GUTH
na nGAEDHEAL.
MÁRTA 1914
GUTH NA nGAEDHEAL
Cumann Éireannach na Liteardhachta.
TIG AN BRÚNACH ÓG & A BHEAN ABHAILE.
(Blúire as úr-sgéal nár foillsigheadh fós.)
Ba mhór an lá, i gCathair na dTrí nUisge é.
An té thubhradh cuairt ar an tsean-Chathair aoibhinn
an lá sin, cheapfadh sé go mba lá saoire é, acht
níorbh eadh. Mar sin fhéin, b' iongantach an lá
grinn agus aoibhnis ag an bpobul é, mar nach
raibh Daithi Brún an t-é b' ionnuine & b'aoibhinne
ag lucht na Cathrach le pósadh …
Bhí lucht oibre & lucht maraidheachta, idir bádóirí
& mairnéalaigh & iasgairí, ag sráidigheacht thríd an
gCathair ó mhoch na maidne & gan ceó le déanamh aca
acht a bheith ag gabhail timcheall n-a ndrongaibh
beaga ag deanamh grinn & sgléip' dhóibh féin.
Bhí cuid aca ag ceóltóireacht & ag gabháil amhrán
meidhreach, cuid eile ag trácht ar Dháithi agus ar
a mhnaoi: dream a' rádh go raibh sí go ró-mhaith
dhó má bhí sí daibhir féin — nach raibh a h-athair
sean Cholmán Ó Conaire i n-ann dhá chéad caorach
a dhíol ar aonach na Cathrach uair, agus an uair
sin céard a bhí i n-athair Dháithi acht saor bád ag
obair ar a pháidhe lae? Acht bhí dream eile ann,
agus do cheapadar siúd go mba mhór an dochar
do Chathair na dTrí nUisge nach bhfuair an
t-óigfhear bean le spré mhaith, & go bhfuigheadh
dá dtogróchadh sé: nár mór an lear maitheasa
d'fhéadfadh sé a dhéanamh leis an airgead — níorbh
fhios cé mhéad eile saor bhéad ag obair ar pháidhe
aige! Acht idir céoltóirí & lucht dhispóireachta
& eile ní raibh aon fhear le fágáil a cháineadh Dáithi
Brún; b'é peata mór an phobuil é. Má bhí a
leithéid do dhuine deórata san gCathair bhí ciall
aige agus an cáineadh a dhéanamh ar a theaghlach
fhéin an lá mór seo.
I n-aice na duganna is mó bhí na daoine bailighthe,
mar is i gCeann Cuain thoir bhí an pósadh le
déanamh, & is anall thar cuan i mbádaibh a bhí
faoi'n lanamhain óig & a muinntir theacht. Bhí
coitíní beaga, céad díbh ar a laghad, & an uile
choit díbh de dhéantús na mBrúnach, ag bórdáil
ag béal na duganna, ag fanacht go bhfeicfidhe
an cabhlach bád a bhí leis an mBrúnach & a bhean a
thionlacan anall. Ní raibh bád ná soitheach sna
dugannaibh, ná ar an ród gan bratach a bheith ag
follumhain go h-aérach ós cionn a crainn seóil
aici. Go deimhin b' aoibhinn an radharc iad leis
an méid bratach & meirg iol-dhathach a bhí i n-áirde
aca. Bhí cuid aca níos measa ná an chuid
eile. B'iad siúd na h-úcaérí & na trabhlaérí
& na sguanaérí, na gleóiteóigí & na púcáin rinne
Muinntir Bhrúin & a gCuideachta.
An monarca bád bhí ag Muinntir Bhrúin i
n-aice leis na dugannaibh is mó chuirfeadh iongnadh
ar stráinséar san gCathair. Ní fhéadfadh sé
aonnidh dá raibh taobh istigh de na ballaibh árda
fheicéal, & ní bhéadh a fhios aige cé'n fáth gur tógadh
na ballaí árda sin, nó cé'n fáth gur cuireadh
na geataí láidre daingne sin orra, mar ní raibh
comhartha céirde ná seilbhe le feiceál ós a gcionn
acht bratach mór bán le gaoithe & na focla seo
sgríobhta air i litreachaibh móra dearga:—
Fáilte romhaibh go Cathair na dtrí nUisge!
Acht na teinte cnámh a rinneadh ag ceithre
árdaibh na Cathrach! Agus na cleithe árda caola,
clúduighte le éadach dearg a bhí 'n-a seasamh,
gach fiche slat ó n-a chéile, ar dhá thaobh na sráide
ó'n bhfanán go teach an Ghuib mar ar chomhnaigh
an Brúnach! Agus na lochráin bhídeacha gloine
a bhí ar crochadh as téadaibh caola cnáibe
idir gach dhá chleith díbh! San oidhche nuair a las-
faidhe na lochráin sin, & nuair a dheargóchaidhe
na teinte cnámh bhéad an greann ar fad ann —
sin é cheap a lán.
Ní lucht oibre amhain a bhí ar na sráideannaibh
an lá mór seo. Bhí dream beag de lucht Chomhairle
na Cathrach, & daoine measamhla nach iad, ag an
bhfanán le fáilte oifigeamhail a chur roimh Dháithi;
mar ní amhain go raibh sé ar an bhfear ba mhó maoine
san gCathair, acht bhí sé ar an duine ba chríona
comhairle & ba chéillidhe breith dá raibh ar Choiste
na Cathrach. Bhí an Maor féin ann; slabhra óir
faoi n-a mhuineál & anuas ar a bhrollach; fallaing
trí-dhathach síoda go sálaibh air, & samhail na h-
eochrach nár eirigh le saighdiúiribh Chromaill bhaint
de'n maor bhí ann le n-a linn ag giolla le n-a
thaobh. Bhí sé go mór-chúiseach uaibhreach; acht má
bhí is beag an áird tugadh air: ní h-é Seán Carrach,
mar tugadh air, bhéadh n-a mhaor an chéad bhlian
eile acht Dáithi Brún an t-óigfhear groidhe a raibh
saoghal & sláinte & saidhbhreas — agus bean ar a
mhian aige!
Bhí an dochtúir Ó Riain ann — goidé an dóigh
bhéadh ar aonnidh gan Rianach na coise ádhmuid
bheith sa lathair? Ba dheacair cuairt fhada a
thabhairt ar Chathair na dtrí nUisge an tráth sin,
gan aithne chur ar an dochtúir ó Riain. Féach anois
é ag an bhfanán, & obair na cathrach air, má's
fíor dá chainnt & dá chosamhlacht. Tá sé annsin
i n-aice an mhaoir — sin é é; an firín beag a bhfuil
an chulaith thabhóide air, & gloine a bhfuil slabhra
beag óir as, n-a leathshúil. Tá maide n-a
chiotóig aige le cabhradh leis an leath-chois slán.
Acht an cnap óir atá ar bhárr an mhaide sin!
Nach iomdha duine cheap é ghoid uaidh? Nach é
atá gnóthach, nach é tá cainnteach, nach é tá
postamhail? Acht ná cáintear é mar gheall
ar a mhór-chúis, an lá mór seo ar chaoi ar bith:
narbh é an cara ba dhílse & dob' ionmhuine dá
raibh ag Dáithi Brún ó cailleadh a athair seacht
mbliadhna ó shoin?
An fear óg sliochtha deagh-chumtha féasógach
atá ar dheir an dochtúra, sin é Seóirse Ó Cathasaigh.
Éist leis ag cainnt. Nach é an duine solamhanta
gol-ghlórach é? Níl baoghal air — dheamhan deór
a shileas sé. Is minic an Dr. Ó Riain & Daithi
féin ag déanamh magadh faoi, agus iad ar a suaimh-
neas. Ag iarraidh a bheith ag déanamh amach cé
mhéad airgid a bhí amuigh air bhíos sé de ghnáth
más fíos do'n Dr. Ó Riain. Ní raibh thar beirt
de na daoinibh ughdarásacha bhí 'sa láthair ag an
bhfanán an lá beannuighthe seo nár chuir sé a
ainm ar phaipéar ón mbannc dhó uair éigin.
Tá fhios aige go maith nach bhfuil an fear beag
beathaidhe dearg-phlucach a bhfuil cuma baraille
air, & ar a dtugtar an Gandal, acht ag iarraidh
fail fhághail le iarraidh air a ainm a chur le aisge
chéad phunnt ón mbannc; má chuireann, beidh
& mara bhfuigh' an mac an guth sin, ní bhfuighe sé
achrann & ár sa mbaile, beidh a bhean le mire;
mara gcuirfidh, ní bhfuighe a mhac guth ón nGandal,
an posta inniltheóireachta faoi 'n gComhairle
atá de dhith air.
Ní raibh éinne do'n dream uasal sin ceanamhail
ar an mBrúnach acht amhain an Dochtuir Ó Riain.
Is dearbhtha nach raibh Dáithi Brún gan locht;
acht an choir is measa dá ndeárna sé níorbh eól
dóibh san í. Pé coir, pé droch-ghníomh cuireadh
n-a leith, níor thugadar orra acht baois na h-óige
ó bhí gádh aca le n-a cháirdeas. Ar mharbhuigh sé
an mairnéalach úd fadó? Cé d'fhéadfadh a
rádh? Bhí an fear bocht faoi'n bhfód anois ar
chuma ar bith. Faoi Shal ní Ghríobhtha & a páisde?
Níor cuireadh sin n-a leith ariamh ós árd: dá
mbhéadh fhios ag an drong seo é, ní mórán fáilte
chuirfidís roimhe … ba bhréagh le n-a bhfurmhor
a leithéid de sgéal a chlos — bhéadh sé n-a bhata
aca le n-a cheannsughadh, leis an eirghe 'n-áirde
bhaint as. Acht “toga fir atá san mBrúnach,”
sin a raibh de phort aca an lá mór seo …
Bhí daoine eile sa gCathair a cháin an Brúnach,
& a rinne tromaidheacht & cúl-chainnt & biodán
air. An iongantas é? Ar neamh féin nach
ndéarna lucht an uaibhir & an éada achrann
tráth? Acht tabhair an leabhar air, cuir geall
air, cuir do léine air, nach ar na sráideannaibh
& nach sna tighthe ósta, & nach timhceall na duganna
bhí an drong seo. Na céoláin! Bhí eagla orra
srón a chur taobh amuigh de'n doras an lá mór
seo. An Brúnach a cháineadh lá a fhéile! Cá
bhfuightheá an suarachán i gCathair na dTrí nUisge
a leigfeadh do'n dream fíor-íseal sin an
Brúnach óg, fear déanta na long, fear canta
na n-amhran, fear sgaptha na maoine, an fear a
bhí séimh le bocht & le nocht, an fear a chosain an
Chathair ar an namhaid istigh, agus ar an namhaid
amuigh — cé leigfeadh dhóibh a cháineadh lá a fhéile
lá a phósta?
Bhí an ghrian faoi nuair a facthas cabhlach an
Bhrúnaigh faoi lán tseól & soillse thiar faoi Ghob
an Fhaoileáin. Ní raibh acht smathamh beag de'n
ghaoith aniar ndeas ann, acht ní túisge facthas
an cabhlach ná cluineadh ceól bheidhlíní ar an ngaoith
ó lucht an chabhlaigh. Bhí an ceól go bog binn i
dtosach, acht i ndiaidh tamaill, tháinic borradh &
fuineamh ann; acht níor fhéad aonduine dhéanamh
amach ar athruigheadh an port, nó an de réir mar
bhí na báid ag druideadh leis an talamh bhí an
borradh ag teacht san gceól. Faoi dheire stad
ceól na mbád, acht chomh luath is stad thosuigh an
bhuidhean ceoltóirí a bhí cruinnighthe ag an bhfanán,
agus bíodh gach re dreas ceóil aca go raibh na
báid beagnach i dtír.
Idir dhá dhreas ceóil thárla comhradh beag idir
beirt a bhí le feiceál go soiléir i n-aghaidh na
spéire ar bhórd tosaigh an chéad trabhlaére.
“Go dtachtar na ceóltóirí sin,” arsa an
bhean. “Ámén,” ars an fear a bhí le n-a taobh
& é i ngreim laimhe innti.
“Lean leat leis an gcainnt a Dháithi,” ar sise,
“cuirim spéis mhór sa méid adubhairt tú; go
deimhin & go dearbhtha dhuit a Dhaithi,” — agus thosuigh
sí ag déanamh aithris air, “is binne liom do ghlór
ná aon cheól dár seinneadh ariamh;” agus thug
sí féachaint air, ionnós nach mbéadh fhios aige céard
eile do cheap sí a rádh. Dubhairt sí an fhírinne,
acht bfeárr léithi ná cuid mhaith go gceapfadh a
fear gur ag magadh bhí sí — ní raibh an chuthalacht
bainte aisti fós.
“Éist liom anois a Mhaighréid & ná bí chomh
plamásach sin,” arsa Dáithi. “An pósadh dhéanamh
i ngan fhios do na truagháin seo bhéas rómhainn
ar an gcaladh, thú thabhairt abhaile liom gan gleó
gan torann …”
Thosaigh an ceól arís.
“Ní gleó ná torann atá ar siubhal aca acht
ceól bréagh,” arsa Maighréad & fonn uirri chur
n-a aghaidh, “ceól chomh bréagh is chualas ariamh.
Nach eadh anois? Ó ní chuireann tusa suim ar
bith i gceól! Éist leis adeirim,” ar sise nuair
a thug sí faoi deara ar a fhéachaint go raibh faoi í
mholadh ar bhealach éigin.
Acht níor eirigh léithi a chosg, nidh nárbh olc leithi.
“Le seacht mbliana go leith a Mháighréid, bhíos
ag súil leis an lá seo,” ar seisean; is cinnte
go n-abróchadh sé a lán eile marach go ndubhairt
sise: “Bímís ag bogadh ar seo. Támuid i
dtír.”
Acht ár ndóigh, ní hé an fear léighinn amhain a
thuigeas an leath-fhocal.
Nuair a tháinic an lanamhain óg i dtír faoi
dheireadh bhí an dubh-oidhche ann, acht bhí an teine
cnámh a bhí ar Árd na Gaoithe thoir ag cur lasracha
i n-áirde sa spéir; bhí an teme a bhí ar Ghob an
Fhaoiléam thiar ag tabhairt soluis bhréagh do thonnaibh
na mara; na lochráin bheaga gloine a bhí ar crochadh
idir na cleithe árda caola, agus ó bhallaibh na
seantighthibh, ba chosamhail le súile ainmhidhthe iad
ag taithneamh san dorachadas …
Tháinic an Brúnach amach as an trabhlaér; rug
sé ar laimh as a mhnaoi nuadhphósta, & d'umhlaigh
an bheirt do'n tsluagh a bhí bailighthe le fáilte a
chur rómpa. Leigeadar siúd gáir, & gáir eile,
a cluineadh treasna an Chuain. Tháinic an Maor
sa láthair, & d'umhlaigh do'n bheirt go maordha,
& bhronn orra an long bheag airgeadtha a bhí ar
iomchur ag giolla. Thug an Brúnach a mhíle
bhuidhcheas dhóibh uile, idir uasal & íseal, chuaidh
sé féin & a bhean isteach i gcóisde, thug an giolla
lasg do'n dá chapall, leig an sluagh gáir eile,
agus siúd ar aghaidh an bheirt go tigh an Bhrúnaigh
ag Gob an Fhaoileáin.
Dubhairt Eoghan Cam go bhfuair sé féin sgilling
de'n airgead ghea a chaith an Brúnach imeasg
an tsluaigh an oidhche sin, ar an mbhóthar ann i
ndiaidh seachtmhaine: acht cé chreidfeadh a
leithéid? …
Pádraic Ó Conaire.
RÚN-TROID.
Tuairim trí ráithe ó shoin do fógradh go h-árd
go raibh Connradh na Gaedhilge i nguais a bhasgtha,
go raibh dhá namhaid nímhneacha ar a thí, — namhaid
aca laistigh de dhóirsibh an Chonnartha féin, agus
an namhaid eile lasmuigh. Nídh nách iongnadh,
do tháinigh scannradh & uamhan gan mhoill ar a
lán daoíne creideamhnacha ar fuaid na tíre, &
d'árduigheadar a nglór go bagarthach ins gach
áird ghá shiafruighe ciarbh' iad na scriosadóirí
úir-ísle seo do bhí tar éis éirighthe suas in Éirinn.
Do deonuigheadh an t-eolas dóibh annsan gurbh'
é an saghas ainmhidhe do bhí sa chéad namhaid fear
duairc dubh-chroidhtheach droch-aigeantach a bhí ró-
ullamh & ró-ghnóthach ar fad chun obair na Gaedhilge
do chur chun cinn, & go raibh de dhánaidheacht ann
a inntleacht féin do bheith aige in ionad ceann
do bheith aige ar iasacht ó dhuine eile fé mar is
gnáthach in Éirinn; agus gurbh' é saghas beithidhigh
an tarna namhaid deamhan politidheachta ar chruth
daonuidhe a bheartaigh greim d'fhághail ar an
gConnradh chun a chuid droch-oibre féin do
shaothrughadh. D'éirigh liúgh fiadhaigh láithreach ó
cheann ceann na tíre & ghlaoidh na Gaedhil amach
go feargach na fealltóirí úrghránda so do bhí
ag teacht idir Éirinn & sábháilt a teangan do
dhí-cheannadh gan trócaire, rud do deineadh go
tapaidh ar an Árd-Fheis leis an gcéad namhaid
le claidheamh “soluis” áirighthe, ach nuair a
chuadhthas ar lorg an ropaire eile ní fhuarathas
tásg ná tuairisg air: ba mhíorbhúil dá bhfaighfí,
mar ní raibh a leithéid ann in ao' chor.
Bhí an Connradh sábhálta; bhí an namhaid ar
lár. Múineadh ceacht le fonn do scriosadóirí,
ceacht millteach do chuirfeadh scáth & smacht iarainn
feasda ar aon chreachaire bhaoth a bheadh ró-óg
'n-a smaoínte, nó ró-dhúthrachtach & ró-dhána
'n-a ghníomharthaibh, agus a bheadh ar fiuchadh le
feirg dá gcídhfeadh sé teanga a thíre ghá tachtadh
ag na Sasanaigh. Bhí na Gaedhil go meidhreach
dár ndóigh nuair a chonnaiceadar fuil fhealltach
an droch-aicme sin ag gluaiseacht le fánaidh,
mar do b'eól dóibh go maith nár bhaoghal do'n
Ghaedhilg anois go rabhadar súd fé'n bhfód. Bhí
an bóthar réidh chun lucht scriosta na teangan
d'ionnsuidhe agus do ghlanadh tar imeall-bhórdaibh
na h-Éireann. Bhí rae cródha ag teacht, rae na
troda & na fearamhlachta, — rae an eiséirighthe.
Do b'fhada linn go léir gur léigheamair tuairisg
na h-Árd-Fheise laochmhaire seo do chlaoidh lucht
feille, ach níor mhór dúinn ár suaimhneas a cheapadh
agus bheith foidhneach, mar bhí eagla ar an
“gClaidheamh Soluis” go ngeobhfaimís bás leis
an aoibhneas dá dtabharfí an cunntas san dúinn
san iomlán gan mhoill, agus dá bhrígh sin
fuaireamair é blúire ar bhlúire fé mar a thabharfá
mísleán do leanbhaidhe, agus caitheadh tímcheall
dhá mhí sul ar léigheamair an focal déidheanach de.
Go deimhin ba bhreágh an píosa litridheachta é.
Rúin? A dhuine, bhí an cunntas ag púsgadh leo,
agus is iad do bhí go breágh & go láidir & go
bagarthach. Ní dóigh liom go raibh namhaid fealltach
ag an dteangain in Éirinn nár scaoileadh rún
millteach aca fé n-a cheann, agus is furasta
dhúinn a thuigsint cionnus mar do chritheadar go
léir 'n-a mbrógaibh nuair airigheadar na focail
fíochmhara ag feaduigheal & ag raobadh 'n-a
dtímcheall. Bhídhtheas chun an Bhéarla do ruagairt
as an nGaedhealtacht & é chur fé smacht sa
Ghalldacht; bhídhtheas chun an Ghaedhilg do chur
dá múineadh i gColáirtí na múinteóirí & í árdughadh
airís 'n-a réim onórach dleaghthach ins gach gnó
náisiúnta; bhídhtheas chun cigirí gallda do dhíbirt,
agus mar bhárr bagair & tuar dian-chómhraic do
fógradh go dána go rabhthas chun an Bórd Gallda
do briseadh! Is fíor go raibh drong bheag shuarach
sa tír a thosnuigh ag gáiridhe go h-árd & go
magamhail nuair ráinigheadar na focail sin i
dtaobh an tSeana-Bhúird Shasanaigh, ach tá fhios
againn go léir gur dailthíní iad san ná béadh
sásta dá mbeadh an t-Árd-Aingeal Mícheál ag
riaghlughadh na h-Éireann, & níor chuireamair aon
tsuim na gcuid masladh mí-bhéasaigh.
Bhí an cogadh mór ag teacht, an cogadh is troime
agus is déine dá'r tugadh sa tír ariamh. Bhídhtheas
chun ruaig & briseadh & dearg-ár do chur ar an
mBéarla duairc ins gach dúthaigh laistigh de
cheithre fairrgí na h-Éireann, agus bhí Gaedhil
go gnóthach ag cur faobhair ar armaibh i gcómhair
an lae do-mharbhtha a leigfaidhe meirge na
Gaedhilge le gaoíth. Bhíodar ullamh. Ní raibh
uatha ach “an focal” chun an Ghalldachais do
stracadh suas as na fréamhachaibh, & d'fhanadar
chómh umhal & chómh foidhneach leis an bhfocal san
& d'fhan a sinnsir leis in aimsir Dhomhnaill
shleamhain-theangaigh Uí Chonnaill. Faraoir! fé
mar adubhairt Solamh Saoi fad ó “an rud do
bhí sin é an rud a bheidh, & an rud do deineadh
sin é an rud a dhéanfar, mar níl aon rud nuadh
fá'n ghréin” Bhí alltacht ar na Gaedhealaibh
síothcháin do bheith sa tír nuair a fógradh cogadh,
fé mar a bheadh ar aon treibh daoine lasmuigh de
thigh na ngealt, & ní fheadaradar ó chúig árdaib
Éireann cad ba cheart a rádh ná a dhéanamh nuair
a tháinigh glór neamh-shaoghalta chúcha ar sgiathánaibh
na gaóithe & do chogair sé 'n-a gcluasaibh muinighin
do bheith aca go fóill beag, mar “go raibh cath-
mhíleadh aidhbhseach le teacht as an oirthear” Bhí
an scéal ag dul sa mhuileann. “Droch-thromluighe
éigin is dócha,” arsa na connradhthóirí scannruighthe
n-a n-aige féin, ach tháinigh an cogar uathbhásach
airís & airís eile ghá áiteamh go raibh an
fuascailteoir uile-chómhachtach ar an slighe. Bhí
iongnadh an domhain ortha ciarbh' é an gaisgidheach
éagsamhlach so a bhí le éirghe as talamh nó uisge
chun fóirsighadh ar Éirinn, ach is beag ná gur
léimeadar as a gcorpaibh nuair d'innis an glór
diamhair dóibh a ainm ait-Bhéasla — Home Rule.
Ba léir do chách annsan nár ghádh d'aoinne sa
tír lámh do chorrughadh ar son na Gaedhilge feasda,
& chun na h-aimsire do chur isteach chuadhthas ar
lorg seana-cháibín an Chonnartha chun é chur anonn
go Meiriocá ag bailiughadh déirce d'Éirinn.
Is cuimhin linn go léir cad é an scát & an
t-uathbhás a bhíodh orainn & sinn 'n-ár ngarsúnaibh
óga nuair a raghaimís ar rásannaibh nó ar
chruinnighthibh spóirt, agus nuair a chidhmís cad
iad na cleasa iongantacha sár-ghasda d'fhéadfadh
fear na méarachán nó cearrbhach na gcártaí
d'imirt os cómhair a súl ar dhaoine, ach dá
bhféadfaimís bheith 'n-ár leanbhaí anois níl aon
amhras ná go raghfaimís síos ar ár nglúnaibh
óga roimis seadairí tréana Chonnartha na
Gaedhilge, atá ábalta ar Sheághan Bhuidhe — rígh-
chearrbhach an domhain — do bhualadh & smidiríníbh
'n-a chleasaibh gliocais féin. A dhuine chroidhe,
nár chóir gur mithid duit-se & dómh-sa bheith
tuirseach de'n amadántacht so, már má h-imreadh
cleas díchéillidhe riamh tá sé d'á imirt ag an
gCoisde Gnótha le dhá bhliadhain anuas. Do
chuireadar a muinighin i bPáirleiméid nár rugadh
fós — Páirleiméid a bheidh leath-Ghallda má riaghlui-
gheann sé Éire choidhche — agus in adhbhar dlighe
ná feadair aoinne anois féin a gcuirfear i
bhfeidhm é, nó a mbainfear riaradh oideachais as.
Tá aon tsólás amháin ann: tá rae na díchéille
beagnach caithte. Scuabfar na scamaill as an
spéir sul i bhfad, agus annsan caithfidh an
Connradh claidheamh an áir do tharrac airís. Ó
cuireadh 'n-a chlúdach é tá léir-scrios déanta
ar an dteangain. Do díbreadh í as na mílte
scol; tá sí ag imtheacht ar cos-in-áirde chun na
h-uaighe ins gach páirt de'n Ghaedhealtacht nách
mór; tá lucht Reachta an Urradhais & lucht Pension
na sean ghá masladh & ghá tarciusniughadh; agus
ní gádh a rádh cad é an namhaid nímhneach atá aici
san Eaglais. Mar sin féin níor cailleadh ar
fhear an mhisnigh riamh, & má thugtar adhaidh go
fearamhail ar a naimhde anois féin ní baoghal
do'n teangain. Bhí Éire glórmhar i gcómhrac
riamh, & do réir na gcómharthadh is déidheanaighe
tá blúire de'n treana-spioraid troideamhail
sin ag múscailt i gcriodhthibh Gaedheal airís. Go
leigidh Dia é! mar is beag ná táid dreoighte ag
síothcháin.
Eoghan Ó Súilleabháin.
Éireannach.
CONRADH NA GAEDHILGE, LUNNDAIN.
TAOISIGH AGUS ÁRD-CHOISDE
Uachdarán (President):
Mac Giolla Bríde (Lord Ashbourne).
Leas-Uachdaráin (Vice-Presidents):
Seaghán Ó Beóláin (John P. Boland, M.P.)
Art Ua Briain (Art O'Brien).
Cisdeóir (Hon. Treasurer):
Tadhg Ó Ríoghbhardáin (Timothy O'Reardon).
Rúnaire Onórach (Hon. Secretary):
Máirtín Ó Rodaigh (Martin Roddy).
Leas-Rúnaire (Assistant Secretary):
Aindreas Ó Maolagáin (Andrew Mulligan).
Padruig Ó Gríobhtha.
Micheál Ó hAodha.
Úna Nic Éil.
Seaghán Ó Corcoráin.
An tAthair Ó Fearghail.
Seaghán P. Ó Ríoghbhardáin.
Proinnsias Ó Dálaigh.
Brian Brúcs.
Máire Ní Fhlannghaile.
Eilís Nic a' Bháird.
Déirdre Ní Dhubhdáil.
Tomás Ó Donnchadha.
Eilís Dill Nic Ghabhann.
Seán Ua Foghludha.
Rúnaire na Féise (Festival Secretary):
Seaghán Ó Corcoráin.
Cumann na bPiobairí nÉireannach i Lonndain —
Píobaí Móra (a) “Caitheamh an Ghlais”
(b) “An Sionnach Ruadh”
(c) “Dragain Inis Ceithleann”
Píobairí — Giolla Easbuig Mac Aoidh. Lughaidh Mac an
Uasail, Domhnall Ua Foghludha, Muiris Ó Conaill,
Dubhghlas Nuadhat.
“Meabhruighidhe Caithréim Bhriain”
Píobaí Móra (a) “An Diabhal & an Ministéar”
(b) “Corn-Phíopa”
(c) “Nell Ní Fhlaibheartaigh”
<L 47
Píobaí Móra (a) “Caitheamh an Ghlais”
(b) “An Sionnach Ruadh”
(c) “Dragain Inis Ceithleann”
Píobairí — Giolla Easbuig Mac Aoidh. Lughaidh
Mac an Uasail (Árd-Phíobairí), Domhnall
Ó Foghludha, Muiris Ó Conaill, Dubhghlas
Nuadat.
“An Chúilfhionn.”
An bhfaca tú an Chúilfhionn 'f í ag siúbhal ar an bóithre
Maidin geal drúchta 's gan smúit ar a bróga?
Is iomdh ógánach súil-ghlas ag tnúth le n-a pósadh,
Acht ní bhfaghaidh siad mo rún-sa ar an gcúntas is dóigh leó.
An bhfaca tú mo bhábán lá breagh 's í na h-aonar,
A cúl dualach drisleanach go slinneán síos léithe,
Mil ar an oíg-bhean, 's rós bhreagh 'na h-eudan,
'S is dóigh le gach spriosán gur leanán leis féin í.
An bhfaca tú mo spéir-bhean 's í taobh leis An tuínn,
Fáinní óir ar a meuraibh 's í a' réidhteach a cínn,
Is é dubhairt an Paorach 'bhí 'na mhaor ar an luíng
Go mbh'fhearr leis aige féin í 'ná Éire gan roinn.
(a) “A bhean údh shíos ar bhruach an tsrotháin.”
A bhean úd shíos ar bhruach an tsrotháin,
Seo hú leó, seó hú leó,
An dtuigeann tusa fáth mo ghéaráin,
Seo hú leó, seó hú leó,
'S gur bliadhain 'sa lá 'ndiu fuadaigheadh mé dhom' ghearrán
Seo hú leó, seó hú leó,
'S do rugadh isteach mé i lios an chnocáin
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín;
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seo é annso mo theach mór maiseach,
Seo hú leó, seó hú leó,
Is iomdha leann úr agus leann sean ann,
Seo hú leó, seó hú leó,
Is iomdha mil bhuidhe agus céir bheach ann,
Seo hú leó, seó hú leó,
Is iomdha sean-duine ar a nasg ann,
Seo hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, &ml.
Abair lem' chéile teacht amárach,
Seo hú leó, seó hú leó,
'S an choinneal ciarach i gcroidhe a dhearnan,
Seo hú leó, seó hú leó,
Sgian coise-duibhe 'thabhairt n-a láimh leis,
Seo hú leó, seó hú leó,
'S an capall tosaigh a bhualadh 'san mbeárnain,
Seo hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, &ml.
An luibh a bhuain atá i ndorus an leasa,
Seo hú leó, seó hú leó,
Mar shúil le Dia go raghainn leis a bhaile:
Seo hú leó, seó hú leó,
Nó mara dtigidh sé fá'n dtrath sin,
Seo hú leó, seó hú leó,
Go mbéad-sa am' bhanríoghain ar na mná so,
Seo hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, &ml.
(a) “Eibhlín a rúin!”
Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn féin i gcomhnuidhe leat,
Síos go Tír-Amhalghaidh leat,
Mar shúil go mbheidhinn i gcleamhnas leat,
A Eibhlín, a rúin!
D'ólfainn féin bó leat-sa,
A Eibhlín, a rúin!
'S d'ólfainn dhá bhó leat-sa,
A Eibhlín, a rúin!
Do shiúbhalfainn an saoghal mór leat,
Acht cleamhnas d'fhághail óm stór,
'S ní sgarfainn go deó leat,
A Eibhlín, a rúin!
An dtiocfaidh tú nó n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín, a rúin?
An dtiocfaidh tú nó'n bhfanfaidh tú,
A Eibhlín, a rúin?
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé's ní fhanfaidh mé,
'S euloghaidh mé lem' stór!
Ceud míle fáilte romhat
A Eibhlín, a rúin!
Ceud míle fáilte romhat
A Eibhlín, a rúin!
Ceud míle fáilte romhat,
Fáilte 'gus fiche romhat,
Naoi gceud míle fáilte romhat,
A Eibhlín, a rúin!
CEARBHALL Ó MÁLAIGH.
(b) “Meabhruighidhe Caithréimh Bhriáin.”
Meabhruighidhe caithréim Bhriáin le'r ghnáthach buaidh
Gidh tá laetha an ghaisgidhigh 'na luidhe,
Gidh caillte don Múmhan é agus sínte 'san uaimh,
'S nach bhfillfidh go Ceann-Coradh a choidh';
An réalt úd na faith', a scap solus nach raibh fann
Ar a gcath, tá anois baithte fa cheó;
Acht tá leór-ruinn d'á lóchrann aig lasadh air gach lann,
Lé n-ar dtréorughad chum treise ann gach gleó.
A Mhúmhain, nuair do bronnadh ort lé féile neamh-ghann
Gach maise, gach áille gus gach séan,
Ar saoileadh go bhfuighfídhe air shlíabh nó a ngleann
d'lorg fuathmhar oirc foirneartmhair dhéin —
Bidheadh aig an lochlannach seanas cinte, fior,
Go dtroidfeamoid fa shaoirse go treun
'S gur fearr a bheith bliadhanta faoi chreachda, le bheith saor,
'Ná támh uaire a slabhriadhibh faoi leun.
Ná dearmadaidhe na có-laochra dílise, thug toil
Bheith fastuighthe go calmach 'sa ngleó;
Gidh bhidh caonach an ghleanna dearg lé n-a bhfuil,
Níor theitheadar, acht thuiteadar d'éis clóth.
An ghrain atá d'ar soilsíughadh, do chonairc iad 'na luidhe
Air bháinseachaibh Osruidhe fa lár.
Ná bídheadh smúid air, ná brat-bhróin anocht ag dul faoi
Fá gur thuiteadar gan cúitiúghadh sa n-ár.
Píobaí Móra (a) “An Diabhal & an Ministéar”
(b) “Corn-Phíopa”
(c) “Nell Ní Flaibheartaigh”
Píobairí — Giolla Easbuig Mac Aoidh, Lughaidh
Mac an Uasail (Árd-Phíobairí), Domhnall
Ó Foghludha, Muiris Ó Conaill, Dubhghlas
Nuadat.
(a) “Maidin i mBéarra.”
Is é mo leun gan mise maidin aerach
Amuigh i mbéarra am' sheasamh ar an d-tráigh
'S guth na n-éan am' tharraing thar na sléibhtibh
Go céim an aitinn mar a mbíonn mo ghrádh.
Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn
Do rithfinn saor ó anabhroib an tláis
Do chuirfinn cúl le sgamallaibh an t-saoghail seo
Dá bhfuighinn mo dhóthain d'amharc ar mo cheud shearc bhán.
Is é mo dhith bheith ceangailte go faon-lag
'S neart mo chléibh dá thachtadh annso sa t-sráid
An fhaid tá réim na h-abhann 's gaoth na fairrge
Ag glaodhach 's ag gairm ar an g-croidhe im' lár
Is áluinn aoibhinn leathan-bhog an t-aer ann
'S gile ó'n n-gréin go fairsing ar an m-bán
'S ochón! a ainnir uasal na g-craobh-fholt
Gan sinne imeasg an aitinn mar do bhímís tráth.
(b) “Amhrán an Earraigh.”
Go ciúin tigeann ál díl an Earraigh
Thar máchraidh míne sgoth a's bláth
Ó chodladh trom tá'n domhan ag éirghe
Is tiochfaidh arís an Samhradh sámh.
Ar feadh dubhluchra ceó is anfa
Níor cluineadh guth binn na n-éan;
Airís beidh gleannta is coillte ceólmhar
A's seinnfidh londubh laoi gan léan
Airís beidh gleannta a's coillte ceólmhar
A's seinnfidh londubh laoi gan léan.
Féach a's solus glan na gréine
Ag dealrughadh sliabh a's mágh le h-ór
'S an mín-sruth gáireach glórach greannmhar
Ag rinnce léithi tré bhruachaib feóir
Do chán an londubh dílis domhsa
I laoite Earraigh mín fadó
A's measaim nuair a chídhim blatha
Go dtiocfaidh airís an londubh leo
A's measann nuair a chídhim blatha
Go dtiochfaidh airís an londubh leo.
“'Slánaidh Dia Éire.”
Ar an gcroich ag crochadh bhí
Triúr mac óg do b'uaisle croidhe
Buailte síos le díoghaltas dian righ, lár a mbláth
Acht do sheas siad ós a chomhair
Dána 's nós a sinnsear mór
A's do chuadar chun báis le croidhe gan sgáth.
Curfá.
“'Slánaidh Dia Éire,” ar na gaisgidhigh.
“'Slánaidh Dia Éire,” a n-aon guidhe.
Cuma linn árd-chroich an táir
Is Cuma bás ar mhagh an áir
Ó nach cuma 's bás fhagháil d'Éirinn, tír ár gcroidhe
Chuadar suas an staighre aimhréidh
Ghlaodhadar go h-árd chum Dé
A's annsin, a's téad na Sagsan gléasta leo
Thug siad mar triúr dearbhrathar óg
Síos ó'n gcroich le grádh aon phóg
Dá dtír féin, dá nDia 's don tSaoirse fíor go deo
Curfá.
Air gach taoibh bhí an namha dúr
Acht go dána sheas an triúr
Óir ba chuimhneach leó díl-chroidhthe 'ngar 's igcéin
Mílte croidhthe crodha fíor
Thár an tsáile tonntach shiar
A's na cáirde dílse 'n Éirinn naomtha fhéin.
Curfá.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11