Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagrán 1912

Title
Eagrán 1912
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irisleabhar Muighe Nuadhad



Oidhche amháin i mí Féile Mhichéil do cuireadh
coimhthionol ar chuallacht Chuilm Cille ins an
Aula Maxima so againn agus do labhair an
t-áthair Gearóid Ó Nuallain leó agus is eadh
adubhairt go bhfuil an Béarla ag Gaedhealaibh
Eireann mar do bheadh bróg do luighfeadh ar
ladhar dhuine. Cosgann bróg mar sin siúbhal
an duine agus mar an gceudna cosgann an
Béarla intleacht agus creideamh agus deagh-
bhéasa na nGaedheal. Acht ní mar sin don
Ghaedhilg. Atá an Ghaedhealg cosmhail le bróg
nach bhfuil ro-mhór ná ro-bheag don chos acht
fhoireas dí go díreach. Is furus siúbhal agus
a leithid sin de bhróig do bheith ar dhuine.
Mar an gcéadna is furus do na Gaedhealaibh
fíor-fhoghluim dfhagháil, agus an creideamh do
chongbháil go diongmhálta agus an iomad
deagh-gníomhartha do dheunamh an fhad is leanfas
siad do labhairt na Gaedhilge mar is dual
dóibh, óir atá an chiall agus an creideamh agus
an chraibhtheacht agus na deagh-bhéasa do bhí
ag a sinnsearaibh fighte fuaighte comh mór
sin leis an Ghaedhilg gur doiligh an Ghaedhealg
do bheith ag duine i gceart gan iad sin go léir
do bheith aige i n-a cuideacht. Agus sin cúis
amháin dúinn do bheith ag déanamh ar ndíthchill
chum na Ghaedhilge d'athnuadhadh.



Do labhair an Dochtuir Micheul Ó Síothcháin
le Cuallacht Chuilm Cille an oidhche céadna is
do labhair an t-Athair Ó Nuallain leó agus
adubhairt go raibh cúis mhór eile do athnuadhadh
na Gaedhilge, is é sin gur dual do Ghaedhealaibh
Eireann comhacht iomlán náisiúin do bheith
aca gan bheith fá smacht aon náisiuin eile
agus nach bhfuil aon slighe níos fearr againn
chum na comhachta sin dfhagháil ná an Ghaedhealg
do bheith mar chanamhain ag sean is óg dínn
agus ag uasal is ísiol dínn, ionnus go mba
fhollus don domhan mhór gur treabh fa leith
na Eireannaigh agus nach Sasannaigh ná
Gearmanaigh iad agus ar an adhbhar sin nach
bhfuil aon cheart ag na Sasannachaibh ná ag
muinntir tíre ar bith eile do bheith ag a
gcur fá smacht.



Adubhairt an dhá sagart oirdhearc sin an
iomad ní eile nach dtig liom-sa cuimhniughadh
orra ná a gcur síos annso ag craobhscaoileadh
a oireamhnaighe atá an Ghaedhealg dúinn agus
a úsáidighe atá sí chum saoirseachta na
hEireann do bhaint amach. Acht is é ba toradh
do n-a gcuid cainte gur mó áird mac-léighinn
Muighe Nuadhad ar an Ghaedhilg agus gur
láidire a n-intinn chum oibre do dhéanamh ar
son na Gaedhilge ná riamh roimhe.



Dá bhfiaghrochadh duine díom cia aca ar
aghaidh nó ar gcúl atámuid ag dul le obair
na Gaedhilge is eadh adéarainn leis gur lugha
méad na mac-leighinn nach bhfuil aon
Ghaedhealg aca gach bliadhain, agus an méad a
bhfuil an Ghaedhealg aca, gur doimhne a
n-éolas-san ar an Ghaedhilg gach bliadhain.
Acht ní thig liom a rádh go fírinneach cia aca
ar agaidh ná ar gcúl atá obair na Gaedhilge
ag dul i dtaobh amuigh de bhallaibh an
choláiste seo, acht is fíor an méad so nach
ndeuntar seanmóirí comh minic as Gaedhilg
agus do-ghnithí deich mbliadhain o shoin. Atá
a fhios agam féin trí parráistí i bhfáirche
amháin a mbíodh seanmóir Gaedhilge aga
thabhairt ón tsagart parráiste gach Domhnach,
nach mór, deich mbliadhain ó shoin, acht anois
atá trí sagairt parráiste ins na parráistibh
sin nach ndéanann seanmóir ar bith as
Gaedhilg cidh go dtuigfeadh an chuid is mó
den phobal an Ghaedhealg agus atá cuid mhór
aca nach dtuigeann caidé bhíos an sagart do
rádh nuair bhíos sé ag déanamh seanmóireachta
as Béarla. Agus is ionannas an cás é i
mórán parráiste ar fuid na tíre do réir
an cunntais dobheireas na Gaedhilgeóirí


L. 7


annso ar na parráistibh a bhfuil eólas aca
orra. Is é an léigheas amháin air sin, gach
adhbhar sagairt da mbaineann do fháirce a
bhfuil an Ghaedhealg ann go fóill, do bheith
ag foghluim seanmóireachta do dhéanamh as
Gaedhilg le linn a chúrsa foghluma do
dhéanamh dó i Muigh Nuadhat. Do shílfeadh
duine go bhfuil oibligead orra sin do
dhéanamh ar dóigh go mbéidh siad abalta
teagasg do thabhairt do na daoinibh nach
dtuigeann an Béarla. Acht bíodh oibligead
orra nó ná bíodh, ba choír dóibh bheith abalta
seanmóir Gaedhilge do thabhairt uatha do na
Ghaedhilgeóiribh ar son na Gaedhilge fein,
ionnus go mba mó áird cáich uirri agus go
mba mionca dóibh aga déanamh úsáide dí.
B'fhéidir le sagart corr seanmhóir
Gaedhilge do dhéanamh isan bliadhain, gan
neamhmairt do dhéanamh i dtabhairt comhairle
agus teagaisg don mhéad daoine nach
dtuigfeadh an Ghaedhealg, agus síleann Cúirt
na nGaedheal .i. cumann beag atá againn
annso, gur ceart do ghach shagart a bhfuil áird
aige ar an Ghaedhilg, sin do dhéanamh dá mbeadh
fiú fiche Gaedhilgeóirí i n-a pharráiste aige.



Atá ceist eile chuireas duine ar a chéile
go minic an aimsir seo is í sin an féidir an
Ghaedhealg do shábháil anois agus a leathnughadh
ar fuid na hEireann go léir. Go cinnte
is féidir acht gach duine do bheith ag déanamh
a dhíthchill ar son an rud sin. Acht is cuma cia
aca gur féidir no nach féidir, is maith agus
is uasal agus is obair is dual do Éirean-
nachaibh í, bheith ag obair chuige sin.



Acht caidé an sort oibre thig le duine
do dhéanamh leis an Ghaedhilg do chur chum
cinn? Anois, atá dhá chinel oibre ann mar
atá dhá chinel de gach nídh, mar atá, obair atá
maith ar a son féin agus obair nach bhfuil
a dháth de mhaith innte ar a son féin acht atá
maith ar son rud éigin eile thiocfas aiste.
Mar shompla atá cóguisidhe dochtúra maith
ar son an leighis atá ionta, má atá leigheas
ionnta, acht ní maith acht olc atáid ar a son
fein. Anois atá an Ghaedhealg maith ar a son
féin agus ar son an mhaithis doghéanadh sí
do mhuintir na tíre seo dá mbeadh sí mar
chanamhain choitcheanta aca. Acht ní fhuil aon
mhaitheas ins an mhéad cainte doghnitear as
Béarla fa dtaobh den Ghaedhilg ná ins an
mhéad cumann atá ann le neartughadh leis an
Gaedhilg acht amháin an mhaith atá ionta ar
son na Gaedhilge féin. Acht dá gcaithfeá
duine barraidheacht ama leis an chaint Bhéarla
agus leis na chumainn gan an Ghaedhealg féin
do labhairt agus do chur i n-úsaid, do bheadh
sé cosmhail le fear do beadh comh cúramach
sin fa n-a chuid airgid go bhfuigheadh sé
bás le ocras. Acht bí ag labhairt agus ag
déanamh úsaide den Ghaedhilg i gcomhnaidhe
agus ní baoghal nach rachaidh do chuid oibre
i sochar don Ghaedhilg.



Is í "Craobh Ruadh na Gaedhilge" cumann daoine a thug móide, agus a chuir iad féin faoi
gheall agus ghéasaibh, gan teanga ar bith ach an Ghaedhilc bhinn amháin a labhairt le chéile am ar
bith a chastar ar chéile iad. Is iomaidh duine ins an Ghaedhealtacht comh maith agus ins an
Ghálltacht, aige a bhfuil an Ghaedhilc go maith, agus is minic a labhrann sé an Beurla le neoch eile
aige a bhfuil an Ghaedhilc, cuideacht. Chan ceart nó cóir sin ar chor ar bith. Ma atá an Ghaedhilc
agat chan ceart duit an Beurla a labhairt aríamh, ach an tan nach bhfuil neart agat air. Chan
fhuil leithsgeul air bith aig an mhuinntir 'san Ghaedhealtacht acu a bhfuil an Ghaedhilc ó an chliabhán,
agus a labhras an Beurla le chéile, ach tá fhios againn uilig gurab iomdha duine acu a dhéanas
an cleas scannlach sin. Tá daoine ins an Ghaedhealtacht a labhras an Beurla nuair b'fhusa
dóibh an Ghaedhilc. Is deachair fáth a chur air sin. Tá féidhm aig a' leitheid ar gheall na
Craoibhe Ruaidhe.



An té aige nach rabh an Ghaedhilc agus é ann a pháisde, ach a d'fhoghluim ar chruaidh-shaothar í,
tá leithsgéul beag aige ma labhrann sé í mBeurla le Gaedheal eile: is fusa dó an Beurla nó
an Ghaedhilc. Ach chan leithsgeul ach léisge sin. Caidé an maith nó an éadail an Ghaedhilc a
fhóghluim, muna a labhrann tú í nuair atá tú i ninmhe a labhairt? D'fhóghluim tú í de bhrigh
gur shaoil tú gur cheart do Éireannach a chanain féin a labhairt; agus nuair atá sí agat is
ánamh a labhrann tú í. Nach ait sin?



- Cuid de chaint an Athar D. Uí Tuathail


L. 19


Dhá chómhairle dheug an tseanduine



Éist móran agus can beagan,
Na habair a bhfeicthear duit
Is beag an doilighe ghníos an tóst.
Éist cómhradh daoine glic,
Tuig agus leig móran thart,
Ná hamharc síos ar do bhróg
Ná deán stró as do bhrat,
Siúbhal go díreach an ród,
Beannaigh fa dhó don duine bhocht,
Ná bí siubhalach i dtigh an óil,
Ná bí saotharach ar seanóir
Mo chómhairle duit agus 'sí an cóir
Ná bain go deó do dhuine dhilear. - <A. Nic L.>


L. 20


Beatha Eibhir Mhic Mhathghamhna



Ins an mbliadhain 1598 do bhris Aodh Ruadh
Ó Néill cath millteach ar na Sasanaibh ag
Béal an-Átha-Bhuidhe i gCo. Árd-Macha agus
do bhárr na buaidhe sin do bhí muinntir na
h-Éireann ní ba shaoire agus ní ba láidre
ná do bhí riamh ó'n gcéad lá tháinig Gaill i dtír
i n-Éirinn. Do bhí taoisigh na h-Éireann
beagnach ar fad ag cuidiughadh go toilteanach
tréanmhar leis an Niallach agus ba ghlic
chalma an ceannaire orra é. Do bhí ocht
míle déag fear ar a laighead i n-a arm aige
agus na h-airm do bhí aca tugadh cuid aca
isteach go h-Éirinn ó'n Spáinn agus fríth
an chuid eile ó na ceannuidhibh Gallda i
mBaile Átha Clíath.



Ar an adhbhar sin nuair do cuireadh Robert
Devereux, Iarla d'Essex, anall go h-Éirinn
do bhí na h-Éireannaigh ollmhuighthe roimhe agus
thugadar scaipeadh scriosadh agus slad ar an
arm mhór do bhí aige. Dob'é deireadh an
sgéil gur díth-cheannadh an t-Iarla i Lonnduin
thall mar gheall air gur théip air cumhacht
an Niallaigh do bhriseadh. Do bhí an Niallach
féin saor, slán. Do bhí ar bhárr a nirt agus
a chumais agus an lámh uachtair aige ar
fud na h-Éireann.



Sin mar do bhí nuair rugadh Eibhear Mac
Mathghamhna i bhFearnmhuighe i gCo. Mhuineachain
i bhfíor-thosach na seachtmhadh aoise déag.
Do bhí ceannas Oirghiall ag a shinnsear
leis na céadtaibh bliadhain. Ní raibh bunadh
i n-Éirinn ba mhó uaisleacht 'ná bunadh na
Mathghamhnach. Daoine cumhachta tabhachtacha
dob'eadh iad fósta óir an fearann do
bhí aca ní raibh a shárughadh le fághail i
n-Éirinn ar mhaith as ná ar shaidhbhreacht.
Thug na Sasannaigh fá deara sin. Agus
ba mhór leó a leithéid de thalamh do bheith
ag Eireannachaibh. Ní rabhadar sasta leis
an méid d'Éirinn do ghlacadar cheana.
Ar an adhbhar sin do gábhadar Aodh Mac.
Mathghamhna .i. fear ceannais a mhuintire,
ins an mbliadhain 1589 agus do crochadar
go h-éagcorach fealltach ag a dhoras féin
é. Is é fear ionaid an ríogh, Uiliam Mac
Uiliam, ba chiontach leis sin. Do roinneadh
Oirghialla annsin idir na dúnmharbhthóiribh,
acht ní rabhadar i bhfad ann nuair do thosuigh
Aodh Ruadh ar an troid mhóir agus dob'
éigean dóbhtha teicheadh thar n-ais go Sagsanaibh
agus an talamh do fhágail ag Clainn
Mhathghamhnach.



Ba bheag an t-iongnadh mar sin gráin agus
fuath do bheith i gcomhnuidhe ag bunadh na
Mathghamhnach do na Sasannachaibh. An
taoiseach do bhí os a gcionn le linn an ama
seo do bhí sé pósta le deirbhshiur Aodha
Ruaidh agus do chabhruigh seision agus
Toirdhealbhach .i. athair Eibhir, go maith leis an
Niallach go dtí gur buaidheadh air fá dheireadh
agus gurbh éigean dó géilleadh dos na
Sasannachaibh ins an mbliadhain 1603. Fuair
an Niallach annsin ó riaghaltas Sagsan
maitheamhnas 'na raibh sé thar éis a dhéanamh
agus seilbh a dhúithche féin, acht nuair do
thuigeadar narbh eagal dóbhtha é, do chuireadar
ar teicheadh na dheoraidhe as Éirinn é.
Do bhí Cúige Uladh fá n-a gcosaibh aca annsin.
Do roinneadh idir dríodar Sagsan é. Do
scaipeadh agus do scriosadh na Gaedhil. Níor
fágadh teach ná talamh aca agus do shíl na
Sasanaigh an cogadh i n-Éirinn do bheith
críochnuighthe go deó.



Sin an dóigh do bhí ar mhuinntir na h-Éireann
le linn óige Eibhir Mhic Mhathghamhna. Do
bhí Eibhir sé bliadhna déag d'aois, ar a laighead,
nuair fuair Aodh Ruadh Ó Néill bás ins an
Róimh. Ní fuláir nó go gcuala sé trácht go
mion agus go minic ar a ndearna an Niallach
ar son a thíre, agus ar an fheall do imir na
Sasannaigh air, agus ní mór an t-iongnadh
mar sin go raibh an t-aon smuaineadh seo
amháin ag síor-theacht isteach ina aigne gur
ceart dó a dhícheall do dhéanamh chun Éire
do fhuascailt as a daorbhruid. Do bhí a
athair 'na chomhnuidhe i ngar do na Ceallaibh
Beaga i nDún-na-nGall agus é go h-an bhocht.
Do shíl sé saighdiúr do dhéanamh do Eibhear


L. 21


acht ar chomhairle a mhná do fhág sé a oideachas
agus a mhúnadh fá bhráthair do Ord San
Phroinnsiais. Do ghlac fonn leis an tsagar-
tacht Eibhear agus mar sin do chuaidh sé
ins an mbliadhain 1617 go dtí Douay mara
raibh Coláiste Gaedhealach. I gcionn tamaill
do fhág sé an áit seo agus do-chuaidh go dtí
Louvain mar a raibh Coláiste mór
Gaedhealach eile. Do éirigh leis go maith
annsin óir do bhí intinn ghéar-chúiseach láidir
aige. Fuair sé bheith 'na ollamh dhiadhachta agus
do-rinneadh sagart de ins an mbliadhain 1625.
Le linn do bheith annseo dó, do bhí Eoghan
Ruadh ó Néill ins an tír chéadna agus é
ina choirnéal i n-arm na Spáinne, óir ba leis
na Spáinneachaibh na Tíortha Ísle um an


L. 22


dtaca sin. Ba mhac dearbhráthar do Aodh
Ruadh Eoghan agus do rugadh i nÉirinn
ins an mbliadhain 1582 é. Iar ngéilleadh
dá oncal do na Sasannachaibh do fhág seision
an tír agus do chuir é féin ar uimhir saighdiúirí
Ríogh na Spáinne ins na Tíorthaibh Ísle. Do
éirigh leis go h-an-mhaith agus nuair fuair
Aodh Ruadh bás ins an mbliadhain 1616 agus
nuair do dúnmharbhadh a bheirt mhac leis na
Sasannachaibh, is le Eoghan Ruadh do bhí na
Gaedhil i n-Éirinn ag taobhughadh agus is as
do bhí a muinighin ar fad. Do bhí amhras
ag na Sasannachaibh air agus ba h-iomdha
spiothaire do dhruid leis go mín bog agus
truaighe mhór aca do Éirinn mardheadh, acht
do théip orra uilig Eoghan do ghabháil 'na
gcuid líonta. Fear ciún glic géar-chúiseach
calma do bhí ann, fear nach ndearna mórán
cainnte riamh acht do bhí ar na h-oifigeachaibh
dob fhearr dá raibh ag righ na Spáinne.



Do bhíodh mór-shluagh teachtaire ag gluais-
eacht go síor idir Eoghan agus na h-Éireannaigh
'san bhaile acht is é an teachtaire is mó gur fiú
trácht air .i. Domhnall Ó Néill. Ba de
bhunadh na Niallach a athair agus a mháthair
acht ba Phrotestún é féin, óir do h-oileadh
ón a óige i dteaghlach Ríogh Sagsan é. Ba
aisteach éachtach an saoghal do bhí aige.
Do bhí sé 'na theachtaire rúnach ag an chéad
Chathal. Do bhí cáirdeas dlúth idir é féin
agus Prince Rupert. Do bhí 'na dhalta
ag Wentworth. Do cuireadh fá ghlas i
gCloigtheach Lonnduin le lucht an Pharliament
acht do éaluigh sé as. Do throid 'na shaighdiúr
fá Eoghan Ruadh. Do fágadh marbh, mar do
shíleadar, thar éis catha ag Newburn i
n-Albain é, acht i ndeireadh na dála fuair
bás 'na dhuine uasail aosta shocair shaidhbhir
i Sagsanaibh.



Ins an mbliadhain 1625 tháinig Eibhear
ar ais go h-Éirinn agus is iomdha bliadhain
thug sé i n-a dhiaidh sin ag déanamh oibre
sagairt 'na fhairiche dhuthchais féin .i. Clochair.
Níorbh bhog é saoghal an tsagairt i n-Éirinn
an t-am sin. Óir do bhí na "tighearnaí
giústís" ag déanamh géirleanamhna agus
leath-truim ar mhuinntir na h-Éireann agus
gan an oiread áird aca ar Éireannach is do
bheadh aca ar dhusta na talmhan bhíos dá
mheilt fá chosaibh capall agus lucht siubhail
an bhóthair. Is é adubhairt Sar Liam Parsons,
ag maoidheamh as an deagh-obair do bhí sé do
dhéánamh, nach mbéadh Catoilceach ar bith i
nÉirinn i gceann bliadhna; agus níorbh é a
locht sin muna dtáinig fioradh a tharng-
aireachta le n-a linn féin. Ba bheag an
t-iongnadh gur luigh Eibhear isteach go duth-
rachtach ar Éire do fhuascladh ó'n adaor-bhruid.



Ba h-oireamhnach an t-am chuige é. Ba
shoiléir do chách go raibh imreasán ag éirighe
idir rígh Sagsan agus Parliament Sagsan.
Do bhí an lámh uachtair ag an rígh go fóill. Ní
raibh cuma ná slacht ar lucht an Pharliament.
Is ar éigin do thuig an saoghal mór gur dream
fá leith iad agus obair fá leith aca da déanamh.
Ó thárla go raibh siad ag obair ar a ndícheall
chun iad féin do shuidheamh agus do bhuanughadh
i Sagsannaibh ní raibh am aca le caitheamh
ar ghnaithe muinntire na hÉireann. Is é
fear ionaid an ríogh do bhí i n-Éirinn an
t-am sin Stafrord. Ceann de lucht chomhairle
an ríogh do bhí ann agus is amhlaidh thárla
mórán grádha do bheith aige do'n rígh agus
fuath mór aige ar an Pharliament do bhí
sé ag obair ar a dhícheall chun arm do
chur ar bun i n-Éirinn chun cuideadh leis
an righ nuair do bhéadh sé ag troid leis an
Pharliament. Mar gheall air sin níorbh
mhaith leis mórán do dhéanamh i n-aghaidh
muinntire na h-Éirinn gidh gur namha fíochmhar
dóibh é.


L. 23


Nuair do bhí gach dream Gallda ag a
ollmhughadh fhéin ar an dóigh seo i n-aghaidh
gach dreama eile do bhíodh teachtairí ag dul
thart i measg na nGaedheal ag a ngriosughadh
agus ag a gcomhairliughadh eirghe amach agus buille
do bhualadh do bhainfeadh cuibhireach na nGall
díobhtha go bráth. Ba fhear de na teachtairibh sin
Eibhear agus do bhí sé ar na daoinibh dob fhearr
aca do réir na h-Árd Chomhairle. Is an
mbliadhain 1633 do rinneadh Bhiocair Abstalic
ar Chlochair de. Isan bhliadhain chéadna do
chuir sé teachtaireacht chuig Richelieu. Fuair
na Gaill fios an sgéil. Do órduigh siad a
ghabháil agus a chur i gcarcar. Do chuaidh
sé san i bhfolach go cionn tamaill agus ní
rugadh air. Tamall beag ina dhiaidh sin do bhí
sé i mBaile-Atha-Cliath agus thárla
cainnt idir é féin agus Sar Eoin Radcliffe
gur ab é adubhairt Eibhear leis gur thuig sé
fhéin ón eolas do bhí aige ar an tír go mbéadh
cogadh ann. Ní dearna Sar Eoin pioc moille
acht an sgéal d'innis Eibhear dó do chur go
dtí an Privy Council i Sagsannaibh. Agus
ar son an eolais tabhachtaigh thug sé dóibh
thug an Privy Council maitheamhnas do Eibhear
'na ndearna sé de chogar i n-aghaidh Sagsan. Ó
seo amach níor chuir riaghaltas Sagsan isteach
air.



Ba mhaith do chuidigh Ruaidhrí Ó Mórdha
le h-Eibhear ag ollmhughadh na nGaedheal
i n-aghaidh na nGall. Ba de shliocht taoiseach
Laoighis agus Ó bhFailighe Ruaidhrí, acht do
baineadh a dhuthaigh de agus tugadh do na
"planters" é. Do bhí gaol aige fósta le
mór-chuid de na Sean-Ghallaibh uaislibh
Catoileachaibh. Fíor.-Ghaedheal do bhí
ann. Do rinne sé a dhícheall i gcomhnuidhe
an dá dhream Catoilceach do thabhairt ar aon
chomhairle .i. comhairle Eoghain Ruaidh. Fear
dóigheamhail laghach calma cliste do bhí ann
agus ba mhór a chliú imeasg cá agus go
mór-mhór imeasg na Sean-Ghaedheal. Isé
adubhairt an file ag a thaisbeant seo "Atá
ar muinighin as Dia agus Ruaidhrí Mórdhá."



Isan bhliadhain 1641 do bhí gach rud réidh
chum cogaidh. I mí an Fheabhra do gheall na
Sean-Ghaill cuideadh le Ruaidhrí acht go
dtiubhradh Sean-Ghaedhil na n-Uladh an cuideadh
céadna. Do bhí Sean-Ghaedhil na n-Uladh
réidh. Do bhí a gcomhairle ceaptha aca. Isí
an chomhairle do rinneadh leó éirighe amach
nuair do bhéadh an foghmhar istigh aca. An


L. 24


Cornéal Ó Broin, an Tighearna Maguidhir,
Ruaidhrí Ó Mórdha, Brian Ó Néill, Conn
Óg Mac Mathghamhna agus dá chéad saighdiúr
do dhul ós íseal isteach i gcathair Bhaile
Atha Cliath le n-a gabháil; muintir na
h-Éireann go coimh-coitcheannta do éirighe
amach insan am chéadna ar fud na tíre,
agus iad do bheith fá smacht taoiseach na
gCúige. Isé an áit a raibh an cruinniughadh
deireannach aca, Loch-Rois i gCo. Árd-Macha,
ar an 5adh lá do mhí an Deiridh Foghmhair, 1641.
Isé do cheapadar annsin éirighe amach oidhche
an 22adh lae agus maidin an 23adh lae do mhí
an Deiridh Foghmhair.



Dia h-Aoine an 22adh lá do mhí an Deiridh
Foghmhair tháinig fear darbh ainm Eoghan Ó
Conghaile istoidhche chuig na "tighearnaibh-
giústis" agus d'innis dóibh fá an éirghe
amach. Is amhlaidh do bhí sé ar leath-mheisge
agus is ar éigin do chreid siad é acht do
bhí ráflaí neamh-chinnte ag teacht isteach ó
Cole agus Ormond le tamall agus do cuar-
tuigheadh na tighthe 'na adubhradh go raibh lucht
ceannais na h-Éirighe-amach. Do gabhadh Mac
Mathghamhna agus an Tighearna Conchubhar
Maguidhir. Do éaluigh an chuid eile uilig.
Do cuireadh gairm-sgoile amach gan mhoill
ag a órdughadh gach strainnséar i bpéin
báis an chathair do fhágbhail. Ní thiocfaidhe an
chathair do ghabháil i n-a dhiaidh sin.



Dála na gCúige, do éirigh na daoine amach
go coimh-coitcheanta agus gan mhoill. Níorbh
fhada go raibh an chuid ba mhó de na bailtibh
móra agus an tír eile uilig (acht amháin
stiall bheag de'n tír timcheall Baile Átha
Clíath agus stiall eile i gCorcaigh) idir lámhaibh
lucht na h-Éirighe-amach.



Níorbh fhada gur shroich Eoghan Ruadh Éire
ar n-a chlos na sgéalta sin dó. Is é áit
a dtáinig sé idtír Caisleán na dTuagh i gCo.
Dún na nGall. Tháinig Eibhear agus sluagh
mór leis i n-aircis Eoghain go dtí an áit
sin agus ní fuláir nó gurbh adhbhar mór
athais agus árdughadh meanman do'n bheirt
casadh ar a chéile i dtír ghlais na h-Éireann
agus do bhí ní eile ann ag neartughadh leis an
áthas sin agus leis an árdughadh meanman
sin agus dob é an ní é an smuaineadh do bhí
i n-aigne gach duine aca go raibh an bheirt
aca anois thar éis luighe isteach ar an chomhairle
úd do bhí siad dá ceapadh de ló 's d'oidhche
i bhFlandors do thabhairt chum cinn .i. Éire
do shaoradh agus a náimhde do dhíbirt - ní as
a dtánaig bás na beirte.



Thánaig 500 oifigheach i n-aoinfheacht le
h-Eoghan. Ba h-amhais iad agus ba bheag cath
tugadh le dá fhichid bliadhain anuas i mór-Roinn
na h-Eorapa nach raibh siad ann. Thánaig sluagh
mór as gach áird de Ultaibh fósta agus
do toghadh Eoghan Ruadh mar cheann airm Uladh
go léir. Do chrom Eoghan gan mhoill ar
slacht agus dóigh do chur ar an tsluaigh agus
do bhí an smaoitiughadh sin ag síor-thabhairt
athais dó .i. nárbh fhada uaidh an lá le n-a
raibh a shúil le fada, an lá do rachadh sé i
n-aghaidh na nGall.


L. 25


Ar an 22adh lá do mhí an Mharta, 1642, do
cruinnigheadh Easbuig Uladh go h-aon áit
i gCeannus Mór na Mídhe agus do bhí seanad
aca. Is é an Dr. Ó Raghallaigh, Primháid
na h-Éireann, do bhí os cionn an tseanaid sin.
Do mhol siad an cogadh. Do iarr siad
ar a bpobal na h-airm do tharraing chúca. Do
shocruigh siad seanad naisiúnta do bheith aca
i mí na Bealtaine. Agus do bhí Do cinneadh
'san tseannd seo Coimhtionól coitcheannta
do theacht le n-a chéile i gCill Coinnigh 'san
Deireadh Foghmhair 1642. Isí obair do ghabh an
Coimhthionól orra féin do dhéanamh Éire do
riar. Do bhí aon Easbog déag, ceithre
tighearnaí tuata déag agus sé feisire ar fhichid
ar dhá chéad ann. Is mar so labhras Tomas
Carlyle fa an choimhthionól sin agus atá
cuid den fhírinne aige.



Isé an dream 'na raibh Eibhear ó thúis
deireadh na Sean-Ghaedhil agus i ndiaidh Eoghain
Ruaidh do bhí sé ar na daoinibh ba mhó le rádh
'san dream sin. Ar 3adh lá do mhí an Iúil do
mhol an tÁrd-Easbog Ó Raghallaigh go mór
é don Phapa chun a bheith 'na easbog ar Dúin
agus Cuinnir. Isé adubairt an t-Árd-
Easbog gur duine an-oireamhnach chun na
fairche sin do riar é. Fuair sé an fhairche


L. 26


seo go moch an bhliadhain 'na diaidh seo acht
níor coisreagadh riamh 'na easbog uirrí go
dtí go ndearnadh easbog Clochair dhe. Do
rinne an Árd-Chomhairle impidhe do chur chum
an Phapa ag a iarraidh air Eibhear a athrughadh
go Clochair, óir, adubhairt siad, ní raibh
Albanaigh nó Presbyterioni ann, ba chomh-
garaighe ag Cill-Coinnigh é agus ba mhó
comhacht Eibhir i gClochair ná san fhairche
eile. Do ghéill an Papa dóibh agus do
coisreagadh Eibhear mar easbog Clochair
an dara lá den Mheitheamh, 1643.



Ní hé atá ceaptha againn annseo gach a
ndearna an Árd-Chomhairle i gCill-Coinnigh
do chur síos go cruinn. Isé ba mhaith leis na
Sean-Gaedhealaibh gan a bheith i dtuilleam-
aigh ar dhream ar bith i Sagsanaibh. Isé ba
mhaith leis na Sean-Ghallaibh muinighin láidir
do bheith aca as gach a raibh an rí Cathal ag
geallamhain dóibh gidh gur minic do bhris sé
a gheall cheana féin. Ní thiocfaidhe an dá
dhream seo do thabhairt ar aon chomhairle.
B'fheidir go raibh cuid de'n locht ar na
Sean-Ghaedhealaibh féin agus gur ain-
mheasardha an nídh do bhí siad aga iarraidh.
Acht má bhí fhéin ba leibideach leanabaidhe an
ní é ag na Sean-Ghallaibh muinighin do bheith
aca as an rígh Cathal. Agus is maith do thaisbeán
Scarampe, leagáid an Phapa, a fhírinne seo
'san litir do scríobh sé agus do chuir sé
amach ag an am seo. "Ní gar dúinn," ars'
eision "do bheith ag dréim le congnamh
ar bith ó'n rígh. Ní gar dúinn do bheith ag
dréim le nídh ar bith ó'n Pharliament acht
fuath agus géir-leanamhaint má's rud go
mbéidh an bhuaidh aca. Isé rud is mó gheobhamuid
ó ceachtar aca cead do beith ann. Ná
cuirímís annsin dallóg orainn féin ag ár
dtabhairt féin i gcoimhead dreama ar bith
aca acht sinn féin do neartughadh agus do
bhuanughadh agus annsin cuideadh do thabhairt
do'n rígh chúm buaidh do bhreith ar a náimhdíbh má
atá gádh aige leis, acht gan an mhéid seo do
leigint i ndearmad .i. má's áil linn coimh-
líonadh a ngeall ó'n rígh nach foláir dúinn
bheith láidir go leór chun a chur air iad do
choimhlíonadh."



Chun comhairle ar bith de'na comhairleachaibh
sin do chur chun cinn níorbh fholáir go mbéadh
muinntir na h-Éireann uilig ar an aon
intinn. Ní mar sin do bhí. Acht is amhlaidh
do bhí na Sean-Ghaedhil ag troid ar son na
h-Éireann, na Sean-Ghaill ar son an ríogh,
agus ba ghearr an mhoill orra go raibh siad
ag troid le na chéile.



Is é Ormond do bhí ina fhear ionaid an
ríogh i n-Éirinn, Fear de shliocht Buitléir é,
acht is ina Protestúnach do h-oileadh le


L. 27


muinntir Sagsan é. Is é ba mhian leis lucht
an Choimhthionóil do mhealladh chun an ríogh.
Is iomdha cáirde gaoil agus daoine
muinnteardha do bhí aige imeasg na Sean-
Ghall, agus do bhí iomrádh cheana fhéin ar
chonnradh do dhéanamh idir é fhéin agus an
Árd-Chomhairle. Do bhí Scarampe ag cur go
dian i n-aghaidh a leithéid seo do chonnradh
agus ba mhaith dhíleas do chuidigh Eibhear mac
Mathghamhna agus furmhór cléir na hÉireann
leis. I n-aindeoin a ndíchill, amhthach, do
socruigheadh le Ormond ar an 17adh lá de mhí
an Mhárta 1643 sosadh cogaidh do dhéanamh,
agus do críochnuigheadh an chomhairle sin leó
ar gach leith roimh dheireadh na bliadhna céadna.
Is chun tairbhe an ríogh amháin do rinneadh
an sosadh sin. Do aontuigh lucht an Chomh-
thionóil £30,000, 10,000 saighdiúr, 2,000
gunnaí, agus 24,000 púnt pudair do sholathar
do'n rígh. Do aonthuigeadh na príosúnaigh do
leigint saor ar gach leith, agus na bailte móra,
na caisleáin agus na dúnta i n-Éirinn do
fhágáil ag na daoinibh a raibh siad aca le linn
críochnughadh an chonnartha dóibh.



An bhliadhain i n-a dhiaidh seo nuair do bhí
síothchain idir Ormond agus na Gaedhil, do
aonthuigh an Árd Chomhairle lón do chur chuig
an tuaisceart acht i n-ionad é do chur fá
stiúradh Eoghain Ruaidh is é do rinne siad
a chur fá stiúradh Castlehaven. Ní mór an
misneach do thaisbeán seisean. Do briseadh
cath fuilteach air agus níorbh fhada go raibh
Cúige Uladh uilig fá smacht Monroe agus
a chuid Albanach. Is í méad an tsluaigh
do bhí ag Monroe 20,000 coisidhe, 1,000
marcradh agus dragún. Do chuir arm na
nGaedheal fútha i Longphort i bhfogus do
Charlemount agus do bhí Eoghan Ruadh
ós a gcionn. Acht do bhí arm Monroe chomh
mór sin nach dtiocfadh le Eoghan a n-ionnsaighe
do chosg.



Le n-a linn sin do bhí Cathal ag cur
teachtaireachta uaidh chun connradh do dhéanamh
ós íseal le lucht an Choimhthionóil. Do bhí
Ormond ro-fhadalach agus ro-fhaithcheasach
ag déanamh an chonnartha agus d'iarr Cathal
ar Glamorgan a dhéanamh. Acht do tharla
sgeul an chonnartha do teacht fhad le
muinntir Sagsan agus do shéan Cathal é,
agus do chuir sé Glamorgan fá ghlas acht
ní túisge do bhí an gleó thart 'ná do thosuigh
Cathal ar chonnradh do dhéanamh leis na
Gaedhealaibh arís.



Is é do bhí do dhíth go géar ar lucht an
Choimhthionóil anois tír éigin thar lear do theacht
ag foirthin orra. Do bhí cuid mhaith de'n
am caithte aca ag pléidhe leis an rígh agus
ní hé amháin nárbh é a leas acht ba h-é a
n-aimhleas an pléidhe céadna. Ní raibh
pioc déanta aca chun an námha do dhíbirt. Do
bhí a gcuid arm sgaipighthe agus imthighthe
as. Do bhí na h-Albanaigh ins an tuaisceart
ag dul i ndánacht agus i dtreise agus ba
bhaoghlach go ndéanfadh siad ionnsaighe lá
éigin ar Chill-Choinnigh féin. Do bhí Bellings
.i. rúnaire an Choimhthionóil, i Roinn mhóir na
h-Eorapa 'san bhliadhain, 1645, ag iarraidh
conganta. Nuair do bhí sé ins an Róimh
do chuala sé ní ba h-iongnadh leis .i. go raibh
ceapuighthe ag an Phapa ní hé amháin congnamh
fear do chur chuig Éirinn acht Nuncio chun
do bheith i n-a fhear ionaid an Phapa i n-Éirinn.



Ar an 22ad lá de mhí an Deiridh Foghmhair
1645 tháinic Seaghan Baptist Rinnucini .i.
fear ionaid an Phapa i n-Éirinn. Ba mhór an
congnamh thug sé leis chuig lucht an Choimhthionóil
Do fearadh fíor chaoin fáilte roimhe i gCoill
Coinnigh agus ní lugha ná sin an fáilte
fuair sé ó chliar agus thaoiseachaibh na Sean-
Ghaedheal agus go mór-mhór ó Eibhear Mac
Mathghamhna. Thug an Papa ordughadh
fá leith do Rinuccini Eibhear do thabhairt fá
chúram, mar gur taoiseach cléire Éireann é.



Fuair na Sean-Ghaedhil do chur ar an
Árd-Chomhairle gan an connradh do rinne
siad leis an rígh do chur i bhfeidhm go dtí go
dtiocfadh Nuncio an Phapa. Isé céad ní
do rinne an Nuncio sgrúdughadh cruinn
cúramach do dhéanamh ar an dóigh do bhí ar
mhuinntir na h-Éireann agus ar na neithibh
do bhí gach dream aca aga néileamh. Isé do
thuig sé as an sgrúdughadh sin narbh fiú dada
geallamhna Chathail, agus go raibh an ceart
ag na Sean-Ghaedhealaibh gan glacadh le connradh
ar bith. 'Sé do rinne sé gach a dtug de
lón leis go h-Éirinn do thabhairt do Eoghain
Ruadh chun ionnsaighe ar na h-Albanachaibh.



Fá dheireadh do bhí faill ag Eoghain Ruadh
buille do bhualadh ar son na h-Éireann, agus
níorbh bhaoghal dó gan sin do dhéanamh. Ar an
5adh lá de mhí an mheithimh do chuir sé cath
Beinne Buirbe agus do threasgair sé arm
Monroe. Do fhobair dó Monroe féin do
ghabháil acht gur éaluigh sé tré chinneamhuin
áirithe. Gach a raibh de phudar agus de
ghunnaibh ag na h-Albanachaibh do gabhadh


L. 28


iad. Do cuireadh a mbratacha chuig Cill
Coinnigh. Do ghlac an Nuncio agus na daoine
iad agus do cuireadh go soilbhir soll-
mhanta i dtáisge i n-árd-teampall Naoimh
Chanóis i gCill Coinnigh iad.



Dála na h-Árd-Chomhairle, amhthach, níorbh
mhór a n-áthas go raibh buaidhte ag Eoghan
ar a náimhdibh chomh glan agus chomh luath sin.
Ní eile fósta, do bhí Preston, taoiseach airm
Laighean ag dréim go bhfuigheadh sé níos mó
de lón an Nuncio 'ná fuair sé. Ba mhó
a n-éad ar Eoghan Ruadh anois 'ná riamh
roimhe.



Ba dhuthrachtaighe do chuir siad i n-aghaidh an
Nuncio, ba dhéine do luigh siad ar an
Connradh do críochnughadh leis an rígh Cathal
Do imthigh an Nuncio agus a lucht leanamhna
go dtí Portláirge. Do chuir sé gairm sgoile
amach annsin ag a rádh nach nglacfadh sé féin
nó a lucht leanamhna le connradh síothchána
ar bith munar géilleadh dóibh gach a raibh siad
ag éileamh do réir mionn mór an Choimh-
thionóil. Do scríobh sé fósta go Ó Néill
dul é féin agus a shluagh do ionnsaighe ar
Chill Choinnigh. Do rinne Ó Néill amhlaidh.
Duine ar bith den tSean-Chomhairle nach
ngéillfeadh do gábhadh é. Do chuir Eoghain
orra Comhairle nuadh do thoghadh. Do rinneadh
uachtarán ar an Chomhairle nuaidh de'n Nuncio
agus do bhí Eibhear Mac Mathghamhna ar
na daoinibh ba dhuthrachthaighe innti.



Do ollmhuigh siad iad féin chun luighe isteach
go dian ar an chogadh agus do cheapadar
Baile Átha Clíath do ghabháil. Níorbh chruaidh
an obair í muna mbéadh feall Phreston.
Do bhí an oiread sin eagla ar Ormond
go bhfuigheadh lucht an Choimhthionóil sealbh
na cathrach go dtug sé tré fheall do lucht
an Pharliameint í ar £5,000 agus do imthigh
leis féin as an tír. Isé an Coirnéal
Micheál Jones do bhí 'na ghoibhernor ar an
chathraigh anois agus ní raibh súil ar bith go
bhfuigheadh lucht an choimhthionóil greim uirri.
Do bhí éad chomh mór sin ag Preston do Eoghan
Ruadh go dtug sé féin iarracht fá an chathair
do ghabháil acht do briseadh an cath go náireach
air. Tháinig an míorath ar armaibh lucht a
an Choimhthionóil daríribh 'na dhiaidh seo. Do
briseadh cath arís agus arís eile ar armaibh
Laighean agus na Mumhan agus ba mhó an
fuath do bhí ag taoiseachaibh na n-arm seo do
Eoghan Ruadh agus do'n Nuncio 'ná do bhí
aca do Ormond. Isé an leithsgéal do rinne
siad fá dtaobh dó seo gurab é do bhí ó Ó Néill
.i. do bheith 'na rígh ar Éirinn. Do bhí an
tAthair Lúcas Wadding thar éis claidheamh
mór a oncail, Aodh Ruadh, do chur ag triall
ar Eoghan, agus adubhairt Rinuccini agus é
ag tabhairt an chlaidhimh sin dó, gur chuir an
Papa a bheannacht i n-aoinfheacht leis chuig
Don Eugenio. "Is é céad bhronntanas eile
do-bhéaras a Shoillse do Eugenio coróin
arsa Preston fá n-a fhiaclaibh iar gcloisint
an sgéil dó.



Ar an 17adh lá de mhí an Eanair, 1649, do
chríochnuigh an Árd-Chomhairle Connradh le
Inchiquin - Murchadh na dToiteán a leas-
ainm súd, agus is maith atá cuimhne aca
air i gCúige Mumhan go fóill.



Do bhí seision thar éis lucht an Pharliameint
do thréigean agus do bhí anois i n-a fhear
ionaid an ríogh i n-áit Ormond. Do b'éigean
don Nuncio agus do Eibhear Mac Mathghamhna
éalódh as Cill Coinnigh tré dhul thar an bhalla
agus do theich siad go dtí Longphort Uí
Néill ag Maryboro. Isé céad ní do
rinne an Nuncio muinntir na h-Árd-Chomhairle
do choinneal-bháthadh agus interdiction do
fhogairt ar chathraigh nó bhaile-mhór do aon-
tóchadh leó. Do ghéill arm Preston agus
Preston é féin do Ó Néill mar gheall
air sin. Acht ba ghoirid i ndiaidh sin
gur thosuigeadar ag cáineadh an Nuncio
agus Eibhir mic Mathghamhna agus gur
bhaineadar ceannas an airm de Eoghan
Ruadh. Do chaith an Niallach a gcuid
litir ins an teinidh agus ba ghéar nimhneach
do fhreagair sé iad agus ba ghéire nimhnighe
'ná sin féin an freagra fuair sé ó'n Árd-
Chomhairle.



Do bhí brígh agus neart an coimhthionóil
caithte anois. Do chuaidh Rinuccini siar
go Gaillimh agus níorbh fhada ina dhiaidh
seo gur fhág sé Éire. Do bhí sgaipeadh ar an
arm. Do fhastuigh Ormond cuid aca. Do
bhí seision thar éis teacht ar ais agus do bhí
anois ag troid ar son an dara Cathail Rí
i n-aghaidh lucht an Pharliameint i n-Éirinn.
Do chuir lucht an ríogh agus lucht an
Pharliameint teachtairí chuig Eoghain Ruaidh.
Acht ní ghlacfadh ceachtar aca le n-a raibh
sé ag eileamh agus ba bheag a dhíombaidh-san
faoi sin, óir adeir sé i litir do scríobh sé go
Rinuccini. "Atá a fhios ag Dia gur ionnan
ár bhfuath don bheirt aca." In san litir
chéadna adeir sé gur gábhadh. "Easbog


L. 29


oirdhearc Clochair do bhí 'na chime ag Sar
Feidhlm Ó Néill acht, maith mar thárla,
go bhfuair sé éalód as." Do bhí an Sar
Feidhlm seo ar na céad-taoiseachaibh insan
éirighe amach. Agus do bhí dúil aige ceannas
airm Uladh agus ceannas a threabha féin
do fhagháil. Do bhí díombáidh air nuair nach
bhfuair sé ceachtar aca-san agus mar sin
do chuidigh sé le h-Ormond. Do phós sé
inghean Phreston agus do bhí anois i n-arm
Phreston ag troid i n-aghaidh a ghaoil fhéin .i.
Eoghain Ruadh. Do coimhéadadh Eibhear fá
ghlas go ceann ceithre mí acht i mí na Bealtaine,
1649, do éaluigh sé leis.



Le n-a linn seo do bhí na h-Albanaigh
ag ionnsaighe Coote go an dian i nDoire
Coluim Cille. Do aontuigh sé cairdeas
do dhéanamh le Eoghan Ruadh ar na coinghillaibh
do thairg Eoghain roimhe sin, acht go dtiocfadh
Eoghain anois do fhuascailt air. Do rinne
Ó Néill amhlaidh. Do theich na h-Albanaigh
agus do chuir seision faoi taobh amuigh de'n
chathraigh. Tháinig Coote i n-a aircis annsin,
do ghabh a bhuidheachas leis fá theacht do chuid-
iughadh leis chomh trathamhail sin agus thug
cuireadh dó teacht isteach insan chathraigh, áit
a bhfuair sé fleadh agus fáilte ón taoiseach
ghallda agus a chuid oifigheach.



Do thuig an t-easbog Eibhear Mac Mathghamhna
nuair do bhí an Nuncio imthighthe gurab é leas
lucht an Choimhthionóil teacht le sluaigh Ormond
i n-aghaidh lucht an Pharliameint. Do bhí
Ormond féin go dian ar thóir connradh do
dhéanamh le Eoghan mar do bhí a fhios aige nach
dtiocfadh leis féin gan cuideadh Eoghain
aghaidh do thabhairt ar Chromwell agus a
shluaigh. Isé an teachtaire do bhí ag Ormond
insan ghnaithe seo Domhnaill Ó Néill agus
is minic do gheall Ormond tríd an fhear seo
céim árd do sholathar do Eoghain acht go
gcríochnóchadh sé an Connradh leis féin. Níor
mealladh Eoghain ar an dóigh seo amthach, agus
ní mó do thréigfeadh sé Éire ar na chlos
dó ó Dhomhnall go raibh na Sean-Ghaill ag
déanamh "uisge fá-thalamh" i n-a aghaidh
le Ormond. Ba mhaith do thuig sé gur
foghantha an nídh é teacht le Ormond acht
níorbh mhaith leis é fhéin do cheangailt le
cleasaidhe glic mar Ormond gan cruaidh-
choinghiolla do chur air. Fá dheireadh ar eagla
Cromwell do ghéill Ormond. Do chuidigh
Eibhear mac Mathghamhna chun na h-oibre do
thabhairt chun críche agus do socruigheadh
go dtiocfadh an dhá thaoiseach .i. Ormond
agus o Néill le n-a chéile ag Carraig Machaire
Rois, i meadhon mhí na Nodlag, 1649, agus
do chuir Eoghain 3,000 fear gan mhoill do
chuidiughadh le Ormond.



Do ghabh tinneas Ó Néill, amhthach, go
h-obainn ag Doire Coluim Cille. Adeirthear
fós gur b'amhlaidh tugadh nimh do ar a
bhroslughadh sin do Coote. Gidheadh ní in-chreidhte
an sgeul sin, bíodh gur dhual do
Coote an gníomh céadna. Do tógadh agus
do iomchuireadh go mall dolásach tríd Tír
Eoghain agus Mhuineachan i n-aircis Ormond
é. Do bhí Cromwell thar éis teacht in-Éirinn
ar an 15adh de mhí an Lughnasa. B'fhada le
Eoghain cath do chur i n-aghaidh Cromwell
agus buaidh eile do fhagháil fá choinne Éireann.
Acht ní raibh sé i ndán dó. Do bhí sé ag dul
i ndonacht i n-aghaidh an lae. Do bhí Domhnall
Ó Néill leis agus do thuig sé go raibh
mearbhal aigne ag teacht air. "Go bhfóiridh
Dia air," arsa Domhnall. "Isé ní a mbíonn
sé ag trácht air, Éire do fhuascalt agus
annsin an Turcach do dhíbirt as Roinn-mhóir
na h-Eorapa." Taidhbhreamh geal éigin
do rinne sé agus é 'na stócach i dTír Eoghain
do bhí ag teacht isteach ar a aigne agus é
ag faghail bháis. Ar an 6adh lá de mhí na
Samhna fuair sé bás ag Loch Uachtair i gcaisleán
dearbhráthar a mhná .i. Pilip Ó Raghallaigh.



Gan amhras ba h-olc an dóigh do bhí ar
an tír anois. Do cruinnigheadh Seanaid
na n-easbog ag Cluain Mhac Nóis ar an
4adh lá de mhí na Nodlag 1649. Is iomdha
comhairle do cheap siad ann agus is léir ó 'na
comhairlibh sin an buaidhreadh do bhí ar lucht na
tíre. Ar an 8adh lá de mhí an Mhárta 1650
tháinig saighdiúirí Eoghain Ruaidh, do bhí ar
sgaipeadh ar fud na tíre, le n-a chéile go
Belturbet chun taoiseach do thóghadh. Is iomdha
duine do bhí ar thóir an cheannais, Sar
Feidhlm Ó Néill, Lt.-Gen. Ó Fearghaill,
marquís Antroma, agus Énrí Ó Néill, mac
Eoghain Ruaidh. Chun an imreasán do chosg
do thógh na saighdiuirí do aon guth Easbog
Clochairmar thaoiseach airm an ríogh i n-Ultaibh,
agus ar an chéad lá de mhí an Aibréin do
aontuigh Ormond an toghadh do rinne na
saighdiúirí mar do bhí socruighthe idir é fhéin
agus Eoghan Ruadh go ndéanfadh sé, agus
do ghlac sé le Ó Fearghaill mar Lt.-General.



Ó litir do scríobh go Rinuccini ar an 14dh
lá de mhí na Bealtaine 1650, is léir dúinn go


L. 30


raibh leisge air ceannas an airm do ghabháil,
Óir adeir sé gurbh mhaith leis a fhios do bheith
aige goidé do shaoil an Nuncio air, agus
do iarr air an sgéal ar fad do mhíniughadh
do'n Phápa.



Ba mhaith duthrachtach amhthach, do luigh sé
isteach ar a chuid oibre. Do bhí aige an tam
sin 5,000 coisidhe agus 600 marcradh; agus
do bhí ag dul i líonmhaire gach lá. Gidh nach
raibh an t-easbog fhéin cliste i n-ealadhain
an chogaidh ba dhíleas do rinne a chuid offigheach
slacht agus dóigh do chur ar an arm agus ba
ghearr go raibh siad réidh chum cogaidh. Do
gheall Ormond gach congnamh dob' fhéidir leis
do thabhairt dó.



Do chuaidh an t-arm ar aghaidh ó Mhuineachan
go dtí Charlemount. Isé an chéad rud do bhí
ó Eibhear gan leigint do shluaghaibh Coote
agus Venables dá thaoiseach airm an
Parliameint do theacht le na chéile, óir ba
láidir go leór do cheachtar aca fá leith é, acht
ní bheadh sé abalta ag an bheirt. Do b'éigean
dó, amhthach, slighe do choimhéad ar foscailt
tríd Bhéal Atha-Seanaigh do'n chonghnamh do bhí
Ormond le cur ag triall air. Mar sin
tháinig Coote agus Venables le n-a chéile
i n-éadan a dhithcill agus do chuireadar
fútha i n-áit do-ionnsuighthe i bhfogus do
Litir Cheannain. Ba mhó go mór méad a
sluaigh 'ná sluagh an easbuig.



Do chuaidh Eibhear agus a chuid offigheach
i gcomhairle. Isé adubhairt na taoisighe
cliste .i. Ó Fearghaill, Sar Feidhlm Ó Néill,
agus Énrí Ó Néill, narbh oireamhnach an
t-ionad catha dhóib é; go raibh cuid de'n arm
ar iarraidh; nach ndéanfadh moill cúpla lá
pioc dochair agus go mbéadh airc ar an namhaidh
mar go raibh a chuid bidh ag dul i laighead.
Acht b'fhada leis an easbog cath do chur i
n-aghaidh an namhuid. Do bhí muinighin aige
as an arm nár briseadh cath orra riamh. Ba
ghéar nimhneach do labhair sé le na lucht
comhairle agus do fhógair sé cath ar an
namhuid. Ar an 22adh lá de mhí an Mheithimh
do thosuigh an cath. Do ionnsaigh coisidhe na
nGaedheal an namhuid. Níorbh oireamhanach
an talamh chun an mharcraidh agus ní tháinig
leo cuidiughadh leis na coisidhibh. Ba chalama
an troid do rinne na coisidhe acht fá dheireadh
do cuireadh an ruaig ar shluagh na nGaedheal
agus do marbhadh 3,000 fear aca.



Do éaluigh an t-easbog as machaire an
chatha. Do bhí roinnt bheag marcraidh i n-aoin-
eacht leis. Rug roinnt eile marcraidh
Ghallda ó Innis Ceithleann orra ag Cill
Sgíre i gCo. Tíre Eoghain. Ba ghéar an troid
do bhí idir an dhá buidhean. Do goineadh an
t-easbog go h-olc acht do gheall siad a bheatha
ó dá dtiubhrad sé a claidheamh dóibh.
Thug agus do cuireadh fá ghlas i gcaisleán
Innse Ceithleann é fein annsin.



Do gábhadh an Coirnéal Feidlm Ó Néill
agus Aodh Ó Néill, mac Eoghain Ruaidh, agus
tugadh go Doire Coluim Cille iad, agus do
chur Coote chun bháis iad gan trócaire. Do
gábhadh an chuid eilei de na h-offigheachaibh
agus do rinneadh leo amhlaidh sin fós. Do
éaluigh Sar Feidhlm Ó Néill i ndiaidh an chatha
acht i 1653 do gábhadh agus do crochadh leis
na Sasannachaibh é.



Is é an goibhernor do bhí i n-Innis Ceithleann
insan am sin Major King. Agus ba bhréagh
cineálta do bhí sé fá Eibhear Mac Mathgamhna.
Do chuir sé dochtúir dá leigheas agus do
rinne a dhícheall tabhairt ar Coote a gheall
do choimhlíonadh .i. gan Eibhear do chur chum
báis, acht ní raibh maith dó ann, agus nuair
tháinig lá crochta Eibhir do fhág King slán
go ceanamhail aige agus do imthigh leis as
Innis Ceithleann ionnus nach saoilfidhe go
raibh roinnt nó bainnt aige leis an ghníomh
ghránna úd.



Adeir an t-Athair Ó Míodhchain go raibh
iomchur Eibhir chomh uasal sin ag dul chun báis
dó go saoilfeadh duine gur ab é taoiseach na
saighdiúr é. Is é áit i n-ar crochadh é i
gCaisleán Innse Ceithleann. Ní túisge
do bhí an t-anam as ná gur baineadh a cheann
de'n cholainn agus do cuireadh i n-áirde
ar thúr an chaisleáin é.



Fuair Catoilcigh na comhursanachta cead ó
Major King corp Eibhir do thabhairt leó agus
do chuir siad maille le onóir móir i n-oileán
Damhnais é. Níor tógadh riamh "líag ós a
leac," acht do réir béal-oidis na ndaoine
is é áit 'nár cuireadh é fá fhuinneóig na
h-eaglaise móire atá ar an taobh ó dheas.
Sin é an áit is dócha 'na bhfuil Eibhear Mac
Mathghamhna 'na luighe. Fíor-Ghaedheal do
bhí ann, agus fós fear a raibh eagla ar a
naimhdibh roimhe agus urraim ag a cháirdibh
agus ag a phobal dó. Ba é méad a ghrádha
don chreideamh agus do Éirinn ba chiontach
le n-a bhás. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a
anam.



SÉAMUS S. MAC SAMHAIRLE


L. 39


Sceul Carathain



Tighearna mór do bhí ann atá fad o shoin,
agus do bhí móran tunontaí aige agus
an tír uilidh faoi n-a chúram. Do chuir sé
amach fuagradh go bpronnfadh sé cíos bliadhna
ar dhuine ar bith do fhuasglochadh na trí ceasta
so dó:



Cia aca is gaolmhaire athair nó máthair do
dhuine?



Cia aca is deise dúinn flaitheas Dé nó
ifreann?



Cia aca an stráinseir nó fear an tighe dár
chóir an ceud sceul do innsint?



Do bhí mac ag an tighearna agus ba mhaith
leis freagraí na gceist dfhagháil ó n-a athair
agus do chuir sé trí stócaigh gasta do bhí
aige féin le na freagraí do ghoid.



Thángadar go geafta tighe an tighearna.
Thainig giolla an tighearna chuca agus
dfhiafruigh sé díobh cia iad fein nó caidé
sórt céirde do bhí aca. Adubhairt Carathan,
an fear ba óige aca, gur búisteóir fear
aca, cócaire fear eile agus gur fear é féin
do bhí eólach ar sceulaidheacht agus fiannaidh-
eacht agus go rabhadar ag cuartughadh
lóistin.



Do chuaidh an giolla chuig' an tighearna
agus d'innis sé dó fá na daoinibh do bhí ag
an doras. Abair leó teacht isteach, ars'
an tighearna.



Thángadar isteach agus do shuidheadar
go socair ag an teinidh.



Cá bhfuil fear na sceulaidheachta, ars'
an tighearna, go n-innseochaidh sé sceul
dúinn.



Mise an fear sin, ar Carathan, acht ní maith
liom sceul d'innse nó ní fhuil a fhios agam
an é fear an tighe nó an stráinseir dár
chóir an ceud sceul d'innse.



Atá an ceart agat. Is é fear an tighe
má thig leis é do dheunamh agus muna dtig,
ní cóir don stráinseir sceul d'innse go
bhfaighidh sé dinneir.



Cá bhfuil an búisteóir go marbhaidh sé
caora dúinn?



D'éirigh an búisteóir agus tugadh isteach
an chaora. Do chaith an búisteóir dé a chasog
agus a léine agus do chuir sé an chasog air
faoi an léine. Dorighne sé sin cupla uair.



Caidé an sórt oibre atá agat ann sin,
ars' an tighearna.



Atá, ar sesean, so léine d'fhág mo mháthair
agam agus so casóg d'fhág m'athair agam
agus ní fhuil a fhios agam cia aca ba chóir
domh aire is mó do thabhairt dó mar nach bhfuil
a fhios agam cia aca is gaolmhaire domh m'athair
nó mo mháthair.



Ó is amaideach thú maise nó is gaolmhaire
d'athair duit agus is dósan ba chóir an onóir
is mó do thabhairt.



Annsin d'fhág se de a chasóg agus do
mharbh sé an chaora. D'iarr an tighearna ar
an chócaire an chaora do dheunamh réidh. Fuair
an cócaire coinneal agus do chuir sé suas
go hárd ar dtús í agus annsin d'fhág sé
síos ar an talamh í.



Caidé an sórt oibre atá agat, ars' an
tighearna.



Atá, ars' an cócaire, do chualas go minic
gur mhaith le muintir na bhflaitheas gach
aon solas do bheith aca féin agus do chualas
nach bhfuil solas ar bith ag lucht ifrinn
agus atá eagla orm dá bhfágfainn thuas
í go sciobfadh muintir na bhflaitheas leó
í agus dá bhfágfainn thios í atá eagla orm
go sciobfadh muintir ifrinn leó í agus
ní fhuil a fhios agam cia aca is deise domh.



Maise, duine amaideach thú, ars' an tighearna
Cibé an stád a bhfuil tú air socrochaidh sé
sin duit. Má atá tú ar stád peacaidh
mharbhtha is deise duit ifreann agus má atá


L. 40


tú ar stad na ngrásta is deise duit na
flaitheas.



Do thosuigh an cócaire annsin agus
dorighne sé an dinneir agus d'itheadar a
sáith. I ndiaidh sin do thosuigh fear na sceul-
aidheachta agus sin an fear thiocfadh leis
sceul d'innse. I gcionn tamaill do thuit
an sean-tighearna i n-a chodhladh.



Anois an t-am dúinn imtheacht, arsa
Carathan, nó comh luath is musglochas an
tighearna beidh a fhios aige caidé tug annso
sinn agus marbhfar sinn.



D'imthigheadar agus do shiubhaladar leó
go dtángadar go coill mhóir. Do chuadar
isteach san choill. Do casadh gabhar mór
ortha. Adubhairt Carathan go marbhfaidís
an gabhar agus go gcuimleochaidís an fhuil
ortha féin ionnus nach n-aithneochaidhe iad.
Dorighneadar sin. Ní raibh sé i bhfad gur
mhothuigheadar an tighearna agus a chuid fear
ar a lorg. Nuair tháinig an tighearna ar
aghaidh do bhí an triúr agus sceana fosgailte
i n-a lámhaibh aca agus iad ag troid agus
cubhar fola ortha uilidh.



Caidé 'bhfuil an troid fa dtaobh dé, ars'
an tighearna.



Atá, arsa Carathan, fá an choill seo. Ní
thig linn deunamh amach cia againn ar leis í.



Socrochaidh mise <Socróchad-sa> sin díbh,
ars' an tighearna. Cad chuige adeireann
tusa gur leat í, ar sesean leis an bhfear
is sine.



D'fhág m'athair agam an meud atá úr
agus críon dí, ar sesean.



Ó is leat-sa uilidh í mar sin.



Caidé an fáth adeireann tusa gur leat-sa
í, ars' an tighearna leis an darna fear.



D'fhág m'athair agam an meud atá cam
agus díreach dí, ar sesean.



Ó is leat-sa uilidh í mar sin ars' an
tighearna.



Agus caidé an fáth adeireann tusa gur
leat í, ar sesean le Carathan.



D'fhág m'athair agam an meud atá faoi
an talamh agus os a cionn dí.



Ó is leat-sa uilidh í mar sin, ars' an
tighearna.



Caidé an dóigh a dtig leat í do dheunamh
domh-sa nuair dorighne tú do mo dhá dhear-
bhrathair í romham, arsa Carathan.



Anois do bhí an tighearna so le bás d'fhaghail
nuair do cuirfidhe ceist air nach mbeadh sé
abalta fuasgladh agus do thuit sé marbh
ar an bhomaite sin. Do shiubhal na trí stócaigh
leó annsin go bhfacadar Colm Cille agus a
bhuachaill ag tarraingt ortha.



Luighfimid síos agus leigfimid orainn go
bhfuilmid i n-ár gcodladh agus bféidir go
ndeunfadh Colm Cille tarngaireacht dúinn.



Do luigheadar síos agus nuair d'amharc
Colm ortha, ar sesean:



Beidh focla móra fá na buachaillibh sin go
fóill acht an fear beag sin rachaidh sé le croich
i mBaile Athá Cliath.



Nuair d'imthigh Colm d'eirigheadar agus
arsa Carathan:



Téighidh sibhse do bhaile anois agus innsidh
do m'athair caidé mar do thuit gach aon rud
amach agus nuair dogheobhas sesean bás
tuitfidh sibh isteach isan duthaigh uilidh.
Siubhalfaidh mise liom nó is ionannas an cás
domh é nuair atáim le crochadh.



Do shiubhal sé leis agus adubhairt nach
rachadh sé i gcomhair Bhaile Átha Cliath.
Acht i gcionn cupla lá do chonnaic sé cathair
mhór giota beag uaidh. Do casadh greusaidhe
air agus d'fhiafruigh sé den ghreusaidhe caidé
an chathair sin.



Sin Baile Átha Cliath, ars' an greusaidhe.



D'innis Carathan don ghreusaidhe caidé do
bhí le teacht.



Siubhal liomsa agus dobheurad lóistin
duit anocht ar scór ar bith, ars' an greusaidhe.



Dochuaidh Carathan leis. Nuair d'eirigh sé
ar maidin do chonnaic sé teach mór comhgarach
ag tigh an ghreusaidhe.



Caidé an teach sin, arsa Carathan.



Sin banc Baile Átha Cliath, ars' an
greusaidhe.



Is iongantach liom thusa do bheith comh
bocht agus atá tú agus an banc comh comh-
garach sin duit. Rachad-sa isteach chum an
bhainc agus dobheurad amach an meud airgid
agus dheunfas saidhbhir go bráth thú. Is
ionannas an cás domh é nuair atáim le
crochadh ar scór ar bith.



An oidhche sin fuair an greusaidhe dréimire
fada agus rópa. Do cheangal Carathan an
rópa thart fa n-a chorp, do chuaidh sé suas
ar an dréimire, fuair poll ar mhullach an
tighe agus síos leis agus do líon mála
do bhí leis le ór agus airgead. Do tharraing
an greusaidhe aníos annsin é agus tug sé
an t-airgead uilidh don ghreusaidhe. Lá ar
n-a mhárach do bhí an sceul amuigh gur goideadh
airgead as an bhanc agus do cuireadh fuagradh


L. 41


amach go bhfuigheadh duine ar bith dobheuradh
isteach an gadaidhe dhá cheud punt ón mhaor.



Atá sé comh maith agam-sa an t-airgead
sin do shaothrughadh, arsa Carathan, agus
isteach leis chuig an mhaor. D'iarr sé ar an
mhaor an t-airgead do chunntas amach dó
agus go dtiubhradh sé an gadaidhe dó. Do
chunntas sé amach an t-airgead ar tábla
agus annsin d'innis Carathan dó gurb
esean an gadaidhe agus go raibh sé le dul
le croich agus gurb é sin an fáth ar ghoid sé
an t-airgead. Adubhairt an Maor leis go
raibh nighean aige darb ainm Croicher agus go
dtiubhradh sé do Charathan í mar mhnaoi
agus go mbeadh sé le Croich annsin
agus go dtiubhradh sé an meud airgid dó
agus dheunfadh fear saidhbhir é fhad is do
bheadh sé beó.



Do posadh Carathan ar Chroicher, tugadh
an t-airgead ar ais go dtí an banc agus do
bronnadh an dhá cheud punta ar an ghreusaidhe
agus sin críoch mo scéil.



(Sean-sceul é sin d'innis Anna Chonaill ruaidh mic Loingsigh ó Ghleann Fhinne i dTír Chonaill, acht
do scríobhadh do réir an tsein-litrighthe é)


L. 52


An aisling i bhfilidheacht na hochtmhadh
aoise déag



I meadhon na seachtmhadh aoise déag táinig
athrughadh mór ar cúrsaíbh na hÉireann. Do bhí
an Sasannach i gceannas na tíre. Do cuireadh
an bárd chum fáin. Do lagadh na huaisle
agus d'fhág sin filidheacht agus léigheann
na hÉireann gan foscadh, gan fothain, gan
choimirc, gan chabhair. Do leagadh na
"Sochaide" nó scoile na mbárd. Ní
hiongnadh mar sin gur scaipeadh an sean-
léigheann agus an sean-fhilidheacht. An
fhilidheacht nuadh tháinig ar an saoghal chughainn
i dtosach na hochtmhadh aoise déag, as croidhe-
lár na ndaoine d'eirigh sí. Tugadar cúl
leis an "nDán nDíreach." Do bhí áis ní
b'oireamhnaighe i n-a n-aice aca, agus do
ghabhadar léi. Do cheapadar gléas filidheachta
ní ba shaorádighe go raibh rith léi agus buille
an ghotha innti i n-ionad na gcruadh-riaghlach.
An treó saoghail agus aigne do bhí orra an
uair úd ba bhun leis an bhfilidheacht nuadh sin.
Fá mar do thárla i ngach ré, agus i ngach
saoghal nuair do cuireadh chum labhartha
i bhfilidheacht iad, siúd mar do bhris an dúthchas
orra. Chum an sgéil so do thuigsint i
gceart, ní mór dúinn meabhrughadh timcheall
orainn, agus treó na tíre d'infhiúchadh.



I ndeire ré Eibhlíse do bhí an Gaedheal
bocht ar lár isan Mhumhain. Do cuireadh
an Gearaltach fá chois insan, deisceart,
agus b'é an dála céadna é ag Ó Néill
shíos insan tuaisceart.



Do chuireadar na Gaedhil iomláine a
muinghine i Rígh Séamas, ní nár bh'iongnadh,
nár bh'é mac a mháthar Máire é. Acht do
bhí breall ar a ndóchas. Do cuireadh ain-
dlighthe i ndiaidh a chéile i bhfeidhm d'fhonn an
Ghaedhil do chur chum fáin, agus an námhaid
do chur i n-uachtar i nÉirinn.



Táinig Cromaill anall chughainn agus
d'imir ár agus léir-scrios ar an dtír. Do
dhíbir sé uaisle na tíre agus d'fhág a shaigh-
diúirí féin i n-a n-ionad. Do bhí an Gall
fá chómhacht agus fá ghradam i ngach ball do'n
tír agus an Gaedheal bocht i n-íochtar. Do
bhí spiéirí go tiugh ag faire chúcha féachaint
cionnus thiocfadh leó an Gaedheal do chur
fá tháir agus fá tharcaisne.



Nuair do ghabh an darna Séamas coróinn
Shasanna, táinig ath-iompódh misnigh chum
muinntire na hÉireann. Acht do theith sé
chum na Frainnce taréis "Briseadh na
Bóinne," agus d'fhág an Talbóideach,
Iarla Thírchonnail, agus an Sáirséalach i n-a
dhiaidh. Acht taréis ar imthigh ar an Sáirséalach
i Luimnigh (1690), agus an cath do briseadh
air i Eachdhruim i mbliadhain a 1691, do b'éigin
dó géilleadh. Tug aghaidh ar an bhFrainnc,
é féin agus fiche míle dá lucht leanamhna -
na "Géadhna Fiadhna" fá mar a glaodhtar
orra. Den bhfuil do b'fhearr agus do b'uaisle
insan tír dóibh. Ní hiongnadh Éire bheith
go lag i n-a ndiaidh acht dá luige do bhí is
amhlaidh do ceapadh aindlighthe ní ba mheasa
agus ní ba dhéine chum a brúighte. Sidé
mar cuirtear síos ar treó na tíre an uair
úd: "Do bascadh is do brughadh fé chois í.
Do stolladh as a chéile í. Do stracadh
a caomhchorp, agus do fágadh i riocht bháis í
..... do bochtnuigheadh is do léir-chreachadh
an t-ádhbhar dá laochraidh dílse d'fhan innti.
Acht i n-indeóin gach pasála is gach creach-
argain dá ndeárnadh uirthi níor bh'fhéidir
an t-anam a bhaint aisti ar fad......
D'fhan aca tríd an ngéarleanamhain spréidh
den tsean-mhisneach." *



B'iad filí na hochtmhadh aoise déag fá
ndeara gur mhair an spréidh mhisnigh sin i
gcroidhthibh na ndaoine. Do chaoineadar iad
agus do chanadar dóibh. Do mhúineadar dóibh
cionnus gach ualach agus gach buadhairt



*Vide Introduction "Dánta Sheáin na Ráithíneach,"
p. xv. (Tórna)


L. 53


dar cuireadh orra d'iomchar. Do scaipeadar
síol an dóchais i n-a measg. Do mholadar
an mhaith. Do cháineadar an t-olc. D'fhoillsigh-
eadar dá mbráithribh Gaedhil an bealach
oo gheobhaidís go dtí go mbéaradh an chabhair
orra. Agus b'é an chabhair é ná, filleadh
an Stiobhairt orra. Doghéanadh sin a saoradh,
dar leó. Ní hé an grádh thar meadhon do
ghabh na filí don Stiobhart acht go rabhadar
ag meabhrughadh rompa, agus ag braith ar
a theacht chum congnaimh do thabhairt do
mhuinntir na hÉireann. Ar an adhbhar sin
aon uair da labhraidís na filí ins na
h-amhránaibh do cheapadar, is le hÉirinn do
labhraidís. Maighdean bhocht thréigthe b'eadh
í ag feitheamh le teacht a céile anall chúichi.
B'fhada dhi i nuaigneas agus i ndaorbhruid.
Acht atá breacadh an lae chúichi fá dheireádh, mar
atá Cormac ag triall fá n-a déin. Aislingí
tugtar ar na hamhránaibh sin. Ag so scóp
na haislinge: go moch ar maidin le labhairt
na fuiseóige, gabhann an file amach. Atá
ualach bróin ar a aigne agus tocht i n-a
chroidhe. Áilneacht agus úireacht an aéir,
binneas agus ceól na n-eán, glaiseacht an
duilleabhair, meallaid siad chum codlata
é. Tré n-a chodladh dhó, tosnuigheann sé
ag taidhreamh. Chíonn sé chuige an spéirbhean
is bréaghtha agus is deise dá bhfeacathas
fós ar an dtalamh so. Dá líomhthacht an
teanga aige teipeann air cur síos le cóir
ar a háilneacht agus ar a deiseacht. Gabhann
eagla agus urraim é. Sléachtann agus
cromann ar labhairt. Fiafruigheann di a
sloinne agus a treabh agus a tír. Is mór is
iongnadh leis ainnir mhodhamhail dá sórt do
theacht i n-a threó. Is é shaoileann sé go
mb'fhéidir gurab í Déirdre nó Hélen nó
Aoibhill nó Cliodna na Cairrge í, nó fós
duine do na bandéithibh ba chionntach le hár
nó le léirscrios éigin don chine daonda.
Acht i lár na cainnte siúd ar teitheadh uaidh
í, agus siúd an file ar a tóir síos suas
ar fuaid na Fodla. Acht fá dheireadh, cuireann
sé aithne uirthi. Éire do bhí ann. Nochtann sí
rúin a croidhe dhó. Ba mhór le rádh í tráth
dá raibh sí. Ba mhór ag a cloinn í.
Do bheiridís onóir agus urraim di. Acht
do sgaipeadh iad, agus do cuireadh í féin
chum fuachta is chum fáin. Atá an spéir
ag glanadh, ámh, agus is gairid uaithe lá a
fuasgalta. Le teacht an Stiobhairt tiocfa
séan agus sonas ar ais go hÉirinn.



Ní abraim ná gurab é "Gile na Gile"
seo Aodhagáin Uí Rathaille an chéad aisling
aca dar ceapadh. Seo mar a ghabhann sé: -
"Gile na gile do chonnarc ar slighe i
n-uaigneas;



Criostal an Chriostail a guirm-ruisc rinn-
uaine;
Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-
ghruamdha;
Deirge is finne do fionnadh n-a gríos-
ghruadhnaibh.



Caise na caise i ngach ruibe dá buidhe-
chuachaibh,
Bhaineas an ruithneadh de'n chruinne le
rinn-scuabaibh;
Iorradh ba ghlaine 'ná gloine ar a bruinn
bhuacaigh;
Do geineadh ar gheineamhain di-se 'san tír
uachtraigh.



Fios fiosach dham d'innis, is ise go fíor-
uaigneach;
Fios filleadh dhon duine dhon ionad ba righ-
dhualgas;
Fios milleadh na druinge chuir eisean ar
rinn-ruagairt;
'S fios eile ná cuirfead im laoidhthibh le fior-
uamhan."



Agus tuilleadh i n-éinfheacht leis. Sin
mar thug na filí i dtosach na hochtmhadh aoise
déag ar an nGaedheal do ghríosadh. Is minic
cáintear na filí toisg a gcómhbráithre do
chur ag braith ar an gcabhair úd tar lear.
Cuirtear i n-a leith gur mharbhuigheadar pé
spréidh neamhspleáchais do bhí ins na daoinibh,
agus muna mbeadh gur bréagadh chum an
Stiobhairt iad go mbainfidís a saoirse
amach as a ngustal féin. Acht do labhair
an file a corp dáiríribh. B'eól dó a laige
do bhí an Gaedheal, agus ná raibh dul aige
ar a shaoirse bhuadhchaint as a láimh féin.



Ar na bhfilidhibh ba mhó cáil agus ba thúisce
dar chan ar an gcuma sin atá Dáithi Ó
Bruadair, Aodhagán Ó Rathaille, agus Seán
Clárach mac Domhnaill. Do bhí a lán eile
aca ann seachas an triúr sin acht ná leigfeadh
slighe dham a n-áireamh annso, cuir i gcás
an tAthair Eoghan Ó Caoimh, Liam mac
Cuirteáin an Dúna, Seán Ó Gadhra, Art
mac Cumhaidh, Seán Ó Murchadha na Ráithíneach,
Seán Ó Neachtain agus daoine nach iad.


L. 54


B'é Dáithí Ó Bruadair an chéad duine
orra sin tháinig ar an saoghal. Do rugadh
i mbliadhain a 1650 é. Do mhair sé i n-aimsir
chogaidh Ríogh Liam. Do bhlas sé den tsean-
léigheann, acht do bhí an léigheann sin ag
dul i ndísc an uair úd agus atharrach
saoghail ag teacht. Sin é fá ndeara go
bhfaightar an dá shaghas filidheachta i bhfochair
a chéile i saothar Dháithi. Cé go mbaineann a
lán cruadh Ghaedhilge len a chuid amhrán, atá
an chainnt go breágh bríoghmhar ionnta, maille
le rith agus greann. Seo giota as an dtrácht
dorighne sé ar "Aisdear na Géadna
Fiaidhne," is é sin "saor-chlann Éireann
an t-an do díbreadh iad i ndiaidh Rígh
Shéamas 1691":



"Do chealg mo chom go trom le h-aicídíbh,
Aistear na gCoghnach lonn do leasuigheadh
sinn
'S nách faicim ar bonn san bhfonn i dtaithigh-
dís
Gan easbha, gan fhoghail acht moghaidh is
maistíní."



Agus seo mar adubhairt sé ag fáiltiughadh
roimh an Talbóideach ar a theacht i nÉirinn dó:



"Cé d'fhásadar táimhfir na tairbhfheóla
Re ládus an chárta go hanamhóineach
Dar Pádraig is feárr liom ná an sean-
chóta,
'Na shláinte mar tháinigh an Talbóideach."



Timcheall bliadhain a 1680 táinig Aodh-
agán Ó Rathaille ar an saoghal. Ní beag
iongnadh an rith agus an scóp, an faobhar
agus an fuinneamh atá le fagháil ins na
amhránaibh atá le fagháil againn uaidh. Ní
foláir nár lugha é a ghrádh dá thalamh dhúthchais
ná a ghráin dá námhaid. Is léir an tréith sin
ón a chuid amhrán:



"Tír gan Eaglais cneasta ná cléirigh;
Tír le mioscais, noch d'itheadar faolchoin;
Tír do cuireadh go tubaisteach, traochta
Fá smacht namhad is amhas is méirleach!"



Do bhí an Clárach i mbláth a shaoghail díreach
le linn na haimsire nuair do bhí an Ghaedheal
ag braith ar theacht an Stiobhairt Óig (Cormac)
chuige. Tugadh suas chum bheith i n-a shagart
é, agus do bhí reimhse mhaith léighinn air dá
dheascaibh. Ar an dá adhbhar sin ní hiongnadh
atharrach cainnte agus atharrach filidheachta
i n-a dhiaidh:



"Do bhí an tsíth bhean tsithleach shuairc,
Do chuir ar buairt mé tré mo raithíghe;
'Na suighe go maoineach míngheal shuas,
'S a dlaoi-chuacha léi go haltaighe:
D'féach anall go maordha mall,
Ba léir di ar ball gur mé do lean í;
Ar sí; "Is truagh linn do chuaird,
Tighidh anuas 's éist ar gceasnaighe.""



Do bhí "Filí na Máighe" suas díreach i
n-a dhiaidh sin, is é sin Seán Ó Tuama agus
Andrias Mac Craith - "An Mangaire
Súgach" fá mar tugtaoi air. Ag aoradh
a chéile agus ag cabhrughadh leis an gClárach
chum an Stiobhairt do bhréagadh anall chughainn
atá urmhór dá gcuid saothair. Seo dhá rann
do cheap Seán O Tuama do Rígh Séárlus:



"Bím ar buadhairt gach uair den ló.
Ag briseadh croidhe 's ag caoi na ndeór!
Ó d'imthigh uainn an bhuachaill beó
'S nách faigheam aon tuarisg uaidh, mo brón?



Ní labhrann cuach go suairc ar neóin,
'S ní bhinn guth gadhair i gcoillte cnódh;
'Ná maidion t-samhraidh a ngleanntaibh ceó,
O d'imthigh uainn an buachaill beó."



Atá sé ráidhte - agus atá cruth na fírinne
air - go mbaineann Eoghan Ruadh Ó Súil-
leabháin le haois na haislinge, agus gur
sgríobh sé dá réir. Is deacair gabháil leis
an dtuairim sin, mar an tráth ba mhó le rádh
i nÉirinn Eoghan agus filí a chómhaimsire .i.
Tadhg Gaedhealach Ó Súilleabháin, agus
Donnchadh Ruadh Mac Conmara, do bhí an
Gaedheal taréis éirighe ó bheith ag braith ar an
Stíobhart. Do leanadar na filí don
aisling cé gur ghnó ar bheagán tairbhe dhóibh
é. Ní raibh ann acht nós aca. Níor fhóir
an fhighe filidheachta sin ar leas an Gaedhil,
acht amháin gur thaithin a dhul agus a scóp
len a saoithibh, agus do thárla dhóibh an uair
úd bheith i dtaoibh leis an mbeagán chum dul
ag cumadh. Do ghabhadar leis an aisling
dá bharr. An módh amhránuigheachta sin agus
an chainnt do bhí ann do thaithnighidís leis
an bpobal. Dorighne sé a sásamh chum gráidh
a gcroidhe do chur i n-iúil dá chéile, agus i n-a
theannta sin d'fhóir sé ar an ngráidh dá


L. 55


dtír do choimeád ar lasadh i n-a gcroidhe.
Is sin a thug ar Eoghan agus ar na filidhibh
tháinigh i n-a dhiaidh, mar atá Éadbhard
de Nógla, an tAthair Liam Inglis, Micheál
óg Ó Longáin, Seán Ó Coilleáin agus
Diarmuid na Bolgaighe leanamhaint don
aisling. Fiú amháin indiu féin atáid filí óga
na hÉireann ag aithris ar a sean isan
slighe chéadna.



Is minic cuirtear i leith lucht déanta dán
insan ochtmhadh aois déag an luighead tairbhe
tigeadh chúcha as a liacht aisling do cheapadar.
Is é mheasann lucht cáinte na haislinge nár
oir sé do Ghaedhealaibh na haoise sin; ná raibh
innti acht ceathánna focal fighte le chéile
ag an bhfile ag cur síos ar bhreághthacht bhan,
agus ag trácht ar nidhthibh nár bhain leis an
dtír ná le saoghal na haoise; agus go raibh
an sluagh Gaodhalach imighthe i dtuirse dhíobh i
bhfad roimis sin. Acht is fuirist an tuairim
sin do bhréagnughadh, an t-é ghabhann i n-a
h-aice le ciall agus le tuigsint.



Ní féidir an scéal do mheas go ceart gan
eólas bunadhasach ag duine ar stair is
ar theangain, agus ar litridheacht na tíre.
Agus an tráth áirithe úd i nÉirinn, do bhí cosg
a bháis ar an bhfile a bhráithre do ghríosadh chum
éirighe i g-coinnibh Shasanna. B'é fá ndeara
dhóibh an gléas amhránuigheachta sin do tharrac
chúcha. B'í Éire a ngrádh. Do ghrádhadar í
le hiomláine gráidh a gcroidhe. B'é an grádh
sin bun agus barr agus leath-imeall gach
scéil ó aois go bás dóibh. Do géaruigheadh
ar an ngrádh sin do réir mar dochuadar
i n-eólas ar an anbhruid agus ar an anachain
do rug í. Ní hiongnadh linn mar sin líon na
n-aisling atá againn i n-a ndiaidh, agus is
lugha is ionchurtha i n-iongantas iomláine
agus áilneacht agus deiseacht na bhfocal do
ghabhadar chúcha ag cur culaithe ar a smaointibh.
Tréith fhíorGhaodhalach is eadh an tsíorfhighe
sin i ngach roinn den ealadhain. Is í teist
is fearr ar fheabhas agus ar áilneacht na
haislinge, gur éirigh léi an Gaedheal do
choimeád go Gaodhalach, agus go maireann
sí fós go breagh, beó, bríoghmhar i mbéalaibh
na ndaoine.



DONNCHADH Ó DONNCHADHA



A Mhuire ro-mhilis, a bhuime, is a mhathair Dé
A bhfuil fuasgladh na cruinne go huile ar do láimh go léir
Cuir impidh ar do leinbh d'fhuiling an pháis go geur
Gach cruaidh-chás 'n-a bhfuilim furtuigh agus tarthail mé
Mo ghrádh thú a leinbh do geineadh san Mhárta
Mo ghrádh thú a leinbh do rugadh san stábla
Mo ghrádh thú Íosa aon-mhic Mháire
Is cuimrigh m-anma ar uair mo bháis dfhágháil.


L. 66


CONALL INIS-CAOIL



Do bhí fear naomhtha i dtír Chonaill atá
ceithre cheud deug bliadhan ó shoin a raibh
Conall air. Do thóg sé mainistir ar Inis-
Caoil .i. oilean beag atá ar an taobh shiar
thuaidh do Thír Chonaill. Atá láithreacha na
mainistreach le feicsint gus an lá indiu.
Atá láithreacha sean-cille ar an oilean
freisin agus dob é Conall do thóg an chill
sin leis do réir beuloidis na ndaoine.



Is iomdha sgeul atá ag na daoinibh mór-
thimcheall an oileain i dtaobh Chonaill naomhtha.
Do-geibhmid fós cunntas gearr air i
gcuid do na sean-leabhraibh, agus go h-áirighthe
ameasg leabhar an Cholganaigh. As Inis-
Eoghain do'n Cholganach so agus do cheap
sé an saoghal do thréigint agus é fhéin do
thabhairt suas do sheirbhís Dé in Órd Naoimh
Phroinsis i Louvain. Do chuir sé roimhe
cunntas do thabhairt ar naomhaibh Éireann
uile - beatha gacha naoimh os coinne lae a
fhéile. Acht fuair sé bás gan an obair seo
do chuir sé roimhe do chríochnughadh agus mar
sin níor thrácht ríamh ar bheathaidh Chonaill
go h-iomlán, acht do-bheir sé gearr-chunntas
air le linn seanchuis na naomh eile do sgríobhadh.
Is amhlaidh sin do-gheibhmid na focla so leanas
as an leabhar sin do sgríobh sé da ngoirthear
"Acta Sanctorum": - "Conalli abbatis de
Iniscoel, haec ecclesia est insula oceano
circumfusa in regione Tyrconalliae, quae
Bugellaigh appellatur, et in Dioecesi Rath-
bothensi in qua S. Conallus 12 Man colitur.
Vide plura de ipso ad eundem diem" (l. 205).



Is follus ó sin go raibh sé ar intinn an
Cholganaigh tuilleadh do sgríobhadh i dtaobh
Chonaill nuair tiocfadh sé fhad le na fhéile;
is follus fós nach raibh eolas cruinn aige i
dtaobh an lae sin. Ins an trácht sin do
luaidheamar adeir sé gurb é an dara lá
dheug do'n Bhealtaine a fhéile, gidheadh i leabhar
eile do sgríobh sé bliadhain nó dó tar éis
sin .i. an "Trias Thaumaturga," ag so
nar labharann sé i dtaobh Chonaill: - "S.
Conallus filius Manii, abbas de Inis-Caoil
in Tirconallia. Colitur 20 Maii" (l. 489).



Ní h-é an Colganach amháin nach bhfuil eolas
cruinn aige i dtaobh lae fhéile Chonaill, acht
is amhlaidh atá fear eile do-ghnídh trácht ghearr
air, is é sin Micheal Ó Cléirigh, agus ní thig
sé in aon chor leis an mhéid adeir an Colganach.
Adeir sesean, ins an leabhar sin do sgríobh
se da ngoirthear "Felire na naomh
nÉrennach," gurb é an 22adh lá Bealtaine
lá Chonaill. Ag so na focla atá aige ag
an lá sin: - "Conall abb Innsi-Caoil i
cCenel Conaill. Acus do Cenel cConaill
do samh féin do réir an naoimhsenchasa."



In áiteachaibh éigin eile in a leabhraibh
adeir an Colganach gur do shliocht Chonaill
Gulban Conall Inis-Caoil. Ins an leabhar
sin do luaidheamar thuas .i. an "Trias
Thaumaturga" (l. 480) adeir sé: -
"Conallus de Iniscaoil, filius Mann Coelii,
filii Caitherii, filii Ennii cognomento Baganii,
filii Conalli Gulbani." Adeir fós gurb duine
do dheischioplaibh Cuilm Cille é.



Dá mbeadh na leabhair agus na scríbhne
go léir dá raibh ag an Cholganach ag duine
dféadfadh sé cuid mhór eólais dfhaghail ar
Chonall. Acht do scaipeadh na leabhar agus
na scríbhne sin go léir an t-am a raibh an
cogadh mór i nEorpa fa chéad bliadhan ó shoin.
Tugadh cuid aca chum na Róimhe agus tugadh
cuid aca go Brusaill agus is dócha gur
cailleadh cuid aca. Ar chaoi ar bhith ní féidir
domhsa iad do scrúdadh anois.



I móran do na sean-leabhraibh, mar atá
"An Leabhar Breac," do-gheibhmid tuairisg
ar dhlighe tugadh ón Róimh le Conall naomhtha
dha ngoirthear "Cáin Dómhnaigh." Ins an
leabhar so .i. "An Leabhar Breac" atá
cunntas cruinn i dtaobh na cána so ag


L. 67


leathanach 202 do leabhar "B." Adeirthear
gur b'amhlaidh tugadh an cháin seo ó neimh
chuig Pheadar apstail na Róimhe agus go
ndeachaidh Conall naomhtha go dtí'n Róimh
go bhfuair í agus tug leis go h-Éirinn í.
Ag so na focla ó'n leabhar sin ag taisbheáint
gurb é abb Inis-Caoil tug ó'n Róimh í,
mar a leanas: - "Is ed inso forus cána
dómhnaigh tuc Conall mac Colmain anair ó
Róimh dochóid dia oilithre di, agus rosgáid
a teora guide ann agus tuctha do uili. Ité
na teora guide .i. nach oen tarsa raga
úir na hinnsi hita niconricfe a anim ifrinn
agus ni conticfat allmaraigh a chill acht
aenfecht agus nach tan bus isliu cech
mbendchopur Arad mora* is and bus ardam
a chongbailsiam agus a bendchopuir. Roscrib
Conall fessin con a láim in epistil-sea
in Domhnaigh as ind epistil tuccad do nim
for altóir Petair apstail in-Roim."



An "Cáin Dómhnaigh" seo ar a bhfuil trácht
ann so, do-bheir i dtús cunntas ar iomlán
na neithe do thárla ar an Dómhnach, mar atá
baisteadh Chríost agus a Eiséirghe ó na
mharbhaibh, taisbeánadh glórmhar Chríost do
mar sin. Tar éis sin do bheir cunntas ar na
neithibh nach ceart do dheánamh ar an Dómhnach,
cuir i gcás cluichthe d'imirt, rud ar bith
do dhíol no do cheannacht, margadh do dhéanamh,
teach do sguabadh, biadh do dhéanamh réidh,
agus móran rudaí eile. Gach duine do bheadh
cionntach leis an dlighe seo do bhriseadh
is amhlaidh dob' éigin dó cíos nó cáin do
dhíol; is í an cháin ba ghnáth bheith ar dhuine
le díol unga nó leath-unga airgid, do réir
na tráchta ceudna ins an leabhar sin do
luaidheamar.



Is iontuighthe as an mhéid adubhramar
na dheischioplaibh ar chnoc Thaebior, agus
thuas urraim agus grádh mór do bheith ag lucht
na h-aimsire sin do Chonall agus is iontuigthe
as leis cuing dhlúth do bheith idir Chatoilicibh
na h-Éireann agus apstail na Róimhe le na
linn.



An t-oilean so ar a bhfuil láithreacha
Chonaill le feicsint fós, mar adubhramar
cheana, is amhlaidh atá sé fa thuairim leith-
mhíle nó mar sin amach ó'n talamh. Oilean
uaigneach atá ann anois gan duine ar bith
'na chómhnaighe air acht eallach agus caoirigh
ar féarach air. Gach bhliadhain ar feadh
an t-Samhraidh théid móran daoine chuig an
oilean so le turas Chonaill do dhéanamh.



*Is dóigh liom gur ionann an Arad mora so agus
Árann Mór .i. oilean ar thaobh thuaidh do Inis-
Caoil.


L. 68


Adeirid urnaighthe i dtús ag an mhainistir
agus ag an sean-chill agus mar an gceudna
adeirid urnaighthe ar leic áirighthe atá istigh
ins an chill. Adeirthear gurb í an leac so
an altóir ar ar ghnáth le Conall naomhtha
an t-aifrionn do leigheadh gach lá. Is páirt
do'n turas fós urnaighthe áirighthe do rádh
ag tobar beannuighthe atá ar an taobh
thuaidh do'n oilean agus adeirthear go bhfuil
cumhacht mhór in uisge an tobair seo. Adeirthear
fós má atá neach do mhuinntir an turais
le bás d'fhághail i gcionn na bliadhna gurb
amhlaidh tionntuigheann an t-uisge dearg
le linn an turais do dhéanamh dóibh. Do bhí
aithne agam fhéin ar mhnaoi éigin do bhí ar
an turas le linn an uisge do bheith dearg
mar so agus is amhlaidh fuair sí bás roimh
dheireadh na bliadhna. Má atá miorbhail
isan mhéid sin bíodh aige.



Mar an gceudna atá sean roilig thart fa'n
chill in Inis-Caoil agus ba ghnáth daoine
d'adhlacadh ann go dtí atá tamall beag ó shoin.
Le linn an lán-mhara do bheith amuigh tig le
duine siubhal isteach go dtí'n oilean do chois
acht atá contabhairt ann do bhrígh go líonann
sé go h-an-ghasta arís.



Do ghairmhtear ainm Chonaill do mhóran do
na h-áiteachaibh i bhfogus do oilean Inis-Caoil
gus an lá indiu agus bíodh sin na theist
gur mhór an ónoir agus an urraim tug
muinntir Thír-Chonaill do abb Inis-Caoil
ó n-a am fhéin i leith. Atá paróiste cómh-
garach do'n oilean da ngoirthear "paróiste
Inis-Caoil" agus atá an iomad áiteacha
mór-thimcheall Árd-a-rátha, mar atá Lia-
Chonaill agus áiteacha eile, do ghlac a
ainmneacha ó Chonall naomhtha.



Acht do réir mo thuairim-se ní fhuil áit
ar bhith taobh amuigh do Inis-Caoil í féin
is mó chuireas Conall i gcuimhne dúinn ná
áit atá cómhgarach ag an Dubh-charraidh i
bparóiste Theampoll-Chróna dá ngoirthear
Doire-Liag-Chonaill. Atá cnoc ann leis
da ngoirthear Cnoc-Liag-Chonaill agus atá
tobar beannuighthe ann shíos ag imeall an
Ghaoth-barra. Atá leac beag shíos in íochtar
an tobair seo i bhfuil dhá pholl cruinn
inntí agus adeirthear gurb iad na puill seo
luirg glúna Chonaill d'fág sé ann sin tráth
agus é ag guidhe ann. Is amhlaidh tig an
iomad daoine chuig an tobar so ar feadh
an t-Samhraidh le turas Chonaill do deánamh
amhail do-ghníd ar oilean Inis-Caoil agus
tigid go h-áirighthe ar an 29adh lá do'n Mhí-
Mheadhon gidheadh ní fhághaim tuairisg ar bith
gurb é an lá so lá fhéile Chonaill.



Is í an áit i n-a bhfuil an tobar so ar an
taobh thior ar fad do'n Ghaoth-barra acht
síar ó'n áit seo go dtéighir go dtíioilean Inis-
Caoil atá cupla áit eile bhaineas le Conall.
Atá sgeul ag cuid do na sean daoinibh
fós gur mharbhuigh Conall a athair agus a
mhathair agus annsin gur lean péist mhór
é, acht fa dheireadh, indiaigh aithrighe do dhéanamh
dó ar son a choire, go rug buaidh ar an phéist
agus gur mharbhuigh sé í in-áit da ngoirthear
Poll-na-péiste gus an lá indiu. Ní
in-chreidhte an sgeul so is dóigh liom.



Do-bhí fear naomhtha eile i na chómhnaighe in
Éirinn an tam sin .i. Dallán Forgaill, an
file do sgríobh "Ambhra Choluim-cille" do
réir an Cholganaigh agus ughdar eile. Ba
ionmhuin leis an fhear naomhtha so Conall
agus táinig sé lá ar chuairt go h-Inis-Caoil,
acht le linn é do bheith ar an chuairt do thárla
drong créachadóirídhe do theacht go dtí'n
oilean. Adeir móran gur ó'n tír Lochlannach
an drong so agus is dóiche gur fíor é. Do
sgriosadar an mhainistir agus do mhar-
bhuigheadar Dallán agus i na dhiaigh sin do
baineadh an ceann do'n cholainn agus do
caitheadh i san fhairrge é. Do ghuidh Chonall
naomhtha Dia ceann an fhir naomhtha do thabhairt
chuige agus roimh cian d'aimsir is amhlaidh
do chonnaic sé an ceann ag teacht chuige ar
bhárr na dtonn. Do-chuir Conall an ceann
leis an chabhail agus leis sin do ghreamuigheadar
go teann arís. Do cuireadh amhlaidh sin corp
Dhalláin in Inis-Caoil.



Ba iomdha uair roimhe sin do ghuidh Conall
Dia go mbéadh sé fhéin agus Dallán curtha
ins an uaigh amháin mar ba mhór a gcion ar a
chéile. Agus tugadh an athchuinge sin dó.
Go giorraid indiaigh bháis Dhalláin agus tamall
beag roimh dheireadh na seiseadh h-aoise
- mar adeir ughdar an leabhar sin da ngoirthear
an "Monasticon Hibernicum" - d'eug
Conall naomhtha. Is amhlaidh sin do hadhlacadh
an bheirt naomh .i. Conall agus Dallán ins
an uaigh ceudna ar oilean Inis Caoil.



FÉIDHLIMIDH Ó BAOIGHILL


L. 81


An Teagasg Críosdaidhe.*



Is minic bhímíd ag trácht ar chreideamh na
nGaedheal, a fheabhas as a dhaingineacht a bhí
sé istigh 'na gcroidhe. Adeirimíd gur
bh'iongantach an creideamh a bhí ag na
Gaedhealaibh míle bliadhan ó shin nuair a
bhíodar ag craobhsgaoileadh na fírinne ar
fuaid Roinn na hEuróipe. Adeirimíd gur
níos mó d'iongnadh an tslighe in-ar dhiúltaigh
ár sinnsear do chreideamh nua na Sasanach
a dó nó a trí de chéadaibh bliadhan ó shin
nuair a chailleadar a maoin as a maitheas
as a raibh sa tsaoghal acu ar son an chreidimh
Chaitilicí. Tá a lán nidhthe bhaineas leis
an fadfhulang san gur mhian le duine
machtnamh a dhéanamh ortha. Acht bhí éin-nídh
amháin go háirighthe bhaineas leis an gcreideamh
agus ba mhór an meas a bhí ag na Gaedhealaibh
air ar feadh na haimsire sin. B'é an nídh
sin an Teagasg Críosdaidhe.



Is maith is eol dúinn go léir an t-eolas
cruinn atá ag na sean Ghaedhilgeoiríbh ar
an dteagasg chéadna. Dá gcuirfeá ceist
ar duine acu-san as an dTeagasg Chríosdaidhe
is ar éigin a bheadh an chéad dhá fhocal as do
bhéal agat nuair a thiocfadh an freagra
chughat láithreach go cruinn blasta. Cad do-
bheir an Teagasg Críosdaidhe bheith chómh cruinn
soiléir ag na sean-Ghaedhilgeoiríbh? Ní
deacair an cheist sin a réidhteach. San droch-
shaoghal nuair a bhí na daoine tar éis sgara-
mhaint le n-a gcuid maoin saoghalta ar son
an chreidimh, bhí a n-aigne agus a gcúram
go dian daingean ar an gcreideamh agus
ar na nidhthibh bhaineas leis. Is beag leabhar
ná léigheann do bhí acu. Ní raibh páipéar
nuadhachta ná irisleabhar le léigheamh acu.
Acht bhí an t-éinnídh amháin acu - eólas thar
barr ar an gcreideamh. Bhí an Teagasg
Críosdaidhe ó thúis deire do ghlan mheabhair
acu go dtí lá a mbáis. An machtnamh a
dheinidís an t-am san, machtnamh ar nidhthibh
spioradálta ab eadh é. Ní raibh gnothaí an
tsaoghail seo ag cur isteach ortha mar is beag
de mhaitheas an tsaoghail a bhí idir lámhaibh
acu. Is é bhí dá bharr san acu, cuimhne
mhaith a bheith acu ar an dTeagasg Chríosdaidhe -
cuimhne nár laguigh as nár theip ortha riamh.
Is minic a bhuaileann a leithéidí seo le duine
fós - na sean-Ghaedhilgeoirí, na daoine go
bhfuil an Teagasg Críosdaidhe foghlumtha
i nGaedhilg acu. Is minic a bhíonn cuid acu-
san i n-áit ná fuil focal Gaedhilge á labhairt
ann anois. Theangmhaigh sean-Ghaedhilgeoir
den tsórd san orm, tá bliadhain ó shin anois,
agus isé dubhairt sé liom ná beadh focal
Gaedhilge aige féin mura mbeadh an Teagasg
Críosdaidhe. "Má tá Gaedhilg ag teastáil
uait," ar seisean, "dein an Teagasg
Críosdaidhe dh'fhoghluim." An áit go raibh sé
'na chomhnaidhe, ní labhartar an Ghaedhilg ann
anois. Níl sí acht ag na sean-daoine ann.
B'fhéidir ná raibh corp an chirt aige sa mhéid
sin acht do thuigeas uaidh gurab é an Béarla
a labharfadh a chompánaigh leis nuair a bhí
sé féin in aosánach ag foghluim an Teagaisg
Chríosdaidhe. Acht cuireann an sgéal san rud
eile i n-iúil dúinn. Má tá eolas chomh
maith san ag an aos chríon ar an dTeagasg
Chríosdaidhe, cad 'na thaobh ná raghadh an t-eolas
'san chun tairbhe don Ghaedhilg ar fuaid na
hÉireann? Is minic adeirtear go mbíonn
na sean-daoine ag asmhuchán ar an nGaedhilg
atá ag an aos óg agus á rádh gur mór an
deifir idir í agus a nGaedhilg féin. Isé
adéarfadh duine acu, b'fhéidir, "ní thuigfinn
focal ón mbuachaillín sin acht chomh beag is dá
mba "ghabhaim siar" a bheadh 'na bhéal aige."
Acht dá mbeadh an leabhairín úd, an Teagasg
Críosdaidhe, ag an mbuachaillín sin á fhoghluim,
ní bheadh an méid sin le rádh ag an sean-
Ghaedhilgeoir. Do bheadh eolas aige sin ar
gach aon fhocal den leabhairín agus d'fhéad-
fadh sé an buachaillín do chur ar an mbóthar
cheart an chuid is lugha dhe. Isé mo thuairim
gur mó athair agus máthair a labharfadh
an Ghaedhilg le n-a gclainn dá mba i
nGaedhilg a mhúinfí an Teagasg Críosdaidhe
dhóibh agus iad ag dul ar sgoil.



*Páipéar do léigheadh os comhair Cúirt na nGaedheal.


L. 82


Ba mhór an maitheas dh'féadfadh sagairt
na hÉireann a dhéanamh dá nglacfaidís leis
an dTeagasg Chríosdaidhe chun na Gaedhilge
do chur ar aghaidh. Ní áirighim na háiteanna
go bhfuil an Ghaedhilg ag gach aoinne ionta,
ag óg agus críonna, mar b'éagcóir glan
ortha-san gan an Teagasg Críosdaidhe do
bheith i nGaedhilg acu. Acht tá áiteanna eile
ná fuil ionta acht beagán Gaedhilge agus
an beagán san féin ag na sean-daoine.
Táim ag tagairt dosna háiteannaibh sin
anois nuair adeirim gur mhór an tairbhe
don Ghaedhilg foghluim an Teagaisg Chríosdaidhe.
Tá mórán sagart ar fuaid na hÉireann ar a
gcroidhe-ndícheall ag sbriocadh na ndaoine
chun ghlacadh leis an nGaedhilg. Measaim ná
tuigeann mór-chuid díobh-san an bhrígh agus
an neart atá sa Teagasg Chríosdaidhe,
má múintear dosna leanbhaíbh é. Is beag
áit i nÉirinn ná bíonn feis nó aeridheacht
ann uair sa mbliadhain. Is beag feis díobh-
san go léir ná bíonn sagart fé n-a bhun
ar chuma éigin. Tá seans maith ag an sagart
san. D'fhéadfadh sé duaiseanna do chur ar
lár a théigheadh don sgoláire cailín nó
buachalla is mearr a mhíneóchadh an Teagasg
Críosdaidhe agus a fhreagróchadh na ceisteanna
atá le fagháil ann. Do dhéanfadh an méid sin
na sgoláirí agus a n-aithreacha agus a máith-
reacha a sbriocadh chun ghlacadh leis an
nGaedhilg, mar is mór an meas atá ag na
sean-daoinibh fós ar an dTeagasg Chríos-
daidhe. Beimíd go léir 'nár sagairt i gceann
tamaill agus beimíd ag féachaint le súil as
go n-imtheóchaidh ár gcuid de'n Ghaedhilg
chun tairbhe don chreideamh. B'fhéidir go
mbeadh sé d'fhiachaibh ar chuid mhaith againn
seanmóin a thabhairt uainn i nGaedhilg do
phobal éigin ar ball. Má 'seadh, cad é
an t-ulmhú is fearr chun seanmóna a thabhairt
i nGaedhilg ná an Teagasg Críosdaidhe do
bheith do ghlan mheabhair ag an sagart féin?
Is ceart dúinn, dá bhrígh sin, gan faillighe
a thabhairt sa leabhairín úd an fhaid is
atáimíd annso. Do bhí sé de mhí-ádh ar an
gcuid is mó dhínn annso an Teagasg Críos-
daidhe dh'fhoghluim agus a lán nidhthe eile
dh'fhoghluim tríd an teanga nár dhual sinnsir
dúinn. Beidh sé mar chúram orainn gan an
sgéal céadna a bheith ag an aos óg sna háit-
eannaibh go bhfuil an Ghaedhilg le cloisint
i mbéal duine fós. Má's mór an urraim
atá ag na daoine don chreideamh, ba mhór
an tairbhe don Ghaedhilg fírinne an chreidimh
a mhíniú tríd an nGaedhilg dosna leanbhaíbh
ar fuaid na tíre. Agus is maith is eol díbhse,
má's tairbheach an rud é don Ghaedhilg, gur
seacht n-uaire níos tairbhighe é don chreideamh
féin. Is maith is eol díbh an ceangal atá
idir an Ghaedhilg agus an creideamh fíor-
Ghaedhealach. Isé an t-eolas san a bheir cuid
mhaith agaibh glacadh leis an nGaedhilg ar
dtúis agus leanmhaint ar ghnó na Gaedhilge
go dian seasmhach. Isé an t-eolas san a
sbriocfaidh sibh chun leanmhaint air go deire -
le congnamh Dé na bhfeart.



Seo cúis eile dhúinn annso gan faillighe
thabhairt sa Teagasg Chríosdaidhe. Is é rud
is mó a chuireann muintir Choluim Cille
rómpa anois, an Ghaedhilg do bheith ag na
macaibh léighinn go léir á labhairt i ngach aon
bhall. Táimíd d'iarraidh é sin a dhéanamh chóm
maith as is féidir dúinn é. Tá buidheanta
labhartha na Gaedhilge againn agus iad ag
gabháil mór-dtimcheall na páirce gach aon
lá sa tseachtmhain. An chuid is mó desna
buidheantaibh sin aon mhúinteoir amháin agus
beirt nó triúr lucht foghlumtha atá ionta.
Múintear an Ghaedhilg do réir an mhodha
dhírigh sa chuid is mó dhíobh. Acht bíonn leabhráin
acu á léigheamh leis. Ní foláir don lucht
foghlumtha leabhar éigin a bheith acu chun na
Gaedhilge mar sgríobhtar í a léigheamh as a
thuisgint. Níl leabhar is fearr a dhéanfadh
an nídh sin dúinne ná an Teagasg Críosdaidhe.
Tá Gaedhilg chliste le fagháil ann, Gaedhilg
atá go bríoghmhar blasta mar a bheadh as
béalaibh na sean-chainteoirí féin. Sgríobhtar
é do réir ceist agus freagra, agus dá dheas-
gaibh sin, tá sé go han-oireamhnach dosna
buidheantaibh seo againne. Is mór an tairbhe
leabhar den tsórd san. Ní gádh don
mhúinteoir focal Béarla a labhairt agus é
á mhúineadh mar tá brígh agus tuisgint an
leabhráin ag na macaibh léighinn cheana.
Ba mhaith an rud, dá bhrígh sin, dá ndeinimís
úsáid de nuair a bhímíd ag múineadh na
mbuidhean insa Choláisde seo.



Ní beag liom a bhfuil ráidhte agam i dtaobh
an Teagaisg Chríosdaidhe an turas so, acht
tá súil agam go dtuigeann sibh cad do-bheir
mé trácht do dhéanamh air anocht. Ar shon
ná tagann liom é dhéanamh sa cheart, do
dheineas iarracht ar a chur i n-iúil díbh cad
é an bhrígh agus an tairbhe atá sa Teagasg
Chríosdaidhe chun na Gaedhilge a leathadh insa
choláisde seo agus í leathadh ar ball i gcúig
chúigíbh na hÉireann. D. Ó B.


L. 83


Gartán



<Páipear do leigheadh os comhair Cúirt na nGaedheal>



Atá cumann aca i nDún na nGall a
dtabharann siad Crann Eithne air agus ní
fhuil ar lucht an chumainn sin acht riaghail
amháin, eadhon, Gaedhealg do labhairt uair
amháin isan lá. Do-gheibheann gach duine
bhaineas dó cárda ar a bhfuil scríobhta:
Do labhair Eithne <.i. mathair Chuilm Cille>
Gaedhealg le n-a cloinn, agus faoi seo atá
scríobhta: Ní labhartar isan teach seo acht
Gaedhealg ó - go dtí - do chloig. Do cuireadh
an cumann sin ar bun leis an Ghaedhilg do
mheudughadh, agus ma thigeann duine ar bith
isteach i dteach uair na Gaedhilge caithfidh sé
Gaedhealg do labhairt nó bheith i n-a thost go
raibh an uair caithte. Sin cumann amháin
bhaineas le Colm Cille. Atá cumann eile
i Muigh Nuadhad annso againn a dtabharann
siad Cuallacht Chuilm Cille air. Cumann
leis an Ghaedhilg do mheudughadh atá i sin fós.
Atá buaidh éigin ar Cholm bheith ar tús nó ar
deireadh gach rud Ghaedhealaigh. Ar an adhbhar
sin ba cheart dúinn cineal aithne ar a laighead
do bheith againn ar an naomh mhór so. Ní
fhuilim-se ag gabhail do innsin díbh mórán
fa n-a thaobh, acht innséochaidh mé díbh fa an
áit a rugadh é, fa an tobar do bheannaigh sé
isan áit sin, agus fa an teampall do thóg
sé ann.



Rugadh Colm Cille i lár cnoc Tíre Chonaill
i ngleann bheag is deise ó so go dtí sin.
Atá an gleann so ar taobh cnoc agus síos
faoi i lag atá ceithre locha agus is é an
t-ainm atá ar an triúr is fuide siar locha
Gartáin agus ar an cheann is fuide soir
loch Cuilm Cille mar is ar an loch so d'iomchar
sé anall an meud cloch do bhí do dhíth air leis
an séipeal do chur suas. I lár an ghleanna
so atá an séipeal acht ní fhuil i n-a sheasamh
de anois acht na ballaidhe. Do chaith an naomh
tamall fada ag cur so suas mar nach raibh
cloch ar bith ar an taobh i bhfus do na lochaibh
agus b'éigean dó iad uilidh do iomchar anall.
Leis an obair do chur ar aghaidh níos guiste
do chuir Colm clochán ar an loch agus do chros
sé ar dhuine ar bith dul ar an chlochán acht
fear do bheadh ag obair aige féin. Do
smaoinigh fear lá amháin nach raibh ag obair
ag an seipeal go dtiocfadh leis-sean fós
dul treasna, agus amach leis ar an chlochán;
acht ma chuaidh d'éirigh dó mar d'éirigh i bfad
o shoin do lucht leanamhaint na Isreal, do
báidheadh é.



Taobh siar don seipeal so istigh i gcoirneal
cuibhrinn atá leac mhór agus adeirtear
gur ar an leac so rugadh Colm Cille. Do bhí
mé aice go min agus go minic agus sílim go
bhfuil sí an-iongantach ar fad. Atá lorg
sáil coise i gcupla áit oirthe, lorg mar do-
chífeá páistí ag deunamh i gclábar bog.
Atá fós lorg troighe coise innti agus
adeirtear gurab é Colm dorighne na lorgacha
so; síleann na daoine sin agus creideann
siad é. Fúithi atá creafóg deas mín mar do
bheadh plúr ann nach dtig le duine ar bith a
fagháil acht amháin teaghlach amháin as Fánad,
eadhon, áit atá ar an taobh thoir don loch
tuairim fíche míle, a dtug Colm Cille
cumhacht dó í do thógbháil. Atá miorbhailte
móra isan chreufóg mar nach ndóighfear
teach ar bith choidhche a bhfuil cuid dí ann.
Ar an adhbhar so atá an chreafóg so i mórán
tighthe i nDún na nGall.



Faoi an seipeal atá tobar beannaighthe
agus is é Colm do bheannaigh é. Téighid
mórán daoine annso gach aon bhliadhain leis
an turus do dheunamh, agus adeirtear gur
leusughadh mórán do chuaidh ann tinn nó ar
dóigh ar bith gortaighthe. Atá rud amháin fíor
nach maith leis na deóraidhí imtheacht as Dún
na nGall gan an turns do deunamh agus is
é an cheud rud do-gníos siad i ndiaidh teachta
ar ais dul ann. Ar an adhbhar so téighid cuid


L. 84


do uisge an tobair seo go dtí an domhan
thoir agus an domhan thiar cibé an áit faoi
an righ a bhfuil deóraidhe as Dún na nGall
mar is é an gheallamhain deireannach
chaithfeas na deoraidhí seo do thabairt dá
gcáirdibh sul a bhfágann siad iad i dtíorthaibh
eile go raghfaidh siad go tobar Gartáin
nuair thiocfaidh siad 'n-a' bhaile <chum an
bhaile> agus go dtógfaidh siad braon don
uisge bheas ar ais léo. Atá turus an tobair
an-fhada agus maireann ó lá Naomh Peadair
agus Póil go lá fhéile Mhuire na Lughnusa.
Atá cúig deichneabhair deag do pháidrín le
rádh agat agus mórán urnuighthe eile. Ata
agat le deireadh do chur leis an turus istigh
isan teampall, agus is sin an áit le
d'athchuinge d'iarraidh. Agus atá agat le
gabhail costarnocht agus ceanntárnocht.



Gidh nach bhfuil morán Albannaigh isan áit
is le Albannach an talamh i n-a bhfuil an
tobar agus an teampall. Atá rud amháin
maith fa dtaobh de na h-Albannachaibh, ní
chaitheann siad oiread ama f'an teinidh leis na
Gaedhil. Atá siad uilidh an-tabhachtach agus
ní maith leó dadaidh do chailleadh ma thig leó
ar dóigh ar bith é. Sílim dá mbeadh na Gaedhil
leath comh tabhachtach féin leó go mbeadh dóigh
i bhfad níos fearr orra i nEirinn. Biónn na
Gaedhil i n-a suidhe ag an teinidh isan
gheimhreadh nuair bhíos an t-Albannach amuigh
ag treabhadh agus ag tiormughadh an talaimh.
Do bhí an t-Albannach so cosmhail leis an chuid
eile aca. Do smaoinigh sé gur mór an truaighe
a chuid talaimh do bheith ag dul amugha, duine ag
teacht anois agus arís aga thrampal; adeir
leis féin, ní bhéidh an chúis amhlaidh níos mó,
agus d'fheuch sé leis an tobar do thiormughadh
agus do sháruigh air. Cé ar bith dheunfadh sé
leis an tobar indiu do bheadh sé mar d'fhág
Colm é ar maidin lá ar n-a márach. Níor
fhéach aon duine baint leis an tobar ó shoin
gidh go bhfuil an talamh ag Albannach go fóill.
Agus rud eile ma théigh tú annsin choidhche agus
gan fios agat ar an turas ní fhuil agat acht
fiafraighe do dhuine ar bith do theaghlach an
Albannaigh seo agus innseochaidh an duine sin
duit é.



Atá sceul beag eile iongantach le innsin
díbh go fóill. Is cuimhne libh uilidh bliadhain
an tsiocáin mhóir. Ní raibh uisge ar bith le
fagháil acht ní tháinig sioc ar bith ar thobar
naoimh Chuilm agus do smaoinigh an t-Albannach
nach raibh dochar úsáid do dheunamh de. Dochuaidh
sé amach fa n-a choinne agus do chuir síos ar
an teinidh é, acht dá mbeadh sé thíos o shoin
ní théithfeadh sé. Do scanraigh so é agus níor
fhéach aon duine don teaghlach riamh ó shoin
úsaid do dheunamh de ná baint dó ar dóigh
ar bith eile.



Sin a bhfuil le rádh agam fa dtaobh de
Ghartán agus is é mo chomhairle do dhuine ar
bith agaibh bheas ag dul an bealach go bráth
dul go bhfeiceadh sibh tobar Gartáin, an
seipeal agus an tír fíor-áluinn atá i n-a
dtimcheall. Ní fhuil sé i bhfad as Cloich Chinn
Fhaoilidh agus ní chuirfidh sé mórán corr-
bealaigh ort ma bheidh tú ag dul annsin agus
geallaim duit go mbeidh tú an-bhuidheach
damh-sa ar shon thú do stiúradh ann.



SEAGHAN MAG FHLOINN



Tómhas



Ceathrar, cúigear codruimí
Seisear Mín a' bhailre
'S iad uilig a' léir ag caint
Gan súil, gan beul, gan teangaidh.



Ceithre téid fidil, cúig meura ciotóige an fhidileóra agus cúig meura a dheiseóige agus an bógha.



An glóir nach mbillean <?> sa' chionn is cuma a bheith ann nó as. - Sean-fhocal ó Tír Chonaill.


L. 85


Sgoil Gaedhilge Thíre
Eóghain



Atá daoine ann adeir go bhfuil an Ghaedhealg
ag fagháil bháis insan Ghaedhealtacht. Ní
fhuil a fhios agamsa an bhfuil an ceart aca
no nach bhfuil, acht tá a fhios agam áit amháin
ins an Ghaedhealtacht i n-a bhfuil an Ghaedhealg
níos láidre anois ná do bhí sí le fada riamh.
Atá an áit sin ins an taobh theas de thír
Eóghain agus dobheirtear an Caisleán glas
mar ainm air. Atá sé fá deich míle ó Ómaigh
agus dhá mhíle dheug ó an Bhaile Nuadh.



Do chuir lucht cosanta na Gaedhilge Pilip
Ó Bhaldrona d'ionnsuidhe ar an Chaisleán
Ghlas, atá bliadhain ó shoin, chum na Gaedhilge
do chosain agus do athnuadhadh annsin; agus
dorighne sé sin. Do bhí cuid de mhuintir na
h-áite a raibh an Ghaedhealg aca do cheilfeadh
le treun náire é, agus ní labharfaidís focal
dí. Tug sé ar na daoinibh sin áird do bheith
aca ar an Ghaedhilg agus í do labhairt gach
aon lá is oidhche agus tug sé ar na
maighistribh scoile agus ar na sean-daoinibh
Gaedhealg do fhoghluim do na páistibh. Má
leanfaidh siad ar an dóigh sin is gearr go
raibh an Ghaedhealg ag sean agus óg agus
nuair bheas an Ghaedhealg aca go léir atá
súil agam nach leigfid uatha arís í acht gurb í
an Ghaedhealg labharfid i gcomnuidhe.



Do bhí scoil Gaedhilge ag Pilip ag an
Chaisleán Ghlas an Samhradh so thart agus do
bhí deich gcloiginn agus trí fhichid de scolairibh
ar fad aige, acht ní bhídis go léir ar sgoil
gach lá. Ba daoine coimhightheacha an chuid is
mó aca agus do chuadar annsin do fhoghluim
na Gaedhilge. Do bhídis ag fagháil fogluma
ní amháin ar léigheadh agus ar scríobhadh na
Gaedhilge acht ar a labhairt fós.



Do fromhadh a n-éolas sul a druideadh an
scoil agus fuair gach duine dár bhuaidh ins
an fhromhadh sin teistimeireacht i bpáipeur
gur bhuaidh. Fuair fá dá fhichid aca teis-
timeireacht mar sin.



Do bhí an t-Athair Mac Éoin .i. sagart
parráiste an Chaislin Ghlais mar Uachtarán os
cionn na scoile, agus do bhíodh Solamh Ua
Muigheareasa agus a dheirbhshiúr ag cuidiughadh
leis an Bhaldrónach ag teagasg na Gaedh-
ilge.



Dorighneadar go léir a gcuid oibre go
maith acht go háirighthe dorighne an Bhaldrónach
a chuid oibre mar ba chóir. Fear croidheamhail
duthrachtach atá ann, agus dobheuradh sé ort
an Ghaedhealg d'fhoghluim do do dhéoin no
d'aimhdheóin. Is aige atá blas ceart na
Gaedhilge. Ní bheitheá tuirseach ag éisteacht
le na chuid ceachta choidhce.



Acht má's maith an scoil seo ar a bhfuilim
ag trácht mar sgoil fá choinne foghluma na
Gaedhilge, is do sna daoinibh atá ag
toisniughadh do fhoghluim na Gaedhilge atá sé,
óir is dos na daoinibh sin do cuireadh ar bun
é. Acht tá scóil eile i n-Ultaibh i n-a bhfeudtar
eólas níos doimhne d'fhagháil ar an Ghaedhilg
a bhfuil árd-scoil Chuilm Cille air, agus
nuair bhíos beagán Gaedhilge foghlumtha ag
duine ag an Chaisleán Ghlas, ba chóir dó dul
don árd-scoil sin.



Anois ba cheart do gach uile Gaedheal as
Cúige Uladh a bhfuil seachtmhain le caitheamh
aige cuairt do thabhairt ar an áit Gaedhealach
so .i. an Caisleán Glas, mar ní fhuil a
sáruaghadh le fagháil mar áit fá choinne
laethannta saoire do chaitheamh.



Is laghach na daoine iad agus atá an
Ghaedhealg ar áilneacht aca. Rud eile fós
atá na sean ceolta aca go breagh. Tug
Carl Hardebeck cuairt orra anuraidh agus
adubhairt sé go raibh na ceólta aca níos
fearr na do chuala sé i náit ar bith eile i
n-Éirinn.



Annseo síos tá amrán fuaras ó shean-
fhear ata i n-a chomhnuidhe ins an áit sin,
Proinsías Ó Tréasaigh is ainm dó.


L. 86


SEURLAS ÓG



I.



A Shéarlais óig mhic riogh Shéamuis
Sé mo mhór chreach do thriall as Éirinn
Gan aon rúainne bróg ort stócaidhe ná léine
Acht ag casgairt leis na bhFranncaigh.



Hó ró Sé do bheatha abhaile
Hó ró Sé do bheatha abhaile,
Hó ró Sé do beatha abhaile,
Anois ag teacht an t-samhraidh.



II.



Sé mo chrádh geur nach bhfeicim,
Mar mbéinn beó i-n a dhiaidh acht seachtmhain,
Séarlas óg is míle gaisgidheach,
Ag casgairt leis na Franncaibh.



Hó ró Sé do bheatha abhaile,
Hó ró Sé do beatha abhaile,
Ho ro Sé do bheatha abhaile,
Anois ag teacht an t-samhraidh.



III.



Atá Séarlas óg ag triall thar sáile,
Béidh siad leis-sean cupla gárda,
Béidh siad leis-sean Franncaig is Spáinnigh,
Agus bainfidh siad rinnce as eiricigh.



Hó ró sé do bheatha abhaile,
Hó ró sé do bheatha abhaile,
Hó ró sé do bheatha abhaile,
Anois ag teacht an t-samhraidh.



SEAGHAN MAC CANA



Dán aithrighe Dhonchaidh Mhóir



Is minic bhain oscar do mharcach mhaith
Rachadh arís ar mhuin eich
Má thug mise cor don tslighe
A mhic Dé bí ar mo leith.



Tar a Mhíchéil, glac mo láimh,
Déan mo síothcháin le mac Dé
Má atá an t-ain-spiorad ar mo thaoibh
A mhic Dé bí idir mé agus é.



A Mhuire Mhóir, mathair an Ríogh,
Déan mo síothcháin le do mhac,
A ghnúis is deallraighe ná an ghrian
Ná fulaing mé i bpian i bhfad.



Ifreann na mór-linne
Soillsigh romhaim a mhic Dé
A Rí ghníos teine de dhrileog
Saothruigh tú ar ifreann mé.



<Anna Nic Loingsigh, Gleann Finne, Tír Chonaill>


L. 90


Is iongnadh an cor 'sa toisg



Is iongnadh an cor 'sa toisg i n-a bhfuilim i bpéin,
Mo thuighse óm thoil is mo thoil ag druidim óm chéill;
Ní thigeann mo thoil gach locht dom thuigse is 1 léir,
Is má thuigeann ní toil acht toil a tuigsiona féin.



A Bhuime na mbocht ón locht i n-a bhfuilim beir mé,
Labhair tuigse dom thoil nó toil dom thuigse is beam 2 reid;
Ós imtheacht dom thoil le holc, ná leigse mé léi,
Acht cuirse 3 mo thoil red thoil i n-a hionad, a Dhé. 4



MSS. bhus 2 Biam 3 Cuire 4 Murphy MSS. Vol VIII., p. 184


L. 107


Dán an tuir



Do-chuaidh fear áirighthe amach oidhche amháin
go mall agus ag taisdeal dó le cois claidhe
do chuala sé truisneach uathbhásach i dtor
a bhí ag fás suas leis an chlaidhe. Thuith
sgannradh comh mór sin air gur labhair le
cibé rud a bhí ag déanamh an tormáin. Anam
do bhí ann a bhí ag cur asteach a bhreitheamhnas-
aithrighe fa léan agus leathtrom annsud
sul a bhfuigheadh sé na bhflaitheas.1 Ag seo
síos an comhradh thárla eidir an fear agus
an t-anam 'san tor: -



"Tá ceist agam ort ar socht 2 an Ríogh,
An duine saoghalta thú no geilt?" 3
"Chan duine saoghalta mé no geilt
Acht anam bocht nár fhág an saoghal."
"Tá ceist agam ort thar ais aríst
- Gan tú díoghbháil ar bith a dhéanamh damh -
Cá fad ó dfhág tú an saoghal
Nó annsin a chaith tú d'am le fada?"
"Fiche bliadhan go Domhnach seo chugainn
Sgar an t-anam leis an cholann chumhang,
Tá me annseo i n-othras gheur
M'aghaidh ar fhearthainn agus ar ghaoth
'S gan mé Aghaidh Dé a fheiceal."
"Is doiligh liom sin do chreidbheal uait,
Go 4 bhfeicim thú do chual chaithte
Go mbéadh anam ar bith a dfhág an saoghal
Fiche bliadhan gan dul na bhflaitheas
Gan Aghaidh Dé a fheiceal."
"Béidh me annseo i gcionn 5 mhíle bliadhan
Agus da mbéidhinn i gcionn mhíle bliadhan
aríst
B'fheárr damh sin no uair amháin
Faraor geur i n-Ifrionn na bpian.
Nuair a bhí mise ar a' tsaoghal bhocht
Shanntach, chlamparach, mhalluighthe,
Ba bhreágh mo theach mór agus mo dhóigh.
Nuair a rachfainnse 'an Aifrinn Dia
Domhnaigh.
Agus Corp Chríost ós mo choinne,
Chan 6 ag smaoitiughadh 7 ar bhriathraibh an
tsagairt a bhéidinn
Acht ar an saidhbhreas a bhí mo dhiaidh 'sa'
bhaile.
Nuair a rachfainnse 'an Aifrinn Dia
Domhnaigh
Agas Corp Chríost ós mo choinne
Chan ag smaoitiughadh ar bhriathraibh an
tSagairt a bhéidhinn
Acht ag cruinniughadh feusta ar gach taobh
díom.
A chomráduidhe na dísle, 8 tusa atá ar an
tsaoghal udai 9 go fóill,
Congbhuigh le do láimh agus na tabhair an
toil-shaoghail <?> 10 dod' cholann.
Nuair a d'amharc mise ar an taobh ó thuaidh
díom
Chonnaic me an sluagh diabhal ag teacht
Agus iad mar chaor-theineadh ós a gcraos:
Nuair a d'amharc me ar an taobh eile diom
Chonnaic me an Mhuire bhain-tighearna ag
teacht
Agus dealán na gréine roimpi.
Adubhairt an Slánuightheóir liom
Faraor! cha n-aithnim thú,
D'imthigh tú uam le Iúdas nimhe."
D'freagair an Mhaighdean Mhuire: -
A Mhic Snabhailce na leig leis an rógaire é
Is é an cheud fhear a thóg a lámh leat
Agus bhris an tsúil dheas i do cheann."
Faraor! is daor a cheannuigh Me é
D'imthigh se uam le Iúdas nimhe."
Labhair Muire aríst fríd a cómhfhlaitheacht <?>
'S feárr dó míle bliadhan 'sa tor
No uair amháin i n-Ifrionn na bpian."
Go b'eadh 11 gur chomhairligh an Mhathair a Mac
Chá bhéidhimse annseo anocht i n-othras gheur
Acht faraor! ameasg na ndeamhan i
n-Ifrionn na dhpian.



P. Mac G. Ch.



1 Chum na bhflaitheas. 2 "Ar socht." Sin an dóigh
a ndeirtear "ós ucht" i dTír-Connaill go minic
deirtear a gcomhnuidhe "ar socht" i n-áit "ós ucht"
nuair a chialluigheann se "i n-ainm." 3 Gealt = fear
mire. Sidheog na púca is ciall leis annseo do réir
an duine a thug an dán damh. 4 Mar go bhf., etc.
5 Is ionann brigh do "i gcionn" agus "ar feadh." is
é an fuam atá air i. "gionn" no "gan." 6 Chan = ní
7 Smuaineadh 8 Budh é an cainteóir do chongbhuigh
an fear le báisdeadh. 9 Deirtear seo go coitchionn
fa choinne "úd" i dTír Chonaill. 10 B'fheidir gur
toil-chúil no toil-dhúil. Ní fhuil fhios agam cad is
brigh leis. 11 Is "go b'eadh" a deirtear i n-áit-
eachaibh i n-ionad "munab eadh," na "munab é"


L. 118


Rann do chuid Donchaidh Mhóir



Ní droichead cloiche ná cruinn
righne mé chugat a mhic Dé
Acht slighe mhór le mo theangaidh do-bheusas
suas gan mealladh mé.



<A. nic L.>


L. 119


"Tóruigheachd na bhFíreun air lorg Chríosda"



Searc-leanmhain Chríost i nGaedilc Uladh



Tá láimhsgríbhinn i gColaiste N. Maol-
mhaodhóig i mBeul Feirste ann a bhfuil
an chéad aistriughadh a rinneadh ariamh
de'n tSearc-leanmhain Chríost i nGaedilc
na h-Éireann. Rinneadh i 1762 é. (Tá ais-
triughadh eile a rinneadh leis an Athair
Domhnall Ó Súilliobhán i gCorcaigh i 1822.
Tá an leabhar seo i gcló agus le faghail indiu
ar leith-choróin, agus is maith is fiú é.
"Searc-leanmhain Chríost" an t-ainm air.)
"Tóruigheachdh na bhfíreun air lorg Chríosda"
an t-ainm atá air an aistriughadh san láimh-
sgríbhinn i gColaiste N. Maolmhaodhóig.
Cheannuigh an t-Athair Séumas Ó Laimhbheartaigh
- go ndéánaidh Dia trócaire air a anam! - i
mBaile Átha Chliath leabhar a raibh "Irish
Sermons, MS." mar tiodal air ar an
chlúdach. Shaoil sé gurbh sheanmoinídhe a bhí
aige, ach gan i bhfad fuair sé amach gur
"Lorg Chríosda" é. Litreacha Beurla atá
ann, ach litriughadh Gaedhealach, e.g., seo an
chead rann de. "Ce bé bhearas tóruigheachd
damhsa ni chéimnighean sé san dorchadas,
eadhon, ni shioblan sé air earróid, a deir an
Tighearna." Ag deireadh an treas leabhair
tá sgríobhta an rud beag seo: - "Crioch-
naighear an so an treas leabhar air
chomhshólas inmheadhonaigh an chroidhe
an 29 ló do mhith Juin, 1762.



I measg na laimhsgríbhinn a thug Dochtúir
Ó Bríosáin - nach maireann - do'n "Belfast
Museum" tá macsamhail eile de'n aistriughadh
cheudna. Sgríobhtar an ceann seo i litreacha
Gaedhealacha agus tá beagan de na gior-
ruighthibh Gaedhealacha ann. Tá an sgríbh-
neoracht go h-iontach snasta slachtmhar.
Shaoil an t-Athair Ó Láimhbheartaigh gurbh í an
laimhsgríbhinn bhunadhasach a cheann-sa; agus
seo an fáth. 'San díonbhrollach deirtear go
rinneadh an t-aistriughadh i 1762; agus ag
bun an treas leabhair 'san láimhsgríbhinn
so agam-sa deirtear gur criochnuigheadh an
leabhar sin an 29 ló de'n mhí Juin, 1762.
Muna bhfuil ann ach macsamhail is deachair
a thuigbheáil caidé mar rinneadh é comh luath
'san bhliadhain cheudna agus rinneadh an
t-aistriughadh féin ar toiseach."



Cá an áit a rinneadh an t-aistriughadh?
I gConndae an Dúin nó i gConndae Doire.
'San mhacsamhail 'san Museum tá an rud
beag seo leanas: - "Subscribers' Names -
Antonius Garvey, D. ep., Theo. M'Cartan,
Dun. ep., Dominick M'Cartan, Clon-
bharachan, Esq., John Crowley of Bally-
cillbeg, Esq., Terence Linch, of Lochan-
island." Ba easbog Droma Móir Antonius
Garvey (1747-1766), ba easbog Dúna-da -
leathghlas agus Condaire, Theophilus
M'Cartan (1761-1778). Tá Clonbharachan agus
Baile na Cille Bige agus Lochan oileáin i n-aice
a chéile i gCo. an Dúin. Is é Terence Linch
an duine céadna agus thug an comhradh fada
suimeamhail do Liam Mac Néill (Nelson) .i.
Ministear Protastúntach ó Dhún Phádraig,
a chuir se ann a Ghramadach Ghaedhealach a
cuireadh i gcló i 1804. Oide scoile Terence
Linch. As an méid sin shuas shaoil an
t-Ar. Ó Láimhbheartaigh gur i gCo. an Dúin
a cumadh an t-aistriughadh. Agus is an-
chosamhail go rabh an ceart aige. Is feidir
gur rinneadh an t-aistriughadh i náit éigin
eile i gCúige Uladh agus go dearnadh an
macsamhail breagh atá 'san Museum i gCo.
an Dúin.



I láimhsgríbhinn an Athar Uí Láimhbheartaigh
tá rudaí eile sgríobhta i deireadh an leabhair.
Ar leathanach amháin tá an méid seo "By
William McNeill, Derrynoyd, July the 12th,
1810 for Peter Leadon." Mar sgríobhadh
sin i 1810 cha leigim a leas a rádh nar abh í
an lámh cheudna a sgríobh agus sgríobh an
"Lorg Chríosda." Tá Derrynoid i mbaile


L. 120


na Scríne i gCo. Doire. Ar leathanach eile
tá freastail an aifrinn do réir Úird N.
Doiminic. Lámh eile a sgríobh sin, cuideacht.
As an dá rud seo shaoil an t-Ár. Ó Láimh-
bheartaigh ar dtús gur sagart d'Órd N.
Doiminic as Cúl Raithne a sgríobh é óir fá
an bhliadhain 1762 bhiodh na manaigh iad sin
ann a gcomhnuidhe i mBaile na Scríne go
tric. Ach lámh eile a sgríobh na neithe iad sin,
mar dhubhairt mé cheana féin; agus char
sgríobhadh an méid fá Derrynoid go dtí 1810.
Is fada an seal ó 1762 go 1810, agus is
cosmhail gurab iomdha cor a cuireadh ar an
laimhsgríbhinn bhoicht air feadh an aimsear
amhgharach sin. Bhí manaigh de Órd N.
Phroinnsís i gClonbharachan anuas go dtí
céad bliadhain ó shoin agus nios muille. Bhí
an t-Athair Ó Láimhbheartaigh a' cainnt le
sean-fhear a d'aithnigh ceann díobhtha. Mar
sin b'fheidir gur ceann de na sagairt sin a
d'aistrigh an "Lorg Chríosda" i gClonbharachan.
Tá seanmóin i nGaedhilc air an bhás ar
leathanach eile, agus ba í an lámh cheudna a
sgríobh sin agus sgríobh an "Lorg Chríosda."
Is maith an t-seanmóin í. Tá ins an leabhar
fós dán diadha ar "Íosa, Muire agus
Ioseph." Sgríobh mise síos an dán ceudna
as béul shean-mhná i gCloic Cheann Fhaolaigh
eirfe anuiridh. Ar leathanach eile tá mar
leanas: "Scriptum mihi Patricio Murphy
in oppido vulgo dicto Stramore die vigesimo
Septembris, in Anno Domini milesimo
octagesimo decimo - Patrick Murphy,. V.C."



Tá Stramore i bhfáirche Doire, chuala mé
go rabh sagart éigin oirdhearc darab ainm
sin i nDoire timchiollta air an aimsear sin.



Tá cnapán de'n "Lorg Críosda" d'easbhaidh
air laimhsgríbhinn Uí Láimhbheartaigh. Tá
an chéad agus an dara leabhar ann go
h-iomlán ach ab é ailt 14, 15 den dara leabhar
Tá alt 13 ann, agus tá sgríobhta "14." Ach sin
a bhfuil ann. Fágtar leith de'n leathanach sin
glan. Tá sin air leathanach 92; agus annsin
air leath. 93, tá an 53 Caib. de'n treas
leabhar. Tá an méid eile d'easbhaidh. Cha
dtuigim caidé mar thachair (= theagmhan) seo.
Leanann uimhreacha na leathanach i ndéidh
a chéile go ceart, agus mar is fearr darab
eól damh, sgríobhadh na h-uimhreacha leis an
láimh cheudna agus ar an ám cheudna agus
sgríobhadh an leabhar féin. Chan fhuil fhios
agam an bhfuil an leabhar uilig 'san láimh-
sgríbhinn 'san Museum. Tá súil agam
go bhfuil. D'fhiach mé chum í a fheiceáil lá,
ach ársuigheadh damh go rabh sí ar íosacht ag
duine eile. Is fiú an láimhsgríbhinn a chur
i gcló d'easbhaidh na coda seo; ach b'fhearr
ar fad dá mbéadh sé iomlan. Muna a bhfuil
an chuid eile le fághail, fiachfaidh neoch áiridhe
air aistriughadh a dhéanamh de'n chuid sin, agus
an chuma cheudna air agus atá ar an mhéid
eile de'n "Lorg Chríosda."


L. 131


An Modh Díreach



Do lucht an Mhódhá Dhírigh agus da leithid agus dóibh sin amháin.



Annseo thíos cúntas beag ar chuid de'n
obair rinneadh ins an Modh Díreach sa
mbliadhain seo caithte. Ba dheacair cur
síos ar a ndearnadh ann ar fad agus da bhrigh
sin ní iarrfaidh mé acht an oiread. Ní
chreidfeadh duine ar bith go mba féidir an
oiread sin do dhéanamh go mormhór dá
bhfeiceadh se an tosach. "Tús maith leath na
h-oibre." Má's fíor do'n seanfhocal ba bheag
a mbeadh de mhisneach agat leanamhaint ar an
obair i mbliadhna. Ba lag leisgeamhail
an tosach thar a bhfaca tú ariamh. Ní raibh
neart againn air acht bheith foighideach agus
fanacht. "Tigeann gach maith le cáirde."
B'amhlaidh a bhí an sgéul. "Tháinic an
t-athrughadh mór i ndaríribh." In ionad beirt
no triúir tháinigeadar isteach ins na plódtaibh
agus ní mé cia an fáth?



Is cuimhin libh go maith 'ar ndóigh an
clagarnach báistighe do thuit anuas orainn thar
éis triomachta an t-samhraidh. Ba mhillteach
an bháisteach í gan aimhreas. Ag síor-chur
a's ag stealladh ó mhaidin go faoithchinn ar
"feadh dhá sheachtmhain" mar adéarfadh
Puncán, gan stad gan staonadh. Cé
h-iongnadh é dá gceapadh duine gurbh í
deireadh an domhain a bhí chúgainn! Agus
cé h-iongnadh má bhítheas ag gléasadh i gcoinne
díleann eile. Ní mé an fíor bréag é acht
dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi go
rabhthas. Bhí duine de mo chomhursanaibh ag
siúinéaracht oidhche agus ló go ndearnaidh
sé bosca an chosamhail leis an Airc. Tháinic
an bháisteach agus is mór an maitheas do
rinne sí don talaimh agus dos na daoinibh
da réir.



Acht cia an bhaint ag an mbáistigh leis an
Modh Díreach? Fan go gcloisidh tu! Rinneadh
an talamh go bog tais ar nós nach bhféadfá
iománuidheacht ná liathróid a bhualadh amuigh
agus taobh istigh bhí an sgeul comh dona.
Éirighthear tuirseach de shiubhal suas agus
anuas i gcomhnuidhe agus céard atá agat le
déanamh annsin? Céard a dhéanfaidís.
B'shin í an cheist! Céard a dhéanfaidís acht
bualadh isteach chuig an Modh Díreach go
bhfeicfidís céard a bhí da dhéanamh ann i
mbliadhna. Bhéadh caitheamh aimsire aca ann
le linn na báistighe ar aon chor. Tháinigeadar,
choinneacadar agus d'fhanadar da bhárr sin
Bhíodar lán t-sásta leobhtha féin agus leis
an mbuidhin. Thaithnigh an obair go mór leo
agus ba léir do chuid aca gur féidir le chuile
dhuine feabhasughadh da mhéid a chuid eolais
sa teangain. Cuid eile fós agus ghlacadar
go h-iongantach leis an nGaedhilg agus
rinneadar rún daingean go bhfóghlóchaidís
a dteanga féin cuma céard a thiocfadh.
Ní cúram a radh libh nach seafóid a bhí in a
gcainnt. Tosuigheadh ath-uair agus b'é an
tosach maith a bhi againn an turas seo. Suas
le caoga fear a thigeadh 'chuile oidhche fuar
fliuch agus tirim. Ní go mall deidheanach
thigidís acht an oiread acht go poncamhail ar an
dtoirt ar bhualadh don chlog.



Maidir leis an obair is leór liom a radh
gur múineadh an Ghramadach go beacht cruinn
agus go h-iomlán da réir an Mhodha Dhírigh.
Múineadh na fuaimeanna 'chuile oidhche agus
cupla ceacht sa bhfoghraidheacht i leith leob féin.
Bhí cleachtughadh cainnte i gcomhnuidhemar gheall
ar na ceisteanna do cuirtí i ndeireadh
gach buidhne. Bhí áireamh da mhunadh ann freisin
agus ba mhór an spórt é. Léigheadh agus
míniughadh leabhar ann. Bhí léiriughadh agus
miondealughadh agus rudaí eile nach iad.
D'fhéadfá radh nach é sin an leath.



Ní dhéanfainn iongnadh ar bith dhe muna


L. 132


gcreidfidhe an cúntas seo mar tá fhios agam
go maith gur do-chreidthe an sgéal e. Sé
lom chlár ná firinne é. Agus mar adeir
an t-amhrán:



"Munabh í seo an fhírinne tá mé a rádh
Nár éirighead-sa oidhche i mbáireach."



Is mór an chreideamhaint atá ag dul dos
na buachaillibh a tháinic isteach le linn na
mbuidheanta bheith ar siubhal. Molaim go
mór iad ó mo chroidhe amach as a ucht sin.
Da bhfeicteá ag teacht isteach iad
chuirfeadh se glionndar ar do chroidhe. Bhí
orra na cluichthe a thréigint agus teacht isteach
ag éisteacht le "Céard é seo?" agus "céard
é siúd?" Rinneadar go croidheamhail as
go dúthrachtach é agus a chonách sin orra.
Tá a sliocht orra cheana féin. 'S iomdha sin
an duine aca agus dubhairt liom go rabhadar
le dhá bhliadhain ag strachailt leis an ngrama-
daigh agus ag trocailt ins na leabhra ar thóir
eólais nach bhfuighidís le n-a mbeó meireach
an Modh Díreach. 'Nois tá siad ar bhealach
a leasa agus go soirbhighidh Dia iad.



Ba mhór an gar é an Modh Díreach agus ní
iongnadh ar bith go bhfuiltear brónach ina
dhiaidh mar tá se thart go ceann tamaill
eile. "Mo léan géar agus mo lomadh luan
nach féidir leanamhaint de. Ní amháin an
t-eolas ná an módh múinteachais a chuirfeadh
spreacadh ort - acht an greann agus siamsa
do dhéanfadh sgléipeach sultmhar thú agus
a chuirfeadh an fhuil da coipiughadh i do chuis-
leannaibh an fhaid as bhíodh an bhuidhean ar
siubhal. Is mór an truagh a chailleamhaint
sin agus sinn ag dul ar aghaidh chomh breagh sin."
Beidh lá eile ann a mhic ó. Agus deirtear go
bhfuiltear ag súil le buidhin amuigh fá na
spéarthaibh roimh dul faoi do'n gréin. Cá
bhfios dhuit acht go mbeidh. Tá na h-éanacha
féin ag súil leis freisin agus tá siad ag
tógbháil na nead i bhfogus dos na buidheanta
dul thart ionnos go gcloisifidís fuaimeanna
ceolmhara na Gaedhilge agus notaí fhoghluim
le h-aghaidh a bhfonn féin.



MAC UI SHEAGHAIN


L. 137


Dán an fhir ghránda



Bíonn an oidhche dúbh ciabhach is an lá 'n-a ghréin,
Is mío mháiseach an nídh bhíos d'a rádh gan chéill,
Bíonn daoine d'a shíor-rádh gur bréagh í an sgéimh,
Bíonn suidhe mhaith ar dhaoine dúbh' gránda féin.



Is dúbh smeura an chraoibh is is milis í,
Is d'a mhéin mhaith breugtar gach uile nídh,
Bíonn dáth aoibhinn ar chaora an chuilinn chaoin,
Is bíonn sgeimh ar an té ar geineadh dó í.



Atá an rotha ar sodar gan comhnaidhe faoi,
Níl bhogas nach ar fhogus dó móinín fraoich,
Níl loch san domhan nach bhfuil sileadh uaidh síos,
'S níl sochar gan dochar i n-a orlaigh fríd.



Ní cháinim fhéin duine san ionad mur gcáintear mé,
Má cháintear mise go deimhin ní náir damh é,
Níl aoinneach dá bhfeicfinn nach dtuigfinn a cháil is a mhéin,
Níl cáil an duine nach duine den cháil sin mé.



<Anna Nic Loingsigh, Gleann Finne, Tír Chonaill>


L. 138


Muintir Chuilm Cille



An t-uachtarán - An Dochtúir Séamas Mac
Fhionnlaoich



An lucht ceannais i Roinn Mhuire annso -
Eumonn Mac Uidhir, Séamas Mac Coitir,
Peadar Mac Loingsigh, Tomas de Róiste,
Liam Ó Néill .i. an fear le scríobhadh,
Donncadha Ua Donncadha, Domhnall Ó
Suilleabháin .i. fear an airgid, Conchubhar
Mac an Bháird, agus Éamonn Ó Flanagáin.



Uimhir Cuallachta Chuilm Cille go léir
i Roinn Mhuire, 119.



An lucht ceannais i Roinn Iósef annso -
Pádraig Mac Cionnaith .i. fear na cathaoireach,
Pádraig Ó Néill .i. an fear le scríobhadh,
Séamas Mac Consaidín, Maolmhuire Allman,
Mícheál Mac Giolla Charthaigh, Míchéal Ó
Tréasaigh.



Uimhir Cuallachta Chuilm Cille go léir i
Roinn Iósef, 107.



Ní cuireadh síos ainm duine ar bith i mbliadna
mar dhálta do Chuallacht Chuilm Cille i Roinn
Mhuire ná i Roinn Iósef manar ghlac sé air
féin ceann de na neithibh seo do dhéanamh:
(1) é do bheith de bhuidhin Gaedhilge, nó (2) do
bheith i láthair ag cruinniughadh Cúirte na
Gaedheal gach seachtmhain, nó (3) foghluim do
dhéanamh ar an Ghaedhilg nó ar seanchas na
hÉireann ar feadh leath-uaire gach seachtmhain,
nó (4) Gaedhealg do labhairt le linn chluidhche
dá n-imirt aige isan pháirc.



Ba é Maitiú Ó Dualáin easbóg na Cúirte
agus ba é Mícheál Ó Grógáin fear an Mhodha
Dhírigh.



An luchtceannais isan tigh íochtarach annso -
Seumas Mac Connaill .i. fear na cathaoireach
Tadhg Mac Giolla Fionáin .i. fear ionaid fir
na cathaoireach, Dáithi Ua Conchubhair, Diarmuid
Ó Pigáid, Clás Ua Modhráin, Mícheál Ua
Conraoi.



Is é an cunntas do chuir Seumas Mac
Conaill chugainn ar imtheachtaibh Cuallachta
Chuilm isan tigh íochtarach go raibh deich mbuidhne
fichead de buidheantaibh Gaedhilge aca agus
gur leanadar do labhairt na Gaedhilge níos
fuide agus níos fearr ná dorighneadh isan
tigh íochtarach riamh roimhe. Annso síos
cuid eile den chunntas do chuir sé chugainn: -



An 20adh lá de mhí Deireadh-Foghmhair bhí
an chéad tionol againn. B'é an t-Athair
Mac Éatuin fear-ceannais an tionóil sin.
Bhí sean-bhaint aige-sean le Cuallacht Chuilm
Naomhtha agus rinne sé mórán ar a son san
am caithte. Labhair sé linn go binn blasta
as Gaedhilg agus dubhairt nach raibh nídh
san domhan ba mhó a thaithneóchadh leis ná gach
cheann againn d'fheicéal ag cur suim i
bhfoghluim na Gaedhilge. Dubhairt sé gur
chóir do gach duine a chion féin do dhéanamh
agus maidir leis féin - go gcuideóchadh sé
go dian dúthrachtach le Muinntir Chuilm
Cille chun an theanga do chraoibhscaoileadh
i dTigh na Sóisear. Bhí fear dúthrachtach
eile linn an oidhche sin freisin .i. an tAthair
Padruig Mac Suibhne - agus go deimhin chuir
sé misneach orainn ar fad leis an deagh-
chomhairle a thug sé dhúinn. Bí an t-am
gearr agus níor fhéad sé mórán a rádh, acht
bhí a chainnt bríoghmhar gonta agus chuaidh
sí go croidhe gach duine. Dubhairt
sé nach raibh a leitheid d'fhaill ag na daoinibh
fiche bliadhain ó shoin chun an Ghaedhilg
d'fhoghluim agus tá acu anois, mar nach raibh
aon tsuim dhá cur innte ag muinntir na
hÉireann annsin, acht anois go bhfuilid
go léir ar a tóir agus nach bhfuil leith-sgéal
ag aon duine gan í d'fhoghluim. Dubhairt sé
go raibh faill fá leith againn i Muigh Nuadhad
chun eólas maith d'fhághail ar an nGaedhilg
agus go mbadh chóir dúinn tairbhe maith a bhaint
as an bhfaill sin. Labhair sé thamaillín annsin
i dtaobh béasa ar sinnséar agus i dtaobh
Chu Chualainn agus sean-churadh eile na
h-Éireann, agus dubhairt gom badh cheart
dúinn iarracht a thabhairt fá'n sean-spiorad
d'athlasadh agus nach ndéanfar sin go deo go
mbeidh a theanga féin ag an Éireannach mar nach


L. 139


féidir le h-aon duine gnáis ár sinnséar do
thuisgint i gceart gan eolas aige ar an
teangain a labhraidís.



I ndiaidh na Nodlag sul a gcuireamar
na buidheanta ar siubhal bhí páipéar bréagh
bríoghmhar againn ó'n Dochtúir Ó Siochtán
a thug croidhe dhúinn thosughadh ar an deagh-
obair arís. Bhí ciall agus doimhneacht 'n-a
chuid cainnte a chuirfeadh d'ualach ar aon
duine beó spéis do chur i dteangain a thíre.
Má bhí duine de n-a lucht éisteachta i n-aghaidh
na Gaedhilge nuair a thosuigh sé agus má
shíleadar gur fíor-leibideacht é bheith ag
iarraidh ar a aithbheochadhan, bhí inntin eile
aige nuair a bhí léigheamh an pháipéir crioch-
nuighthe. Dubhairt sé gur fear críonna
géar-chúiseach an t-Éireannach i gcómhnuidhe,
fear nach gcuireann suim cheart i n-aon nídh
acht amháin san rud a bhaineas go dlúth le
méadughadh a choda saoghalta féin agus nach
gcuirfeadh sé suim i n-aithbheochadhan na
Gaedhilge acht chomh beag mara gcuirtear
i n-iúl go soiléir dó go mbeadh sin fóghanta
seirbhiseach do'n tír. Dubhairt sé gurab
orainn atá an dualgas an t-eolas sin do
leathnughadh; annsin d'innis sé dhúinn goidé
an mhaith a dhéanfadh sé d'Éirinn a teanga fein
bheith aici. Dubhairt sé dá mbeadh ár dteanga
féin againn go mbeadh ár muinntir fighte
ceangailte níos féarr le n-a cheile, go mbeadh
níos mó muinghne acu as a chéile, nach mbeadh
an oiread bainte acu le Sasana agus tá acu
léithi anois, agus annsin go dtiocfadh déantúis
Ghaedhealacha faoi mheas mar bhíodar lá de'n
tsaoghal, agus go dtiocfadh rath agus slacht
ar an tír agus bhí uirri sul a raibh an Béarla
briste ar labhairt i measg a gleannta agus
sul a raibh aon bhaint ag a muinntir leis an
bhfeallsaire. Is iomdha rádh bréagh eile
adubhairt sé agus is iomdha deagh-chomhairle
a thug sé dhúinn agus is truagh liom gan mé
bheith i n-ann chuile fhocal d'á óráid do chur
síos.



Tá rud eile agam le rádh .i. má d'éirigh
go maith linn i dtigh na Sóisear i mbliadhan,
ní dhúinne atá an chreideamhaint ag dul acht
do'n Ghaedheal is duthrachtaighe da bhfuil beó .i.
ar gcara dílis - Éamonn Mac Uidhir. Is
eisean ba bhun agus cúis gach mhaith dá ndear-
nadh ar son na Gaedhilge san tigh íochtarach
i mbliadhna. Bheirim buidheachas dó i n-ainm an
choisde faoi gach comhairle agus gach congnamh
a thug sé dúinn ar feadh na bliadhna.



Is é sin cunntas Shéamais Uí Chonaill ar
imtheachtaibh muintire Cuilm Cille isan tighe
íochtaraigh. Is mór an moladh dobheireas sé
do chuid mhór daoine agus mas fíor ar chualas
ní fhuil béal bán ar bith ag Séamas, agus
muna bhfuil caithfidh go raibh feara binn-
bhriatharach bríoghmhara ag obair agus ag caint
ar son na Gaedhilge an bliadhain seo thart.
Ní fhuil béal bán againne acht an oiread acht
béal searbh chainte. Nuair do ghníos duine
dadaidh nach ceart dar linn cainmid go mór
é agus nuair do ghníos dhuine obair an-mhaith
dúinn ní abhramuid go raibh maith agat leis.
Acht gurb é sin an sort duine atá ionaim
do chuirfinn síos cuid mhór cainte isan leabhar
so do mholadh na ndaoine thug comhairle agus
congnamh do mhuintir Chuilm Cille isan tigh
uachtarach. Acht ní abrochmuid cé iad féin acht
amháin go raibh oidí an choláisde i n-a measg
agus Fear an Mhódh Dírigh agus Mac Hardy
Flint.



CRUACH



Is cúmhang cruaidh leaba na roilige
Mas cúmhang cruaidh isí an leaba chinnte
Is ísiol a ceann-adhairt
Agus radharc ní fheicfear innte.



A éin bhig atá i mbárr an bhile
Nach truag 's nach eagal leat an bás
Nach bhfeiceann tú fear na h-uaighe thíos
Agus feur uaithne fríd ag fás?



Bhfeiceann duilleabhar na bliadhna anuraidh
Ag tuitim fa bhun na gcrann
Agus an choill ceudna ag suidhe
Ag árd-rígh neamha thall?



<Anna Nic Loingsigh, Gleann Finne, Tír Chonaill>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services