Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dante agus an Gaedhil, Filíocht, Ceachtanna

Title
Dante agus an Gaedhil, Filíocht, Ceachtanna
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1922
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dante agus an Gaedhil



FOCAILIN TOSAIGH



Is é Dante Alighieri an file Catolica is mó brí
agus is aoirde cáil. Is duine de phriomh-fhilí an
domhain mhóir é. Do b'éachtach a shaol intleach-
tach, do b'éachtach a shaol coitiannta leis. Bhí
cosúileacht idir a mheon agus meon éigeas
nGaelach a bhí 'na mbeathaí le n-a linn. Bu
dhóigh le duine go mbeadh tora a shaothair ar
eolus againn ar fud na hEireann: "La Vita
Nuova," "La Divina Commedia," agus a chuid
canzoni ar fáil i nglan-Ghaedhilg: Vergilius agus
Béatrícé ar ár gcáirde meanman: Parrthas an
Tlachta chó geal linn agus atá Tír na nOg. Ní
mar sin atá an sgeul, fairíor; níl ach fír-bheagán
litríochta dantesca sa nGaedhilg fós. Béidir, dá
bhrí sin, go mbainfí feidhm as an alt so leanas,
dá shímplí é. Dréacht réimh-sheolach is eâ é
cinnte, nú, mar adéarfá, díonbhrollach. Is cuma
san, má cuirfear foghluimtí ag machnamh agus
ag bailiu éigse dhóibh féin as leabhra an Alighieri
(is fada mé ag deunamh amhla, agus saolim nach
bhuilim ach ag tosnú fós). Seachas na smaointe
agus an fhilíocht ionta féin do-gheobhaid a lán a
rachaidh i dtairbhe dhóibh i gcúrsaí na Gaedhilge.



Tá an seiseadh centenario de bhás an Alighieri
buailte linn anois, agus táthar ag trácht ar a
shaol agus ar a shaothar ó cheann ceann na
hEorpa. Bu chaillte an mhaise dhúinne faillí
do thabhairt ar an centenario sin — agus ar bhun-
tsaothar an árd-chumadóra.



"Onorate l'altissimo poeta!"



Deire Fómhair, 1921.



I.



Airíthear cosúileacht idir an Ghaeltacht mar atá
sí indiu agus stáid an tsluaigh san Iodáil ar
eirghe do'n Alighieri. Airíthear an chosúileacht i
gcás neithe an ghná-shaeil agus i gcás neithe na
hintinne chó maith ceudna. San Iodáil an t-am
san bhí árd-spéis ag lucht léighinn sa Laidin agus
i litríocht Laidne. Níorbh aon iongna é sar-
mheas a bhe' aca ar ar ríomh Vergilius, etc., ach
bhí cuid eile dhíobh feallsamhandha, dar leo féin, an-
bhriathrach 'na modh liteardha a's 'na modh
ráite, agus sean-bhlas aca ar an tsímplíocht.
Níor lugha ortha púróga na sráide 'ná canúint na
ndaoine — iol-chanúintí bu cheart dom a rá, óir
do bhí an-difríocht idir caint Thuscana, caint
Lombardia, agus mar-sin dóibh. An teanga a
bhíodh 'á labhairt ag na daoine ba mhór an dealú
idir í féin agus an Laidean as a dtainig sí, ach
ba húr agus ba bhríomhar í do ghná, cuid dí
símplí go leor, cuid eile dhí fódúil garbh. Ní
raibh sí gan cinéil éigse. Amhráin grá agus
amhráin diaga ba mhó a cleachtuíthí inte. Ba
gheal leis na daoine amhráin ó Phrionnsíos naofa
(d'Assissi) agus ó Jacopone da Todi go háirithe.
Is breá mar fhoillsíann cúrsaí Jacopone saol
intleachta na tuaithe, nuair bhí Dante 'na óige;
cuirid i gcuimhne dhúinn sean-laethe sa nGael-
tacht leis:



Bhí filí feallsamhandha ann san am ceudna —
filí a sgríobhadh san Iodáilis — ach do b'fhillte
áibhéiseach a saothar súd go minic. Do réir a
láin ni raibh an Iodáilis 'na sás fír-liteardha i
n-aon chrích. Na daoine ag a mbíodh sí dá
labhairt, mar ghná-teangain, do bhíodar gan
mór-léigheann na sean, agus gan nua-léigheann
ach chó beag. Gideadh, do bhí beul-oideas aca
go flúirseach, agus ba lán-bheo a meanma do
ghná. Nach liacht a leithéid súd sa nGaeltacht?



D'eirigh Dante. Bhí sean-éigse ar feabhus
aige. Bhí sé oilte ar fheallsamhnacht na meadhon-
aoíseann (saoíacht na bhfear sgolardha); bhí sé
doimhin ar fhilíocht Phrouvènce (Provence) 'na
raibh ranntacht go mór i réim ó'n dara haois
deug. Do b'fheasach dó an ceol agus an chaoin-
bhrí a bhí i dteangain an tsluaigh-seachas an
naïveté agus an gharbhacht. Nuair a chrom sé
ar sgríobhadh inte sin bhí tús le mór-litríocht na
hIodáile i ndáríribh. Is il-ghnéitheach an Iodáilis
'na dheuantúsaí is clumhla: ins an "Vita Nuova"
(atá i bprósa agus i bhfilíocht), ins an "Can-
zoniere," agus ins an "Divina Commedia." Il-
ghnéitheach go dearbhtha: úr, ceolmhar, deâ-
chasta, mórdha, sollamhanta, símplí: 'seâ, agus
beagán lom, luardha ar uairibh. Tá teanga na
ndaoine i n-árd-réim ó laethe Dante anuas.



II.



Dála Dante féin do bhi sé idir dá chomhairle
ar dtús (ar uairibh pé sgeul é) i dtaoibh litríochta
'na theangain dúchais, dá bhreaghacht í, dá
dhílse é féin. Tuigtear ó chuid dá ráite san
"Vita Nuova" é a bhe' tamall ar an mbarúil gur
chuibhe go leor do na filí amhráin grá' do cheapa
san Iodáilis, ach gan dul níos fuide san
gcumadóireacht inte. D'admhuigh sé níba
dhéannaí go mbu cheartí cur i n-oiriúin do rann-
tacht um laochas agus suailce. San Laidin a
chrom sé ar ríomhadh na "Divina Commedia"
de'n cheud uair. D'eirigh sé as an iarracht san.
Mhol sé an Iodáilis san "Convivio": tráchtas ar
il-chéill a dhréachta grá' a's feallsamhnachta.
Mhol sé go mór í, mar shás litríochta i dtráchtas
eile, ach as Laidin a bhí an tráchtás féin: "De
Vulgari Eloquentia." Do chuir sé síos ar iol-
chanúintí na tíre ann. Ní raibh se sásta ar fad
le haon cheann aca, i gcóir an sáis litríochta a
bhí uaidh. An chaint bhreá a bhi ionta go léir
i gcoitchinn bu cheart do na húdaraibh glacadh
léi (aduairt sé) ach a rogha féin do dheunamh ar
a lán slíthe: focla deasa fileata do thogha,' focla
suaracha do sheachaint; agus mar sin de. Do
chuir sé síos go clian ar an gceist ar fad, agus
ar rialacha fillte méadarachta chó maith ceudna.
Bhí sé chó doimhin ar rialacha an tráth san agus
do bhíodh lught éigse na hEireann (agus lucht
chanzone (óid nú duan) an sás filíochta a b'aoirde.
Thárla sé ar athrú intinne le himeacht aimsire:
um rialacha, um an chanzone, agus, ar slí, um
an árdteangain liteardha, an "volgare illustre"
— teanga Thuscana is mó airíthear 'na ranntacht
féin. Oll-tora a smaointe agus a shaothair is eâ
"La Divina Commedia." Is Renaissance inte
féin í.



III.



Is cínnte nár shaoil Dante (mar shaoileann
Gaedhil áirithe) gurab ionann "caint na ndaoine"
d'aithsgrí' agus litríocht do chumadh. Bu
leamh leis a leithéid do bharúil. Sgríobh sé i
dteangain a dhúchais do chionn gur gheal leis í
(a furmhór pé sgeul é) agus gur léir dó a brí agus
a beodhacht; ach is é an rud is mó a bhíodh ar
a aire a stuaim agus a smaointe féin do chur i
gcéill. Ba smaointeoir, do b'fheallsamh, do
b'fhear poilitíochta é; do b'fhile é tar gach nidh;
agus do réir mar shaothruigh sé a mheanma, mar
nochtuigh sé a smaointe, mar ríomh sé a oll-
ranntacht, chuir sé crut ar chaint na nIodálleach
nach raibh uirthe riamh roimhe sin. Is fánach
an duine, seachas staruí teangan, atá doimhin ar an
gcaint úd fé mar bhí sí san litríocht roimh eirghe
do'n Alighieri — 'sé sin, ina na hamhráin gra' agus
ins na dánta diaga. Ar an taobh eile de'n sgeul,
is gnaoi leis na mílte an teanga mar a ta sí ag rí-
chumadóir na "Commedia." Do thaisbeán
Dante go soiléir gur sás mór litríochta gurb eâ
an Iodáilis. Bhí deire le haon-réimeas na Laidne.
Bhí úr-chuacht dá foillsiú i ndomhan na héigse.
Bhí tús leis an aois fhreacnaircí gan fhios ag na
saoithe.



Ní heol dom rí-údar eile ag a raibh an oiread
taithí ar chaint a's chanúintí na ndaoine agus
do bhí ag Dante. Is cian uatha é i ngach aon
tslí eile. Eolus agus eagna, stair agus satíra,
feallsamhnacht agus fiosacht is mo ríomhtar 'na
árd-dréachta. Airíthear caint na ndaoine agus
ciall na suadh ionta; airíthear teachtaireacht
ó riacht i bhfad tar ionad na suadh féin trátha.



IV.



Tháinig Dante ar an saol i gcathair Firenze
i mbliain a 1265. Is iontach mar chumasghthar
"la realtá" (sa ghná-chéill) agus l'idealismo 'na
sgeul ó thosach, nach mór. I mbliain 1274 do
leag sé súil ar Bhéatricé de'n cheud uair — bhi sise
aon bhliain níba óige 'ná é féin — do réir na "Vita
Nuova." I gcaitheamh féile i dtigh a hathar
(Folca Portinari) 'seâ do chasadar ar a chéile, do
réir Boccaccio. Is feasach do'n domhan sgeul
an ghrá' mhóir oidheamaí a thug Dante do
Bhéatricé go foircheann a bheathadh. Is cuma
pé aca fíor nú nach fíor é; níl ann ach an dá mar
a chéile dhúinn Béatrícé a bhe' daonna nú
ídéalach; i ndomhan na meanman agus na
filíochta is ró-dhaonna glórmhar fíor-bhuan í.
Béatrícé ba mhó fé ndeara do'n Alighieri eirghe
'na fhile — nach fileata an tuairisg í! Cuirtar síos
ar an sgeul ar modha éagsúla — go símplí agus go
saoileach, go leanbhuíoch agus go críonna, go
brónach agus go bródach, fa seach — ins an "Vita
Nuova"; tráchtadh thar grá agus briongóidí agus
eachtraí spioradálta a óige 's a ógáin. Ar slí tá sé
cosúil le leabhrán cráifeachta, "un libretto di
devozione," mar adeir Benedetto Croce; ach ta
cuid de "artificiale," cuid de fáithchiallach
doiléir. Duairt an t-údar sa deire go raibh sé
ag brath air go sgríobhfadh sé lá éigin um an
"benedetta Beatrice" rud nár sgríobhadh um aon
mhnaoi riamh, agus blianta 'na dhéi sin do chuir
sé bun ar a fhocal ins an "Divina Commedia."



Do fuair sé neart oideachais, cuid de i


L. 11


n-ollsgoil Bhologna, ball 'na gcleactuíthí filíocht
fheallsamhandha an uair sin. Duine dá oidí,
Brunetto Latini, do chum sé fís éigseach fhileata,
"Il Tesoretto." Gí gurab é Ifreann a ionad
síorrúi (dar le Dante) — i ngeall ar pheacadh
áirithe — ba mhór ag a chéile iad, agus tá tuairisg a
n-agallmha ar na codacha is fearr (agus is caoine)
dá bhuil san "Inferno."



Sa tsaol do mhúinis dom ó'n uair go chéile.



Mar éiríann duine seala 'na dhuine síorruí
adeir Dante le Ser Brunetto. Gidheadh, is
trom a bhí an saol ar Alighieri, dá dhéine é
a smaoineadh ar an tsíorruíocht, agus tá a rian
ar a chuid éigse is aoirde. Do bhí sé 'na shaigh-
diúir, tráth, agus coga ar siubhal idir Guelfi agus
Ghibellini; cuireadh an tír ó rath aca súd agus a
leithéidí le náa linn; do-nithear an tagairt dóibh
'na ranntacht. Ba gheal leis riamh an tsaoirse
agus an tsíocháin; na repubblica féin (Firenze)
agus san "Italia" ar fad. Fairíor, ba mhinic do'n
Iodáil a bhe' créachtach céasta i náionad a bhe'
'na "donna di provincie" — bantighearna na
gcúigí, banflaith a mbeadh na críocha geala
grianda aici (mar duairt sé san "gCommedia").
Mar sin féin do ghlac na hIodáilí leis an teideal
úd go háthasach. Donna di provincie! Ba
ghnaoi leo aois ar aois, agus is gnaoi leo fós, an
tainm agus an pioctúir; a ndúchas i gcosúileacht
sár-mhná.



Pósadh Béatrícé le Simone de Bardi, agus
d'eug sí 'na mnaoi óig (1290). Do cheap a
cháirde gaoil go raibh Dante féin i riochtaibh dul
i n-eug agus a raibh de chumha air i ndiaidh "la
gloriosa donna," agus ba mhinic dóibh ag tafann
air pósadh. I mbliain a 1291 do phós sé Gemma
Donati, ach do lean sé do shíor de'n ghrá oidhea-
mach do Bhéatrícé, "l'anima della sua anima"
(anam a anma). Sin mar innistear an sgeul ar
fad, agus is geal le meanmain agus le spiorad a
chreidiúint: i ndomhan na filíochta is fiór é ó
thús deire.



Bhí baint ag Dante le gnó puiblí a chathrach-
repubblica féin; ar feâ tamaill (1300) bhí sé ar
dhuine de na priori nú magistrati supremi. Do
rinne sé a chuid gnótha do díl díochrach, agus
b'shin é a chuir an chinneamhain chuige. Bhítí
n-achrann i n-a chéile go millteach i bhFirenze
leis na blianta, agus, do bhárr a chóra 's a
dhílse agus é 'na mhagistrato tugadh fogha faoi
an bhfile go fíochmhar chó luath agus do fuair
dream eile an lámh uachtar (is fillte an sgeul é).
Daóradh chun a dhíbirte é. Bhí sé ar fán ó
Fhirenze feâ fiche blian — go huair a bháis. Do-
níthear dian-tagairt do bhrón na hIodáile —



Ahi serva Italia, di dolore ostelle —
gan trácht ar an méid ba thinne dhó féin, 'na
rí-dheuntús. An "selva oscura," an choill
diamhar doi-eoluis ar a dtráchtár i dtosach an
"Inferno" ('sé sin, an cheud chuid de'n "Divina
Commedia") deirtear go gcialluíann sí (seachas
neithe eile) stáid Fhirenze, agus stáid na
hIodáile i gcoithchinn, an tan do bhí Dante ar a
dhícheall 'na mhagistrato supremo, agus an saol
go dúr dulbhar ar gach taobh de.



V.



'Seâ, ba dhian-chruaidh a lán dá shaol, agus
d'fhoillsigh sé an cruadhtán tríd a rí-dheuntús.
Ach is ann atá suaitheantas ábhair seachas an
cruadhtán. Tá a shaol rúnda ann; a fhoghluim,
a dhiagacht, a fheallsamhnacht; tá fiadhantas,
uafás, iol-tsaoíacht na meadhon-aoiseann ann.
Gidheadh, is iontach an chó-réir agus an t-órdú
caladhantach do-gheibhthear ann do ghná. Airí-
thear aigne fileata i mbun an tsaothair uafásaí é.
Methuíthear áille sna doimhne doilbhthe féin ar
uairibh. Gréagach b'eá Dante ar bhealach (niba
ghaolmhaire d'Aristotelés 'na Phlatón, áfach).
Bhí sé doimhin ar "la simmetria" riamh. Insan
"Divina Commedia" tá suidheamh a's cearcuilí
an Inferno, an Phurgatorio, agus an Pharadiso
dá dtaisbeánt aige chó chruinn cúramach a's dá
mba shaothar céimseata a bheadh idirlámhaibh aige.
Taisbeántar an tInferno agus a naoi gcearcuili
mar phiramide (nú figura conica) ábhal-mhór, a
bheadh bun-os-cionn, i lár an tlachta; céimeanna
na bpeacach diadh ar ndiaidh ; na peannaidí ag
dul i ngéire céim ar chéim, do réir na gcionntaí,
síos go dtí Lucifero, san mball is doimhne agus
is uamhnaí dhíobh ar fad. Taisbeántar an
Purgatorio ar an dtaobh thall do'n domhan
("antipodo a Gerusalemme"), é mar sliabh atá
cosúil le holl phiramide dhírigh (nú figura conica),
pianta na spioraidí dá laighdiú go céimseach,
cearcuil ar chearcuil, nó go mbuailtear le Parr-
thas an Tlachta (il paradiso terrestre) ar bhárr
an tsléibhe. Ceapadh bunaidh, nua-cheapadh ar
fad, is eâ an Purgatorio dantesco. Sliabh a
leigheasann ó'n olc a mbíonn ag dréim air —



Lo monte, che salendo, altrui dismala —
is eâ an sliabh úd. Foillsíthear oll-chéimeanna an
Pharthais Neamhdha (il paradiso celeste), na
hórdurthe beannúithe, na hiontáí a bhíos dá
ndeunamh ann, céim ar chéim, tré cheol agus
tré sholus. Tá deich neamh sa bParadiso
dantesco; Neamh na gealaí, Neamh Mercurio.
Neamh Venere, Neamh na gréine, Neamh Marte,
Neamh Giove, Neamh Saturno, Neamh na Reult,
an Primo Mobile, agus an tEmpireo. Is é an
Primo Mobile an Neamh is mó gluaiseacht, agus
is é bun le ham a's athrú ar fud a bhuil
cruthuithe: laghduíann an ghluaiseacht diaidh ar
ndiaidh, neamh ar neamh, stáid ar stáid, síos go
dtí an talamh, an ball 's lugha gluaiseacht ar
fad. Is do-chorruíthe neamh, teoranta an
tEmpireo. Stáid áirithe Dé, stáid shíorruí na
Naomh is eá é. Timcheall na Brí Diaga tá naoi
n-uird na n-aingeal a choiméadann na neamha ar
gluaiseacht (ar slí dhiamhra fá leith), iad féin do-
chorruíthe. Ní gádh dhom tuille tráchta do
dheunamh ar na húird Neamhdha ná ar fheallsam-
hnacht 'na gluaiseachta anois. Is fillte an
tsaoíacht í. Níorbh é Dante do chead-cheap i.
Díreach mar a lucht có-aimseardha do lean sé do
theagasg dár fhoillsigh an Nua-Phlatónach a
thug "Dionusios Areopagita" air féin. B'é an
feallsamh Eireannach Johannes Scotus Eriugena
a chuir Laidean ar an mbun-Ghréigis, san
naomhadh haois; agus do ríomh sé a lán de'n
teagasg 'na mhór-agallaimh, "De Divisione
Naturae." Do-chuaidh sé i bhfeidhm go mór ar
aigne diagairí na hEorpa, agus do bhí sé lán-
bheo i n-aimsir an Alighieri, breis agus ceithre
ceud bliain 'na dhéi sin.



Dála na "Divina Commedia" níl ins an gcó-
réir a's léir-órdú ach tús an sgéil.


L. 17


Solas don Mac Leighinn



"RENASCENCE."



"AGALLAMH LE h-ÉIRINN."



Nach deas do shléibhte ag labhairt le chéile; nach
uasal árd;
Mar éadain lo thréin-fhear, os comhair a laochra
s' a dtuairim lán;
Nach feas dóibh a dtréithe, ag treabhadh gan faoth-
amh, gach uair de'n lá;
Go n-éagfaid le claon reacht, os comhair an
tsaoghail seo, nó buaidh go bráth.



Do ghleannta nach gléasta, le torthaí 's craobha
ag Maor na ngrás,
Mar ainnir nó spéirbhean; a folt 'na slaoda go
féar ag fás;
Do phlanndaí ar réidh chnuic ar lorg a méile le
tréin a lámh,
Is clann an mhéirlig i mbotha aolmhar' go méith
ard' scáth.



Do choillte nach radhairseamhail, fé bhilleog' is
géaga go dathamhail breágh,
Mar t-óglaig lán-fagharthamhail, fé óig' is éirim
go maiseamhail slán;
Go bhfuightear mo ghraidhinn chumha, óigfhear néata
laetheamhail tláth;
An choill seo, bhí radhairseamhail, ag gabhail na
gréine — bhí múchta tráth.



Do bhánta nach mín iad, fé fhás ró líonmhar a
shásochadh cách,
Mar óigbhean an chaoin chnis a chrádh-fadh mílte
le gáir an ghrádh;
Má's foláin an croidhe 'ci, órnáid í choidhche; is
breágh a bádh;
Acht tá ál id' chroidhe-se, an fás nach díon 'duit —
ál do bháis.



Do thoradh, ag borradh, 'na bharraí cromtha le
truime bláth,
Mar t'fheara, nach cortha, ag fair' a gcoda le
fuinneamh lámh,
Ag troid dóibh i gcogadh, ag baint na fola; a
ngunnaí lán:
Do thoradh, ní duit é, go mbainfear cleití as
mhurar Sheáin.



Do léir-chroth, is néata, is órdha maordha: do
mheallais cách;
Mar éigeas, ró-léigheannta, 'na róbaí gléasta ag
cleachta a chéard,
Fé léir-mheas 'gen (agan) saoghal-sa, ag ól do
tréithe le gean dod' cháil:
Do léir chroth, in éag di, do róbaí leigheannta fé
choinnealbhádh.
Do chuanta, nach cuasmhar do loingeas luaimneach.



Ní'l a mbárr le fáil,
Mar t'uaisle fé bhuaidhreamh, 'na mbotháin fuar
fluich cois na trágha
Ag cuardach a mbuanú fé ghéar chruadhtan i mbéal
an bháis.
Do chuanta, ba dhual dur, ní leat a ngluaiseacht
go dtoghfar Cáit.



Má éagfair, id' shléibhte beidh fuath dá chéile, beidh
claon 'na mbarr,
Do ghleannta, beid séanta, 'na n-uath 'na n-aonar
gan braon 'na lár.
Do choillte 'na bhféar glas, 'na gcuaillí traochta
go faon gan fás:
Do bhánta gan féar glas, na h-uain gan méile
gan béic gan glám.



Do thoradh, má éagfair caillfear na préamha,
tréigfidh an bhláth:
Do léir choth ba néata, iompochaidh taomnach,
beidh tréith liath bhán.
Do chuanta, beidh taosctha ní bheidh na mbéal úd
gainimh trága
Béidh scamall daol bhreac ar fuaid na h-Éirinn;
tréigfidh an lon dubh-bán.



Má's beo duit, do shléibhte, sroisfidh na spéartha
le méid do cháil,
Do óleannta, lá gréine, féachfaidh gach taobh
díobh mar aon órnáid.
Do choillte ba thréith seal, sáróchaidh an ghéag
díobh aon tréan-chrann árd
Do bhánta, le féar glas, ní bhéidh sa tsaoghal so
a leithéid d'fhás.



Do thoradh, a préamha, raghaidh i gcré ghlan, ní
baoghal don bhfás:
Do léir croth, béidh léir ghlan: raghaidh i néatacht:
an saoghal lei i ngrádh,
Id' chuanta beidh traoslú, árdochaidh an tréan
mhuir, beidh fuaim ar sáil,
T'eaglais id' chaomhna, cé hé is baoghal duit a
raelthan bháin.



CUNNTAS CINN LAE.



An t-Ochtmhadh Lá.



Lorg meacain i bhfuil muice is eadh lorg céard-
aidhe gan chleas.



["An Gobán Saor," an Dr. de Hindeberg



An Naomhadh Lá.



Casgaire Oileáin Mhig Aodha, 1642.



An náisiún a sgaras le n-a náisiúntacht, ná a
leigeas í bhaint dí gan bhuaidheachas, ná le cleas-
uidheacht, caillean sí sin a mbíonn aici … Bhí
sin le cur i núil do Éireann.



["Irisleabhar Príosúin."



An Deichmhadh Lá.



Tigir go fíor ag lúgh-táil
A gcoinne gach aon dá n-Gabhan Sráid,
Gloinne má thugair do dhuine gan díol
San m-bille beidh síos ar an ám-tráith.



[Aindrías Mach Craith



An t-Aonmhadh Lá Déag.



Is dóigh linn gurab oireamhnaighe do Gaedheal-
aibh Gaedhealg lá dhonacht ioná an Sacs-Bhéarla dá
fhéabhas.



[Padraig Mach Phiarais.



An Dara Lá Déag.



D'éag Art Mach Murchadha in Ros, 1117.



Is mairg gan doth do lóchrann andeis an tsaoghail,
Fanann 'na smól nó fós má phreabann ar bláeidhm
Ar nós an tsneachta i gcéin i bhféarannaibh teo,
Lasann uair óg nó dhó agus gabhann i n-éag.



["Omar Khayham" tórna d'aistrig é.



An Tríomhadh Lá Déag.



Oc! ochón! mo bhrón, mo mhilleadh,
Iomarca an óil as póga bruinneal,
Chuir mise leam laethibh gan fód gan foithin,
Fós gan iomad fuadair.



[Slán le Máigh.



An ceáthramhadh Lá Déag.



Ní h-é "cad é fé dtaobh de'n oidhche?" ach
"cad é fé dtaobh de'n mhaidin agus an lá thar
gcionn.



[Sean Fhocal.



GAEDHILGORÍ.



NUAIR A BHÉIDH SIBH I nGLASCU, TABHAIR
CUAIRT DO
SRÁID NA CORÓINE a 54
FEAR AN TIGHE: TOMAS MAC EULIOT


L. 27


Ceachtanna Gaedhilge



CEACHT A 11.



VERB. — PAST TENSE.



Bhuaileas
Bhuailis.
Bhuail sé, sí.
Bhuaileamair.
Bhuaileabhair.
Bhuaileadar.
Bhuaileas, I struck.



D'eirigheas.
D'eirighis.
D'eirigh sé, sí.
D'eirigheamair.
D'eirigheabhair.
D'eirigheadar.
D'eirigheas, I arose.



"Níor" not "ní" is the negative past particle.



Bhí ceathrar fear 'na seasamh ar an gcé De
Domhnaigh. Chuaidh triúr aca isteach i mbád.
Chuireadar anáirde an seol agus chuadar amach
ar an bhfarraige. Bíodar amuigh ar feadh trí
h-uaire an chluig. Nuair a thángadar isteach
bíodar fluich báidhte. Leagadar an seol agus
as leo abhaile. Bhaineadar díobh a gcuid éadaig
agus chuireadar orra éadach tirm. Annsin
théidheadar iad féin leis an teine. Nuair a
bhíodar té d'óladar cupán té. Tháinig an
ceathramhadh fear isteach agus iad ag itheadh. Bhí
sé ag briseadh a chroidhe ag magadh fútha.



CEISTEANNA.



An mo fear a bhí ar an gcé? Cathoin? Ar
chuad go léir isteach sa mbád? Ciaca bád seoil
nó bád rámha bhí aca? An raibh an lá tirm?
Cionnus a bhíodar tar éis casadh? An fada bhíodar
amuigh? An raibh ciall ag an ceáthramhadh fear?



GLUAIS.



CÉ. quay.
CHUAIDH. went.
SEOL. sail.
CHUIREADAR
ANÁIRDE
hoisted.
FARRAIGE. sea.
AMUIGH. out.
AR FEADH. during.
THÁNGADAR.
they came.
FLUICH BÁIDHTE.
drenched.
AG BRISEADH A CHROIDHE. breaking his heart.
LEAGADAR.
they lowered.
AS LEO. off they go.
BHAINEADAR DÍOBH.
they took off.
CUID ÉADAIG
clothes.
CUIREADAR ORRA.
they put on.
TIRM. dry.
THÉIDHEADAR.
they warmed.



AN t-ATHAIR MARTAN.



"'An Carann adeir tú, a athair,' ars an t-ain-
geal agus d'oscail sé an leabhar mhór. D'iontuigh
sé bileog, agus annsin chuir sé a órdóg na bhéal
chun í d'fhliuchadh, agus chum na bileoga a chur
tharais níos inire. Sa deire stad sé agus d'fhéach
sé go cruinn. 'A Athair Mhártain,' ar sé, 'is oth
liom a rádh leat ná fuil an oiread le h-aoinne
amháin ó Charann annso.'



"'Ó Dia le m'anam agus Críost,' arsa mise.
'Ní'l duine ón Charann annso. Ó, go bhféacha
Dia orainn. Agus ní fheadar cá mbeidís?'



"'Anois a Athair, ná bíodh aon charbhuaic ort.
Nuair ná fuilid annso caithfidh siad go léir a
bheith isna Flaithis. Dar ndóigh ná fuil fhios agat
ná fuigheadh muintir an Charainn a bheith in aon
áit eile.'



"'Uch mhuise, a Dhia Ghléigil na bhfeart nach
ósna Flaithis atáim ag teacht. Nach anois díreach
d'fágas na Flaithis.'



"'Ó … an eadh? … Bhís ann
… má's mar sin … agus an bhfeaca
tú aoinne aca?'



"'An drae duine. Ní'lid ann. Ó, a Íosa,
a Mhuire, is …



NOTAÍ.



BILEOG. Leathanach nó dhá leathanach.
CHUM NA BILEOGA A CHUR. Nuair a bhíonn
abairt bheag i ndiaidh "chum," &rl., mar seo,
ní bhíonn an ainm sa tuiseal geineamhnach.
CHUR THARAIS. Chur de siar. D'iompó.
GO CRUINN. Go géar.
IS OTH LIOM. Is truagh liom. Tá cathú orm.
NÍ FHEADAR. An mbeadh fhios ag aoinne?
CARBHUAIC. Aon cheist, aon trioblóid.
ISNA FLAITHIS. Ar neamh.
NÁ FUIGHEADH. Nach éigin do, nach féidir le.
AN DRAE DUINE. An riabhach duine, aon
samhail duine; aon duine ar aon chor.



SLIABH NA mBAN.



VI.



Tá an Franncach faobhrach is a loingeas gléasta
le cranna géara aca ar muir le seal.
'Sé a síor scéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn
Is go gcuirfid Gaedhil bhoicht arís i gceart;
Dá mbadh dhóigh liom féineach go mbadh bhfior an
scéal úd
Bheadh mo chroidhe chómh éadtrom le lon ar
sceach;
Go mbeadh claoidh ar mhéirlig is an adharc á séid-
eadh
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.



NÓTAÍ.



FRANNCACH. Is leis an bhFrainc a bhí a suil.
FAOBHRACH. Fonnmhar, tomanta.
LOINGEAS. Árthaighe ag longa cogadh; cabhlach.
GLÉASTA. I gcóir fé orm, &rl.
CRANNA GÉARA. Fé lán sheol; ag teacht go
mear.
CHÓMH ÉADTROM. Croidheamhail; árd inntin-
each, gan mhairg.
ADHARC Á SÉIDE. An barr-buadh; comharta
buadh.
AISTÍ: Scéilín. Comhrádh beirt: "Ithtear na
cruacha agus tagtar suas leis na
stáca."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services