Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Un Poeme d'Écho en Irlandais Moderne

Title
Un Poeme d'Écho en Irlandais Moderne
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1696
Publisher
(Páras: Éditions du CNRS, 1986)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ci nach ccanair dhamh,
a bhean is lom ghór,
créd is fáth dot chaoí
fá bhfuil do mhaoí mhór? - Ór



Cí dhá bhfuil an t-ór,
maith an stór dar leam,
innis dhamh gan gaoí,
ag Gaoidheal nó ag Gall? - Ag Gall.



Cionnus fríth an t-ór,
a inghean is mór bruid,
uaitsi dot dheóin,
a los gleó nó goid? - A ghoid.



Cé thú féin, a bhean,
agá bhfuil an dreach chaoin?


L. 160


Fursann fíor na sgéal,
ce hí frémh do ghaoil? - Gaoidheal.



An mbia, fochtuim dhíot -
can dom íoc ar éug -
ar ttreabh shochraoideach sháimh
go ttí an bráth a mbéd? - Beid.



Rachadsa fón loch,
ataoí olc ar ndáil;
gan cabhair in ar cceann,
créd is fearr ná báth? - Ná bá.



Ní hé m'eagla an loch
a ríoghan na roscc mall;
an chabhair go dtig,
foillsigh sin ar báll. - Ar báll.



A inghean mhaiseach mhín,
fochtuim díot anos
cé an rí mo ré
a bhfaicfe-se i bhfus? - Sémus.



Damhsa fiosraigh fós,
a ríoghan na nós glic,
cé an damhna ríogh
do-ní an t-iompa tric? - Pádraicc.



Cé bhas neasa dhó,
can gan ghó go beacht,


L. 161


a ríoghon iodhan ógh
dá ttugas ró-shearc. - Rúairc.



Cá fad go ttí an dream
dá mbí greann agus gnaoí,
labhair, a fholt mar ór,
do ghlór mur Dhauídh? - Dhá mhí.



Ca chuin h'ainm budhéin
's do sgéimh mur an ccló,
is má fuarais díol
an do dhíth, É QUO? - Eccho.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services