Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mid-Eighteenth Century Conversation

Title
Mid-Eighteenth Century Conversation
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Lloyd, J.H.
Composition Date
1747
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. Maidinn mhaith dhuit, no mora dhuit, a dhuine úasail.
2. Oidhche mhaith dhuit, a mhaighistir.
3. Cionnus atá tú? Got dé mar tá tú?
4. Go maith. Níl mé go rómhaith.


L. 22


5. Mur sin mur sin, acht leath-shuarach, eadur eattoradh.
6. Atáim ceangailte agad.
7. Atáim buidheach dhíot, go raibhe maith agatt.
8. Cionnus atá do dhearbhráthair?
9. Tá go ró mhaith.
10. Níl sé go maith air chor air bith.
11. Is ró mhaith leis thúsa dfaicsint.
12. Ní bhfuil aimsir agam le fhaicsint aniudh.
13. Guidhim thú, suidhe síos.
14. Tabhair cathaoir don duine uasal.
15. Níl sé riachtanach.
16. Caithfeadh mé dol dféachain duine muintearrdha láimh leat.
17. Is mór in garradh sin ort.
18. Pillfead go ttaith, go gairid, go gearr, gasda.
19. Slán leat.
20. Is maith liom tfaicsin in do shláinte.
21. Póguim do lámhaibh.
22. Táim in do sheirbhis, is mé do sherbhisech.
23. Do sheirbhisech ró umhal.
24. Ca bhfuil do mhaghestir?
25. In bhfuil sé na chodhladh?
26. Níl, níl, atá sé na dhússacht.
27. In bhfuil sé súas?
28. Níl, a mhaighistir,
29. Is mór a náire a bheith na leabaidhe in fdafad sin!
30. Bhí sé ró mhall a nuair chúaidh mé a cholladh nár bhféidir liom
éirghe go moch, no co dtoith, go lúadh.
31. Go dé rinidh sibh a ndíaigh codach, no suipéir?


L. 23


32. Bhímur a rinnce, do shinneadhmur, do ghabhamur abhrán,
bhímur a gáireadh, dimreamur.
33. Go dé an cloithe, agus cia leis?
34. Air cáirte le ridire.
35. Go dé rinne an chuid eile?
36. Bhídur ag imirt langmhéur.
37. Atá aithreach orm nach raibh fhios sin agam.
38. Cía ghnódhaighe? Cía chaill?
39. Do ghnódhaighthe mé deich maighdóir.
40. Ca mall, no ca lúagh a dimir sibh?
41. Go dhá bhuille iar meádhon oidhche.
42. Ca húair do chuaidh tú in do leabaidhe?
43. Aige trí a chlog, no leath-úair íar ttrí.
44. Ní hiongnadh liom éirghe duit comh mall sin.
45. Go dé in úair, no an tam, hé?
46. Cadé an t-am don lá é do mheasas tú?
47. Ní chreidim go bhfuil sé in hocht do chlog go fóill, no go se.
48. Cionnus a hocht? Atá sé a ndiaigh a deich.
49. Mur sin caithfidh mé éirghe comh gasta is féidir liom.
50. Cía atá in súd?
51. Gotá dioriosbhaidhe ort, a mhaighestir?
52. Gabhaleith , no go thort, déana deifir.
53. Déana tine. Cóire mé méadach.
54. Atá tineadh déanta, a mhaghester.
55. Tabhair dhamh mo léine.


L. 24


56. Atá sí inn so, a mhaighestir.
57. Níl sí teith.
58. Tá sí fúar a ccomhnaidh.
59. Má sé do thoil, teife mé í, a mhaghestir.
60. Ná téi, ná téi, ní theife, ní theifeadh; tabhair dhamh mo stocaidh
síoda, no mo thriúsáin síoda.
61. Atáid briste.
62. Fá a ccórughadh, no tabhair fa dear a ccórughadh.
63. Do thug mé don mnaoi níghcháin íad.
64. Is maith rinneadh tú sin.
65. Ca bhfuil mo bhróga, no mo choráin, no mo shocarbhuinn?
66. Ca bhfuil méadach maidhne?
67. Cíor mo ghrúag, cíor mo cheann.
68. Glac cíor oile.
69. Tabhair dhamh mo chearsiúr.
70. A mhaighester, so cearsúr glan.
71. Tabhair ceann inn mo phóca.
72. Do thug mé don mnaoi níthcháin é.
73. Bhí sé salach.
74. Inn ttug sí mo chuid línéadaigh léith?
75. Thug, a mhaghester, níl datdaimh duireasbhaidhe.
76. Tabhair chugam mo bhrísteadh, no masáin.
77. Go dé in cóta, ná an chasóg chaithfios tú aniugh?
78. In cóta sin do bhí oram ané.
79. Biaigh bíaidh in táilúr innso go ttoidh re do nuadh édach.
80. Buaill bhuail duine éigint an dorus; féach cia hé. Cia hé bhí inn?


L. 25


81. Atá in táilúr.
82. Abair lais a theacht a steach.
83. In ttug tú mo chuid édaighe leat?
84. Tugus, a mhaighester, so íad.
85. Thug tú oram fetheamh leat aimsir fháda.
86. Níor fhéad a theacht nís dóithe.
87. Ní raibh síad críochnaidh, no déanta.
88. In bhféachfeadh tú ort do dhubhléid?
89. Féachum in bhfuil sé déanta go maith.
90. Creidim go ttaitneomha sé leat.
91. Sílim go bhfuil sé ró-fháda.
92. Caithidh siad go fáda íad do láthair.
93. Dún na cnaipeadh.
94. Atá sé ró-theann, ró-chomhang.
95. Rena bheith déanta go maith, caithfe sé fóighint duit.
96. Nach bhfuil na muinile ró-fhairsing?
97. Níl, a mhaighester, foghnaid go ró-mhaith.
98. Atá na triúsa ró-ghann, no an bríste.
99. Asé in faisiun é.
100. Fónadhaidh in chasógsa dhuit go ró-mhaith.
101. Atá sí ró-fháda, ró-gherr, ró-fhairsing, ró-chomhang.
102. Gabham do chuimerc, a mhaighester, atá sí ró-mhaith.
103. Got é adeir tú leis an línin, no salmhan?
104. Atá sí daitheamhuil, et ró-shaidhbhir.
105. Go dé do chosoin in tslat do ghalunansa?


L. 26


106. Cúig, et sé pund, no coróin.
107. Níl sin mór.
108. Níl sé daor.
109. Ca bhfuil in chuid eile dom éadach?
110. Níl nís mó inn.
111. In dhearna tú leabhurchonntus?
112. Ní dhearnnus, ní raibh aimsir agam.
113. Tabhair leat a márach é, agus díolfeadh mé thú.
114. Tugadh neithe éigin chugain re cíallonga.
115. Dhéana, mhaighester, atá innso císte caoirfheóla.
116. In ccaithfeadh mé in chos mhuicfheola thabhairt liom?
117. Tabhair leat í, gearrfam stiallóg dhe.
118. Leag édach air a cclár, no falaigh é le sgáraid.
119. Tabhair duinn trionnsiur, agus plátaidh, agus sgeanadh, et
gabhláin et litheacha.
120. Nighe na copáin, na cuacha, na feascuir.
121. Tabhair dúinn fíon.
122. Féacham in bhfuil in fíon go maith.
123. Go dé do bharramhuil dó?
124. Got é a deir tusa lais?
125. Atá sé tar, no ós cionn, maithios fíona eile.
126. Níl sé go holc.
127. Taitnighthe sé liom go ró-mhaith.
128. Suidh síos abhfogus don teineadh.
129. Níl mé fuar, atá mé go ró-mhaith innso.
130. Inn ttaitninn na cístíse leat?
131. Dith mé cuid dhíobh.


L. 27


132. Atá siad go ró-mhaith.
133. Tabhair deóch dham. Lóinighe deóch dhamh.
134. Tabhair deoch don duine uasal.
135. Ina do shláinte, mhaighester!
136. Go raibh maith agad a mhaighester, iomad mhaithasa agad.
137. Dól mé deoch air anair, air a bpunc; dibhios anios.
138. Guidhim thú, agus ith, a dhuine uasail.
139. Ní ithinn tú air chor air bith.
140. Dith mé uirid agus nach ttig liom meadhonlae chealgadh, nach
bhféaduim mo phroinn do longadh.
141. Níl tú ach a calaois, nír ith tú aonraod, no daduimh.
142. Go dé mar a théid an Ghaoidhilge?
143. Inn ttuigionn tú í go maith go fóill?
144. Ní ró-mhaith é, ní mór go ttuigim neithe air bith dhí.
145. Deir síad, no deirid, go labhrann tú go maith í.
146. Bfearr liom go ma fíor sin, atáid go rómhór mealta an mhuinnter
adeir sin.
147. Ca fada atá tú a foghluim?
148. Tuairim agus midhe.
149. Tuigim gach a léidhim.
150. Ba chóir dhuit toiseach air a labhairt.
151. Atá eagla oram féachaint léithe.
152. Adeirid gurabadh teangaidh í, noch iona bhfuilid iomad do bhriathradh
geaneamhuil de-thuitmeach.
153. Is ró-chian aosda in teanguidh í.


L. 28


154. Nach sílionn tú go bhfuil sí ró-chruaidh, no cadad?
155. Atá ró-líonmhur iomadamhuil, noch do ní ró-dhuibheigeánach í.
156. Badh cóir dhuit éigneadh do ghlacadh, agus a labhairt go neamhfhaiteach
re gach áon dá ccasadh ort.
157. Go dí inn aimsir'í?
158. Aimsir bhréagh.
159. Is ró-dhoinneanta, ró-annróiteach an aimsir í.
160. Atá sí fuar. Inn bhfuil sí teith?
161. Níl sí fuar, atá sí ró-bhrointeith.
162. Atá inn ghrian sgalta, greata, dóite.
163. Déanann sé fearthuinn?
164. Do ní sé fearthainn.
165. Ní shílim go bhfuil sé fearruinn.
166. Atá sé báisteadh.
167. Atá ceó mór ann.
168. Is gearr, goirid, go nglanaidh sé súas.
169. Atá in aimsir néullach.
170. Atá inn t-aéir breagh.
171. Atá sé sneachta, cur cloch.
172. Atá sé toirrnighe; tinnte, splancadh.
173. Atá sé cruaidhe shioc.
174. Nar thshioc sé raeir?
175. Níor shioc, acht atá sé sioc anois.
176. Atá inn oidhre, no inn leac, sé orlaighe air tighe.
177. Is féidir leat siubhal, no spoisteoracht, uirrthe.
178. Sílim go bhfuil inn naimsir claochló re bheith ceothach, claochoidech,
róthach, brocach, dubh, dorcha.
179. Ní tú mealta.
180. Atá sé fíor; níl a ghrían le faicsin anamharc.
181. Bhí stairim mhór araer.
182. Do leag sí síos cúig tioghthe déug.
183. Atá fearr-ghaoth air fhairge.
184. Fuair mé fuacht, no slaodán, mór.
185. Fuacht agus slaodán agus píochán is tortha don naimsirse, don tséin.
186. Atá inn geimhreadh ró-mhoglaidh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services