Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lucht na Simléirí

Title
Lucht na Simléirí
Compiler/Editor
Harrison, Alan
Composition Date
1684
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1973-1974)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TÉACS
Riobert Nuinsionn cc B
Lucht na Simléirigh nó C D
Crosánacht ar Chloinn Thomáis B C D



I A chairde grádhach agus a léadhóirigh ní bhfuil nuadhsgéal agam díbh
san aimsir dhéadhnaigh acht go gcuala mé gur ghlac Tomás an gháire mac
Niocoil an mhéalaigh mhic Fheidhlim an ghraffainn mhic Sheoinín
na dteantar mhic Eoghain na súgán mhic Ruathraigh na bputóg mhic Neill na
bratainne mhic Chonchubhair na cnapuirsi mhic Ghiolla Páttraig an
daibhín mhic Éamoinn na meall mhic Labhráis an lungaidh mhic Lughaidh
na glábóg mhic Mhurchaidh na ceirte mhic Sheoirse na nodlac mhic
Gheilbeart na deorfaidhe mhic Ruisbín an taoslaigh mhic Ghoffraidh na
gréise mhic an chéad Tomáis mhóir ór fhás an cineol sin, mac
mhic Ghiolla Draic mhic Ghormlaigh mhic Bheintsighe mhic Ghiobolláin mhic
Leorliom.



Agus is leor liom sin dá sheanchas go bhfagha mé duais mo dhána 'gus éide
ó gach brughaidh bronnmhór bolglom brothalach


L. 194


bogbocéadach dá dtreibh diongmhála féin do gach cóige d'Éirinn iathghlais
oiléinigh - um chruinneadh agus um chomhdháil do bheath eatorra féin go
príobháideach i dtimcheall cnuic an Tursguir nó machaire Cinn fá
Gudramáin, um tionsgnadh cía haca do dhéindís ceithre sgilline do dhíol nó
simléir do chur suas. Agus dar láimh an tsagairt ataoí acasan dá ngéillid
féin, mur atá Giolla Críosta Ó Ciaróige, ní fheadarsa cía haca don dá
chnocsan ar a mbia an chomhdháil chiotach sin an lá céanna, ar a shonsin atá
dóigh gur mó is aimhréidh iad ag filleadh dóibh nó ag dul ann, mur fa
gnáthbhéasa bunaigh aca go bhfuil sé ó dhúthchas a sean agus a sinsir
ceangailte díobh; mur bhí Diarmaid óg Ó Corrghléusaigh agus Mor-chróin
Ní Mhaoilmheileoige do bhainchéile aige .i. fa rígh corónta
neamhcheartbhreathach dona treabhuibh do ráidhmur romhuinn agus cuid na
muintire taoí beo aca um chríochnadh na simeléir; mur atá gan ghlún bara ar
a míchéill nach dteachaidh orlach síos de, agus fós gur chuir d'acht agus
d'fhiachuibh orra a gcuid don tsaoghal do chailleamh re clampar dhá phíghin
agus an dá phíghin sa deireadh; agus fós do ghlacadar na fir chalma chéanna
spriod uathbháis do láimh o lá King Lickmilk mur bhí Oliver ag
iomthnúídh re huaisle Gaeidheal ó fuaradar glún síos orrtha ag teaghlach
na Briotaine móire, gur smuain clann Ghiobeadarais a bheith ag
dramhaltaigh 's ag drantán magairle orra mur gach saxannach eile san saoghal
so na briollscarna do láthair.



Léigiom dho, éirghiom dhe, agus is iad so na hagents do toghadh fá na
cúisibh sin réimhráidhte .i. Maghnus méith Ó Maolordóige, Labhrás lom
Ó Lánmheacain, Tadhg tubaisteach Ó Cisde, Donnchadha dearmadach Ó
Doithchill, Séamas séidéanach Ó Seanphraisge .i. scuabadóir simléir
pharlúis Ghillbeart an Phearcín, an tí céanna ba ríghthaoiseach
Mhullaigh na Míáirde agus ughdar eolais na haicme so é, conadh foillsadh
cionnas rachadh sochar ná dochar na simléar dhóibh. Gan aire do sin do
chuir Maghnus ceist uathbhásach arrachtach acfuinneach ollgarbh ar phobal
cheanntrom chorrbhearéadach Beilsibub agus Aibiróin, go ndubhairt an
file faiteach focalbhréan agus an drochfhear dorngharbh dána ag labhairt go
proimpealánach ceannbharrach garbhalltach "Atá Sacsanach romhainn gur
mhúin Dia aimhleas dó, gan aithris air".


L. 195



"Ceist agam ort, a Shéamuis,
ós tú fuair béasa Gallda,
cia tairbhe dúinne simléar
nó teach slimré gan mhanradh.



Foillsigh ós ard a sochar
don chloinn mhothlaigh so Lóbuis,
ná ceil arís an díoghbháil
's ná déin siansán eoluis".



"Dearbhuighim duit, a Mhaghnuis,
a mhic chragaigh an bhearéid,
gurab d'fhortúin cloinne Lóbuis
táinic fógra na simléar.



Béid a bhfaisiún na Galltacht,
béid a ranca na n-uasal,
ní thiucfaidh in am ar gcoda
an cheithearn bhróg-fhliuch chuartach.



Orrthla fhadfhiaclach is Labhrás,
beidh an t-arán faoi an bposta,
ina choirnéal fós bhus sásta
don ghárlach is don losaid.



Is mór sochar 'na h-aice
ó 'sé is taca don mhónaidh,
sé is alchuing don bpota
tráth gortha an chóilis.


L. 196


Is ró-mhaith blas an mheacain
's is milis an fata rúta
ó thine the an tsiomléir
bhíos gan siléan, gan súithe.



Má thig isteach go h-anadh
fear folamh nó stróinse
fiafraigh Orrla fhadfhiaclach
cia an boidiallach úd sa bpóirse?



Go forth arís you rebel,
ye have no colar nó Béarla,
Call for the constable
go gcuiridh a stoc láidir an phéas.



Atá an simléar cumhann,
ní bhfuil roome ag do shórtsa,
run forth to a bohán
ghéabhair ar leathmhás na móna'."



"Maith gach sochar dá n-abrair
about ye teallach James,
acht créad do-dhéana an chlann-sa
le teach Gallda gan Bhéarla."



"You are not well," said Maghnus,
"a mhic Áine an Doithchill,
since you be not gléusda
i gcumas an Bhéarla choitchinn.



How doe you agus thank you
do bhí ag Ailbhe ghrugaigh;
ó nach bhfuil go sásda agad
God save you, good morrow,


L. 197


God welcome agus drink to you
Béarla binn fhir na póite;
táid againn do mheabhair,
an chlann mheallach mhic Lóbuis.



Atáid so agus mórán
againn do chrónán Saxan;
biaidh fós maistín gallda
i dtoigh crannta gach balthaigh.



Ag ruagadh cáich ón Ghallteach
don mhaistín ainbhreathach uaibhreach,
ba bhorb an Béarla é, "Póirtear"
how rogue, "stop é", uainne."



"A Mhaghnuis chroidhe an drantáin,
a bhéil an bhanráin bhunaidh,
do réir gach eoluis do fuaras
ag sin fuasgailt do cheasda."




II Ar n-éisteacht na gcamadar san rann sin dóibh ó Mhaghnus
phluicbhéalach, do mhéadaigh a ngriffin graffuin agus a gcípearocéad agus a
ngiobiodaras agus a dtrusgar truistailte gur chinneadar uile géilleadh do
ghallghlór Shéamuis go nár fhágbhadar balca práca ná díonaisge dréimire nó
bunasna bara go fiú an maide brisde gan chur fá chéile chun simléar do
thionnsgnadh. Go bhfacadar aon óglach ámharach, aimhriaghlta, adhbhallmhór,
modartha, mísgiamhach, míthuigseach dá n-ionsuigh, nach raibhe do láthair
phróstáil na simléar conuige sin .i. Tóibín tónbhrisde ó Tícóige,
daorbhodach dána drochmhúinte díthchéillidhe do chraitheadh agus do chiapadh
re clampar círéibe agus re crosánacht cnuasach re cian d'aimsir roimhe sin.
Go ndubhairt riú,


L. 198


"a bhráithre piasdamhla, bolgleathana, bruimneacha, bréanladhracha, coisgidh
do bhur séideán sotalach agus do bhur ladán ladúis, agus do bhar ndímas
drantánach agus do bhur gceanar fá iris, agus do bhur mbróig fá shoip agus
do bhur mbrille bhreille óir ní coibhéas cubhaidh bhur gcromadh croimpéil ná
mur gcarnáil chaidreasach ná bhar gcabastrang agus fós ní dú agus ní dualgas
díbh an ní dob áil libh do chur romhaibh. Go ndubhairt an rosg so romhainn.




Ní dual simeléar ag síol Lóbuis
ladhra a luaithrigh;
drong dar dhúthchas luithe ar cháitigh
a bheith 'na nuarcáin.



Ní beag mornán ós cionn bhotháin
ag dream na mbrughtheach.
Cóir do bhréanóg do chleacht bréanteach
teallach tútach,
is orlar fliuch ón néallach cháidheach
sallach súitheach.



Féach bhur sinsear suas go Liobar,
a lucht na nullóg,
ní fhuil aon ghlún díbh gan dumblas
ó mhaoil na meilleog.



Donnchadh dodach, Diarmín dísgir,
dís nár baisdeadh,
ag so an cúpla díof is faisge
as blaosg na praisge.



Murchadh manntach, Magnus mothlach,
Craos na gréise,
triúr nár bhlais cearc ná sáisde
acht gruth is méillach.


L. 199


Aon ghlún déag ó Dhracopéisde,
Tadhg an tsúisde,
is é is sinsear daoibh an mhéadse,
taoi sa gclúidsi.



Ó nach feas do sheanchaidh Ghaoidheal
gaol bhur ngéige,
iad so is sinsear dúinn mur chuala
ar chúl a chéile.



Teach badh hairde buaic ná mise
is mé gan mhaise,
níor thógaibh neach ariamh don treibhse
's gan iad in aisge;
coisgthear sunn dar simléar libhse,
cimhléid chlaise.



Léigidh díbh bhur n-uadhbhar díomsach
leanaidh dúthchas,
géillidh dhamhsa, a thréad gan suarcas,
ós mé bhur dtrúpas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services