de chúis fuatha aige chum lucht
cosanta Gaedhilg na ndaoine ach a mhalairt
de thuairim a bheith aca san, i dtaobh neithe
a bhaineann leis an nGaedhilg, seachas an
tuairim atá aige féin. Is gránda an rud
éad. Ach pé 'ca éad nó fuath fé ndeár é,
ní náir leis an bhfear so cúl-chainnt
agus feall agus éitheach do tharrac chuige
chum an luit réamh-ráidhte do dhéanamh.
Is truagh agus is tiubaisteach an sgéal é.
An Ghaedhilg i mbaoghal a cuirthe n-a tost
go deo, agus lucht na Gaedhilge ar a
ndícheall ag sgeanadh agus ag feannadh
a chéile gan ghádh gan riachtanas. Ní ar an
gcuma sin is cóir an Ghaedhilg do chur ar
láimh shábhála, ná ní mar sin is féidir meas
do theacht ag daoine ar na Gaodhlaibh. An
fear so an fheill agus an éithigh do luadhas
ní bhaineann a thréithe le fíor-Ghaedhealtacht
i n-aon chor. An té ná tuigfeadh a chrónán
nó ná h-aireochadh a chúl-chainnt, do
shamhlóchadh sé, b'fhéidir, roinnt éigin de
dhuthchas na bhfíor-Ghaedheal a bheith tabhrtha
aige leis. Nach shin é buaidh an fheill agus
an éithigh? An dubh do chur na gheal ort.
An bhréag do chur i riocht na fírinne. An
éagcóir do chur i riocht an chirt. Agus
an crónán úd a bheith ar siubhal aige fan
na haimsire go breagh bog binn, go
neamhchuiseach agus go neamhurchóideach —
mar'dh eadh. Ní misde a rádh ná gur truagh
agus gur tiubaisteach an sgéal é!
Ach dá bhinne an crónán úd agus dá
ghráinde an chúl-chainnt agus dá neamh-
Ghaodhlaighe an feall a deintear uair-
eannta — ar mhaithe leis an nGaedhilg —
teipfidh ortha go léir, le congnamh Dé,
idir crónán agus cúl-chainnt agus feall,
an Ghaedhilg do lot. Ní hiad san thuas
tréithe muinntir Bhéal-áth-an-Ghaorthaidh.
Má tá an chainnt ar áilneacht aca tá tréithe
an chreidimh agus tréithe na cráibhtheachta
ar fheabhas aca leis. Níl cleasa gránda
Galldha aca, ach gach aon tréith níos
Gaedhlaighe ná a chéile aca. An fear úd an
fheill — fear feabhsuighthe na Gaedhilge dar
leis féin — d'fhéadfadh sé dhá nidh d'fhoghluim
uatha. D'fhéadfadh sé ceart na cainnte
d'fhoghluim uatha. Agus d'fhéadfadh sé
cleachtadh an chreidimh d'fhoghluim uatha,
dá mba ná beadh an urchóid agus an feall
fighte an iomad ann, agus fuaighte ró-
dhaingean ann chum a chirt féin a thabhairt
do'n deagh-shampla. “Tá ana-thairbhthe
anois in a leithéidíbh,” adubhairt an t-Athair
Peadar ó Laoghaire liom le déidheannaighe
agus é ag tagairt do na rudaíbh
“suaracha” so agamsa. “Taisbeánaid
siad ceart na cainnte. E.g. ‘tá seasamh
sa n-aimsir.’ Táid daoine anois ag
sgrí' na Gaeluinne dhúinn, agus is fada
a bheidís ag cuardach sar a gcuimhneo-
chaidís ar an abairt sin mar Ghaeluinn ar
‘There is a settled steadiness in the
weather.’ Táid na ráidhte sin agat-sa
lán de choraibh beaga cainnte de'n tsórd
san.”
Is mór an nídh liom an tuairim sin an
Athar Peadar a bheith agam. Ach éinne
go mbeadh aon mhaith ann chum na Gaedhilge
do mheas do thuigfeadh sé uaidh féin, gan
tuairim an fhir thall do bhac i n-aon chor,
go bhfuil cóir agus ceart na cainnte in-a
leithéidíbh, agus go bhfuil déanamh ortha
atá seacht n-uaire níos deise ná mar atá
ar an leamh-shaghas Gaedhilge úd a bheadh
tréis a feabhsuighthe ag fear an fheill agus
na scoláireachta bréige.
Ach b'fhéidir go ndéarfaí liom — Cia hé
an fear úd an fheill adeirir? Níl
d'fhreagra agam díbh, a cháirde, ar an
gceist sin ach an méid seo, — gur ag duine
féin is fearr 'fhios cá luigheann an bhróg
air, agus — “Qui potest capere capiat.”
Tá aon nidh amháin deimhnightheach. Má
bhuaileann sé umaibh ní mholfaidh sibh a
bhéasa. Ach fágaimís fé Dhia é.
GEARÓID ó NUALLÁIN.
AG GABHÁIL THAR ABHAINN DUIT: —
Ar eagla na h-abhann a bheith doimhinn
A Rí na foidhne glac mo lámh
Ar eagla na tuile bheith tréan,
A Mhuire, féach agus ná fág.
FÉILE DÉ D'Á MOLADH: —
Líonadh i n-ionad an fhollamhuighthe
Agus leor mar chomhthrom ó Íosa,
Agus is minic a fuair croidhe gan dochma
Ní n-a dhorn nár síleadh (pron. síleamh).
CHUM T'AINGIL CHOÍMHDEACHTA: —
A Aingil ghil, do chuir Dia i n-aice liom,
Treoruigh feasda mé, coimeád ó pheacadh mé,
Beir suas m'anam bocht saor go Flaithis leat
Ó's chuige ceapadh, tré ghrást' an Athar, thu.
AG DUL A CHODLADH DHUIT: —
A Dhia na glóire, seol mé féin anocht
Gach slighe d'á ngeobhad agus treo 'n-ar bhféidir liom dul
Go Cathair na Rómh' agus trócaire Dé ar mo shliocht,
'S a Rí na glóire seol mé féin anocht.
Réir Dé go ndeinimíd,
Beatha na Naomh go dtuillimíd,
Ceol na n-Aingeal go gcloisimíd,
Agus radharc na bhFlaitheas go bhfeicimíd.
Luighim sa leabaidh seo mar a luighfinn san uaigh,
Deinim faoisdin go cruaidh leat, a Dhia,
Ad' iarraidh aspalóid' ort, a Thighearna,
Ó, a Mhuire 's a Mhaighdean,
Tabhair radharc ar do theaghlach mhór-chumhachta,
Solas na soillse agus radharc na Tríonóide,
Agus grásta na foidhne i n-aghaidh gach éagcóra.
Anna máthair Mhuire, agus Muire máthair Íosa,
Eilís dheagh-oibreacha, máthair Eoin Baiste,
Cuirim an triúr so idir mé agus codladh na leabtha;
Téighim fé choimirche crois' na mbeann
Cuirim an crann gur crochadh Críost air
Idir mé agus an tromluidhe
Agus gach annsprid atá ar mo thí. Amen.
Go mbeannuighthear duit, a Chrois gur crochadh Críost air,
Beannuighim airís duit, a chrann dílis an duilleabhair ghlais,
Go mbeannuighthear duit, a Íosa Críost, gur síneadh do ghéaga ar chrois,
Luighim-se síos fé dhíon do sgéith' anocht,
Agus toradh an chrainn go bhfaghaim gur crochadh thu.
Go mbeannuighthear duit, a bhanaltra thaithneamhach, ciúin, tais, tláth,
Atá ar na Flaithis ag amharc ar Rí na ngrást,
Go rabhair mar charaid agom' anam ar uair mo bháis.
CHUM BÁIS NAOMHTHA DH'FHAGHÁIL: —
1.
A Rí ghil Dia h-Aoine, is a Athair Chómhachtaigh,
Déan díon dom san oidhche, is fair sa ló mé,
Má taoi'n tu am' breith sa tslighe seo ná feaca fós é,
Déan slighe dhom choidhche ar an mbeatha ghlórmhair.
2.
A Rí na n-aingeal, is a charaid na dtruagh-bhochtán,
Déan díon d'ár n-anam, a Bhanaltra an Uain ghil bháin,
Bí am' dhíon, bí am' theagasg, bí agam gach uair is tráth
'S a Mhichíl, a Aingil, bí agam ar uair mo bháis.
3.
A Mhíchíl naomhtha, glaodhaim ar th'ainm,
S' a Naomh Eoin Baiste grádhaim thu,
Na h-Aingil go léir 'theacht i gcoinnibh ár n-anma
I gcóir lae an chátha nár tháinig.
4.
Ár súile dúnta, ar mbéal ar leathadh,
An teanga craptha, is an chiall ag imtheacht chum fáin uainn,
Ár gcúis d'á ghlaodhach agus an téarma caithte,
Agus Dia le n-ár n-anam an lá san.
ROIMIS AN gCUMAOIN NAOMHTHA DO THÓGAINT: —
1.
Ó, a Thighearna do cheannuigh Párrthas, an ghrian is an mhuir,
Go maithidh tu dhúinn ins na Flaitheasaibh gach claonadh is coir,
Go maithir d'ár n-anam gach peacadh d'ár dheineamair riamh go tiugh,
Mar shúil is go nglacfaimís go taithneamhach ár dTighearna indiu.
2.
Ó, a Thighearna na dTighearnaí a dh'fhuiling a pháis,
Agus do stialladh le h-iarann ó bháthas go sáil,
'Na dhiaidh san fuair tighearnacht na cruinne ar do láimh,
'S a Dhia dhil, is ag triall ar do choimirc atáim.
CHUM GOBNATAN NAOMHTHA: —
Go mbeannuighidh Dia dhuit a Ghobnait naomhtha
Go mbeannuighidh Muire dhuit is beannuighim féin duit,
Is chughat-sa thánag ag gearán mo sgéil leat
Is ad' iarraidh mé leigheas ar son Mic Dé ort.
Paidreacha adéarfá nuair a raghthá go tigh éagcruais, nó go tigh a mbeadh breoiteacht
ann agus go mbeadh eagla ort go dtógfá í: —
Go mbeannuighthear dhuit a Chros
A bhuinne ghearraghlas.
Beannuigh dúinn airís a Chros,
Ar mo dhul agus ag teacht.
Ar mo dhul i dtigh isteach
Go bhfuil an galar ann,
Críost go bhfágad ann,
Agus nár bheiread as.
B. — SEANFHOCAIL.
1. Ní measa cam ná lom an chirt.
2. Le congnamh a chéile tagann an saoghal
suas.
3. Ag magadh fé chéile a mhaireann an
saoghal.
4. Is olc an té a thuigeann agus ná
fóireann.
5. D'ólfadh sé an sop as an srathar.
6. An iomad de'n aithne a mhéaduigheann
an tarcuisne.
7. Faghann piast piast eile.
8. Easbadh agus urdhubhadh agus aim-
siughadh ort.
9. Rí gach datha donn, ach an capall
buidhe go mbeadh síog na dhrom.
10. Is uirisde le neamh-fhonn leath-sgéal
d'fhagháil.
11. Is uirisde obairt ar cheann chorrach.
12. Dá fhaid é an lá tigeann an oidhche,
Dá óige duine tigeann a chríonacht,
Dá mhéid é greann tigeann mí-ghreann
— Sin mar atá, agus mar a bheidh
choidhche,
Ó thúis na breithe go deire na sgríbe.
13. Is fearr lán duirn d'fhear ná lán
'ghad de mhnaoi.
14. Is maith an bloc an chloch ar an mbuille
ndéidheannaigh.
15. Ná leath do bhrat ach mar fhéadfair
a tharrac.
16. Is treise stuaim ná neart.
17. Srathar na h-aindeise ar chapall na
tubaiste.
18. Deire dho'n díograis.
19. Tosach an dighe dho'n éigciallaidhe agus
deire dho'n té a dh'iarr é.
20. Ná tabhair do chúl ar chomhairle ar
mhaithe leat.
21. Trí neithe nach féidir iad 'fheiscint .i.
faobhar agus gaoth agus grádh.
22. Trí neithe nach féidir 'fhoghluim .i.
guth, féile, agus filidheacht.
23. Trí leabhair a thug an t-airgead .i.
An leabhar gur chuma leis cé aige go
mbeadh sé.
An leabhar ná fanfadh sé ag aoinne
ach tamall.
An leabhar ná fanfadh sé ag aoinne ach
an té go mbeadh cion aige air.
24. Trí shaghas daoine atá ann .i.
Duine bocht ar thoil Dé.
Duine bocht ar a thoil féin.
Duine bocht dá mba leis an saoghal
(.i. spreallairín).
25. Trí shaghas fear go dteipeann ortha
bean do thuisgint .i.
Fir óga, fir aosda, agus fir mheadhon-
aosda.
26. Imthigh bí ar siubhal, agus fill chughat
a bhfuarais,
Agus tásg do mhairbh go dtigidh fé
luan chughainn.
27. Súil ná feacaidh reidhse do mhaoidhfeadh
bhur mbéile.
28. Ní h-ionann bodach is Dia.
29. Is mairg a bhíonn i dtír gan duine
aige féin.
30. Glac nuair a gheobhair, nó tógfair
nuair ná faighir.
31. Ní dho'n abhras an chéad shnáth.
32. An dall 'san bacach
'S an dall i dtosach.
33. Is olc an chú nach fiú í fead do leagan
uirthi.
34. Na trí neithe is measa i dtigh .i.
Barrustréir mná, simné deataigh
agus an díon bheith ag leogaint
tríd.
35. Poll dóighte comhartha pósta.
36. Múchadh is báthadh air
Marbhadh is tnáthadh air!
37. D'íosfadh aon bhearna amháin an garrdha
go léir.
38. Is mairg ná cuarduigheann comhgar
sul a dtriallfadh sé i bhfad.
39. Ní baistear an leanbh nár rugadh.
40. Má airighis it' óige é tabhair toil
dod' chluais.
41. An té a chruthaigh neamh agus talamh,
Níor fhág sé é féin go dealbh.
42. Is maith an rud sgéal go dtigeann
sgéal eile.
43. Ceart dom ceart duit.
44. Is maith an sás smacht a chur ar dhuine
an dealbhas.
45. Is minic a bhí fear do bhraithte id'
chuibhreann.
46. Is maith an nidh an ghuidhe do sgaoileadh
fairsing.
47. Aithnigheann na coin croiceann a chéile
Is aithnigheann an diabhal a dhuine
féinig.
48. Aithnigheann ciaróg ciaróg eile.
49. Aithnigheann fear an halla 'dhíol fear
an halla cheannach.
50. Ní dírighe an cnámh i ndrom na lachan
ná gurbé lá'le Pádraig lár an
Earraigh.
51. Is fearr an mhaith atá ná an dá mhaith
do bhí.
52. Airgead barra na n-ana-bhfiacha (?)
53. Obair gan bhiadh gan phágh
Obair gan fonn gan fiadhach air.
54. Comh-fhaid a théidheann fuacht agus teas
Comh-fhaid a théidheann fuath agus grádh
Agus nuair a bhíonn an doicheall sa
smior
Fanann sé ann go bráth(ach).
55. Ó ithis an leite cuir a bhaile an iasacht.
56. Tréis na mionn is fearr na mná.
57. Gan baitín ná slaitín i láthair do
bháis duit?
58. Lom an luain ort!
59. Ná dein deas agus ná bris deas (nós).
60. Tá mo shúile le máthair Dé, agus nár
théighidh sí amudha orm.
61. Trí shaghas inchinn atá ann, .i.
Inchinn chloiche — ná foghlumóchadh aoin-
nidh go bráth.
Inchinn chéireach — gach aoinnidh 'á
bhfaghann sí coimeádann sí é agus
ceanglann sí suas de.
Inchinn tsrutha — ná coimeádann pioc.
C. — SEAN-CHAINNT, AGUS TOMHAISEANNA.
1. Ní fuil agus ní feoil agus ní cnámh é,
agus a fuil a tháinig sé. Baintear
a cheann de agus óladh sé deoch,
agus déanfaidh sé ceart idir charaid
agus námhaid. (Cleite).
2. Táid na sagairt ag gabháil thar
bhrághaid a chéile (.i. tá reidhse
aca ann).
3. A mhná, ar thochraiseabhair an snáth sin?
Do thochraiseamair, agus d'ath-
thochraiseamair agus do threas-
thochraiseamair é.
4. Fear fada, fuar, fánach, faillightheach,
fallsa.
5. Cia'ca b'fhearr leat sgéal breagh
fada bog binn, nó sgéal gairid
greannmhar?
6. Tá an spéir ag bogadh (nuair a bhíonn
deallramh báistighe air).
Tá an spéir ag cruachtaint go maith
(deallramh fóghanta air).
7. Broiminéiseach, .i. mór-chúiseach.
8. Fear réasúnta, righin, breagh daingean
socair ab eadh é.
9. Má tá an spéir dorcha féinig tá
seasamh san aimsir (bheadh ionntaoibh
agat aisti).
10. Tá an ghaoth ana-ghúrnánach (gan bheith
stuidéarthach).
11. Bíonn an bhó ag géimrigh,
Bíonn an chearc ag grágalaigh,
Bíonn an mhuc ag cneadaigh,
Bíonn an mhuc ag ualltharthaigh,
Bíonn an gabhar ag méirthigh
(meigiollaigh),
Bíonn an capall ag siotaraigh,
Bíonn an mada ag amhastraigh,
Bíonn an cat ag crónán.
12. Do thaithn sí liom ar aiteas na
cruinne.
13. Tá an lá indiu go sguabach agus go
tirm.
14. Capall seolta .i. capaillín beag deas
deagh-chúmtha, a bheadh lúthmhar láidir
éasga éadtrom.
15. Gach fóghmar 'á dtigeann
ag dul i bhfliche is i ndéidheannaighe,
'S gach dream 'á dtigeann
ag dul i mionacht is i mbréagaighe.
16. Chíonn fuil an gorta
Ach ní fheiceann fuil á dortadh.
17. Is mise chuir cos na sgine dhóibh
(“started” them).
18. Tá niatacht éigin fuinte geinte istigh
ionnta.
19. Drúchtín .i. seilchide do bhuailfeadh um
chailín maidin lae Bhealtaine.
20. D'fhágas fé Dhia é, agus d'fhág Dia
fúm-sa é, agus do loiteadh an
garrdha eadrainn.
21. Othrainn, .i. othlainn, .i. iothlainn
(iothla).
22. Sniucfar gach aon bhó (second milking)
(sniugfar).
23. Ní stuanaigheann aoinnidh aici (duine
a bheadh breoite).
24. Báisteach ó Dhia chughainn
Ach gan é bheith fliuch
Agus cion an lae amáirigh
Go ndeinidh sé indiu.
25. Ní lá mionn dom an lá indiu, ach
mo chorp 'on diabhal go bhfuighidh sibh
i mbáireach é!
26. Prátaí agus salann agus geaitirí
giúise,
Prátaí agus bainne agus coinnlí
túmtha,
Prátaí agus feoil agus coinnlí
múnla,
Prátaí agus ceol agus siamsa suairc
suilth.
27. Dá n-éireochthá ar maidin agus an
baile seo a chuardach,
Dul ó'n mbaile seo go baile na
buaile,
Dul sa sgioból agus easair a bhualadh,
Do bheadh do ghoile agat chómh maith
le do bhuachaill.
28. Is dócha nach aon ana-bhall do shagart
a bheith ann é (Béal Feirsde).
29. Tá beirbhtheacht éigin ann (scorching).
30. Sé díg an domhain é (bheith ag ól beath-
uisge).
31. Tá sé ráidhte riamh gurb olc an ball
is fearr ná an baile, agus tá
an baile féin níos fearr ná an
áit atá níos fearr ná an baile.
32. Sé a chríoch dul chum deiridh fós.
33. Táid na Sasanaigh ar a dtuitim.
34. Cláiríní, .i. ráinníní chum im a shuathadh
gan lámh a chur ann.
35, Botháin bhóthair, .i. covered cars.
36. Bíd na mná ana-neamhthuisgionach ar
a lán rudaí dhéanamh.
37. Do chuaidh an sgéal chum seacráin
eadrainn (conversation flagged).
38. Chaitheadar soir siar an sgéal (.i.
d'éirigheadar as).
39. Bhíodar imthighthe ó thigh is ó bhall.
40. So-ghluaiste (easily managed — of a
person; moveable — of a feast).
Ionndrabháil = the act of managing
(a person).
41. Ruachtach (.i. Erysipelas).
42. Tá sé ann le saoghal an fhiolair.
Trí shaoghail chapall marcach.
Trí shaoghail mharcach fiadh.
Trí shaoghail fiadh fiolar.
Trí shaoghail fiolar domhan a bheadh
i bport (.i. dair).
Trí shaoghail domhan a bheadh i bport
iomaire críche.
Trí shaoghail iomaire críche deire an
domhain.
43. Dhá chéad each ar dath a chéile,
Dhá chéad ailbhín 1 do chaoirigh mhaola
Dhá chéad loiligheach druim fhionn
craorach
Luach chúig bpúnt de shúsa dhaor dhuit.
44. A MILKING SONG.
1.
Croidhe ón chaithiseach
Croidhe óg is Pheadair thu (?) 2
Aghaidh do lachta leat,
Cúl do sheasgais leat,
Mór braon beannuighthe ort,
Go bhfaghtar do thairbhthe;
Líon mo channa dhom,
Suas go barra dhom,
Sgaoil a bhaile mé,
'S ná bím ag tathant ort.
Tá deire an oidhche (sic) chugham-sa
Agus ní deire an oidhche shiubhal é
(sic)
Ach tuitim an drúchta.
2.
Éireochad ar maidin leat
Siubhlóchad cois Fleasga leat,
Mar a bhfaghad duit fairsinge,
Féar mín fada dhuit,
1 Trí fichid caora sgabhat
Trí fichid sgabhat raidlear
Trí fichid raidlear ailbhín.
2 Corrupt. Perhaps croidhe óg sa mheadar thu,
or some such thing.
'S an tseamróg bharraghlas,
Nárab eagal duit
Poll ná madra,
Ná aon fhéith bhasgaitheach
A bhainfeadh leagadh asat
Ag teacht a bhaile dhuit
Le linn an eadartha.
45. An mó earball bó do raghadh ón
spéir go dtí an talamh? Aon
earball amháin, — ach é bheith fada
a dhóthain.
46. Níl an aimsir stuanuighthe fós, ná
aon fhuadar mór fé chuige.
47. Do thómhaiseas mo phic is mo phota
is mo chárt
Le pic is le pota 's le cárt mná
an mhargaidh,
Ba mhó iad mo phic-se 's mo phota
de chárt
Ná pic agus pota 'gus cárt mná
an mhargaidh.
(Cé mhéid a bhí idir an dá chóir tómhais?
Fr. dhá chárt).
Nó mar so: —
Ba mhó iad mo phic is mo phota de
phic is de phota
Ná pic agus pota 'gus cárt mná
an mhargaidh.
(Fr. pic agus pota agus cárt).
48. Chím chugham anoir anall
Inghean an rí go tirm teann
Fáinne óir ar bhárr a baise
'S cúl a coise tré n-a ceann.
(Tuagh).
49. Giorrfiadh ag ruith, agus feircín ime
ar a thóin.
(Ní ar thóin an ghiorrfiadh a bhí an
feircín ime, ach ar a thóin féin!).
50. An láir bhán sa loch
'S ná fliuchann sí cos.
(.i. Is í an ghealach “an láir bhán”
agus chítear sgáil na gealaighe sa
loch, agus ní fliuchtar an sgáil).
51. Léine a deineadh, is ní de líon,
Do mhac an rí a rugadh le buadh,
Sgáil na gréine tré n-a taoibh
As í gan nighe, gan fighe, gan fuagh.
(.i. brat siorraigh .i. a caul).
52. Chuadas ar an aonach, cheannuigheas
gabhar,
Thugas trí 's dá phinginn air,
Trí is dá sgilling air,
Sgilling agus pinginn agus feire
maith bonn —
Agus cá mhéid sin ar an ngabhar?
(.i. cá mhéid sin' .i. cá mhéid sine?
.i. dá shine (two paps).
The point was in the word “sine”
which in speaking sounds “sin.”
In writing the apostrophe would
destroy the mystery.
AISLING.
I.
Indé 's mé ag taisteal triúch,
Go faon, ag machtnamh dlúith
Ar fé mar mheath sliocht Néill na gcreach
Is Céin is Airt is Lughaidh;
Gan aon d'á maicne siúd
I gcéim ná i gceannas úr,
Acht tréighthe tearc gan réim, gan preab,
Go céasta, creachta ag búir.
II.
Is iar léigheamh na mbeart mar dubhart,
Ba déarach, dealbh dúinn
Gur ghlaodhas imeasg na séimh-fhear nglan
Bhí saordha cneasta liom.
Bhí daorphunch bhlasta annsúd
Ag teacht mar chaise chughainn,
Is éistéacht startha Gaoidhilge glana
Ar thréithibh chlanna Niúil.
III.
Fá mhéin na bhflaith mar dubhart,
Is léir gur sgaip mo chúmha,
Gur éalaidh bean ar aer le m'ais,
Go taobh na leapthan chugham.
Ba chaol a mala súd
'S a claon-ruisg glas mar dhrúcht;
A déide deasa, géara, geala,
I mbéal ba bhlasta búidh.
IV.
Bhí a craobh-fholt casta, dlúith,
Go féar ag teacht le m' riún,
Is caor ag lasa ag éad re sneachta
Sléibhe na leacuin úir.
Ba chaol, ba chailce a com,
Mar ghéis ar sreabhaibh siúbhail
Is ba chaomh a mama ghléigeal, dheas
Nár aontaig d'fhear i mbrúith.
V.
A h-aol-chrobh leabhair úr
Ar daor-bhruit bhaineas dúinn
Réallta is ranna is faolchoin mheara
Éisg is ealtain colúir.
Ba mhaol, ba gheal a glún,
'S a réidh-chos deas, gan smúit,
'S a caol-troig tana is néadta meas
Do'n fhéar nách sgaipeann drúcht.
VI.
Iar dteacht le m'ais annsúd
Do'n réaltainn mhaisigh bhúidh,
Do b'aerach pearsa sgéimh is creat
Is gné d'á bhfeaca i m'shiubhal,
Do léar-chuir sgamail dhubha
Ar bhéithibh deasa Mumhan,
Is le h-éigin taithnimh cléibh do'n ainnir
Féach gur mheath mo lúth.
VII.
Is éasgadh raideadh liom
A céim 's a h-ainm dlúith
Do bhé na nglan-rosg neamhrach nglas
D'ár ghéilleas taithneamh riúin.
“An tú Céirnit dheas na lúb
Tug séad ar sreabhaibh dúinn,
Nó Hélen gheal lé'r craochadh treabh
Na Trae is do las a túir?"
VIII.
Is béasac, blasta, búidh,
An éifeacht d'fhreagair dúinn
"Ní h-aon do'n aicme mé sin chanais
Leig do d'mhaga fúm.
Mo ghné do mheas níor bhfiú
Le béithibh deasa Mumhan,"
“Éistig feasta is bréag do stair
Tá claonta is cleasa i d'riún.”
IX.
“Is táid sgéalta is measa liom
Do m'léarchur dealbh, dúbhach,
Mo ghaolta ar fad go faon fé leacaibh
Léigthe lag sa n-úir,
'S saoda ceatha i mbrúith
Le h-éigin searc do d'ghnúis
'S a laogh ná meas gur bréag na bladar
Léigheas i m'starthaibh chughat.”
X.
“A laogh 's a shearc na rún
Éalaidh feasta liom
Téanam leat ní dhéanam stad
Go dtéigheam ar fad anonn.
Tá baoghal is bagairt chughainn
Is Gaedhil ar gad ag búir
'S is léir nach ceart dúinn bheith 'n-a measg
Tá'n saoghal fairsing fúinn.”
XI.
“Is d'á ngéillfinn d'fhear mar tú,
Agus éalaidh leat chun siubhail,
Connus réighfinn beart gan raol i m'ghlaic
Ná spré, ná talamh liom?
Is baoghal go sgarfair liom
Ar bhé na ngarbh púnt,
Is mise ag teacht go faon tar ais
'S mo ghaolta i n-earaid liom.”
XII.
“Is léir go mb'fearra liom
Duit, saor-fhear slachtmhar, súghach,
Do ghléasfadh sleagh go séimh 'na ghlaic,
'S nach léigfeadh ceart le búir;
Do bhiadh éadtrom, tapa, ar stiúir
Aerach, aibidh, umhal,
Do léighfeadh stair ar Éirinn Airt
Is dhéanfadh cleas na lúb.”
XIII.
“Ná géill ná meas i d'riún,
Go dtréigfinn mar sin tú
Ar spré ná ar bha ná ar shaoghaltacht ban,
Sa taobh so theas do'n Mhumhain.
Téanam leat chun siubhail
Go dtéigheam go sagart súghach
Do bhéarfas ceangal cléire orainn
Fé mar cheap na h-Úird.”
XIV.
Ceangal.
“A radharc 's a stóir mo chroidhe,
Do raghainn leat fós tar tuinn,
Acht mar gheibhim gach cróinn
D'á bhfaghair id' dhóidh,
Gur deimhin go n-ólair í.
Tá saidhbhear-fhear, seólta, sítheach,
Am' fheidhil gach ló le mí
Is taidhbhseach, tósdalach,
Meadhrach, modhmharach,
Greadhnach, gleóidhte, groidhe.”
AN FEILMÉAR CRÁIBHTHEACH.
SEAN-SGÉAL Ó CHONNDAE NA GAILLIMHE
BHÍ fear ann fadó na chomhnuidhe i gCúige
Chonnacht. Feilmeóir saidhbhir do bhí ann,
agus togha fhir oibre freisin. Thar éis
sgathaimh fhada a bheith dhó 'na aonar shaoil
sé gurbh'fearr dhó pósadh a dhéanamh agus
rinne sé amhlaidh. Bhí go maith a's ní raibh
go h-olc. Bean fheileamhnach a bhí aige,
acht thar éis tamall gearr, bualadh go
dona í agus cailleadh í. Annsin dhíol a
fear trian d'a chuid talmhan agus chuir
sé le n-a h-anam é. Thar éis tamall gearr
phós sé aríst, agus fuair an dara bhean
bás ar an gcuma chéadna. Annsin dhíol sé
an dara trian dh'á chuid talmhan agus chuir
sé le n-a h-anam é. D'éirigh leis gur phós
sé an tríomhadh bean. Acht níor mhair sí i
bhfad go bhfuair sise bás freisin. Annsin
do dhíol sé amach a raibh aige agus chuir le
h-anam na mná deiridh é. Annsin ní raibh
cuid ná maoin, teach ná talamh aige, agus
do bhailigh sé leis go Sasanaibh. Shocruigh sé
isteach ag obair ag Protastúnach a bhí
an-doimhin 'na chreideamh, agus bhí gráin aige
ar an gCreideamh Catoiliceach. Mar sin
fhéin thaithnigh an fear so go mór leis
mar bhí sé chomh cliste a's chomh dúthrachtach
i gnóthaibh a mháighistir. 'Chuile lá ag
a dó-dheag a chloig d'ofráladh sé fáilte
an aingil le h-anamnachaibh na mban a bhí
pósta aige. D'fhan sé ar an gcuma sin ar
feadh sgathaimh mhaith, agus aon lá amháin
bhí sé ag baint arbhair i ngort mór. Labhair
an guth leis agus chualaidh sé cloig na
bhflaitheas ar bualadh. Dubhairt an guth
leis an obair do thréigint, é fhéin fhághailt
réidh a's é fhéin a ghlanadh a's a bhearradh
agus go gcaillfidhe anocht é ag a dó-dhéag
a chloig. Annsin ghlaoidh sé ar a mháighistir
agus tháinig seisean chuige. D'fhiafruigh
sé de'n mháighistir ar chualaidh se aon phioc,
agus d'fhreagair an máighistear nar
chualaidh. Annsin dubhairt an fear leis a
chos dheis a chur ar a chois dheis fhéin, agus
a lámh dheis a chur ar a lámh dheis fhéin, a's
a cluas dheis do leagaint ar a chluais dheis
fhéin. Agus is annsin a chualadh sé cloig
na bhflaitheas ghá baint. Annsin dubhairt
an fear leis go bhfuigheadh sé bás anocht ag
a dó-dhéag a chloig agus d'iarr sé air fios
do chur ar an sagart. Gidh go raibh se go
mór i n-aghaidh an Chreidimh Chatoilicigh, mar
bhí gnaoi mhór aige ar an bhfear bhí sé chomh
dúthrachtach sin dó, chuir sé fios ar an
sagart. Bhí go maith a's ní raibh go h-olc.
Chuaidh an fear isteach agus ghlan sé
agus bhearr sé é fhéin, agus thar éis a chuid
urnuighthe a bheith ráidhte aige, luigh sé ar a
leabaidh. Annsin chuaidh teachtaire i
gcoinnibh an tsagairt acht ní thiocfadh
aon tsagart leis mar gheall ar an méad
faitchíos a bhí orra roimh an bProtas-
túnach a raibh an fear tinn 'na theach. D'fhill
an teachtaire ar ais leis an sgéal acht níor
chuir sin aon bhuaidhreadh ar an bhfear tinn.
Annsin cuireadh an teachtaire ar ais
agus dubhradh leis dhul chuig an gcoláiste.
Bhí sagart óg annsin agus dubhairt go
rachadh fhéin ann agus d'imthigh gan mhoill.
Nuair a tháinic sé isteach in áit a raibh
an fear tinn, bhí coinneal lasta roimhe
agus d'fhiafruigh an fear tinn dhé: — “Nach
raibh tú annso cheana.” Annsin bhí a fhios
ag an sagart go raibh sé naomhtha a's
go raibh aingil na bhflaitheas ag tabhairt
aire dhó. Chuir an sagart an olaidh air
agus nuair a bhí sé réidh leis, dubhairt
an fear go bhfuigheadh sé bás ag an dó-
dhéag a chloig. Gidh nár chreid an sagart
é, dubhairt sé go bhfanfadh sé go dtí an
dó-dhéag. Annsin dubhairt an fear leis
go dtiucfadh bullán agus cart isteach
ar an tsráid agus an chóntra a leagaint
isteach 'sa gcart agus cead a chos a
thabhairt do'n bhullán agus gan bacadh
leis níos fuide. Dubhairt an sagart go
ndeanfadh sin.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc agus
mar sin dóibh gur tháinic an mheadhon-
oidhche. Ar bhualadh an dó-dhéag go díreach
fuair an fear bás agus níorbh fhada 'na
dhiaidh sin gur tháinic an bullán agus an
cart leis agus cóntra aige istigh 'sa gcart.
Is annsin a chreid an sagart go h-iomlán
pé rud adubhairt an fear agus ghlac
se rún daingean an bullán do leana-
mhaint. Chuir sé corp an fhir sa gcóntra
agus chomh luath agus bhí an cóntra
deasuighthe go ceart 'sa gcart, do ghluais
an bullán leis thar pháirceannaibh agus
claidhibh agus pé rud tháinic 'na bhealach.
Bhí lámhanna an tsagairt leagtha ar chúl
an chairt agus lean sé ar an modh sin
é. Bhíodar ag cur an bhóthair mar sin
díobh gur shroicheadar abhann mór agus
is annsin tháinic an t-iongnadh dáiríribh
ar an sagart nuair a thriomuigh an abhann
go lom díreach os a gcomhair amach. Do
bhualadar treasna agus nuair a shroicheadar
an taobh tháll, chuaidh an bullán agus a
raibh aige as radharc, agus ní raibh bealach
san abhann le feiceáil. Annsin d'imthigh
an sagart leis go h-uaigneach agus bhí
ag siubhal go bhfaca sé an solus ar lasadh
ar tuitim na hoidhche. I gceann tamaillín
do shroich sé an teach 'na raibh an solus
agus bhuail sé isteach chucha. Bhí bean
taobh istigh agus do bheannuigh sé dhí. Do
bheannuigh sise dhó agus dubhairt leis suidhe
síos go dtiucfadh a fear isteach agus
annsin go dtiubhradh sí a chuid bídh dhó.
Bhí go maith a's ní raibh go h-olc. Tháinic
fear a' tíghe isteach ar ball agus caora
ar a ghualainn aige a bhí sé thar éis a
mharbhadh. Cuireadh ar bhrughadh í agus
tugadh a bhéile chuig an sagart. Nuair
a bhí a bhéile caithte aige dubhairt sé le fear
a' tighe gurbh' fhear saidhbhir a bhí ann gan
amhras agus caora do mharbhadh mar sin.
Dubhairt an fear leis nach raibh acht sé
caora aige agus gur ghnáth leis ceann
díobh do mharbhadh 'chuile lá acht mar sin
fhéin go raibh sé cinn aige i gcomhnuidhe,
gidh gur marbhadh ceann díobh 'chuile lá.
Annsin chuadar a chodladh agus maidin
a mbárach thar éis a gcuid bidh do chaitheamh,
dubhairt fear a' tighe leis an sagart
imtheacht leis go dtiucfadh an tráthnóna
air agus annsin chífeadh sé teach 'na
bhfuigheadh sé lóistín na hoidhche. D'imthigh
leis gur shroich sé an teach agus chuaidh
sé isteach. Bhí bean annsin roimhe ag
gluaiseacht ó sheómra go seómra agus í
ag léigheamh a cuid urnuighthe.
Do shín sí a méar chuig cathaoir agus
shuidh an sagart síos ann. Nuair a bhí
na hurnaighthe críochnuighthe aici, thug sí
biadh agus deoch dhó agus annsin thaisbeáin
sí a sheómra codhlata dhó. Nuair a bhí a chéad-
phroinn caithte ar maidin aige dubhairt sí
leis imtheacht agus bheith ag siubhal go
dtiocfadh sé chuig teach eile agus go
dtuitfeadh 'chuile rud amach annsin do réir
mar thuit amach 'na teach fhéin. Agus do
thuit freisin. Óir nuair a tháinic sé isteach
ann, bhí bean annsin ag siubhal ó sheómra
go seómra agus leabhar urnaighthe na láimh
aici. Nuair a bhí a bhéile caithte aige,
chuaidh sé a chodladh. D'éirigh ar maidin go
moch agus d'ith a chéadphroinn agus dubhairt
an bhean leis go shroichfeadh se críoch a
aistir um tráthnóna. D'imthigh leis agus
bhí ag siubhal gur tháinic sé chuig teach um
tráthnóna agus bhuail sé isteach chucha.
Bhí a lán daoine annsin a raibh aithne
rí-mhaith aige orra nuair a bhíodar beó
agus a lán daoine freisin nár aithnigh
sé olc ná maith. Bhíodar annsin ag
déanamh féile agus ag damhsughadh agus ag
baint suilt as gach uile nídh a tháinic 'sa
bhealach acu. Dar leis an sagart,
b'iongantach an cruinnuighadh é ar fad
agus bhí áthas eicínt 'na chroidhe istigh aige
nach raibh aige ariamh roimhe sin. Acht
mar sin fhéin, bhí ceaptha go daingean aige
go bhfillfeadh sé a bhaile chomh tapaidh a's
d'fhéadfadh sé. Ag cur trí na chéile mar
sin dhó, do chonnaic sé an fear chuige agus
bean le n-a thaobh agus a lámh faoi
bhaclann an fhir. Thángadar i ngar dhó
agus annsin d'aithnigh an sagart gurbh'
é an fear a fuair bás a bhí ann acht ní fhaca
sé an bhean ariamh roimhe sin. Do bheannuigh
an fear dhó agus d'iarr air fanacht annsin
go bráth agus nach bhfuigheadh sé bás choidhche
óir Párrthais do b'í an áit í sin. Acht
diúltuigh an sagart dhó mar bhí fonn air
filleadh ar ais agus an sgéal d'innseacht
d'á cháirdibh. Annsin d'fiafhruigh sé dhe'n
fhear cé'rbh í an bhean í sin a bhí aige.
Dubhairt seisean gurbh í a chéad bhean a
bhí ann agus an bheirt bhan a chonnaic sé
'sna tighthibh ag teacht dhó gurbh' iad san
an dara agus an treas bean a bhí aige
agus nach bhfágfadh siad an riocht sin
ariamh óir nach raibh ann acht aon phósadh
amháin. Annsin nuair a bhí an sagart
ag imtheacht, thug an fear slat bheag dhó
leis an abhann do bhuaileadh leis agus go
dtriomóchaidhe leis an mbuille sin é.
Annsin d'fhág an sagart míle slán ag an
bhfear agus d'imthigh leis. Fuair sé
lóistín na hoidhche agus a chuid bidh agus
dighe 'sna tighthibh céadna na bhfuair sé iad
ag teacht dhó, agus mar sin dó gur shroich
sé an abhann. Annsin bhuail sé an abhann
leis an slait agus rinneadh casán ro-
thirim amach roimhe. Nuair a bhí sé ar an
dtaobh tháll, céard chífeadh sé acht sgata
mór páisdí ar bhruach na h-abhann. Bhí
crúiscíní gan tóin ionta 'na lámhaibh acu
agus bhíodar ag déanamh a lán-dhícheall
chun an t-uisge do thógbháil ar an gcuma
sin. Acht ní thiucfadh dhóibh dhá mbeadh siad
annsin go bruinn an bhrátha. D'fhiafhruigh
an sagart dhíobh 'tuige a rabhadar 'sa riocht
sin. Dubhradar leis gur páisdí iad
san a cailleadh gan báisteadh agus gurbh
í sin an bhail a bheadh orra go deó. Annsin
do chaith an sagart an tslat isteach uaidh
san abhann do réir mar orduigh an fear dhó
agus d'imthigh na páisdidhe as radharc
ar an bpoinnte agus báitheadh an casán
le rith an uisge leis an bhfánaidh. Annsin
d'aithnigh sé é fhein go tuirseach lag-
bhrígheach gan neart ná spriod 'na bhallaibh
ná 'na chroidhe. 'Na theannta sin a's uilig
bhí taom eicínt buailte isteach 'na shúilibh
a's 'na chluasaibh agus is ar éigin a bhí sé in
ann an bealach ceart d'fhághail amach.
Ar an gcuma sin fhéin, bhí sé ag cur dhe
gur tháinic sé chuig an gcoláiste. Ní raibh
ann anois acht sean-teach lom fuar, gan
dorus gan fuinneóg. Is beag nach
ndeachaidh sé i laige ar a fheicsint dhó. Do
chrom sé a cheann ar a lámh agus thosuigh
sé ag caoineadh. Acht bhí a shúile chomh
tirim caithte leis an aois nár tháinig acht
aon déor truaighmhéalach amháin a's gach
shúil dhá shúilibh. Thar éis sgathaimh fhada
dhó mar sin, do dhearc sé mór-tímcheall
agus chonnaic sé teach breagh nuadh fada
os a chomhair amach. Do chuaidh sé chuige
agus nuair a shroich sé an dorus do bhuail
sé go lag é. Tháinig an dóirséoir chuige
agus d'fhiafhruigh dhe céard a bhí ag teastáil
uaidh. Dubhairt sé gur múintéoir 'sa
gcoláiste é agus é leigint isteach má's
rud gurbh' é seo an coláiste nuadh. Annsin
tháinic sagart óg chuige agus d'fhiafruigh
dhé ce an t-ainm a bhí air. Nuair a innis
an sagart sin dhó, dubhairt sé nach raibh
a leitheide riamh sa gcoláiste sin. Acht
mar sin fhéin chuartaigh sé sean-leabhra an
Choláiste agus fuair sé an t-ainm ar
deiridh thiar tháll. Agus míle bliadhan
roimh an am soin 'seadh scríobhadh an t-ainm
sin 'sa leabhar. Annsin thóg an sagart óg
isteach é agus nuair a bhí a bhéile caithte ag
an tsean-shagart, d'innis sé an sgéal ar
fad o thús deireadh do'n tsagart óg agus
ní túisge a bhí an focal deiridh as a bhéal
ná go ndeachaidh a anam naomhtha ar eiteall
go flaitheas Dé.
D. Ó C.
COMHAIRLE DHÁITHÍ UÍ BHRIAIN GO
DONNCHADH UA SÚILLEABHÁIN.
Timcheall le dá fhichid bliadhan ó shoin bhí fear n'a chómhnaidhe i bparróiste Minnáirde i-niarthar
Chiarraidhe. Dáithí Ua Briain a b'ainm dó. File ó'n gcliabhán a b'eadh é. Chuala sé lá go raibh
sagart, darbh' ainm Donnchadh Ua Súilleabháin tar éis a chreidimh do thabhairt suas agus creidimh gallda
do ghlacadh. Cheap sé n-a aigne cómhairle a thabhairt dó agus 'sí seo an chómhairle a thug sé: —
<Fil>
I.
A Dhonnchadh, is léan liom an sgéal so le n-innsint,
Go n-iompuighís ó d'thréite, is le sliocht an Bhéarla gur luighís-se
Go dtugais Bíobla an éithigh agus tréan-mhasla Íosa,
Ná raibh aon bhrígh ag an mnaoi mánla, is gurbh í máthair gheal Chríost í.
II.
Anois cuimhnigh-se is machtnuigh ar bheatha na naomh,
Is ná fuil ag an gconairt seo acht dlighthe is claon,
Nó ar uair ghil na máidne san ifreann scódla
Beir ag córúghadh do leapa is ní i bhflaithis na glóire.
III.
Anois iarr-sa na grásta ar an Slánnuightheóir naomhtha,
Is ar an maighdin mnaoi-mhánla bhí láimh leis mar chéile,
Mar s'í chonnaic sa Pháis é, go cráidhte tinn céasta
Mar bhéadh rí amadánta ag an ghárda dhá dhaoradh.
IV.
Bhí dorta a chuid fola ar an gcrosaire chruaidh,
Agus a ghéaga d'a gceangail gan taise gan truagh
Tuig-se go bhfágfair gan fálthas an tsaoghal so
Is gur carad lae an ghádhtair duit Máthair an Aon-mhic.
V.
Tá m'inntinn-se buadhartha is níl suaimhneas aon lae agam,
Ó chuala gur gluaisís le cuallacht an Bhéarla;
Mar thuigeas gur buachaill ciúin, stuamdha, mall, séimh tú
Is gur ró-bhreagh aon dualgas a fuairís ó'n t-Aon-mhac.
VI.
Anois fill ar do charaid is glacfar tú airís,
Ná díol aoibhneas na ngrásta ngeal ar áilneas an tsaoghail,
Acht bíodh cathughadh ar do chroidhe istigh a innsint do'd chómharsain
Ar do bholg Dia h-Aoine gur dhíolais an ghlóire.
VII.
Ar thíghearnas, ar shólas, ná ar fheóil Aoine an Chéasta
Ná scar leis an ghlóire ar shóibhthinní an tsaoghail seo.
Iompuig do chóta is go deó ní bheidh baoghal ort,
Iarr-sa na cómhachta is gheóbhair iad ó'n t-Aon-mhach.
VIII.
Glac Mícheál is Naomh Peadar mar charaid lae an gháidh,
Agus bain-tíghearna na bhflaitheas má thógann tú id láimh,
Beir an Sácraimín naomhtha mar éarnaist chun Chríost leat,
Bíodh a chuid fola mar éadach is mar scéimh aingilí ort.
IX.
M'attuirse chráidhte is mo chás dealbh deórach,
Mar scairis le máthair gheal ghrádhmhar na glóire,
Má's duine atá ar fán tú is go bhfágais do chómhghas,
Cuimhneóghair lá an ghádhtair gur bhreágh í mo chómhairle.
X.
Iompuig ó scamal cruaidh-cheangailte an diabhail,
Mar mairfidh an t-anam chómh fada le Dia,
Níl ins an tsaoghal so acht tréite mí-adhmhar,
Mar níl cunntas ag aoinne air ó indé go dtí imbáireach.
XI.
Ní bhéidh breitheamh ar bhinnse, ná fear dhlíghe agat an lá úd
Go dtabharfá aon dís dó, acht Ímpire na ngrásta ngeal,
Ní caraid duit daoine, agus cuimhnig ar Mhuire Mháthair,
Agus bhéarfainn duit an Bíobla gurab é an fhírinne táim a rádh leat.
XII.
Anois iompuig-se ar bhanalthra ghreannaramhail Dé
Is beidh t-anam fé ghradam i measg na bhfíor-aon
Níor cuireadh aon teóra riamh fós leis na grásthaibh
Is beidh aoibhneas ná glóire go deó agat d'á bhárr san.
CIARRAIDHEACH.
AN DEORAIDHE GAEDHEALACH.
Oidhche gharbh fhliuch do b'eadh í. Ní raibh
gealach ná fiú réalt le feiceáil, bhí an
dorchadas chomh tiugh sin, agus gach síonán
cuafaigh dá dtáinic anuas le taobh an
tsléibhe cheapthá gur mór-sluagh deamhan
a bhí ann ag déanamh iarracht faoi an
sliabh do réabadh as a bhonnaibh agus a
chaitheadh síos os cionn na dtighthe a bhí
suidhte ag a chois. Bhí seacht-muirighin-
déag na gcomhnuidhe annsin agus ba
thruaighmhéileach ar fad an tslighe bheathadh
a bhí aca. Ar feadh an t-samhraidh ní
rabhadar chomh h-olc soin, de bhrígh gur
bh'féidir leóbhtha bheith ag tuilleamh thuar-
astail ag obair ag feilmeóiribh saidhbhre
ag a raibh an talamh ar fad beagnach.
Ní raibh de thalmhain aca féin acht giota
beag i n-aice leis an tigh, agus ba bheag
an mhaith sin dhóibh. Ar an ádhbhar sin
níorbh' fhuláir dhóibh le n-a mbeathadh do
thuilleamh bheith ag iasgaireacht ar an
bhfairrge ar feadh an gheimhridh. Do
théighdís amach 'sna curachaibh ar maidin
go moch agus ní thigidís isteach go mbéarfadh
dorchadas na h-oidhche orra, agus is fíor-
mhinic nach raibh de thoradh aca 'sa deireadh
thiar thall acht a gcuid alluis a bheith caillte
aca. B'uathbhásach an saoghal é sin, acht
bhí sé seacht n-uaire níos measa nuair
a bhíodh an aimsir gharbh ann. Agus an
oidhche úd atá faoi thrácht againn, ní
fhéadfadh sí bheith ní ba ghairbhe. Bhí sé ag
tarraint ar an meadhon-oidhche agus ní
raibh solus le feiceáil 'sa mbaile bheag
acht aon tsolus amháin i bhfuinneóig
tighe bige ag bun aille móire. Ní raibh
sa teach acht cistín agus aon tseómra
amháin. Bhí bean 'na suidhe cois na teineadh,
a h-aghaidh ar an bhfuinneóig. Bhí a lámhanna
faoi a leicnidh aici agus í ag iarraidh
dearcadh thrídh an ndorchadas a bhí taobh
amuigh. Bhí sí timcheall caogad bliadhan
d'aois, acht ní fhéadfá a rádh go ndeachadh
an saoghal ro-chruaidh uirri, óir ní raibh
comhartháidh an chruadhtain ar a clár-éadan.
Bhí suaimhneas 'na h-aghaidh acht suaimhneas
láidir do b'eadh é — an suaimhneas a bhíonn
ag chuile duine a bhfuil muinighin aige
as Dia. Bhí súil ghéar ghorm 'na ceann
aici, agus shaoilfheá go raibh rud eicínt
i gcomhnuidhe faoi n-a radharc. Agus bhí
freisin. Bhí súil a chroidhe bhoicht amuigh
imeasg garbh-thonna na fairrge, an áit
a raibh a fear bocht agus mac a broinne
ag troid go tréanmhar leis an mbás
mí-thrócaireach a bhí ag déanamh a lán-
díchill le greim daingean d'fhághail orra.
Agus gach síonán a tháinic ag léimnidh
agus ag osnaighil i n-aghaidh na fuinneóige,
facthas dí go bhfaca sí an bheirt úd ag
éirighe i n-áirde ar mhullach tuinne móire,
a maidí rámha 'san uisge agus greim
daingean aca ar na maidíbh céadna.
Annsin thángadar anuas leis an dtuinn,
acht tháinic ceann eile agus suas leóbhtha
aríst. Ar an bpoinnte sin, d'éirigh
an ghaoth níos láidre agus tháinic síonán
isteach faoi an dorus, agus rith sé go
tapaidh chuig an teinidh. Shaoil sí gur
spiorad eicínt a bhí ann, agus b'fhéidir
go raibh a fear agus a mac i riocht an
bháis. Acht mar sin fhéin níor tháinic aon
sgannradh uirri gidh go raibh uaigneas
mór 'na croidhe istigh. D'éirigh sí agus
fuair sí a paidrín agus chuaidh sí ar a
glúnaibh agus thosuigh sí ag rádh a paidreacha
ar son an fhir a's an mhic a bhí i gcruadhchás.
D'fhan sí mar sin ar feadh uaire acht níor
airigh sí an t-am ag sleamhnughadh uaithi,
bhí sí ag guidhe chomh dúthrachtach sin. Níor
éirigh sí as an urnaighe go dtáinic an buille
ar an dorus amuigh. Chuir sí an paidrín
i bhfolach agus d'fhosgail an dorus dhóibh.
Bhí áthas an domhain uirri iad fheiceáil
slán beo aríst acht níor leig sí uirri
fhéin go raibh. Gídh go raibh fonn an
domhain uirri mac a broinne d'fháscadh
le n-a croidhe, ní dhearnadh, mar bhí faithchíos
uirri go mbainfeadh sí an faobhar as
neart a láimhe agus neart a chroidhe. Dá
mbeadh a fhios aige-sean go raibh faitchíos
uirri go mbáithfidhe é, ní bheadh sé níos
tréise ná níos cliste d'a bhárr. Agus
b'é an sgéal céadna aici é i dtaobh a fir.
Bhí an bheirt fliuch báidhte, acht níor
bhaineadar a gcuid éadaigh dhíobh fhéin.
Ní bhéarfadh slaghdán orra-san dá mbéidis
san uisge ar feadh seachtmhaine, óir bhí
taithighe mhaith acu ar a leithéide sin de
shaoghal. Ní raibh fonn cainnte orra
anois agus shuidheadar ag an teine gan
fiú focal a rádh. Acht bhí an bheirt acu
ag déanamh mhachtnaimh ar an bhfairrge
agus ar na garbh-thonnaibh agus go mór-
mhór ar an solus neamh-choitcheannta sin
a tháinic anuas orra go díreach nuair a
bhí an mhisneach ag imtheacht uatha. Níor
labhair siad focal le n-a chéile ó shoin —
ní rabhadar i n-ann rud ar bith a dhéanamh
acht machtnadh ar an solus a chuir an
Mhaighdin Mhuire chúca. Thug bean an
tighe faoi deara chomh ciúin a's bhíodar
acht níor dhúbhairt sí tada. Chuir sí a
gcuid bídh rómhtha ar an mbord agus
dúbhairt leóbhtha suidhe isteach. Rinneadar
amhlaidh agus chaitheadar béile maith agus
níorbh mhiste dhóibh é, de bhrígh nach raibh
fic na frighde le n-ithe acu ó mhaidin.
Chuir an brachán an teas isteach ionnta
agus nuair a bhuaileadar ar ais chuig an
teine bhí fonn cainnte orra go léir.
“Buidheachas le Dia na gcumhacht,” arsa
fear an tighe, “go bhfuilmid slán beó
annso aríst. Ní fhaca mise a leithéide
ariamh agus ní dócha go bhfeicfead aríst
go deó. Buidheachas le Dia agus leis
an Maighdin Muire a Mháthair,” agus
leis an rádh sin thóg sé an cháibín d'a
cheann agus ghearr sé comhartha na croiche
air fhéin. “Go sabháilidh Dia sinn,”
arsan bhean, “is dócha gur imtigh sé go
cruaidh orraibh amach a's amach.” “Mise
i mbannaibh air gur imthigh,” arsan mac.
“Is ar éigin thángamar as, agus deirim
libh anois go bhfuilim-se réidh leis feasta.
Rachad chuig Eabhra Nua agus bainfidh
mé mo shlighe bheathadh amach annsin. Ní
fhéadfhainn fanacht annso níos fuide agus
an lá a bhí ann indiu. Táim ceaptha air
sin anois, agus ní fhuil aon mhaith ann a
bheith ag cur i m'aghaidh.”
“Cé'n sórt cainnte sin ort,” ars' an
mháthair “Nárbh' fhearr liom seacht n-uaire
dá mbáithfidhe anocht thú ná thu a fheiceáil
ag teacht a bhaile chúghainn i gceann roinnt
bhliadhanta gan neart id' ghéagaibh, ná
snódh id' aghaidh, ná creideamh id' chroidhe
agat. Nach bhfuil an sgéal sin againn
le n-a innseacht i dtaobh chuile garsún
dod' leithéide-se a théidheas chuig an áit
sin agus a fhanas ann ar feadh chúpla
bhliadhanta. Ní bhíonn meas an mhadaidh
ag aoinne orra, agus tá an ceart ann.
Acht fágfhaidh mé faoi lámhaibh t-athar thú.”
“Má's maith leis imtheacht uainn,” ar
san t-athair, “bíodh aige. Ní chuirfidh
mise cosg leis. Tá fonn millteach ar
aos óg an t-saoghail seo imtheacht thar
sáile. Ní fhuil aon tír-ghrádh chor ar bith
acu, agus ní chuireann siad aon t-suim
i seanchus na tíre. Ní thréigfheadh mise
talamh na h-Éireann go deó — an talamh
a throid ár sinnsear ar a shon agus a
d'fhág Pádraig Naomhtha a bheannacht i ngach
cúinnín ann. Do chuir mo mháighistir-
sgoile-se an tír-ghrádh ar dearg-lasadh
'mo chroidhe ar thaobh an t-sléibhe, acht bhí
teach sgoile agat-sa agus is dócha nár
chualadh tú ariamh fiú a's focal i dtaobh
na tíre 'nár tógadh thú. Acht b'fhéidir
go mbéidh athrughadh inntine ort nuair
a bhéidh sé ro-dhéireannach dhuit. Tá droch-
shaoghal againn annso, ní fhuil aon dul
in'aghaidh sin, acht tá Dia 'nár measg ann,
agus is fearr sin ná saidhbhreas. Acht
táim cinnte, a mhic ó, nach dtréigfhidh
tusa an creideamh mar tá tú ar tí Éire
bhocht do thréigint, agus pé áit a bhéidheas
tú béidh mo bheannacht leat i gcomhnuidhe.”
Bhí an fear bocht ag síleadh na ndeór
anois, agus an mháthair agus an mac
freisin. Acht bhí sé le feiceáil nach raibh
athrughadh inntine ar an mac, nuair nár
thug sé freagradh d'a athair. Chuadar
ar a nglúnaibh agus nuair a bhí Coróin
na Maighdine Muire ráidhte acu chuadar
a' chodhladh.
Seachtmhain 'na dhiaidh sin, d'imthigh an
fear óg leis go h-Eabhra Nua. Ní gábhadh
a rádh go raibh géar-ghol agus caoineadh
'na dhiaidh agus níos mó de ag na comharsain
ná bhí ag a athair agus a mháthair. Bhí an
t-uaigneas agus an brón ro-dhomhain
ionnta-san, agus níor tháinic aon deór
chúca go raibh sé imthighthe, agus annsin
thángadar go flúirseach. Tháinic athrughadh
mór ar an dteach beag ó shoin amach, agus
ní raibh ceól nó amhráin le cloisteáil
ann níos fuide. D'imthigh cúrsaí chuile
lae ar aghaidh mar ba ghnáthach, acht bhí grian
a mbeathadh múchta. Ní raibh aon t-aoibhneas
nó sólás i ndán dóibh acht amháin nuair
a bhéidis a' rádh a bpaidreacha, agus ní
bréag a rádh nár chuireadar guidhe suas
ariamh chuig Dia gan an deoraidhe bocht
do chur faoi choimirce na bhflaitheas.
Nuair a bhí mí nó sé seachtmhaine gabhtha
thart, thosuigh an sean-fhear ar bheagán
iasgaireacht do dhéanamh aríst agus sul
i bhfad bhí rud eicínt 'gha tharraint amach
sa bhfairrge, ionnus gur ghnáth leis fanacht
amuigh ar feadh an lae ar fad. Bhíodh sé
i gcomhnuidhe ag cuimhneadh ar na laethann-
taibh a chaith sé annsin i n-aoinfheacht le n-a
mhac, agus chuile mhaidin b'fhada leis go
mbeadh sé as an dteach amach agus suidhte
istigh 'na bhád. Annsin bheadh sé sásta
go mbeadh d'fhiachaibh air filleadh thar
ais um tráthnóna. Acht bhí aon lá amháin
ann a ndeachadh sé amach, agus níor
facthas ó shoin amach é. Bhí na h-iasgairidhe
eile ghá thóruigheacht ar feadh coicidhise,
acht sin a raibh aca d'a bhárr. Bhí an bhean
bhocht 'na baintrigh ó shoin amach agus
níorbh' fhurusta dhí a slighe bheathadh do
thuilleadh, acht bhí muinighin aici as Dia
agus d'éirigh léithi. Gidh nach raibh na
comharsain saidhbhir, rinneadar a ndícheall
le saoghal na baintrighe do bhogadh, agus
ní dhearnadh sise dearmad orra-san nuair
a bhíodh sí ag guidhe. Rud eile, ba ghnáth
leóbhtha teacht isteach chuici chuile oidhche
ag déanamh chuarta. Ba mhaith an caitheamh
aimsire sin dhí agus bhí sí an-bhuidheach
díobh d'a bhárr. Acht bhí an bhliadhain ag
teacht chun chríoch, agus ní fhuair sí aon
litir go fóill ó n-a mac, agus mar gheall
air sin ní raibh sí i n-ann sgéal báis a
athar do chur chuige. Mar sin fhéin níor
thréig an mhisneach í. Bhí an creideamh
go láidir 'na croidhe istigh aici agus bhí
sí dúthrachtach san urnaighe. Acht tháinic
lá ar lorg lae, go raibh sé bliadhanta
gabhtha thart, agus ní raibh sgéal ná tuairisg
an deoraidhe le fághail aici, gidh go raibh
a lán d'a chomharsain i n-Eabhra Nua agus
rinneadar-san a ndícheall le-n-a thuairisg
d'fhághail acht do theip orra. Ar chuma ar
bith níor chuir sin aon imnidhe ar an
mbaintreabhach. D'fhan an spriod céadna
aici i gcomhnuidhe agus níor chaill a misneach.
Oidhche d'a raibh sí annsin 'na suidhe le
h-ais na teineadh, d'éirigh an ghaoth go
láidir agus bhí a fuinneamh ag dul i méid
gach móiméad. Bhí súil aici go dtiucfhadh na
comharsain ar chuaird chuici mar ba ghnáthach,
acht níor tháinic. Bhí an oidhche ró-gharbh
agus ró-dhorcha, agus ar an ádhbhar sin
bhí an bhaintreabhach 'na h-aonar ar feadh na
h-oidhche sin, rud nár thuit amach ó cailleadh
a fear bocht. Bhí an ghaoth ag cneadaoighil
agus ag osnaighil taobh amuigh agus bhí
síonán ag rith mór-thimcheall an tighe,
agus chuir sin uaigneas eicínt neamh-
choitchiannta uirri. D'fhéach sí amach
thríd an bhfuinneóig. Ní raibh taobh amuigh
ann acht an dorchadas. Mar sin fhéin
níor thóg sí a súil de, agus sul i bhfad
tháinic i gcuimhne dhí an oidhche úd a bhí sí
ag dearcadh thrídh an ndorchadas céadna,
nuair a chonnaic sí a fear agus a mac
san gcurach amach sa bhfairrge agus iad
ag troid go tréan i mbéal an bháis.
Anois, bhí an fear bocht sínte ar urlár
na fairrge i n-áit eicínt — acht ba chuma
sin, nuair a bhí a anam naomhtha i bhflaithis
Dé, agus bhí sí cinnte go raibh sé annsin.
Acht an mac — cá raibh seisean an oidhche
fhiadháin seo — An raibh sé faoi'n spéir
mhí-thrócaireach i dtír na n-allmhúrach,
nó an raibh sé sínte san úir i bhfad ó n-a
mhuinntir gaol agus ó Éire bhocht? Acht
féach! nach shin í a aghaidh go díreach taobh
amuigh de'n fhuinneóig, ag dearcadh isteach
uirri agus na súile brónacha teas-ghrádhacha
leagtha uirri. “Seadh, gan amhras,”
ar sí, “tá sé caillte. Sin a chuir ag
smaoineadh air anocht mé,” agus do chuir
sí a dá láimh ar a súilibh ar feadh tamaillín.
Nuair a d'fhéach sí chuig an bhfuinneóig
aríst bhí aghaidh an mhic dhílis imthighthe agus
ní raibh ann acht an dorchadas. Is ar
éigin a bhí sí i n-ann éirighe, acht tháinic
suaimhneas Dé ar a h-aghaidh aríst agus
chuaidh sí ar a glúnaibh le cúpla paidreacha
a rádh ar son anama mic a broinne. Ar
feadh leath-uair bhí sí annsin agus bhí
aghaidh an mhic taobh amuigh de'n fhuinneóig.
Annsin tháinic buille ar an dorus amuigh
agus d'éirigh sí de phreab a' rádh go h-íseal,
“Ní féidir go bhfuil aoinne ag teacht ar
chuaird agus an uair atá ann anois.”
D'fhosgail sí an dorus agus cé bhuailfeadh
chuici isteach acht a mac féin, slán beó
aríst i n-aimhdheóin gach cruadhchás agus
gábhadh 'na raibh sé ariamh. “Ó, a chuisle
mo chroidhe,” ar sí, agus bhí sí fásgtha le
n-a chroidhe ar an bpoinnte boise. “Is
mise, da ríridh, a bhí taobh amuigh de'n
fhuinneóig, a mháthair,” ar san mac.
“Bhíos cinnte go mbéadh tú ag guidhe, mar
ba ghnáthach,” agus do leig sé gáire as
nár thaithnigh go ró-mhaith léithi, acht níor
leig sise uirri nár thaithnigh, gidh gur
bhain an gáire sin an t-aoibhneas ar fad
as a croidhe, de bhrígh gur thuig sí leis
nach raibh an creideamh ró-láidir aige.
Mar sin fhéin bhí áthas uirri go raibh sé
annso aríst, agus bhí a fhios aici go
bhfillfheadh an creideamh ar ais dhó aríst.
“Buidheachas mór le Dia go bhfuil tú
annso aríst,” ar san mháthair faoi dheireadh
nuair a bhí uathbhás an chéid móiméid gabhtha
thart. “Is deas an rud é bheith sa mbaile
aríst,” ar seisean, acht níor tharraic
sé ainm Dé isteach agus chuir sin sleagh
bhróin trí chroidhe a mháthar. Do chaitheadar
roinnt mhaith de'n oidhche ag cainnt agus
faoi dheireadh d'innis an mháthair dhó gur
báitheadh a athair amuigh sa bhfairrge.
Bhí brón air mar gheall air sin, acht níor
chuir sé morán suime ann. Ba mhór ar
fad an t-athrughadh a bhí tagtha air ó d'imthigh
sé go h-Eabhra Nua. Ní raibh sé chomh
láidir a's bhí sé, agus bhí dath dubh ar a
aghaidh agus dath liath ar a ghruaig. Nuair
a bhíodar ag dul a chodhladh an oidhche sin
d'iarr an mháthair air dul ar a ghlúnaibh
agus cúpla urnaighe a rádh ar son anama
a athar — acht dubhairt sé go n-abróchadh
sé 'sa seómra iad, agus chuaidh sé a chodhladh
gan fiú comhartha na croiche do ghearradh
air fhéin. Acht d'fhan an bhaintreabhach
bhocht ar a glúnaibh ar feadh dhá uair a
chloig 'na dhiaidh sin ghá athchuingidh go
láidir ar Dhia an creideamh do thabhairt
ar ais do'n deoraidhe bocht a bhí thar éis
filleadh a bhaile.
Tháinic an Domhnach, acht ní dheachaidh
an fear óg chuig an aifrinn agus annsin
bhí a fhios ag chuile duine go raibh an creideamh
caillte aige agus ó shoin amach ní raibh
fonn ar aoinne bheith ag cainnt leis.
Acht ba chuma leis. Bhí neart airgid
aige agus chomh fhada as nár bhacadar
leis, bhí sé sásta. Acht bhí an mháthair
bhocht ag dul i n-aois agus bhí a neart
agus a misneach croidhe ag éalughadh uaithi
i ngan fhios dí. Bhí an mac i gcomhnuidhe
ag iarraidh a chur d'fhiachaibh uirri labhairt
as an mBéarla, acht níor éirigh leis.
“Nach féidir leat labhairt i mBéarla,”
adéireadh sé, “agus níos fearr ná i
nGaedhilg na theannta san.” “Ár ndóigh,
ní fhuil aon dochar 'san nGaedhilg, a mhic ó.
'S í teanga m'athar a's mo mháthar romham
í, agus tá sí sáith-maith dhomhsa.” “Tá a
fhios agam sin go maith, acht ní féidir
le h-aoinne fiú a's dhá fhocal a labhairt
as an nGaedhilg gan ainm Dé agus
ainmneacha na naomhtha a tharraint anuas.”
“Go ndéanaidh Dia trócaire ar t-anam
agus foclai mar sin do leigint thar do
bhéal,” ar san mháthair. “Ní ceart dhuit
masladh do chur ar ainm Dé mar sin.
Tá spiorad Dé sa nGaedhilg agus is mar
gheall air sin do ruaigeadh as na sgoil-
teachaibh agus beagnach as an tír ar fad í.
Bhí fuath an domhain ag muinntir Shasana
dhí, de bhrígh go bhfaca siad go raibh spiorad
Dé innti. Agus tá súil agam-sa go
bhfillfidh an creideamh dhuit-se an fhaid
a's bhéidh d'fhiachaibh ort an Ghaedhilg a
labhairt.” As an lá sin amach níor chuir
sé isteach uirri ar an gcuma sin, agus
ar ndóigh is annamh a bhíodar ag cainnt
le-n-a chéile chor ar bith, mar ní raibh fonn
uirri labhairt leis, mar gheall ar a easbaidh
chreidimh.
Chaitheadar leath-bhliadhain is tuilleadh
ar an gcuma sin, agus annsin tháinic
mian eicínt ar an bhfear óg dul amach
ar an bhfairrge chun na ballai go léir
a fheiceáil a chaith sé an chuid is mó d'a
shaoghal ionnta i gcuideachtain a athar.
Chuaidh sé amach lá a's níor fhill sé go
dtáinic an dorchadas anuas air. Nuair
a tháinic sé a bhaile níor labhair sé focal
agus thug a mháthair faoi deara go raibh
athrughadh eicínt ag teacht air. Ní raibh
a fhios aige fhéin céard a bhí ag cur as dó,
acht bhí áit fhollamh 'na chroidhe istigh, agus
ní raibh sé i n-ann an t-uaigneas ná an
éagcaoine do ruaigeadh as. D'airigh sé
gur chuir a chuaird do'n fhairrge feabhsughadh
mór air agus cheap sé rún daingean
dul ann chuile lá. Ar an lá ar na bháireach
d'imthigh sé amach aríst agus chuile lá
'na dhiaidh sin. Chuaidh sé amach aon lá
amháin agus nuair a bhí sé ag filleadh ar
ais um tráthnóna d'éirigh an ghaoth go
láidir 'na aghaidh, agus ní raibh sé i n-ann an
bealach do chur dé ar chor ar bith, gidh go
raibh a bhrígh agus a chumas nádúrtha 'na
ghéagaibh agus a shean-chródhacht 'na chroidhe
aige aríst. Bhí an ghaoth ag éirighe agus
an dorchadas ag tuitim agus bhí a fhios
aige go maith gur baoghlach nach dtiucfhadh
sé as an cor so. Annsin tháinic i gcuimhne
dhó an oidhche úd a bhí sé annsin le n-a
athair — ní raibh faitchios air roimh an mbás
an oidhche úd, acht bhí faitchios air anois.
Tháinic i gcuimhne dhó an solus a cuireadh
chúca ó'n spéir — acht ní dócha go dtiucfadh
solus chuige anois, nuair a bhí masladh
curtha aige ar chumhacht Dé. Chuaidh an
ghaoth i dtruime ó móiméad go móiméad,
agus bhí na garbh-thonnai ag teacht suas
chuige le fuinneamh mí-thrócaireach — agus
d'imthigh an mhisneach uaidh. Ní raibh cabhair
le fághail aige ó Dhia ná ó dhuine. Is
annsin tháinic a mháthair i gcuimhne dhó,
agus bhí a fhios aige go raibh sí ag guidhe
ar a shon an móiméad sin fhéin, a's thug
an smaoineadh sin misneach dhó. D'fhosgail
sé a bhéal a's tháinic na briathra so amach
uaidh 'na aimhdheóin beagnach, “Ó, a Dhia
na gcumhacht, déan trócaire ar m'anam
ar a laighead — agus déan do rogha rud
le mo chorp. Ó, a athair bhoicht a báitheadh
annso, guidh 'un Dia ar mo shon.” D'árduigh
sé a cheann agus cé chífeadh sé ar a ghlúnaibh
i ndeireadh an bháid acht a athair bocht
agus a lámhanna sínte amach aige chuig
an spéir. Níor labhair an fear óg, agus
níor chualadh sé aon fhocal 'choiread —
acht do chiúinigh an fhairrge agus do scaipeadh
an dorchadas agus d'imthigh a athair as a
radharc. “Buidheachas mór le Dia na
gcumhacht,” ar sé annsin, “agus go
ndéanaidh sé trócaire ar anam m'athar
bhoicht.”
Tháinic sé a bhaile 'na dhiaidh
sin agus sheas sé taobh amuigh de'n
fhuinneóig. Chonnaic sé a mháthair agus
í ar a glúnaibh, cathaoir roimhthi amach
agus a lámhanna leagtha uirri. Bhí a ceann
cromtha síos aici, agus bhí a fhios aige
go maith go raibh sí ag guidhe ar a shon.
“Béidh áthas a croidhe uirri anois,” ar sé,
“nuair a innseóchad dhí go bhfuil muinighin
agam as Dia aríst, agus cuirfidh an
sgéal sin aoibhneas agus sólás eicínt
i ndeireadh a saoghail. Rachad isteach
anois go ciúin socair i ngan fhios dí agus
ní aireóchaidh sí mé go mbéid ar mo ghlúnaibh
le n-a h-ais,” agus isteach leis. B'fhíor
dhó é, níor airigh sí é, agus chuaidh sé ar
a ghlúnaibh i n-aice léithi. D'fhan sé mar
sin ar feadh ceathramhadh a' chloig, acht
níor chorruigh a mháthair. Annsin shaoil
sé, b'fhéidir go raibh sí 'na codhladh agus
do ghlaoidh sé uirri go bog réidh — “A
mháthair” — acht ní fhuair sé aon fhreagradh.
Tháinic sgannradh air annsin a's do leag sé
a lámh ar a lámhannaibh 'na raibh a paidrín
casta ceangailte aici, agus bhíodar chomh
fuar leis an leac-oidhre. Bhí a fhios aige
annsin go raibh sí marbh. Níor éirigh sé
as a ghlúnaibh go dtáinic an mhaidin. Bhí
a fhios aige go bhfuair sí bás ag guidhe
ar a shon, agus bhí ceaptha aige a lán-
dhícheall a dhéanamh anois le suaimhneas
flaithis d'fhághail dí chomh tapaidh a's
d'fhéadfhadh sé é. Bhí ceaptha aige freisin
a dhícheall do dhéanamh le cosg do chur
le Éireannaighibh ar bith arbh mhian leo
an tír d'fhágáil, mar bhí a fhios aige-sean
go maith gur baoghlach go gcaillfhidís
an creideamh. Agus do ghlac sé rún
daingean a dhícheall do dhéanamh ar son
teangan a thíre de bhrígh go raibh spiorad
Dé ceangailte go dlúth léithi. Bhí a fhios
aige gur mar gheall air sin a bhí a mháthair
chomh dúthrachtach 'na labhairt agus bhí a
fhios aige go raibh sí ghá tharraint ar ais
chuig an creideamh leis an meódhain sin.
Thuig sé gur fíor an focal é, “Gan tír
dhúthchais gan chreideamh; gan teanga
gan chreideamh,” agus bhí brón air nár
thuig sé níos túisge é, mar bhí a mháthair
agus a athair caillte aige d'a bhárr.
Acht b'fhearr dhó a thuigsint anois ná
thar éis an bháis, agus cheap sé rún gan
dearmad do dhéanamh air go bráth. Leis
an machtnamh sin d'fhosgail sé an dorus
agus tháinic an grian chomh láidir ag
sgaladh isteach ann gurbh' éigin dó a chúl
do thabhairt air, agus annsin d'fhéach sé
ar a mháthair. Bhí solus na gréine na
luighe uirri, bhí a súile dúnta go bog
séimh aici, agus shaoilfeá nach raibh sí
acht 'na codhladh. Bhí an phaidrín 'na
lámhaibh aici agus bhí suaimhneas Dé 'na
h-aghaidh. Do chrom an mac agus do phóg
sé imeall a práiscín agus tháinic na
focail so as a bhéal, “Guidhe ar mo shon,
a mháthair dhílis, agus seól i mbealach
Dé mé.” Níor fhéach sé uirri níos mó,
acht chuaidh sé amach faoi'n spéir, agus
tháinic na deóra go flúirseach chuige
annsin. Thug sin sólás mór dhó, agus
an chéad rud a ndearnadh sé tá guidhe
a chur chun Dé ionnus go dtiúbhradh Sé
bogadh chroidhe do gach deoraidhe Gaedhileach
a bhí i bhfad i gcéin ó n-a thír dhúthchais agus
ó n-a mháthair.
DÓMHNALL Ó CORCORÁIN.
TRÍ SGÉALTA GEARRA Ó
CHONNDAE MHUIGHEO.
I. SGÉAL CÚCHULAINN.
Bhí Aibhnín gabha ins an gceardcha, lá,
agus tháinig fear isteach d'a dtugadh
siad Cúchulainn air agus cláidheamh leis
agus dubhairt sé go n-innseochadh sé
sgéal dó nar h-innsigheadh agus nach
n-innseochaidhe go gcríocnochaidhe an domhan
sgéal a b'fearr ná é, acht gan aon duine
a bheith ag éisteacht leis acht é féin. Chuaidh
sé a bhaile an oidhche sin agus bhí sé ag
innsint faoi an fhear a tháinig isteach.
Dubhairt an bhean leis annsin nach raibh
aon mhaith ann ag tógáil sgéil acht go
mbeadh sí féin ann, agus go dtóigeadh
sí an sgéal níos fearr ná eisean.
Chuaidh sí faoi'n mbairille ar fhaitchios
go bhfeicfeadh Cúchulainn í. Chuaidh sé ag
innsint an sgéal agus chuaidh an gabha
ag cur deis ar an gcláidheamh.
Dubhairt sé annsin go raibh sé, lá, ins
an gcoill agus tháinig fathach mór chuige,
agus chaithfeadh sé a hata ins an spéir,
bhí sé chomh hárd sin, agus bulán goidthe
aige ó fhathach eile. Rinne sé teine mhór
annsin. Rinne sé dhá leath de'n bhulán,
chuir sé síos leath aca agus d'ith sé a sháith.
Shín sé siar cois na teineadh. Bhí sé trí
lá dá ghoid. Bhí sé mar thosgadh 1 as gur
ghoill sé air. Bhí an fear beag, sin
Cúchulainn, bhí sé shuas ar an tom ag faire,
agus chuir sé [an fathach] an leath eile
síos do Chúchulainn, acht dubhairt sé leis
a dhúiseacht dá bhfeicfeadh sé an fathach
eile ag teacht, agus bliocán mór de bhun
an chrainn a bhí ins an teine a bhualadh ins
an éadan air, agus mura ndúisigheadh
sé sin é, ladhraicín a choise deise a bhaint
dhe.
Nuair a chonnaic sé an fathach eile ag
teacht, bhuail sé an crompán 2 air agus
bhain sé an ladhraicín de. Nuair a rinne
sé sin, chuir an fathach suas a lámh agus
shíl sé gur mórlán míoltóg a bhí air.
Tháinig an fathach eile, agus d'ionnsuigh
an bheirt a chéile, acht bhí an fear beag ar
an tom. Bhí an fear a tháinig ag fagháil
an bhuaidh ar an bhfear eile, acht bhí seisean
ag faire. “A shoir dhíoth,” 3 ar san fathach,
“Bá mhaith do chongnadh 'san ithe acht is olc
do chongnadh ins an gceangal.” 4 Nuair
a spreag sé é, tháinic sé anuas o'n tom.
Rug sé ar slis bheag adhmuid agus chuaidh
sé ag déanamh staigre in a chuid feóil
nó gur chuir sé a dhá chois ar a mhuinéal,
agus bhí sé dhá bhualadh ins an gcloigeann
nó go raibh a inchinn ag teacht amach ar
mhullach a chinn, acht chuir sé suas a lámh
annsin agus rug sé Cúchulainn ins an
nglaic air agus thug sé aon chaitheamh
amháin dó agus chuir sé isteach in adhairce
daimh é. Annsin labhair an chailleach:
“ní cú Chulainn ba chóir a thabhairt ort
acht cú adhairce, mar chuir sé isteach in
adhairce daimh thú.”
Rug sé ar a chláidheamh annsin agus
bhain sé an ceann dí, agus bhí an sgéal
inniste annsin.
II. AN FEAR A BHÍODH AG IMIRT NA
gCÁRDTHAÍ.
Bhí fear ann agus bhí dúil mhór in imirt
cárdaí aige. Bhí bean bheag láthach agus
triúr clann aige. Bhíodh sé 'chuile oidhche
ag imirt agus ag ól. An oidhche seo ní
raibh aon phighinn airgid aige. Bhí a fhios
aige gur dhíol a bhean suim beag uibheacha
le haghaidh salainn agus gallaoirigh agus
'chuile rud le haghaidh an tighe a cheannach.
Dubhairt an fear léithe na pighneacha sin
a thabhairt dó le haghaidh na hoidhche. “Ní
thiubhraidh,” ars an bhean, “teastuigheann
siad le haghaidh usáide an tighe. “Bí
'do thost,” ars an fear, “acht tabhair
dhom an tairgead.” “Ní thiubhraidh,” ar
san bhean arís. Rug sé thall 5 a chaoi
uirri go gcraitheadh sé an t-airgead aisti
acht d'éirigh léithe an buaidh a fhagháil air
agus chongbhaidh sí an t-airgead.
Nuair nach dtáinig leis an t-airgead a
bhaint dí, shiúbhail sé amach go dtí an bóthar.
Ní raibh a fhios aige cé an chaoi a chaithfeadh
sé an oidhche nuair nach raibh aon phighinn
airgid aige le dul go teach an imirt nó
an óil. Tháinig fear chuige agus d'fhiafruigh
sé dhe cá bhfuigheadh sé teach a bhéadh ól ann.
“Tasbáinfidh mise sin duitse,” ar san
fear. “Teanam leat,” ars' an fear a
casadh leis.
Nuair a ghabh siad isteach i dteach líonta
le daoine ag imirt agus ag ól, ghlaoidh
sé ar phinte biotáilte le haghaidh na beirte.
Chuir sé síos a lámh in a phóca go níocadh
sé air. Thug sé aníos lán a dhuirn óir as
an bpóca. Ghlaoidh sé ar leath-ghalúin óil
le haghaidh 'chuile dhuine. Chuir sé a lámh
ins an bpóca eile agus tug sé aníos dorn
eile a bhí níos mó 'ná an chéad cheann. Bhí
sé ag glaoidhe ar ól nó go raibh 'chuile
duine tuitthe ar meisge. Ars' an fear
a thasbáin an bealach dó: Cé an chaoi
an bhfuil an tairgead agat, nar bh'aoibhinn
dom dá mbéadh an oiread airgid i 'chuile
phóca agamsa. “Is furas duit sin a
bheith agat, má thógruigheann tú é, má ghnidh
tú margadh liomsa a thigheacht liom nuair
a bhéidheas fiche bliadhain suas.” Rinne
siad an margadh agus tharraing siad na
hairtiogail eatthora go mbéadh airgead
aige i 'chuile phóca a chuirfeadh sé a lámh
ann. Bhí an margadh déanta agus d'imthigh
an fear.
Bhí saoghal breágh aige annsin nuair a
bhí neart airgid aige ag imirt agus ag ól
nó go raibh an tam in aice a bheith suas.
Nuair a bhí sé i bhfuiseacht mí an ama a
bheith suas bhí faitchíos ag tigheacht air.
D'innis sé go sagart an pharáiste é, an
lá agus an uair a bhéadh an tam suas.
Nuair a tháinig an lá bhí an oiread ann as
cruinneochthá as seacht naontaighthibh. Bhí
na sagairt ann. Ar an bpoinnte a raibh
an uair shuas, tháinig sé in a choinne,
“Teanam leat,” ar seisean.
“Ní rachaidh sé leat,” arsa sagart an
pharáiste. “Caithfidh mé mo mhargadh a
fhagháil,” ar seisean. “Ní bhfuighidh tú do
mhargadh,” ar san sagart agus bhí sé ag
leigheadh go raibh sé ag cur alluis agus
go raibh sé ag éirighe lag. “Caithfidh mé
mo mhargadh a fhagháil,” ars' an buachall
arís. Sheas an séiplíneac suas: “Is
ionndrach thú,” ar seisean, “bhí sé
ceannuighthe romhat. Cheannuig ar slánuigh-
eóir Íosa Críost é.” Agus thosuigh an
séiplíneach ag léigheadh arís, agus chuir
sé ar siúbhail in a splannc tinneadh é.
III. MAOR ACLA.
Bhí maor in Acaill agus bhí sé iongantach
fallsa. Bhí sé sínte ar taobh an chnuic,
lá, bhí duine uasal ag dul an bealach,
agus d'fhíafruigh sé dhe, “cé hainm an
chnuic údaidh thall?” Bhí sé chomh fallsa
as nach ndearnaidh sé acht comhartha dhó
le na chois. Ars' an duine leis, “má
thasbáineann tú rud níos fallsa ná an
chéad rud, bheirfidh mé leathchoróin duit.”
Chaith sé é féin síar agus dubhairt, “cuir
i mo phóca é.” Bhí an leath-choróin saortha
aige annsin.
Ní dhéanfadh sé thurn' acht maorsanacht
beithidheach. Bhí sé lá amuich, casadh aon
iolra mór leis agus cheap sé é, thug sé
leis a bhaile é agus rinne sé peata dhe.
Bhí seandhuine aige agus losgeadh sé
préacháin agus 'chuile shórt éanlaith le
haghaidh an iolra mhóir. D'fhás sé suas go
raibh sé in a éan mhór.
Bhí go maith go dtáinig ordughadh an
maorsanacht a thabhairt suas. Ní raibh
duil aige “turn” oibre ar bith a dhéanamh.
Rinne sé suas inntin annsin dul amach
go dtí an oileán úr. Nuair a bhí sé coigthís
imthighthe, bhí buaidhreadh mór ar an iolra
mór; ní raibh sé ag fagháil greim le n-ithe
acht a sholathar fhéin. Is é an obair a
fuair máighistir an iolra mhóir ins an
oileán úr ag gearradh crann 'san gcoill.
An crann a bhí sé ag gearradh an lá seo,
bhí sé chomh mór go raibh ceathrar nó cúigear
i gcuideachta ghá ghearradh. Bhí maith go
leor go dtáinig am dinéir. Chuaidh siad
isteach agus d'ith siad an dinéar.
Nuair a chuaidh siad amach o'n dinéar
bhí na casóga orra. Sul a bhain siad na
casóga díobhtha chulaidh siad an tuaim i
mbárr an chrainn. Tháinig an t-iolra mór
anuas leis an scuabadh sin. Buaileann
sé crúb i gcába a chasóige, ceann eile in
a chaoldruim. D'árduigh sé leis é. Shíl
an triúr fear eile gur go flaitheas a bhí
sé ag dul, acht dubhairt fear aca go raibh
na hainglidhe geal agus go raibh an buachall
seo dubh. D'árduigh an t-iolra mór a
seólta suas agus suas ins an aer, agus
as go bráth leis anall go hAcaill agus
an fear leis in a dhá chrúbh. An tam a
dtáinig siad go h-Acaill, bhí na daoine
uilig istigh ag an ndinéar. Ins an earrach
a bhí ann, bhí siad ag fursughadh áit fataí
agus coirce. Cheangal sé an tiolra mór
do'n chlaoidhe, agus chuaidh sé féin isteach
chun an tighe. Bhí fáilte an domhain roimhe
agus iongadh mór orra faoi n-a fheiceáil
ins an mbaile. Tháinig gasuir an bhaile
ag dearcadh ar an iolra mór agus bhí siad
ag cathadh dartachaí 6 aige. Nuair a tháinig
siad amach ó'n dinéar, bhí an piosa fur-
suighthe ag an iolra mór.
Nuair a chonnaic sé an obair a bhí déanta
aige chuaidh sé ag fursughadh ar páigh leis.
D'fhurs sé leis aníar Tír an Áir, aníar
Bhuiréis, amach Gleann Hest go ndeachaidh
sé anonn go dtí na Baic. Bhí an oiread
saortha aige annsin as nach raibh call aige
turn a dhéanamh ó shoin.
Sighle Nic an Ultaigh d'innis an chéad
sgéal dom agus Pádraig Mac Muiris
a d'aithris an dá cheann eile. I Sraith
Mór, Tír Amhalghaidh, do bailigheadh iad.
A. Ó. M.
NÓTAÍ.
1 Is ionann “mar thosgadh” agus a bheith gan
rud ar bith ithte. Mar sin atá sé níos measa ná
trosgadh ar feadh an lae, mar atá aon bhéile amháin
agat. Tá duine mar thosgadh ar maidin sul a
itheann sé a bhricfeasta. Ní'l a fhios agam an é
seo an litriughadh ceart. Is é fuaim “hesgoo”
do réir fuamanna an Bhéarla atá air.
2 Seo píosa mór garbh adhmuid agus cnapaí
agus sleagha admuidh ar a thaobhaibh.
3 Ní féidir Béarla a chur ar seo agus ní'l
a fhios agam cé an litriughadh is ceart a chur air.
Cialluigheann sé gráin nó míoshásamh in intinn
an duine a labhruigheas in aghaidh beart nó duine
nach ndearna an rud ba chóir do nó a rinne rud
nár chóir.
4 Ní fhuil mé cinnte an bhfuil sé seo shíos i
gceart agam, cia aca, “ins an gceangal,”
nó, i na chongbháil, .i. ag congbháil an rud a d'ith
sé agus ag tasbáint gur ith sé.
5 Thall — over, acht ní thuigim cé is ciall leis
an cuid eile “a chaoi.” Bhí na trí focail le na
chéile ag an seanchaidhe agus fuaim “hallachuidhe”
orra. Is é an chiall atá leis an rádh ar fad,
“Chuaidh sé thall chuici agus rug sé uirri.”
6 Is ionann “dartachaí” agus caoráin móna
nó cré.
OBAIR NA CÚIRTE.
Páipéar do léigheadh ós comhair Cúirt na nGaedheal.
SAN ochtmhadh aois déag do bhíodh cúirteanna
ag lucht léighinn is filidheachta i n-áiteannaibh
áirighthe i nÉirinn. Bhailigheadh lucht na
héigse isteach i dtigh éigin b'fhéidir, agus
do thugaidís uatha amach a raibh ionta le
rádh i bhfilidheacht fhíor-Ghaedhealach. Is mar
sin a cimeádadh ealadha filí na nGaedheal
go beo bríoghmhar in aimhdheoin an drochthreo
a bhí ag teacht ar an nGaedhilg san am san.
Ba dhíobhsan Cúirt na Rátha agus Cúirt
na Blárnan agus tá cuid dá gcuid saothair
le léigheamh anois againn — ar shlighe go
dtuigimíd cad ab fhiú na cúirteanna úd
chun léighinn agus suilt agus grinn. Tá
Cumann againn fé láthair i nÉirinn
Cumann na hÉigse — agus is deimhin linn
go bhfuil sé ag leanmhaint ar an obair
úd na sean-chúirteanna agus na sean-
sgoileanna a bhí ag ár sinnsear rómhainn.
Cuireann sé roimis cothú na suadh-éigse
a dhúiseóchaidh na Gaedhil bhochta ón trom-
shuan 'na bhfuilid le fada bhliadhantaibh.
An chúirt seo againn-ne annso, siní an
chúirt go bhfuilim ag tagairt di anocht.
Is beag fhilidheacht a léigheadh os a comhair
ach b'fhéidir nár mhiste dhúinn tabhairt fén
bhfilidheacht ó am go ham. Ní bheadh a fhios
agat cathain a dh'eireóchadh file 'nár measg
nárbh fhile go dtí é! B'fhéidir go bhféad-
fhaimís filidheacht níos fearr a chúmadh
ná a bhfuil cúmtha ag éigse na cúirte
gallda so i ngar dúinn. Ach beidh teacht
thar an bhfilidheacht againn ar ball.
Is deallraightheach gurab é a bhí i n-aigne
ag lucht tosnuighthe obair na Cúirte ná
gurbh fhearrde é a n-eolas ar an nGaedhilg
agus gur mhóide a dtaithneamh di. Sin a
bhí uatha — chun gur fearrde a labharfaí
agus a sgríobhfaí an Ghaedhilg dá bharr
insa choláiste seo. Bhí súil acu, dar
ndóigh, go neireóchadh as an gcúirt bheag
so Cumann Litridheachta na Gaedhilge —
cumann a chothóchadh ughdair chun na
Gaedhilge sgríobhadh go blasta binn tar
éis sgaipeadh dhóibh ar fuaid na hÉireann.
Déarfadh aoinne go raibh an ceart acu a
a leithéid de Chúirt do chur ar bun. Ag
aithbheodhchaint na Gaedhilge dhúinn, caith-
fimíd aire thabhairt don litridheacht. Dá
fheabhus é ár neolas ar Ghaedhilg na
haimsire seo agus dá fheabhus é ár neolas
ar leabhraibh ár sinnsir, is eadh is fearr a
bheidh ulmhú déanta againn chun na leabhar
atá le teacht chughainn leis an aimsir.
Is mó cor a chuir muintir na Cúirte
dhíobh chun na Cúirte a chimeád ar siubhal
ó bhliadhain go bliadhain. Bíonn díos-
póireacht againn. Bíonn amhráin is ceol
is rinnce againn. Léightear páipéar dúinn
go minic agus deintear greas cainte 'na
dhiaidh. Is maith iad san go léir — an fhaid
is atáid ag dul chun leasa na Gaedhilge
insa tigh seo. Nílim chun cúrsaí ceoil a chur
trí chéile anois agus ní bhainfead leis an
rinnce ach chomh beag. Ach tugtar cead
dom, a Éigse na Cúirte, bheith ag caint
rómham sa tshlighe ag trácht ar aon rud a
théigheann chun tairbhe don Ghaedhilg 'nár
measg. Sin mar is fearr a thabharfaimíd
congnamh dá chéile.
Dubhairt duine éigin go ndéanfadh
fiche duine gnó Cumann Litridheachta an
Bhéarla sa tigh seo. Is eol dúinn go léir
a bhfuil de Bhéarlóiríbh blasta binnbhriath-
racha 'nár dtimcheall agus a luighead dá
chomhthrom de Ghaedhilgeóirí. Níor bheag
dúinn-ne, dá bhrígh sin, cuid ba lugha ná
san chun gnó Cúirt na nGaedheal. Is é
feabhus na hoibre a dheinimíd a chuirfidh
clú is cáil ar ár gcúirt-ne agus ní hí
uimhir na ndaoine a bheidh cruinnighthe inti.
Na mic léighinn a thagann isteach chughainn
annso, bíonn an Ghaedhilg go flúirseach
acu de ghnáth, bíodh gur beag díobh go mbíonn
sí ón gcliabhán acu. Is mór an tairbhe
d'aoinne go bhfuil cuid Gaedhilge aige
teacht chun na Cúirte oidhche sa tsheacht-
mhain. Beidh annso os a chomhair na
Gaedhilgeóirí is fearr sa tigh seo ó gach aon
chúige de chúigíbh na h-Éireann. Cloisfidh
sé iadsan agus ní fada go mbeidh sé ar a
chumas aon tsaghas Gaedhilge a thuisgint.
Ní ró-mhór an deifirigheacht atá idir
Ghaedhilg na háite sin agus Gaedhilg na
háite úd. Is mar sin a chuirfidh sé feabhus
ar a chuid Gaedhilge féin agus beidh sé ag
tabhairt congnaimh dá chomhaltaíbh annso.
Ní bheadh ach gnó díomhaoin istigh sa Chúirt
againn, mura mbeadh go labharfaimíd an
Ghaedhilg an fhaid is atáimíd ar an dtaobh
amuigh dhen chúirt. Má tá smaointe dá
fheabhus is dá dhoimhneacht aige duine
caithfidh sé úirlis éigin a bheith aige chun
iad a chur os cómhair an tshaoghail. Isí
úirlis go bhfuil trácht uirthi anois againn —
Gaedhilg na haimsire seo. Ní hí an
Ghaedhilg mar a sgríobhadh í míle bliadhan ó
shin ná leathmhíle bliadhan ó shin í. D'fhéad-
fadh duine Gaedhilg a sgríobhadh ar nós
Mhíchíl Uí Chléirigh nó ar nós seanughdair
eile ach is beag an mhaitheas a leithéid de
chleachtadh do theanga na nGaedheal.
Caithfar an Ghaedhilg a sgríobhadh ar shlighe
go dtuigfí thú gan puinn d'á dhuadh i
measg lucht labhartha na Gaedhilge. Ba
chuma dá mb'í Laidean nó Sanscrit nó
teanga marbh eile a bheadh ar láimh agat.
Ach beatha na Gaedhilge a theastuigheann
uainn-ne pé slighe a ghabhann na sean-
leabhair is na seanughdair. Agus is í
beatha na Gaedhilge í labhairt. Sin fé
ndeár an fothrom agus an gleo i dtaobh
na Gaedhealtachta agus i dtaobh na
Gaedhilge mar a labhartar í. Agus dá
bhrígh sin, a cháirde, ná bímís ag teacht
isteach annso chun leath-uair a' chluig a
chaitheamh ag gabháil don Ghaedhilg muran
rud go labharfaimíd í ar an dtaobh amuigh
dhen Chúirt ar feadh na seachtmhaine.
Ós ag trácht dom ar chaint na ndaoine
é, ní cóir dom gan tagairt do ghnó áirighthe
go bhfuil suim ag cuid mhaith agaibh inti.
Sé sin bailiú seansgéalta agus seanamhrán
agus aon rud, a bheag nó a mhór, go bhfaghfar
fíor-Ghaedhilg inti. Sin slighe 'na bhféadfaí
ana-chabhair a thabhairt don Ghaedhilg. Is
mó duine de Chuallacht Chuilm Chille adeir
nuair a hiarrtar air aiste a sgríobhadh —
“Ní fhéadfainn aon rud a sgríobhadh — ná
bí á iarraidh orm.” Ach ar shon go bhfuil sé
chomh humhal leis an gciaróigín féin, féad-
faidh sé bheith a saothrú na Gaedhilge mar a
labhartar í san áit n-a mbíonn an chaoi
aige chuige. Tá an obair sin á dhéanamh
annso is annsúd ar fuaid na tíre. Ní
ghádh moladh a thabhairt dosna sgéaltaibh
má cuirtar síos i gceart iad. Ní baoghal
duit droch-Ghaedhilg má tá a chomhmhaith de
Ghaedhilg agat féin. Ná bíodh aon fhonn ort
feabhus a chur ar an nGaedhilg a gheobhair
ósna sean-Ghaedhilgeóirí. Seachain tú féin
ar eagla go mbeadh. Galar millteach
iseadh galar fir feabhsuighthe an folk-
speech. Agus rud eile — an rud is mó
brígh dúinn-ne ach go háirighthe — níl aon
tshlighe is fearr chun na Gaedhilge d'fhoghluim
i gceart ná bheith ag déanamh a leithéid sin
d'obair más féidir é.
Tá daoine adeir gur beag a bhfuil le
léigheamh againn ins an nGaedhilg ach sean-
sgéalta agus a fhios ag an saoghal mhór
gur mó sgéal eile atá ag teastáil uainn.
Deirtear ná fuil puinn le léigheamh againn
seachas caint i dtaobh fathach agus lucht sidhe
na seanaimsire, agus tart buile orainn
ar easba sgéalta i dtaobh fathach agus lucht
sidhe na haimsire seo. Tá cuid den fhírinne
sa ghearán san. Ní headh go bhfuil an
iomad seansgéalta againn sa nGaedhilg
ach ná fuil sgéalta nua againn i gcóir
lucht léighte na Gaedhilge. Is é freagra
a thabharfainn-se do lucht an cháinte go
dtiocfaidh gach toradh in am is i dtráth
agus go gcaithfimíd ár ndícheall a dhéanamh
agus feitheamh go foighneach leis an
bhfoghmhar. Do b'fhada an sgéal é a
mhíniú conus a thárlaidh an driuch so
ar an nGaedhilg. Is é deire an sgéil
ach go háirighthe go bhfuil sé d'fhiachaibh
ar an gcuid is mó dhínn an Ghaedhilg d'fhogh-
luim gan trácht ar í a sgríobhadh ná í a
labhairt mar ba dhual sinnsir dúinn. Ní
haon iongnadh ná fuil puinn ughdar 'nár
measg a chuireann a gcuid machtnaimh i
nGaedhilg chliste dheis. An áit go mbíonn
an Ghaedhilg ní bhíonn an mheabhair chinn
ná an éirim aigne inti, b'fhéidir, agus
ní ghádh dhúinn trácht ar an áit ná bíonn an
Ghaedhilg inti i n-aon chor.
Sin é adéarfainn i dtaobh caint na
ndaoine agus an aire ba cheart dúinn a
thabhairt di. Is fearr i bhfad, dar liom,
do dhuine den Chuallacht so bheith ag bailiú
sean-sgéalta nó seanamhrán ná bheith ag
sgríobhadh novelette as a chuid droch-
Ghaedhilge. Caint na ndaoine — sin í a
bheidh fighte mínighthe go háluinn ag na
hughdair atá le teacht chughainn le congnamh
Dé nuair a tabharfar cothú is beathú don
Ghaedhilg bhocht chaithte — nuair a tabharfar
a ceart dílis di i sgoileannaibh na
hÉireann.
Is dócha go mbeidh sé i mbéal duine éigin
agaibh a rádh ná fuil an sgéal chomh hain-
deis ar fad againn. Tá beirt nó triúr
againn ag tosanú ar thógaint na Gaedhilge
ón gcúilín n-a bhfuil sí le fada. Tá
ughdair againn go bhfuil an Ghaedhilg ar an
dtoil acu agus go bhfuil an chúilfhéith
ionta leis. Agus go háirighthe tá an
t-Athair Peadar ó Laoghaire againn
chun soillse an lae a thabhairt dúinn. Tá
a fhios agaibh cad tá déanta aige agus
cad tá d'á dhéanamh aige. Is mó nídh do
féadfaí a rádh 'na thaobh. Muíntir na
Galldachta go raibh an Ghaedhilg imighthe
uatha ar fad, b'shin iad na daoine a thuig
ar an gcéad dul síos cad ab fhiú an
Ghaedhilg bhocht a bhí ag fagháil bháis. Bhí
an Ghaedhealtacht 'na codladh nídh gan
iongnadh. Ach bhí fear ón Ghaedhealtacht
ullamh cóirighthe chun tosnú ar “lámh a
thabhairt leis an luige.” B'é sin an
tAthair Peadar ó Laoghaire. Do dhein sé
úsáid de chaint na ndaoine chun a chuid
smaointe a chur i n-iúil dúinn — chun bídh
éigin a thabhairt d'aigne na nGaedhilgeóirí
atá ag fás suas chughainn anois. Fuirse
agus treabhadh atá aige á dhéanamh, gan
amhras, agus an obair atá déanta aige,
raghaidh sí chun tairbhe don Ghaedhilg agus go
háirighthe dosna sgríbhneóirí Gaedhilge a
thiocfaidh 'na dhiaidh. Ní bheidh orthasan
an talamh chéadna a threabhadh is a threabhaigh
an tAthair Peadar.
Ní beag libh a fhaid atáimse ag caint agus
a luighead tairbhe dá bharr d'obair na
Cúirte. Má ráinigheann liom éigse na
Cúirte a chur ag machtnamh dóibh féin ar
na nidhthe sin, beidh mé sásta. Tá sé de
dhualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh chun
na Gaedhilge a chur i n-áirde 'na hionad
féin airís — agus ulmhú iseadh obair na
Cúirte seo chun na hoibre a bheidh 'nár
gcóir ar fuaid na hÉireann i gceann
cúpla bliadhan. Ní bheidh aon mhaith sa
Chúirt mura ndeineann gach duine a bhfuil
ar a chumas a dhéanamh. Annsan beidh toradh
saothair an chéad duine mar thaca don chéad
duine eile. Sa chaint a dheineas go dtí so
bhíos ag tagairt d'fhoghluim agus do
sgríobhadh na Gaedhilge sa mhéid is a
théigheann a leithéid chun í d'aithbheodhchaint
i nÉirinn fé láthair. Do chuireas ós bhúr
gcomhair an meas is éigean a bheith againn
ar Ghaedhilg na ndaoine mar a labhartar í —
mar as clochaibh caint na ndaoine iseadh
tógfar tigh breágh aoibhinn litridheachta
na nuaGhaedhilge.
Ní mór dom rud éigin a rádh i dtaobh na
filidheachta mar chríoch ar mo sgéal díbh.
Togha agus barr na litridheachta iseadh an
fhilidheacht agus ar shon gur beag di a
cheaptar sa choláiste seo, tá súil agam
nách mar sin dá léigheamh. Pé meas a bhíonn
ag aoinne ar leabhraibh na nGaedheal a
dh'imthig romhainn, is féidir maoidheamh
as an méid amhrán is dánta dá mhísleacht
agus dá bhreághthacht atá againn ó n-ár
sinnsear. Nuair atá cuid mhaith cainte ag
mac foghluma na Gaedhilge, ní fearra rud
a dhéanfadh sé ná gabháil dosna hamhráin is
dosna dánta. Is fearrde an sgéal aige
é má tá tuisgint aige ar cheol agus ar
amhránuidheacht — gan bac le fogharaidheacht
agus -uigheachtanna nách í. Agus baineann
amhráin is ceol aon cheanntair Ghaedhealaigh
leis an obair úd ó chiainibh — a bhfuil de
Ghaedhilg sa Ghaedhealtacht do bhailiú agus do
tharrac amach mar sholus ghléinneach chun
doircheacht an ghalldachais a sgaipeadh
i bhfad uainn.
Ag trácht dom ar fhilidheacht, is baoghal
liom gur beag duine seachas iad go bhfuil
an Ghaedhilg ón gcliabhán acu, a chuireann
spéis inti. Ní raibh sé de mhí-ádh orm féin
bheith ag gabháil dosna filíbh i dtriailibh an
Intermediate Board, ach do réir mar
thuigim an sgéal anois, ba bheag an tairbhe
a bhí ag na buachaillíbh bochta as an méid
filidheachta a bhí acu le léigheamh. Ba bheag
a dtaithneamh d'Eoghan Ruadh ná don
Mhangaire Súgach. Bheadh caint éigin
déanta sa réamhrádh ag an bhfear eagair ag
moladh feabhuis na filidheachta ach dob'
annamh a bhíodh an mac léighinn bocht ar aon
aigne leis — tar éis greas den fhilidheacht
a léigheamh. Dá fheabhus bhur n-eolas ar an
nGaedhilg, iseadh is fearr a thuigfidh sibh
feabhus na filidheachta agus aoinne a
chuireann roimis féin leabhair ár sinnsir
a mheas mar ba chóir, caithfidh sé anaspéis
a chur sa bhfilidheacht. Sin mar a bheimíd
ullamh chun cabhrú le hobair na Cúirte seo —
na páipéirí agus an díospóireacht agus
fiú amháin an spórt agus an ceol a bhíonn
againn. Mar adubhart libh ó chiainibh,
níl 'nár gCúirt bheag ach síol suarach go
n-eireóchaidh crann mór bláthmhar as, agus
fásfaidh toradh an chrainn sin chun glóire
Dé agus onóra na hÉireann.
Ba mhór an iarracht dom trácht ar obair
na Cúirte agus a bhfuil d'fhíor Ghaedhealaibh
os mo chomhair agus gach aon fhear as a
cheárd féin aige. Ach is maith an rud
uaireanta machtnamh a dhéanamh ar na
gnóthaí is mó tábhacht — ar cad tá le
déanamh againn agus ar conus a dhéan-
faimíd é. Is beag gleo ná achrann i dtaobh
na Gaedhilge fé láthair; tá gach aoinne
agus a shúil i n-áirde aige agus cluas
air ag infhiúchadh cúrsaí poilitidheachta.
Agus ní haon iongnadh é sin, dár ndóigh.
Ach caithfidh múintir na Gaedhilge bheith ag
treabhadh agus ag fuirse de ló is d'oidhche
nó go gcurfar críoch éigin ar a bhfuil curtha
rómpa acu. “I ndiaidh a chéile seadh dein-
tear na caisleáin.”
DONNCHADH Ó BROSNACHÁIN.
CEITÍ NÍ ÁIRE.
I.
Nuair a éirghim go luath bíonn tuam na
meisge 'mo cheann,
A's amharcaim uaim go h-uaigneach fa'n
bhaile adaí thall,
Tuiteann mo ghruaig anuas mar dhuilleabhar
na gcrann,
Is leabaidh damh an uaigh an uair a scaras 1
tú liom.
II.
Atá an Éirne ar buile; atá an t-Sionainn
go léir faoi smúid,
Fa chumhaidh mo leinbh bhí soineannta, sámh,
gan ghruaim,
Thug sí an chraobh léi ó Oiris go Máilín Mór,
'Sé mo leun gur imthigh sí, Ceití Ní Áire,
uaim.
III.
A Cheití Ní Áire is brónach mise do dhiaidh,
An croidhe atá ann mo lár gur fhág tú comh
dubh leis an ghual,
'Sé a n-iarrainn de spás ó Árd-rígh an
t-soluis anuas,
Acht cead troda leis an bhás an lá sul ar
imthigh tú uaim.
IV.
Dá bhfeicfea í aréir, an bás indiaigh a
claoidh [claoidheadh],
A cómhnar 2 deánta réidh ó láimh an t-saoir,
Bhí a cum seang séimh gan claon nó smál,
ó'n ghuidhe,
A's ar leabaidh chumhang chaol 'sé mo leun
gur fágadh í.
V.
A charaid, ar ghuidhe 3 déan do chumann le
Dia,
Ma's fada gheobhair spás is gearr é i
bhfarras an phéinn, 4
I gcaislean nó i mbád, i mbárr cuain,
coilleadh, nó sléibh',
Níor imthigh ar an bhás lámh dá'r chum Sé
ariamh.
VI.
Ag mo ghrása bhí an chiall, as níor fíochta 5
in aimsir óil,
'S ní labharfadh ariamh seacht mbliadhna dá
mairfinn ag ól,
A cum cailc' mar an eala a's na giabhsail
faochta 6 go bróg,
Luigh mé siar agus do dhiaidh-se ní bhlasfaidh
mé deór.
VII.
Is iomdha lá fada a chaith mé agus tú,
A bhéilín meala, a ghruaidh ba dheise agus
b'áilne snúdh, 7
Sé mo bharamhail nach nglacann an bás
uainn bríb nó duais,
Acht mo mhíle beannacht leat feasta go
Flaitheas na naomh suas.
[Do fuaras an dán so ó sheanbhean darb
ainm Máire Ní Dhubhthaigh as na Rosaibh
Íochtarach, i dTír-Chonaill.]
F. Ó B.
NÓTAÍ.
1 Nílim cinnte an “scaras” nó “scarfas” budh chóir bheith ann seo mar go minic ní fhuil
móran deifireacht eatoru do réir fuama.
2 “Cómhnar” atá againn go coitcheannta i dTír-Chonaill; “comhra” atá i bhfoclóir Duinnín.
3 “Ar chaoch” atá in seo do réir fuama acht sílim gur sin an brígh atá leis .i. ar ghuidhe.
4 “Na péine” budh chóir bheith ann do réir an ghraiméir.
5 “Fíochta”: Is ionann an focal so agus “fíochmhar.”
6 “Giabhsial faochta go bróg”: Ní thig liom a rádh caidé an bhrígh cheart atá leis na foclaibh
seo, acht is mar sin do chualas iad.
7 Is ionann an focal so agus “snuadh.”
A MBÉINN PÉIN.
SEAN-CHEOL Ó CHONNDAE AONDROMA.
Cumadh an ceól seo i mBun Abhann Duinne
i gCo. Aondroma. Tá fonn binn brónach leis.
Chuala Carl Hardebec é, agus thaitnigh sé go
h-éugsamhail maith leis. An fear a chum na
focla, bhí sé ag smaoineadh dul chun an Oileán
Úir agus rinne sé an ceól go díreach is go
ndeanfadh sé, dá mbeadh sé annsin. Shamhluigh
sé leis féin go rabh sé in a dheóraidhe agus a
chroidhe cráidhte a' smaoineadh ar Bhun Abhann
Duinne. Deirtear gur chuir an ceól an oiread
sin cumhaidh air, nach deachaidh sé ar shiubhal
ar chor ar bith! Bhí sean-bhean i nGleann Áireamh
fiche bliadhain ó shoin agus chanadh sí an ceól san
chóinfheasgar amuigh ins a' pháirc ionus go
gcluinfeá ar an taobh eile de'n Ghleann í. Chanadh
sí chomh brónach sin é gur bh'iomdha duine a bhuin
sí na deóra de.
Cuireadh na focla i gcló san “Irish News,”
i mBéal Feirste cúpla bliadhain ó shoin acht seo
é an chéad uair a cuireadh síos an fonn.
TOIRDHEALBHAC Ó TUATHAIL.
Gléas A.
Dá mbéinn féin in Airde Chuain in
aice'n tsléibh atá ibhfad uaim, budh
ionnmhain liom a dul ar chuairt go
Gleann na gCuach lá Domhnaigh.
Curfá.
Agus och, och, eirigh leigheas ó
Eirigh lóndubh agus ó. 'Sé mo
chroidhe atá tromse brónach.
II.
Och, nach seo a' carrthaidh atá buan
Agus ar a' tsaoghal a gcuirfeadh sé cluan
Mheáll sé caora ó an uan
Agus mheáll sé uaimse an óige.
Agus och, och, agus rl.
III.
Nach tursach mise annso liom féin
Nach n-aithnim gúth coiligh, londubh no an
traon,
Agus chan aithnim fein a' Domhnach.
Agus och, och, agus sl.
IV.
An iomadh Nodhlaig a thánaigh fein,
Air a bheagan beagan céill
Ag iomáin ar a' tráigh bháin
Agus mo chamann bán in mo dhorn.
Agus och, och, agus rl.
V.
Dá mbéinn féin i mBun Abhann Duinne
An áit a bhfuil mo chairde úilig
Gheobhfainn ól, ceol agus imirt,
Agus is orm féin a bhéadh snuadh na h-óige.
Agus och, och, agus rl.
VI.
Dá mbéinn féin indiu mar bhí me indé,
Chuinneochainn m'intinn agam pein,
Cha leigfinn é le neach faoi an ghréin,
Ach agam féin i gcomhnuidhe.
Agus och, och, agus rl.
VII.
Dá mbeadh agam fein ach coit 's rámh,
D'iomrfainn leis a' trághamh
Dúil 's Dia go sroichfinn slán
Go bfuighfinn bás i nÉirinn!
Agus och, och, agus rl.
NÓTAÍ.
Carrthaidh = cosc, e.g. cosc uisge. Is é
Aimerioca an “carrthaidh.”
Coit = bád beag. Ceol = a song. Amhran =
a drone of a song — in the glens.
T. Ó T.
Tá fuaimeanna fa leith aca i nGleanntaí
Aondroma ar a lán focal. “A” deirtear in
ionad “da,” “péin” in ionad “féin,” “tol”
in ionad “dul,” “vó” in ionad “ó,” agus
“vuaim” in ionad “uaim.” Sgríobhtar an
dán seo san litriughad coitcheann ná ní docha
go dtuigfidhe é dá gcuirfidhe síos é do réir na
fuaimeanna so.
CUALLACHT CHUILM CILLE.
THE LEAGUE OF ST. COLUMBA.
FOUNDED 1898.
Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh.
ROINN MHUIRE.
An Coiste i Roinn Mhuire.— Seumas ó
Dóláin, uachtarán; Eumonn ó Flannagáin,
leas-uachtarán; Seumas mac Liam agus
Mícheál mac Giolla Chearr, fir an airgid;
Pádraig ó Néill agus Aodh ó Conalláin,
na fir le sgríobhadh; Pádraig mac Giolla
Chearr, Dómhnall ó Súilleabháin, Donnchadh
ó Brosnacháin, Féidhlimidh ó Baoighill,
Risteárd mac Cárthaigh, Maolmhuire
Allmán, Seumas ó Fuaighne.
Do bhí deich mbuidhean Gaedhilge is fiche
i Roinn Mhuire i mbliadhna, agus ní breug
a rádh gur oibrigh gach buidhean acu níos
fearr, agus gur leanadar don obair níos
sia, ná mar dheineadar aon bhliadhain
roimhe seo. Táimíd an-bhuidheach do
mháighistribh na mbuidhean mar gheall ar
an saothar a dheineadar. Is fuiriste a
aithint gur fearrde treo na Gaedhilge sa
Choláiste an saothar san.
Do bhí Donnchadh ó Brosnacháin mar fhear
ceannais ar Chúirt na nGaedheal, agus is
maith a stiúraigh sé í ar feadh na bliadhna.
Do bhíomar ag gearán anuiridh mar gheall
ar a laighead daoine a thagadh isteach sa
Chúirt. Ní raibh an chúis ghearáin cheudna
againn i mbliadhna. Thagadh a lán isteach,
agus fonn cainnte ar an gcuid ba mhó
dhíobh. Is amhlaidh bhíodh an oidhche ró-ghearr
ar fad don díospóireacht fhuinneamhail
a bhíodh ar siubhal. Is truagh ná raibh caoi
ag muinntir na Cúirte teacht le chéile
arís tar éis na Nodlag.
B'é Eumonn ó Flannagáin a bhí mar
uachtarán ar Choiste na nDéantús
nGaedhealach. Bhí sé de chúram ar an
gCoiste sin a fheiscint ná ceannóchadh
aoinne acht an rud a deintear i nÉirinn,
agus go mbeadh earraidhe na hÉireann
le díol ag na siopadóirí i margadh an
Choláiste.
P. Ó N.
ROINN NAOMH IOSEPH.
Ainmneacha an Choisde. — Dáithi Ua
Conchubhair, Diarmuid Ua Pigóid, Seumas
Ua Connaill, Tomás Ua Gallchobhair,
Seaghán Mac Conbhuidhe, Pádraig Mac a'
Bheatha.
De réir a chosamhlachta chuaidh cúis na
Gaedhilge go réasúnta i mbliadhna i Roinn
Naomh Ioseph. Bhí timcheall fiche buidheanta
ar siubhal ar feadh na bliadhna. Tá an
Ghaedhilg mar ádhbhar fromhtha ag naonbhar
mic léighinn le h-aghaidh céime B.A.
Théigheadh cuid mhaith de mhuintir na roinne
so chum Cúirt na nGaedheal agus labhraidís
ar aon chéist a bhíodh dhá phleidhe ann. Sé
an rud is mó chuirfeas an Ghaedhilge cum
chinn í labhairt agus tá Cúirt na nGaedheal
ar na háiteachaibh is fearr cum cleachtadh
fhagháil ar an cainnt. Go leantar don
deagh-obair ar son glóire De agus onóra
na hÉireann.
S. ua C.
ROINN NA SÓISEAR.
Lucht ceannais oibre na Gaoluinne i
dtír na nóg annso — Tomás Ua Spiolláin,
Peadar mac Tomáis, Pádraig ó
Loingsigh, Micheál Ua Brúin, agus
Micheál mac Amhaltoinn.
I dtosach na bliadhna do cuireadh ocht
mbuidhne ar fhichid de buidhnibh foghlumtha
agus labhartha na Gaoluinne ar bun, acht
ní foláir a dh'admháil nár mhór an obair a
deineadh ionnta ar son na Gaoluinne. Tar
éis tamaill bhig ní raibh leath an mhéid sin
le feicsint díobh agus i rith mí nó mar sin
roimh an Nodlag ní raibh acht a seacht nó
a h-ocht de buidhnibh ar siubhal. — An dara
leath-bhliadhain do cuireadh cor ar cúrsaibh
na mbuidhean. Go dtí so ba ghnáthach
an uile duine do chur i mbuidhin agus
annsan raghadh sé innti nó ní raghadh mar ba
mhaith leis féin. An fhaid 's bhí an scéal
ar an gcuma san, is minic a thuiteadh sé
amach go gcuirfí duine ag a raibh an-dhúil
'sa Ghaoluinn, i mbuidhin, agus an chuid
eile a bheith go neamh-dhuthrachtach ar a son.
Do thuitfeadh an bhuidhean sin as a chéile.
Uime sin, do cheapamar gan duine do chur
i mbuidhin an bhliadhain seo muna raibh
sé socair aige an Ghaoluinn d'fhoghluim.
Chuireamar an cheist ós a gcómhair, agus
bhí ceithre fichid ortha ollamh chun leanamhaint
leis an nGaoluinn. Do cuireadh an méad
sin i seacht mbuidhnibh déag agus táid
ag obair go saoráideach dáríribh ag
foghluim agus ag labhairt na Gaoluinne.
An 18adh lá de mhí Deireadh Fóghmhair bhí
cuirm ceoil ar siubhal againn agus dob' é
an t-Athair Mac Eatún fear ceannais
ar an dtionól. Do labhair seisean linn go
blasta as Gaoluinn agus dhein sé cainnt
bhríoghmhar ar son ár dteanga dúthcais. Do
bhí an t-Athair Maguidhir agus an t-Athair
Mac Áinnlidhe linn freisin. Do labhair
an t-Athair Maguidhir ar son na Gaoluinne,
agus is iomdha adhbhar a chuir sé romhainn
cad na thaobh is ceart agus is cóir dúinn
an Ghaoluinn d'aithbheodhadh agus choimeád
beo 'nár measc. 'Sé mo thuairim go
ndeachaidh a chainnt díreach go croidhe gach
uile duine a bhí ag éisteacht leis, acht mar
adeir an sean-fhocal “Nuair a chruadhann
an tslat is deacair í do shníomh,” agus
b'fhearr linn dá mbéadh spioraid na
nGaedheal níos fearr go mór i dtír na
nÓg.
Ní ceart leis gan ár mbuidheachas do
thabhairt annso dos na comhairlightheoiribh
ar gheall ar an gcongnamh a thugadar
dúinn ar feadh na bliadhna. Bhíodar ollamh
gach uile uair chun cuidiughadh linn agus
is minic a thugadar comhairle ár leasa
dúinn. Tá muid buidheach go háirithe don
bheirt aca do thug Fuinn na Smól 'nár
measc agus bhí ag múineadh dúinn cionnus
na hamhráin do ghabháil.
Bheirimíd míle buidheachas leo go léir
gus le gach uile duine a oibrigh linn ar
on Teangadh na hÉireann.
M. m A.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11