Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mo Róisín, Amhráin, Filíocht

Title
Mo Róisín, Amhráin, Filíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1911
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MO RÓISÍN



(Fonn — “Ho ró mo 'Nighean.”)



A thírín dhílis áluinn!
A mhaoin mo chroidhe 's a ghrádh ghil!
Le díograis guidhim gach lá dhuit
Faoi bhláth go raibh tú arís!



Ó grádh mo chroidhe thú, a Róisín!
A bhainríoghain dhíl 's a stóirín!
A mháthair! chífear coróinn ort
Os cómhair an tsaoighil!



Cé trom atá an crádh ort,
Ó tiocfaidh lá an áthais
Agus cloisfear gártha 'r árd-chnuic
'S ar bhántaibh Inse Fáil!



Ó grádh mo chroidhe thú, &rl.



Dá bhréagaighe sgéal do námhad ort,
Ní thréigfidh Gaedhil go bráth thú,
Tá réim faoi shéan i ndán duit,
A's bás ní bhfaighidh tú, a rún!



Ó grádh mo chroidhe tú, &rl.



Brian na Banban.


L. 43


AN IMIRCE Ó ÉIRINN.



(Ar leanamhaint)



Tá dóigh eile a bhféadfaidhe baint fuithe.
Ní'l aondhuine a shiubhal an tír nach bhfaca
bolloga móra agus bánta réidhe fútha.
Chonnaiceamar clár na Midhe agus é faoi
bheithidhighibh. Chonnaiceamar Teamhair ina
féar, acht ar smaointigh aondhuine againn
ariamh ar an tarngáireacht a rinneadh tá
cúpla céad bliadhan ó shoin:—



“Béidh na sléibhte le téadaibh dá roinnt
chum stuic
'S na mílte Clann Éibhir ag triall thar
muir?”



'Tchímid go dtáinic an tarngáireacht sin
isteach fíor. Amharcamuid thart orainn
annseo. 'Tchímid an seort talaimh atá
ann thíos i gcríochaibh Conaill agus a chois
mara i gConnachtaibh. 'Tchí sibh, a lucht
léighte, an méid daoine atá ann. 'Tchí
sibh comh tabhachtach a's tá siad. Oibrigheann
siad go cruaidh ó chionn go cionn na
bliadhna ag iarraidh beatha a bhaint as
polláin agus as gleanntáinn bheaga. 'Tchí
sibh machairí móra na Midhe ag tógáil
eallaigh i n-ionad daoine. Nach measann
sibh go bhfuil dóigh ar fágháil réidhtighthe leis
an eallach sin do dhíbirt agus fir a chur i
na n-áit? Ní mheasaim go ndéanfaidh
gobhairmint na Breataine móire dadamh.
Tá a sháith le déanamh ag Seán le n-a
steadamán a choinneáil ó lainn na nGear-
mánach. Badh chuma leis Éire a bheith ina
fásach fhad a's gheobhadh seisean oiread
airgid uaithe a's choinneochadh é fhéin ag
ithe a's ag ól agus choinneochadh arm
eachtrannaighe de theacht ar a thóir.



Mura n-oibrighidh na daoine ar leo an
talamh na bánta réidhe seo nach bhfeadfaidhe
a cheannach uabhtha agus a roinnt ar dhaoinibh
a d'oibreóchadh é. Tá na mílte acaraí de
annsin gan duine le spáid a chur isteach
ann. Nach iomdha fear saidhbhir ann a chean-
nóchadh an talamh seo agus a chuirfeadh a
ghaol agus a mhuintear ina suidhe go te
ann? An bhfuil Éire í fhéin ró-bhocht le sin
a dhéanamh? Má tá, ní'l a fhios agam
caidé mar chuirfidh sí an droch-uair thairsti.



Is minic a cluinnid iomrádh ar thiomaint
seo an eallaigh. Na daoine ar leo an
t-eallach tá siad ag éirghe a chur síos le
láimh-láidir. Acht ar smaointigh siad seo
ariamh cé an peacadh is mó agus is truime-
eallach a thíomaint ó'n áit ar chóir do
dhaoinibh a bheith nó na daoine a thiomaint
glan amach as an tír ar fad?



Nár chóir go n-iarrfaidhe ar na daoiníbh
ar leo an talamh seo cuid de le crannaibh
a chur ann? Is mór an lán oibre a bhéan-
fadh ath-chur na gcrann do'n mhuintir atá
ar easbhaidh oibre. Inis na bhFíodhbhadh
b'ainm d'Éirinn fad ó shoin. Faraor! ní
thig an t-ainm sin a thabhairt uirthi indiu.
Gearradh agus díbrigheadh crainn comh maith
le gach rud eile. Acht tá an obair eadar
lámhaibh ag Cumann na gCrann agus tá
súil agam go néireochadh leo Éire a
fheicéail faoi choilltibh ar ais. Is iomdha
fear bocht a dtiocfadh leis gléas bheo a
dhéanamh ar an obair. Agus nár mhór an
tairbhe do Éirinn díol na gcrann seo?
Thiocfadh a lán ádhmad a chur go tíorthaibh
eile nó úsáid a bhaint as sa bhaile i n-áit
a bheith ag caitheamh airgid ar chuid ádhmad
na n-Iorruidhe agus na Rús.



Acht tá daoine ann agus dá bhfágfá Éire
gan roinn fúbhtha b'fhearr leo cúl a thabhairt
uirthi agus imtheacht leo i mbhéal i gcinn a
thaisteál na gcríoch coimhthightheach. Tá dúil
sa choigchrích aca agus is maith leo a
feiceáil. Agus fhad a's bhíos siubhal ina
gcosaibh aca agus smhaointiughadh i na gcionn
ní choinneochar i n-Éirinn iad agus fágthar
ó Life go Bóinn nó ó Bhóinn go Feabhal
aca. Caidé dhéanfar leo? An leigfear
dóibh imtheacht? Badh chóir nach leigfidhe dá
mb'fhéidir. Badh cheart dúinn iarraidh a
thabhairt ar a chur i gcéill is i dtuigbheáil
do gach duine atá sa tír gur éagcóir mhór


L. 44


an rud a ghníos siad ar Éirinn an lá a
chuireas siad cos ar bhórd luinge i Mágh
Bhile i dTír Chonaill nó ag Cill Gharbháin i
gCorcaigh na Mumhan.



Badh cheart do'n mhaighistir scoile iarraidh
ar seo a chur i gcéill do na páistíbh a bhíos
faoi na chúram. Badh cheart d'on tsagart
é innse do'n phobal Domhnach ar Dhomhnach.
Badh cheart do lucht na bpáipeár iarraidh
ar chomhairle a thabhairt do na daoinibh
fanacht sa bhaile. Badh cheart dúinn uilig
ár ndícheall a dhéanamh le cosg a chur leis
an sruth seo atá ag síor-imtheacht siar le
30,000 duine gach bliadhain agus ag fágáil
na tíre bán ina dhiaidh. Dá mbadh pláigh a
bhéadh ann bhéadh gach duine ó liath go leanbh
ag déanamh a dhíchill le n-a glanadh amach
agus a cur faoi chois. Acht cá bhfuil an
pláigh a scuabas léithe 30,000 duine de
phlúr ban óg a's de scoith fear calma
cródha taobh istoigh de cheithre ráithche?



Acht má amharcthar go géar ar an cheist
'sé 'tchífear go bhfuil baint ag gach duine
againn léithi. Caillfidh an maighistir a
chuid scoláirí. Caillfidh an saghart a
phobal. Caillfidh lucht na bpáipeár díol
na bpáipeár sin. Caillfimid uiligh leis
an Imirce agus caillfidh Éire nidh is luach-
mhaire 'ná airgead nó ór léithi: caillfidh
sí a clann.



Amharcaidh ar an teaghlach a thógtar ag
glúin máthara céadna. Éirigheann siad
aníos duine i ndiaidh an duine eile. Ní'l
áit fa dheich míle dóibh nach bhfuil a fhios
aca. Agus tá eolas thar eolas aca ar
gach carraic, ar gach sruthan ar gach cnoc
a's ar gach gleann atá ina gcomhursanacht
fhéin. Tiocfaidh lá a smaointeóchaidh duine
aca ar airgead a's ar ór a chruinniughadh.
Tá sé ag éisteacht le gáir na dtíortha
coimhthightheach ó tháinic ann siubhal. Ní
dhéanfaidh a dhath maith dó acht imtheacht
féachail a bhfuigheadh sé cuid de'n airgead
atá fairsing sin ar siubhal a chruinniughadh
i gcionn a chéile. Imtheochaidh fear eile
agus fear eile aca go dtí nach rabh fágtha
act an mháithrín bhocht í fhéin. Fuigfear ise
ann i ndeireadh a saoghail thall a's gan
duine le n-amharc ina diaidh acht an Té a
chruithingh í agus Muire Bhan-Tighearna.



(a chríoch).



Eoin Ó Searcaigh.


L. 73


SEÁGHAN Ó DUIGHIR A' GHLEANNA.



Innsint eile ar an sean amhráin.



Éistigh liomsa sealad chun go n-innsead
díbh cé cailleadh
Seán Ó Duighir a' Ghleanna is gan trácht ar
a chéim 1
A choin a ghadhair 's a chapaill, táid na gcré
a's na gcartaibh 2
A's ní fios cár ghabh an t-anam bhí go
n-áirighthe in sa chléibh.



Sé an chladhaire an bás a thagann go ciúin
gan labhairt 3 'na theangain
Ar nós na taoide á leathadh fuid cuantaibh
's a sgéith 4
Céad glóire leatsa 'Athair tá go h-árd
id' ghlóir insna Flathais
Cé gur síoruidhe buan th-ainm againn-ne
go léir.



Dheinis-se gach nídh do cheapadh, do chúm 5 an
t-aer gus an talamh
A's na réiltheana úd a thagann gach oidhche
'sa spéir
Dá luighead le rádh na beachaigh thugais
dóibh céard bhreágh bheatha
Nó raidhse 6 an Úghdair mhaith dhóibh iad
'fhoghlaim insa léigheann
Faid a bhíonn an ghrian ag taithneamh 'seadh
chnóstuighid leo a gcuid mealla
Mar stór i gcóir a caithte 'sa gheimhre
dhóibh féin.



A dtugabhair-se fé ndeara an chaint a
chaith an Leanbh
Nuair a tháinig Sé ar an dtalamh mar ghrádh
dhúinn go léir
Nuair a rugadh É go dealbh i mainséar
fuar na n-asal
I lár a' gheímhre ghairbh gan aoibhneas ná
aer.



Nuair eirigh suas i bpearsain níor ghlac Sé
léas ar talamh
Ní dheaghaidh ag fiadhach le marcaigh a's níor
ghrádhaigh riamh a gcéim
Níor shuigh Sé i gcúirt ná ar halla ní
dheaghaidh go tábhairne an ragaidh
Níor dhual ag ól do'n Leanbh ach fíor uisge
caol.



Molaim go h-árd a Athair do ráidhte
múinte blasta
A's an Mhaighdean úd ná chaitheadh caimbric
ná sgléip 7
Húda dubh ná hata ná eadaighe dhaora ó'n
gcathair.
Cé go bhfuair sí comhacht insna Flathais thar
mnáibh eile 8 an tsaoghail.



Seághan Ó Muirthile
do Shaotharuigh.



1. Céim — a step or degree, hence high degree.



2. Cartadh — mould, bogstuff,. The dative plural ending
above seems iregular. However it represents the
sound as given by narrators.



3. Labhairt — the act of speaking; speech.



4 Sgéith or sgéitheadh — the act of gukshing forth as water.



5. Do chúm — the change from the second person dheinis
to the third chúm is a freedom insisted on by the
narrator. The meaning of course is — “You made
all things that were created, (you) fashioned the
earth and sky.”



6. Raidhse — abundance, munificence. An Úghdair mhaith —
“The Good Author — The Giver of Good Gifts.”



7. Sgléip — frivolity, dissipation, here extravagant dress.



8. Eile — otherwise, it may be uile — all. Both suit the
text.


L. 107


FILIDHEACHT.



Eoin Ó Searcaigh do sgríobh.



TÁ filidheacht le fagháil againn i ngach
teangaidh. Filidheacht an Bhéarla is
mó a bhfuil eolas againn fhéin uirthi. Is
beag staidéar a rinneamar ar fhilidheacht
iol-thíortha eile; acht corr-uair nuair atá-
muid tuirseach, sáruighthe i ndiaidh lá fada
a chaitheamh ag corraidheacht le sean Úclead
go dtarraingeochadhmuis orainn cuid de
shaothar sean-bhárd Éireann. Claoidhte
agus fágtha amach mar bíomuid tig úr-
spiorad na h-óige ar ais chugainn ag
léigheadh briathra binne, milse Gaeidheal.
Tig Séicspíor chugainn agus Byron agus
cailltear sinn i lár na bhfocal mbinn.



Deirtear go mbíonn an fhilidheacht leis
an fhile ó bhroinn a mháthara anall agus nach
bhfuil aige acht rud deas a fheicéal a's go
dtig leis a chur síos i n-urlabhra a mhaireas
go h-éag. 'Tchí sé áilneacht i rudaibh nach
bhfeiceann aon duine acht é fhéin. Téid na
mílte thart an bealach leis na céadtaibh
bliadhan agus ní sonnruigheann aoinne de'n
phobal an séod luachmhar atá in a luighe ó
thús an tsaoghail annsin i ngan fhios dóibh.
Téid an file thart agus i bpreabadh na
súl 'tchí sé an maiseacht uilig faoi agus
cuireann sé a chuid smaointighthe síos go
binn, bláthmhar sa dóigh a dtabhairfidh siad
aoibhneas agus pléisiúr do chách i ndiaidh a
bháis fhéin



Bhí grádh mór i gcomhnuidhe ag filíbh i
ngach teangaidh do'n fhairrge, do na
srutháin, do na h-éanlaith agus do'n
tSamhradh órdha agus do gharbh-ghaoth an
Gheimhridh ag séideadh thríd pholl na h-eochrach:
b'aoibhinn leo éisteacht go lá an Luain le
tonnaibh geala bána ag damhsa ar an tráigh
nó le cronán an tsrutháin chaoil úd thíos ag
déanamh a bhealaigh go ciúin mall síos go
fairrge tráthnóna Samhraidh no Foghmhair.
Aoibhinn saoghal an fhile! Is cuma liom
má's sean-duine críon, liath é no óig-fhear,
ghasta, lúthmhar, is aoibhinn dó i gcómhradh le
neithibh deasa an tsaoghail mhóir agus is
fada uadh duairc agus brón na cruinne.


L. 159


AN DÓIGH IS FEARR LEIS AN
ÓLACHÁN DO CHUR AR gCÚL.



EOIN Ó SEARCAIGH do scríobh.



Má's inchreidte go gcaithtear corradh le
trí mhiliún déag punt ar ólachán gach
bliadhain i nÉirinn, ní h-iongantar go bhfuil
sliocht Mhílidh Easpainne lag, meithte, gan
bhrígh gan mheisnigh. Is olc an rud an
imirce a scuabas léithe corradh le hocht
míle fichead duine gach bliadhain agus atá
ag fágáil bánta Éireann ina luighe bán.
Acht dá dhonacht an imirce cá bhfuil rud le
fágháil a ghlanas leis trí mhiliún déag punt
i n-ór bhuidhe taobh istoigh de cheithre ráithe
a's do-ghní an t-ól. Truagh linn gan beagán
céille ag Clannaibh Gaeidheal.



Caidé is fearr a dhéanamh le cosg a chur
leis an ól bhradach seo atá ag milleadh
scoith fear agus plúr ban Inse Fáil?



'Sa chéad áit badh cheart do lucht na
h-eaglaise fuagradh gach Domhnach ó'n altóir
dá bpobal go bhfuil an t-ólachán ag milleadh
anama agus cuirp an duine. Domhnach ar
Dhomhnach badh cheart dóibh an scéal céadna
a bheith le h-aithris aca go dtí go gcuirtear
an nós mhalluighthe seo fá chois agus go
scuabtar amach as an tír ar fad é. Badh
cheart do'n mhaighistir scoile a fhuagrad do
na páistibh atá faoi n-a chúram, óir is é an
t-am nuair atá an inntinn bog, óg, le n-a
chur & gcéill dóibh. Gach rud a innseas an
maighistir dóibh creidtear é, agus nuair a
chuireas sé i gcéill dóibh caidé an léir-
schríos atá an t-ól a dhéanamh ní dhéanfaidh
siad dearmad ar a dheagh-chomhairle go
síntear faoi chlár iad, Béidh siad-san ina
bhfearaibh agus ina mnáibh óga i gcionn fiche
bliadhan eile agus is órtha-san a luigheas
chliú na Fódla. Measaim go gcoinneochaidh
siad an deagh-chomhairle sin fhad a's beo iad,
óir an teagasg a gheibheas páiste ag glúin
a mháthar nó ó bhéal an mháighistir ní dhean-
faidh sé dearmad air go luath. Mar sin
de, nuair nach mbíonn aonduine fágtha de'n
dream atá beo anois 'tchífidh cibé bhéas beo
an uair sin, fir óga ag riubhal na tíre le
n-a ghnaithe nach mblasfann aon dheór de'n
nimh mharbhtha seo a thug an oiread sin
scriosa ar a n-atharaibh. Tig linn annsin a
rádh, mar dubhairt “Brian na Banban” tá
goirid ó shoin:—



“Mo ghrádh na Gaedhil óga
Mo dhóchas 'san ár,
Is iad-san a thógfhas
Ceann Fódla go h-árd.”



Go lucht na bpáipéar linn anois. Is mór
an méid oibre a thig leo-san a dhéanamh le
cosg a chur le caitheamh an airgid. Tig le
heagarthóir páipéir mórán a rádh dá lucht
léighte ar an cheist gach seachtmhain agus
má thaisigheann páipéir na tíre uilig ag
cur síos ar an cheist ní fada go mbéidh
athrughadh crotha ar a lucht léighte.



Agus nár mhaith an rud ar aontaighibh dá
mbéadh tae nó bainne dá dhíol ann mar
dhighe i n-ionad uisce bheatha? Sin dóigh
eile ina bhféadfaidhe cosg a chur leis an ól.



Le críoch a chur leis an bheagán seo thuas
badh mhaith linn a chur i n-umhal do chách
gurb'é deagh-shompla ceann de na rudaibh
is fearr fá choinne cur i n-aghaidh an óil.
Má 'tchí óltóir tusa nó mise nach n-ólann
aon bhraon de tiocfaidh athrughadh air-sean,
óir “is fearr sompla maith 'ná aitheantha.”



Badh mhaith linn an lá sin a feiceáil ina
mbéadh an t-ól díbrighthe go h-éagh as
críochaibh Fáil. Badh mhaith linn a feiceáil
adeirim, nó badh é sin lá saoirse Éireann.
Ba chuma caidé eile bhéadh os ár gcionn,
acht aon amharc amháin a feiceáil ar bhán-
taibh Éireann saor ó dhaorsaibh agus ó
chealgaibh Gall, agus níl dóigh is fearr le
sin, a fheiceáil 'ná cuidiughadh bac a chur leis
an ól mhalluighthe,


L. 188


DEÓRAIDHE Ó ÉIRINN



BRIAN NA BANBAN do sgríobh.



Ó! is aereach do bhínn ins na laethibh grínn
Sul a thréigeas mo thírín féin;
'Gus is léanmhar a bhím, gan séan i mo
chroidhe,
Ar na sléibhtibh maoil' i gcéin —
Is go mór-mhór anocht, tá an brón 's an
tocht
A's an dólás i' m' ucht go beó,
Nuair smaoinighim, tráth, ar an aoibhneas
ba ghnáth
Cois na teineadh cnámh fadó!



Ó! is minic mé ag smaoineadh le briseadh
chroidhe,
Ar an gcruinniughadh 'san oidhche chiúin,
Na héanlaith 'n-a luighe, a's an ghealach
bhuidhe
I n-a suidhe, a's an tír faoi' n drúcht:
Aos óg agus críonna ag súgradh 's ag suidhe
Cois an chlaidhe ar thaoibh an róid,
Agus ceól an mhála 'n-a bhinn-chrónán
Cois na teineadh cnámh fadó!



Cluinim óig-fhear ag trácht ar an deóraidhe
thár sáil',
'S ar an lá 'n-a seólfar chúghainn
Gach Gaedheal tá ar fán, is go sgaipfear
an crádh
Chuir an námhaid ar an Róisín Dúbh.



'Sí Uair na Sídhe is níl fuaim 'sa tsaoigheal,
Ach i m' chroidhe 'stígh cluinim glór —
'Sí mo chailín bán ag gabháilt amhráin
Cois na teineadh cnámh fadó!



A Dhia na nGrást! sín chúgham Do Lámh
Is treóruigh go slán mé arís
Do'n tírín is áilne 'san domhan iomlán,
Ach is cráidhte a béas mo chroidhe!
Is brónach mo chás! tá mo chailín bán
Le fada an lá faoi'n bhfód —
An mhaighdean mhánla dá dtugas grádh
Cois na teineadh cnámh fadó!


L. 228


A ÉINÍN AR CHRAOIBH.



BRIAN NA BANBAN do sgríobh.



A Éinín ar chraoibh!
Is aereach do shaoigheal
Is ba mhéinn liom bheith taoibh leat go bráth,
bráth;
Ag éisteacht 'sa choíll
Le meidhréis do chroidhe,
Is na spéartha ár ndídean gach lá geal!



A Éinín ar chraoibh!
Ní thréigfinn a choidhch'
Ar aon nídh, an tír n-a mbíonn tú,
Cé gur léanmhar a bhím
Ar an bhféar i do ghaor,
Ar Éirínn, mó mhaoin ghil, ag smaoineadh.



A Éinín an Ceoil.
Fan taobh liom go fóill,
Go ndéanfad mo bhrón chur i n-iúl duit —
Tá sméirle gan chóir
Ag réabadh mo stóir
'Á céasadh gach ló is 'á brúghadh!



A Éinín ar chraoibh!
Ó éist le mo ghuidhe
Is beir leat chum Ríogh na nGrást í —
Go dtraochtfar gan mhoill,
An sméirle — Seaghán Buidhe —
Is go saorfar mó mhaoin is mo ghrád geal!


L. 255


TEAMPUILÍN NAOMH FACHTNA.



Ó'n Athair Peadar ua Laoghaire.



[Do h-iarradh ar an Athair Peadar ua Laoghaire
uair, Gaedhilig do chur ar dhán bheag Bhéarla a sgríobh
fear de mhuintir Mhathghamhna, .i. Flaithrí mac Cártha
Mathghamhna, ar sgéal a bhain le Naomh Fachtna. Níor
dhéin an t-Athair Peadar an Bhéarla d'athrughadh, ach
do chúm sé an nua-dhán Gaedhilge seo ar an sgéal
céadna.]



Bhí Fachtna naomhtha, an Mongach léigheanta,
I n' aodhre ar mhanachaibh,
I Maol an Fhiadh, 's ba léir a riaghal,
'S a bhéasa beatha cirt.
Tháinig ó Dhia teachtaireacht dían
A's thug sé a theachtaireacht:
“Ní foláir imtheacht na h-áird ó-dheas,
A Mhongaigh bheannuighthe.”



Chím árdsgoil shuairc, chím óga uaisle
Ó'n Eóruip bailighthe,
Ag fághail sgoluígheachta ó fháighibh díachda
Ar Rínn-Ros Ailithre.
Chím Fachtna naomhtha amuic i n' aonar
Fé brághaid caraige,
Ag guidhe go cruaidh chun Dé 'tá thuas
An tréad do tharamoin.



Lá gealáin — spéir ghlan, árd —
Sámh an fharaige —
Fachtna ar a ghlúinibh, deóra 'na shúilibh,
Luas 'na mheanamna.
“A Athair na bhfeart a dhealbhuig neamh,
Grian agus leathan-mhuir,
Tabhair leat saor ó chleasaibh an tsaoghail,
Mo thréad beag leanabh-sa!”



Do ghluais an lá. Níor mhothúigh an fháigh
An uain ar atharach
Gur eirigh an ghaoith, 's go dtáinig foth braon
Anuas sa bhathas air.
“Moladh le Dia!” agus siúd chun riain
An naomh, ó'n mbagairt sin,
Gan stad gan staonadh go raibh sé i n' aonar,
Istigh i n' aragul.



Do las na spéartha. “A Thighearna saor
sinn!”
Do phléasg an tóirthneach.
Do thuit an clagar anuas, ag greadadh
Finneóg a's dóirse.
“Ó, Dia le m'anam!” adúbhairt an t-Easbog,
“Do dhéineas dearmhad.
D' fhágas am dhiaigh amuich ar an bhfiara
Leabhar an Aifrinn!”



Do lean an t-éirleach. Bhí Fachtna naomhth
Go buartha i n' aigne.
Do loitfí an leabhar. Ní fágfí beann
Gan leighe gan stracadh dhé.
Do bhéadh a chualacht, ar maidin, go h-uaig-
neach
Gan Ídhbirt Bheannuighthe,
Nídh nár thárla go dtí an lá san
Ar Rinn-Ros Ailithre.



Tháinig an lá, “an mhaidin bhán,”
Gan leóithne gaoithe;
Ansan cé cheapfadh go raibh an chaismirt
Ar siúbhal sa n-oídhche!
Do ghluais ar saothar Fachtna naomhtha
Cé'r beag a dhóchas
Go bhfaghadh sé leabhar, ná cuid de leabhar,
Ná fiú bileóg dé!



Do shrois sé an fiara, “Moladh le m'
Thighearna!”
Do leath a mheabhair air.
Bhí tigh beag gleóite ann, go cúmtha córach,
I bhfuirim teampuil!
Chuaidh Fachtna isteach ann. Bhí leabhar an
Aifrinn,
Gan aon rian uisge air,
Ansúd sa n-áit i n'ar chuir a lámh é
indé roimis sin!



Ba ghearr gur h-innseadh ar fuid na dtíortha
An saothar aingeal san,
'S go raibh na táinte ag teacht lé cráibhtheacht
Go Rinn-Ros Ailithre,
Ga h-úmhal a d'iaraidh cabhartha ar Dhia
'Gus leigheas ar ghalaraibh.
Tagaid siad fós ann ó cian a's ó chómhgar
'S anall tar faraige.



Mongach — St. Fachtna was called mongach, because
he was born with a fine head of hair.


L. 288


AN
GHRÁIN SA N-ÁIT NAOMHTHA



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach, S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier Street, Dublin.



Nuair a chaillean an duine grásta Dé
mar gheall ar pheacadh dhéanamh tá an ghráin
sin le feisgint ag na h-aingil, agus ag na
naoimh, agus ag an Maighdin Muire, agus
ag an Slánuightheóir, agus ag an Athair
Síoruidhe; grásta an Spioraid Naoimh
díbeartha as anam an duine sin, díbeartha
amach as an áit naomhtha, agus an peacadh
marbhuightheach, an ghráin, gráin an léir-
sgriosa, 'n-a sheasamh go dána istigh sa
n-áit naomhtha. Chíon an duine sin féin an
ghráin sin, 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha.
Taisbeánan a choinsias dó an ghráin sin.
D'á bhrígh sin labhran an Slánuightheóir an
focal atá sa tSoisgéal léis an nduine
sin: “Nuair a chífir gráin an léir-sgriosa
'n-a seasamh sa n-áit naomhtha; an t-é a
léighfidh, tuigeadh.” Nuair a chífir go bhfuil
peacadh déanta agat i n-aghaidh Dé, go
bhfuil grásta Dé díbeartha uait agat le
d' thoil mhacánta féin agus go bhfuil t'anam
curtha agat ar staid an pheacaidh, go bhfuil
an ghráin curtha 'n-a seasamh agat sa n-áit
naomhtha, go bhfuil an ann-sprid curtha agat
i seilbh t'anama i n-inead an Spioraid
Naomh; nuair a chífir an méid sin, cuimhnigh
ort féin. “An t-é a léighfidh, tuigeadh.”



Agus cad 'tá le déanamh ag an gCríos-
daidhe, nuair a chífidh sé agus nuair a
thuigfidh sé i n-a aigne gur b'shin mar atá
an sgéal aige, go bhfuil an droch nídh sin
déanta aige dhó féin, go bhfuil an ghráin
sin glacaithe aige agus go bhfuil grásta
Dé díbeartha uaidh aige? Innsean an
Slánuigtheóir féin dó cad 'tá le déanamh
aige. Tá an rud lé déanamh aige a dhéan-


L. 289


fadh an duine do chífeadh uisge agus teine
agus tóirneach ag teacht i n-aonfheacht air.
Cad a dhéanfadh an duine sin? Cad a
dhéanfadh sé ach teitheadh le n-a anam chómh
tiugh i n-Éirinn agus bhéadh sé 'n-a chosaibh?
Nó mar adeir focal an tSlánuightheóra sa
tSoisgéal: “An mhuintir atá i n-Iudéa
teithidís chun na gcnoc, agus an t-é atá ar
bhuaic an tíghe ná téigheadh sé síos chun aon
nídh a bhreith as an dtigh leis.”



Siné díreach atá ag an gCríosdaidhe le
déanamh nuair a thuigfidh sé i n-a aigne go
bhfuil sé ar staid an pheacaidh, go bhfuil an
ghráin 'n-a seasamh sa n-áit naomhtha aige,
teitheadh le n-a anam díreach mar a dhéan-
fadh an duine n-a mbéadh an t-uisge agus
an teine agus an tóirneach ag teacht
i n-aonfheacht air.



Agus cá dteithfidh sé le n-a anam? Cá
dteithfeadh sé le n-a anam ach chun na
h-aithrighe? Imthigheadh sé láithreach agus
deineadh sé faoisdin mhaith. Siné an rud a
chuirfidh an ghráin a' seilbh airís agus do
thabharfaidh grásta an Spioraid Naoimh thar
n-áis isteach sa n-áit naomhtha. Deineadh
sé an aithrighe, le grádh agus le croídhe-
bhrúghadh agus le mainíghin as Dia. Deineadh
sé an aithrighe i dtreó go rachaidh mór-luacht
bháis an tSlánuightheóra chun sochair d'á
anam. Agus, thar gach nídh eile atá agam
le sádh leis, deineadh sé an aithrighe láith-
reach. Ná fanadh sé le h-aon tsaghas eile
gnótha dhéanamh. “An t-é atá ar bhuaic an
tíghe ná téigheadh sé isteach chun aon rud a
thabhairt leis as an dtígh.” Má dheinean sé
ríghneas de'n tsórd san, b'fhéidir go dtioc-
fadh an tuille agus an teine agus an
tóirneach air agus go sguabfaí chun siúbhail
é. Nuair a bhíon duine ag teitheadh le n-a
anam ní chuimhnighean sé ar aon rud eile ach
ar an anam. Is neamhnidh leis aon nídh eile,
ór ná airgead ná ollmhaitheas. An duine
atá ar staid an pheacaidh, má dheinean sé
an ríghneas, agus ansan má thagan an bás
air, agus go gcaithfidh sé dul i láthair Dé
agus an ghráin 'n-a seasamh istigh sa n-áit
naomhtha aige, conus a bheidh an sgéal aige?
Beidh go sgannramhail. “Beidh buaireamh
mór ann an uair sin ná raibh a leithéid ó
thusach an domhain, agus ná beidh.” Siniad
focail an tSlánuightheóra féin ar conus a
bheidh an sgéal aige. Ní gádh dho'n duine
sin fanamhaint go dtí lá an bhreitheamhan-
tais chun gabháil trídh an sgannradh. Caith-
fidh sé aghaidh a thabhairt ar an sgannradh
chómh luath agus do sgarfaidh anam le
colainn aige.



Cuimhnigh air, a Chríosdaidhe. Cuimhnigh i
n-am air. Ná dein an ríghneas. “An t-é
a léighfidh, tuigeadh.” Tuig láithreach conus
a sheasuighean tú i láthair Dé. Ná fág an
t-anam bocht i gcontabhairt. Dein an
aithrighe gan ríghneas. Dein an aithrighe go
dílis agus go fírinneach. Díbir an ghráin
as an áit naomhtha, as t'anam féin amach, ó
chuir an Slánuightheóir ar do chumas é
dhéanamh, agus bíodh aoibhneas na ngrást sa
n-áit naomhtha agat i n-inead an ghráin.
Ansan, tagadh an bás ort pé uair is toil
le Dia é, ní gádh dhuit aon sgannradh bheith
ort roimis.



Go dtugaidh Dia na glóire, tré impidhe
na Maighdine Muire, bas naomhtha dhúinn go
léir. Amen.


L. 326


TEACHT AN
tSLÁNUIGHTHEORA



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special per-
mission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Ach mura raibh uaisleacht an tsaoghail
seo 'n-a thímpal an uair sin bhí uaisleacht
nár bh'í sin 'n-a thímpal. Tháinig mór-shluagh
aingeal as na flathais ag tabhairt onóra dhó,
mar gur bhé Rígh na bhfathas é. Ach cár
thándar? Ar thandar go dtí rígh na
tíre, nó ag triall ar uaislibh na tíre?
Níor thánadar. Bhí aodhairí i gcómhgar na
h-áite agus bhíodar ag faire na h-oídhche ag
tabhairt aire d'á dtreudaibh, agus tháinig
an t-aingeal agus sheasamh sé i n-aice leo,
agus do las solus Dé 'n-a dtímpal, agus,
nidh nár bh'iongnadh, tháinig sgannradh ortha.
Ansan dúbhairt an t-aingeal leo: “Ná
bíodh eagla oraibh.” ar seisean. “Do
thánag le sgéala maithe chúghaibh. Tá an
Slánuightheóir tagaithe ar an saoghal chúghaibh,
i gCathair Dáibhid, indiu, 'sé sin Críosd an
Tighearna, Agus seo cómhartha dhaoibh,”
ar seisean. “Gheobhaidh sibh an Leanbh agus
é fillte i n-éadach 'n-a luighe i mainseur.”



Feuch isteach sa chaint sin, a Chríosdaidhe.
Sgéala móra maithe. Slánuightheóir an
domhain tagaithe ar an saoghal. É tagaithe
sa n-áit 'n-ar gealladh É theacht, i gCathair
Dáibhid, sa cathair 'n-a raibh fhios ag an uile
dhuine de chlainn Isráeil go raibh sé le
teacht. “Agus,” ars an t-aingeal, “seo
cómhartha dhaoibh” — Nár dhóich le h-aoinne
go ndéarfadh sé, “Gheobhaidh sibh an Leanbh i
bpálás ríogdha, 'n-a luighe i gcliabhán óir”?
Ní dúbhairt, ach dúbhairt sé, “Gheobhaidh sibh
an Leanbh 'n-a luighe i mainseur.” Cómhartha,
a phobul, ar Shlánuightheóir an domhain dob'
eadh É bheith 'n-á luighe i mainseur asail!
Dúbhairt an t-aingeal gur bh' eadh. Tuig-
imíd-ne an cómhartha anois. Táimíd ag
éisteact riamh leis. “Ach cé fhéadfadh é
thuisgint ná é chreideamhaint an uair sin
mura mbéadh go ndúbhairt an t-aingeal é?
Cómhartha, an uair sin, ar Shlánuigtheóir an
domhain, ab eadh É bheith fíor-dhealbh ar an
saoghal so. Dob' eadh, a Chríosdaidhthe
agus cómhartha cruinn iseadh riamh ó sin'
agus anois, ar cáirdibh an tSlánuightheóra'
iad a bheith dealbh, iad a bheith gan puinn de
strus ná de shaidhbhreas an tsaoghail seo.
Sin nidh agus ba cheart go gcuirfeadh sé
sólás mór ar dhaoine bocta. Is iad daoine
muinteartha an tSlánuigteóra iad. Má
táid siad dealbh, bí sé féin dealbh rompa.
Má tá ortha cruadhtan agus anródh dh'fulang,
d'fhuiling sé féin rómpa cruadhtan anródh
a bhí ní ba chruadha Má curtar le fuacht
agus le fán iad, do cuireadh an Slánuigh-
theóir le fuacht agus le fán chómh maith leó.
Ní'l ortha na trioblóidí agus na pionóisí a
dh'fhulang 'n-a n-aonar. Tá an duine
muinteartha is fearr a bhí ag aoinne riamh,
an Slánuigtheóir gléigeal, tá sé ag fulang
gach trioblóide agus gach pionóis i n-aon-
fheact leó. Is áluinn agus is uasal an
cuideachtanas atá acu agus iad ag gabháil
tré thrioblóidibh an tsaoghail seo, agus
ar neóin is áluinn agus is uasal an
cuideachtanas atá i n-áirighthe dhóibh ar an
saoghal eile, nuair a bheidh aoibhneas na
bhflathas acu ar feadh na síoruidheachta i
bhfochair an tSlánuightheora, agus i bhfochair
na Maighdine Muire, agus i bhfochair gach
fíoraoin eile a bhí dealbh ar an saoghal so
agus atá anois saidhbhir go deó i bhflathas
na ngrást.



Go dtugaidh Dia dhúinn go léir caradas
agus muintearthas agus cuideactanas an
tSlánuightheóra ar an saoghal so agus ar
an saoghal eile. Amen, a Thighearna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services