Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Un Joc Grossier in Irish and Provencal

Title
Un Joc Grossier in Irish and Provencal
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Greene, David
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Goinim thú, a naoídh bheg shíar
na bhfolt bfiar ar lí an óir;
s gach dúal díobh go fada fann
nach gann do shín go barr feóir.



Na rosg líath, na bhféachan mall
na maladh ngann mar sgríb phinn,
na ngrúadh ngeal, acht corcrós thríodh
- ochón is tríod ataoím tinn!



An beól corcair ar snúadh cáor,
s an déad cailce sáor gan mhéid,
an tsrón ndes, an smig nach mór,
s an píob geal bhen snódh don ghéis.



An tenga bhlasda mhall bhfíor,
is binne síons no guth téad;
ar chláirsigh, orgáin is liút,
ni fríth riamh siúd mar ghléas.



Na ngéag úr, na ngeallamh ngeal,
na meór lag, na niongan ndonn,
do ní gach ceól sithbhinn síor
bláth ro sgríobh faoilionn fionn.



An uicht mar aól, na ccíoch ccruinn
ariamh fós nar fhoirnigh fer;
an cuirp shéimhsheing, an táoibh báin,
- ní seanuim dháoibh dáil mo sherc.



Trúagh gan mise astoigh fo ghlas
ag mnaoi na mbas mbarrgheal mbúidh;
a bPuirt Láirge na slios ngeal,
no a Los Gabhuil na sreabh cciúin!



Do lairge caomh, do ghlún maol,
do cholpa sáor, do thrácht glan,
do throigh mínbhán, mar uan tonn
- dighbháil throm a bfaiscin damh.


L. 11


Do ghoinis mé don taobh astigh,
le saighdibh géara gráidh ón toil;
imrim ort, is daor romchráidh,
shúas ar do láimh cuirim goin.



Aón is dó iarruim ort
- a ghnúis ettrocht, coisg mo bhrón! -
ná mill mo dhísle a ttáobh, a bhen,
caithfead áon go cert is dó.



Fear gonta od shaighdibh gráidh
a chongmháil shuas ní dáil ghrinn;
gan caladh uaid dfosgladh dhó,
más taiplios mhór imrir linn.



Mas tioc díreach no tioc cam
no maadh gemonn nach mall bhíos;
laingmhír chóir no brannamh cert,
is trúagh nach léigir mfersa síos.



Ar tí a do, no a ccaladh shíar,
tabhair ionadh go dían, a shiúr;
don fhior ghonta ro cráidhis féin
- ní iarruim é acht do thriúr.



Mo dhá dhisle, a naoidh bheg shíar,
caithim ort go dían a ngrádh;
áon is dó ro chaitheas féin
ar do sgéimh, a raod bheg mná.



Os tu Bláthnat, rún mo chléibh,
aonghrádh cumhra séimh gan ghoimh,
saoilim, óm lot lé do ghrádh,
nach olc leat mo lámh do ghoin.



Druid um fharradhsa, a ainner na bfiarndlaoi nocht,
Cuir lámh tharum, a bhaisgheal na liathriginn rosg,
Sguir mh'anshocair, a thaisbhen fhíalmhín bog,
Guin is anacal ar leaba a seadh iarrmáoid ort.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services