Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán ar Mhurchadh Mac Briain Bhóraimhe agus Ríoghain Átha Cliath

Title
Dán ar Mhurchadh Mac Briain Bhóraimhe agus Ríoghain Átha Cliath
Compiler/Editor
Ní Úrdail, Meidhbhín
Composition Date
1790
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 2000)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN TÉACS



Aig so Ríoghuin do tháinic aig Muirchadh mac Briain Bhóruimhe
Ó Cinnéadaidh go cath Ghafadh Cluana .i. Cluain Tarbh aig iarraidh
sgéula óna níonnbhar dearbhráthar do bhí san ccath, agus cheadhna trí
bhríon d'fhuil Rígh no a mhac chuim leighios do dheanamh dá
fearr agus dá dís mac do bhí fo dhraoidheacht i ttiobruid na ttrí mbric
.i. do fuair bás le faicsin na mná so, iar an adhbhar go raibh sé
cinneamhnach do bheith amhlaidh.




"Mo cheisd ort-sa a thréinfhir,
a chréachta an earraidh uaithne,
an fiseach thú ar fágadh
mo dhearbhráthara sa nGafadh Cluana?"


L. 67


"Mo cheisd ort-sa a aindir,
a ríoghuin a' dreacht mhánladh,
an raibh gaol agad no dealbhadh
le fir na ccréucht ccalma?"



"Trí triar do chloinn mo mháthar,
mo cháirde gach uair iad;
is liom a bhídís go gaolmhar,
an níonnbhar an earraidh uaithne."



"Dá dtabharfá dom chomhair,
deoch ó thiobruid na suaithne
d'árasuinn duit tríd dhaoighneacht,
an naonbhar an earraidh uaithne."



Gluaisis an bhean go cuimhneach,
ar gcluinsin sgéala a dearbhráthra,
is fuair sí tobar tuinnghlan,
air a cómhgharadh cois tráighe.



Thug sí lán na cuaiche
chuin Muirchaidh san nam sin,
is é nachar éur aon neach,
fear ba féile faoi lámhsgail.



"Ó choisgios brígh do thairt,
aithris feasta do sgéula
agus na leig sinn do do dhíombuaidh,
air a n-iomad a chréachta."



"Más iad na fir chalma,
do bhí me i láthair a mbásaibh;
is le mo chloidheamhis mé m'aoinshir
thuit do naonbhar dearbhráthar."


L. 68


"Mo dhearbhráthra sa nGafadh Cluana,
deimhin má fuaireadar a n-oídhe;
gloim coilean coin do chualuis,
is domhna chuaidh mo chroídhe."



"Gloim coilean coin má chualuis,
is domhna chuaidh do chroídhe,
no cuain bhroinne do mháthar,
cia thú féin no cia t'athair?



"Inghion me do Áinleighe Áithe Cliath,
innsighim duit-se a thriath na lann,
is do ghruagach Oilean na nÉn,
do rugas féin mo chlann."



"Trí chéad bliadhain dúinn air an noilean so thall,
fo ar ccuid agus ar ccuinne féin;
ní dearna tiolamaoith ré aon neach,
agus bheirmís mórchreach a ccéin."



"Lá dhá rabhais fo shonas
a ndoras na cathrach,
má bhí maith ar mo chomas,
mo thuras liom ba tharbhach."



"Chuaidh me an taoibh ó dheas don chathair,
mar a raibh an tiobruid dob áille,
is inn a bhí na trí bric gheal a' léimhnigh,
is iad a dh'éirigh a n-áirde."



"Na trí bric sin dob áille,
aig faicsin sgáile m'fhionnaidh,
d'éagadar go dubhach,
agus is cumhach me 'na d'aithleach."


L. 69


"Och a mhic a rígh bhí mórgach,
a ngairm 's a ndaondhacht,
is maith a d'fhóirfeadh ar mo dheacra
fuil chorcar do thaoibh-se."



d'éirghidh Muirchadh tridh dhaonacht,
is chomuil sgian dá bhrághad,
is thug lán na cuaiche gan éura,
don mní bhéuildearg mhánla.



"So dhuit an chuach iomlán,
don mbiodh mhilis iomlán
an múinteacht deireanach déidheanach,
beir leat é agus aithris." FÍNIT

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services