Historical Irish Corpus
1600 - 1926

What we know if Cúchoigríche Ó Cléirigh

Title
What we know if Cúchoigríche Ó Cléirigh
Compiler/Editor
Breathnach, Pól
Composition Date
1664
Publisher
(B.Á.C.: Sign of the Three Candles, 1935)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Beannacht chugaibh a Chalbhaigh
ós tú as umhla d'ollamhnaibh
a ghég chumhra do chrú Cuinn
dar dú umhla et urruim.



Slán arís do rún croidhe
chugaibh a chleath chumhroidhe
ráinic clú fhéile dot fhuil
as tú mo chéile a Chalbhaigh.



A shearc ollamhan fhuinn Bregh
a fhlaith d'fhíonfhuil mac Miledh
a mhílidh gan tár ó thoil
slán da-ríribh dot rochtoin.



A phóir na ríogh ó ráith Bregh
as tú an curadh nár cáineadh
a ré lán as uaisle d'fhuil
slán uaimsi da bhar nadhbhuidh.


L. 64


Ag so an cheird da ttugais toil
sásadh trén biadh do bhochtaibh
s gach aoinfhear ag triall dot thoigh
is riar na naoidheadh oruibh.



Atáid ionnaibh druim ar dhruim
a chumhdaightheóir chlann cConuill
gan aisdear uaibhsi do neach
gaisgeadh uaisle agus eineach.



Fuarais ó Dhia do dhealbh neamh
gnúis fhaoilidh aigneadh áilghean
cneas shéimh thromdha da bhar ttoil
méin nach dorrdha le deóraidh.



A fhlaith amhra do chrú Cuinn
a mheic Maghnais Uí Dhomhnuill
ge tá misi gan buar go bocht
daoibh si budh buan mo bheannocht.



Osí féin an chraobh chiníl
beannacht uaim go hEibhilín
óigbhen chaomh - céim cumhga -
ní léir d'aon a heasumhla.



Beannacht uaim tre dhúthracht dhi
fialbhean do shaoirfhréimh Suibhni
ben gan aonolc as ferr foss
do mheall daonnocht ón dúthchos.


L. 65


B 1662 17L
U Cúchoigríche Ó Cléirigh



Clann fher ardfhlatha Doire
Aodh Ruadh rathmhar Rudhraighe
Maghnus is Cathbharr - crádh linn -
rachlann ar ágh dob inghill.



Clann oile do ghein ón ghéig
do rig a les a lethéid
conghlonn fa rúnghloine rath
Rudhraighe is Domhnall díormach.



Siobhán chaithmheach do thuill toil
contaois thrén Thíre hEoghain
do bhuadhaigh gach báire an tréd
Nualaidh Máire is Mairghréd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services