Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Parlaimint na mBan agus Eile

Title
Parlaimint na mBan agus Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN GAODHAL



PARLAIMENT NA M-BAN.



CÚNTAS AR GHNÓ AN PHARLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS.



(Air Leanmhain.)



ÓRÁID ANNA NÍ CHIARAMHÁIN.

ANN sin do labhair Anna Ní
Chiaramháin, Baintighearna
Ghleanna an t-Suaimhnis, &
is seadh a dubhairt: “Is or-
rainn féin is cóir dúinn
milleán na ngnóthadh so go
léir do bheith, le na mhionca
do mhalairtighmíd éadach; air
an ádhbhar nách fuil aon t-
saghas éadaigh dá g-cuirimíd orrainn nách bidh-
eann go fuireach air na mnáibh cómhchoitceanna,
óir an uair do chuirid mná uaisle onóireacha
línéadach 'na sheasamh suas as cionn chláir a
n-éadan, má bhidheann leath bhanlámh ar fhaid
ann, ní túsga chídhfid na mná cómhchoitchionna
an t-éadach so 'ná chuirfid a leithéid ortha féin.
An uair chuirimíd fríngsidhe dúbha air ár n-agh-
aidh, gan mhaill do ghnídh siad-san an nídh céad-
na ag aithris orrainn. Má chídhfid coisidhthe
ag tógbháil ár n-gúnaidhe, ní stadaid go mbeidh
coisidhe acu féin ag tógbháil a róbaidhe do'n
taobh shiar.



Is siad na mná onóireacha do ghnídheadh bean-
ughadh le póig roime so; anois an chaile go m-
beidh bláth nó croiceann uirri, rithfidh sí chum
póige do thabhairt d'aon mhnaoi dá onóirighe;
agus fós measaim dá n-déanfamaois cucóil
dá'r bh-fearaibh, go n-déanfaidís aithris orra-
inn. Ní'l módh na measardhacht dá chongbháil i
sácraiment an phósta, air an ádhbhar go b-pós-
ann fear uasal, beag, bocht, bean úirísiol, do
ghrádh chródh agus costuis: agus bean uasal
bhocht, fear úirísiol, de shaint a shaidhbhris, ion-
nas gur hybrid é, is sé sin, clann leath uasal,
a thig uatha.”



“Má curthar srian le mianaibh anshásta,
Maithtear fiacha is pianta tiomprálta;
Gheobhfar ó Dhia do riagh'las mná breághtha,
Ainm cheart, dhiadha, chiallmhar, mhacánta.”



ÓRÁID MHÁIGHRÉID NÍ CHEARBHALLÁIN.
ANN sin do labhair Máirghréad Ní
Chearbhalláin, Baintighearna Dhúna-
an-Toirbhirt, agus is seadh a dubh-
airt, mar an g-céadna, “Ní'l aon
t-saghas datha da onóirighe chídhfidh
na mná cómhchoitcheanna nách cuirid
air a n-éadaighibh é, an uair badh
coir dóibh bheith sásta le duibhleasc crann nó
cloch, nó dubh poill, nó dath eile do'n t-saghas
san do chur ortha, agus gach aon ghné datha on-
óraigh d'fhágbháil ag na mnáibh onóireacha, agus
ag na mnáibh uaisle; agus fós ní módh na
measardhacht i mnáibh daorchlann so do dhéan-
adh, óir an uair bhídhmíd air fhéasta nó air
chóimhthionól poiblighe, air an ádhbhar go m-bídh-
eann bean bodaigh nó baothlaigh cómh-dána sin
go suidheann sí roimh mhnaoi uasail i d-taobh
athar agus máthar, 's a d-táinig róimpe riamh,
air son má bhidheann lóchán beag saidhbhris aici.
Dá bhrigh sin is oirchios dúinn riaghlacha, agus
stadúid diongbhálta do dhéanamh tímcheall na
nidhtheadh so, agus usaide dhúinn sin do dhéan-
amh, de bhrígh gurab leis an g-cinéal beanamhail
do bhaineas na gnótha so.”



Ann sin do righneadar acht Párlaiment, gan
chead do bheith ag aon mhnaoi chómhchoitchionn
aon éadach do chur uirthi do bheidheadh a g-cos-
mhalacht fashion, ná i n-dath ná i saidhbhreas le
h-éadaighibh na m-ban uaisleadh. Do righneadar
acht eile, i n-ar' órduigheadar gach aon bhean ag
a m-beidheadh triúr inghean ans an bpobal cómh-
choitcheann, inghean díobh do chur le céird éigin,
do chum go m-b'usaide dhóibh a m-beatha do thabh-
airt chum tíre, agus maitheas poiblighe na m-
ban do mhéadúghadh, agus do chothúghadh. Do
righneadar acht eile, 'n-a dtugadar ríaghlúghadh
agus stiúrúghadh clainne mac m-ban uaisleadh
dá n-aithreachaibh, & d'órduigheadar a g-clann
inghean do bheith fá na smacht féin, agus is mar
sin chríochnuigheadar an chéad lá do'n Phárlai-


L. 44


ment; agus dubhairt Máirghréad Ní Chearbhal-
láin an rann mar leanas:—



“I b-flathas i réim beidheam féin go cliste
gan mhaíll,
Ceannas gach aon rud bhéarfam fuinte d'ár
g-clainn;
Na baineannaigh aorach' léighfid cruinneas
gach slíghe,
A's uireasba an léighinn gurab é ár g-cine
do mhíll.”



ÓRÁID SHAIDHBH NÍ CHOSGARTHA.



AN TAN do chruinnigheadar
an dara lá is sí céad bhean
do labhair Sadhbh Ní Chosgar-
tha, Baintigheara Ghleanna
Maighir, agus dúbhairt gur
“léigeadar na fir an léigh-
eann a bh-faillighe cómh mór
san, ionnas nách fuil toradh
ná beann acu air 'san riogh-
acht so na hÉireann; de bhrígh go d-taithnigheadh
le clannaib daoineadh uaisle aon t-saghas
cómpóird nó caithimh aimsire níos mó 'ná
aire do thabhairt dá leabharaibh; agus is dearbh-
tha gurab é cúis agus ádhbhar do'n oileán so na
h-Éireann bheith bocht, agus cómh gnáthach a g-cog-
adh, de bhrígh nách cuirid na daoine uaisle a
g-clann re fóghlaim mar badh ghnáth leó do
dhéanamh, agus mar badh chóir dóibh, air an ádh-
bhar gur mór an neart do ríoghacht air bith,
daoine fóghlamtha go maith do bheith innte; agus
ó táid ár g-clann inghean faoi ár smacht féin
anois, féacham cread is cóir dúinn do dhéanamh
riú.”



Ann sin do righneadar riaghail Phárlaiment,
a g-clann inghean go léir do chur air sgoil nó
go m-beidís dá bhliadhain déag d'aois; agus
ann sin gidh bé acu badh ghéire inntleacht, a léig-
eann air aghaidh anns na “seact n-ealadhna
fiúghantacha,” agus “air m-beith cliste anns na
h-ealadhnaibh sin, tiocfam.” ar Sadhbh “re h-aim-
sir chum bheith níos fóghlamtha 'ná na fir.



Do righneadar acht eile Párlaiment, ann ar
órdaigheadar a g-clann inghean do chur le
Diadhacht, le dlíghe, agus le leigheas
d'fhóghlaim, an uair do bheidís oireamhnach chuige
“Agus atáim deimhneach,” ar an bhaintighearna
sin, “go d-tiocfam chum úghdaráis phoiblighe
do bheith againn le h-aimsir, de bhrígh na riaghal-
ach so do righneamar. An uair chídhfid na fir
sinne, na mná, ag buadh ortha i bh-fóghlaim, agus
i n-eolas, b'fhéidir go n-glacfadh náire iad,
agus tnúth le dul air a n-aghaidh anns an bh-fógh-
laim; nó muna nglacfaidh beidh an t-úghdarás
poiblige go léir air ár g-cumas féin; agus fós,
is cóir dúinn casaoid do dhéanamh ris na fear-
aibh noch chuireas ó gach aon úghdarás phoiblighe
sin, agus go n-déanaid féin gach uile nídh faoi
mar is toil leo do dhéanamh.



Ann sin d'órdaigheadar acht eile d'aonta, is
sé sin úghdarás agus máighistreacht do bheith ag
na fearaibh air ghnóthaib poiblighe, agus cúram
do dhéanamh do nidhthibh a bhaineas re h-eó go
ceann deich m-bliadhan, nó go d-tiocfadh a g-
clann inghean chum bheith fóghlamtha go maith,
agus tímcheall na h-aimsire sin dubhradar
go bh-faicfidís cia an taobh air ar chóir armas
na m-ban do chur, — air an d-taobh n-deas nó
air an d-taobh g-clé; agus fós go b-faicfidís
cia'r bh'fheárr ann aoi an bhríste na fir 'ná na
mná. D'órduigheadar mar an g-céadna úgh-
darás do bheith acu féin tímcheall an uile nídh
ar an d-taobh astigh de bhallaidhibh; agus mar
sin tar éis chríche do chur air a raibh de ghnó-
thaibh acu an lá sin, agus tar éis fógartha dóibh
bheith ag an g-cúirt air a deich de chlog air na
mháireach, thug Sadhbh an chómhairle so dóibh:



“Bídheadh díghdhe ann bhúr g-croidhthibh a's car-
thannat naomh
Bídheadh díogras 'n bhúr n-ínntin a's bean-
nuightheacht béas:
Bhúr n-gníomhartha go d-tig' libh gan bhasgadh
gan bhéim,
A'r bhúr n-inntleacht ná milltear le rach-
mas an t-saoghail.”



(Le beith air leanamhain.)



SEÁGHAN DALL Ó NÚNÁIN CCT.

A réir trí m'shuan dam a's mé faoi bhuaidh-
reamh,
Mo thaobh do bhuaileas air leabaidh a' m' luighe
'S gan aon-ne a'm' thuairim a léighfeadh duain,
dam.
Act saegheada fuachta ag cur creatha a' m'
chroidhe,
Níor chian go g-cuala na céadta sluaighteadh,
Faoi m' dhéin ag gluaiseacht 'n a marcaigh
groidhe,
'S le méin dá d-tuairim do léimeas suas leo
'S tá an cnámh so a' m'ghualainn ó shoin gan
bhrígh.


L. 45


TUIREADH EIBHLÍONÓRA DE NÓGLA.



An t-Athair Eoghan O Caoimh ro chan.



Do Rugadh an t-Athair Eoghan O
Caoimh i n-Gleann Bhile, ann
san m-bliadhain, 1656. Do bhidh
sé óg go leór an uair phós sé
Eibhlíonóir De Nógla. Do éag
ise ann san m-bliadhain, 1707,
agus i g-ceann dhá bhliadhan ann a dhiaigh san, is
é sin i 1709, do éag a mhac, Art, i m-blás a
óige i Rochelle ann san bh-Frainc, mar a raibh
sé ag fóghlaim chum a bheith ann a shagart,



Tar éis bháis a mhná do ghlac Eoghan O Caoimh
órd sagairt, agus is é badh shagart paróiste
air Dhún-air-aill, an uair d'éag sé an cúigeadh
lá de Abran, ann san m-bliadhain, 1726.



Do chaoin an t-Athair Eoghan a bhean agus a
mhac go dubhach, deórach, i rannaibh líomhtha le
cúmha a chroidhe.



Is dóigh linn nách féidir ann aon teangaidh
air bith marbhna nídh bhus cúmha-shnoighte do
¬fhághbhail ioná an caoineadh so.] — F. an Gh.



MO cheas! mo chúmhadh chúmangach mo
chosgar mo chreach,
A's m'fhatuirse gan chúntas
tug srotha ó m' dhearc,
Lá spiúnta mo dhúthchais do m'
chosnamh i g-ceas,
A bhláith mhúinte tú dlúth-churtha i m-braighdean-
as i bh-feart.



Mo chrádh an t.odhar iompaighthe air ghorm do
dhearc,
A's do ráidhte ciuin cúil leam ná'r' chogar tar
cheart,
Do bhrághaid mar chúbhar dúnta fá chlochaibh is
feas,
Do fhág me ciuin cúthail gan soirbheas seal.



Do lámh gan lúith d'ionsmaigh an obair go deas,
A's do bhán-chorp úr ionnraic dár bhronnas mo
shearc,
Ag táinte dúbha dúra d'á thochailt i g-clais,
Do fhág me i b-púir brúidhte go follas ag
meath.



Ó ráinic tú i n-úir curtha a chogair gan
cheal,
I g-caoí chonganta ná'r' iompaigh ó bhochtaibh do
dhearc,
Go bráth do ghnúis dlúth leam nách cosamhail do
theacht,
Lá cúntais an Dúileamhan go rochair 'n a
theach.



Gráin chúige ort a thruigh liosda is duibhe air
bith dath,
A ghraig-ghiúgaigh ghlún-fhada is misde mo rath.
A bháis bhrúid-smeartha thúrnas gach n-duine go
fras,
Pláig chúghat-sa ó dhlúth-sgarais mise 's mo
bhean.



Ceangal.



Ameasg na ngiall a Dhia ná cuir mo chéile,
Go teach na b-pian, 'ná 'n-diachair braighde i n-
géibheann,
Maith a's mian a's diadhacht muirne an Aoin-
mhic,
Ó áitreabh na bpiast go diamhair sírim saor í.



Saor í air fhiach na niamhan n-dubh n-duaiseach,
Créacht an chinn an chroidhe agus cneádha
na gualann,
Ó'n éiric-ghníomh a clí má d'fhan i nguasaibh,
Daonacht Chríost gan mhaíll go neamh dá fuas-
gailt.



(Críoch.)
BLODHA.



Tar fairrge má rachann tú le cúrsaidhe an
t-saoghail,
'S go g-casfar tú ameasg gasra ag sgrúdú-
ghadh léighinn,
Aithiseach an mhaise dhuit 's is mío-chlúdh é,
Gan bheith aibidh clisd' i d-teangaidh chirt do
dhúthaighe féin.



DONCHADH (Caoch) Ó MATHGHAMHNA Ro chan



Ís ise badh bhlasda, badh chneasda, go síor-
líonta,
Badh oilte, badh aite badh thapa i m-brígh binn-
ghuibh,
Badh shnoighte badh shnas-ghlaine racaireacht
gaois laoitheadh,
Ní h-ionnan a's glafarnach gharbh ár bh-fíor-
naímhdeadh.


L. 46


VOCABULARY.



Mall, slow, pro. mawl in Munster, moll elsewhere.



Dall, blind, pro. dhawl in Munster, dholl elsewhere.



Cill, a church, pro. kyle or keel in Munster, kill elsewhere.



Poll, a hole, pro. powl in Munster, pull elsewhere.



Donn, brown, pro. dhown in Munster, dhun elsewhere.



Fonn, air, pro. fown in Munster fun elsewhere.



Trom, heavy, pro. throwm in Munster, thrum elsewhere.



Binn, melodious, pro. bying(nasal) in Munster, binn elsewhere.



GANN, scarce, LONG, a ship, CAM, crooked,
BONN sole.



EXERCISE.
1. Ná bí mall ag dul do'n tobar. 2. is binn
an fonn atá ar an dán, 3. tá bád trom ag
Art, 4. atá crann mór cam ag fás ag an
doras. 5. is borb an fear Tomás, 6. tá im
úr gann fós. 7. tá long fada ar an linn. 8.
tá bonn tinn ag Nóra. 6. tá an capall bán
dall. 10. ní'l an capall bán, tá sé donn agus
tá bonn cam ar Art óg.



cosán, a pathway. arán, bread.



Conán, a man's name. bunnán, a bittern.



bradán, a salmon. úrlár, a floor.



ballán, a tub, a pail. ardán, a hill.



follán, wholesome. ordóg a thumb.



putóg, a pudding. cailín, a girl.



cillín, a little church. plibín, a plover.



bábóg, a doll. ag gul, crying.



ag dul go — going to —. mol, (imperative) praise.



EXERCISE-



1. tá cosán fada ag dul do'n tobar. 2. tá
bradán ag Nóra agus tá sé trom, mór, 3.
is mór an fear é Conán. 4. tá pilbín ag Úna
agus tá sí ag dul go Cill Dara. 5. tá putóg
ag Tomás agus tá sé ag gul, 6. ná bris an
ballán mar atá an cailín tinn. 7. tá an úrlár
glan agus an doras dúnta, agus Nóra ag gul
mar atá Conán ar an ardán fós, 8. ná mol
an bárd tá sé ag dul go Dúnmhór. 9. tá ord-
óg orm agus tá bunnnán ag Cormac óg. 10.
ná fan ag an tobar, tá cnocán árd ann. 11.
tá babóg ag cailín óg. 12. is fada an lá atá
ann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services