Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Geal-Éirige na Raé, Tá Iarthar 'Na Dúiseacht

Title
Geal-Éirige na Raé, Tá Iarthar 'Na Dúiseacht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1903
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht na nGaedheal



GEAL-EÍRIGE NA RAÉ.
The Rising of the Moon



I



"Innis dam, a Sheághain ui Fhearghail,
Fath do reatha ann so Faoi ni' dhéin"
"Eist lem' sgéul a bhuachaill tamal" —
A's a leaca 'r dath na g-caor —
"Is iad órduighthe ár g-ceann-feadna,
Bheit go tapaidh ar an réidh,
'Gus na sleághna 'gainn 'n ár nglacaibh
Le línn geal-eirighe na Rae!
Le linn geal-eíríghe na Rae,
Le linn geal-eíríghe na Rae,
'Gus na sleánghna 'gainn 'n ar ngleaibh
le línn geal-eíríghe na Rae.



II.



"Innis dam, a Sheághain ui Fhearghail
Cá m-beidh bailliúghadh mór na laoch?"
"Anns an t-sean áit cois na h-abhan,
Is léir-aitnid dúinn go léir.
Níd eile-fócal na faire,
Seínn ár bport máirseála féin,
'S ar do ghualainn biodh fleagh chatha
Le línn geal erighe na Rae!"
Le línn gheal-eíríghe na Rae,
Le línn geal-eíríghe na Rae,
'S ar do ghualainn biodh sleagh chatha
le línn geal eíríghe na Rae.



III.



'S iomdha súil do bí ag faire,
'Stóidhche ó gach teaghlac go géur;
'S mó chroídhe laoich do bhi ag fseabadh,
'Feitheamh teacht faoídheadh lóchrain Dé!
Rith gáir chiúin ós cíonn gach gleanna,
Mar 'beidheadh bean sídhe dhúbhach ag éigheamh
'S do bhi mílté sleagh ag deallradh,
Le línn geal-eíríghe na Rae,
Le línn geal-eíríghe na Rae,
Le línn geal-eíríghe na Rae,
'S do bhí mílte sleagh ag deallradh,
le linn geal-eíríghe na Rae.



IV.



Ann súd thall ar bruach na h abhan,
Sheas án ghasradh bad thréan;
'S a n-dil-bratach uaithne aca,
Sgaoílte 'mach leis an nglas ghaoth.
"Bás do'n namhaid 's do lucht na braithte!"
Ar agaidh! 'n port máirseála réid,
Día línn féin 's le Saoirse Feasda
Sin é geal-eíríghe na Rae.
Sin é geal eíríghe na Rae,
Sin é geal eíríghe na Rae,
Diá línn féin 's le Saoirse Feasda!
Sin é geal eíríghe na Rae.



V.



Badh chruaidh ag cat le sluagh sacsan,
A's a d-tseagairt duinn ne 's léun;
(Onách líonmhar maoídheamh a's mairg,
I m-bliadhain nochad a h-ocht n-aon!)
G oir'he Día táid fós go neartmhar,
Laochradh tapaidh laidir tréan,
Le línn geal-eíríghe na Rae.
Le línn geal-eíríghe na Rae,
Le línn geal-eíríghe na Rae,
Do leanfhadh na rian dho'n mhachair,
Le línn geal eíríghe na Rae.



TÁ IARTHAR 'NA DÚISEACHT



(The following is a translation of Davis'
celebrated poem, "The West's Awake,"
made by T. P. Ua Nualláin.)



An tan tá Fodla uile beo,
Tá Chonnacht thiar amháin faoi cheo;
A Éire bhocht, is dubh do bhrón,
Gur luigheann suan an Chonnacht fós.
Is iomdha loch as machaire mór,
As cnoc annsin chomh riamh le h-ór.
Séinn! O! is iadsan saor go deo,
Is saor an ghaoth 's an mhuir mhór.



Tonn chomh láidir, tír chomh breágh,
Nach dóibh is dual saoirse d'fhagháil.
Bí cinnte nach bhfuil sé i ndár,
Tir chomh h-áluinn do bheith ag tráill,
Acht, fad ó shoin, ní lag ní fann
Na laochra do choimeád an áit.
Seinn! O! gidh caillte a gclann faoi chrádh,
Níor imthigh fós á gcáil go bráth.



Nach minic gur Ua Connchubhar
Sheól gach clann go lán-bhuaidh.
Feuch ar an nGall! nach sár-luath,
Mar fhiadh, a chursa ar gach cluain!
Mairfidh an stáir go lá an Luain
Gidh luigeann an Búrcach ins an uaigh.
Seinn! O! thuit siad ar fon a nduithche
Ar Each-dhruim áir 's ar Shionainnbhruach.



Má's bríogmhar treun an domhan go léir,
'S an Iarthar féin faoi throm-tháimhneul.
A Innisfáil! is geur do leun
Gan Connacht ársa bheith chomh treun.
Acht, éist le guth go h-árd ag glaodhach!
"Tá an Iarthar beo, do sgaip an neul!,"
Seinn! O! bhéidh Sacsan as chaithréim"
Tá an Iarthar beo, do sgaip an neul!



Rosg Chatha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services