Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Religious Poems by Micheál Óg Ó Longáin

Title
Religious Poems by Micheál Óg Ó Longáin
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1802
Publisher
(B.Á.C.: Browne and Nolan Limited, 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ag so riaghlacha beaga simplidhe saora socairiomdha, noch do cheapaim,
agus do gheallaim do dhlúithleanmhain maille (le) congnamh Dé, ar feadh
mo ghearrbheathadh féin ar an saoghal suarach saobhnósach dearóil díoth-
cháirdeamhail seo; agus iarraim ar an Athair síoruidhe, tré impidhe na
Maighdine Muire, agus tré bhás agus pháis ár dTighearna mhilis Íosa
Críost, grása na haithrighe agus na foighde do thabhairt dúinn uile; agus
go speisialta braon beag dá ghrásaibh do leigean im chroidhe chruaidh
chlochach féin, do bhogfaidh agus do dhianbhrostóchaidh chum na haithrighe mé,
- oir faríor is peacach rómhór romhíofhoirtiúnach me - agus ionnus go gcoimh-
éadfainn agus go leanfainn na riaghlacha so síos, .i.



1. Gan aoinnídh do rádh ná do dhéanamh ar aonduine nár mhaith liom
do rádh ná do dhéanamh orm féin.



2. An mhaith badh mhaith liom do dhéanamh orm féin dá mbiainn i n-aen-
riachtanas do dhéanamh ar dhuine eile dá bhfeicinn i ngábhadh ná i riachtanas
é, agus é ar mo chumus féin an tan soin maith do dhéanamh dhó.



3. Gan mionna móra, bréaga, barbarthacht ná drongcaereacht do
dhéanamh go deó, ná a n-éisteacht ó dhaoine eile dá bhfiadfainn (é).



4. Gan Aifreann Domhnaigh do Leigean uaim i n-aointslighe n-a
bhféadfainn dul (ag) triall air, ná é fhagháil.



5. Gan drochshompla do thabhairt d'aonduine i mbriathar, i ngníomh ná
i bhfaill.



6. I n-aonbhall n-a bhfeicfinn nó n-a gcloisfinn dlighe Dé dá bhriseadh
maille (le) mionna móra, bréaga, barbarthacht agus cúlchaint, gaduidheacht
nó a n-ionshamhail eile, (é) do chosc dá bhféadfainn, nó muna bhféadfainn
imtheacht as.



7. Faoisdín Nodlag agus Cásca do dhéanamh, an chuid is lugha dhe.



8. Seacht bPaidreacha agus seacht nÁibhe Maria, agus Cré do rádh uair
sa ló go n-oidhche, i n-onóir cúig créachta Chríost agus a pháise agus a
bháis.


L. 487


9. Paidir, Áibhe Mharia agus Cré do rádh uair san ló i n-onóir
Mhichíl árdaingeal.



10. Paidir, Áibhe agus Cré i n-onóir dom Aingeal chuimhdeachta.



11. Paidir, Áibhe agus Cré, do Phádraig naomhtha, apstal agus
pátrún Éireann.



12. Gach aon Aoine do dhéanamh n-a troscadh aonchoda, agus Coróin
Mhuire do rádh an Aoine sin.



Cuirim druim le dul go hifreann, agus re peacadh marbh do dhéanamh
rem thoil go bráth ná choidhche - Oh, gráin ar an bpeacadh marbh.



Eirighe mhoch, timcheall eirighe gréine an leathbhliadhain fhada, .i. ráithe
an tSamhraidh agus ráithe an Fhoghmhair, .i. ó Bhealtaine go Samhan; agus
eirghe roimh eirghe gréine an leathbhliadhain ghearra, .i. ó Shamhain go Beal-
taine; mo cheann do chíoradh, agus mo lámha agus m'aghaidh do nighe; agus
gan bheith díomhaoin - acht bheith ag léigheóireacht, ag scríobhnóireacht, ag
obair nó ag urnaightheacht.



Nch air gheibheam bás i bpeacadh marbh, agus nár gheibheam bás go ndéan-
fam lóirghníomh le Dia agus ris an saoghal. Agus nár éagam go mbiam
i seacht n-órdaibh, nó fós i naoi n-órdaibh. Amen sin, a Thighearna. Go
madh fíor soin, a Dhia, agad sheirbhíseach bhocht féin; ciodh ró admhuim nach
fiú mé bheith im óglách agatsa, a Chruthuightheóir an domhain go léir. Acht
marsin féin ní háil liom scaradh leat; agus nár scara do ghrása
naomhthasa liomsa o so amach go deó.
Mhicheál Óg Ó Longáin.



B 1828 19T



1. - A SHOLUSMHIC.
A Sholusmhic fuair crochadh ar chrois an chrainn chéasta
Dár dtobhairtne ó dhocharbhroid na fírphéine,
Ó's follus duit me i mbochtaine 's i ndaoirghéibhinn,
Fortuigh sinn san Nodlaig seo let chaoindaondacht.


L. 488


A Dheighmhic na Maighdine beannuighthe breágh,
Leighisse ár dtinnluit is cneasuigh ár gcneádha;
Tabhair deimhinfhios is foighidhe dhúinn, cneastacht is grádh,
Le ragham ar do theaghlach go flaitheas na ngrás.



B 1800 19T



2. - A ÓGH MHILIS GHLÓRMHAR.
A Ógh mhilis ghlórmhar 's a bhanaltra Chríost,
Fóir mise ó smól dubh gach peacaidh doghním,
'S an bheóltais bheag mhodhmhar seo ceangladh linn
Go seólais i n-eólas a leasa gan mhoill.



Deónuighse dhamhsa an fhaid mhairfead, a Chríost,
Go gcomhallfainn gach órlach is alt in do dhlighe;
Is treóruigh mo stórsa go slachtmhar i slighe
Ná stróicfeadh do chomhairle ná t'aitheanta arís.



B 1810 19T



3. - A BHLÁTHMHÚIRNEACH.
A Bhláthmhúirneach ghrástamhail 's a Mhaighdean dil,
Dáil dúinn do lánchongnamh deimhnightheach,
Le bhfágham umhlacht shárchlúmhail, foighde is fios,
'S ár gcneádha dúra tháthughadh go foillsightheach.



Cuir lámh liúm, a sháirshiúir 's a ghreadhnaigh ghil,
'S ná fág súnn me fá chrúca an chladhaire dhuibh,
Gach cás cumhang i dtáim dlúthuigh leigheas lem luit,
'S de ghrádh an Úirmhic tháil crú a chnis go bhfaghamna soin.


L. 489


B 1820 19T



4. - A BHEÓLTAIS MHÉARLAG.
A Bheóltais mhéarlag mhaordha mhilis mhnámhail,
A Ógh ghlan tséimh 's a réilteann chloinne Ádaim,
Mo Ióseph féin ná tréig is cuir n-a shláinte
Is geóbhad go héag a bhuidheachas leat i ndántaibh.



A Ióseph naomhtha, a chéile Mhuire mháthair,
Is tá comhachtach céimghlan caomhcheart cliste cráibhtheach
Fóir mo laogh beag féin ó thinneas gháibhtheach
'S go deó lem rae bead buidheadh det fhiortaibh neámhdha.



B 1819 19T
5. - A MHUIRE, A MHÁTHAIR BHÚIDH.
A Mhuire, a Mháthair bhúidh,
A ghrádh a rúin gan cháim gan locht,
Fóirse ár Seáighnín dúinn,
Ó tá ar a chúl go tláth anocht.



Leanbh beag banamhail deas,
Dá dtugas gean is bheadh dom réir,
Is do ghrádhadar mo chlann im dhiaidh,
Go ngráidh Dia sinn go léir.




An 15 lá de Lughnasa 1819, iseadh do rineas an bhéarsa so do
chSeághan do bhí ag imtheacht uaim an tan soin, .i. ag éaga; agus
do bé an lá soin lá le Muire, is é sin an chéadfhéile Muire Fóghmhair.


L. 490


B 1805 19T



6. - NAOMH IÓSEPH DOM SHEÓLADH.
Naomh Ióseph dom sheóladh 's dom chabhair do shíor,
'S dom threóradh san ród soin chun Flaithis mo Ríogh;
I gcomhar liom ó nóin duibh go maidean arís,
Isé thógbhaim san ngleó so chun mh'anma dhíon.



Mh'anamsa dhíonadh bíodh ar Bhuime an Aonmhic,
'S go dearbhtha guidheam gan scíth a dilechéile
Geanmnach naoidheanta, trína rith don Éigipt,
Dom chabhair ar shaigheadaibh nimhe na spride daordha.



Is daordha danardha gangaideach gníomhnáireach
Dam féin do leanas gach camachleas claoincheárdach,
Le séantar Arraidmhac beannuighthe Mhínmháire,
Do shaor ó ghlasaibh an pheaca ar fad síol Ádaim.



Síol Ádaim i síorgháirdeas, 's is aca atá a chúis,
Is díobh tháinig an Rí ghrásach nár chaigil a chrú,
Do bhí i n-áirde ar thrí tháirne dfhagháil mhasla i n-ár gcúis,
'S is fíornár an gníomh dáibhsin gan a aitheanta shiubhal.



Go siubhlam aitheanta beannuighthe an Ríogh ghlórmhair,
'S gura fiú sinn seasamh in' aice san aoirdnósbhrogh;
Dom stíúradh i mbealach mo leasa 's ar shlighe fhóghanta,
Liúghaim is aitchim ar charthannacht Naoimh Ióseph.
N.a.o.mh. I.ó.s.e.p.h.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services