Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Naomh Pádraic agus a Chuid Oibre i n-Éirinn agus Eile

Title
Naomh Pádraic agus a Chuid Oibre i n-Éirinn agus Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN GAODHAL



NAOMH PÁDRAIC AGUS A CHUID OIBRE I N-ÉIRINN.



LÁ FÉILE NAOIMH PÁDRAIC
arís 'ga choimhéad; agus gidh
go d-tigidh sé gach bliadhain,
ní bheidh an t-am ann go deó
nách m-beidh fáilte mhór fhial'
againn roimhe. An luathgháir
a's an gáirdeachas le a líon-
ann sé ár g-croidhthe
ní laghdóchaidh go
bráth, acht beidh i
gcómhnaidhe chó nuadh
chó taithneamhnach a's
do bhí sé in aimsir ár
n-óige air thaobhaibh cnocán, agus a n-gleann-
taibh, agus le cois abhan n-álainn, nglan-uisge-
mhail Oileáin na Naomh.
Acht ní dúinne amháin
a rugadh i nÉirinn bhinn
atá míniúghadh mór san
lá so, acht do gach uile
fhear agus mhnaoi a
shíolraigh ó'n g-cineadh
sin, gidh bé áird faoi
an spéir ann a m-bídh-
idh. Tá na mílte eile
ann a bhfuil a g-croidh-
the ag rith tar bruach le
buidheachas do Dhia air
an lá so, óir cuiridh sé
i meabhair dóibh gur
ghlacadar ó Naomh
Pádraic, tré na chlainn
spioradálta, an bron
tanas is mó agus is
breághtha a thug Dia
dúinn air talmhain, —
eolas air féin, air a
shlíghe, & air na meódh
anaibh tré'r féidir
linn aoibhneas suthain
do ghnódhochan an uair
fhágbhamaoid an saogh-
al so. Coraigheann sé,
mar an g-céadna
meabhracha grádhacha,
truaighmhéileacha ann gach díbirtheach Ó Éir-
inn, óir cuimhnigheann air an tír a d'fhágbhaidh
sé gan dhóthchas go bh-fillfeadh sé air a ais.
Beiridh an lá so d'ár meanmain na smuainte
is naomhtha i d-taobh ár g-creidimh, agus is
caoimhe, láidre a d-taobh an ghrádha a dhlíghimíd
d'ár d-tír dhúthchais bhunaidh. Luaisgeann ár g-
croidhthe le uabhar náisiúnta 'n uair chuireann
sé i g-céil dúinn arís an t-iomad glóire a
lonruigheas air Éirinn ó n-a stáir onóraigh,
áird-chéimigh.



Atá sé ós cionn cheithre chéad déag bliadhan ó
tháinic Naomh Pádraic go hÉirinn; agus is buan-
sheasmhach daingean atá fós agus a bheidheas go
bráth an eaglais a d'árdaigh sé suas san oileán.



Cia an chuma ann a bh-fuair sé an náisiún?
I d-taobh léighinn agus bhéas dhúthchasach bhí
Éire i bh fad i d-tosach air an m-Breatainn,
amhail mar do bhí sí cheithre chéad bliadhan roimhe
sin, i n-aimsir Tacitus, an stárthóra Rómhanaigh
a sgríobh sgéal beatha Agricola, an chinnféadhna
a chlaoidh na Breathnaigh. * Thug an sgríbhneoir
ársa fóghlamtha so an chliú sin d'Éirinn, gídh
nách raibh sé ariamh san tír sin, acht go m-badh
í sin cáil na h-Éireann trí an n-domhan san
am sin. Fuair ár Naomh an náisiún i g-céim
an-mhór ard sibhial-
tachda; na healadhna
béasacha, modhamhla
g á g-cleachtadh; thár-
la sé ameasg daoine
a bhí árd-mheanmnach
glan-inchinneamhail,
tuigsionach, & gan amh-
rus badh mar gheall
air an n-géire tuig-
sionna a bhí san g-
cineadh Éireannach,
ag cabharúghadh le
grásaibh Dé, do chlaon
siad chó hiomlán do'n
teagasg míorbhuileach
árd-iongantach a
mhínigh Pádraic dóibh.



Badh mhór a cleacht-
dh in Éirinn san am
sin filidheacht, agus
eolas dlíghe nó breith-
eamhnais, agus sean-
chas, agus ceol d'á n-
goiridís oirfideacht.
Ní raibh pobal faoi
an n-gréin ag a
raibh níos mó fóghm-
óir do'n fhóghlaim &
do lucht oideachta
ioná bh'í ag ár sinsir. Shuidheadh an t-oide
shamhlaigh do bheith san bh-fóghlaim badh mho, air
láimh dheis an righ.



Cia an t-eolas a bhí aca air Dhia 'n uair a
tháinic Pádraic? Ní rabhadar gan iarrachta
do bheith déanta aca chum eolais d'fhághbhail air
an Aon Neach Uilecúmhachtach. Níor chluinn
acht beagán aca ainm an t-Slánuightheora
Níor dhealraigh fós solas an t-soisgéil trí



* The ancient Britons.


L. 76


an oileán. Bhíodar ag adhradh íodhal, ag adhradh
na gréine agus na gealaighe agus na reult;
agus ní raibh abhainn álainn ná gleann ná cnoc
coillteach fá an tír nach raibh lán do réir a
meanman de spioradaibh neamh-fhaicsionacha ag
a raibh cumas éigin dírighthe & treoraighthe air
bheathaibh na n-daoineadh. Ó an phágánachd so — &
badh ghlan an phágánachd í — d'árdaigh an naomh
iad; agus an uair do bhí sé trí fichid bliadhan
ann ameasg, bhí neulta an dorchadais so
éaluighthe leó; bhí ainm an t-Slánuightheora mar
aon le ainm a mhathar mhaighdheanamhla, ann gach
beul, agus an t-Aifreann ag a léigheadh ag na
míltibh d'altóraibh fá'n tír. Do ghnóthaigh sé
do Chríost iomlán tíre a bhí roimh a theacht
beagnách uile págánach. Badh gheárr gur dheal-
raigh trí an Eoraip lóchrán na fóghlamtha
Críostamhla agus solas an Chreidimh a bhí las-
ta leis i n-Éirinn, agus gur goireadh air thal-
mhain dhúthchais ár sínsear oileán na Naomh
agus na saoi. D'imthigheadar easboig agus
sagairt agus mná riaghalta ó chuantaibh na
h-Éireann agus leathnaigheadar eolas Chríost
i mórán de thíorthaibh na h-Eorpa agus chong-
naigheadar go h-an-mhór cum cosga do chur air
an mhaidhm eiriceachta a bhí ag déanadh a bheal-
aigh tre na tíorthaibh Críostamhla.



Air feadh trí chéad bliadhan bhí an spéir lon-
rach le síothcháin agus le sógh. Acht an uair do
ghlac Éire creideamh an t-Slánuighteóra ghlac
sí mar an g-céadna air a guailnibh an chroch;
agus is tréan glórmhar an nós ar iomchuir
sí í ó shoin anuas. Do lean sí go dúthrachtach
a g-coiscéimibh Chríost mar do bhí sé i n-dán
doi, do réir thola Dé, an chroch sin d'iomchur
agus do craobhsgaoileadh ann gach áit ann a
soillsigheann an ghrian. Má tá amhras air bith
agat, a léightheoir, air na nidhthibh so, tabhair fá
d'aire gur díbireadh ár muintir fá'n domhan
le inghreim creidimh agus le ocras, agus gur
thugadar leo creideamh Naoimh Pádraic, agus
gur árduigheadar teampoill agus eaglaisidhe
breághtha, agus gur chuireadar an chroch, air
dhaith an óir, go h-árd san aer, air thúraibh na
d-teampoll ag dealrúghadh go deó i solas na
gréine.



Gach uile lá d'a bhith do ghuidh go dian ár n-
apstal go d-thabharfadh Dia buaine agus seas-
mhachd do'n chreideamh san oileán. Inniseann
stáir na h-Éireann dúinn cia an nós ar clos
agus ar deónuigheadh dó a athchuinghe. Is ró ion-
gantach go deimhin an nídh chidhmíd andiú, an
uair chuímhnighmíd air an am chuaidh thart — túr
cruaidh adamaint an chreidimh a tugadh d'ár
sínnsir fós na sheasadh, gidh gur buaileadh chó
minic sin faoi leis na géirleanmhaintibh badh
fhraochmhaire dá b-fuil aithris ortha i stáir an
domhain mhóir air fad. Do bhánaigh agus do
sgrios na Lochlannaigh an tír le cogadh dearg
air feadh trí chéad bliadhan agus dhírígheadar a
bh-fuath air an eaglais leis an n-déineact céad-
na lé'r lámhadar cuing na daoirse do chur air
an b-pobal. Fá dheire d'árdaigh Brian san aer
an chroch, air Máigh Chluana Tairbh, agus dubh-
airt le na chuid fear gur bh' air a son so mar
aon & air shon a d-tíor-bhrait ghlais ghlórmhair
do bhíodar ag cómhrac, agus do briseadh go
bráth cúmhacht na Lochlann i n-Éirinn, tháinic
tamall beag síothchána, acht badh thamall beag
é. Bhris neul an chogaidh arís, agus gídh go
bh-fuil seact g-céad bliadhan thart ó thosaigh sé
agus gur fearadh é tré iomlán na g-ciantadh
sin air an g-caoi so nó air an g-caoi siúd
tá cinnte nár tháinic sé chum críche fós. Níor
chogadh é air feadh an ama so go h-iomlán
air son saoirse na tíre amháin, acht san seis-
eadh céad déag, agus ó shoin anuas, do thaobh-
aigheadar eaglais na hÉireann do thoghladh. Do
shaoileadar obhair Naoimh Pádraic do leagadh
agus do mhilleadh acht do chliseadar uile go
léir.



AN T-ATHAIR MÍCHEÁL Ó MUCHÁIN.



BLODA.



An bhean tar lear bídheann ba aici, spré agus
púint,
'S an bean tar lear bídheann iomadamhlacht ós
a cionn,
an bhean tar lear ta chance go meallfaidh tú,
'S na buaibh tar lear bídheann faid 'n a n-adh'-
arcaibh súd.



is í an bhean badh mhéin liom féin do mhaoidhfinn
leat,
Bean shúgach léigheannta, sheunmhar, chaoinmhear
thais,
Gan cham, gan chlaon, gan sgléip, gan phoímp,
gan chleas,
'S cé gur bheag í an spré ní éileoighinn choidhche
a leath.



Feuch gur cré do bheul gidh dearg a sgáil,
A's feuch gur cré do baoth-fhuilt chasta mar
bhláith,
Feuch gur cré do thaobh mar eal' air an tráigh
A's feuch gur cré go léir tú a dhuine gan áird.


L. 77


LAOIDH NA GAISGE.



Lá d'á raibh Pádraic ag adhradh Dé
'san uaigneas, do chuaidh Oisín
mac Fhinn go nuige: agus chuir
Pádraic fáilte roimhe. Agus d'
fhiafraighe Pádraig d'Oisín cad
é an cás is teo nó badh
cruadhálaighe 'nn a raibh an
Fhiann riamh?



Inneosad féin sin duit, a Chléirigh na Salm
Sámh, ar Oisín. An cás is cruaidhe 'nn a raibh
ar an Fhiann, ó do rinneadh Fianna Fáil díobh



Fleadh agus feasta do bhí ag Fionn mac
Cumhaill do sheacht g-cathaibh na gnáith-Fhéinne a
n-Almhuinn luachmhar, lán aoibhinn Laigheann, &
do dearmadadh leis táin de'n Fhéinn gan cuir-
eadh do thabhairt dhóibh; mar a tá, Cronchair, mac
Rónáin, agus Áile mac Criomhthain. Do ghlac
fearg mhór na fir uime sin, ionnas go d-tuga-
dar luidhe agus móide gan teacht a bh-fiann-
uigheacht go ceann bliadhna.



Iar sin do chuireadar a long ar muir, agus
níor stadadh leo, go rángadar críoch Lochlann,
Iar m-beith sealadh ann sin dóibh thug bean Righ
Lochlann grádh éagsamhuil do Áile mac Criomh-
thain, gurealaidh leis as an Ríoghacht, agus níor
stadadh leó go rochtain Éireann dóibh.



Cruinnigheas righ Lochlann maithe a mhuintire
mar aon re h-ocht righthe deug go n-a sluagh, agus
níor stadadh leó go rochtain Éireann; agus
cuirid teachta go Fionn mach Cumhaill dhá fhios
an chuige do gheabhadh an bhean go tulaigh Laigh-
eann. Ro thairg Fionn cumhtha móra do righ
Lochlann, agus a bhean do léigean leis; eadhon,
seacht d-tonna d'ór ghlan. Do h-obadh na cúmh'
tha ag an Airgtheach mór, eadhon, righ Lochlann
agus d'iarr cómhrac air an bh-Féinn. Do cuir-
eadh seacht bh-fithchid de na Fiannaibh dá chómh-
rac, agus do marbhadh iad uile leis.



Fiafraigheas Fionn de mhaithibh na Féinne, cia
do chómhracfadh righ Lochlann? Mise do chómh-
racfaidh é, ar Goll, agus seoil-se mé air chleas-
aibh lútha. Beir leat ar Fionn, cath cródha de'n
Fhéinn, agus caogad de chlannaibh Móirne, agus
Osgar air gach taobh ded' sgéith, dod' iomchos-
namh air bhéimeannaibh an fhir mhór; ní rachaidh
aon duine aca liom, ar Goll, go n-deargthar
mo lann ann a chneasaibh. Tig Goll & an fear
mór air an d-tráigh, agus bhádar ocht lá agus
ocht n-oidhche ag cómhrac, gur torcradh righ Loch-
lann re Goll, agus a mhuintir uile leis an bh-
Fhéinn, ionnas nár imthigh neach aca beo go
críoch Lochlann air ais.



SEANCHUS GEARR O CHONTAE
PHORTLAIRGE.



Micheál O Broin Ró-sgríobh.



(Críochnaighthe)



I gcionn tamaill 'na dhiaidh san
tharla go chuaidh baintreabhach
Labhráis Uí Chorcoráin agus
duine muintreadha di 'nna
fochair isteach chum tighe air-
ighthe deáramhla 1 i g-cathair
Phortláirge le h-oidheacht a
ghlacadh, agus ag feachaint
tímcheall di chonnairc sí cas-
óg mhór a fir a crochadh 'sa
chuinne. Chuaidh sí anonn as do
aithinn sí í ar an láthair. “Si
d-í casóg mo fhir phósta goid-
eadh as mo thigh.” ars an bhean.



Tháinic fear an tighe anall a clos do na
cainte so, agus do dubhairt sé lei go m-badh é
sin casóg mhór a fir gan ámhras a goideadh a
bh-fochair mórán eile an oidhche robáladh a tigh
beagán aimsire ó shoin. Ins an t-seanchas bhí
aice le fear an tighe leig sé amach neithe chur a
d-tuigsint di go raibh fios a thuille aige dhá
m-badh mhaith leis é ínnsint. 'Na dhiaidh sin dubh-
airt sé, “dhá spionnfaidhe 2 eidir so agus Ros
(New Ross, below Waterford), go bh-faghfaidhe lán
rudaidhe churtha faoi an talamh.” Le na linn
sin tháinic bean an tighe isteach 'nuair a chualaidh
sí an chaint agus dubhairt sí: cia nos a bh-
féidir é sin a bheith fíor muna m-beidhís a m-
bosca nó a g-cómhra? Chuir na focail sin fosd
ar an bh-fear mar thuig sé ó'n mnaoi nách raibh
sé oireamhnach a thuilleadh rádh. Theastaigh ó'n
m-baintrigh go d-tabhradaois di casóg a fir,
acht dhiúltaighdear uirthe í. Dubhairt an bain-
treabhach go m-beidheadh sí 'na casóg daor ortha
Ní dubhairt sí a thuille nách ghabhadar amach i



1 Dearamhla. respectable. This word seems to
be confined to East Waterford.



2 Spionnfaidhe, This expressive verb and
means to search. The difference between spionnadh
and lorg is well observed by Irish speakers. The
latter means searching after something that has been
lost, as bhí sé lorg a coda airgid do caill sé as
a phóca; or as it or as it means search in general, as bhí sé
a lorg an t-slíghe go Portláirge, whereas the
former indicates that the thing sought has been
placed under cover or hidden, as in the present in-
stance, spionnadh means to spy, as in the early
part of our story.


L. 78


bh-feidhil 3 a ngnótha. 'Na dhiaidh san bhí tásg
imeasg na g-cómharsan go m-badh ceann de's
na roparaidhe mac na mná so; cé go m-bhadh
daoine iad bhí gho h-anmhaith 'sa t-saoghal agus
faoi árd-mheas agus urram. Chuireadar chum
siubhail an mac as an áit, thar fairrge, is
dóiche, mar bhí eagla ortha go raibh droch-amhras 4
ar. Níor dhein na Corcoránaigh a thuille i dtaobh
na casóige. Dubairta daoine muintdheadha
féin leis an m-baintreabhaigh gan dul chum dlíghe
leó mar gheall ar mar b'fhéidir go n-dóithfidís
an tigh ós a ceann, agus lean sí a g-cómhairle.



I g-cionn dó nó trí de bliadhantaibh 'na
dhiaidh sin thug an bhaintreabhac suas an fheirm
ag Carraigh Curra agus thóg-sí feirm eile i
gailltír gar de'n Phasáiste (Passage),acht níor
fhan sí acht beagán aimsire innte. Bhí cúram
óg-chlainne uirthe 'n uair a fháig sí Carraig
Curra. Níor fhan sí acht beagán bliadhantadh
sa n-gailltír nuair tháinic sí ar ais le n-a
cliamhain go Bán a bhuiteach, agus t'réis béag-
áin bliadhantadh mar an g-céadna thug sí suas
an fheirm sin. Chaith sí trí bliadhna a m-Bun-
Abha, Anglice Annestown, agus as san chuaidh sí
tar sáile í féin agus a chlann, agus shocruigh-
dear ar fheirm lámh le Lake Champlain agus a
bh-fógus teórnuigheachda Stait Nuadh Eabhrac
agus Canada. Fuair sí bás thimcheall deich m-
bliadhna agus dá fhichid ó shoin agus tá a clann
go léir t'reis bháis mar an g-céadna. Tá cuid
de clainn a clainne san áith chéadna i n-Éirinn
fós, agus bhí cuid aca faoi mheas mhór. Badh
cheann de na Chaoirthiuinnighibh (The Ahearns), an
bhean so, Alís Ní Chaoirthiuinn dob' ainm di,
agus badh cheann de shliocht Sheághain na Nodhlag
í mar an g-céadna. Do mhair Seághan thimcheall
dá cheud bliadhan ó shoin, badh fhile blasda é,
agus tá cuid mhór d'á sheanráidhtibh ar cleacht-
adh fós imeasg na sean dhaoine i g-Contae
Portláirge.



3 A bhfeidhil seems to be an adverbial phrase, not
found in dictionaries. It means, attending to their
business, A bh-feidhil na m-bó, minding the cows.



4 Amhras, means doubt. Droch-amhras, suspicion
There are several words which if prefixed by droch
get a meaning contradictory to themselves, as droch-
mhisneach, cowardice.



Da maireadh ar mharbh an marbh-so fút-sa a
líog.
Is mairg do'n mharbh do mhairfeadh le rún a
chroidhe.
A mhairbh do mhairbh na maribh's na r' ionntoigh
slíghe.
Is marbh an marbh tú i n-Aicearan súidhte síos.



SLÁINTE NA M-BOER.



Sláinte na m-Boer, atá slán agus saor,
Sláinte na Laochra do throid air a d-tir;
Sláinte 'gus saoghal ólam' uile go léir;
Sláinte na d-tréinfhear anois a's a choidhch'.



Cantar an t-abhrán, seinnthear an ceol ann,
Chum buaidh na d-treon do mholadh go glé:
Ní glór garg árd na bagairt d'á bhárr,
Do bhuaidh dhóibh an lá acht saothar ró-thréan.



Is ceart bhí ag-cúis acht ní thugann ceart buaidh
Muna d-tig leis an chúmhacht a's rún daing-
ean díl,
Is ceart agus cúmhacht do bheannuigheas Dia
shuas,
'S is cómhartha rúin dúthrachtaigh saothar gan
scíth.



'Sé neart a lámh láidir do shaor ó n-a náimhdibh
A m-bailte sa m-bánta, a gclann a's a mná,
Sé neart a láimh láidir do choingeabhas go slán
iad,
'S choiseoinidh go bráth iad a n-aghaidh gach
gábha.



Ádhbhar luathgháire sé so do na cáirdibh
A m-bídheann aca grádh air an t-saoirseacht
go deo,
Ádhbhar luathgháire do chlainn Ínse-Fáil é,
Óir sé uabhar a námhad féin d'ísligheadh san
n-gleó.



'S iad na Sacsannaigh chéadna, na sladthóiridh
céadna,
Do chleachtamar féin a's do rinn orrainn
feall,
Acht nár mealltar na Boera mar mealladh ár
n-Éire.
A Luimhnigh na laoch le bréig-gheall na n-Gall



Sláinte na m-Boer, atá slán agus saor;
Sláinte na laochra anois a's a choidhche;
Sláinte 'gus seun go deireadh an t-saoghail;
Sláinte na d-tréinfhear cia bé áit a m-bíd.



PÚDAR.



Mo thuirse an bás atá faoi m'chómhair ag
triall,
D'fhúig cluiche air na tuintibh 's d'fhag an Fiann
gan rian.
Mo chortha le 'n-áireamh, mo chás! is mór é a
d-trian
Ag tarraing faoi d' dhail-sé 'Áird Mhic chómh-
acht na g-cliar.


L. 79


VOCABULARY



MAOR, a steward.



FAOR, edge.



DAOR, dear.



SAOR, cheap; free.



CAOL, slender.



CAOR, a berry, pl, caora.



CEOL, music.



FEOL, meat.



SEOL, a sail,



DEOR, a tear.



BEOR, beer.



SEOD, a jewel.



SEUN, happiness.



EUD, jealousy.



SGEUL, a story, SGEULA, news.



SEUMAS, James.



FUADAR AN UILC, determination to do wrong.



GO H-OLC, badly, disposed, etc. understood.



GRIAN, the sun.



SRIAN, a bridle-



DIALLAID, a saddle.



UILLIAM, William.



NIALL, Niall.



SUAS, up of motion.



DUAN, a poem.



GRUAG, hair.



SEOLTA, pl. of seol, sails.



FUAR, cold.



FUADAR, determination.



GUAL, coal.



FONN, intention.



TREAD, a flock.



OLC, badness, gen., UILC.



N.B. — Fonn and Fuadar are almost synonyms,
the former is internal or mental determination, the
latter supposes external preparation or appearance
in the placing of such determination. FONN is al-
ways followed by the preposition, sr. Example — TÁ
FONN MO MHARBHUITHE AR, = he intends to kill me.
whereas, FUADAR always takes the preposition FAOI,
ex. — IS OLC AN FUADAR ATÁ FAOI, he (from exter-
nal appearance) is badly inclined, — an illustration
of the wonderful power of expression of our lang-
uage.



Note the difference between CAOR, a berry, and
CAOIRE, a sheep. CAOR, a berry, pl. CAORA.



CAOIRE, a sheep, pl. CAOIRE. The dictionaries
are wrong as regards caoire, there is no such sing-
ular form as caor, meaning a sheep.



EXERCISE.



1. TÁ AN MAOR GO H-OLC, AGUS IS FUAR AN LÁ
É. 2. TÁ FAOR AR MO SGIAN (my knife is sharp).
3. TÁ SEOL MÓR CAOL AG UILLIAM. 4. TÁ BEOR
GO LEOR AGAM FÓS. 5. ÍS OLC AN FUADAR ATÁ
FAOI NIALL. 6. TÁ GRUAIG FADA AR TOMÁS. 7.
TÁ EUD ORT (you are jealous). 8. NÁ H-ÓL BEOR,
AGUS NÁ BRIS AN SEOD MAR IS OLC MÓR É SIN,
(that thing emphatic). 9. TÁ CAPALL GAN SRIAN,
GAN DEALLAID AGAM. 10. TÁ CEOL BINN AG COR-
MAC, AGUS TÁ FEOL SAOR AGUS MILIS AG NÓRA.
11. IS MÓR NA CAORA ATÁ AG FÁS AG AN TOBAR.
12. TÁ BÓ AGUS CAPALL AGUS CAOIRE AG DUL
SUAS AN RÓDH. 13. TÁ FONN ORM DUL DO'N TOB-
AR MAR ATÁ NA CAOIRE AG ÓL ANN. 14. DEÓR
MÓR TROM. 15. TÁ DUAN BINN AG AN MAOR. 16.
TÁ OCRAS AGUS TART ORM.



(To be Continued.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services