Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceachtanna Gaedhilge

Title
Ceachtanna Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1921
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ceachtanna Gaedhilge



Ceacht A 7.



PREPOSITIONAL PRONOUNS.



From me; from you, etc. Under me; under
you, etc.



Tá deoch UAIM.
Beidh airgead UAIT.
Bhí leabhar UAIDH.
Cad tá UAITHE?
Tá dinnéar UAINN.
An bhfuil airgead
UAIBH?
Ní'l aon rud UATHA.



Bíonn sé ag magadh FÚM.
Tá dhá chois FÚT.
Tá sé ag cur FÉ.
Ní'l cois FÚITHE.
Tá Seán ag magadh FÚINN.
Ní'l sé ag magadh FÚIBH.
Beidh sé ag magadh FÚTHA.




Tá Seán agus Nóra annso anois. Tá ocras
orra. Bhíodar ar scoil. Tá té uatha. Tá prátaí
ag maimí acht ní'l té aici. Tá na prátaí ó Sheán
acht ní'l na prátaí ó Nóra. Tá Seán ag itheadh.
Tá Nóra ag gol. Tá Seán ag magadh fé Nóra.



CEISTEANNA.



Cé tá annso anois? An 'mó duine annso? Cad
tá orra? An bhfuil áthas; tart; pian, &rl. orra?
Cá rabhdar. Cad tá uatha? Cad tá ag Maimí?
An bhfuil na prátaí ó Nóra? Cad tá Nóra a
dhéanamh? Cad tá Seán a dhéanamh? 'Dé chúis.



GLUAIS.



DEOCH. drink.
AON RUD. anything.
AG MAGADH FÚM. making fun of me.
DHÁ CHOIS. two feet.
AG CUR FÉ. "putting under him," settling
down.
TÁ … UAIM. I want.
AG GOL crying.
MAIMÍ. mother.
NÍ'L COIS FÚITHE. there is not a foot under her.



AN t-ATHAIR MARTAN.



"'Ná bíodh aon charbhuaic ort,' arsa Naomh
Peadair. 'Ní gádh dhuit a bheith id' chrádh féin
mar sin. Ní tusa is cionntach leis na gnótha so.
Ná fuil fhios agat ná fuigheann aoinne a cheann a
chur isteach sa dorus sin go mbíonn sé glan ceart.
Caithfidh muintir an Charainn agus gach aon mhuin-
tir eile a gcúiteamh a dhéanamh le Dia fé mbeidh
cead aca teacht annso. Ná bíodh aon tre na
chéile ort. Creid uaim-se é go bhfuil siad súd go
léir i bPurgadóireacht.'



"'Is deacair é rádh a Pheadair dhil, acht ós
tusa atá á rádh, sin rud eile. Ní fheadar an
mbeadh aon chaoi agam dul chum iad a fheicsint.
Badh mhór an solás a dheanfadh sé dhom iad a fheic-
sint agus dóibh sin mise a fheicsint. An bhfuil aon
mhaith a bheith ag braith ar dul ann?



CARBHUAIC. Triolóid, buadhairt.
FUIGHEANN. Nach féidir le.
CÚITEAMH. Coimhlíonadh. Díol.
TRÉ NA CHÉILE. Mairg.
CHAOI. Cead.
SOLÁS. Compórd, aoibhneas, áthas.
BRÁITH. Ag súil le.
SIN RUD EILE. "Cuireann sin dath eile ar an
sceul."



SLIABH NA mBAN.
II.



Ní airighim Bhéarsa ó lon ná céirseach
Is ní fhásann féar is na coillte ceart;
Ní'l suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Acht í ag gol 'sa béice is ag raobadh bas.
Á rádh gan faothamh ní bhfuighidh na séimh fhir
Aon oidhche i n-Éirinn ná uain chum reast;
Ag an triúp so béarach ag teacht le chéile
Is go mbuailfidhe caoch sinn ar Shliabh na mBan.



Ó LON NA CÉIRSEACH. Is iad so agus an chuach
na h-éin is binne le filí na nGaedheal. Ní
fheadar an binn í an chuach.
AG RAOBADH A BAS. A bualadh a bas le diom-
bhádh agus cathú.
GAN FAOTHAMH. Gan faoiseamh. Gan aon dóchas
ná coinne go dtiocfadh an fhuascailt.
REAST Sgith.
TRIÚP. Cothonól saigdiúirí.
BÉARACH. Daoine fiadhne, ar nós beithir.
CAOCH. Go mbainfí as ár ndóchas choidhche sinn.
Aistí (1) Comhradh idir feirmeoir agus ceann-
uightheoir beithidheach.
(2) Scéilín nú cheapuighthe.
(3) "Ní bhíonn buan acht ceart."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services