SHANE'S LETTER.
BEANDACHT ó Ua Néill dochum an Iuistis mar dhligheas sé,
agus dochum na coda eile do'n Comhairle; agus atáim
ag a fhiarfuighe dhíobh créd do-rinne mé do ni[dh] do
rachad a n-eas-onóir no a ndighbháil do'n bheanrioghain,
no dhaoibhse, as ar bhriseabhair orm gan fatha, gan adhbhar,
agus tairgsin gabhaltus do dhenamh orm, gan giolla
gan litir do chur chugam ó do thangabhair a n-Eirinn;
agus an Iuistis do fhágabhair in bhur n-ionadh a n-Eirinn,
go rabhamúidne umhal dó; agus nach raibhe do mhailís orm gan mo
phearsa fén do dhol a bhfiadhnuise grás na banrioghna, acht an
mhéid gur chuir mé iarraidh air shocamhal airgid ar an mbanriogh-
ain, ar son nach imighithann airged na h-Ereann, a Saxanoibh;
agus gur fhuráil mé mo bhráighe gill fén do chur ris an innmhus
sin no go bhfillinn fén as Saxanoibh.
Agus as í so an bhraighe ghill, .i. an mac is fearr dom chloinn,
agus mo dhearbhchomhalta, .i. mac m'oide, agus mo bhuime
agus mo bhrathair: aguf iad sin do chur a ngioll resuin
big aingid, ar nach bhrisfind mo ghealla dá mbeind gan
mo gheall ris; agus gur chuir mé mo dhaoine fén agus daoine an
Iuistis d'á ath-iarraidh sin a ngioll air na braighoibh sin a gceann
na banrighna; agus an uair do shaoilemur sin do theacht chugainn
re bhur [d]teachtsa a n-Eirinn, ní h-amhlaidh sin do rindeabhairsi,
acht an [nidh] nar shaoileamar do dhenamh dhaoibh; agus dar ndóigh
do chuireamur a deich no a dó dhég do litreachaibh a gceand an
Iuistis do bhí a n-Eirinn ó do ímgheabhairsi; fós, agus tugthar na
litreacha sin do lathair; agus cuirimsi fiadhnuse Dé agus na
litreacha sin orm; agus fiadhnuise an mhéid thoigerus cogus do
dhenamh do'n Chomhairle, nach mailis no mainneachtnaidhe fodeara
damh gan dol a bhfiadhnuise gras na banrioghna gos thtrasta, acht
dith an innmhuis sin no go mberedh se oraind; agus atá an chéd
inntind do bhi agam gus ttrasta anois agam um dhul a gceann
na bhanrioghna, acht an mhéid toismisg do chuireabhairsi orm go
h-anoircheas, .i. gabhaltus do chur am dhuthaidh gan adbhar; uair an
fad bhias én mhac Sasanoigh am thír dom neamhthoil, ní chuirfe mé
reidhiugadh nó teachtaireacht chugaibh ó'n uairsi amach, acht mo
chosaoid do chur [ar] slighe ele a gceand na banrioghna da inisin
di mar do chuireabhairsi an toirmeasc sin orm; agus do théna
mé mo dhicheall ar an mbarda sin agus ar gach duine dá gcuirfe
ann iad, no go mberthar as iad; agus má tá a ruin agoibh gan
mo thoirmeasc ní is mó, beiridh mo mhuintir chugaibh, má's toil le
bhur n-onóir é, agus do dhénsa la ribh mar is táoisge bheiseas sibh
mo mhuinntir chugaibh do chriochnughadh gach geallta agus gach tri-
alla dá tug mé do'n banrioghain.
Agus bhiodh a deimhin agaibh nach d'eagla chogaid no gheall mé na
ceand a roimhe, ach a ngioll ar a h-onóir agus ar a grásaibh bo
chúmhdach gach neith dá bhfuil agam dam, agus dom mhedughadh ó so
suas innus go ttugaind na tírtha fiadhanta atá fum, do chum
shibhéltuis agus do chum maithis; agus innus go caithind mé fén
agus gach duine dá mbia am dhiaigh, re serbhís agus re h-onóír na
banrighna agus an fheadhmantaigh bhias a n-Eirinn uaithe. Agus
bhudh ferrde Eire uile mo dhulsa a gceand na bainrighna, do thoil
Dé; uair ní bhiaidh a n-Eirinn én duine do chuirfedh saobhnós beg
no mór ar a feadhmanntach, ar a seasamhadh se [an] saobhnós sin
do chumhachtaibh Dé agus d'aonta (?) na banroghna agus do'n
tserbhís do dénaimne d'á fedmantach. Ní bheg sin; acht guidhmid
sib gach rún agus gach freagra bhias agaibh air sin, do chur chugam
gan mailis, agus gan ní is mo do dhenamh orm no go tuga sibh
sgéla, agus taisbhénaidh mo litreacha do mhaithibh na Comhairle.
MISE O'NÉILL.
TUIREAMH
AR BHÁS DHONNCHADHA (BHAILE AODHA)
MHIC CHARTHAIGH.
SÉAMUS MAC GEARAILT DO SCRÍOBH
A shaogail mhallaighthe 's mairg do shnaidhim
leat,
Ná' chuir a dhóthchas fos i'd' líontaibh,
D'éis na gCárthach bhflaitheamhail, bhfíontach,
Fuair ceannas Fodhla i gcoróin ó'n dílinn.
Do thuit smúit go dubhach gan sgaoileadh,
Ár gan aiseag is mallacht an tsinnsir,
Air uaislibh Gaodhal, mo Léan dá n-díogadh,
Fá smacht Gall gan fabhar ar binnse.
Ní raibh againn a ngradam de'n líne,
Mar chúl daora acht péarla an aoil-chnis,
Acht Donnchadh mac Cormaic an ríogh-fhlaith,
Buinneán suairc gan ghruaim i n' ínntin.
Flós na gCárthach bláth na buidhne,
Plannda ceannárd folláin fíor-ghlic,
Lochran solais gan chogal, gan choimhtheas,
Ná'r' cheachartha cáil a dtábhairne an fhíona.
Laoch lonnrach mar Lúghaidh na g-craoiseach,
Nó mar Oscar a d-tosach na buidhne,
Nó mar Aicill do threasgair na mílte,
I g-Cath na Tráigh thug ár ná' 'r choímseach.
Níor thréine Conall ag iomaidh le saoithe,
Ná Clann Uisnigh badh mhinic sa choinntinn,
Ná Diarmaid mear fial Ó Duibhne,
Ná mo churadh Chúlbhuidhe gríosghuib.
Lámh chosantach na m-borbchon do stríoca,
Piolóir na'r' dhearóil i n-íorghuil,
Crann bagair air Dhanairibh bíodhbha,
Ná'r' léig a cheart le neach dá aírde.
Leóghan calma, feardha, fíochmhar,
Réaltan solais air phosda ná'r' bh'íseal,
Chongbhaigheadh riaghail le triatha díomais,
Is laochradh Gall go fann fá dhaoirse.
Da n-déanfainn machtnamh ar fhearaibh na
rioghachta.
i g-cáil i bpearsain, i maise 's i min cruth,
Ní bhfaghainn saor-fhlaith tréan ná taoiseach,
Badh chródha lamh 'ná ráib an aoil-chnis.
Mo dhíth, mo dheacair nách marbh do fríth tú,
Ameasg na slógh nó i g-comhrac saoithe,
'S nách raibh laoch fá'n ghréin san tímcheall,
Dá n-géillfeadh Donnchadh air cholg ná air
chraoiseach.
Níor bh'iongnadh Donnchadh bheith borbh na
ghníomharthaibh,
Coileán tréan de phréimh shliocht Míleadh,
A's Seán na sursainge 's Mhuiris an tsíoda
'S Chormaic láidir ársaidh fhír-ghlic.
O ríghthibh Chaisil 's chalaith Bhéilínse,
Ráib na gaisge do sgagadh go díreach,
Bráthair tréan na laoch an íomadh,
'S Dhómhnaill Riabhaigh triath na d-tíortha.
Ní truagh le h-ál na cránach coimhthighe,
Mo bhuinne buadhach fuadrach fír-ghlic,
Ná'r' staon i gcath i dtreas ná i g-coimheas-
gar,
I g-CILL-CHRÉ go faon lag sínte,
Is mór an t-éacht i nÉirinn fhíor-ghlais,
Mo ghliadhaire cumasach ursa ná'r' chlaoidhte,
Dá fhuadach gan chuallacht 'n a thímcheall,
'S gan acht seisear, san leirg dá choimhdeacht.
Atáid saoithe Cairbreach treasgartha
claoidhte,
Sínte i nglasaibh nó marbh fá líogaibh,
Mar ná'r' chualádh an uaill go nímhneach,
Ó'n Oileán mór go Cloich-na-gCoillteadh.
Tá Músgraoidhe an t-smáil fá bhráca i n-
daoírse,
Gan cheann treóir gan threón, gan thaoiseach
Mar ná'r' sgoilteadar clocha 'gus coillte,
Tríd an n-droichead 's i gCorcaigh na slím
bharc.
Cá ngaibh mná na m-ban nglac míonla?
Nách raibh i d'fhochair-se athobar gan dhísge,
Do chuirfeadh le h-éifeacht do gaolta síos
duit,
Air gach taobh do'n phréimh ó ar shínis.
Tá Baile Aodha na séad gan aoibhneas,
'S beidh an Chloch-reó go brónach claoidhte,
Cnoc-an-Bhile go singil fa dhaoirse,
'S an Caisleán mór ar bhruach na Bríghde.
A chaoimh lic ghuirm ó choisgis na saoithe,
Do ghéim ní chloisim, níor sgoiltis, níor
chríonais,
Ó thárla Cormac foirtil 's a dhís mhac,
'S péarla an bhrollaigh ghil Donnchadh taóibh
leat.
Do ghéim Loch Léin gan bhréig le díogras,
'S do chuaidh an leamhainn go fann i ndísge,
Níor fhan deór le brón san laoi ghil,
Ná san Abhain-mhóir badh ghruamtha líontach.
Tá an t-Siúir gan bhraon acht tréan rith
taoide,
An Fheoir 's an Mhaigh 'n a dtráigh 's an aoin
ne.
Sionnan na sreabh gan lacht 'n a cíochaibh,
Gan chnuas, gan dhuille, gan fhiolar, gan
fhiodhbhadh.
Cluinim uaill ag sluaightibh síg-bhan,
Air gach maol-chnoc aerach, aoibhinn,
Buinid fuaim go dúaisc as líogaibh,
Ó Chluain-Meala go Caladh-phort faoide.
Is atuirseach brónach d'fhógair Clíodhna,
'S Aoibhill Chaigh do bhás gan ríghneas,
Áine chúmhra an chúil cháis chíortha,
Gráinne, Saidhbh, Meadhbh 's Aoife.
Bás na laochradh léigheannta, líomhtha,
Ceallacháin Chaisil na n-Danar do dhíbirt,
Oillil' Oluim, Eoghain, a's Caoilte,
D'fhág Donnchadh gan sochraid líonmhar.
Dá mairfeadh Mogha 's Conn na bh-fíor-chath,
Brian na sról-bhrat Bóroimhe 's Críomhthan,
Cormac mac Lúghaidh do fuair clú na d-
tíortha,
Do bheidís trén trúip éasgaidh i' d'thím-
cheall.
Ó d éag an fhlaith dá'r cheart,
'S mórán eile nách cuirim i'm' laoithibh,
Seabhac na ruag dá'r dhual bheith cínnte,
Do chaith gan spéis an saoghal go síleach.
Cíos na Sacsan 's air shealbhaigh laoiseach,
Ór na Spáine 's pláta an Ímpire,
Da mbeidheadh na sheilbh ar leirg a shínsear
Ní dhéanfadh taisge gan chaitheamh le tígheas
maith.
Teasgaidh na bhflaith ar feadh na ríoghachta,
Donnchadh an Chúil san úir go claoidhte,
Saoirbhreathach thall go fann san impreacht,
Thug mo thriaith gan chlíair dá choimhdeacht.
Gaol an Iarla aniar ó'n Inse,
'S Iarla Tuadh-Mhúmhan na sluagh badh líon-
mhar,
Iarla seanaide Challaine 's Bhríghde,
A's Iarla gasda Cill'-Dara dob' aírde.
Gaol an Iarla ó Sciath na Laoi tú,
'S an Iarla da chuaidh de chuairt tar toinn-
mhuir,
Iarla Antruim seabhac na saoitheadh,
'S Iarla Barrach na sgabal gan sgaoileadh.
Do bhí do ghaol le saor-fhlaith Faoide,
Le h-Eochaidh lonn do bhronn an rinn-rosg,
Le Tíghearna an Chláir gan tlás le naímhdibh,
Le Dómhnall cródha is le mór-fhlaith Chinn-
Tuirc.
Bráthair grádhmhar Sheághain fuair pínse,
A's Sheághain gan chruadhas ó Chluain-an-fhíona
Sheághain droma na bh-fallarach gcíortha
Chormaic Spainigh 's Sheaghain na saoitheadh.
Gaol an Ridire chumasaigh Fhinn tú,
'S Ridire-an-Ghleana do leagadh san trínse
An Ridire uasail ó chuan na bhfaoileán,
'S an Ridire thréin do phréimh shlíocht Íthe.
Ní'l Rí ná Prionnsa, Diúc ná Bhíocount,
D'uaislibh Sacsan ná de mhaithibh na ríghachta
Gan a n-gaol, gan bhréig fá thrí leat,
'S a gcuid fola 'n a srothaibh i d'chroidhe gheal
Seacht gcéad déag gan bhréig a's tríochad,
A's naoi m-bliadhna an riaghail dhíreach,
Aois Mhic Déi do réir gach scríbhinn,
Air chur Dhonnchadha i bhfotharaigh fhaoin-fhliuch.
AN CEANGAL.
Mo dhoilbheas an sona-bhile ná'r' stán i
m-bruighin,
Lámh chosantach i n-gorra-ghoil do sháraigh
Naois,
Go torchartha fá ghoirm lic air lár gan bhrígh
Donnchadh mac Cormaic do'n Chárthfhuil
aírd.
Fuil óirdhearc Sir Cormaic do fáisgeadh
thríd,
Fuil Cormac mhic Dhonnchadha do claoidheadh
tar tuinn,
Fuil Cormaic mhic Chormaic badh dhána a n-
gníomh,
'S na gCormac dob' fhollas dam do'n Charth
fhuil aírd.
Seabhac soilbhir na ngorm-rosg dob' áille
chroidhe,
Plannda óirdheirc ná'r' ghoraigeach i dtábh-
airne díghe,
Crann cosgarthach na m-borb chon i mbearn-
nain baoghail,
'S ádhbhar doilbhis gan ochtar soir na dheágh
san t-slíghe.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11