Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Preface to Agallamh na bhFíoraon

Title
Preface to Agallamh na bhFíoraon
Author(s)
Mac Cairteáin, Conchubhar,
Compiler/Editor
D. ó B
Composition Date
1704
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



CHUIM CLÉIRE NA hÉIRIONN.



Do chualadh fábhaillsgéal go raibh cómh-
chruinniughadh coitchionn ag na héanuibh
an allúd chuim ceannuis-feadhna agus uach-
tarántacht na néan do thabhuirt don té aca
is aoirde do dhéanfadh eitill. Do chuaidh
an dreoillín go tirim tósdalach gan fhios
fá sgiathánuibh an fhiolair, agus gluaisid
na dronga do-áirmhighthe sin iona ndrongaibh
le seóla na sárghaoithe a néaluibh na
firmiminte, go ndeachuidh an fiolar ós a ccionn
uile a ccéin uatha agus san luas 'nar
oirisidh, sgeinnios an dreoillín dá dhruím
go foluaimneach agus do chuaidh spás éigin
ós a chionn.



Go fírinneach, is mise an dreoillín úd
a ccompráid do na fiolaruibh fírléaghanta,
do na healádhuibh áirdchéimeacha agus do
na seabhcuibh sáruaisle atá a ccóimhthionól
na heaguilse; gidheadh, mar is dána dalasach
do bhiadh bathlach beag a bhfochair aithicc nó
gaisgídhig, is amhla, sin dámhsa fa sgiath-


L. 35


ánuibh Harcantus, óir do rinnios Muímh-
neach milis-bhriathrach don eachtrannach, agus
do chuirios cóta glanmhaiseach Gaodhalach
air a chaemhchneas, agus tugas fá bhratuicc
Chlainne Míligh an Pléimionnach pleasgánta.



Chuim na neithe sin do dhéanamh, tugadar
saoithe sáireólacha san teanguin Ghaoidheilge
cabhair uatha féin dam, maille re fuirionn
focal. Is díobhso an sagart suairc, an
cléireach cráibhtheach agus an dochtúir deigh-
theaguisg deaghshómplach Donnchadh mac
Cártha .i. Eassbog clúmhuil Corcuídhe an tan
so agus a chaomhthach cumuinn cairedamhuil
sin .i. Tadhg mac Conmara .i. teagasthóir
toghtha tásgamhúil. Fuaras mar an ccéadna
móran focal ó Dhómhnall Ó Cholmáin .i.
Dochtúir san dlighe, ó Dhiarmuid mhaith mheic
Cártha .i. Diarmuid mac Seághuin bhaoi
prímhfhile agus árd-ollamh Leatha Mogha, ó
Uilliam mac Cairteáin an dúna .i. file
fiosach focailbhínn agus duine uasal árd-
fhoghlamtha, agus ó Eóghan Ó Chaoimh.



Asé fáith fár ghabhas do láimh an beag-
shaothar so do chuim eóluis do thabhuirt don
aineólach, chuim radharc do thabhuirt do
dhalluibh, do chuim soluis an chreidimh do
mhéadúgha agus do chuim sgamal na heiriceachta
do chianruaga. Dá lastaoi coinnioll a
meádhon grianlaoi, ní mór an solas ná an
lonnradh do dhéanfach sí; gidhead oidhche
dhorcha dhoiléir is cian an lonnradh do thiocfadh
uaithe. Ní bhfuil aguinn san oileán so na
hÉirionn (foríor!) solas ná saorúsáid an
chreidimh mar atá a ttíorthuibh eile, acht
dorchadus doiléir atá air na fodhaoínibh;
is dóibh sin do thairngios an beagshaothar so
ó Laittin go Gaedheilg.



Is lánmhar an chomaoin do chuir air an
ccreidiomh agus air a theanga dhúthchuis .i.
an Ghaoidheilge, ceannfeadhna cráibhtheach na
cléire .i. Eóin Baiste mac Sleibhne, Easbog
Chluana agus Rois, óir nír fhágaibh sé aoin
leabhar Gaoidheilge dá bhfuair sé a Leath
Mogha gan a ccur uile dá naithsgríobha air
a chostas féin; agus mar aithris air an
Easbog onóireach sin agus chuim fíorúgha
an tseanfhocuil so .i. "Le cion agus le
honóir oiltear na healadhna," is iomdha
comaoin maille bronna óir agus airgid tug
an Ridire ró-uasal Séamas mac Coitir
d'éigsibh agus d'úghdaruibh Gaoidheilge.
Tugadar fós daoine uaisle eile, mar atáid,
Ignátius Gúl ó Chnoc Rátha, ógánach uasal,
agus Hannraoi ciallmhar mac Códa, iomad
óir agus airgid agus iolmhaoine d'aois
ealádhan tré sgríobh iomad leabhar dóibh.



Ciodh fár chóra do na daoinibh uaisle réamh-
ráidhte aithris do dhéanamh air mhaith-ghníomhuibh
náisiúnta spioradálta ná do chaiptiníbh
na nanam agus d'aodhairídhibh na ttréadh .i.
an Eagluis; ó 'siad oidídhe múinte agus
trompadóirídhe fromhtha na fírinne iad, is
cóir dóibh airtioguilídhe an chreidimh atá
a ccré na napstal do mhúine do na Críos-
tuighthibh; ó siad teagastóiridhe agus
lóchranna lonnracha an chreidimh iad, is
oircheas dóibh na húrnuighthe is feárr air bith .i.
an phaidior do theasasg do na poibliochaibh;
ó siad stiúróiridhe agus feadhmannuicc an
Áird-rígh iad, atá d'fhiachuibh ortha aithne
reacht agus dlíghe Dé do chraobhsgaoile; ó siad
gardhadóirídhe agus turnuighthe Chríost
agus lucht ionaide air talamh iad, atá
d'fhiachuibh ortha aithne agus usáid na
Sácramentídhe do thabhuirt amach do na fíor-
aonuibh, ó siad dochtúirídhe agus prionnsuíghe
parthais iad, is ceart dóibh aicídíghe marbhthacha
na bplacuídhe do leighios agus planndaoi
socharacha na subháilce do shíolchur a lubhghort
an anma. Chuige sin do dhéanamh agus do
ghníomh-ghnáthúgha, do gheabhuid siad coghnamh
mór san leabhar so maille re na mhíniúgha,
le na léaghamh no le na chur da léaghamh do na
poibliochuibh; gidheadh mar do thuigion fear
léighinn leathfhocal, ní riachtanach dámhsa
tuille do labhairt d'eagla go naibeórthaoi
liom gur chosmhuil me ris an uan úd do bhí


L. 36


ag múine méilídhe dhá mháthair; mar an ccéadna
ní cóir d'aoinneach an beagshaothar so do
dhiomoladh tré na tharrang ó leabhar eile,
acht mar nár chóir an rae no an téasga do
lochtúgha do ghaibh a solas uile ón ngréin.
Dá raibh aoinneach neamh-charthannach do
dhiomoladh na hoibresi, déanadh féin ní bhus
feár í agus ní is líonmhuire, agus biaidh mise
sásda; agus muna ndéinidh, bíoch 'na
thost.



Sibhsi, iomorro, a Eagluis Dé, a choinn-
siléiridhe na bhflaitheas, a lucht maithfe an
pheaca, agus a lucht díbeartha na ndeamhan
agus a lucht déanta na bhfeart agus na
míorbhuillidhe, cuirim an leabhar so air bhúr
ccomuirce agus fá bhúr mbreithiomhnas; agus
sirim go díthchiollach eadarghuidhe ár naomh
patrúin naomhtha .i. Pádruig, Colam Cille,
Fionnbharr, Bríghid, Gobnuit agus ímpídhe
na naomh agus na mbannaomh eile ndúthchuis,
an beagshaothar so do dhul chuim glóire Dé
agus leasa mh'anma féin agus fá dhéoig
chuim sochair agus somhaoine coitchionn lucht
áitreibh an oileáinsi na hÉirionn. Bíoch
mar sin.



Bhúr searbhóntaoi bithdhílios go bás .i.
Conchúbhar mac Cairteáin, Sagart porróiste
Ghleanna Maghair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services