Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Briseadh na Bóinne

Title
Briseadh na Bóinne
Compiler/Editor
Ó Buachalla, Breandán
Composition Date
1695
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1989)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Teacht Shéamais Earrach 1689
Cé hé súd thall ar lár na fairrge?
tá ansúd rí Séamas, ceann gan eagla,
cúl breá dualach na gcocán airgid
ag dul go Whitehall agus garda breá shagart leis,
Is uch! uchón! 5 v. 10


L. 89


Do tháinig rí Séamas chughainn go hÉire
rena bhróg ghallda 's rena bhróg Ghaelach;
tóin an oighin bhuí dá leaghadh mar phay dhúinn,
bíodh an t-athphrás ag Gallaibh na hÉireann,
's óch! ochón! 4 v. 1



Atá an lá inniu fuar is tá sé gaofar
le linn an rí seo a thíocht go hÉirinn;
d'aimhdheoin an-bhroid bhodaigh an Bhéarla
beid na trí ríochta arís ag Séamas,
och, ochón! 2 v. 6



An Cogadh in Ultaibh Fómhar 1689
Is iomdha daoine uaisle faoi chlócaí dearga,
faoi chlócaí uaithne 's clócaí gorma,
agus saighdiúir singil is a ghunna ar a ghualainn
do chuaidh go cóige Uladh 's nár fhill, ná a thuairisc,
's óch! ochón! 4 v. 3



A Londoin Doire, bolgach chughatsa
ar nós na scaile ar lasadh le púdar;
's a liacht faraire fada fionn lúbach
gan foscadh ón ngaoith, ná cria dá gcumhdach!
's seinn, óch! óchón! 3 v. 7



Ag Iúr Chinn Trá bhí ár gcompáin cloíte,
is os cionn Dhún Dealgan bhí ár gcampaí sínte,
an áit arbh fhéidir linn gan an-mhéad saothair


L. 90


rí Uilliam a mhúchadh 's a anréim a chríochnadh,
's seinn óch! óchón! 3 v. 19



Is baintreabhach bhocht mise, a d'fhág
d'imigh le saighdiúir nach raibh pósta,
a bhfuil a dhroim briste agus fuil a chroí dóite
agus d'fhág súd mise i gcúige Uladh go brónach,
Is uch! uchón! 5 v. 1



Céad léan ar an bhfiabhras do bhain mo ghruaig díom,
is d'fhág sé maol mé, gan aon ruainne;
tá sí ag teacht chomh hard lem chluasaibh
's an uair fhéachaim siar, is fada liom uaim í,
Is uch! uchón! 5 v. 2



Briseadh na Bóinne Iúil 1690
Is iomdha saighdiúir láidir mómhar
do chaill a chlaíomh, is do chaill a chlóca,
do chaill a stocaí is d'imigh gan bhróga
ag teitheadh ón namhaid, lá bhriste na Bóinne,
och! ochón! 2 v. 3



Ar an bpáirc do bhí an rás ar Dhiarmaid,
do chaill sé a chlóca is a chórú ciarsach,
do chaill sé a phiostal, a ghunna is a dhiallait,
is do chaill an t-anam, gidh mhairbh sé an diabhal díobh,
is uch! uchón! 5 v. 5



Nárb é do bheatha anall chugainn a rí ghil Séamas
red leathbhróg ghallda is red bhróg eile Gaelach
ag déanamh buartha ar fuaid na hÉireann
's nach tug tú bualadh uait ná réiteach,
is uch! uchón! 5 v. 3


L. 91


Cuirimse mo mhallacht ortsa, a rí Séamas,
is iomdha mac máthara a d'fhág tú in éide,
fána stocaí geala is a gcarabhataí gléigeal,
is bróga móra fuaite ar chlann na nGael bocht,
is uch! uchón! 6 v. 2



A scológaí na Mí, ná goilleadh oraibh an fómhar
nó an mórchloí fuaramar ag briseadh na Bóinne;
tá an Sáirséalach láidir is a thrúpaí aige in ordú
le gunnaíbh is dromaíbh leis na bodaigh a chur as Fódla,
's seinn och! ochón! 3 v. 22



A chlanna Gael chalma bainigí an fómhar so
's ná cuirigí suim i lá bhriste na Bóinne ... 5 v. 4



A chlanna na ndeathrach cuiridh an eorna,
is ná cuiridh i suim briseadh na Bóinne,
atá an Sáirséalach láidir is a shaighdiúirí óga
is mo thrua mar cailleadh Alastram Mac Dónaill,
och! ochón! 2 v. 8



Luimneach: An Chéad Léigear Iúil - Lúnasa 1690
Is iad na buachaillí so, buachaillí Gaelach,
ag briseadh a gcroí ag siúl na sléibhte,
ag amharc amach ar chuantaí na hÉireann
is ag sileadh na súl ag siúl gan Séamas,
is uch! uchón! 6 v. 4



Is ag an mBaile Mór a chodail muinn an oíche sin,
is ag an tseandroichead a ligeamar ár scíste,
dul anonn ar an tSionainn a bhí gruaim ar na míltibh,
is ag Luimneach na long a bhí an mháirseáil aoibhinn,
is uch! uchón! 6 v. 5



Do gheabhaidh mé siar an sliabh so im aonar,
agus geabhad aniar arís más féidir;
is ann do chonairc mé an campa Gaelach,


L. 92


an dream bocht silte nár chuir le chéile,
's seinn óch! óchón! 3 v. 4



A Phádraig Sáirséal, guí gach nduine leat,
mo ghuí-se féin is guí mhic Muire leat;
ó thóg tú an t-each caol ag gabháil trí bhiorra dhuit
is gur ag Cuilinn Ó gCuanach buadh leat Luimneach,
's seinn óch! óchón! 3 v. 3



A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
is fearrde an talamh ar sheasaigh tú riamh air,
do bhuainteá allas as clanna na striapach,
's do sciob an báire ó láimh rí Uilliam leat.
is uch! uchón! 5 v. 6



An Cogadh sa Mhumhain Fómhar 1690
D'imigh an smál ar bhád an chalaidh,
's tá Cionn tSáile lán de bharcaibh,
gabhaidh lastall chuig dúiche an Bharraigh,
táid na poirt réabtha is Éire ag Gallaibh,
's óch! ochón! 4 v. 5



A chlanna Gael, ní hionadh dubhach sibh,
is feabhas do lasaid na Sacsanaigh púdar,
atá Cluain Meala acu agus Carraig na Siúire
agus baile beag eile inarb ainm dó Durlas,
och! ochón! 2 v. 2



Lá Sparr Thuamhan ba chruaidh an chéim sin,
's ár ndaoine uaisle i gcuan a bheith traochta
go dtáinig anuas scuaine an Bhéarla
do thug léirscrios Luain ar chuallacht Shéamais.
och! ochón! 2 v. 11


L. 93


Eachtraí Éagsúla Eile Samhain 1690 - Iúil 1691
d'éirigh mé ar shliabh lá breá gréine,
do chonairc na Sacsanaigh i bhfochair a chéile;
an córú capall ba dheise bhí in Éire,
"ó coimeád dhom na bodaigh go mbainfead gé astu",
's seinn, óch! óchón! 3 v. 8



Is é mo chreach mar do chailleamair Diarmaid,
bhí ceann an scafaire ar halbart iarainn;
bhí a chuid fola á sracadh 's a bhratach á stialladh,
's gan fáil chasta aige, dá bhfeicfeadh sé Dia ann!
's seinn, óch! óchón! 3 v. 11



Is é mo chreachsa an tsraith á tógbhan
an dá fhear déag do bhí os cionn Feorach;
mo dhias dearthár is iad is gleo liom,
ach mo chúig céad diachair Diarmaid an t-óigfhear,
's seinn, óch! óchón! 3 v. 12



An tráth do las an teach bhí an deatach dár múchadh,
ag clann Bhil bhradaigh dár ngreadadh le púdar;
níl aon urchar dá scaoilfidís fúinne
ná fiafraíodh Colonel Mitchel "Ar leagadh Lord Lucan?"
's seinn, óch! óchón! 3 v. 14



"Cé súd thiar tar dhoras na ceártan?
"Ná ceil ar rí Uilliam é, tá mise Brian rábach"
"Fan do sheasamh, a bhodaigh, go gcaithfe mé grán leat".
"A ghiolla na praisce, ní fhanfad go lá leat,"
's seinn, óch! óchón! 3 v. 16



A Chaisleáin na Coinne, is fada liom síos tú,
dá n-éirínn ar maidin nó i dteacht an mheon-oíche,
do b'fhearr liom féin ná cúig chéad píosa
go mbeinn slán súgach tar éis gabháil tríotsa,
och! ochón! 2 v. 7


L. 94


A Phádraig Uí Ágáin, a bhodaigh na bláithche,
is iomdha fear fearúil bhí riamh ar do gharda,
spanógaí glana acu ag fuaradh na cáfruith,
is lucht na sligeán cam, is nár thille Dia slán iad.
is m'uchón! ó! 1 v. 3



A chlanna Gael do fuaireabhair náire,
do chailleabhair Corcaigh agus Cionn tSáile,
Baile Átha Luain agus Droichead Átha,
is briseadh na Bóinne is é is mó a chráigh mé,
och! ochón! 2 v. 1



Eachroim Iúil 1691
Is iomdha saighdiúir láidir meanmnach,
mac duine uasail is sárfhear ceannasach,
faoi chlócaí uaithne, dubha agus dearga
do cailleadh le Séamas thíos in Eachroim,
och! ochón! 2 v. 4



Thug sinn an chéad bhriseadh ag bruach na Bóinne
an dara briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
an tríú briseadh in Eachroim Dé Domhnaigh,
buaileadh buille dhroma linn is cha mhór a bhí beo againn,



is uch! uchón! 6 v. 1



Is mó saighdiúirín meidhreach meanmnach
do ghaibh an tslí seo le seacht seachtaine,
faoi ghunna, faoi phíce, faoi chlaíomh cinn airgid,
's tá siad sínte thíos in Eachroim,
's seinn, óch! óchón! 3 v. 9



Tá leasú ag Ó Ceallaigh 's ní gainimh é ná aoileach,
acht saighdiúirí tapa dhéanfadh gaisce le píce;
do fágadh iad in Eachroim 'na sraitheanna sínte
mar bheadh feoil chapaill ag madraí á sraoilleadh,
's seinn, óch! óchón! 3 v. 15



In Eachroim Uí Cheallaigh a fágadh na céadtha
de na fearaibh maiseach ba deise bhí in Éirinn,
gan snáithe hata, carbhata nó léine
acht a gcorpaibh geala 's a gcuid fola á dtréigeadh!


L. 95


's seinn, óch! óchón! 3 v. 18



Luimneach: An Dara Léigear Fómhar 1691
Go neartaí Dia le ballaí Luimnigh,
Is leis na daoine uaisle atá ag ól is ag imirt ann
ar dhíslí cnámh is ar chártaí imeartha,
is briathra Dé dá léamh go minic ann,
och! ochón! 2 v. 10



Nach ait an áit 'nar fágadh aréir sinn,
ar bhruach na trá gan snáithe den éadach,
tá na loingis ag snámh 's ár mná ag géarghol,
's mo chúig céad slán go brách leatsa a Éire,
's óch! ochón! 4 v. 7



Is iomdha faraire fada fionn glégheal,
do chuaidh tar sáile in arm rí Séamas,
do thabharfadh a stát ar cháirtín géar dí,
nó ar dheoch fhairsing d'uisce na hÉireann
is óch! uchón! 4 v. 8



Is saighdiúir bocht creapailte mé bhí in arm rí Séamas,
's an gcuala sibh na scéala mar chaill muidne Éire?
do dhíol mé mo dhúiche ar aon chárta dí géire
is buaileadh buille dhroma liom ar fad amach ó Éirinn,
's seinn, óch! óchón! 3 v. 24



"Ce súd thall ar chnoc Bhinn Éadair?"
"Saighdiúir bocht mé le rí Séamas;
ar dhíslí cnámh is ar chártaí imeartha,
is briathra Dé dá léamh go minic ann,
och! ochón! 2 v. 10



Slán le Sáirséal Nollaig 1691
A Phádraig Sáirséal, slán go dtí tú
ó chuais don Fhrainc is do champaí scaoilte,


L. 96


ag déanamh do ghearáin leis na ríthe,
's d'fhág tú Éire is Gaeil bhocht cloíte!
's seinn, óch! óchón! 3 v. 1



Tá pinginn ar an gcárta is an cárta líonta,
is a Phádraig Sáirséal, mo shlán go dtí thú,
's uch! uchón 6 v. 7



An lá úd a chuaidh muinne os cionn sruth Bóinne,
gé go raibh bombaí arda is grán linn á scaoileadh;
le athrú ceannphoirt throidfeamaois arís iad
's och! a choirnéil Sáirséal, céad slán go dtí tú!
's seinn, óch! óchón! 3 v. 21



Ansúd atá siad, barr uaisle Éireann,
Diúicigh, Búrcaigh, 's mac rí Séamas,
Caiptín Talbóid croí na féile
is Pádraig Sáirséal, grá ban Éireann,
's seinn, óch! óchón! 3 v. 17



Athnuachan
A Phádraig Sáirséal slán go bhfille tú,
thug tú clú na Mumhan go huile leat,
do thug tú an láir riabhach ar srian tré Bhiorra leat
's i gCuilleann Ó gCuanach do bhuaigh tú Luimneach.
is uch! uchón! 5 v. 8



A bhuachaillí an chúige, bainigí an eorna,
is ná cuirigí faoi gheasaibh bheith ag briseadh na Bóinne,
tá an Sáirséalach ag teacht is beidh leis na slóite,
ar chuala sibh mar cailleadh Ball Dearg Ó Dónaill,
is m'uchón ó! 1 v. 1


L. 97


An chlann sin Bhullaí is gan aon duine acu le chéile,
buaidh agus biseach le cuid bhuachaill Shéamais,
is m'uchón ó! 1 v. 5



Nár fhagha mise bás 's nár fhága mé an saol seo,
go bhfeice mé an bhuíon Shacsanach ag stealladh na déirce,
bróga boga fliucha orthu mar bhíodh ar chlanna Gael bocht.
's seinn, och! ochón! 3 v. 23



Achainím ar Mhuire is ar Rí na féile
go bhfeicead na Sacsanaigh ag stealladh na déirce,
a ráinne ar a nguaillibh ag tuilleamh pá lae leo
is a mbróga lán d'uisce mar bhíos ar Ghael bocht,
och! ochón! 2 v. 12



Tiocfaidh an rí is tiocfaidh an bhanríon,
tiocfaidh Séarlas is an dá Mhac Cárthaigh;
tiocfaidh na Francaigh ina rancaí ina dhéidh sin
's beidh na fir ghruama á ruagadh as Éirinn,
is uch! uchón! 6 v. 3


L. 98


Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin,
Cornal Stangan a bhí farannach méiniúil,
bhí ina sheasamh go bhfaca rí Séamas -
rí meata do ghlac na ritréada,
rí meata do ghlac na ritréada,
is d'fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaeil bhocht.


L. 99


Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht,
is mo shúile dúnta gan radharc ar bith,
is trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn,
ó tharla mé beo is gan cabhair 'na ndéidh agam;
is gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saol sin
labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais.



Is iad na buachaillí so, buachaillí Gaelach,
ag briseadh a gcroí ag siúl na sléibhte,
ag amharc amach ar chuantaí na hÉireann
is ag sileadh na súl ag siúl gan Séamas,
is uch! uchón! 6 v. 4


L. 100


A scológaí na Mí, ná goilleadh oraibh an fómhar,
nó an mórchloí fuaramar ag briseadh na Bóinne ... 3 v. 22



A chlanna na ndeathrach, cuiridh an eorna,
is ná cuiridh i suim briseadh na Bóinne ... 2 v. 7



A chlanna Gael chalma, bainigí an fómhar so
's ná cuirigí suim i lá bhriste na Bóinne ... 5 v. 4.



Créad é an scléip seo ar scriúdaraí an Bhéarla
ag síorchumadh bréaga is á dtreorú,
ag síorchur i gcéill gur scrios siad na Gaeil
is gur hardaíodh a gcéim ag an Bhóinn dóibh?;
b'olc, olc bhur rún gidh gur mhór bhur ndúil
's níl gar dhúinn anois bheith buartha
go dtiocfaidh an t-am a dtabharfaí díol dá cheann
agus cuntas ann gan chairde! ...



Nárbh fhada bhí Maoise agus pobal Iosraeil
i gcogadh is faoi chíos ag Pharaoh?


L. 101


is nárbh fhada bhí Críost ar thalamh dár saoradh
ó chathaibh na ndiabhal naimhdeach?
's nach minic a léirscriosadh Jerusalem
le baothchogadh mallaithe gach náisiúin,
is amhaill tá ár dteampaill sárbeannaithe féin
anocht faoi ghéarsmacht na Galltacht ...



Níl aon bhodach gallta ó so go Droichead Átha
nár chóir a chrochadh in airde le rópaí,
ná a gcur i mbrannraí nó i mbairillí sparrtha
'gus a leigean le fánaidh na Bóinne;
ós iad a leag lámha go trom orainn an lá sin
le feall, le clampar 's le treoirbheart,
acht tiocfaidh loing faoi spás go Carraig na mBárc
bhainfeas cuntas san ármhach le comhrac.



Ní raibh éifeacht i mbriseadh na Bóinne,
ná i mBaile Átha Luain cí go raibh cathbheart rómhór ann,
ná in aon chath dá dtugamar in Éirinn


L. 102


nó gur tugadh orainne cruinniú na féinne
go hEachroim Uí Cheallaigh dár bhféachaint ...



A Sháirséalaigh ar do chodladh do bhí tú?
nó goidé an suan do tháinig ó Chríost ort?
is gur shíl mé féin gur laoch tú bhí líofa
do rachadh i dtús nó i dtoiseach na bruíne
agus front and rear do choinbheáil síos leobh ...



Mo dhola, mo dhochar is mo léanscrios
ar leagadh le feallbheart an lae sin ...
is ár gcoisíní bochta dá ngéarloit,
'sé ba samhail dóibh talamh a mbeadh tréad air
dá leagadh chun eallachaí méithe,
gan fascadh de thalamh dá gcaomhaint
a gcorp rotaí ó mhórtheas na gréine,
a gcairde ag teacht dá bhféachaint,
ag cur aithne ar na marcaigh bhí tréasach;
níor bhealach leo bealach rí Séamas
ach bealach ler cailleadh na céadta,
an fealladóir bradach, gan séan air!


L. 103


Iarraim ar Mhuire, is go gcluinead mar scéal é
is a theacht dúinn aríst ar chuanta na hÉireann,
ár ngalltrompaí againne dá séideadh,
agus ár ndrumaí dá mbualadh go haerach,
agus rí geal Séamas i Whitehall mar ba mhéin linn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services