Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dearbhuithe ó Chontae an Chláir

Title
Dearbhuithe ó Chontae an Chláir
Author(s)
Tomás ó Míocháin,
Compiler/Editor
Ó Murchú, Liam
Composition Date
1781
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1977-1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1
Tomás ó Míocháin cct.



Dearbhaithe Dhoiminic do Búrc i mnaoi Shíomain Mhic Fhear-
ghus Mhic Ceorais.



Dar droichead na Crannaí dar Rúirí na gainmhe
dar ar hoileadh do leanaí do Riocard Laighléis,
dar ar ceileadh do dhráití le Feidhlim na gcártaí
dar Pádraig Ó hAilpín 's dar ar bhailigh sé 'dhéirc,
dar iallaibh na mangaí bhí ag Brian bocht Mac Amhlaoibh
dar ar diúgadh do channaí le Pilib Suipéal,
is millteach an mhailís do Shíomain Mac Fearghus
a thaibhreamh gur chneasaíos le Murainn Ní Aodha.



Dar pátrún Chill Bríde dar rás Baile Uí Chaoilte
dar mála na pípe bhí ag Bachall Ó Béic,
dar Rándal Ó Gríobhtha bhí i gCoilleán Uí Shíoda
dar Pádraig Ó Finníola do cheapas an bréid,
dar spagán Joe Wheeler inar ghnáthach leithphíosa
dar fámairí gaoithe is dar freangaigh Mallbay,
in airde ar do mhnaoise níor tharla me sínte
's nách nár dhuit a Shiomáin me tharraingt fá scléip.



Dar an gcriathar dar an gcáithigh bhí ag Ciarnait Ní Chearna
dar Cian Ó Coileáin do bhí i bhfad i nDún Néill,
dar tiarach na lárach tá ag Diarmaid Ó Freaghla
dar trian na seascán atá ag Breasal Builtéir,
dar giall an scadáin bhric do pianadh sa tsáile
le Vinegar Arthur an Corkally Lane,
chois spiara ná stáca ná ag riascach na ráibe
níor iarras-sa fábhar ar Murainn Ní Aodha.



Dar Heighfield Dhruimeolain dar sinsir Sheoin Colpoys
dar líoga na Boirne dar duille na gcraobh,
dar fuíoll na luideoga do dhíolaid fíodóirí
dar Caoilte Mac Códa ar ar baisteadh bod gé,


L. 249


dar saoithibh na comhairle chuir aimhleas roimh Sheoirse
dar intleacht Bob Lotan ná teipeann ón bplé,
ar binse ná ar bóthar a Shíomain na ndrólann
níor shíneas lead stórach 's níor bhlaiseas a béal.



Dar brí na mileoige bhí ag Maoilín Ó Móra
dar binn na braitleoige bhí ar Chathal Ó Chéibh,
dar ar íocas do choróinibh le grinnbhean an ósta
dar bríste 's dar bróga Shean-Doiminic Paor,
dar íochtar an chlóca a mbíodh ríoball go leor air
ag Muircheartach Ó Tórpa ná cleachtadh círéip,
níor chuí 'gus níor chóir dhuit a Shíomain Mhic Ceorais
a smaoineamh gur phógas-sa cumann do chléibh.



Dar srianta Sheoin Chartes dar sciath Chonaill Chearnaigh
dar Diarmaid is Gráinne bhí i bhfarradh Sheoin Shea,
dar Meidhbh Ní Mhic Ránaill bhí bliain i mBéal Átha
dar Niall Ó Milleán ná dúirt paidir ná cré,
dar cliabhracha an rácaim tá ar iasacht ag Máire
dar ar stialladh do chártaibh le Culligan Rake,
lead mhnaoi ní rabhas páirteach a Shíomain na n-árann
cidh cíortha me cáiblithe ó phosta go poiléar.



B 1781lsc 18D
U Séamas Mac Consaidín
2
Séamas Mac Consaidín cct.
Freagra Shíomain Mhic Fhearghus Mhic Ceorais .i. caoinchéile
Mhuirinne ghléimhianach Ní Aodha ar Dhoiminic chróga leathan-
mharcach do Búrc.



A Éigse Chláir Fódla 's a chléircheap na n-ordaibh
an léir díbh na sceolta le a bhfuilim i bpéin,
dom chéasadh 's dom scóladh 's dom dhaoradh idir chomharsain
ag éisteacht gach móide dár tugadh i mbréig,
Le ar saoradh an cóbach do léirscrios leam ló me
's an céile léar pósadh me, Murainn Ní Aodha,
ag téarnamh chum bóthair ar féasta 's ar cóisir
dá gléasadh 's dá grógadh le Doiminic Caoch?


L. 250


Éistigí a chomharsain is géillig dom ghlórsa
is ná léigig mo scóladh an tan chluinfir mo scéal,
is ná féachaig don tsórt san do dhaorfadh a gcóngais
is do réabfadh a móide gan urraim don chléir;
dar bréathra 's dar gnótha gach éifid 's gach óinmhid
dar éifeacht 's dar comhachta lucht glugair gan chéill,
ar thréadaibh 's ar sheoidibh na hÉireann a stórach
's a chéile na ndrólann ní chuirfinnse ort bréag.



Dar Gearóid Ó Gríobhtha dar an gcronnóig a suíodh air
dar an luideoig is righne do cuireadh sa mbréid,
dar an bpluideoig ba bhuíthe bhí ag Tiobóid na gaoithe
dar an onóir dob airde bhí ag Murchadh Ó hAodha,
dar an bhfuinneoig dar an bhfaoilinn dar an nglasóigín chaoimhthigh
dar an spideoig do rinceann ar mhullach na gcraobh,
ba trioblóideach bhínnse gan sodóg gan císte
's a photóga líonta aige Doiminic Caoch.



Dar canntracht na pípe dar cantlamh na ndaoithe
dar an gcancar le a gcloítear an iomad don tsaol,
dar an ancaire ba líonta don bhranda ba daoire
dar an lansa ba líofa do cuireadh im ghéag,
dar Antainín Ó Gríobhtha do scanraigh an t-íota
dar francaigh na dríbe dar crutaibh na dtréad,
dob amplach a d'íosfadh mo ghandal ina cuibhreann
's gan anlann na hoíche ach an tuire agam féin.



Dar an roithleoig is righne dar an gcopóig is ísle
dar an scolóig is críonna 's is foirfe in aos,
dar giobóg don bhríste bhí ar Greigeoir Ó Finse
dar Mathghamhain an rince dar trudar na ngaoth,
dar an mbodóig do síntear le hanó sa trinse
dar cruitheoir na raimhinne dar mhullach an aeir,
fé chollóid níor shíleas im chocól bheith choíche
cidh trioblóideach m'intinn ag Doiminic Caoch.


L. 251


Dar an snáthaid ba líofa bhí ag Máire Ní Shíthe
dar an mála ina suíodh air idir ursain is chléith,
dar Gráinne Ní Ghríobhtha bhíodh páirteach le Síle
dar an gcáithigh do chríochnaigh ar mhullach an tsléibhe,
dar sáfaigh an phíopa bhí ag Nábla Ní Chaoilte
dar an mbairneach ba bhuíthe do chuireadh ina béal,
a chairde na dílse cídh cásmhar liom insint
bhíodh páirt aigem mhnaoise le Doiminic Caoch.



Dar fiacla an phráca do stialladh san mbearnain
's tá thiar insa gceartain ag Muireagán Caoch,
dar gliadar na ngarlach ná fiadtar a shásamh
dar iarmhar na bhfarsal tá i gcrutaibh na dtréad,
dar an bpiarda ba sásta bhí ar thiarpa Uí Chearna
dar piasta na mbánta dar muirear na n-éan,
gan iarracht ar bhlairnis ná ar bhriathra gan ábhar
bhíodh iasacht mo mhnása ag Doiminic Caoch.



Dar claidhreacht na lómach d'éirigh as dearóileacht
is ná roinnfeadh go meonach le foireann Mhic Dé,
dar bladhmann na gcóbach fuair oidhreacht Mhic Lópa
's as daibhreas do tógadh chum mustair is plé,
dar maighdeanas Mhóire nár thaibhrigh ar phósadh
is chuir adharca ar na slóite ó Bhuirinn go Léim,
do gheibhinnse mo stórach le soilse na nóna
dá saigheadadh sa bpóirse ag Doiminic Caoch.



Dar tiarnas na ndéithe bhí ag Niall is ag Laoghaire
dar iarthar na léine dar foirm na mbréag,
dar sciathrach gach scéithe bhí ag triathaibh na Féinne
do rialadh na céadta le cumas a ngéag,
dar Diarmaid Ó Cléire nár hiarradh ar féasta
an liaire ná staonfadh le hurraim don tréan,
gan iarsma na bréige má fiadtar mo shaoradh
ní iafad go n-éagad le Muirinn Ní Aodha.


L. 252


U Tomás Ó Míocháin



3
Tomás Ó Míocháin cct.
Mionna Mhuirinne Ní Aodha ag bréagnú a fir pósta .i. Síomain
Mac Fearghus Mhic Ceorais agus ag deimhniú dearbhaithe Doiminic
do Búrc re fíorghlanadh neamhchiontach.



Mo bhreo 'gus mo chumha-chreach mar pósadh ar dtúis me
le gósta glas giúnnach nár aibigh i gcéill,
lómach gan lúthchleas gan sórt ar bith subhachais
le ár leonadh mo chlú mhaith 's ar leagadh mo scéimh;
cá bhfuil spórt insa dúiche idir ógaibh na dtriúcha
i measc stócach na sleamhainchleath is bacach billéad -
ach móidibh an Bhúrcaigh ag mórghlanadh cúise
nár grógadh fa shúsa leis Murainn Ní Aodha?



Cidh feoite me súite d'éis deolchreimeadh cúigir
go deorach san gcúinne le hanacra plé,
i gcóngar na cúlach an chófra ná an chrúthaigh
gan ordaithe an bhrútaigh dob eagal dom théacht;
an borreaspag Brúnach inar mbóthar dá siúladh
níor dhóigh go bhfaigheadh rumpa ná carbad gé;
's a chomharsain na muirne nú an brón libh mo chúrsa
bheith beochaite brúite ag an seanchoc maol?



Níl meonreacht ná múineadh níl córtas ná cumhracht
i nglórthaibh an tsúmaire chruinnigh an t-éad,
's gurab eolach don dúiche nách cóbach ná cúilspreas
an srólmharcach súgach sin Doiminic saor,
ach beobhile lúbach do threoncheap na mBúrcach
ba cróga is ba lúfar in ursanaibh éacht
's tá spórtmhar i gcúrsaibh an óil is an fhiúntais
's ag pógadh na gcúileann ó Bhiorra go Léim.


L. 253


Ní hóinmhid bhocht shúldubh gan cóta gan chlúdadh
do róchleacht an Búrcach is baramhail méin,
ach beobhruinneall ghnúisgheal fé shról is fé phumpaibh
gan dearóile gan diúltadh ach cead sodair go haer;
dar Domhnall Ó Dúda chuir furthóg ar mhúnsail
dar an gcróchar do lúbadh fé Shisile Paor,
aisteoireacht ná lúbchleas i seomra ná i gcúilteach
is dóchas nár shamhlaigh le liobar mar mé.



Dar srólchrannaibh Srúille dar stól Thaidhg an turna
dar bónra Thír Mhúghadh 'gus dar meacan an tsléibhe,
dar móinbhogach Dhúire dar tóin eireamh Heulith
dar scornan na sleamhainchon bhí ag Gearóid na ramharbhroc
dar toirneach na n-uird do bhí ag Gearailt na gcaor,
le foirneart an Bhúrcaigh i meontreas na húime
níor stróiceadh dom rúscasa cnaiste ná téad.



Dar Pól Ó Fionnúcáin fuair purgóid mhealmhúta
dar pónta Chluanramhad agus faiche Dhrom Cléibh,
dar bileog an chuntair tá ag Mathghamhain na n-unsaibh
dar donóg an dlútha do dhealbh mo bhréid,
dar dronnóg an drúchta ba cláirseoir do Hewson
dar smólchneas na húime tá ag Rúirí Ó Néill,
lóta ná crústa 'chuid Cheoraisín chiontaigh
níor tógadh 'na dhúbla le Doiminic saor.



Dar Breogán Ó Dubharta do bheoloit an gúta
dar clóca Thomáis Cooper ná taiscenn a réal,
dar Górrdal na gcúlphoc nár ól riamh leathphionta
dar Tiobóid an trumpa do b'fhearra guth béil,
dar píonóg an phúdair tá ag Tadhg Óg Mac Cúda
dar cronnóg an phlúir do bhí ag Peadar Laighléis,
i bpóirse ná i bponcaibh níor phógas-sa an Búrcach
cídh scóladh go dlúth me le reacaireacht scéil.


L. 254


Dar an gcronnóig a diúgthar le geocaigh Chill Mhuirne
dar an seanóir gan siúl tá ag leathanloch Léin,
dar an gcocól breacghlúineach tug collóid ar dtúis dom
dar Róis na leathchrúibe bhris easna in mo scéith,
dar an roithleoig a bhrúitear le Runólt ar leannta
dar crostóir an chrúca do mharbh mo chéis,
im chóngar ná im chlúidse níor chónaigh an Búrcach
an nóimint is lú ar bith ó thosach mo shaoil.



Dar lómthaigh na lúibchleas ba seolta seanuirlis
dar miodóg an fhonsa bhí ag Cathal Cúipéir,
dar Eoin is dar Úna 'na mbróig nár chuir búcla
dar Mór Ní Churrú do ghoid cearca Sheoin Grace,
dar fuinneog na cúirte tá ag Rí Seoirse Londain
dar Feoras Ó Fiúra do bhearras na gé,
le Ceoras an amhrais ní gheobhad go lá an chuntais
ar chomhairle ná ar chiúintheagasc cara ná cléir.



Mangaire maga ná baineadh ná maor cuaille
le Doiminic rabairneach seasmhach saor suaimhneach
ach beirthear go tapa ar bhod barraig na mbréag mbuartha
is ón gcloigeann de stracthar treasleathar a mhaolchluasa.



As é dubhairt . . .

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services