Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Elegy on Émonn Ó Braonáin

Title
Elegy on Émonn Ó Braonáin
Compiler/Editor
Breathnach, Pól
Composition Date
1632
Publisher
(B.Á.C.: Cuallacht Chuilm Cille, 1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Coitchenn cumha chloinne Néill,
do throim-loit orchra íaidséin,
cáoimh-chletha do clódh ré tan,
daoir-chetha ó'n mbrón dá mbáthadh.



Monúar atáid go tríamhuin
sliocht tuirseach Néill Náoighíalluigh,
an ceólchuire fá'r ghin goimh
nimh eólchuire dhá n-argoin.



Táinicc an chumha choitchenn
go tteidhm bfíochdha bfornoicht-tenn
fá'n rígh-ealbha ó Bhóinn na mbenn,
mí-mheanma dhóibh an dílghenn.



Tarla dán-shúaimhnes orra
síol Néill lesa Líathdroma,
tíad tar úidh an eóil shenta
gan dúil cheóil nó chuideachta.



A n-imshníomh do-chóid ó cheilt
fine Néill dealbdha an deisgeirt,
mar chrécht ttrom as teó dochar
'n-a ghleó lonn gan leasochadh.



Créd an tochrádh grod tromsa
do loit uile an fheadhonsa,
ó'r comhbúaidhreadh thíar is toir
an fhían chronnúaidh-gheal chobhsoidh.



An sníom cogaidh nó ceilge,
nó'n sliocht dénta díbhfheirge
ó'n báoghlaighe a mbeó-ghoin sin,
leómhuin aol-maige Uisnigh.



Nó'n toghuil úaibhrech eachtronn,
nó'n díol écht nó eineachlonn,
nó'n pláigh bhreacht-lonn reachtmar rod,
nó'n letrom neartmhar namhod.



Ní foghhil ghaile nó gráin
ro-s-mill, acht bás Í Bhráonáin
laóich fhearchonta as mire méin
fine reann-chorcra rí-Néill.



Éamonn Ó Bráonáin bas tseng,
éin-díth chlíar, cara prímh-cheall,
a bhás as olc dá fhine
's as cás do ghort gheil-Mhidhe.



Dob éun-oigher dh'Énna mac Néill,
ba flaith ar chlú 's ar chaithréim
an saoir-bhengán go ngné ngil,
's dob áoin-lennán é dh'éixibh.



Oidhedh churaidh na Craóibhe
dúsgadh uilc is anaóibhe,
do bhí an donusso, a Dhé, a ndán
's é ní horusa dh'iompádh.



As mairg dúthaigh ré'r dhealaigh
a maith líonmar fhlaitheamail,
's a rai-réidhe fá riar sgol,
's a mhían d'ainfhéile is d'egnamh.



Cennus fine nó fedhna
ní fhuil nó ól fínemhna,
nád grinn-bhearta fa chró Cuinn
ó ló imdechta Émuinn.


L. 21


Fúarus sgéul ar chlannuibh Cuinn,
aóidhe sgeóil nach sgéul fábhuill,
an sgéal go bfairbhrígh ar fuin,
ar aird-rígh thréun ó Themruigh.



Tarla cinnedh, lór dho lot,
tré ard-fhlaith dhar bh'ainm Cormac,
fá chrú Luighdhech mar do ling,
anú as cuimhnech an chréidhim.



Ré linn Chormuic mic Airt uill
níor tháruill maoith clann Criomhthuinn
acht lán do'n uile ionnmhus
an cuire sámh soichioll-bhras.



Ní raibhe a níarthar Eórpa
samhuil don droing dhoi-leónta,
a sén an tansoin gur thill,
sgéul d'á n-amhsoibh dob inghrim.



D'aithle a bhfuarodar d' aóibh
rug ar chrú Chobhthaigh chnes-chaoil,
ag aos eóil atá a thuigsin,
lá leóin ar an laochruidhsin.



An lá dhár thacht eite eó
rí Érenn nár ob airm-ghleó
níor lá medhra an lá do-luidh
acht lá tedhma dhá triathuibh.



Ainnséin ar n-imthecht Chormaic
lingid uilc as othor-luit,
gér shuaimhneach ó shíodh roimhe
síol úaibhreach Ó nÚghoine.



Níor ríoghadh éin-rí ar Éirinn
d'éis an aird-rí uicht-shéimhfhinn,
do fhan a n-áontomha treall
nár lamh áon-togha dh' imdeall.



Trí blíadhna do bhí an Banbha
nár shealbh rí nó ríogh-dhamhna
do chumhuidh Chormaic í Cuinn,
pudhuir ordhruic a n-abruim.



Aithghin Éirenn d'aithle a rígh
críoch Mhidhe na magh slis-mhín,
fíoch na trén-duilghe ro thogh,
díoth ar nÉmuin-ne a hadhbhor.



Mar chloinn cCobhthoigh tré Chormac
bíd Íbh Néill na níamhonn-bhrat
ag cáoinedh Í Bráonáin bhreth,
áon-fháidh na nGaoidheal ngúaismher.



Tré n-a bás, ní réim ratha,
níor fágbhadh ainm ardfhlatha,
nó a rádh gur bh' oirbheartach d'fhior
um chlár toinnbhleachtach Tailtion.



Is coitchenn í núa-chaoi aniogh
fine Néill na naói ngeimiol
gan lúadh fiadhuigh nó fledh-óil
dár dhúal d'fialfhuil Éiremóin.



Slúagh Midhe na maoilenn mbán,
tugsad áoibhnes ar ochlán
a ndíaidh í Énna Uisnigh,
bíaidh an séula suthuinsin.



Dá égcaoine a nInis Fáil
iomdha banntrocht is bandáil
lé clódh beó-chroidhe bos
do lógh eólchoire dh'amos.



Bú dóich díllecht do chabuir,
bú sgíath dhín do dheóradhuibh,
gég Naói bú toirbertach tol
do bhaói oirbhertach iúlmhor.



Ní tug is níor thuill tathaoir
an seabhoc saor sotha-chaoin,
menma ra-bhog na rían nglan
mian a charod do chosnam.


L. 22


Do-chuaidh an mhaith maraon ris,
do sgéith fúair-chioth gach flaithis,
nocha léir tairthe ós tealaigh
léim aithfe dá n-imdheadhuil.



Ní faicther cnúas ar chrannghoil,
nó fás áir ar úrthalmhain
ní nochtar a bhfíad na bfionn
grian acht tré dhortadh ndílenn.



Mór mío-rath as mana cáis
mhothuighther tré mhac Tomáis,
do shíor ag lucht bhraon-chláir Bhregh
d'ulc an chlaochláidh do cinnedh.



Trúagh do mhacraidh, do dháimh,
do-chí brugh Bhaile Adáim,
dún na n-gér-rann 's na ccall ccuir,
gan Émonn ann dá iarruidh.



A áiremh ní fhéd file
uaisle an fhéinnidh fhoirghlidhe
gáoth-mhéinne nár thláith ré tenn,
aoin-chéile cháich go coitchenn.
Coitchenn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services