Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gairmscoil an Airm, Ciste an Chonartha

Title
Gairmscoil an Airm, Ciste an Chonartha
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
An Gaodhal

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


INDIU AGUS INDE



I ngach tír, agus i ngach aois, chomh fada siar
agus is féidir le duine dhul, agus go mórmhór
i n-aimsir síothchána, bhíodh a bheag nó a mhór de'n
achrann idir lucht an airm agus an pobul i
gcoitchiannta, nó na daoine bhíonn ag iarraidh
gnótha na tíre a stiúradh. O'n gcéad uair ariamh
a rug fear ar gheagán crainn le n-a bhean agus
a chúram a chosaint bhí an sgéal amhlaidh, agus beidh
go deó. An stáit mar stáit, agus an gléas
cheapann lucht stiúrtha na stáit leis an stáit a
chosain, is minic an dá dhream i n-aghaidh a chéile.
Dream aca ag ceapadh sinne chur an gléas cosanta
ar bun ar leas na tíre, agus ar leas an phobuil;
sinne, lucht na stáite, is siocair leis an arm,
agus is searbhóghantach dhúinn-ne an t-arm sin
cuireadh ar bun; an dream eile aca ag ceapadh:
marach sinne, lucht armtha na tíre, is beag cainnt
bhéadh ar stáit ná ar aon rud eile bhaineann le
stáiteachas; le cródhacht le neart colann agus le
misneach d'eirigh linn an tír a chosaint ar an
nemhaid istigh, agus ar an namhaid amuigh, agus
ar an adhbhar sin, is mó le rádh sinne ná an stáit,
is mó le rádh sinne ná an pobul, is mó le rádh
ár dtuairim ná tuairim an phobuil, bhíos ghá athrú
ó ló go ló. An Stáit agus an t-Árm: an mó an
Stáit ná an t-Arm? An mó an t-Arm ná an
Stáit? An mac leis an Stáit an t-Arm, nó sé'n
gaol atá eatorra. Caithfidh muinntir na hÉireann
freagra thabhairt ar na ceisteann sin gan mórán
achair, agus de réir mar bhéas an freagra sin is
amhlaidh bhéas an saoghal againn i nÉirinn san am
le theacht.



GAIRMSGOILE AIRM.



Lucht Airm na hÉireann i dTiobraid Árann
Theas chuir d'íallach ar an bpobul na ceisteanna
seo d'fhreagairt, agus iad d'fhreagairt gan aon
mhoill, agus iad d'fhreagairt, agus Stáit bheith i
nÉirinn ar chor ar bith. Is dócha nach bhfuil aon
duine de lucht léighte an pháipéir seo nár thug
faoi deara sna páipéir laetheamhla an fógra atá
curtha amach ag lucht an Airm Éireannaigh i
dTiobraid Árann Theas: ní dochar ar bith brigh
an sgéil a athnochtadh. Seo é deir Cinn Catha na
Briagáide sin:



(I.) Go bhfuil sé i n-aghaidh dlighe agus nádúir
aon iarraidh thabhairt le Saorstáit chur ar bun i
nÉirinn;



(II.) Go bhfuil Aireachtaí na Dála Éireann,
agus formhór lucht ceannais an Airm taobh amuigh
de'n tslighe, toisg gur leigeadar do Ríaltas
neamhdhléagach iad féin a bhuanú sa tír, agus nach
bhfuil de chumhacht aca acht cumhacht tíoránach agus
fealltóirí;



(III.) Agus dá bhrigh sin, nach bhfuil féidhm le
aon ghníomh, órdú, ná riaghail uatha imeasg muinn-
tire Thiobraid Árann Theas, nó i n-aon áit eile
i nÉirinn, agus go bhfuil sé d'íallach ar gach
duine de'n Phoblacht chur n-a n-aghaidh ar an uile
bhealach is féidir leis.



Agus annsin, iarrtar ar gach buidhean eile san
Arm a leithéid eile de ghníomh a dhéanamh, agus ar
an mbealach sin, an namhaid istigh atá ag iarraidh
an Poblacht agus ughdarás agus saoirse na tire
a bhriseadh, a cur faoi chois.



Tá an méid sin cainnte sáthach soiléir gan aon
bhréag. Tá sé chomh maith againn dhul isteach da
sgéal leó.



CEART AN AIRM.



Ar an gcéad cur síos sé an rud atá ráidhte
aca acht go bhfuil an tArm ós cionn na Stáite
(ós cionn na Poblachta féin má's maith libh), ós
cionn an phobuil, ós cionn baramhla an phobuil
ar aon chúrsa poilitigheachta. Agus níl de thoradh
ar an mbaramhail sin acht bhfuil sé ceadmhach ag
an bpobul ríaltas ar bith bhéadh buanuighthe sa tír
a athrú gan cead ón arm. Cuirim i gcás go
mbéadh gach aon saighdiúr Gallda ruaighthe as an
tír le láimh láidir, de réir baramhla na daione
chuir ainm leis an bhfógra seo, ní bhéadh sé de chead
ag muinntir na hÉireann rioghacht chur ar bun sa
tír i n-áit Poblachta. I n-aon fhocal amháin, séard
deir siad acht gur mó an tArm ná an Pobul.
Glactar leis an tuairim sin nó ná glactar, sí
tuairim cuid mhaith de lucht mhileata na hEórpa í;
má glcatar leis an tuairim sin is ionann é 's a
rádh go bhfuil democracht marbh, nach féidir aon
ríaltas bheith i n-aon tír acht Ríaltas Tíoránach a
mbéadh a sheasamh ar neart an Airm. Agus má
tá sé de cheart ag arm a thoil chur i bhféidhm ar
an bpobul maidir le cúrsaí athruighthe ríaltais,
tá an ceart céadna ag arm censoracht a dhéanamh
ar aon dlighe cheapfaidhe. Más ríaltas mileata
atá i ndán dúinn i nÉirinn, bíodh fhios againn é;
aon duine go mb'é a bharamhail go mb'é sin an
deireadh sé ós árd é go mbeidh fhios againn uile
go léir cá bhfuilimid.



UGHDARAS.



Acht dear na fir chródha chuir ainm leis an
ngairmsgoile seo, gur thréig na fir atá i
gceannus na Poblachta, an Poblacht go raibh orra
a chogaint. Bhfuil an fhírinne annsin? Bhfuil
cuid de'n fhírinne ann, agus má tá cé mhéad?



Breathnuightear isteach i n-ar thárla ó cuireadh
deire leis an gcogadh. Rinneadh sos cogaidh le
réidhteach dhéanamh dá mba go mbéadh réidhteach le
fágháil ar aon bealach ceapadh toisgireacht le
dul anonn go Sasana leis an gcúis a phlé le
uactarán Shasana. Chuadhadar ann. Pléidheadh
an chúis, agus nuair thugadar Connradh Síothchána
abhaile leó, le duadh agus doicheall, d'aontuigh
Dáil Éireann (frighid agus préamh gach ughdaráis
dlisteannaigh sa tír seo, leis an gConnradh sin.
Anois fiafruighim de na fir chuir ainm leis an
ngairmsgoile seo an admhuigheann siad aon
ughdarás; an admhuigheann siad go bhfuil sé de
cheart dléaghach ag an Dáil glacadh le Connradh,
nó mara bhfuil, cé'n comhacht atá ag an Dáil
maidir le gnóthaibh eachtrannacha? Tá fhios agam
go rí mhaith nach bhfuil sé de chead ag daoine
toghadh le obair áithrid dhéanamh, bacadh le aon
obair eile taobh amuigh dhe sin; agus admhuighim,
ní headh acht fógruighim nach bhfuil sé de cheart
ag Páirliméid an Pháirliméid sin chur ar neamhní
gan ughdarás cinnte deimhneach na daoine thoghaigh
iad; acht tá sé de chead agus de cheart aca é
sin a mholadh do'n phobuil. Agus sin é díreach
an rud a rinne ag Dáil nuair do ghlacadar leis
an gConnradh i ndiaidh na Nodlac. Ba chóir go
mbéadh a fhios ag na soighdiúirí chuir ainm leis an
ngairmsgoile seo atá i gceist agam go bhfuil an
Poblacht ann fós, agus an Dáil, Páirliméid na
Poblachta sin, agus Ceannairí an Airm, agus gan
d'ughdarás aca acht an t-aon ughdarás amháin, an
t-ughdarás atá aca ó'n bPoblacht tríd an Dáil;
agus ba chóir go mbéadh fhios aca freisin nach
bhfuil ceart ná dlighe ann mara bhfuil sé de chead
ag duine de lucht na Dála sin , nó de na Ceann-
airibh sin aon nidh is mian leis a mholadh do'n tír
dá mb'é briseadh na Poblachta féin é, agus nach
bhfuil peaca ná cóir i n-aghaidh na Stáite ann go
dtí go n-abrochaidh an pobul de ghlór so-thuigthe
marbh é toil an phobuil a leithéid a dhéanamh.
Agus táthar le toil an phobuil d'fhágháil. Go dtí
go mbéadh fhios ag na fir chuir ainm leis an
ngairmsgoile seo toil an phobuil sílfidhe go mba
fheárr dhóibh foighid bheith aca, shílfidhe go bhfanfaidís
leis an Árdfheis féin.



FEALLTOIRI.



Sa ngairmscoile seo deirtear nach mbéadh de
chomhacht ag ríaltas cuirfí ar bun i nÉirinn faoi'n
gConnradh acht comhacht tíoránach agus fealltóirí;
na Teactaí Dála atá i mbun an Rialtais
Shealadaigh. Acht nach ait an rud é, más tíoránaigh
agus fealltóirí iad, go ndéanfadh Eamon de
Bhaléara agus a cháirde cáirdeas leó ag an Árd
Fheis, go ndéanfaidís socrú leó. Innis dom do
chomhluadar agus innseóchaidh mé dhuit cé thú féin:
má's tíoránaigh agus fealltóirí an dream fear
atá imbun an Ríaltais Shealadaigh, agus atá ag
moladh do'n tír glacadh leis an gConnradh le
Sasana, tugadh lucht síghneála na gairmsgoile seo
ainm ar na daoine rinne caidreamh agus cáirdeas
leó. Thar éis an réidhteach agus an socrú rinneadh
ag an Árdfheis, an mian leó fós acrann chur
ar siubhal san Arm agus é sgoilt n-a dhá leith, ar
bhealach nach mbeidh i n-aon leath aca gníomh éifeach-
tach dhéanamh ar leas na tíre. Cuimhnidís nach
bhfuil an tArm Gallda imthighthe as an tír go fóil,
agus ós saighdiúirí iad, is eól dóibh gur easga
daingean a choinneál ná daingean a ghábháil. Ná
sgoiltear Arm na hÉireann ar aon leithsgéal.



MEXICO DEANAMH D'EIRINN.



Tá dhá nidh agus ní mór dhúinn ár n-aigne bheith
socair orra san am atá le teacht i nÉirinn. An
chéad nidh, gur searbhóghanta do'n phobul (nó
do'n Stáit más feárr leat) an tArm, agus nach
bhfuil aon cheart dlisteannach ag fear armtha
seachas aon fhear eile de'n phobul acht amháin mar
dhuine d'Arm ldeághthach go bhfuil a ughdarás ó'n
bpobul nó ó'n Stáit; agus an dara nidh, gur
gléas arm leis an stáit a chosaint ar an námhaid
eachtrannach agus le síothcháin a choinneál taobh
istigh de'n Stáit má bhíonn gábhadh leis. Tá
dlúthbhaint ag an dá nidh seo le chéile, agus má
leigtear d'Arm, i dtosach ár oasghail mar stáit,
dhul taobh amuigh de theórann ar aon bhealach aca,
is measa an chaoi bhéas ar an tír i ndeire na
sgríbe ná i dtosach báire. Agus má leigtear
d'aon chipe san Arm ughdarás lucht cheannais an
Airm a shéanadh, agus ughdarás nua, nach bhfuil a
sheasamh ar thoil an phobuil a chur suas, ba chóir
an cipe sin a smachtadh de réir dlighe an Airm.
Tá meas agus omós agus grádh na daoine ag
an Arm faoi láthair, de bhárr a bhfuil déanta ag
an Arm, acht bíodh fhios ag cách go bhfuil ceart
ag an bpobul agus ag an duine is lugha ar an
bpobul nach bhféadfadh aon neart dá mhéid bhaint
dhe. Dá leigtí leis na fir chuir ainm leis an
ngairmsgoile seo ó Thiobraid Árann Theas, nó
le aon dream sa Arm cheapfadh dhul thar
ughdarás na Stáite, bhéadh an bhail chéadna ar
Éirinn gan aon achar, is bhí ar an bPoláinn san
18adh aois nó — Mexico nuadh bhéadh againn annseo
i nÉirinn. Seachnuightear an mileatachas.



CEANN CAIT.


L. 6


Cabhruighidh le Ciste an Chonnartha.



CISTE AN CHONNARTHA.



Do Mhuinntear Na hEireann:



Do reir coingheallacha an Chonnartha do sighnigheadh i
Lonndain ar an 6adh la de Mhi na Nodlag so caithe, idir Teachtai
lan-chomhachtacha o n-ar Naisiun-na ar thaobh agus muintir Shasana
ar an dtaobh eile, deunfar Togha Genearalta sara fada chun
Pairlimint Shaorstait na hEireann do chur ar bun, agus chun
Rialtas do cheapadh bheidh freagarthach don Phairlimint sin.



An Pairlimint Naisiunta ata le bunu mar sin, is i an cheud
Pairlimint Ghaedhlach i ar feadh seacht gceud blian, go mbeidh
smacht iomlan gan cur isteach aice ar chursai beatha an Naisiuin.
Is uirthi bheidh curam gach sort oibre bhaineas le oideachas agus
le leas an naisiuin, obair a chuirfidh i gcumas na hEireann gluaiseacht
chun cinn i dtreo na saoirse agus a bhainfidh amach d'ar dtir aris
a hait cheart agus a staid cheart i measg naisiuin an domhain.



D'fhonn is go mbeidh caoi ag gach bhotalai sa duthaigh ar a
thuairim i dtaobh an Chonnartha do thabhairt uaidh raghaidh daoine
ata ar son an tSaorstait suas ins gach aon Dail-cheanntar. Beidh
udaras ag sna daoine seo uainne.



Chun costaisi Toghaidh na daoine seo do dhiol beidh gadh le
moran airgid. Ni dhiofaidh Dail Eireann na an Rialtas Sealadach
a gcostaisi Caithfear iad do dhiol le sintius airgid on
muintir ata i bhfabhar an Chonnartha.



DA BHRI SIN TA CISTE NAISIUNTA
OSGAILTE, AR A DTUGTAR "CISTE
AN CHONNARTHA," CHUN COSTAISI
NA NDAOINE A THROIDFIDH AN
TOGHA AR SON AN TSAORSTAIT
DO DHIOL.



Glaodhtar ort mar dhualgas naisiunta sintius fial
do thabhairt laithreach do CHISTE AN CHON-
NARTHA.



Ta seans agat anois ar "an rud ata muintir na hEireann do lorg
le sinnsearacht — Saorstat Eireann d'aith-bhreith — agus lan an leanbh
do thachtadh sa chiabhan," do thabhairt chun cinn. Deunfar san
ach feuchaint chuige gurb iad na daoine cearta a toghfar do Phairli-
mint an tSaorstait, na daoine sin go bhfuil geallta aca an tir do
thabhairt chun siochana, chun sonais agus chun saoirse o ionnsaighe
an eachtrannaigh, nithe gur throid ar sinnsir go calma ar a son tri
sna blianta fada dorcha de reim an tSasanaigh in Eirinn.



ART O GRIOBHTHA,
Uachtaran Dail Eireann.



MICHEAL O COILEAIN,
Cathaoirleach an Rialtas Sealadaigh.



Tabhair do shintius dot bhanncaer indiu, no cuir
ag triall direach e ar —



LIAM T. MAC COSGAIR, T.D.,
SEOIRSE NESBIT,
PARTHOLAN O CONNCHUBHAIR,
Urrai Naisiunta, Ciste an Chonnartha,
3 agus 4 Sraid an Colaiste, Ath Cliath.



Bannceiri: Bannc na Mumhan agus Laighean,
Teoranta, Ath Cliath.


L. 8


NAOMH BRIGHIDH.



I dtosach mhi Feabhra, ní míste dhúinn cuimhneamh
ar Naomh Brighid, nó ar Mhuire na nGaedheal,
mar a tugtár uirrí, uaireannta. Do rugadh í,
tímpal aimsir Naomh Pádraig i bhFothart i
gconntae lughmhaidhe. Dubhthach a b'ainm dá hathair.
Bhí sí an-chráibhtheach i gcomhnaidhe agus bhí grádh
mór aice do Dhia, agus dosna ainmhidhith beaga a
chrutaigh dé, agus is mó sgeul a innstear mar-
gheall ar an truagh bhíodh aici d'aon rud beó a
bhí in gábhtar.



Deineadh bean siaghalta dí, agus thóg sí clochar
i gCill Dára agus chuaidh sí chun comhnaidhthe ann
leis na mnáibh riaghalta a bhí fé na chúram.
Deirtear gur thaisteal sí Éire ar fad mór 'mó
ná aon uair amháin, agus níl áit dá ndeighaidh sí
nárbh sheairrde an áit sin í dhul ann.



Le dheirc do fuair sí bás, ar an gcéad lá de
mhí Feabhra tar éis Comaoine do ghlacadh ó shagart
a bhí ceapaighthe aici i bhfad roimhe — Sagart darbh
ainm Niunidh. Tá sé de ghnás ag a lán daoine in
Éirinn, cros beag luachra a dhéanamh Oidhche Fheile
Brighdhe, agus í do dhoiméad go ceann bliadhna.
Níl áit sa domhain go bhfuil Gaedheal ann, nach
mbionn onóir á thabhairt do Naomh Brighid, agus
ní dotha go raibh Naomh ar bith in-Éirinn ba thráibh-
thige nó dob aoirde cáil ná í.



DONN PIATT,
3 Sr an Chláir, Ath Cliath.


L. 10


Ceachtanna Gaedhilge.



CEACHT A 20.



MEÁDHCHANTAÍ. WEIGHTS.



ANNSA. ounce.
PÚNT. pound wt.
CLOCH. stone wt.
CÉAD. hundred wt.
TONA. ton.



Bhí dhá mhála práta sa mbaile mór ag Seán
ó Briain de Satharainn. Mheádhaigh sé iad agus
bhí fiche cloch an mála ionta. Dhíol sé le fear
siopa iad ar scilling an chloch. Nuair a bhí sé
chum teacht a bhaile bhuail sé isteach sa siopa.
D'iarr sé púnt té agus leath chloch siúicre,
cheithre clocha plúir agus dhá annsa tobac ar
fhear an tsiopa. Fuair sé iad. Bhí coróinn ar
an bpúnt té; daol an púnt ar an siúichre, trí
scillinge an chloch ar an bplúr agus naoi bpingne
an t-annso ar an tobac.



"'Dé mhéid atá agat orm?" arsa Seán.
"Ceathair fichead," arsa fear an tsiopa;
"fágann sin sé déag agam le tabhairt duit."
"Comhaireamh arís," arsa Seán.
"Seo, má seadh, sin ocht déag agat," arsa
fear an tsiopa. "An bhfuil tú sásta?"
"Tá sin ceart. Go méidighe Dia thú," arsa
Seán.



CEISTEANNA.



Cá raibh Seán ó Briain de Sathrainn? Cad a
bhí aige ann. Cad a dhein sé leo? Cad a fuair
sé orra? Cad a cheannaig sé? Cad a bhí ar té,
an siúichre, &rl? An raibh fear an tsiopa
macánta leis. An raibh fios a ghnó ag Seán?



GLUAIS.



MHÉADHAIGH SÉ. he weighed.
SCILLING AN CHLOCH. a shilling a stone.
'DÉ MHÉID ATÁ AGAT ORM?
what do I owe you?
CEATHAIR FICHEAD. twenty-four shillings.
FÁGANN. leaves.
SÉ DÉAG. sixteen shillings.
COMHAIREAMH. count.
GO MEIDIGHE DIA TÚ.
may God increase your store.



SEÁN STÓCACH.



Ní raibh aoinne ag caint. Acht ní ró-shásta a
bhí Seán le duine aca súd a bheith 'na luighe ar a
leaba agus é cortha traochta agus sáruighthe tar
éis an lae. Mar sin féin choimeád sé a bhéal
dúnta. Nuair ná rabhdar sin ag caint ní raibh
seisin chum caint a chur orra. Acht ní ró-fhada
sheasaig an suaimhneas. D'éirigh achrann idir an
triúr diabhal. Bhí an scéal an-the eatorra.
Chromadar ag bualadh agus ag smalcadh a chéile
ar a ndícheal beo agus beathadh. Rith sé le Seán
bocht gurbh' leamh an bhraith dho a bheith ag coinne
le suaimhneas na h-oidhche agus an obair úd ar
siubhal. Bhí buidéal uisce coisricthe 'na phóca
aige agus chuimhigh sé air. Thárla gur istig i
dteampal a chodail sé an oidhche roimhe sin, agus
nuair a bhí an buidéal fiona a bhí aige folamh líon
sé le h-uisce coisricthe é. Tharraing sé an
buidéal chuige agus bhain sé an corc as. Rug
sé ar chodhail an bhuidéil agus d'éirigh sé 'na
sheasamh. D'iompuigh sé orra. Ní raibh braon
de'n uisce coisricthe nár chaith sé leo. Stadadar
de'n troid-díreach mar a dhéarfá leo é, agus
chuadar d'aithchuingní na trócaire air.



NÓTAÍ.



FÁRUIGHTHE. — Buailte amach. Buaidhte air
"Ní shárochaidh an saoghal an sean-fhocal."
A CHUR ORRA. — Caint a bhaint asta. Tá "neart"
ag gabhail le "cur ar." "Chuir an doctúir
an buidéal air" .i. chaith sé an rud a bhí sa
mbuidéal d'ól don dochthúir.



AN-TT. — An-gharbh. Bhíodar ar buile chum a
chéile.
RITH SE … — Shíl Seán. Mheas sé.
LEAMH AN BHRAITH. — Gur bheag an chaoi; gur bheag
an mhaith.
UISCE COISRICTHE. — Uisce beannuighthe.
AN BUIDÉAL CHUIGE. — Fuair sé an buidéal.
Lámhaigh sé é.
COBHAIL. — An chuid is romhaire de'n mbuidéal.
DÍREACH … LEO. — Chómh mear agus dá mbadh
órdú stad a tugadh doibh.



MÁIRÍN DE BARRA.



VIII.



Is bean a' leana, bean a' leana, bean a' leana
'sí chráidh me,
Luighead a pota is giorracht a cáirde,
Bráca mór bata i ndorus tighe an tabhairne
Is ní bhfuiginn-se gabhail tharais dá mbeadh fhios
mo bhás air.



NÓTAÍ.



POTA. — An pionta na gloine.
GIORRACHT A CÁIRDE. — Deithneas leis an
airgead.
BRÁCA. — Comhartha tighe tabhairne mar a bhíonn
ag bearrbóir.
AISTÍ: — Scéilín. Comhrádh. "Tá breac san
abhainn nár gabhadh fós."


L. 21


AN FAW-ON-YEH.



Bhí Béarlóir istigh i measg ceathrair Fáinneach,
agus níor bhriseadar geall an Fháinne. Bhí mo
Bhéarlóir bocht ag éirghe beagán gruamdha.
Chuaidh Gaedhal ón Astraoile thar ar an gcúigear.
D'fhéach sé ar an mBéarlóir. "Hard lines," ar
seisean — i gcanúnachas an Bhush — yev got the
faw on yeh."



On Athair Pádraig E. Mac Fhinn,
Coláiste na nGaedheal,
Via Mazzarino H.,
Roma 3.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services