TEAGASC MAOIL RUAIN
Bíaid phrainntighe na sesamh do candaois san phroinntigh
namá agus gabháil éccnairce na marbh na sesamh beos. As
tiogh arna cumosg do mhil do gnathaigheadh Maol Ruain
oidhche na bpriomh-sollaman .i. an dá nodlaig agus an da chásg -
Meadhg-uisgi no deoch feadha agus séalann arna mharach.
Lom n-aiss i ndomnachaibh an chorghuis d'aos dúr.
pennuide: cidh noicht-sealann imorro i ndomhnachuibh
an corguis an erraigh agus an ghemhridh do neoch nach d'aos
dúr-pheannuide ni hurchail. Ni caithdís im riamh na
iaramh acht im fhél Phátraig amháin, an uair do thigeadh
ar la nach aoini no cetaoin, quia tunc lom n-aiss do ghnáth-
aighdis gan im: secus, leth-shealann gacha hesparta do dá noin
na feili Phatraig féin. Conairleigeadh-siomh da muintir ar
uairibh fhollach oidhche domhnaigh ar choimliocht.
An tan do cuireathar noin díobh for aoine brochán uisgi
agus mine do gnathaigheadh Maol Ruain féin. Ní neach fadesin
dobereadh fiach aibhni lasna Céli Dé acht neach oile.
Ni biodh iomthórmach fíde aráin leosamh isna solla-
mnuibh, acht do dhigh agus d'anlann agus do neithibh eile archena.
Braiseach ni thesbhann don acnabhadh aráin gé theg-
maidh ní dhi, déigh as anlann leosamh í comuscthe
do bainne, ní d'im. Orda éisg agus ní do maothuil, d'im,
do cháisi agus ubh thirim, ní tesbhann ni don acnabhadh aráin
ar aba na reud sin, acht na comraigit sin uili re ceili an
aoinfheacht. Ubhla mar an cceudna, ní theasbhan ni don
acnabhadh arain, an tan nach biodh moran diobh aca leis an
aran: tri hubhla no ceathra hubla an tan do biodís 'na
n-ublaibh mora, cuid ubhall gach duine: da madh ubla beaga
do theigeumhadh ann, ní sharaigheadh cuid ubhall gach
duine nuimir a cuig no a sé d'ubhlaibh.
Mas mor an orda eisg theigeamhas docum an Cheili De,
ní bfuighe se ní as mo ina an eun-orda. Mas mion-oirdni
bhias ann, ni gnath go bhfuighi se ní as mó ina a do dhiobh.
Fa ceadaightheach doibh buinne losa no a dó nó a tri an
tan do thegmhadh. Ni ceaduigheadh Maol Ruain do Maol
Díthreph a desgiopal millsen nó druchtán ge go nden-
daois cáisi agus marsin puirsiun don millsén. Acht nir crosta
ort<h>a he o tét bláitheach ar a fud nó an gruth do níthi de
marsin. Nir crosta buaidren, or as d'arán, núid na huide
tiorma, or ni cuireadh briogh a raidtibh aroile toirmisges iatt
tre beith na n-adbur eon nó feola. Ni ibheadh medg binde
gan chumusg agus ni trieidthi <?> ar leith gan ní goirt eigin.
Fiach aibhne aca do gnathaighthi <?> aca o mioncaisg go
cingcidhis agus a notluig stéil <.i.> epiphania ar ball .i. gan beith
saor uaidi acht idir da caisg agus idir da nodluig.
An drong theide do mhiodhnocht, sacramuint amhain do beirthi
dhoibh agus ní tugthaoí caileach doibh; agus ní tugthaoí
sin féin doibh go ceann mbliadhna. Fa ceann na
bliadhna do teigheadh síad do mhiodhnocht, agus do gheibheadh
síad corp CRíosd amhain lá casg agus ní tugthaoí caileach dhóibh.
An treas bliadhain do theighdís do mhiodhnocht agus do gheibh-
eadh siad corp amain fa chaisg agus fa nodlaig. An cethramh-
adh bliadhain do geibheadh siad cor<p> amhain fá nodlaig, in
epiphania, fa chaisg mhóir agus mion-chaisg agus cingcidhis. An
chuigeadh bliadhan do gheibhdis corp amhain is na feiltibh
remhraite, agus a ccionn gach da fhichead la. An seiseadh
bliadhain do gheibhdis corp amhain a ccionn gach miosa.
An seachtmhadh bliadhain do gheibdis corp gach dara domh-
nach. D'éis naoi mbliadhan do chriochnughadh do theighdis
do chom comaoineach gach en-domhnach.
Má fhiafraighionn tú ca huair do gheibhdis an caileach ar
an adhbhar gurb fada go ttugthaoi dhóibh é? An mhuinntear
do dhoirteadh moran fola agus do niodh peacaidh rothroma ní
tugthaoí caileach dhoibh ge go ndeindis loirghniomh na
peannaide, acht sacramuint amhain.
Luireach leiri fá sean-ainm o chein don chrosadh ag na
sruithibh. Comhrair chrabhaidh do nídis a ndiaidh chrois-
fhighle na paidre, agus as marso do nídis í .i. Paidior do radh,
agus a n-aghaidh sair ar tus, agus Deus in adiutorium fa thri go
nuigi festina, agus a nda láimh suas go flaitheamhnas taobh amuigh
da n-eudach, acht ni dhiongnadaois croisfhighill mar do nidis
ag altughadh, agus comhartha na croiche do deunamh soir lena
laimh dheis da eisi sin: a letheid ceudna do dheunamh in
gach en-aird dona ceithri hairdibh, agus a letheid ceudna do
dheunamh agus a n-aighthe crom do chom an talaimh, agus a letheid
ceudna do dheunamh agus a n-aighthi suas go flai<th>eamhnas
fa dheoidh. Comhrair chrabhaidh fa hainm don tsermonias
sin aca.
Codladh a leinidh nír ghnath leo, agus nir dhleisdeanach a
bheith fa enneach, agus nir bh'ail leis na Ceilibh De an t-edach
do bhiodh iompa san la go madh e do bheith iompa san
oidhche 'na ccodladh.
Feoil fhiadha, ae, no bloinge nir leig Maol Ruaín a ccai-
theamh fá chaisg ar feadh fichid mbliadhan <isin proinntigh
fein>, above, no gur cheaduigh iad fa deoidh tresan ngorta
tainig astir.
As é biadh do fhagaibh Flann mac Duibh Chonna aga
mhuinntir fa chaisg, feóil fhiadha, ae, agus blonag.
Bainne tra fa gnathach leis do thabhairt doib oidche na
bpriomh-shollamun, an da nodlac agus an dá chasg agus oidche
chingcidhis agus samh-chaisge, do brigh gur gnath leo aifrionn
agus comaoineacha do beith aca ar na mharach.
Ní dligthear fleadhughadh no ol leanna a nen-oidchi dona
sollamhnaibh sin do réir riagla Mhaoil Ruain.
Fá gnath aige gan caileach do thabhairt don chuid da
mhuinntir do theigheadh do mhiodhnocht, an da miodhnocht
no a tri thoisioncha, acht an corp amhain do thabhairt doibh:
agus an fion do ibhdis d'eis an chuirp ní has an ccaileach
do gheibhdis e.
Do ghnathuigheadh se iomarcaidh feich aibhne do
bhua<ladh> ar na cocairibh agus ban-airghibh agus ar na cuchtroraibh
do bhrigh go ndoirtidis an toradh go mór idir bhainne agus
arbhar. As cair throm leo an saitheach bhios re haghaidh
an bhainne dá tháomadh, agus ara mbí lorg an bhainne, do chur
fa uisge arís da thaomadh, acht soitheach ar leith do bheith
re haghaidh gach coda dhiobh no an soideac<h> da f.2a mbí
an bainne a leanmhain do ghlanadh agus lorg an bhainne do
bhuaín de sul fa ccuirthear fan uisge é, no meadhg-uisgi do
dheunamh don ní leanas de, no a thuma a meadhg.
Dá ttigead domhnach la eigin faoi cheann octaibhe chuca
do airmhidis an domhnach ar nuimhir laitheadh na hoctaibhe
ge nach í oifig na hoctaibhe do nidís do acht oific ar leith
dho fein, ionnus da ttigeadh domhnach an treas la don octaibh
gurb e an luan na dhiaidh sin an ceathromhadh la do nuimhir
na hoctaibhe ceudna, agus nar bh'eigean an treas lá, ara ttarla
an domhnach agus da nach dearnadh oific na hoctáibhi, do ghla-
cadh mar threas la dia luaín do chom oifice na hoctáibhi do
dheunamh dho, acht a fhagbhail mar sin agus an ceat<h>ramhadh
la do dheunamh don lúan.
in margin: Tegusg Maoil Ruain do Maoil dithribh a dhes-
giobal.
Adubhairt Maol Ruain re Máol dithreibh, an tan do fhia-
fraigh Maol dithreibh dhe cionnas bhudh choir dhó e fein
do riaghladh: "Adeirimsi riot," ar sé, "fuireach do chomh-
nuidhe isin ait inar gnath let bheith. Na bean re cúisibh
saoghalta. Na himidh go tigh an breitheamhnuis le heun-
duine, na go haireachtas do thagra ar son enduine, acht an
ag urnaigthi, agus ag sgrudadh do leighinn agus gá theagasg da
mbeth neach ler mhaith teagasg d'faghail uait."
Adeirdís na sean-aithri nar ghnath sacramuint do tabhairt
don lucht neamhfhoirbthi a nairteagal bhais ge go ttiobra-
daois freitech ris na peacadhaibh, air do mheasdaois nach dá
ndeóin acht re heagla an bháis do bheirdis an freitech sin,
agus nach d'fhonn cul do chur ris na peacadhaibh, agus nach fidir
einneach cred í an inntinn bios aca do chom an fhreitigh sin,
muna follas go raibhe se ar deigh-shlighid dreas d'aimsir
roimh phunc an bháis. Adeirdis drong oile gur choir sacra-
mhuint do thabhairt doibh san phonc dheidheanach, ma
mheasaid na cléirigh gurb o chroidhe glan do bheura sé
freitech ris na peacadhaibh.
Adeirdis cuid dona sean-aithribh nar choir aifrionn do
radh ar anmannaibh na muinntire nach ccaithdis comaoineacha
roimh bas d'fhaghail doibh. Adeirdís drong oile dhiobh a
chontrardha. Legh an leabhar darab ainm Thuara Aithri fán
chas sin agus dogheubha tú ann nar gnath oifrionn do radh ar
anmannaibh na muinntire do gheibhdis bás gan sacramuint.
An mhuinnter nach chaithdis feoil ge go tteagmadh, do
choigill an arain a naimsir na gorta, go bfaighdis cead feola
d'ithe fa caisg ar uairibh, ní mo ina leithead dearnainne
d'aran fá gnath leis do thabhairt doibh f.2b doibh agus fir-
bheagán dighe.
Nir ghnath leo imtheacht idir an altoir agus an chlais tarsna
bhios ar béulaibh na haltóra, agus gibe theid annsin as cuis
pheannaide aca é.
Nir bh'ail leo peisd ar bith do mharbad ón chrann-saingeal
gus an altóir oir as í iodhbairt chuirp CRíost agus a fola amhain
fa gnath do dheunamh san ait sin.
Do ba gnath leo cuid gach en-oidhche go ceann seacht-
mhuine do leughadh do leabhar Eoin agus cuid gach oidhche
go ceann seachtmhuine oile do leughadh do leabhar apstail.
Do fhiafruigh neach do Mhaol Ruaín feacht ann cionnas
bhudh choir leabhar Eoin agus leabhar apstail do chantain gach
oidhche. Do fhreagair dho marso: "As sean-ghnáth," ar
sé, "cuid gach oidhce do radh no do leughadh go ceann
seachtmhaine do leabhar Eoin, agus cuid gach oidhce go ceann
seachtmhuine oile do leabhar apstail; ní gnath linne sin do
laghdughadh. Contrarium interdicimus."
'Na n-aonar fa gnath leo aige sion gabhail na psalm
usque ad interposita. Sed non soli .i. sine sociis canebant
versus. Secreto canebant et soluebant debita peccatorum.
Nir fhiafraighios do Mhaol Ruaín fein an go hard no go
hisiol adeireadh se na psailm <ar an t-ugdar.>
Nir bh'ail lais eun-duine do laghdughadh en-neith da
ualach, da troma da mbeith se aige. "An dlighthear dhiom,"
ar se, "ni coir dhamh a iarraidh a chur dhiom, acht a dhiol
do bhrigh go bhfuil se d'fhiachaibh orm." Do eudromaigheadh
sé ualach na sagart an tan do chiodh go ccuireadh se toir-
measg orra fa an aifreann do radh.
Da tteagmadh don chuid do mhuinntir Maol Ruain do
caitheadh comaoineacha gacha seachtmhuine tre chuis no
theagmais eigin nach ccaithfidis comaoineacha dia domhnaigh,
do ordaigheadh doibh dul do chom comaoineach dardaoin
d'eis an domhnaigh inar choir dhoibh comaoineacha do
chaitheamh, oir fa rofhada leis iad d'fhuireach gan comaoin-
eacha gu domhnach aris. Doba cinnti an da la sin aca re
haifrionn do dheunamh innta.
Ní hail leis a ndeunaid drong ann do dheunamh dhá
mhuinntir féin .i. gan a tteagmhann daibh do pheacadhaibh
sologtha, agus do sgrupul mar ata murmur, briat<h>ra diomh-
aoineacha agus ithiomradh agus fearg, agus a leithéide oile ar feadh
na seachtmhuine do chor a bhfaoisidin go domhnach, acht
as eadh do ordaigh se dha mhuinntir comh luath agus tuitfead
siad ina leitheidibh sin a ccor a bhfaoisidin gan mhaill.
An mhuinntear do ní a bhfaoisidin re hanmcharaid airidhe
ma choimhli<onai>d siad an bhreith aithrighe do chuir an
anmc<h>ara sin orra, ní heigean daib <.i. ni fhuil d'fhiachaibh
orra> na peacaidh sin do chuireadar a bhfaoísidin annsin
agus agar choimhlionadar a mbreith aithrighe do chur a bhfaoi-
sidin d'anmcharaid oile arís, acht a ttarla dhoibh amhain do
chairthibh o do rinneadar <a> bhfaoisidin roimhe sin ris an
cceud-anmcharaid do chor sios don anmcharaid dedeanaigh.
Gidheadh, munar choimhlionadar an breitheamhnas aith-
righe do chuir an cheud-anmchara orra, as coir doibh an
fhaoisidin cheudna do dheunamh leis an dara hanmcharaid
aris, agus an breithiomhnus aithrighe chuirfeas se orra do
choimhlionadh.
Ní mor an tarbha leis faoiside mheinic agus tuitim go meinic
da heis isin pheacadh f.3a gan an bhreith aithrighe do choim-
lionadh mar as coir. As uime do chuir Elair an t-aos peannaide
do ghlac se uaidhe aris mar ccoimhliondaoís an ni adeirthi
riu.
Ní hurasa leis comhairle do thabhairt uaidhe fa fheoil
d'ithe san chorgas mhor an uair theagmas gorta ann; acht
d'eagla duine d'fagháil bhais an tan nach biadh aithearrach
feola do bhiadh aige fuilngidh sé duine d'ithe feola san
chorghas, acht as deacair leir a chor d'fhiachaibh ar dhuine
a hithe na a thabhairt do chomhairle dho a hithe. Tara
ceann muna raibhi a haithearrach do bhiadh ag duini san
chorgas as maith do ní se a hithe.
Luighe bréige, as fiach aibhne a pheannaid sin aige an
chéd-uair. Bheith ar arán agus uisge an dara huair. Trosgadh
gan enní an treas uair do chaitheamh; as ionann peannaid
mhionn mbreige aige o shoin amach agus na muinntire mhallaig-
thear.
Oidhche dhardáoin na ccomaoineach do mhaithedh sé an
chrosfighill don aos peannaide, agus ní buailtí fiach aibhne orra
an oidhche cheudna. Meadg-uisge agus aran a bproinn an
oidhce ceudna. Do bhiodh seanmoir aige fa mheadhon laoi
dardaoín na ccomaoineach ar mar do bhí suipér an uaín
chasgdha ag CRiosd agus ag na hapstalaibh: da eisi sin do theigh-
dís don phroinntigh, agus do chaithdís proinn iarnóine, ionann
agus uair airidhe chinnti do bheith aca do chom bidh d'ithe
d'eis meadhoin laoí, agus da eisi sin do theighdís do dheunamh
an ionnlaid a ccuimhne an ionnlaid do rinne CRiosd ar
chosaibh na n-apsdal. Do chandaois biaid an fad do bhidis
ag an ionnlad sin, agus na dhiaidh sin do bhiodh seanmoir
aige dhoib ar mar do ionnail CRiosd cosa na n-apstal. Da
eisi sin do theighdís do radh easbairt.
Do mhaitheadh se fiach aibhne, agus crosfigheall, agus psailm
urnaigthe dheiridh lae dhoibh idir dha chaisg. Do nidís
figheall <mesaim gurb ionann sin agus an chrosfighill> agus sleuchtain
ar mhaidin, agus crosfhighe ag biaid o mhionchaisg go cing-
cidhis, agus do búailtí an fíach aibne ann. Do nidís lucht na
haithrighe figheall ar maidin agus trath nona o deasgabhail go
cingcidis. Ni deuntaoí seanmoir aca ag liodanaibh, na aifrionn
san oidhche acht ar mhiodhnocht amhain, mar do ordaigh
Maol Ruain doibh.
As fearr leis duine do dheunamh faoisidne ge nach tioc-
fadh leis an breitheamhnas aithrighe budh choir do chur air
fa na pheacadhaibh d'iomchar, acht go ttigead leis ní eigin
de d'iomchar, ina gan a deunamh ar chor ar bith. Oir
o chuireas neach a pheacaidh a bhfaoisidin, ge nach coimh-
lionfadh an bhreitheamhnas aithrighe cóir, ata se ar slighe
inar coir dho dochus do bheith aige a nDia go slaineocthar é.
Foghnaidh an faoisidin fein ar an modh sin do dhuine as
nach beire se otrach na bpeacadh gan fhaoisidin ara choin-
sias do chom bais.
Ase sasadh troisgthi do ordaigh se san Riaghail .i. an tomhas
arain da ngoirthi boim, agus buigheun medg-uisgi do lucht
fuis. Mas duine tinn é do gheibheadh se da bhoim agus uisge.
f. 3b An tan do bhiodh duine a bpunc bhais no ar ball
d'eís an t-anam da fhagbhail do cantaoi Canticum Salomonis
osa chionn. As e dob fhath doibh chuige sin do bhrigh
gurb ceangal na heaglaisi agus gacha hanma CRiosduidhe ciall-
aigther san chantic sin.
Dob eaglach leo enní do ghlacadh o dhaoinibh saoghalta
mar tidhlacadh d'eagla go luighfeadh 'na choimhideacht
sin peacadh na muinntire dobheuradh doibh e orra, acht
amhain muna ghlacdaois uatha e a ngioll ar bheith ag guidhe
orra. Oir mar as ar antí ghabhas chuige bit<h>bhineach no
an gaduidhe, no dobheir leabuidh no áit comhnaidhe do,
thuitid cionta an ghaduidhe, as mar sin leanaid peacaidh na
ndaoineadh saoghalta do mhuinntir ghlacas sgrebaill no tiodh-
laicthe uat<h>a.
Decimnoir .i. ainm don tshoidheach do bhiodh aca ag
gabhail na deachmhuidhe, as chuigi do bhiodh se aca dochom
deachmuidhe eisg agus gruisle do ghabhail <ni thuigim créad as
ciall do ghruisle munab ionann e agus gruth, no munab ar na
greamannaibh do ithdis do beirthear e>. Gach orda eisg dá
n-ithdis agus gach gruisle do chuirdis da thomhas san decimnóir
e ar tus. Do chongmhadis naoí n-oirdni agus naoi ngruisle
dhoibh fein, agus do beirdis an deachmhadh ordu agus an deach-
mhadh gruisle dona bochtaibh. As uime do bhiodh an decim-
noir aca do chom a ccoda do thomhas go cothrom d'eagla
go n-iosdaois ní ar bith d'iomurcaigh gan a deachmhaidh do
dhiol ris na bochtaibh.
Brat<h>air tuata do bhí a ccuideachta meic beathadh la
ann adubhairt mar so: "Ní feadar," ar se, "créud an tarbha
bhios duinn beith ag sir-radh na biaide agus chantaige Muire
'na coimhideacht tar urnaigthi oile." "Na biodh sin 'na
cheisd ort no 'na chonntabhairt," ar an mac beathadh: "Ionn-
amhail," ar se, "do bhiadh neach fá bhun croiche do chom
a chrochda, an moladh do gheunadh se don righ do bhiadh
da chrochadh agus neimheile <.i. tuirsi> do geunadh se ris ag
iarraidh a shaort<h>a air, as a letheid sin do mholadh agus do
nemeile do nimidne re ri nime annsa bhiaid far sáoradh
o phianaibh ifrinn. As iomchubhaidh," ar se, "na briat<h>ra
do chuaidh as beul Muire inghine iar mbeith torrach on
sbiorad naomh le failti an aingil do chur mar chathbharr
tuas ar an urnaigthi ina bfuil moladh De agus neimeile <no tuirsi>
ris da deagh-mhaisiughadh."
An tan do ghabhdaois eccnairc dhuine, a ainm baisde
do ghnathaighdis do thabhairt air. Adubhairt Maoil Ruain
da tteagmhadh na budh chumhain le neach ainm an tí ara
mbiad se ag guidhe, da ccuimhnigheadh se ar an cceud-
shiolla de go madh lor sin.
Do ordaigh dhoibh gan sgeula d'fhiafraighe don mhuinntir
thigeadh ar cuairt chuca no do chaint riu, acht na gnothaighi
fa ttangadar amhain do dheunamh, do bhrigh gurb mor an
urchoid do nid agus an toirmeasg chuirid ar mheanmain antí da
n-aisneidhtear na sgeula sin.
f. 4a A mbí d'iomarcaidh ann os cionn choda an choimh-
tionoil as é ordaiges sé dona bochtaibh, do bhrigh nach
beith a fhios ag an ccoimhthionol ga taobh a ngebadh se
d'iarraidh neith muna raibhe se aca féin astigh. Gidhe or-
daighidh se gan sen-taisgthe aca do sbolladhaibh saille agus do
rúsgaib ime et cetera, agus a riachtanus arna bochtaibh.
in margin: Maeldithrivus quaerit ab Hilario alio a magno
Hilario et longe recentiore Hilario. Do fhiafraig Maol dithreib
do Elair an bhudh choir ní do thoradh na heagailsi do ghlacadh
o cleirc<h>ibh na sein-cheall ara bfionnfuidhe nach beith
beatha mhaith aca. Do freagair Elair do gur chóir, "do
brigh," ar se "nach luigheann enní dia n-olc ortsa muna
raibhe cuid agad da ngabhail no da ccongmhail isna ceimionn-
aibh a bhfuilid no isna hordaibh, agus ge go mbeiddission
coirpthe ar son a ndroc<h>-bheathadh féin, ní coirpthi toradh
na cille no an naoimh do bheannaigh innte. As fearr an
ceart atá againne ar a ghabhail, má gheibmid é, ina ata aca
san ar a bheith aca, agus iad go holc."
Here a blank space of about twelve lines in MS.
Adubhairt Maol Ruain "Do chuala," ar sé, "as í figheall
as gnath lé Duibhlitir na tri chaoga psalm do radh ina
sheasomh, agus slechtain ar deireadh gach psailm". "Ní mar sin
orduighimsi é," ar Maol Ruain, "acht gach re ccaoca no
gach re psalm <"gach re ngabhail" ata agan tshein-leabhar>
do ghabhail a suidhe agus a seasamh. Da mbeith neach," ar
se, "ni as faide na sin 'na shuidhe do bheith a chodladh
ag tuitim air, agus dá mbeith se ní as faide 'na sheasamh do beith
se cuirthe."
As í figheall do niodh Muirceartach mac Olcobhar air-
chinneach Cluana Fearta, da bhiaid deug do radh ar son na
tri ccaocat psalm, ar an adbar go raibhe a fhios aige gurb
lia dona manchaibh, no don aos peannaide, aga mbiodh an
bhiaid do mhebhair ina na psailm, agus adeireadh se Magnificad
a ndeireadh gach biaide. O mac beathadh fuair se an f. 4b
gnathugadh sin .i. Magnificad do radh ar deireadh gach biaide.
Adubairt mar so: "Obair do gentaoi do righ," ar se, "as
coir a beith ar na horadh agus a breith breaghdha don taobh
amuigh. As é oradh na hoibre ud do nímidne do Dhia,"
ar se, "an chaintic do labhair an sbiorad naomh tre bheul
Mhuire."
Feusdadha na naomh mór theagmhus ar mhairt no dhar-
daoin a n-eugmais an chorghais do nídís leath-annlann inta,
agus da bhuigheun leanna no meadhg-uisge, acht do chuir se
a ccead Mhaoile Ruain cia dhiobh do hiobthaoí, lionn no
meadhg-uisgi. Do fhoghnad an tomhas da ngoirthi cingid
<ni fheadar an d'eunduine amhain no dhoibh uile> ar feadh
an da la sin <.i. mairt agus dardaoin> lan do lionn, da tteagmadh
na feusdadha mora sin orra.
Nior hibheadh braon leanna a tTamhlachta re beo Mhaoile
Ruain, agus an tan teighdis amach fan tir ni biodh a cead aca
bráon leanna d'ol a n-eun-ait a tTir Chualann Tir Chualann
<ainm na tire a bfuil Tamhlachta>, na a bhfogas do Thamhlacht
a n-eun-ait, acht an tan dotheigh<dis> fa thirthibh oile a bfad
o Thamhlacht do bhiodh a chead aca a ol annsin da bfagdis e.
in margin: Duibhlitir ab naomhtha. Nir hitheadh fos
mír feola a tTamhlachta riamh re beo Maoile Ruain, acht
feoil fhiadha agus muic allta do beirthi dona haoidheadhaibh, an
chuid diobh ler bh'ail feoil. Tainic Dubhlitir do chom
Maoil Ruain 'ga fhurail air cead do thabairt dona braithribh
lionn d'ol ar na tri primh-shollamnaibh <ní chuirionn se ainm
na bpriomh-shollaman sin sios> san mbliadhain. Adubhairt
Maol Ruain "An feadh," ar se, "beid fam chumhachtaibhsi
agus choimheadfas siad mh'aithne, ní ibaid bráon dermaid De
san bhailisi." "Ibhid mo mhuinntersa," ar Dubhlíthain
no Dublitir <mar so sgribthar e>, Dublit-, "lionn, agus biaidh
siad a bhflaithios De fa re do mhuinntiresi." "Ni fhuil a
fhios sin agam," ar Maol Ruain, "acht ata a fhiosso agam,"
ar se, "gach duine dom mhuinntir eisdfios riomsa agus coimh-
eudfas mo riaghail ni bhia riachdanas aca breitheamhnas
do bhreith orra na teine bhratha da nglanadh, ar an adhbhar
go mbeid siad glan chena. Ní mar sin dod mhuinntirsi:
biaidh ni aca ghlanfus teine bhratha."
in margin: Caoinchomrag epscup. Do bhí easbag dona
Deisibh isin mbaili darab ainm Fionnghlais dar bh'ainm Caoin-
comrag, agus as e dob anmchara do Dhubhlitir. Tangadar ar
aon la dh'airidhe as an ngort roimh na braithribh tar cheim
an fhail <no an claidh> do bhí timcheal an ghuirt <as cos-
mhail annso gurb ag buaín an ghuirt do bhí Dublitir agus a
mhanaigh>. Do bhí bean bocht ag fuireach re Dublitir ar
an bfaithche aga iarraidh air í fein do leigion ameasg na
mban riaghalta do bhí faoí. Do bhí sí roliosda ar Dhubhlitir
aga iarraidh sin air. Do labhair Dubhlitir go dorrdha ria
ag radh "Bí ar siobhal, narab marthain duit." Aga chlos sin
don easbag do Chaoinchomhrag do shleacht se gan mhaill
do chom talmhan. "Creud so a Chaoincomhrag? "ar Dublitir.
"As truagh sin," ar Caoincomrag, "as mor an gniomh do righnis,
cainead na tróighe <.i. na mna boichte>." Do shleacht
Dublitir ann sin. "Do beura misi do bhreithsa don mhnaoí
bhoicht agus do Dhia isin ghniomh sin," ar Dublitir. "As í
mo bhreathsa," ar f. 5a Caoincomhrag, "an bhean bhocht
do leigean asteach ameasg na mban ccrabhaidh, no loilgeach
agus eudach do thabhairt le mba heidir fuireach na n-eugmais,
agus 'na cheann feuchfa me ar in breith aithrighe as coir do
chor ort isin chaineadh mor agus isin tarcaisne tugais don mhnaoi
boicht." "Do gheunsa," ar Dublitir, "gach ní dibh sin do
choimhlionadh do reir do thoilesi."
Fa beus do Mhaol dithreibh Sancte Michael ora pro nobis,
Sancta Maria ora pro nobis, idir gach da shalm dona tri chaogad
salm, agus maille riú sin adeireadh se ainm an naoimh sa feil
do biodh ar an la sin idir gach da shalm; mas feil Patraig i,
adeireadh se Sancte Patricii ora pro nobis, mas feil Brighde,
Sancta Brigida ora pro nobis, agus marsin gach aon naom oile
sa feusda tigeadh aran la.
Tri tomhais bheag dar bh'ainm bochtan do lionn agus let<h>-
annlann, as í beat<h>a do bhiodh aca tri trath na laitheadh
ar a mbidis feusdadha mora. Ní ithdís annlann ime oidche
mhairt no dhardaoin no shathairn no dhomhnaig, biodh nach
biadh an corgus ann, agus go mbiadh feil ar en-oidche dhiobh
sin, acht lom meadhg-uisge as annlann doibh innta. Da
tteagmadh nach beth lom meadhg-uisge no lionn aca, agus go
tteigeumadh feil ar en-oidche dhiobh, do berthi a chead doib
brothcán do dhenamh do mhin agus uisge, agus ní cuirthi don
mhin air acht an cet<h>romhadh cuid don chingid <.i. soideach
tomais>, agus do ordaigh Maol Ruain gan deoch d'ol de sin, acht
bolgama amhain.
Adubairt Maol Ruain re Maol dithreibh "An tan," ar se,
"theigemas soideach dighe chugam ni iobad dhigh acht bol-
gama." "As ferr deoch," ar Maol dithribh, "do chosg an
tarta." "Ni thiobharsa," ar Maol Ruain, "an chomhairle
sin d'eunduine iarrfas teagusg orm, acht bolgama d'ol, oir
coisgid sin an ítaidh agus as luga an sians agus an t-aiteas bhios
ag neach a n-aimsir tharta isna bolgamaibh ina san digh."
Fa gnath leo an cethramhadh cuid uisge do chur san leamh-
nacht muna mbeith bainne eile ar a fud. An tan do bruithí
í do chuirdis uisge trithe da bruith. Boim don bhairghin
boimigh <.i. misur beag arain> agus deoch do bhiodh aca roimh
meadhon lae dia domhnaig. Leath na bairgine ceudna agus
boim agus liach meala, anuair do chuireadh Dia chucu í, do
bhiodh aca d'eis meadhoin laoi dia domhnaig. Tri soidhighe
no tomhais dar bh'ainm bochtain do lionn agus leath-annlann,
agus dá tteagmadh liach mheala faris sin ann, do cuirthi ar a
ccuid brochain. As e sin meudughadh do bhí ara ccuid bidh
isna hocht feilibh taobh amuigh do dhomhnach i ngach
noin do tri noinib na hocht feili. f. 5b Geir agus usgadh
blonag mhuic<e> no chaorach agus ae, ni ithdis íad. Do ithdis iasg
agus feoil fiadaigh agus mhuc n-allta agus eis-feoil no enlaith an uair
do gheibhdis a n-egmais throisgthe iad. Fa gnat<h>ach leo
blaitheach do thabhairt dona manchaibh. Ní faca gur ghnath-
ach sin ag Maol Ruain.
Fear do sgeeadh ó iomarcaigh d'ithe agus d'ol do chuirdis
trosgadh air no seachtmhain ar aran agus uisge. Fear do sgeeadh
an sacramuint da fichead la ar aran agus uisge a pheannaid.
Madh tenneas do bheuradh air an tshacramuint do sgeith ní
cuirthi air acht seachtmhain troisgthe ar aran agus uisge. Mas
a tteinidh no a n-uisge srotha do sgeifeadh í do chuirthi
ceud psalm air. <Measuim go mbiodh an peannaid sin adubh-
ramar faris an cceud salm>. Mas a n-ait in a ttiocfadis coin
no madaidh agus go tteigeumhadh doibh sin d'ithe do cuirthí
ceud la do throsgadh air.
Adubhairt Maol dithreibh ri Maol Ruain "As mor an dochar
do gheibhim," ar se, "ona bolgamaibh" <measuim gurb uimi
do gheibheadh se an dochar sin mar do biodh meud na hiotan
ag a bhrosdughadh do chom dighe dh'ol agus marsin go bhfaghadh
se saothar ag cur shrein ris fein>. Do fhreagair Maol Ruain
é ag rad "Ata a fhios ag Dia nac<h> lugha ina sin an docomal
do bhiadh a ndigh d'ol da madh eigion dam é."
Annlann fa gnath leo do beith aca dia mairt agus dia dardaoín
isin corghas mhor, orda eisg an tan nach biodh annlann oile
aca. Gibe do chaitheadh biadh ria na trath iomchubhaidh
fein do cuirthi trosgadh air ann. Do chonnairc me isin
Pheannadoir gur mhaith a thabhairt air beith ar aran agus uisge
an oidche d'eis an bhidh sin d'ithe roimh an am choir. An
te chaithios meitheas no saill nach gnath ag an ccuid oile dona
braithribh do chuis chráois, trosgadh as e a pheannaid ann,
no beith da oidche ar arán agus uisge.
An tí do chaitheadh biadh ar en-bhord re duine coin-
dealbhaite agus a fhios aige go mbiodh se coinnealbhaite do
cuirthi da fhichead la ar aran agus uisge air do pennaid.
Ni mholadh Maol Ruain eisdeacht re ceol ar bith. Do
bhi ancaire a nDeisgirt Laighean do sinneadh an sort ceoil
da ngoirthe cuisleanna inde derivatur <cuisleannach .i. fear
feadain no a shamhail>. Cornan ainm an fhir sin, fear e ara
raibhe rath De. Do chuireadh Maol Ruain tiodhlacadh
chuige do chom charadradh guidhe agus urnaigthe do dheunamh
ris. Adubhairt Cornan <.i. re muinntir> Mhaoil Ruain "Do
budh maith liomsa," ar se, "ceol do sheinm do Mhaol Rúain,
dá madh toil leis." Adubhairt Maol Ruain iarna chlos sin
do "Abraidhsi re Cornán nach sasfaidhear na cluasasa agam
sa re ceolaibh talmhannaibh no go sasdar iad re ceol nimhe."
An chuid don áos ait<h>righe do bhiodh romhillteach a
bpeacad na codla agus da mbeirthi clann, do cuirthi seacht
mbliadhna peannaide orra. An mhuinntear do dhoirteadh
moran fola agus do niodh marbadh daoineadh, do cuirthi seacht
bliadhna dúir-pheannaide orra. An mhuintear do niodh
peacadh f. 6a na codla a tteamplaibh no a n-eaglasaibh
coisrigte, seachd mbliadna duir-pheannaide do cuirthi orra;
agus an mhuinntear re ndeuntaoi an peacadh nír luga a bpeannaid
da madh o thoil do geuntaoí an peacadh riú.
Ní fidir se go cinnte ca lion mbliadhan do cuirthi ar an
áos peannaide a n-aghaidh gach peacaidh dona peacadhaibh
fo leith, an mo no an lugha iad ina seacht mbliadhna, no
créud é an t-eidirdhealughadh ata idir pheannaide gach
droinge ann do reir a bpeacadh. An mhuinntear ara mbiodh
d'fhiachaibh seacht mbliadna pennaide do do bhídis tri
cheathrachad la <ionann ceathrachad la agus da fhichead la>
ar aran agus ar uisge gacha bliadhna, agus ní measgthaoí bainne
na meadhg ar an uisge dhoibh ar feadh na ree sin, agus gan
saill gan im gan feoil d'faghail go ceann na seachd mbliadhan,
acht brochan mine do dheunamh doibh is na feusdaibh mora
agus is na domhnaighibh.
Ní bhiodh saoirsi an fhighill aca acht aon noin amhain
gach féil dona hoicht-fheilibh. Ní dhiongnadaois ní budh
mo ina dhá ceud sleuchtain san lo muna mbeidis ag deunamh
oibre, agus maille riu sin adeirdís na tri caogad salm. Da mad
don choimhthionol dobeidis ag deunamh, no fa umhlacht,
ni dingnadaois acht da ceud sleuchtain. Mas doibh fein
dobhidís ag deunamh oibre do nídís na tri ceud sleuchtain.
An tí ag nach biodh leighionn do bheirdís obair dho re
a deunamh .i. opus manuum.
An mhuintear ara mbídh peannaid seachd mbliadhan do
leigthí do chom comaoineach iad i ccionn leithe na haimsire
fad <.i. a ccionn tri mbliadhan go leith> annsa miodnocht.
Muna bfaicthear gurb lan-fhoirbhthi an aithrighe bhías aige
idir ghniomhaibh amuigh agus inntinn asttigh, ní leigthear arís
do chom comaoineach e go ccuire se na tri bliadhna go leith
oile do bhiodh roimhe dona seachd mbliadnaibh thairis. Ma
do cithí ar a inntinn agus ar a oibreachaibh go mbeith comhartha
maith aithrighe aige do leigthi do chom an mhiodnochta
e na trí bliadhna go leith deideanacha.
Fá gnath le muinntir Maoile Ruaín uile trosgadh do dheu-
namh oidche dhomhnaigh a ttosach gacha míosa. Ní fuil
a dhearbh aige an ar aran agus ar uisge do nidh siad an tros-
gadh sin, no an boim agus bochtan meadhg-uisge do biodh mar
cuid aca. Nír ghnath leo dubh-throsgadh do dheunamh .i.
gan enni d'ithe.
Sagart ar a bhfionntar cair contra castitatem, ni mholadh
se a leigean do aifrionn do radh da ndearbthaoí an chair air.
Muna dhearbhthaoí an chair air agus nach fuigthi cruthughadh
'na aghaidh ní coir leis a bhacail de aifrionn do rádh.
Molaidhse don aos peannaide run daingean do bheith aca
gan en-pheacadh do dheunamh agus dubh-dhruim do chor ris
agus gan smuaineadh ar clainn na ar mhnaoi na ar mhaoin
saogh<alta> an feadh bias siad ag deunamh na peannaide
d'eagla go ccuirfidis . . .
f. 6b As deacair leis curam na seandaoinedh agus na ndaoinedh
easslán do ghabhail air ara dhocra cuidiughadh leo dochom
peannaide ar bith d'fhulang: oir ni thig leo saothar na fighill
do dheunamh, agus da laighdaigther a ccuid bidh ní foilngid é,
agus romhor an peacadh orra. As doiligh leighios na muinntire
<sin> muna raibhe contríthio rogheur aca agus aithrighe neartmar
ina ccroidhe. Ní fhuil rea dheunamh riú acht an méud as
eidir leo d'fhulang do chur orra. As doiligh leis fos leighios
na ndaoineadh ndaidhbhir da tteagmhann sacrilegium do
dheunamh no a shamhail oile do pheacadh, oir as doiligh
dul eidir bochdachd na muinntire sin agus a bpeacadh. Ní
hurus trosgadh do chor orra agus gan biadh ar bith d'airidhe aca
d'eis an troisgthe, agus go madh eidir go bhfuigdis bás do ghorta
muna ithdis na biadha na bud choir do lucht troisgthe, mar
ta feoil no saill no im, anuair do gheubhdaoís iad. Peannaid
shaothair agus oibre do mholadh se do chor orra, agus gan trosgadh
ar bith do chor orra, acht adeir se gur choir dhaibh fein
trosgadh do dheunamh an méud go mbeith se ar a ccumus.
Antí da n-eirgheadh dortadh sil 'na dhusgadh <.i. gan beith
'na chodladh> ab tre feuc<h>ain ar mhnaoí do thaiteonadh
ris no tre smuaintigthibh salcha 'na chroidhe, no tre briathraibh
neamhghlana, seachdmhuin do ordaigheadh Maol Ruain do
chor do pheannaid air.
An mhuintear nach itheadh feoil ar feadh na bliadhna, dá
tteagmad gorta san tír no nach fuigdis aithearrach feola do
bhiadh, do gheibdis cead fa chaisg pars fheola do dheunamh,
agus an mhuinntear nac<h> deunadh pars fa chaisg ní bhiodh
a chead aca pars do dheunamh go caisg aris.
Do chuala me aige <ar ugdar an leabhair, acht ní thuigim
cía aga ccualaidh se sin> gur ghnath leis na manchaibh an
uair dobhí an Riaghail a tTír Dha Glas teacht on eaglais
a bponc an meadhoin lae do chom na cuchdra <.i. na
cisdeanaighe> la casg, agus gach en-duine do dheunamh pars
feóla fa chomhair na gorta an bliadhain dár ccionn: oir
muna ithdis pars fheola san chaisg ní iosdaois í gusan chaisg
aris.
Nir ghnath leis na fir-chleirc<h>ibh lus do beantaoi dia dom-
naigh no praiseach, da mbeanfuidhe, no aran, dá bhfuinfidhe
ann, do chaitiomh fa mar do hoibrighead iad san domhnach.
An chuid d'aos na tuaithi tigeadh do ghabhail anmchairde,
do hordaigthi dhó e féin do chongmail ona mhnaoi oidhchi
dhardaoin oidhche shathairn agus oidhche dhomhnaigh, agus da
ndeunadh an ní ceudna oidhche luaín agus an tan bios galar
miosa ar an mnaoí do ba cóir e do rér anmchairdis Pheadair
in libris Clementinis.
Da n-iarrduois easbaig no pearsanna onoracha cead dona
bráithribh no saoirsi fighle doibh, do ba gnath aca an cead
sin do thabhairt uatha da madh la in budh iomchubhaidh
cead do thabhairt amach e .i. mun bhudh aimsir chorgais
do bheith ann agus dá mbeith festa naoimh eigin ar an la: gidheadh
munab a n-aimsir iomchubhaidh do hiarrthaoi saoirsi na
fighle ge ttiobharthaoí an tshaoirsi amach a bfiadhnuisi na
muinntire do iarrfadh í fá gnath . . .
f. 7a Do fhiafraigh Maol dithreibh do Mhaol Ruaín an
bhudh lór dho caoga psalm do ghabhail, dá tteagmhadh do
foirceadal do dheunam san lo maille risan ccáoca sin. Adubh-
airt Maol Ruain nar lor dhó gan a raibhe san tshaltair do
ghabhail, ag rad: "Fer an chorráin agus na suisdeadh, an fharcha,
agus an claidh do deunamh, as í furobair gach duine dhibh na
tri chaoga psalm do ghabhail maille rena n-obair féin do
dheunamh gach laoí, agus ni theid enduine dibh do chom a
choda trath nona no go ccuire se crioch ar na trí chaogad
sin; agus an tan do nid sin an uiread sin d'urnaigthe, agus an obair
sin oile d'ualach orra maille ris sin, feuchsa creud as coir
duit fein, ata ad mhanach, do dheunamh."
As amhlaidh adeireadh Maol Ruain ris an muinntir do
iarradh air guidhe orra agus soisgeul do thogbhail riú. "Guidh-
idhsi orainne ar tus más maith libh sinne do ghuidhe oraibh,
oir ap gnath Dia do guidhe ar gach uile bios ag guidhe orainn,
ge nach aibeormaoís a ainm an tan do bheimis ag guidhe
air." Isin aifrionn do ghuidheadh Máol dithribh ar gach
nduine do mheasadh se do beith beannaigthi, ionnus go
nguiddis sion airsion, oir do bhí aige gur ghnath guidhe ar
gach aon do ghuidheadh orra.
Do fhiafraig neach do Mac Uige Lis Moir cia an punc
budh fhearr don chleirc<h>eacht, agus adubhairt gurb fos <.i. comh-
nuidhe> ball don chleirc<h>eacht ar nach ccuala locht da
fhaghail riamh. "Madh deirceach duine," ar se, "adeirthior
gur misde é a dheircighe. Madh umhal, adeirthior anní
ceudna. Madh troisgtheach e, adeirthior an ní cedna ris,
agus cetera. Ní chuala me enduine aga radh riamh re duine
eile gur rofhosaidh é no gur meísde e a fhosaidhe; oir," ar
se, "gibe ealadha ara ttiobhra duine aghaidh, as í as fearr
dhó do chom a beith aige, fos do dheunamh aice, agus go hairidhe
agan chrabhadh, mas air do bheura se agaid."
Adubhairt inghean righ is na tirthibh thair re Fursa: "Créud
red cosmhail thú?" ar sí. "As cosmail me re sean-ghobha
agus a inneoin ar a mhuin," ar Fursa. "Créud í indeoín an chra-
bhaidh?" ar sisi. "Fos ag etla" <.i. ag an ngloine>, ar Fursa.
"Da ttugadh Dia dhuit," ar sisi, "ceap ina sáithfeá th'inneoín,"
ar sisi, "an anfuidthea aige?" "Do bá doigh go ndiongnainn,"
ar Fursa, agus do iodhbair sí dho an fearann ina raibhe sé 'na
chomhnaidhe an uair sin.
Do ordaigheadh se gan na sagairt da tteigeumhadh tuitim
contra castitatem gan dul choidhche doibh fá ghradhaibh
easbaig, oir as é glanadh pheacaidh an tshagairt aca dul fo
ghradhaibh easbaig: acht ní coir <adeir se> easbag do beith
gan cumhachta aige aifrionn do radh. Do sgar na gradha
sagairt ris sin an tan do rinne se an peacadh, agus ni fillid chuige
choidhce ge go ndiongnadh se peannaid. Do beirthior a
cead dó comaoineacha do caitheamh d'eis peannaide moire.
f. 7b An mhuintear doirteas fuil, mas dá ndeoín dogheuna
síad sin, ní hail leis a mbeith 'na sagartaibh o shoin amach
coidhche dhoibh .i. dul fá ghradhaibh, oir ní hiomchubhaidh
leis do dhoirtfeadh fuil do iodhbairt chuirp Chriosd dá
eisi sin. Deunadh maith ar ghleus oili tar beith 'na sagartaibh
dhoibh agus teighdis do chom comaoineach d'eis peannaide do
dheunamh.
As í ní as maith leis do dheunamh don tí chuirios ní maith
ar bith do dheunamh uaidhe fein, sin do ghabhail o duine,
agus a ghealladh 'na fhiadhnuisi go ccoimhlionfaidh anní sin
re a bfuil ag tabhairt mhoide. Tainig tuata docum Mocholmóg
uí Litain d'fhaghail teaguisg sbioradalta uadha. "Créud í an
sdaid ana bfuil tú?" ar Mocholmog ris, "an a lanamhnus
ataoí?" "Ní headh," ar eision, "ataid tri bliadhna o do bhí
buaín agam ris an mnaoí do bhí agam," ar se. "Nar gheall
tú sin d'aoinneach?" ar Mocholmog. "Nír gheallas," ar seision.
"As rofhada an aimsir sin re sgaradh ris an diabhal agus gan
teacht go Dia, oir as ann teid duine a muinnteras Dé, an
tan gheallas se an ní chuireas roimhe, agus ghlacas se chuige
e o duini oile."
Féili naom, v.g. feil Chainnigh, an tan do theagmhadh í ar
an satharn a n-eugmais an chorgais, do maithtí an figheall
nóine a tTamhlachta a n-onoir Chainnigh agus <mar sin> dona
feusdadhaibh oile. Nir fhiafraigh se an ndiongantaoí an ní
ceudna san luan an tan tigeadh feasda naoimh eigin ann, no
ar an mairt do cuirthi e, acht as í a doigh gur bh'iononn gleus
do bhí aca dia sathairn, an tan do bhiodh feasda naoimh air,
agus de luain. Feuchdar cionnas a ghnathughadh ag Maoil
Ruain.
Ní fhaca Maol dithribh go n-ithdis muintear Thamhlachta
im oidhche dhomhnaig biodh go mbiadh feil Chainnigh ar an
tshatharn.
An mhuintear ara ccuirther bliadhain no a dhó pheannaide
agus troisgthe ar fheoil, más eigion doibh feoil d'ithe do dhith
a haithearraigh, ordaighidh se doibh an gheir agus na hae agus an
bhlonag do sheachna, mas eidir dhoibh a n-aithearrach
d'fheoil d'fhaghail.
Adeireadh se gur peiriaclach cuis an anmchairdiosa, oir
ma chuirionn duine an pheannaid dhligtheach agus dothuill a
pheacaid ar dhuine, as dócha a briseadh do ina a coimhlionadh.
Muna ccuire se an pheannaid air, tuitfid fiacha an fhir sin
air. "Bid daoíne agar lor leo do phennaid faoiside amhain
do dheunamh," ar se. As innill do dhuine féin comhairle
a leasa do sheoladh doibh gan a bhfaoisidin do ghabhail .
Do chuir Elair uadha an mheid do ghlac se chuige d'áos
na hanmchairde, mar nach diongnadaois a ndícheall agus go
cceildis cuid da bpeacaibh san fhaoisidin. Ní fuilngeadh
se en-duine do theacht chuige do chom a anmchairdeasa do
ghabhail: gidheadh do fhuilngeadh se agus do mholadh sé don
aos peannaide dul d'fhiafraighidh neith fa chúis a n-anmann
don áos fhoirbhthi .i. na manaigh fhoirbhthi aga mbiodh
eolas ar theagusg do thabhairt doibh fa chuis a n-anmann:
acht ní ghaibheadh se chuige féin do chom comhairle do tha-
bhairt doibh daoine ar bith aga measfadh se anmchara do
beith aca fein dobheuradh comhairle dhoibh.
Do bhí Maol Ruain mar an ceudna: nir bh'ail leis Maol
dithribh féin do ghabhail no go bhfionnadh se an raibhe se
gan anmchara oile aige ara n-iarrfadh se teagasg, an ceud
uair tainig se d'iarraidh teagaisg air fein, ag radh mar so:
"An t-áos ceirde f. 8a .i. na goibhne agus na saoír, ní maith
leo a ndeisciobail do dhul do chom duine oile d'iarraidh
foghlama air, agus créud fa bhudh maith led th'anmcharaidsi
do theacht chugamsa?" "Da fhoichill sin," ar Maoldithreibh,
"tugusa cead na hanmcarad aga rabhadhus chugad." Annsin
do ghlac Maol Ruain chuige an anmchairdeas agus do shleucht
Maol dithreibh fana réir. Faoí anmchairdeas Eachdghuidhe
<.i. ainm an tí do bhi 'na anmc><h><araid aige> dobhí Maolruain
roimhe sin.
Adubhairt Maol Ruain re Maol dithribh "Bliadhain ath-
ghlanta linne an cheud-bliadhain tig far n-anmchairdeas, agus as
eigean duit beith tri cet<h>racha lá ar aran agus uisge, achd
lom bainne d'fhaghail a ndomhnachaib agus meadg bainne do
chomasg ar an uisge isan sam-chorgas amháin." Adubhairt
Maol Ruain re Maol dithreibh "Anuair cuirfeas tú thú fa
breitheamhnus no fo smacht duine oile" <measaim gurb
anmchara no athair sbioradalta adeir se annso> "an teine as
geire mheasfas tú dod losgadh, ionnsaigh í", id est, qui tibi
pepercerit.
As é gnathugadh do bhí aca a tTamhlacht an tan tigeadh
feusda naoim cuca, do ghabhdis na psailm san proinntigh
d'eis proinne gan mhoill, agus do nidís oific don fheusda san
eaglais da eisi sin, d'eagla go ccuirfeadh an feusda toirmeasg
ar oifig na hoidche 'na ttiocfadh se: <tuigim as so go mbiodh
oific cinnte aca fa chomhair gach eun-laoí maille re hoifig
gach feusda da ttigeadh.>
Nír ghnath leis na manchaibh codladh san teampall, achd
as é gnáth do bhí aca, dias do beith isin teampall go ham
iarmeirghe agus na tri chaoga psalm do radh dhoibh an fad sin,
agus dias oile do theacht a n-ait na deisi sin ag an iarmeirghe,
agus iad sin do beith ann go maidin, agus na tri chaoga do radh
dhoibh, agus codladh doibh o shoin go teirt.
Fa gnath aca fear ag leugad an tshoisgeil agus riagla agus fearta
na náomh an feadh bhid na braithri ar a ccuid no ag caithiomh
a bproinne, ionnus nach ar a bproinn bhias a n-aire, agus do ní
an fear sin bhios ag an leughthoracht a phroinn fein tráth nona
roimhe sin; agus fiafraighthior iarnabharach do gach aon
diobh creud do leughadh ann, da fheuchain an raibhe aire
aige ar an leughthoracht a n-aimsir na proinne.
Adubhairt Maol dithreibh re Maol Ruain "Do bhadar
ceithri fuinn agam re fada," ar se. "An ceud-fhonn," ar sé,
"do bhaoí agam .i. a ttainig do naomh-leigheann go hÉirinn
do leigeadh damh agus suil do thabhairt air. An dara fonn,"
ar se ".i. me féin do beith ag timthireacht no ag mionasdralacht
isin tigh manach as foirbthi agus bhudh mo creidiomh do beith
isin tír a mbeinn, as go ttuillinn beannachta na sruithead do
bhiadh isin tigh sin. An treas fonn," ar se, "mo shaith cainnte
d'fhaghail riotsa, agus go ttuillinn beannachd do mhuinntire,
idir an mheid diobh re ndiongnuinn cainnt agus an mhéid nach
diongnainn." Ni faghaim an dá fonn oili aige.
f. 8b Adubhairt Maol Ruain "As eadh adeireadh ar sruith
<.i.> Fer Dhá Chríoch <.i. ar n-athair no ar n-anmc><h><ara>
rinne go madh coir a ndeigh-mhíana do cheudughadh dona
manchaibh ionnas go ttuilldis an luaighidheacht budh fhiú
na gniomha maithe do gheundaois."
Biadh do cuirfidhe a bfad do chom duine dia domnaigh
nír ghnath aca an biadh sin do brigh go n-iomchairthi san
domhnach e. Da mad leasg leis a dhiultadh d'eagla go
ccuirfeadh se doilgios ar an mhuinntir do chuirfeadh chuige
<é>, doba ceadaigtheach do a ghlacadh agus a roinn ar na boch-
taibh.
An fiach aibhni budh choir do bhualadh oidhche, mar
nach biod do ghnath aca a bhualadh oidhce luaín mar onoir
don domhnach, dobheireadh Maol Ruain fa deara a bhualadh
trath nona dia sathairn, agus as uime do buailtí é san satharn .i.
Maol dithraib do fhiafraigh do Maol Ruaín an bhudh cead
leis an fiach aibhni na haidhchi luaín do bhualadh de sath-
air<n>, "oir," ar se, "ma chluinid áos na sean-cheall morsa
do gach leith dinn go mbuailmidne fiach aibhne dia domh-
naigh, ni fhuil obair ar bith nac<h> diongna siad dia domhnaig",
agus do cheaduigh Maol Ruain an fíach aibhne do bhualadh
día sathairn ar an adhbar sin.
A ccionn gach miosa dardaoín do bhiodh bearradh aca,
agus an tan do theagmhadh dhoibh an dardaoín sin nach diongna-
daoís e do bhearrdaois dia haoine no dia sathairn fa neasa:
no da leigthi do chom an domhnaigh é ní berrdaoís go haimsir
an bhearrtha aris .i. go ceann miosa oile: Maol Ruaín do
ordaigh sin.
As amhlaidh do ghabhdaois deachmaidh .i. a mbeith
d'airnéis ag duini do leigean amach ar bearnaidh agus an deach-
mhadh ainmhidhe do thabhairt do Dhia, taobh amuigh dona
damhaibh. Ní gabhthaoí a ndeachmhaidh do brigh go ngabh-
thaoi deachmhaidh a sáothair .i. deachmaidh an arbha, agus as
amhlaidh do ghabthaoí a dheachmhaidh sin, gach deachmhadh
carr dhe do thabhairt don eaglais dar choir é no dona bochtaibh.
Antí nach eisdeadh aifrionn de domhnaigh fa hí a pheannaid
tri chaoga do radh a ttigh druite 'na sheasamh agus a shuile
duinte: <ní thuigim an tri chaoga psalm no paidear no créud
na tri caoga adeireann se>.
Blonag muice no cháorach no feóil fhiadaigh no ainmh-
idheadh ar bith oile, nir ith se iad sin o thionnsgain se beith
'na chleireach, achd bradan amhain fa gnath leis do chaitheamh.
Do chuala me Cú Eachdge aga radh nach tugthaoi a chead
dó eín-fheoil dá ndubhramar d'ithe na hocht mbliadhna do
bhí se gan fheoil, agus nach tugthaoí a chead d'eunduine aca a
hithi la casg fein ar feadh na n-ochd mbliadhan sin.
Hymain Mhichil adeireadh se <gibe he> roimh dhul do
chodladh dhó agus Imain Mhuiri roimh iarmheirge: Imain
Mhichil aris d'eis iarmheirge agus Iomain Muire ar maidin.
Cuairt coimhghe Mhichíl agus cuairt coimhghe Mhuire anmanna
do bheireadh se ar na himnaibh sin. Imain Mhichil adeireadh
se ar an mbíaid agus Hymnum dicat a meadhon laoí dia domh-
naigh. Ioman Mhuiri adeireadh se ar an mbiaid oidhche
luaín. Do niodh se ced sleuchdaín agus crosfigheall ris an
mbiaid agus adeireadh se Hymnum, Unitas agus Cantemus <ni thuigim
an isin lá do nídh se an uireadsa, no ag radh na bíaide dhó
do niodh se iad>. Gach crosfhighill da ndiongnadh se adeir-
eadh se Imain Muire leis an ccroisfighillsi agus Iomain Micheil
leis an crosfhighill oile fa seach.
Ni dingentaoi fliochadh dhó dardaoin féin isin tsheachd-
mhain feadh an chorghais, achd dia domhnaigh. <Ni thuigim
an fliuchadh sin, achd munab braiseach no brothchan as mian
leis do thuigsin faoí>.
f. 9a Nir bh'ail leis iasg do chaitheamh isna laithibh ina
mbiodh lagsaine ag na braithribh .i. mairt agus dardaoin, taobh
amuigh don domhnach, dá tteagmhadh fesda fein ar na
laoithibh sin.
Fa gnath aca cet<h>ar-leabhar an tshoisgeil do leughadh a
n-aimsir phroinne go ceann mbliadhna .i. uair san mbliadh-
ain, agus leabhar dhiobh do leughadh gach raithe .i. leabhar
Matha san earrach, agus cetera.
Ceithri croisfigle do niodh se san lá maille re ceileabhradh
na teirte agus gabhail eugnairce 'na ndiaid agus croisfhighill ris an
mbíaid 'na dhíaidh sin agus Hymnum agus Unitas. Adeireadh sé
na sailm go ruige an caogad deidheanach. Do niodh se
crosfighill ris an ceud chaogad. Do niodh se crosfighill oile
a ndeireadh an chaogad mheadonaigh, achd is Cantemus
adeireadh leis an ccrosfhighill sin. Do niodh se croisfhigheall
oile ag Domine Probasti, achd as Imuin agus Imuin Mhichil
adeireadh sé gach re n-uair annsin agus do niodh se crois-fighill
fa dheoidh leis an triochad paidear. Bíaid Mhicheil
do bheireadh sé d'ainm ar an mbíaid le n-abradh Iomain Mhichil,
bíaid Mhuiri don bhiaid le n-abradh Iomain Muire. Biaid
bheag do bheireadh se d'ainm ar an mbíaid le ndeunamh
an chroisfighill deireadh laoí, do bhrigh nach ccantar Unitas
no Cantemus uirre no le. Cantar Magnificat uirre, agus Ymnum.
Gach uair adeirthior Benedictus ag easbart, ag iarmheirghi
agus ceileabhrad anteirt <measuim gurb ar primh do beir se
anteirt> eo quod sit ante tertiam adeirthior paidear agus cré,
óir ni fagaibthior an chré amuigh gan ghabhail. Gach
biaidh ar a ccantar Magnificat agus Imnum agus Unitas agus
Cantemus, Ego vero orationem as eadh chantar uirre. Bíaid
iarmheirghi, Magnificat agus Averte faciem tuam cantar uirre.
Urnaigthi dul do chodladh, Averte faciem tuam cantar uirre.
O ro criochnaighthior an iarmeirgi agus na tri Hymnum for
lex agus Imnum dicat a ccroisfighill, Ego vero adeirthior ann agus
paidear. Parce iarsin, a choisreagad na dhiaidh sin, agus biaid
iarsin. Fa gnath leis a choisreagadh sul fa suidheadh se
iar ndul astteach dho, da madh san eaglais no san proinnteach
no ina theach urnaigthe no ina theach foirceudail do rachadh
sé.
An tan do theigheadh siad don phroinntigh do chaitheamh
bídh do beantaoi cluigin doibh, no do buailti maide sgine
ar an mías-chuadh <measuim gurb soideach eigin práis no
petair sin ina mbídís na miasa da ccoimhéud> no ar mheis
fein, muna raibhe clog ann. Do chandaois paidear iarsin
agus Alleluia agus Qui dat escam omni carni, Confitemini Deo coeli
agus Gloria Patri, etc., agus Edent pauperes et saturabuntur et
lauda-bunt Dominum qui requirunt eum: f. 9b Vivent corda
eorum in soeculum soeculi. Gustate et uidete quoniam suavis est
Dominus, beatus vir qui sperat in eo: Timete Dominum omnes
sancti eius, quoniam non est inopia timentibus eum. Oculi omnium
in te sperant, Domine, et tu das escam illorum in tempore oportuno:
Aperis tu manum tuam et imples omne animal benedictione.
Benedicantur nobis, Domine, omnia dona tua quae de tua largitate
sumpturi sumus, etc. Jube, domine, benedicere, etc. Benedicat
Dominus haec omnia. Amen. <Aille do bheir se dh'ainm ar
an altughadh sin>. Adeirdis paidear d'eis na haille sin.
Adeireadh an ti do bhiodh rompa <measuim gurb e sin
an> Hebdomadarius "Imannaire" Imannaire, ut recolo, erat
terminus quo utebantur subditi petentes licentiam superiorum
ad aliquid aggrediendum. Adeireadh an dara fear do ba mho
ugdardhas do bidh asttigh <measuim gurbh e sin an biocaire
maol do bhiodh aca> "Cead" .i. "as cead duibh suidhe do c<h>om
bidh." Adeireadh an t-uachtaran annsin "Améun".
Adeireadh an tánaise .i. an dara fear sin dob onoraighe dhibh
arís "Imanaire." Adeireadh an t-uachtaran "Benedic." Adeir-
eadh an tanaisi iarsin "Dia libh." Adeireadh an t-uachtaran
"Amen." Adeireadh an tánaisi aris "Imanaire." Adeireadh an
t-uachtaran an "Cead." Adeireadh iarsin "Benedic." Adeir-
eadh an t-uachtarán "Dia libh." Adeireadh an tanaisi "Améun."
Ní labhradh enduine astigh ar an bhfad sin acht an dís sin
dob uachtaraighe no fa sine asttigh. Do bhriseadh an t-úacht-
aran an t-aran agus do roinneadh se a ccodchannaib beaga e,
agus do berthi cuid dibh sin do gach enduine dhiobh ar a bhois,
agus do chaithdis an beagan sin agus adeirdis paidear roimh a
chaitheamh, agus as é sin ceud ni do itheadh siad iar suidhe
dhoibh.
An uair fá mithid an deoch do bheannachadh do beantaoí
an cluigine no sagh na sgine ris an mías-chuadh no ris an
méis, no bascrann. Adeirdís ann sin Confiteantur tibi Domine,
etc., as ionann e agus an ní adeirmid fein <adeir fear an leabair>.
Ní diongnadaois figheall idir da notluig no dhá chaisg agus ni
buailtí fiach aibhne ann. Ni dentaoí croisfighill fri Hiomnum
iarmeirge leo agus do maitheadh se na sailm urnaighthi adearthaoi
trath nona dhoibh an aimsir cheudna. An tricha paidear
do chanadh se a ccros-fhighill a ndeireadh laoí, do ghabhadh
se iad idir dha nodlaic agus idir dha chaisg, ge nach diongnadh
se crosfhighill maille riú.
Do nidís an fhighill ar maidin an la d'eis epífania agus dia
luain mionchasg agus do nidís an chrosfighill fri Hiomnum dicat
ag iarmeirgi an oidche d'eis lae epiphaniae agus aidhche luaín
mionchasg. An bhiaid re ndendaoís figill ar maidin, do
ghabhdaoís an bhiaid <sin> idir an da shollamain sin, ge nach
diongnaidis fighioll na coimhidheacht. As e doba gnath doibh
gach ní risa ndiongnadaoís figheall adeirdis an urnaighthi
fein, biodh go maithfidhe an fhigheall: acht sailm urnaighthi
f. 1Oa mhaittear ag easbart idir dá nodlaig agus dá chaisg acht
ní maittear íad o mhion-chaisg go cingcidhis.
Gibe la ara ttigeadh teacht Chriost as an Eigipt do onor-
aighdhís e mar an domhnach, agus ni chualamar o Mhaol
Ruain nar choir fighill noine do dheunamh, an la sin ar a
ttiocfad se, da ttigeadh se ar mhairt no ceudaoín oir is iomdha
feusdadha ag CRiosd isin bhliadhain.
Adeirdis Benedicite idir proinn agus urnaighthi dul do chod-
ladh ar ball na dhiaidh sin. Da tteagmhadh do neoch ol
dighe no chaitheamh bidh ar bith o shoin amach dob eigean
do ceileabhradh faidg <measuim gurbh ar chompletorium dobeir
se an t-ainm sin> do radh o Chum invocarem go ruige Nunc
dimittis.
Ní maith, mar do níd daoine ann, dá teagmhadh doibh
longadh d'eis cheileabratha faidhg Benedicite amhain do radh.
Da madh mor an ita do bhiadh ar neach, ní ibdis deoch
roimh iarmheirgh<e>: do ibhdís í idir iarmheirghe agus ceil-
eabhradh dul do chodladh. <Do teighdis aris do chodladh
d'eis na hiarmheirge>.
As amhlaidh do chanad se na psalma: do roinneadh se
gach caogad diobh a cceathair. As í an cheud-ghabhail aige
o Beatus uir go Domine quis habitabit. Do shleuchtadh se
annsin agus adeireadh se paidear agus Deus in adiutorium meum
intende go roiche festina, agus adeireadh se iad sin roimh gach
gabhail. O Domine quis habitabit go roiche Dominus illuminatio
an dara gabhail, agus paidear annsin agus cetera, mar do bhí túas.
O Dominus illuminatio go roiche Dixi custodiam, agus paidear
agus sleuchtain annsin. An dara caogad ó Quid gloriatur go
roic<h>e Te decet, agus paidear ann sin agus sleuchtain. O Te decet
go roiche Voce. O Voce go Misericordias. O Misericordias
go deireadh.
As ann do ghabhadh se cantic na gabhala deidheanaighe
ag radh na psalm adeirthear ag iarmheirghi oidhche shathairn,
oir as leis na hocht psalmaibh deidheanacha don ghabhailsi
do ceileabharthaoí an iarmheirghe oidhche shathairn. An
treas caogadh o Domine exaudi go roiche In exitu Israel:
o In exitu Israel go roiche In conuertendo: o In conuertendo
go Domine probasti: o Domine probasti go deireadh. As
ann do ghabhadh se Magnificat ar ball d'eis bhiaide. Gach
re ngabhail diob sin adeireadh se 'na suidhe agus an ghabhail
oile 'na sheasamh, agus as mar do ba gnath a cantain.
An phaidear sin adeireadh se a ndeireadh gach gabhala
as as do chuaidh sí a ngnathughadh .i. duine naomhtha do bhí
ag Coill Uaithne <ní chuirionn se ainm sís.> Nir ghnath leis
eirghi gan paidear do ghabhail roim eirghe, na suidhe gan
paidear do radh roimh shuidhe dho. An tan do eirgheadh
se do ghabhail na gabhala adeireadh se paidear f. 10b ría
n-eírghi dhó. An tan do chuireadh se crioch ar an ngabhail
sin 'na sheasamh do shuidheadh se do ghabail na gabhala oile
agus adeireadh se paidear ag suidhe dho, agus as as sin do chuaidh
an phaidear a ndeireadh gach gabhala a ngnathughadh.
Adubhairt Maoldithribh re Maol Ruaín "Do chuala me," ar
se, "gurb í fighill as gnath le Duiblitir do dheunamh, na tri
caoga psalm do radh ina sheasamh, agus sleuchtain a ndiaid
gach psailm." "Ní mholaimsi sin duitsi," ar Maol Ruain,
"agus ní mar sin as gnath linn an tshaltair do radh." "Agus cionnas
as coir na cantice do ghabhail?" ar Maol dithreibh. "Atad dá
mhodh ar a n-abairthear íad: an ceud-mhodh .i. a radh uile
d'éis na salm, no tri cantice dhiobh do ghabhail a ndiaidh
gach sailm," agus as mar sin fa gnáth le Maol dithreibh a radh.
Do bhaoí ancaire a cCluain Iraird, fá mor a saothar. Do nidh
se dá ceud sleuchtain ar maidin agus ceud gach tratha
agus ceud ag iarmheirghe. Seacht cceud sleuchtain uile do niodh
sé isna cet<h>ra huairibh fichead. Do hinniseadh sin
do Mhaol Ruain. "Dobheirimsi dom breithir," ar se, "biaidh
sé dreas d'aimsir roimh a bhás agus ni dhiongna sé eun-shlech-
dain." Do fioradh sin, óir do ghabhadh a chosa ris ionnus
go raibhe se aimsir fhada roimh a bhas nar feud se ein-
tshleuchdain do dheunamh ar an iomarcaigh do righne se
cheana.
Aighean no coire a ndeuntar ionnlad nó ina comuisgthear
fothragadh, nir ghnath leo lionn na feoil do bruith isin choire
sin, agus nir ghnath brothcan do dheunamh quod nunc nemo
obseruat no go ccuirthear do chom an chearda, agus go mbúailtear
tri cuarta timcheal an t-ord greasuidheachta air.
Ní hurusa leis tiodhlaicthe ar bith do ghabhail on aos
tuaithe: gabaid drong oile íad do chom a ttabhairthe dona
bochtaibh, do brigh nach tiobhradaois aos na tuaithe dona
bochtaibh íad. Dar lasna tuatadhaibh as lór doibh do chom
dola go flaitheas De ní do thabhairt da n-anmchairdibh, agus go
mbid na hanmchairde aca ar a ttoil fein o shoin amach.
Gidheadh as fearr don mhuinntir chuirios rompa beith
foirbthe . . .
Gibe do gheunadh ferg ré neach da bhraithribh, taobh
amuigh no 'na inntinn astigh, fa gnath aca trisd do chor air,
<ni thuigim créud as mian leis san trisd sin>, no da ttugadh
se aithis do treusan feirg, do chuirthi trosgadh air ann. As
eadh adeireadh Maol Ruain gur choir dó maitheamhnus
dh'íarraidh ar an tí ro tharcaisnigh se san fheirg, dá madh
nach do mhuinntir an tigi e; agus da madh do mhuinntir an
tighe fein, ma do bhudh duine ar a raibhe meas maith e
roimhe, adeiread se gur choir dho maitheamhnus d'iarraidh
air; agus mas giolla no searbfhoghantuidh é, ní mholann don
mhanach do ní an feirg maitheamhnus d'iarraid air, d'eagla
go ccuirfeadh se a ttarcaisne e, acht trosgadh amhain do
san fheirg do rinne. <Muna raibh eagla Día ar a shamhail
sin do dhuine no muna raibhe eagla> An giolla ar nach
bía eagla Dé, muna raibhe eagla aige roimh an manach, ní
mor a ccas do chuirfeadh ann agus ní mór an cás . . .
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11