Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meascra ar an Saol in Éirinn, 1841-1844

Title
Meascra ar an Saol in Éirinn, 1841-1844
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1841
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1991)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Meascra ar an Saol in Éirinn, 1841-44



Dob fhios dóibh mé bheith bocht
is do mheas siad mé go claon
Is go bhfullangin leam thoil
bheith amhla ar feadh mo shaoghail.
Do mheas siad mé is fíor
mar aon da mbuídhean fós
Do ghlacfadh breab is díol
air mo Vote, air mo Vote.



Chorus



Ó náire dhóibh súd choídhche
do reicid mé mar stór,
Ní bheidh mé ionna ccuíbhreach
ó! choidhche leam ló.



Mo Vote ní liom é fós,
is ní reiciod é gan toil
Do mhéirlicc d'fhúig me 'mbrón
is chuirfeadh me le olc.
leam dhútha é, leam thír
is tabharad é gan stad
Dhóibh seo 'tá 'cabharadh leinn
go fíor mar dhéinfidh fear.



A ttaobh iad saidhbhir anois
is meise go bochd fós
Do thuitinn go faon síos
sul d'éisdinn lena nglór;
Dá olcas a mbreith orm
níl beann ortha ná spéis,
Tá m'anam bochd agam
le sábháil mar gach n'aon.



Chorus


L. 106


B 1844 19L



Tadhg Ó Horragáin cct



Mo ghrádhsa an sagart breágh naomhtha
do spreagann dúinn bréartha Chríost,
Do sgrídhig an leitir faoi shéala
chum Rogers an chladhaire fíll,
Do fuair dam an fheirm dheas niadhta
mar ar chathamair tréimhse dh'ar n-áois;
Is do chuir so chum ratha 'na dhéig sinn
is ní raibh eagla Dé 'na chroidhe.



A chairde, druidigse taobh liom
is neosadh me sgéal beag dhíbh
Air fhear tíghe leanabach shéanmhar
charthanach dhéarach mhín
Dá chuir óna thigh, óna shaoghaltacht,
ó shaothar a ghéag 's a chroidhe,
'S dá mhéid do rínse don éirleach
gur bhuaidhse air go léir mar ghníomh.


L. 107


Le héagóir do chuireadh as áit me
's brón liom é dh'áiriomh díbh
Mar gheall air na dlighthe bhí láidir
do lagaidh mo chráisde síos;
Thugassa seilbh suas láithreach
le hosna go hard am chroidhe
'S a cháirde, cabhas nár bhféarr súd
ná seasamh go hárd le dlíghe?



Tadhg:
"'S a landlord, féach air an méid so
's ná cuir iad air straodh ná air fán,
Ál maith cloinne gan éifeacht
gan tuisgint gan áos, mo chás!
'S go bhfuil a gcáirde gairid go léunnmhar
is an osna go léir 'na lár,
'S má chuirean tú an sgaipe air an méid seo
gur damuint duit é go bráth."



Rogers:
"Do thuigios gur ró-mhaith an díol duit
do bharra gan chíos do fhághail
Is mar bheadh gur thugais an dlíghe suas
ní fhágfuinn ort críth ná árd;
Do bhrúghfuinn 's do bhrisfinn do chroidhe ionnat
is do dhéanfuinn ort díoghaltas árd
'S mar chastar a thuille is a' tslíghe orm
go gcuiread a mbuidhin chum fáin!'



Tadhg:
"Ní thuigim gur ró-mhaith an díoghal dam
an barra gan bhríghe sin d'fhághail
A n-áit mo chuid leasuighthe is íoluig
is saothair mhaith mhín mo lámh;
Táid na prátaoí meata agus millte
's gan fairsinge bídhe le fághail
Is tuigim gur ró-lag an díol dam
mo bharra gan chíos 'na n-áit."


L. 108


"An té chídhfeadh banaltra an tighe úd
dá cuir as a tigheas chum fáin
'S a shághal beag leanabh 'na timchioll
is tuille dhon bhuidhin dá gcrádh
Gan fághail air fhoithin ná air dhíon dóibh
acht an fhearthuin sa tsín tar bárr,
Acht dá rádh leo, "Glanaidh ón ttigheas so,
's ná tagaig am líon go brách!"



'S as é dúbhairt bean aosda an tighe úd
is í a' tuitiom san aois go hárd: -
"Ná cuir amach as mo thigheas me,
's gurb id é do chíos am láimh
Chum go dtiocfaid mo charaid am thimchioll
'nuair bhiadsa 'co sínte air chlár,
Nó geallaim má dheineann tú an gníomh sin
go ttabharfadh tú díol an' áit."



Rogers:
"Ní cíos do ireann mar dhíol dam
acht an fheirm gan mhoill do fhághail,
Is do bhriseas an marga bhí aguinn
nuair ná rabhse agut scríbhte óm láimh.
Cuirfeadsa amach as bhar ttigheas sibh
go Corcaigh sin síos chum fáin,
Nó anunn tar fairrge chuíbhtheach
mar a bhfuil tuille do bhur mbuidhean tar lámh.



Tadhg:
"Tabhair díol a ttighthe nó a ttigheas dam
a bhfalla nó a gcladha nó a gcrann,
A ndrain fé thalamh nó a síolchur
nó a bhfeirm dheas mhín gan doubt;
Tabhair mola beirte nó trír dham
mar shásamh nó díol dam ann,
Is dá ccorrófádh céad guinea buidhe dham
ní cheapfainn bheith díolta am fhoghail."


L. 109


Rogers:
"Mara mbeadh an tigh mór do rinneassa láimh liom
ní chuirfinn go bráth ort dríon;
Geallaim ná cuirfinn as d'áit tu
acht gur luigse thar barr um shlíghe,
mar do dhíoluis do chíos is gach táille
is do chuiris an áit chum cinn
Is tuigim gur éagóir do dhearnas,
is maith dham go bráth ód chroidhe."



Mo shlán beo cuirim go léanmhar
go dtí an gleanntáinín gréine úd shíos
Mar a mbíodh fairsinge is féile
's cead aige an straodhaire suíghe,
Mar a mbínnse a' branar 's a'raoba
go moch is go déanach cruinn,
Is go deimhin níor cheapas ar aon chor
go mbeadh an rith orm féin gan mhoill.


L. 110


B 1844 19L



3. Domhnall Ó Conaill: "Duine na ndaoine"



Aon do chlann Gaodhal cct do Dhomhnall Ó Chonuill



Tá éigse na hÉirionn 's a' dáimh go binn
Air aon ghuith le chéile go hard dá mhuidheamh
Mar sgéal suilt d'fhir Ghaodhalach nach gábha dóibh caoi
Air Caesar gur saoradh neaspleághach le Gaill.



Ní léigfeach Mac Dé dhóibh an mál do chluidheamh
Ná a dhaora le héitheach fé láimh a naímhead,
Tá an naomhspiorad dá chaomhna agus Máthair Chríost
Chum Éire do shaora go brách arís.



Air ttréanfhear níor thréig riamh a pháirt le Gaoidhil
Acht a' réighteach a ngéarbhruid le bádha agus gnaoi
Dá saora ó gach géibhin is práin dá mbíd
Gan séana gan staona gan sgáith gan díol.



Laoch don fhuil Ghaodhalach is fearr sa Ríoghacht
Do dhaorphoic ná staonfeach go brách ón gclaidheamh,
A léaghan is a n-éirim rug barr ó Ghaill
'S a ngéarthroid nuair théighid leis 'sé an bás do gheibhid.


L. 111


Séimhfhlaith gan aon locht tug grádh do Chríosd
Dá bhréithre, do chléir is dá mháthair mhín
'S a' dréim seo ná géilleann do ráth na naoimh
Aon ghéag uilc a nÉirin ní fhágfuicc díobh.



Air éifeacht a bhréithre tá trácht sa Ríoghacht
Is chuaigh sgéala air a thréithe don Spáin is don Fhrainnc,
Tá léaghabh annsa nGréig air a cháil go cruinn
Is dó féin agus d'Éire tá an Pápa a' guidhe.



Glaodham go haorach is go hard air fhíon
Is taosgfaimid daorphunch a ttábhairne an ghrinn,
Fir Éironn le chéile ag ól sláinte ó chroidhe
Saoghal fada is réim chuige a nGráine Mhaoil.



Tá air nglé-churradh laochda ag cur báire ar Ghaill
Ní réighfig go héag leo go ccráidh sé a gcroidhe;
Ní bheidh aon aco a nÉirinn le fághail gan mhoill
Is mar chéile aige féin sea bheig Gráine Mhaoil.



An Ceangal



A Dhomhnaill Uí Chonuill, a churradh na nGaoidhiol 'sa ttreoir,
Is mórtas liomsa nár chuireadar Gaill tu air feoghadh;
d'amhdheoin a ndlighthe is tu duine na ndaoine fós
'S a bhFódhla a bhfuirim go bhfaiciom tu ad rígh fé choróin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services