Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Barántas

Title
Barántas
Author(s)
Buinneán, Uilliam,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1750
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Uilliam Buineán
do Sheán Míodhach



Do bhrí go dtáinig
dís dom láthair
dom dhlúthchomharsain
Do dhearbhadh suíte
fá bhrí an Bhíobla
an fichiú lá d'fhómhar
Go bhfuil Clann Tomáis
ag dul in earráid
ní nár chóir dhóibh,
An dream chiaptha
chuirpe chiardhubh
don tsíol ró-olc.


L. 8


Do fuaireas cullóid
ag an siosón
i mbéal na tulcha
Ó Mhac Cuirtín
is ó gach giúistís
dá bhfuair commission
Tré Chlann Órla
bheith ar an nós so
'dul as riagail
Is gach dlí chórach
ag an gcóip sin
dá shíorstialladh.



Atá duine éigin
den tsíol chéanna
ar na bailtibh seo
Do cheannaigh diallait
dóchaint iarla
spuir is geamaisis.
Atá naoi mbúcla
chum a ndúnta
i gceann a giorta.
Is deir liom Seán
go bhfuil punt práis
ina phuimeil.



Ní hé an súisín
atá ina chúisín
dar mo bhriathar
Ach canvas ciumhaisbhuí
is leathar gamhnín
as Átha Cliath amach.



Atá breastplate cíordhubh
is pliataí buí uirthi
ó Shliabh Taurus.
Adeir liom Síle
gur leathar ón Scythia
a cover gan amhras.


L. 9


Do bhí Clann Vulcáin
seachtain is naoi lá
ag déanamh stíoróipí
Is do bhí dá cheardán
lá da bprásáil
adeir Sean Ó Bruadaí.



Adeir Mac Uí Dhála
aréir le Pádraig
i dtigh Mhileachlainn
Gur neeb maith cnáibe
ó Chill Airne
atá dá cheangal.



Adeir liom Tomhaltach
is ní mar shúgradh
acht mar dháiríribh
Gur fiú naoi scillinge
ar marga Murchaidh
a chuid síoda.



Adeir liom Mícheál
gur fríoth dá dhíotáil
airbhe nae air
Is go bhfuil air fíonáil
fós tré líonáil
do chur lena bhéibhear.



Táim lán d'eagla
go bhfaighfear damanta
mac mo chomharsan.
Tré na hachtaibh
do rinn ár n-aithreacha
do shíorleonadh.



Ní mé is ciontach
ní mé dúirt leis
ceannach na srianta.
Ná ní mé dúirt leis
spuir ó Lundain
do cheannach ná d'iarraidh.


L. 10


Ba mhaith an diallait
dar mo bhriathar
do mhac scollóige
Súisín riabhach
is mata fé' thiaraigh
agus croiceann maith fóisce.



Ní dhéanfainn iongantas
gad ná giorta
nó gas cnáibe,
'S ba mhaith an stíoróip
cúpla bruinnleog
bíodh nár ghá iad.



Dá bhrí seo, a Shéamais,
ós tú an receiver,
glaoig leat Dónall
Is buail go héasca
suas do phléisc
is tabhair an tóir air.



Má gheibhir ligean air
tá mac Uí Urthuile
ar bhéal na slí reomhat
Is glaoig chughat Murchadh
is beidh sé coinmhithe
mura bhfuil draíocht air.



Má tá 'ndán duit
go bhfaighir chum lámha é
bris na srianta.
Ceangail a shála
is caol a lámha
agus cac sa diallait.



Tabhair leat ceangailte é
mar do bheadh madara
d'ólfadh crútach,
Go gcurthar cara
suas chun a thachtaithe
le gad súiste.


L. 11


Atá duine saor
ag Seán Puirséal
do ghéabhadh anam do,
Dá dtagadh i mbannaí
is i dtacaíocht
ná raghadh ar eachara,



Go dtiúbhradh a shrianta,
a spuir 's a dhiallait,
suas don Eaglais;
Ní bhfaigheadh acht pionós
tré 'ndearna d'éagóir
ar na hachtaibh sin:



A dhó ina láimh
le lúib corcáin
nó le teanachair.
'S a chur ar mhuin pocáin
Thaidhg Uí Lorcáin
trí lá marga.



Baintear de a bhríste
is buailtear shíos é
le gas cuilinn.
Cuirtear dos píbe
nó cos píopa
in ionad a shuite.



Tumthar naoi n-uaire
i mbreallán an fhuail é
chum a fholcaithe.
Baintear leathchluas de
is cuirtear béim cuardaigh
san gcluais eile leis.



Sracthar dá mhailí
agus fós dá chadarnaí
an guaireach le teanachair,
Is d'fhabharthaí a shúl,
agus san go bliantúil
ar feadh a bheatha arís.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services