Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Song by Richard Barrett

Title
A Song by Richard Barrett
Author(s)
Bairéad, Riocard,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1819
Publisher
(B.Á.C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Preab 'san ól.



Is iomdha slighe do bhíos ag daoine
A' cruinniú píosaí is a' déanamh stóir,
Is a luighead a smaoinigheas ar ghiorra an tsaoghail seo,
Is go mbéidh siad sínte faoi leac go fóil.
Má's tighearna tíre, diúic nó rí thú,
Ní cuirfidhear pighinn leat ag dul faoi'n bhfód:
Mar sin 's dá bhrígh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe 'cur preab san ól!



Tá dream dho dhaoine le ba 's le caoire
Ag dul chun aonaigh 's fagháil dochar mór,
Dhá gcur chun cíbe 's as sin chun mínligh, -
Puintí críonna do feicthear dhóibh.
Ach déantar fiadhnuise ar a' mí seo
Go mbéidh a' caoineadh is a' sileadh deór:
Mar sin 's dá bhrígh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe cur preab san ól!


L. 122


An ceannuighe craosach níl meódhan ná slighe ar bith
Le ór a dhéanamh nach bhfeicthear dhó, -
An ráta is daoire ar an earradh is saoire,
Is ar luach shé bpighne go gcuirfeadh cróin.
Do réir chaint Chríosta is ní do-dhéanta
An cámhall cíocrach a thabhairt thríd a' gcró:
Mar sin 's dá bhrígh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe cur preab san ól!



An long ar sáile níl clúid ná ceárd
I nach gcaithfeadh cáirde ar feadh an domhain mhóir, -
Ó ríoghacht na Spáinne, suas Gibráltar,
Agus annsan áit a mbíonn an Grand Seignior.
Le gach cárgo líonfadh málaí
Ní choinneóghadh an bás uaidh uair ná ló:
Mar sin, a cháirde, níl beart níos feárr dhúinn
Ná bheith mar tá sinn, cur preab san ól!



Is olc a' tslighe bheith ag árdú cíosa,
A' déanamh daoirse agus tacsaí mór,
A' cur na ndaoine ó theach 's ó dhídean,
Ní, foraor, tá cinnte dhóibh.
An té a níons sin is dó is baoghluighe
A bheith i níochtar dhá bhruith 's dá dhógh:
Mar sin 's dá bhrígh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe cur preab san ól!


L. 123


Is measa choidhche ná ag árdú cíosa
Gan a' deachmhadh a shuidheachan mar is cóir, -
Tabhairt saothar Críostuidhe gan bhláth gan bhuidheachas
Don chléir nach ndéanann aon tsaothar dóibh.
Ní hé Críosta d'órduigh an dligheadh seo,
Ní hé Peadar a mhínigh é, ná Pól:
Mar sin 's dá bhrígh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe cur preab san ól!



Is geárr a' saoghal tá ag a' lili sgiamhach,
Cé gur buidhe agus gur geal a gabháil;
Agus Solamh críonna ina chulaidh ríoghmhail
nach bhfuil baoghal air i náille dhó.
Níl sa tsaoghal seo ach mar sionán gaoithe,
Gath a sgaoiltear, nó slám dho cheó:
Mar sin 's dá bhríhgh sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síorruidhe cur preab san ól!



Ach siúd é an Críostuidhe agus lámh na daonnacht,
Maxwell dílis tá i naice an phóirt,
A bhíos gan baosradh le boicht a thíre,
Agus a bhainfeadh a bhríste dho Thóny Mhór.
'Sé a phléisiúr saoghalta dho ló is dh'oidhche
Clann na saoithe bheith aige ar bórd,
Beoir agus fíon a thabhairt dóibh go líonmhar,
Cómhrádh saoitheamhail, - agus preab san ól!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services