Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dialann Uí Chonchúir

Title
Dialann Uí Chonchúir
Author(s)
Ó Conchubhair, Cathal,
Compiler/Editor
Ní Chinnéide, Síle
Composition Date
1736
Publisher
(Gaillimh: Cumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe, 1957)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Dialann
Leabhar Connduis don bhliain 1736 la Cathal Ó Conchubhair.
Dia Máirt. July 6. Mé a cur na Mónadh abhaile re dhá lá agus as
ro aoibhinn an Aimsir. Na poitátaidh nua aniú agam.



Dia Cedaoin. Iúl XIV. Aniú ro thoisidh me ar bhúaint na h-orna.



Dia Domhnaigh. Lughnas 8. An coirce a ninibh a bhuana.



Aug. 11. Mé bhúain a choirce ré Dhá Lá.



Dia hÁine August 27. Deireadh buana a réidh agam.



Dia hÁine Octobris 1°. Aniú 7 bl. sa lá aniú ro thosaidh mé ar
choraidhacht.



Dia hÁine octobris. 15. 1736 me acc buain na bpotataidh re Sextinn agus
ni facas ariamh aimsir nios aoibhne. trí bhairille deg orna moire sa talamh
anocht agom.


L. 7


Dia hAine octobris. 22. 1736 Deireadh coraidhachta anocht agom. xv
bhairille órna sa talamh.



ixbris. xviii. aniú ro thoisigh leis a gcruaich fhada na monadh do
bhearrnadh.



Diardaoin Decembris. 16. 1736 Caiptín - Sémas Pluingced dfhagháil
bháis aniú agus bu duine uásal ro orrdhearc.



Dia hAine an xxi lá do Gheanair ro shín me amach an chécht aniu.



m. d. cc. xxxvii



Diardaoin April 14 Deireadh treabtha ar a tshean bhaile aniú gi co
bhfuil an chuach ag gárrthaigh ar fud na tíre.



Dia Mairt Apl. 26. sé bhairille phottátaidh anocht sa talamh agom.



Heu, quantum frugis potuit famaeque parare
Hoc quem Ardentes hauserrent tempore curae




Dia Mairt Mai. 24. 1737 Aníu ro thoisidh me re treabhadh agus leis a Móin,
agus an Eorna ag dol a ndéis.



Mai. 27. an eorna uile a ndéis.



Iunii 4°. críoch re búain na mónadh anocht agom.



Dia luain Iunii. 20 Pól Mac Diarmada bhi co ro mhaith againn seachtmhuin
agus a lá aniú agus ro rug buaidh a gcoimhlinn na crúachan an la ceudhna dá
chur aniú -.



Dia cedaoin Iuly. 13. 1737 me a buain na heorna agus a cur na mónadh
a bhaile o Satharnn ale. An triomach Siorruidhe sin ro bhí againn on
10 la don Bhél-Tinedh gon brisedh go fóill.



Aug. 18 A naimsir fleoch re Sechtmhuin Foghmhur an choirce go holc sa
nuile áit ona ghiorra, ona thanaidhecht, on ghaoth mhoir agus on
fherrthain.



Dia haoine Sep. 23°. 1737 aniu thoisigh me re coraidhecht.



Sep. 27°. 1737 Dá bhairille cruitnechta anocht i nithir agom.



Octobris. 14. Deireadh cuir agom agus naoi mbairille eorna i dtalamh
agom.
ixbris 9. In aimsir is aoibhne ar bith re Mí - on 13 la doinenn mhór.



Decembris. 10. 1737 La as teodha agus as aoibhne chonairc me riamh fon am
so.



día Mairt Ian. 24. 1737-8 ro shin me an cecht amach, agus ní mor dham
siubhal ris nios férr na noraidh



(6) Meabair nethe sunnradhach 1737-8



Dia Luáin Feb. 27. Ni fhacaidh aon ariamh fon am so na moran aon am ele
oidhche thenntidhe et thoirrnidhe nios mó ina í so.



Diardaoin an dara la don Mhárta tri bhliadhain sa la iniu ro ghlac me in
baile so.


L. 8


et Deireadh treabtha agom tar eis xviii nacra do threabhadh dhamh.



Dia cettaoin Ap. 12. 1738 clóidhe mo Mhoineir faoi dhos, agus na
senphotataidh dha saothrughadh.



Ap. 18 na potátaidh uile curthaidh.



Mai. 5. 1738 103 un do gherradh dhamh aniu et 14 huin fiorionn ar na
huin a cheannuigh me a nédh.



Mai 9. 1738 an lair donn fagháil Sdail a Muilinn chiorr.



Dia ? 103 uin do gherradh aniu dhamh.



Iune 30. 1738 Aniu toisiughadh re fer tirim do spealadh an aimsir sin o
bheltuine anuas fo shior-fhleochrus gus aniú Iuil. 20. 1738. Deachmhadh
na heorna do shuidheachan dhamh aniú re Pattraic mac Giolla Ghlais ar .
13. sgillinn



Dicédaoin Iuil. 26. 1738. Aniú ro thoisigh me re búain na heorna.
17. la níos moille na mur thoisigh me a noraigh et 12. la nios moille
na a roimh noraigh.



Dia haoine Iuil. 28. 1738 an Aimsir ro fhleoch, agus foghmhur an feir agus
na heorna co ro olc. me ro thinn o thendus fiacal agus o at mo gheill.



Dia Sathairnn aug. 12. 1738 fleochrus siorruidhe.



Dia Mairt aug. 22. aniú ro thoisigh mé ris a moin do chur a bháile, et
an fleochrus ann.



Dia sathairnn August 26. aníu bhuain me an cruithnecht re tosach maith
.ii. la deg nios dedhionnaighe na bhuain me a noraidh í.



Dia Luáin August 28. aniú ro thoisidh me ar buain an choirce 19 la nios
dheidhionnaighe ná an bliadhain 1736.



Diardaoin August 31. Deireadh na Mónadh sa mbaile aniu agom.



Sep. 13. 1738 deireadh buana anocht agom.



Sep. 24. beccan do tromach againn re ceithre lá, edach núadh orm aníu.



8bris. 19. 1738 an fleochrus a gcomhnuidhe.



8bris. 30 aniu an dara la do choraidhacht na bliadhna so. agom ní dob
annamh agom.



xbris. 11. 1738 la ro aoibhinn.



dia sathairnn. Ian. 27. 1738. 9 Tosach treabhtha earraigh dhamh et
28 nacra re dhol thrid agus ma eirgheann riom cho maith ris a mbliadhain
anoraidh, beidh co hiomchuidhe.



8 Dia Sathairnn. Ian. 13. 1738. 9 an bhliadhainsi fuaidh thorainn on
fithcedh lá daipreán an aimsir is fiorfhlithe chonnairc aon da Mairionn gan
chompráid ar bith, doich agom gur chríchnuigh si re stoirm na hoidhche
anocht leagadh tech dom thoiche go talamh et roinnead gan amharus morán
uilc ar fud na hereann go iomlan.



.Ian. 27. 1738. 9. Toisiughadh le treabhadh chum coirce aníu dhamh.



Feb. 1. an ched la dherrach aníu aguinn et co ttugaidh Dia nach mbeidh
mur an ffogmhar, an samhradh, et an geimhreadh, fuaidh torainn.


L. 9


Feb. 7. 1738. 9 siordhonenn et siorfhleochrus agus eaccla orm co
ffuighidh mo chuid ún bás.



Feb. 13. an fleochrus siorruidhe gan chlaocló.



- 16 Liath ro mhor et na Cnuicbaithe gan dergadh ar thalamh duinn re
15. la.



- 22 Fleochrus a gcomhnuidhe et gan grainne coirce sa nithir co fóill.



- 23 Thoisigh mé aníu coraidhacht la maith agus naoi mbuiseil sa talamh
agom ní nach ffuil acc aon sa tir co seadh.



Marta. an taonmhadh lá. 1738. 9. an mhí si fuaidh thorainn mur gach
Mí o oibrén ale gan ocht nacra treabhta co foill agom an dara lá don
Mharta ceithre bliadhna sa lá aniú ro ghlac me an baile so. et gan naoi
nacra trebtha go foill agom.



Marta an. 9. la. xv acra treabtha agom agus 9 nacra re treabhadh,
aimsir fhuar ghaothach 12 bhliadhain sa tam so sa gcnoc mhór
sgribhadh connduis dhamh et me san amsin gan ni ar bith iúil 7 - acht
toisighadh namá, siomdha ni chonairc me don tshaoghal ar fead an ama sin,
urad tá me bharamhladh et chonairc aon ar bith an mo staid fein ann.



Dia haoine an 16 la don Mharta. 1738. 9 Snechta mor amuich aníu
et 17 acra coirce curtha agom.



- 18° sneachta mor amuich.



- 22. fiche acra coirce anocht currtha accom.



- 25°. 1739. an snechta gan leaghadh a nedh ar chuid den bhaile so.
bliadhain sa la aníu cuireadh toirrdhealbhach .h. cearbhullain. an
toirfidech orrdherc gaodhalach; a naimsir is fearr chonairc sinn ré
leaithbhliadhain iso.



27° Aimsir roaoibhinn.



An 28° don Mharta. 1739. 24 acra faoi choirce anocht et 48 bairille
do chur dhamh.



Diardaoin April. 12. gan aoileach na bpotataidh amuich agus eaccla orm go
mbeidh me dedhionnach. an - moiner gan dos.



Ap. 14. tri scoir dhecc agus ceitre cinn decc un do bhreith dhamh gus
aniu. madh iar an comhreadh. 274 4 pheta tri cinn shios =
281



10 Ap. 18. 1739: 143 ún do chailledh dhamh aníu et 7 núin Rethe
réna léigen as.



Ap. 18. tar éis an mheoin lae so dha ún do bhreth et a gcailleadh
iardain.



Ap. 19. dha ún dfághail bhais dhíbh sin.



Ap. 21. dia sathairnn. acra potataidh do chur amú dhamh re se fera fiched.
se bhairille et dha bhuisel an uimhir.



Ap. 28. naoi mbairille anocht sa talamh.



Mai. 7. an aimsir re sechtmhuin ro bhródhach et ro fhleoch.



Mai 8. 2 un a nAth na gcarr accom.


L. 10


Mai. 9. Un o Tomas. h. Ruairc



-Do. dha ún a ngort na gcadhan.



- 17°. na potataidh do chur amú do gheraird ghearaild.



19. Eorna bheg gherailt dhá cur aniú triomach re tri lá aguinn. tar eis
ferrthonna bliadhna go leth. me as moin anos et ni hengnamh. Deichneamhar
fear do chailleadh ris na potataidh co foill i gconndus na bliadhna so.
1739.



29°. dereadh potataidh an bhaile so currtha morsheser do chailleadh ris
a móin dhamh gus anocht a glanamh portaigh.



Iún. 1739. an triomach bhi aguinn re 15 la do bhriseadh aniu an dara la
do Mhi mhedhain chum ferrthona trime.



Iun. 4. potataidh do chur ar a mbaile so aníu.



- 11°. síorfhleochrus o thús na míosa ar fad.



- 14. Deredh na mónadh baintidh aníu is dechmhaidh an bhaile so do
ghlacadh dhamh ar 51b: 15s..



cert beacc an bhaile so 0 14



dechmhaidh na ffearann 1 6



2 0



Diardaoin an 21 la do Mhimhedhain. 1739 gaoth mhor do erghe a reidhir
ro mhill morán do thoighthib agus do chrannaibh gan trácht ar gach bres
ele, donenn mhor aníu.



- 29. an coirce a dol a gcraoibh.



Iuil. 5. deireadh an chéd treabhtha aníu an so. sior fleochrus a milleadh
morán ar fedh an tshamhraidh so.



Iuil. 9. 1739 an mhoín dha gróicceadh aníu.



Iuil. 10. an samhradh so o thús ro fhleoch.



- 14. 210 un do bherradh iníu dhamh. an phracáil do thoisiughadh aníu
dhamh.



Iuil. 16.°



- 17. an ched ualach dár gcuid Mónadh úire do losccadh aniu dhúinn.



- 17. 50 pice luatha denta anocht.



- 30. dia lúain toisiughadh go mithreodhrach dhamh aniu re cur na monadh
abhaile gi be mur chrichneochum.



18 An mheabhair laethach siosana.



Aug. 3. 1739. Tosach ar bhuain na heorna aniu dhamh. 25 lá níos
dédhionannaighe na. 1737



-. 4°. dia sathairnn cuid mhaith don mhoin sa mbaile anocht re cosdus mór.
triomach iomchuidhe re cogthighis ni dob annamh sa mbliadhain ro fhlich so



aug. 5. 1739 cuid mhaith mhonadh sa mb. anos tar eis an fód dédhionnach
do tharrainn.


L. 11


Aug. 16°. Aimsir níos ferr againn o thosach na mísa na bhi aguinn re dha
bhliadhain sa tam so aroimhe.



Aug. 25. an triomach bhi aguinn o thosach na mísa do brisedh chum stoirme.
An eorna sa mbaile aniu an 23 la gi gurab anfach an aimsir.



Aug. 28. 1739. an aimsir ro fhleoch ó Mhairt. 1. re sechtmain agus a la
aníu, na potataidh dfhechain dúinn aniu.



- 29. deireadh aththiompodh an bhranair anocht.



Sep. 3. aníu thoisih me re buain an choirce se la nios dédhionnaighe ana
noraidh et 24 la nios dedhionnaighe na. 1736.



Sep. 13 An chruithnecht do bhuain dhamh aníu mí níos dedhionnaighe na
dha bhliadhain o choin.



Sep. 24. 1739 a lan don choirce gan bhuain ar a mbaile so et ar fud
Erenn uile go foill.



Dia Mairt. Sep. 25. aniu thoisigh me re siolchur nios luaithe na aon sa
tír.



Octobris. 3, an foghmhur go huile ar na connlidhe ac cach et fleochrus
siorruidhe ann. eorna bheg gherailt dha buain aniú.



Oct. 9. Deireadh coirce an bhaile so baintidh anocht. i. cuid Mhic
Giolla Dhona.



- 10°. Deireadh an fheir agus an arbha sa mbaile anocht accom, agus se
acra Eorna moire currtha agom.



- 11°. 17 bpice cruithnechta a chur an Muilinn aníu.



- 22°. Bairille cruithnechta anocht i dtalamh agom. samradh na bliadhna
so re cogthighis aguinn.



Dia Sathairnn Octobris. 19. 1739. Righ Saxan do fhuagairt coccaidh aniu
ar Righ Easpainne, ní nar saoileadh; tiucfaidh chum uilc nexamhal ar fud
iarrthair dhomhain; mur ttoirmiosgaidh Dia.



Dia Domhnaigh. Nou. 11. 1739. Aimsir fhleoch. Eorna do chur ané dhamh et
eagla orm fo na fas.



nov. 13. se bhairille mhora potataidh do tuilleamhain anniu sa gcliabh
mór.



20 An mhemhóir laethach, siosana



Dec. 10. 1739 an aimsir so ro fhleoch 29 bairille potataidh astoich
accom



- 26. an fhel Stephan aníu et triomach re hocht la an fuacht a
toisiughadh.



Ian 9. 1739.40 snechta mor re ii la deg et sioc dimhor. re 7 la ag
cruth go ffuil loch Erne faoi lec oidhre.



Ian. 11. sioc mor naoi la decc sin ac toisiughadh leaghtha aniu.



Ian. 19. 1739/40 an sioc re 27 la aníu an. et an Snechta re 20 la an
bhliadhainsi cho fleoch donenta ris a mbliadhain. 1738 co dtainic an
triomach so le 33 la. et is bliadhain lan do nethe iongantach suaitenta
neamhghnathach i sin, Priomhlocha Ereann et Saxan faoi lec oidhre anos.


L. 12


Feb.7. 1739.40. An sioc re 45 la aniu ann et an snechta re 40 la. gan
braon ferrthona do chur on. 18 la do Decembris et an aimsir a
toisiúghadh re began leaghtha aniu agus anédh. Ecc mor ar chaoiribh agus
baoghal ar innille ele ar fedh Erenn



Feb. 16. An Sioc et an Snechta dha léghadh uile aniu. 54 la aniu
othoisigh an Aimsir bhaoghalach so.



Febhra. 18. 1739. 40 An treas la aníu don ghealaigh Ferrthoin do theacht
ní nach bhfacamur re ocht sechtmhuine.



Febhra. 22. Día haoine. an cecht do shínedh amach aníu dhuinn et lec
dhaingen dar dtoirmescc. (súil air romhainn ní folair) - An Snechta
ledhthaidh ar a tuaith et Aimsir mhaith bhog ann. Patraicc O Diomasaigh
dfaghail bhais aniu.



Febhra. 29. cetre bhairille coirce sa nithir anocht et cuid don leaic sa
talamh co foill.



Dia Domhnaigh an dara la don Mharta. Cuig bliadhna sa la aniú ghlac me an
baileso.



dia cedaoin. an cuicceadh la don Mharta cuid do shnechta agus do lec na
nodhlac gan léghadh anédh a lios lachtna. 12 bhairille coirce i ttalamh
agom anocht. eg dímhor caorach ar fud Mhacaire Chonnacht.



An tochtmhadh la don Mharta. 1739/40. 11 acra treabtaidh anocht agus
19 mbairille coirce currtha.



Dia cedaoin. an. 12. la Fithche bliadhan sa la aniu ag toigh Eoúhain M.
Briain an gheta dhamh. 19. sa la ceadna ag toigh Sheaain ui Ainlidhe.
agus 18. ag toigh Chonchobhair ui Mhorain.



22 Dia Cedaoin an dara la don Mharta. 1739. 40 Deireadh treabhtha mo
chuid threach coirce anocht et 17 nacra treabthaidh. agus an ithir
foirstidh uile.



Día Máirt an .18 la. 13 bliadhna sa lá iníu dfhag mé Cill mhic an
treanaigh. Triomach aguinn acht an snechta namá ón 18 la do
Decembris.



Diardaoin. an. 27 lá don Mharta. 1740. 17 iomaire lín currthaidh
aníu. 2 bhusel síl ionta. Triomach bréa on Fhel tomas anuas et nios
faide. Núaidhecht gabhala portobello sa Nindia shíar ra Saxoibh.



cedaoin na bhraithe. pice rois do chur sa ngardin.



Diardaoin na gcomaoinecha April. 3. 1740. 3 bhairille agus dha bhuisel
potataidh do chur aniu dhamh re Aimsir ro thirim.



Dia haoine 4°. garruidhe na soileog faoi 13 bhuiseil anocht.



satharnn casc garruidhe Dhomhnaill Spailpin faoi 4 buiseil Iodhan. Acra
faoi 5 bhairille agus cuicc buiseil potataidh anocht coraidheacht na
bliadhna so. 1740.



17 acra Coirce 20.



8 Eorna et cruithnecht 20.



1 acra potataidh leo sin 4.



26 acra sa niomlan dha mesaim 44 0 0


L. 13


20 acra ele suidhte bhuailfios gan amharus 15 0 0



10 suidhte re gearoid cainnsiolach 4 0 0



56 acra suidhte no treabthaidh gan tracht ar ghárriacha 63 0 0



40 acra na fferann caite riu sin



96 mur so tligthidh 13s an tacra 63 0 0



144 re hoighidh cetra ar 7s 50 8 0



240 sa niomlan tiucfaidh dar ndoich 113 8 0



Cios as sin 85 0 0



sochar agus luach mo shaoithir 28 8 0



Dia Sathairnn April. 19. 1740 ón tri a chlog anuas an taon la ferrthona
fuaramur on 17 la do Decembris.



Dia lúain. April. 21. 1740. Bliadhain sa la aníu chuir me na potátaidh
18 la nios dédhionnaighe na chuir me a mbliadhna iád, an la aniu ro anfach
on ngaoith a dtúaidh agus on tsnechta -.



Dia cédaoin April. 30. 1740 An triomach agus an gaoth rua chéadhna gan
chlaoclod acht an taon tranona sin namá.



Dia luain Mai. 5. 1740. Snechta mor dha chur aniu agus an talamh uile
falaidh uaidhe. ni fhacamur bliadhain mur i sin riamh na slebhte fos falaidh
co huile.



24 Dia Sathairnn Mai. 31. 1740. An triomach siorraidhe uime a
toisiughadh aniu ris a móin do gherradh.



Iun. 11. 1740. tar és triomaidh lethbhliadhna fleochras re sechtmhain.



Iun. 20 triomach et teasbhach mor re tri lá.



Iul. 8. an triomach mor ann.



Iul. 10. 1740 toisiughadh dhamh risa moin do chur a bhaile aníu la fleoch.



Iul. 14. deireadh na monadh sa mbaile anocht re triomach maith.



- 16. la ro fhleoch tar és an triomaigh mhóir ré secht mí amharus agom gur
chriochnuigh an triomach sin as foide chonairc sinn nar nam fén.



Iul. 21. cuicc buinn agus da phighinn ar a bpice Minedh ar a tshamhradh
so, gorta mhor thremhid sin, agus gan baoghal ar fhoghmhur na heorna theacht
a stech; - acc sin lenmheantus an tsheaca mhóir.


L. 14


- 24. na spailpinidh a tuilledh uile do dhiobhail oibre. foghmhuir i
gcoigedh laighen, sioc líath amuich aníu ar Maidin. me gan cholladh re
dha oidhche.



25. Tuile mhor aníu (ni dob annamh.)



Aug. 6. Aimsir stoirmeamhail doinenta re tri lá agus ferrthoin nach mor re
20 la agus egla orm nach deredh dhi.



Aug. 11 tosach búana na heorna moire aniu acht la nios dedhionnaighe na
a noraidh agus 29 la nios dedhionnaighe na. 1737.



Aug. 12. donenn dhiobhalach on. 15 la do Iul. agus an la aniú agus an
aimsir re sechtmhuin ro bhresiumhail re doininn agus ferthain.



20. aniu thoisigh me re fer dho gherradh 7 sechtmhuine níos
dedhionnaighe na bu gnath dhamh a mbliadhain ele. an ferrthoin ann ré 5
sechtmhuine.



23. an eorna sa mbaile anocht.



30 na potataidh dhfechain aniú dhuinn agus iad nios anbaidhe co mor na bu
gnath leo fon Am so.



Sep. 1. 1740 atoisiughadh re búain a choirce aníu dhamh é ro chraobhglas
et foghail mhor airneisi air o oidhche.



9. an doinenn sa fleochrus go siorruidhe ar siubhal fa coirce ar sraith.



dia haoine. an. 12 la do Sep. stoirm mhor ré ceitre la sgeth an saoghal
arbha ar fud Eirenn agus gan amharus roinnidh bunudhus duilc egsamhla.
donenn anocht re hocht sechtmhuine.



13°. Deiredh na cruithnecht do bhúain aníu dhamh amhuil bliadhain sa la
aniu agus 61 bert innte.



19. do Septembris. dia haoine. Aimsir ro fhleoch et Arbur ar sraith
accuinn o thosach na miosa. dha sceth agus dha loghadh. Dia dha
reidhteach.



Sep. 13. domhnall .h. heistir d'fhasteodh dhamh co cenn raite ar 7s.



Dia Sathairnn. 27°. do Sep. 1740 an chruithnecht 59 birt sa mbaile re
triomach maith agus deredh an choirce cengailte. Líath do techt Dia Mairt
dedhionach budh mo doirtedh a gco gerr daimsir re chuimhne dhuine ar bith
beo ro leg toighe, ro thog cruacha arba dha ndruim roinned uilc ele
negsamhla (gan amharus) ar fud Erionn mo thech féin do bhathedh. le agus
moran fér agus arbha a mhilledh orm.



Octob. 7. 1740 deireadh an fhoghmhuir sa mbaile anocht gi go ffuil cuid
don choirce dha bhuain sa tir co foill.



25 Octobris. 3. 1740. comhairle na Saxan agus gíustis na hEReann
do chur Embarcco agus toirmiosg aníu ar loinges agus trácht na Rioghochta
co hiomlan, tri bharamhail cogaidh ris a bhfrainc, o a congnamh
don Spainnech agus aththogbhail Dhúncerc doich agom do dtiucfaidh cum
Maithesa dhuinne, gi gan amharus co millfidh moran fúin a lathair. As e an
timbargo sin nuaidhecht is mo do Erinn re 20 bliadhain.



An chuimhne laethach



octob. 10, 1740. les do ghlacadh ar a mbaile so dhamh. agus toisiughadh
ar shiolchur, agus an aimsir co maith ni dob annamh.


L. 15


- 22. dia cedaoin toisiughadh ar cruithnecht do chur aniu dhamh.



- 23 An talam uile faoi bhrat trom Snechta aníu 99 bliadhain gus an la
so thoisidh Sgrios dedhionach na ngaodhal.



26. Nuaidhecht bais an Impir orrdheirc, carolus vi. an naoiedh la don
mhí so, et as esiom an prionnsa ferrdha as dedhionaighe dha fhine agus
tiúghfhlaith na haustria.



nov. 2. fel na marbh Snechta mór amuich agus donenn.



Dia Sathairnn. Nov. 15. 1740. deredh coraidhacht anocht agom re haimsir
mhaith. tédhedh a mairille bracha do dhenamh aníu an so.



Dia sathairnn Nov. 22 donenn mhor ré dha lá, dha bhairille dheg
potataidh Poir agom anos tar es gach meth dhar erigh daibh.



An ched la don Mhi so stoirm uathfásach do eirghe ar fhairge na Saxan do
mhill moran ar Muir agus ar tír -.



Dia Mairt Dec. 9. 1740 me ar fedh na hoidhche acc eisdecht re Maghister
locke ughdar nar leugh me riamh roimhe. donenn scarrtha do dhenamh re
seachtmhuin agus liath a nedh cho mor ris a tuile san mí Septembris.



Dia luain Dec. 15 1740 snechta mor a muich agus sioc re se la cho mor ana
cho gerr daimsir re sioc na bliadhna a noraidh.



Dia luain. 22 la leghadh maith ar a tshioc agus ar a tshnechta aniu.



Genair 7°. 1740. 41. an cecht do shinedh amach a naimsir ro mhait agus
anocht dia sathairnn, 10°. Acra currtha faoi choirce.



30 Sep. 14. 1741. Aimsir mhaith. cedlá Dhonnchaidh ar sgoil an lá sin
agus go ttéidh a ttairbha dha chorp agus da anmoin. Amen. deired an
fhómhair sa mbaile anocht.



Sep. 25 Dia haoine toisiughadh ar shíolchur aniú a samhradh na Féle
Michile má bhí samhradh riamh ann.



Oct. 15. Deredh siolchuir aníu agom agus gan fuacht na ferrthain do thecht
go foill a nerinn.



Octob. 24. acra eorna do chur aníu dhamh re lán slúaiste. re triomach
ro mhaith.



31 mebhair laethach siosana. 1741



Ian. 21. mo mhac Sean do chur aníu a gcill chorcaidhe tedhedh nuadh
cheithre mbairille bracha an so aníu.



Dia sathairnn. Ian. 31. 1740.41. garraidhe Dhomhnaill spailpin do chur
aniu dhamh re buisel Eorna.



Febra 7. secht nacra coirce foirstidh agom anocht gaoth mhor re
cogthighis.



- 12 tedhedh cheithre mbairille bracha aniu = £2. 3s.



Marta an tres La 1740. 41. secht mbuisel deg potataidh currthaidh anocht
aguinn. agus 22 bairille coirce.



Marta an 5 la. Dha acra dhecc coirce foirstidh anocht. agus tri
bhairille potataidh faoi lánta.


L. 16


An tres la decc don Mharta. 1740. 41. an terrach as trioma agus is ferr
chonairc me riamh re Secht la dhecc.



An. 16. la dia. 1. 34. Bairille Coirce currthaidh anocht agom et deredh
treabhtha secht nacra dheg sin mhéd a chuirfem a mbliadhna.



April. 1. 1741 naoi sgillinne anos ar a mbairille coirce 16s ar an Eorna
et 18s ar na potataidhe. forraor sin.



April. 8. aon La agus oidhce ferrthonna aguinn on 25 la do mhi na
bhfaoilte. stancc lín saorthaidh go maith anocht.



- 11. Acra potataidh currthaid anocht accom sa niomlan.



Mai. 1. 1741. an síorthriomach mor so ar fud EReann et ALBAN
et Shaxan. 12s ar a mb. coirce 20 agus 22s ar an Eorna
agus 2lb: lOs ar a gcruithnecht.



Mai. 19. aon la amhain dferthain mhaith.



Dia haoine Mai. 29. toisiúghadh ris a moin dhamh an triomach mór
sin aguinn ón 25 la do Februari ro mhill guirt choirce ar fud an
chuid as mo Derinn.



Iun. 6. 1741 an cithe as truime mhoithidh sinnre ceithre Mhi
cosamhlacht bristidhanos ar a triomach mhor.



Iun. 9. fo choimerc chaidh choluim cille dhuinn aníu et gach la ele
dhar mbetha. ferthoin dhaingen re tri la.



- 11. seisrech do shinedh amach dhamh, más mithidh.



20. ferrthoin tar es an triomaidh mhoir agus is cosmhuil dhi bheth
buan.



Iúil. 6°. 1741 triomach mór ré cogthíghis agus tes fhleoch aniu
Cairdional Fleuri do bhreth A.D. 1655 agus e anos san 87
bliadhain dia aois. do rer nuaidhecht an lae aníu agus e a gcenn an
tri fichitt an tan fuair laoisech mor bás.



Iuil. 13. 1741 toisíughadh ris a móin do chur a bhaile aníu re
methil ghainn. triomach a gcomhnuide.



- 21. A mhoin sa mbaile anocht agus triomach a gcomhnuide agus an
eorna da buain aníu, 20 la nios luaithe na a noraidh.



Aug. 7. 1741 me buain an choirce aniú tri la xxt nios luaithe na
a noraidh. aimsir thirm on ched la do Mharta.



Aug. 14 an chruithnecht do bhuain dhamh aníu, mí nios luaithe na
a noraidh, 89 bert nt.



Aug. 31. deiredh búana an choirce anocht gí nar toisigheadh ar
anoraidh co Sep. 1. 1740.



Sep. 6. an aimsir as aoibhne ar bith.


L. 17


94 Naoi mbairille potaataidh astigh agom Decemb. 3. 1737.
£ 2: 5-0



101 beart eorna a chur astech aniu dhamh Decembris. 3. 1737. suil
agom 30. ll. este, súil úi Dhubhda dob eidir -.



Genáir. 14. 1737-8. ocht mbairille agus dha bhuisél Potataidh aníu
do thamhus a stech sa narga dhamh 89 bert eorna do chur a stech
ar a thseachtmhuin so dhamh.



An Plot ban laimh ré Toigh Aodha Mhic Gúidhir do shuidhechan ris
Ian. 18. 1737 ar 8. s.7 6d. et brisedh dho tar eis sin -.



Sen gharraidhe Mhairtín do shuidhechan ris feb. 2. 1737-8 ar 16
sgillinn.



feb. 3. aniu ro thoisidh mé ar choraidhacht coirce.



Ap. 1. 1738. cloidhe an Mhoineir denta anocht.



An xxii la don Mhimhédhain. 1738 an Samhradh as brodhaidhe da
bhfacaidh aon da Mairionn, gon aon la amhain triomaigh aguinn o
bheltine a nuas agus na taltaidh nios flithe na faoi nuadhlaic an
gheimhridh so fúaidh thorainn.



Iuil. 4°. 1738. obair. 4. speal dfhér a gcocaidh beaca anocht
et an Mhoin groicidh, an eorna caoch sa naimsir bristech.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services