Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brat na hÉireann, Nucleus na hÉireann Nuaidhe

Title
Brat na hÉireann, Nucleus na hÉireann Nuaidhe
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
The Irishman

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Brat na hÉireann.



Thugamar fá dear an lá fá dheire, san
Daily Mail, giota nuaidheachta a chuir
iongnadh orainn rud beag. Cuireann an
paipéas sin i n-iúil do'n t-saoghal caidé
mar tógadh brat na h-Eireann ar an
Fhairrge Mhóir. Bád-tomtha Gearmánach
do thóg é, agus é ag deanamh sgriosa ar
longaibh tráchtála.



Chualamar, tamall ó choin, go raibh na
Gearmánaigh ag breith leó brat a bhain le
tíorthaibh eile. Ach seo an chéad uair,
creidimíd, a chonaic duine ar bith. Brat
na h-Eireann ag luascadh i ngaoith na
Fairrge.


L. 3


Nucleus na h-Eireann
Nuaidhe.



Sea cúpla rudaí eile a thiocfadh le
daoine bríoghmara a dhéaanmh 'san Ghaedh-
ealtacht dá mbéadh siad dhá g-cur fútha
innte.



I. - Thiacfadh leó cuirmeacha ceóil agus
dramaí Gaedhealacha a chur ar siubhal ó am
go h-am. Tigeann na "Coons" corruair
chun na Gaedhealtachta acht cha mbíonn
dramaí Gaedhealacha dá g-cleachtú' gídh go
bhfuil ádhbhar cluichtheoirí go leór i measc
muintire na Gaedhealtachta.



2. - B'fhuras a rud é coisreacha ceóil a
chruinniú' chun abhrán Gaedhealach a ghabháil
'sa seipéal. Is minic anois fhéin a bhíonn
an Bearla le cloisint i seipealaibh na
Gaedhealtachta.



3. - Níl an Ghaedhilg dá labhairt ar na
bórdaidbh puiblidhí gidh go bhfuil a lán
Gaedhilgeóirí na n-Guardians agus 'na
lucht coistí. Mar sin ní iongantach an
scéal go mbíonn a lán oifigeach gan
Gaedhilg dá dtoghadh 'san Ghaedhealtacht.
Cha dtig linn coig a chur ar rudaibh mar
seo as Beal Feirsee nó as Baile-Átha-
Cliath. Ní bheidh a mhalairt de scéal ann
go dtí go mbéidh an chuid is mó dár neart
a's bár mbrígh 'san Ghaédhealtacht.



Níl críoch ar bith ar an obair atá le
déanamh 'san Ghaedhealtacht ar son na
teangan agus ar son saoghail na n-Gaedheal.
Dá mbéadh fiche muirghean dá g-cur fúta
i n-achan pharróiste san Ghaedhealtacht, tá
mé cinnte go mbéadh an Ghaedhealtacht ag
éirghe láidir arís agus go mbéadh t saoghal
ag leathnú'. Is annsin a bhéádh se ar
chumasna Gaedhealtachta an Ghalldacht a
Ghaedhealú.



An Ghalldacht.



Féach anois goidé an obair a thiocfadh
linn a dheanamh ón Ghaedhealtacht ar son na
Galldachta.



I. - Is dóigh leis an chuid is mó de
dhaoinibh 'san Ghalldacht gur áit shuarach
iar-gcúlach éicint an Ghaedhealtacht. Is
minic a thigeann doaoine chun Choláiste
Ghaedhealaigh éicint agus bíonn iongnadh
an-mhór orra nuair a chídheann siad an
saoghal bríoghmhar Gaedhealach 'na dtimcheall
Bíonn an Ghaedhealtacht agus cúir na
Gaedhilge mar rudaí fíor-bheodha na n-intinn
na dhiaidh sin. Dá dtagadh dream mór ón
Ghalldacht thiocfadh a gcuid cáirde ar
turas chuca go minic agus mar sin bhéadh
dlúthbhaint idir an Ghaedhealtacht agus
an Galldacht.



2. - Thiocfadh le muintir na Galldachta
a b-páistí chur chun a laethe saoire a
chaitheamh le n-a g-cáirdibh 'san Ghaedheal-
tacht.



Chun sceal fada a dheanamh gearr,
deanfaoí an Ghaedhealtacht mar siompla
nó nucleus na h-Éireann nuaidhe.
A. de B.



Breith.



Ag Baile na Carraige, Co. na hIar-
Midhe, 17 lá de Meadhon Fóghmhair, 1916,
bhronn Dia mac ar Dhochtúir Conchobhar
O'Broin agus ar a mhnaoi. Padraig
Piarais a ainm.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services