EACHTRA GHRUAGAIGH NA CREIGE AGUS NA
CRUITE 'S AN TIOMPÁIN
1 ... agam". "Cia is tigherna ann?" air an gruagach. "Madhseadh",
air an doirseoir, "issé is tighearna san dúnsa, Phelmeus Brulinus".
"Cár gabhadh leis as an mboile?" air an gruagach. "Go Doire na
Sdéad um an tráth-so", air an doirseoir. "An bhfuil bantigherna an
dúnaidh san mboile?" air an gruagach. "Donus agus mirath t'fhiafraighe
ort", air an doirseoir, "cia do bhiadh ann acht í?" "Créd is ainm
don mbaintighearna?" air a' gruagach. "Elisabeta Hugina", air an
doirseoir. "Cia tá 'na fochair san mboile?" air an gruagach. "Cia do
shaoilfá a bheith ann acht a teghlach agus a mór-mhuinntir féin?"
air an doirseoir, "acht atá bantaoiseach uasal onórach mhilis-
bhriathrach lán d'eolus agus d'inntleacht san mboile maile fria:
Graniota filia Henrici Sadini, agus deirid cách gur do Chóigeadh
Gailián dith .i. do Chóigeadh Laighionn agus ó Charruic Dhún na
Más agus ó Mhóta Gráine Óige".
2 "Is maith an sgéal tá anos (agad)", air an gruagach, "agus beann-
acht duit dá chenn, uair air maithios dá mhéad ní rachfuinnsi asdeach
san dúnadh ó tá an bhen uasal sin ann", arrsé, "agus iaruim d'ath-
chuinghe ort agus ná cluine sí go roibh mo leithéid nó (mo) mhacasamhla
san dorus", air an gruagach. Óir deir an sttair go roibh agal mór (air)
an ngruagach go n-iméradh Graniota athmhileadh draoiachta nó
easroluidhechta nó anchumhachta air dá bhfaicfeadh aon radharc
dó. Agus ro fhiarfaigh an gruagach don doirseoir an roibh gaol nó
comhfhogus aige i mBrugh na Craoibhe Cumhra. Dubhairt an
doirseoir go roibh agus gur choimhbráithre gaoil agus genelaigh iad
araon.
3 Iar sin do chuir an gruagach a lámh 'na thiomchioll agus tug ar son
a shaothair ... don doirseoir agus leig féin chum asdair agus do
chum imchechta agus ní fos nó comhnuidhe do-roinne nó go ráinic
go dún agus go deghbhaile Brugh na Craoibhe Cumhra, agus do tharla
(an) brughaidh féin dó air faiche an dúnaidh agus fochtus an brughaidh
sgéala don ghruagach agus (dubhairt) an gruagach gur draoi agus degh-
dhuine ealadhna é féin. "Cár ghabh tú chugain?" air an brughaidh.
"Do ghabhus ó Chreig na Sionnach Liath agus (ó) Charuic na Maoili
Doinne agus tre Innmher na Duibhlinne agus tre Ghort na Greancha
agus
tre Dhún Re... /6/ go suighe so", air an gruagach. "Go mu é do
bheatha agus do shláinte chugainn", air an brughaidh, "agus gluais
romhad asteach san dún mur a bhfuil Margareata Canane cona
bantracht agus cona muinntir air do chenn san mbruighin agus is gearr go
ttigidh misi féin dott tionnsaigh uair atáim ró-ghnóitheach uma
bhúruibh agus uma bhótháintibh na Craoibhe Cumhra agus fós uma
thréaduibh taobh-gheala agus uma ghreadhuibh sguaib-leabhra na
bruighne céadna uair is égin dhamh tinól agus mór-thiumsughadh do
dhéanamh orrtha".
4 Do imghigh an gruagach roimhe iar sin gusan dún go ráinic
an dorus agus do iar osgladh ann, agus mur do chonairc muintir an dún
ionniol agus déanamh agus foirm duine ealadhna air an ngruagach do
hosgladh an dorus dó gan mhoill agus iar sin táinic isan mbrughin agus
tarla Euenia dó (dá) céad daoinibh .i. mac orrdherc oighrechta an
bhrughaidh agus do athain foirm na healadhna a ngnúis agus (a) nglan-
aghaidh an ghruagaigh. Do rug air bar géige agus baise fair agus do fher
fáilte fris. Is ansin táinic Magonius Albanus .i. macaoimh óg
indealbhach iolbhuadhach go mbuaidh n-aigne (agus) n-urlabhra agus
ndeghmhaisi (a) asttech agus do-roinn ioliomad loinne agus lughára agus
forbhfáilte roimhe an ngruagach; agus níor chian dóibh amhlaidh
sin an tan do tháinic Dun Seon .i. treas mac do chloinn an bhrughaidh
sstech agus tug fáilte don ghruagach.
5 Iar sin táinic Franciscus Albinius .i. mac agus seaplín an bhrugh-
aidh asttech agus mur do chonairc an gruagach ional agus déanamh
duinne riaghalta air, do leig air a ghlúinuibh é agus do ghlac beannacht
agus loghadh iomshlán uadha. Táinic Dulinus Bacanus .i. an mac fa
hóige aige an mbrughaidh sdech agus (do thug) ionchomhairc beatha
agus sláinte don ghruagach. "Cé hé an t-óg-mhacaoimh sin do chuir an
fháilte romham?" air an gruagach, "agus gurb é is óige do chloinn an
mhóir-bhrughaidh?" "Teidhm galair agus easláinte do ghlac é an a
chois dheis dheagh-thapaidh agus fa (truagh) mór an sgéal sin, óir ba
lúthmhur an chos úd air bhí slán /7/ agus do bhí fisic agus léagha agus
ollamhain
in tíre agus an domhain uile dá leighios ionus go roibh an othrus míosa,
ráithe agus bliaghna dá leighios air aon leabaidh acu", air siad. "Is
ró-mhaith a thuigim siph anois", air an gruagach.
6 Iar sin táinic Margareta Cananea (asttech) agus Eulina Eugeni
Regnalldi agus Maria Cloglana, ionghion do Mharia Lennoga. D'uais-
libh agus a dh'ard-mhaithibh na Sgotia Móire na degh-mhná sin agus
tuccadur teora póg agus fíor-chaoin fáilte don ghruagach. Iar sin
téid an gruagach air cuairt agus air (agus air) saor-chéilidhe mar a roiph
Sara uasal onórach mhúinte dhegbhéasach chríonna dhisgréadach
bheal-derg ghruadh-chorcra mhilis bhinn-bhriathrach mhongmhar
ór-chuachach inghantach agus í anna seirg-ghaluir agus mór-easlánte
tréimhse imchian; agus do chuir cathoir órdha oirloisge go gciomh-
suibh caoimh-shíoda orrtha faoi an ngruagach.
7 Ní fada 'na dhiaidh sin go ttáinic an brughaidh iar gcruinighadh
(a) cruiph agus cheathra na Craoibhe Cumhra a ccend a chéile, agus
do-roinne iolumad orbhfáilte roimhe an ngruagach agus ro fhiarfaigh
an brughaidh créad dob ainm don ngruagach agus do fhreagair an
gruagach agus isseadh adubhairt gur Gruagach (na) Creige fa hainm
dhó agus (gur) Gruagach an Tiompáin fa hainm dó (do). Iar sin do bhí
an gruagach athadh fhada agus aimsir imchian ag tabhairt sgéala
dhóibh agus ag buain sgéala dhíobh mur an ccéadhna. Is ansin do
nocht an gruagach a thiompán agus a chaoimh-chruit agus ní bhfuair gléas
air an gclársaigh tre iomluathadh an uisge orrtha agus is amhlaidh do
bhí (an) tiompán an ghruagaigh .i. go ndealguibh óir agus go ttéaduibh
airgid agus go gcoruibh fionnbhruinne agus do (chuir) an /8/ gruagach a
lámh air a thaobh agus air (a) fhormna agus tharrainn crann comhduigh
caoimh-ghléasda amach agus chuir (ar) fordhealguibh na cláirsighe é
ionnus gur chuir a tiúin agus a horgain agus a cobhllacha do réir a chéile.
Agus do shinn an gruagach mórghlaca do nuadh-cheol ioghantach nach
ccuadhladur cách a mhacasamhla ariamh roimhe sin.
8 "Is duinne binn tú, a Ghruagaigh an Tiompáin", air an
brughaidh. "Ní mór an locht orm a bheith mur sin", air an gruagach.
"Cá háit a bhfuilid racaraidhe nó aois ealadhna an dúinidh féin?" air
an gruagach. "Atáid racraidhe maithe san tír agus anseo d'áirithe", air
an brughaidh, "agus dar ndóigh go bhfuilid aineolach air a "nuadh-
(cheol) sin do shinnios tusa". "Madhseadh", air an gruagach, "is
cóir dhamhsa aon rann amháin do rádh dhaoibhsi re mo nuadh-
cheol féin". "Is maith sin re déanamh más toil leatsa é", air an
brughaidh. Ansin adubhairt an gruagach an rann so mur chomhphort
do (do) lucht an dúnaidh:
"Ó Chreig na Sionnach Liath m'eachtra
is ó Charruic inn Mhóir-tShneachta
is ó Inbher an tSrotha Láin;
beir ciorbhadh gotha mo thiompáin".
9 "Dair liom féin, a Ghruagaigh an Tiompáin, is docair a rádh
nach maith an cúlodair thú do thaobh béil agus laimhe". "Ní bhfuilim
acht mur chluin tusa", air an gruagach. Iar sin ro fhiarfaigh an
brughaidh: "A ghruagaigh", ar sé, "an misde leat mé dá fhiarfaighe
dhíot an fáth uma ttugadh Gort na Greancha air an macharre so
'nar ngorrt?" "Ní ceisd ar eolchuibh sin", air an gruagach "agus
gidheadh dar ndóigh gur fesach dhamhsa é, .i. cogadh agus ceannairge
d'éirghe /9/ eidir Bearnardinus Marinus agus Nélanus Michaelinus
um roinnt fuinn agus forba agus feruinn agus gach mór-oighreachta eile dár
bhoin leis agus rígh ághmhur iomráiteach do bhí air thuathuibh degh-
áile dian-sgaoileacha Luchramonn; agus ní roibh sliocht ná lurg-ogha
nó iarbhogha air acht an bhirt úd ro ráidhsiom cheana. Agus do líon
iomuigh agus iomthnúth iad um an oighreacht chéadna ionus nach
ttebhradh neachtar acu umhla nó uruim don nfhior eile, go ttáinic
dhe sin gur chruinídar slóite troma tortamhla chum a chéile air gach
taoibh agus go ttuccadur cath callma ferdha fearamhuil dá chéile".
10 "Agus gé gur sraonadh an cath re Nélanus agus go rucc an
bhuaidh, is cneadhach créachtach (cneadhach) cró-linntech ro
bhádar a ttáinic as dá mhuintir, agus dá dherbhadh sin adubhairt an
file an laoi so síos mur a n-abair:
Gort na Greancha dhe dá ghairm,
sain fáth fa ttugadh an forrainm:
eolach mé 's na fáighuibh fis -
dursan dúinn (a) bheith dá n-athris.
Bernardinus fer go ccéill
agus Niallanus mhac Míchéil
tugsad mór-chath go ngráin
um oighreacht Údháin mhic Audháin.
Rígh tuath Luchramann an fer
táinic seal tré neart Gaoidhel;
ní roibh oighre air nó sliocht
acht an bhirt fa cosbhail comhriocht.
Tugsad mór-chath gan time -
aig sin sgéal go bhfírinne -
dár thuit uaisle Innsi Banbha
san ccath n-uafur n-aththardha.
Le Néllanus do sraonadh an cath
mur dherbios draoi an ard-fhlaith;
gé gur thrén é san troid
do chaill sé dream dá chairdibh.
Gort na bhFiodhbhadh roimhe sin
don achadh hainm bonnaidh
go ndernadh greallach na ccorp
(agus) greanach don tsaor-ghort."
GORT.
11 /10/ "A Ghruagaigh an Tiompáin, is mór an t-eolus sin ad
chionn, agus air grádh h'inidh (agus) innis creud an bás táinic le rígh na
bhFer mBeg .i. Ughdhán mac Audháin?" "Is urusa liomsa an
cheisd sin d'fhuasgladh" air an gruagach. "Is re linn Eochaidh mac
Eirc a bheith 'na rígh Éireann do bhádur tuatha Luchraman ann
agus do bhí siad fa bhruid agus fa mhoghsaine agus fa dhaoirsi na
bhFhomhur-ach amhuil agus do bhádur cách uile acu. Iar sin táinic an
rígh Ughdhán aon do ló plédáil a chirt agus a chóra féin (aon do lá) a
láthair rígh Éireann .i. Eochaidh mac Eirc. An naomh-fhlaith ba fhinne
an Érinn an tEochaidh (sin). Tángadar teghlach agus muinntir rígh
Éireann do dhéanamh ioghantuis agus aonaidh fa Ughdhán agus do iar
Ughdhán mur athchuinghe air (a) rígh Éirionn na daoine do sgaoileadh
amach uadha agus go roibh sé féin dá thógbháill ó thallmhain tre neart
anála na buidhne do bhí 'na thiomchioll".
12 "Agus níor ghabhadar na daoine an nfhurfhógra sin ón rígh
ionus gur éirigh an righ Ughdhán ós fear agus ós fiodh do láthair rígh
Éireann agus (a) mhunntire connach fios dóibh fios (a) oighdhe ó sin a
leith", air an gruagach, "agus dhá dherbhadh sin do-roinne file éigin an
laoi shenchuis so síos mur a n-abair:
Ughdhán Mhac Augháin gan Locht.
Ughdhán mac Audháin gan locht
fa lag (a) brígh 's ba beg caoimh-chorp;
táinic a chonbháil a chirt
do láthair Eochaidh mhic mhóir-Eirc.
Ceithre duirn ó gach eolach
do bhí an a chorpán bhinn-ghlórach;
a shamhuil sin do rígh Banbha
ní chuadhladar daoine daonamhla.
Tionólaid teghlach an rígh
(a) ttiomchioll an fhir fa hard-ghnaoi
gur éirigh ós a lámh is ós fiodh
tré anáil ábhuill na míleadh.
/11/ Fios a bháis ó sin a-le
ní bhfuair draoi, fáidh nó file -
a leaba luighe a ccré amháin -
nó créd is oighe do mhac Audháin".
UGHDHÁN.
13 Iar sin nochtus an gruagach a thiompán an dara fecht agus do
shinn glac do nuadh-adhbhanagh ciúil slitheacha seannma agus
cuislionna tédbhinne tiaghiúir agus do ghoir ar na racaraidhe chuige
arís agus níor fhreagradar air aon chor. "Is cóir damhsa aon rann
eile do rádha. Onn bhfuilid aois ealadhna an toighe féin ag techt
chugam?" air an gruagach. "Is cóir go (go) deimhin", air an brugh-
aidh, agus dubhairt (an gruagach) an rann:
"Muna mbeith an crann gléasda cóir
air dealguibh na cruite a ccéadóir
ní bhfuighfidhe ceol nó tuigsi
uaithe ó leonadh an mhóir-uisge."
14 "A Ghruagaigh an Tiompáin", air an brughaidh, "ní náir
dhuit a dhol do dhéanamh dána". "Dar ndóigh gurb ume sin do
cuiramh chuigibh mé", air an gruagach. "An misde duinn fhiar-
faighe dhíot, an bhuil bean agad?" air an brughaidh. "Ní mór an
urchóid sin a dh'fhiarfaighe díom", air an gruagach. "Ní bhfuil
bean agam agus ní bhfuilim gan mhnaoi", air an gruagach. "Cionus is
féidir gan bean do bheith agad agus gan do bheith gan mhnaoi?" air
an brughaidh. "Atá le céil mhaith", air an gruagach, "mar ionósad
duitsi, óir do-roinneadh dáil agus cleamhnus idir misi agus bean mhaith;
do threabh agus do shíolaidheacht mhóir dhith .i. de Chóigeadh chaoimh-
áluinn Chonnacht .i. Uniota Ceilina, agus do ceangladh dá chéile
sinn do réir dhligheadh tuaithe agus eagluisi. (Bhí) sí athaidh imchian
(agus) tréimhsi fada agam air láimh agus air leabaidh go ttánic (dream)
uasal ó Chóigeadh Laighion .i. ó Mhóta Gráine Móire agus ó
Charuic Dhún na Más, daoine eitill (agus) droíachta, agus go
ttáinic go Grian Conghail fa /12/ Cóigeadh Ulltach mura robhus
féin agus mo chéad bhean agus m'éntogha tochmhairc .i. Uniota
Celina".
15 "Agus comh luath agus do chonairc mé aon radharc do Ghraniota,
dar liom féin nach roibh acht nimhnigh a ndeilbh agus 'n éccosg ban an
domhain 'na farradh ionus gur thóguibh mé féin ó leabaidh na
chét-mhná agus gur leanus an bantaoisech cóigríthe sin táinic a n-imchian
dom ionnsuigh", air an gruagach, "agus nochan ansin do bhí an
cheisd acht ar (air) mbeith dúinn air an iomruagadh sin, táinic treas
lámh an mhathuigh chaim do thsioc an chluithche oruinn (oruinn)
ar ttriar .i. Siliota Hugonis Sgabiosi agus dirid cách nár lugh cumhachta
na treas mná ionnas gur fhuadaigh an treas bean misi as lámhuibh
na birte eile lé ionus nach riobhios ach ('mo) mhír idir dhá róip ag
iarraidh greama an dá bhruach do chonbháil agus is amhlaidh tarla
damh fa dheoigh gur bhuin leagadh mór damh idir in dá stóla mur
(mur) dheirbhios an cúpla rann so do-roinneadh air an ccúis chéadna:
'Mo mhír idir dhá róip,
'mo fheoil-chnámh idir conairt,
mé dom innliodh idir mnáibh
rob iomdha bang agus cuinniol-bháidh.
Ón ló sin gus aniudh
ní bhfuair mé ní dá ttoradh,
acht ar dherbhaigh mé dom airc
creach as cearbhadh as í a shen-cheart."
16 "Air ndol don sgéal os aird orm pféin agus air mo uile bhan, do
chuireadar na sasardoteis baong agus conal-bhádh 'mo dhiaidh ion
(gach) ionad a ccluinfidhe mo bheith. Agus do bhí eagal easgaoine
na sasardotes go mór orm ionios gur sgaoilios me féin uatha na
huile (bhean). Ba mhór an édáil liom mé féin do sgaradh leo fa
dheoigh /13/ agus ag sin an t-ábhar, a dhuine mhaith (a dhuine mhaith),
nach bhfuil bean agam agus nach bhfuilim gan mhnaoi". "Ní chuadhla
mé riamh duinne is fear a chiallíos gach cruaidhcheisd no thú",
air an brughaidh. Iar sin do ghlac an gruagach a thiompán in treas
feacht agus ní chuadhladur cách ariamh a mhacasamhla nó compráid
an chiúil do shinn an tan sin; agus do ghoir air na racaribh an treas
feacht agus ní hángadur air én chor. "Mádhseadh, is cóir dhamhsa aon
ndán do mo shaothar féin do dhéanamh do mhaithibh an dúnaidh
so mur do-níd an aois dána Éireannach don na hoidibh agus do na
hollumhnibh a bhias acu ria ngabháil a cceada friu". Agus adubhairt an
laoi so síos:
"Maith an turus a ttángas ann
go toigh brughaidh mhóir na saor-chlann
dá bhfuarus fáilte gan bhréig
ó bhantracht bhláith chert Muighrég.
Cearthar ban dár dháilios cion
do bhí tair mo cheann san mbrughin;
brot air tonghaile fa gach mhnaoi
do-ní confa re gcách san ghaoith.
Eo dearg-óir ionn gach brot -
niarbh iad an bhantracht tarnocht;
a ttaoi brughadh mhóir na féile
ní roiph ben dhíobh gan chaoimh-chéile.
Beannacht dá bhferuibh 's dá mnáiph
tugadhle Gruagach an Tiompáin;
níorbh iad an cuire gan digh -
air dturus sunn ba ró-MHAITH.
18 Haithle na laoi sin do cóiríodh buird agus beinnsioghadh inn
dúnaidh agus do cuireadh Gruagach an Tiompáin alias na Creige 'n
onóir an bhuird uile agus do chóraigh a chruit agus a thiompán agus chuir
(a) dtaisgidh agus (a) ccomhdach ar (a) láimh (iad) agus do éirigh bullsaire
'na sheasamh agus do bhoin slabhradh éisdachta ...ne agus do éisd-
adur go taoi tochtach ionnus dá ttuiteadh snáthad bheg óir ...
fíor-...alach in toighe, go ccluinfidhe a trosd agus a torman
/14/ ... tuitim go lár agus go lán-talmhain air feabhus an éisdachta
do bhí acu. Is ansin do fhiarfaigh an bullsaire do mhaithibh an
dúnaidh an gcualadur ariamh tiompánaidh dob fhear nó Gruagach
in Tiompáin agus dubhradar muinntir in dúnaidh nach ccualadur; agus do
fhiarfaigh in bullsaire an dara feacht an ccualadur ariamh draoi nó
deagh-dhuine eadhladhna dob fhear nó Gruagach na Cruite agus
dubhradur cách nach ccualadur. Do fhiarfaigh an bullsaire an treas
feacht an gcualadur seanchaidh nó eolaidh nó fer fuaisgailte cruadh-
chesda dob fhear nó Gruagach na Creige. Dubhradur cách gur
dhocair a mhacasamhla d'fhagháil.
19 Do bhí rogha gacha flighe dá chaithiomh san dúnadh iar sin
.i. iomlaoid corma agus corn dá ndáil agus dá luath-iomlat otorrdha
ionnus gur ghlac cuing mhearaidh agus mhisge iad uile go coitchionna.
Is ansin adubhairt an gruagach gur mithe leis féin a tshuaimhnios
do ghlacadh agus adubhairt an (an) brughaidh má budh mithid leisean
sgarradh leosan nár mhithe leosan sgarradh leisionn. "Go roibh
maith agus mór-onóir agad", air an gruagach, "gidheadh budh náireard
fer aon-uaire air misge", air sé. Is ansin do cóireadh iomdha agus ach-
leaba don ngruagach agus do cuireadh cailcthe agus ciorchuil agus éidighe
boga lán-áilne taris. Iar sin do srathiodh agus do sgaoileadh cuir-
tionniogh na caoimh-leapa sin 'na tiomchioll ionnios dar leat gur
maith an gléas codallta fothram agus fuaim agus tormán fáiniodh agus
imeal-shlabhraidhe na leapa sin.
20 Iar sin do mhuing a chuodhlladh air an gruagach agus do bhí
'na tshoirchim suain agus síor-chuodalta nó go ráinicc deoigh agus
deireadh oidhche fair agus tarbhus fíos agus amhra-aisling ró-iongantach
don ghruagach agus do dhúisg as a chodhlladh go hanbhuaineach é .i.
go ttáinic Maiorius Gumrinus do dhénamh sealga agus fiadhaigh agus
fian-chosgair fa na foraoisachuibh gnáth-shealga agus fo na láthrachuibh
ligthe agus dá ttug a ghadhair sporracha spágacha /15/ spad-chluasacha
gríoph-ingneacha fhad-uirlleacha bhinn-ghlóracha fo na feadhuibh
agus fo na fothraoisiph céadna agus gur lean féin iad um thráth mór do ló
air sdéad mhong-leabhuir agus gur bhuinn a stuic agus (a) adharcadh agus
a bheanna buabhaill 'na ndiaigh um Charruic Mhic Cronnchair mhic
Rónáin .i. fris a ráitior Caraic Í Chaoilte agus um Chnoc an
Oirachtais fris a rátir Cnoc Lochroma agus uma Bhoile tShleachta
fris a ráitir Boile na Croisi agus um Shleacht na Miogh fris a
ráitir Sleacht Ó Mogollán agus um Dhruim ós Fiodh fris a ráitir
Druim Ard agus um na Beangánuibh Dorcha fris a ráitir na
Gabhla Dubha agus uim Mhuighe Mhic Eochaidh fris a rátir Muighe
Ó Gealla agus um an gCill Dhiamhair fris a rátir Lios Drochull
agus um Loch na nÉn fris a rátir Loch Chúl Uighir agus um Bhaile
na Foraire fria a rátir Baile Mhic Bheice agus um Dhaigion
na Méarlach fris a rátir Draoineán agus um Shesgán na nCorr fris
a ráitir Poll Thighe in Leabain (agus) um Dhruim na tTorc Mór fris
a ráitir Druim Muc an Treasa agus um Chúl na Fánoidhe fris a ráitir
Cúl Chnáide agus um Dhruim Lesdair fris a ráitir Druim Ruisg agus
um Bhoile na Slat fris a ráitir Curach agus um Charuic an Dainghin
fris a ráitir Creag na Sionach Liath.
21 Ciothrácht níor fháguibh lucht na sealga carach gan
bhriseadh nó creag gan bhlaghadh nó uaimh gan sgaoileadh nó
cloch gan ionntógh dá roibh a gCreig na Sionach Liath nó fós
sionnach gan mharbhadh. "Is agal liom", (air an) gruagach, "go
bhfuilim tar éis mo mhillte ó do fhágbhus féin an baile, uair dhá
mbein féin san mboile agus mo thiompán agam is mór an t-anacal
(a) dhéanfuinn agus is mór do leigfidhe damh mur an ccéadna", air
an gruagach. "(A) ghruagaigh", air an brughaidh, "is truagh mur
do chonairc mé riamh thú más imchecht ... b'áil leat do dhéann-
amh orm. Is díoghbhálach do chélidhe chugam, a ghruagaigh ...
/16/ uair do fhágbhuis air mná agus air mbannáil agus air macaoimh agus
ar mion-ndaoine agus ar ndisger-shluagh fa én-chuing tuirsi doilghis
agus dobhróin tar h'éis". "Dair mo chubhuis-sa, níor shaíl misi mo
chuairt do bheith comh gearr agus sin. Acht is agail liom go bhfuilim
air mo mhileadh ó do fháguibh mé an boile".
22 "Ní riachtanus duit a bheith comh gealtach agus sin", air an
brughaidh. "Atá sen-fhocall air (air) marthuinn agus air cuimhne
agamsa", air an gruagach, "uair colaidh gach duine air an ccneidh
acht fear na cneighe féin", air an gruagach, "agus mur sin tiocfadh gach
(duine) ó mo dhíobhfháilsi acht mé féin". "Is fíor sin", air an brugh-
aidh, "acht giodheadh is truagh dolaidh linne é", air an brughaidh.
"Ní bhfuil amhrus agam", air an gruagach. "A ghruagaigh", air an
brughaidh, "más toil leat mé dá fhiarfaighe dhíot". "Is toil liom go
deimhin", air an gruagach, "óir más fiafradhach ba fiosach agus más
fiosach ba heolach agus más eolach ba foghlamtha agus más foghlomtha
ba críona agus más críona ba conáigh agus más conáigh ba saidhbhir agus
más saidhbhir ba mesúil agus más measúil ba ríghthúil", air an
gruagach, "agus mur sin nach misde dhuit sgéala d'fhiafraighe dhíomsa".
"Máseadh, créad in t-ábhar uma ttugadh Cnoc an Oirachtuis air an
ccnocsa dá nguirmine Cnoc Lochruim anois?" air an brughaidh.
"Mór-fhlaithe do bhádar ann
Tuatha dealbha Dé Deannann
air Chnoc an Uirachtuis malle
dár chomh-ainm Cnoc Lochrame.
Nuagha Airgiod-lámh na ccreach
a ccéad-rígh iar gclaoi Fomhurthach,
fer gan ghuimh ag díol dámh
a ccath Cuinge gur chail a dhes-lámh.
(Lúgh) Lámh-fhada na ccleas
an macaoimh cumhachtach caoimh-dhes
... tre mhes na thsláinte
aon-mhac Céin mhic shaor-Cháinte.
/17/ Fir lear bhinn fíor gach sgeoil
trí mic Cermada Mhaol-bheoil:
Mac Gréine, Mac Ceacht, Mac Cuill
ria ttecht na nGaidheal-sa tar mór-thuinn.
Aonghus a' Bhrogha is Aonghus Óg
agus Abhartach mhac Allóid
is Logha Dearg dian dleachtach,
rígh air iathuibh Connachtach.
Tuirionn Bheg grinn 's a uile mhac -
olc do-roinnadur an comhrac;
ba searbh an sgéal dóibh fa dheoigh
ó Uath Cáinte Chrithir-bheoil.
Etar, Ceatar, Teatar,
do chuir an sluagh 'n artegall;
ba ríghthe iad air Innis Fáil
ria ttecht mhic an mhíleadh ó Esbáin.
Fódla, Banbha agus Éire,
don triar sin ba caoimh-chéile
ria ttecht Gaoidheal tar Muir mBeann
go hiath oirthir-ghlan Éirionn.
Cuireadh leagha air an rígh -
dar liom ní roibh ach nimhthinn -
ba beg a ríagh-dháil don bhfer
caoimh-lámh d'argiod aon-gheal.
Call, Ceacht agus Grian,
ba dée aghartha don mór-thriar
gur umhlaigheadar dhóibh iar sin
do shluagh iudhal Lucifir.
Mac Ebhinn in siaghdha suairc
is Lir ó thSídh Achaidh athfhuair
agus Síthmhall Shíthe Neanta
an sluagh daonúil do-illta.
Tadhg mhac Nuaghad an fial fosach
is Bran mhac Feabhail fionn-chosach,
Labhra mhac Taidhg is Conchóir,
atáid mo chumhne go ró-mhór.
Mananán mhac (a) Lir ón muir
agus Símhall Tuatha Meaghair;
a bheith 'na muinnechas ba leor
air Chnoc an Uirachtuis ba ró-MHÓr".
24 Haithle na laoi sin do fháguibh an gruagach iomchumhairc
beatha agus sláinte ag an mbrughaidh agus do rug an ubhir chéadna leis
uadha agus adubhairt: "Dar ... gurbo é seodh air ccomhrádh
deithrionnach (deigheanach) rer oile". "Is ... síorthaoi suthuin
duine do sgaradh leinn", air an brughaidh. Iar sin do ghluais an
gruagach a bhfrithing na conaire céadna agus air son go n-abraid
/18/ ... agus uachtráin na heagluisi go bhfuilid an aghaidh
aighentaidhe, fís nó fáisdine breanglódach nó aislingeacha nó
superstition air bioth eile do thabhairt astech 'na gcredamhuin
choidhche, do fíoradh gach ní dá bhfaca an gruagach an aoiche
sin a ttaoi an bhrughaidh uar do briseadh Carruin in Daingin agus
Creacc na Sionnach Liath le Maiorius Gurrumrus agus lena lucht
sealga air cheana, óir do marbhadh a roibh do thsionnchuibh a
gCreig na Sionnach Liath ionus nach ndeachaidh eolach bethadhach
nó fer bethra sgéal as díoph gan mharbhadh.
25 Agus mur do chonairc an gruagach an diansgaoileadh agus an
dian-bhernadh agus mór-mharbhadh do roinneadh air na sionnchuibh a
ttiomchioll na Creicce, do ghlac tuirsi é agus adubhairt go truagh
turseach agá n-égaín:
"Olc mo thoisg ó mo thoigh,
níor ghlac mé comhairle an chlérigh,
dár chaillios mo ghluaire saoi
an cuaine sionnach bhfochaol.
(Níor ith) siad eis-fheoil in mo thech,
óg-uain nó ... caorach,
nó turcach mín méth mbliasda,
nó caoimh ngédh curcach comharsna.
Buan mo mhallacht mur do dhligh
air Maier mór Mag Gumraidh,
dá tterna tsealg tar m'éis
agus cealg ó bhfrioth faisnéis.
Mór a mhairg a d'fheruiph Albonn
mo dhún saorsa d'ionarbadh;
fada mhairios guimh na locht
mo ghuin feasa fa mór-OLC.
26 Iar sin do ghlac fearg agus fíor-mhiosccuis tré mharbhadh na
sionnach agus (tré) legadh na cairge agus tré ionnarbadh na druinge sin
do bhí dá chothughadh agus dá conbháil roimhe sin an gruagach,
agus do smuain gurbh fher leis bás no betha, agus tochlus fert fada agus
fíor-adhbhadh agus tumba daighionn ... do féin agus do ling ann agus do
thsocraigh a thiompán 'na aice ... iata 'na dhes-láimh agus do shín
é féin san tumba /19/ (agus) gur sgar a spiorad anma agus beatha fris
gurab ansin do chríochnaigh Gruagach na Creige agus na Cruite 's an
Tiompáin deireadh a bheatha agus tsaoghail .i. isin eachtra go
nuighe sin. FINIS. Aois air tTigherna an tan-sa míle secht
ccéd agus dhá bhliadhain dég.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11