Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Bhás Sheáin Uí Neachtain

Title
Ar Bhás Sheáin Uí Neachtain
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Ó Háinle, Cathal
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1982-1983)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



An Téacs
Ar bhás Sheáin Uí Neachtain, a fuair bás an 9ú lá den Mhárta,
1728/29.



A bharda Éireann, an déar libh grá mo chroí
go tláith i gcré is gan aon i bpáirt á chaoi:
sárfhear gaelach ba tréan ar bhánchleitín
i ndán is i véarsa - is léir mo rá bheith fíor.


L. 386


An Eagna Fhíor mo dhíograis d'aistrigh sé
is Saltair Íosa go Gaoidhilg, is feasach mé;
An tAithríoch Ríoga mar aon is teagasc Dé
is oifig fíre laoithe na seachtaine.



Gach seachtain a shó is a cheol bheith ag déanamh dáin;
Agata óg i gcló a ghaolta d'fhág
is beatha fós, stór is séad gach sáimh,
Mairéad loghmhar, ógh Mhic Dé na ngrás.



Grása is fearta na n-aspal, Síomón, Tadhg,
Parthalán searcach, deamhain a chlaon dá radharc,
Labhrás mairt'reach ba seasmhach do Chríost ina thréighid,
mo Sheán a mbeatha go teanga a ghaolta shéid.



Shéid go ceolmhar i bhFódla na maoileann réidh
liodáin ortha an Domhnaigh is Fíorchoirp Dé,
na Páise fós is choróin ár Naomhbhuime,
na n-aingeal glórmhar, is an mhórga Fhíorspioraid Naoimh.


L. 387


Naomheochair Pharthais d'fhág mo shult dá éis
is iomad dánta grácha do Bhuime Dé.
Lorg a lámh an Láidir Lonnach Géag
Och an Phatáta is Bearna na nGoileach Tréan.



TréanFhearmaltas bhreacaigh i bprós is i ndán,
an Cléireach Gaisceach do raic ar bheoir a ghrá,
na héin ag mealladh ban don mhórchoill bhreá,
Séam beag maiseach, is Aiste an Chóigir Sháimh.



Gan sámhas cléibh, is baolach, an bás go bhfuil
ina bhás i mbéal bhéarla sáimh na Scot;
grá na cléire is céile dáin is suilt
ro bhádh i ndéar gur shaor mo ghrá an t-och.



Och, a Áth na gCliath, cé cliarach taoi do cheall,
cá bard díobh fial ag riaradh Gaoidhilge fann?
Níl arán ar iadh ná bia ag daoine ann
is crá an chiall, is diachrach daor an dream.


L. 388


Dream ná cine ach fine Gael amháin,
níor thár a bhfriotal ná suine a ngaolta breá.
Mo Sheán níor imir ar fhine Gael an pháirt:
ba sámh leis siolla fiosach a aosta lá.



Cé lá ina scaith dom shearc i gciall is i gceol,
anois tláith a neart, is is lag atá iata i bhfód.
Ach cé tá i bhfeart, mairidh cian ina chóip,
ina dhánta dreachta is ina startha diamhrach cóir.



Ba chóir, diamhrach ciall a rainn is a dháin;
ba chóir, ciallmhar a bhriathra, a chaint is a rá;
brón is diachair ba chian ó cheann is lár
an eolaigh rialta i rianta seanda Fáil.



Um Fháil i ndaoirseacht rílios, dún is ráth,
áras síodhbhradh, bruíonta is úrchnoic ard',
fán is maoileann, ríoghlann, cúirt is dámh
i ngártha caointe; ba fíor a smúit ina dhiáidh.


L. 389


I ndiáidh mo dhíograis cá hionadh mise i mbrón
a dháil dom críonnacht, dílseacht is creideamh cóir?
Gráshearc naoimhibh, Íosa is Mhuire mhóir',
grá Dé is daoine a mhian go fuin a ló.



Lón is ciste an duine gaois is greann;
lón is ciste an duine Gaoidhil bheith teann.
As óghacht Mhuire don duine dílis fann
lónghlóir neimhe i gcumann naomh gach am.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services