Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ailt éagsúla

Teideal
Ailt éagsúla
Údar
Údair éágsúla,
Dáta cumtha
1884
Foilsitheoir
Nolan Bros

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


bárd, a bard,
buachaill, a boy,
capall, a horse,
cath, a battle,
clár, a table,
fear, a man,
fíon, wine,
focal, a word,
manach, a monk,
pobal, a people,



an bhaile, of the town; an bháird, of the
bard; an bhuachalla, of the boy; an chap-
aill, of the horse; an chatha, of the bat-
tle; an chiste, of the chest; an chláir, of
the table; an fhíona, of the wine; an
fhir, of the man; an fhocail, of the word
an ghnó, of the work; an ghaduidhe, of
the thief; an mhála, of the bag; an
mhanaigh, of the monk; an phobail, of the
people.



Exercise IV.



cleas. craft,
dorn, a fist.
glas, a lock,
lán, the full,
log, a hollow,
mac, a son,
ór, gold,
sráid, a street,
teach, a house,



1. sráid an bhaile. 2. mac an bháird
3. dorn an bhuachalla. 4. log an chatha.
5. glas an chisde. 6. cos an fhir. 7.
cleas an ghaduidhe. 8. lan an mhála. 9.
teach an mhanaigh. 10. ór an phobail.



Ceithre muca dubha dul Cathair Í Bhrain,
Gad air do ghiall mar d-túisigh tú iad?


L. 406


Harlem, an Séamha la Fichead de Aug.



Chum an Onórach Doncha Ua Búrn.



A Shaoi;



Chuasa tré an g-caithir so go minic am
aonar,
Uaireanta aig tadhailleadh agus uair-
eanta air pléisiúr,
Thaisbeánaigh me go minic do thíorghrádh-
thóirighe,
An Gaodhal; agus d'iarras orra a
bheith faoisgríobhnóirighe:
D'feuch cuid aca orm mar cat air luch.
Agus dubhairt cuid eile 'ca le focaluibh
dúbhach,---



"Cad é n mhaith é? Iarruíghim ort: pá-
peur Gaedhilge, mo chás!
Is goirid go b-fhádhaidh an páipéur sin
bás."
Mar sin do labhair siad anns an tráth,
Faidheadóireacht do 'n Ghaodhal dólás
's mí-ádh:
Bu bheag do smaoin siad an aigne mór,
A g-ceann an feadhmanach maith, --- an
Foilsitheoir.



Níor smaoineadar air na smaointe árd
Do rith tré ínnchinn an neac mór agh;
Níor thug siad fa ndeara an pian 's
díombha;
Théideas tré a chroidhe 'nuair thigeas
air chrádh,
Mar ní'l fhios aguinn-ne in ar rocht,
Cad é 'n obair bhídhean aig foilsitheoir
bocht-



Le gaibhtheachd mhór d'feuch sé air an b-
páipeur,
Agus do leag sé chuige a thoiche go léir,
Chum é chuir a g-cinn bhíodh sé 'san oídhche,
Nuair a bhíomar 'nn a g-codla, aig oib-
readh choidhche,
Aig cuardughadh a g-cómhnuighe góir neithe
nuadh,
Chum a obair ionmholta a dheasughadh.



B'ard do rith a shaoileachta lé áthus mór,
'S do smig sé mar leanbh, --- leanbh bog óg;
Nuair do thóg an paipeur go súgach saimh,
An cheud cheann clóbhuailte in a lamh,
A's d'fhás lé bród a chroídhe breágh caomh,
Nuair chonairc sé iomláineacht air gach
taobh.



D'éirigh a chroidhe mar bhí a dhóchusa chó
laidir,
Le tonna na mara aig éirighe 'n áirde,
Brón no duairceas leis, níor thainic air
féin,
Nuair a cháin an spilpín sin é, ---"Gaban
Saor,"
Ach d'árduigh sé a ghuth breagh suas go
binn,
Mar conairc sé an Gaodhal dul a gcinn.



D'oibre sé leis mar budh chuma leis féin:
Cad dubhairt madra chonuig nó bunnán-
leun;
Le anbheag maoin ach le ínntinn faláin,
Chuir sé roimhe a theanga shábháil,
Mar do thug sé fa ndeara a breágheacht
go mór.
An chaoi ta sí aig imeacht, aig feodh,---



Do shaothruigh sé go calma, agus tá rian
air,
Ta'n Gaodhal na sheasamh gur iolurraim
air,
Ta liacht daoine aig léigheadh--beag agus
mór,
An teanga bhinn ársa (dar ndóigh) mar
budh chóir;
Do shaothruigh sé, deirim é,---- chuige fad
saoghal,
Agus sgríobhfuim-se mo sharchuiteadh.----
glóire do 'n Ghaodhal!
Achoibhinn.



Glossary.



Díomba, grief; deasughadh, titivate;
saoileachda, thoughts; iomlaineachd,
perfection; caomh, gentle, fine &c. ;
madra chonuigh, a rabid dog; bunnán-
leun, bittern; inntinn, intellect; aig
feodh, fading; do shaothruigh sé, he strove
ta rian air, lit sign is on, it is plain
to be seen; iolurraim, great respect;
liacht, multitude; toice riches; sar-
chuiteadh, best respects, gratitude &c. ;
bród, gladness; fa ndeara, note, no-
tice; feadhmanach, any one holding off.
ice.


L. 407


Acoíbhínne.



A chara mo chroidhe 'sa rúin.
Is baoghal liom gur dheinis do bhotún;
'Dtaobh an meid eitigh & breúga dubhadh,
Do chuir tú air Ghaedhilge Chúige Múmhan.



Bhí úird naomhtha gus bárdaibh léighanta
Gach am le fághailt,
A ngleannta 's air shléibhte 'gur air
fuaid na dtíortha
A g-Conntae an Chláir.



Agus treis an an mheidsin nach dealbh 'n
sgeul dúinn
Éisdeacht led' leithidse de chnamhdán;
Ag tarcuisnuigh'dh Gaoghailge do theanga
féineach,
Agus san a d-tíortha fáin



Diarmuid Ó Corruidhe,
Ó Chonntae an Chláir.



Stat Phenn. Ochtmhadh la deug Ocht mhíos.



A Fhoilsightheóir:



Do shiúbhalas a lán de Chúige Múmhan
Ag baint phrataidhe 'sag gearradh 'n fhó-
ghmhair;
Agus ó thainic ciall dam, caint a's mo-
thúgh'dh,
Do chualasa trácht air "Saghsana Nuadh."



Bhí buadh foghluim féile 'gur feilídhe,
Le fada riamh aig Conndae Chiarruighe;
Agus níor chluin me riamh duine cháin sinn
Ach an ceolán gan cheil sin ó HÁRLEM.



Bíon go leor lucht léighin ag trácht ead-
tartha féin
Air an éaguin suarach ó Nemh Ghorc,
York;
Agus 'sé 'd-tuairim gó léir gur chóra é
Bheith le fada a nGleann-na-nGealt!



CIARRUIGHEACH.



Cathair Naomh Phroinsias.



Chum Achoibhínne:



Ní beag don Déiseach bheith 'g pléig le
aenne 'mháin*
'Sgan a bheith d'a chuir trí na chéile le
gach breall amadáin;
Má bíon triail feir uait aon lá dhe ‘d
shaoghal,
Cuir sgeula di Mhicheál Ualógáin do
Chonán Maol.



Da bh-faighinn-se thusa lá breágh Fóghmhair
'Sa mbaile i n-Éirinn ag baint arbhair;
Do bhainfinn-se allus go h-úr as do
cnámhna,
'Sa t-slighe na mbeach aon fhonn ort
bheith cabarnach dána
CONÁN MAOL.
*Conán.



CATHAIR NAOMH LOUIS



ACOIBHÍNNE



Bhí ollaimh 's báird agus feilídhe
Ann gach áit de Chonntae Luimnídhe;
'Tá tusa gan muine gan eolas acht le
fonn bruíghine,
'N ár g-cáine 's ag deunadh acharuinn a-
measg na ndaoine.



Is truagh gan tú chuir ad thost go ciuin,
'Dtaobh bheith ag cáine Gaedhilge Chúige
Múmhan;
Is truagh gan an t-éitheach ag chuir síos
ad sgornach,
Le faíghaib de bhata no le dóirne.



Tabhair fe ndearra cad do thá me rágh,
Tabharthad fós duit tachta bhreágha;
Da bh-faíghinn greím am ghabhtha air do
mhuinéal,
Do bheach sé am dhiaigh cho dubh le daol.



Luimneach.


L. 408


D'Fhilídhe* An Ghaodhail



1
A cháirde gaoidhil gan teimheal gan béim,
Air taoibh na Gaedhilge atá gach am,
Is cásmhar luídhe gach líne léír,
Dá fígheadh le fraoch a bhus is thall.



2
Dob' fhearr dar línn bheith caoin le h-aon,
Na sgríobhan deagh-Ghaedhile le n-a
pheann;
Oir ca bh-fhuil aon neach, bídheadh tailc no
faon,
A g-cumas glaodhadh, "Is mise an
ceann."



3
Tá 'n Ghaedhilge síos le suím 'sa' t-sao-
ghal,
Faoi mhasladh dhaor, ó reacht na nGall;
Tá ag eirgheadh 'rís le saoithibh Gaodhal,
Achd deasúghadh is éigean di 'sis call.



4
A éigse an ghrínn, dá bhrídh sin éighim,
Bhúr g-claoidh' le chéile 'nis le fonn,
A' deasúghadh fíor bhúr g-caon ghuth béil
'S ná bídheadh bhúr bh-fhraoch a' sileadh
ó 'n b-peann.



5
Má bhídheann aon neach a' dul da chéil,
Na lasgaidh daor é, no go trom;
Tóg air tais agus truaighmhéil;
Is maith an té bhídheas ceart gach am.



6
Le cian mo dhíth, tá naoimhde a' sgéith;
Le fíoch-nimh dhaor d'ar ngearradh lom;
Ní beag dúinn sin, guídhim libh bheith réidh,
Is beannachd Dé go raibh 'nn bhúr g-com.
Aodh Beg.
Ochtmhí an chéad lá, 1884.



*Iad so, le tréimse, atá a' bearradh a
chéile, is gan mórán tairbhe le teacht as.


L. 409


The Address.



DO N ATHAIR ROMH ONÓRUIGHE A n-
DIA, PÁDRUIC IOSEPH Ua RUAIGHÍN.



A Shaoi Ro Onóraigh:



Ameasg na g-comann a tháinic in do
láthair. a tharlaidh in ar measg thú, le
onóir a thabhairt dhuit mar Phrionnsa
naoimh-chreidimh, & le fáilte chuir romhat
mar athair & mar áird-threudaidhe os
ar g-cionn, tá súil againn go d-tabhar-
faidh tú cluas chineálta, thoilteanach, air
feadh móimente, do na foclaibh teotha,
fáilteacha seo a d-teangain Inse do
dhúthais.



Tá na comanna eile seo roimh-ionmhol-
ta, do bhrigh go bh-fuil siad tugtha chum
craibhtheachta, measaireachta & deágh-oib-
reacha críostamhuile de gach h-uile chin-
eál a bhrosdugh'dh ann tosuigh ameasg ar
ndaoineadh. Is féidir nach bh-fuil ar g
comann-inne, in inntinn a bhunadhais, cho
h-árd no cho naomhtha leo seo i radhairc
Dé, ach fós, támuid cinnte a athair ro-
onóraigh, go bh-fuil se ionmholta go romh-
árd, & tá dóchus againn gur be sin
do bharamhuil-se 'na thimchioll. 'S é ar
n-amasudh ar n-dithchioll do dheunadh
teangan ar sinsear do chonbháil ó eug-
adh, & ma 's féidir í d' aithbheodhughadh &
í dheunadh coitchean airís--an chian theang'
ann ar labhair ar n-aithreacha, ce b' acha
air a d-teallaibh siothchana féin, i thallaibh
an bhreitheamhnais, a seomra comhairle na
righ, no air na maghaibh cogaidh air ar
bhuail siad síos namha a g-creidimh 'gur
a d-tíre. Air feadh chúig-cheud-deug
bliadhan níor cluineadh aon teanga ach í
air cnocaibh ghlasa Inse na naomh 's na
n-ollamh.



Foillsigheann tusa, a Shaoi romh-onór-
aigh, focla naomhtha Dé, mar is feadhma-
mhuil 's an d-teangain atá coitchion &
is so-thuigseona do phobal na tíre seo a
ndiu, & tríd seo a dheunadh umhaluighean
tú croidhthe fear, go h-umhal, faoi umhadh
mhilis an t-sioscéil: & labhaireann tú i
m-beurla cho blasta, bhinn-bhriachrach sin,
's go d-táirraingeann tú chugat. Ní shé
amháin, croidhthe "teallaidhe an chreídimh'.
Ach fós, buaidheann tú spéir & moladh,
na "muintire atá air an taobh amuigh."
Amsuighidh muidne an sean teangain d'
aithbheodhúgh'dh ann ar thuit na focla fíor-
a ceudna ó theangthaibh Phádruic, Cholm-
Cille, & ó theangthaibh eílé ó'n t-slán-
aidh, & thug ar n-aithreacha asteach i d-
treud an chreididh. Anns a ndithchioll seo
támuid lán-dhóchusach go bh-fuighmid uaith-
se sár-uchtach & cabhair.



Fáilte, din, ceud-míle fáilte romhat,
a athair romh-onóraigh, na fairce seo, an
macaire in a bh-fuil tú le h-oibriug'dh go
h-apstolach ó seo suas. Go d-tigeann
an fháilte seo ó fhíor-dhoimneacht ar g-
croidhe, is mian linn a chruthugh'dh, thríd
chomh-oibriugh'dh dlistionach lé 'r m-braith-
ribh, mar pháisdibh umhala ma,cánta dhuit
in oibreachaibh air bith a mheasas tú in do
thuigse & in do theas-ghrádh a bheith riacht-
anach, & a ghlacfas tú a láimh le craibh-
theacht & carthanas a mheudugh'dh ameasg
dho pháisdidh in d' easboigeacht nuadh.


L. 410


Baile Fíon-uísge,
12adh lá Baeltaine, '84.



A Sheághain Dhílis. --- Chuir do leitir náire
orm mar n'ar thug me freagradh air do
leitir dhéighíonach, ach bhí rún liom sgríobh
chugat 'san t-seachnmhain so, an chuid is
móide. Agus níor chuireas an t-Iris-
leabhar na Gaedhilge chugat mar bhí na h-
uimhre déighionacha 'nna g-ceithre h-uimhre
speiséalta le h-ullmhughadh sgolaire air
an sgriudadh i sean-Ghaeghilig 'san mhí le
theacht. Níor thainic liom féin d'a léigh-
eadh ach beagán mar ta na focla litrigh-
the 'san t-sean mhodh. 'Siad na sgeulta
atá ionnta "Loingeas Mac h-Uisnigh,"
"Oidhe Cloinne Tuirean." Fuair me
mar an g-ceudna "Oidhe Cloinne Lir."
Do cheannuigheas a n-Duiblinne é. Goir-
thear leo, "Trí Stáir Doilghiosa Éir-
eann." Béidh an t-Irisleabhar 'san am
le theacht mar bhí sé air d-tús agus cuir-
fead chugat iad, ma thoil Dia. Ní
dhearmadann mé thú; mar deireann ar
bh-file mhilis féin, Ua Móra, mar chuir
mé go Gaedhilig:----



"Tabhair cuimhne dhuit! seadh fad as
mhaireann mo chroithe,
Ní bhéarfad dearmad duit-se a choidh-
che;
Níos dílse ndh' dhíbhreas ad' bhróin
'sad' dear,
'Na fuighle an t-saoghail 'nna sonas
go mór."



Is dóigh liom go n-aithneann tú an dán
sin, agus beireann cuimhne na h-athais a
bhéitheadh againn 'san tír sin 'nuair bhí
tú ag fóghluim Gaedhilge a leigheadh a's
sgríobhadh. Deir Ua Móra air an b-
punc so:---



"Bhídheadh deunta a bh-fuil measa le
cinneamhuin cruaidh,
Tá muinintidhe sannach' a thearnuigh-
eas uaidh;
A thig anns an oidhche dubh ag labhairt
go ciuin,
De'n aimsir ta tharrainn, gidh tamuid
a m-bróin."



Cad é a mheasann tú air an treas-
bheurlughadh sin?



Fuair me sean leabhair luachmhaire
san Geimhreadh chuaidh tharrainn. Is dóigh
liom d'innis me timchill ceann díobh; ta
'nna laimhsgríbhinn, leis an Athair Cucho-
nas MacAodh, san m-bliadhain d'aois an
Tighearna, mar a deir an sgíobhnóir
reumhráidhte,---- Míle Seacht Ceudcuis
bliadhna Deug agus Fiódhthe, So é an
famhail in a sgríobhthar é, agus baineas
le neithe na h-Eaglaise é. Ta 549 leath-
anuigh sgríobhtha cho dlúth mar clódhbhuail-
tear iad, agus leannan se a Fhíorfreumh
no a Gheinealach suas go h-Eachaigh Dubh-
léine, Árdrígh Eireann. Is mór an leabh-
ar sin. Is mian liom go d-tiocfadh leat
a fheiscint Ta leabhar eile díob, Teag-
asg Críosduighe, clodhbhuailte in 1654.
Fuair me mar an g-ceudna na soisgeul-
ta agus na h-Epistlidh uile clodhbhuail-
te in 1829. Ach tá me cuir buaidhreadh
ort leis an g-caint so.



Tamuid ag deunadh go maith anois a
bh-Féis Shacsain, ach má's áill le Dia béidh
Féis againn d'ar g-cuid féin a n-gar.
Tá dlighe aga dheunadh ag tabhairt togha


L. 411


do gach fear aga bh-fuil teach ionnus,
tar éis an toghail gheinearálta so, béidh
Fir-in-ar-n-ionnad cho mór sin a's ní
fheudfaidh na Sacsain mhallaighe, santaigh
driltidh a thábhairt dhúinn. Tá na daoine
músgailte anois. Fosgailtear a súile
le Micheál Dabhit agus le h-Onrí Seorse.
agus a samhail Ins na néithe is lúgha bidh-
eann spiorad na Náisiúnta. San aim-
sir ta tharainn do b'fhearr le nar b-po-
baileudach Sacsan a caitheamh in a g-cul-
aidhibh 'na eudach Gaodhalach, gidheadh go
rabh sé níos feárr ceud uair. Anois an
cheud cheist fiafruighthear san t-siopa,
"An eudach Gaodhalach é seo." Anois
congbhuighthear ar n-airgead sa m-baile
in áit a chur go Sacsan. San g-caoi
cheudna, bhí am ann nar léigheadh irisleabh-
ar ach iad so bí clodhbhuailte i Londuin;
anois ta irisleabhair d'ar g-cuid féin
againn, agus gach h-uile nidh mar sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services