Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Second Earl of Tyrconnell, +1642

Title
The Second Earl of Tyrconnell, +1642
Author(s)
Ó Cléirigh, Micheál,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1642
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1994-1995)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Aois Criost 1642



O Domhnaill dá ngoirthí Iarla Thíre Chonaill .i. Aodh mac Rudraighe,
mic Aodha mic Maghnasa Í Domhnaill do bhádhadh a samhradh na bliadhna so
ar an muir dá ngoirther Mari Mediterraneo ag cuidiughadh le Rí na
Spáinne isin ccogadh tarla idir é fein et Rí Frangc etc.. A mí
October na bliadhna roimh an mbliadhainsi mar atá .1641. do
thionnsgainsiod sen Ghaoidhil et sen Ghoill Erenn durmhór coimheirghe
chogaidh in aghaidh na neitricedh in Erinn dá saoradh ó gach broid da
raibhe orra. Mar do chúalaidh an


L. 171


tIarla O Domhnaill a dubhramar
an coimheirghe cogaidh sin do bheith in Erinn do chuaid do lathair Righ
na Spainne, agus do mhaoidh a sheirbhís fén agus bás Í Néill roimhe sin
air agus gach obliogáid dá (f.l79r) raibhe ar Rígh na Spainne fa
chuidiughadh le hEirennchoibh agus da bhrigh sin do iarr a ched le
congnamh dfhaghail no gan a fhaghail agus a léigean dá dhúthaigh. Et as
amhlaidh do conncas don Rígh agus dá chomhairle gan a léigean go hÉrinn,
acht a chur ar cogadh na fairrge do chathughad re Frangcachaibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services