Mhaireireád Ní Fóulú beanchéile Mhithil Brún Bhaile Finn noch
d'éag do bhrígh leinibh an 2 lá do Feb. san mbliaghuin 1773.
B 1772lsc 18D
Dar mála mo phípe is dar an lán atá inti
dar a mbáiter do dhaoine sa bhfairrge thiar,
dar an ngáire 'ní Bríde dar an áit ar a dtí coinleach
dar ar fhás insa tír seo do sheagal le bliain,
dar Pádraig Mac Suibhne dar Máire atá 'mhnaoi aige
dar na mná do bhíodh sínte fé Mhurchadh ar shliabh,
vásta mo bhríste chum Gráinne níor scaoileas
ó thánga dhon tír mar is peacach me riamh.
Dar an muileann dar an léan dar an uisce dar an léim
dar na boca so théan go minic ag ól,
dar an gcuileann dar an gcré dar a seinnim lem mhéar
dar a dtig as an aer do shneachta is do reo,
dar Doireann Ní Néill dar Pilib Ó Sé
dar a bhfuil ar an saol do chapaill is do bhó,
a dhuine bhoicht gan chéill tá ar buile le héad,
bíodh do bhean agad féin ní dheachadh 'na cóir.
Dar an mbráthair dar an aibíd dar an naoscag do ní feadaíl
dar a líontar do channaí a d'fhíon i dTrá Lí,
dar láthair an tseanntí do bhí ag Diarmaid Mhach Amhlaoimh
is dar a mbaintear do phrátaí thiar ar an Rinn,
dar a dtarraingeann Attiocle do varantaisí is do bhannaí
is dar a bhfuil do chrannaíl trasna ar an Laoi,
a Thaidhg ó mac Mathaois má taibhríodh duit neamhní
ní dheachaidh lem starraí istigh farád mhnaoi.
Dar an bhfia atá sa nGaortha dar an linn atá i mBéarra
dar an iasc do ní léimrigh is dar Muiris Ó Braoin,
dar iarlais an chéachta 'bhí ag Diarmaid mac Éamoinn
dar Cian atá gléigeal is dar muileann na sí,
dar an ré is dar an réaltan dar diallait an Mhajor
dar a stialltar le piléaraibh in Eachroim thíos,
iasacht a léine níor iarras ar aon chor
's a Thaidhg ná bíodh éad ort níor bhaineas led mhnaoi.
Dar an dteampall atá i gCorcaigh dar an lansa so im dhorn
dar Allsún Ní Chonaill is dar Diarmaid mac Eoghain,
dar samhaisc is dar colainn dar gleannta do ní foscadh
dar crainn ar a dtí tortha is dar a sloigimse do bheoir,
dar clampar dar cortha dar an bhFrancach do loiteadh
dar an mbranda so 'dhoirtimse siar in mo sceoig,
níor theanntaigh me a bolg ná ball ar bith dá croiceann
's a Thaidhg ó creid m'fhocal go mbead amhlaidh go deo.
Dar an loing thig tar sáile dar an bhfairrge seo láimh liom
dar Síle Ní Mhé' Carrthaigh is dar Fínghín a n-oighir siúd,
dar na caoire bána atá thíos in Uíbh Rátha
dar an gcloinn seo Uilliam Thornile is dar Siosal do Búrc,
dar fíon geal na Spáine dar claíomh Uilliam Samon
dar Binéad atá láidir ná stopann a thriúr,
níor shíneas mo lámh dheas fé íochtar do mhnása
's a Thaidhg ó nach nár duit mar mhillis mo chlú.
Fóircheann don fhaoistine sin thuas óir asé Tomás Aerach do cheap é an
tan do chuaidh farradh bean Thaidhg mhic Mhathaois eadhóin tuíncéir agus
deirimse go dtug Tomás píopaire na mionna thuas uile 'na dheirbhéitheach
óir is aimsir mise bheith a' foghlaim léinn i gCeann Toirc do thit an scéal
amach agus creid mise, a Mhichíl uasail Ainnleond. D. Ó Fé.
B 1777c 18D
Lé sealad mé gan codladh séimh acht arraing ghéar 'om luascadh
Trí aithris scéil do bhí 'na bréig rin bean gan chéill do luadh liom,
'Ardrí na naomh do chum gach n-aon is d'fhulang péin dhár bhfuascailt
Le rún ceart cléibh impím féin mar ghrása Dé san chruaidh seo.
Is olc a bhuaidh me ar chuaird 'na stráice,
do rin sí mórbhuaireamh gach uair is tráth dhom,
d'aithris sí scéal don Athair Pádraig,
ba mhór a leath 's níorbh fhéidir 'áireamh,
an ní nach raibh 's nach biadh go brách ann
is dá mbiadh féin nár chóir dhi 'áireamh.
d'aithris sí scéal ar éirneadh páiste
'bhí i ndaingean a coim le suim trí ráithe,
uch mo scalladh! 'sí an chealg a d'fhág sí
agamsa i dtaisce nach dealfaidh go brách liom.
Tráth chuaidh sí dho shodar go pobal na sráide
d'fhoscail sí a craos le caorthainn ráitis,
chuir sí béic san spéir anairde,
d'innis sí an scéal don Athair Pádraig,
fear ionada Dé, fear léite páise,
fear soilbhir séimh, fad saoghail is sláinte
agus beatha na naomh thar éis a bháis dho.
Chuir sí osna dhá croí mar ghaoith an Mhárta,
dúirt go raibh cloíte fíorlag cráite,
go raibh pianta crua ar fuaid a cnámha,
gan chodladh gan tsuan gan tuairisc sláinte:
Reverend Sir to you I charge it,
My story's true, pray you enlarge it.
His Complaint
Táim tuirseach tinn gan suim i ngnótha
anois lé mí 's me cloíte breoite,
faoi phéin, faoi osna, faoi dhochar dhon tsórtsan
is me dhom chrochadh trí obair na gcomharsan.
He Clears Himself
Dar Nóra is dar Gráinne is dar Máire Ní Áille
dar Séamas Ó Cánra 'thá 'déanamh a chuid bróg,
dar Mártan Ó Gráda, dar Éamonn Ó Hárta
dar Pádraig Ó Meadhra tá thiar ar a sheol,
dar Spencer dar Chawner dar Hemsworth dar Palmer
dar Tomás óg Báille seo thíos ar an ród,
dar Pepper dar Parker dar Toler na Gráige
ní liomsa an páiste úd ag an gcailín seo Phóil.
Dar Caisleán na Léime dar droichead an Raonaigh
dar mullach Chnoic Gréine athá daingean go leor,
dar Londain an Bhéarla dar baile Ráth Caola
dar aonach Chill Éamair is dar caladh an Ruis Mhóir,
dar Tiarna Mhount Eagle dar Brúnach na hÉile
dar a maireann dhá ngaolta i gContae Mhaighe Eo,
dar cogaí Rí Séamas inar cailleadh na céadtha
níor shíneas mo thaobh leis an gcailín seo Phóil.
Dar Dawson dar Bowerman dar Massey dar Croker
dar a bhfuil i gClár Fódla dhár naímhdibh,
dar Perry 's a chóistí dar Bagwell dá thórramh
's dar a ngoilimse dho dheoraibh dhá gcaoineadh,
dar Carden 's a bhólacht dar Maude atá ag feochan
dar Otway dhá sheoladh chum aimhlis,
dar a bhfuil do mhná óga san chúige gan phósadh
sin saoradh go leor dhíbh san mnaoi seo.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11