Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg O'Daly and Sir George Carew

Title
Tadhg O'Daly and Sir George Carew
Compiler/Editor
O'Sullivan, Anne
Composition Date
1618
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1971-1972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Gabh mo gherán, a Sheóirse,
cuimhnigh cion mo chineóil-se
ag gach pór dod réimm romhuibh;
mór dá réir do-rónabhair.



Ní thuillte duid mo dhiomdha,
fa Dhia is tú mo thighearna;
righe ret' anáir doba áil
dlighe gabháil ar ngeráin.



Gan chuid gan chuidechta linn,
mar sin thánag fa thuairim,
do-cháidh mo cuiple a gcaoíle,
ruibh-se do bháir bhegaoíne.



Córaide duid, a dhrech náir,
ar ngeráin-ne do ghabháil,
d'fhuil Gall a-nú ná a-nalluin
rann ach tú nír thógamair.



Seanbháidh do réime romhuibh
rem chinedh do chualabhair;
a ghnúis dealbhnáir nár ér fher,
ná sén seanbháidh na sinnser.



Cairúnnuigh ríamh druim ar druim,
a chorann ? dár séimh somhuinn;
bí féin dúin ina ndeaghuigh
do réir do ghlúin genealuigh.



Mise th'ollamh fíre féin,
cuinmhigh damh, a ghnúis ghlanréidh;
mé ríamh gan chlaon ad choinne
le haon dár íarr orain-ne.


L. 34


Rinn cheana do chinn fhine
mar fuair cenn ar gceirdi-ne;
déantar lat úaisle oram,
glac an úair-se a uraghall.



Ní hionann as merdha mhé
's a lán eile dom aicme;
a chruth fhíal go dtenn dtresa,
ríamh ad chenn nír chuires-sa.



Dod thagra thánag om thoigh,
mar charuid, a chruth féidhligh',
ní badh é an triall gan thoradh,
a ré fhíal gan urrdhubhadh.



Don chuid eile dom fhine
anois a n-eirr mh'aimseire,
a chruth shuilbheir, a ghné ghlan,
ná fuilngidh mé du mhuchadh.



A bhfuil mh'aicme do rádh rum
fa thegh mo réime romhum
ar chlaon dom fhine at aghaidh,
a bhile sháor shíothamhail,



Deacair nach bhfuil d'fhíachuibh ort
cuid dom' anforlann d'fhurtacht;
cuimhnigh an bhfréimh dá bhfuile,
a shuilbhir shéimh shothuinge.



Tug an té ó ttáinig sibh,
a anáir ar lár ná léigidh,
don chéidfher ór slonnadh sinn
bronnadh dárbh éigean uirrim.


L. 35


Muinntear Bháire na dtrácht dte
ód shinnser fuair ar bhfine;
má tá sin daor 'na dheghuidh
do bhí saor 'gár sinnseruibh.



Dúais dána an úair-sin mar í
ní hiomdha fer ó bhfuighthí;
ní bronnadh as cáir do cheilt
do dháil an t-orradh oirdheirc.



Ar dheaghdhán dá ndernadh linn
d'aoinfher dá uaisle a n-Éirinn,
agad tshíol do bhí a bronnadh,
díl mar í ní fhuaramar.



Gidh aidhbhseach é ag gach ollamh
an fearann-so fuaramar;
bladh as buaine iná an aidhbhsi
do an uaine oruibh-si.



Ní buaine an toirbhert tug uaidh,
an Carrúnnach an chéadúair,
ná a chlú gan char ar gcúluibh
do an ar chrú an Charúnuigh.



An té ó dtáinig tusa,
's a' t-ollamh ór fhhásus-sa,
sinn araon a ndá n-oigher;
a raon linn an leanfaider?



Ón chéadfher dod réim romhuibh
tug onóir dár n-ealadhain
féach go bhfuil ar ro-bháidh ruibh;
mh'onáir ná cuir ar chúlaibh.


L. 36


An tshlighe as ar íarr innmhe
fúair an cenn-so ar gcinidh-ne;
ní cóir file do rádh rinn
an tshlighe ar lár do léigfinn.



Dán, is an ttabhartas tug,
mar fúar ón té ó dtánag,
do-bhéar úaim é dá eighre,
mar fúair sé ór sinnseir-ne.



Mór do chuir clú do chinidh,
ní hainm ar gcúl chuirfidhir,
tú ad bharánta ar theacht as-tteagh
a neart gabhála Gaedheal.



Damh-sa as cóir a chur i gcéill,
atá re cur id chaithréim,
gan fher faghla 'ghá foghuil
Banbha as-teagh go ttugobhair.



D'fhortacht Éireann, go dul duibh
le dírmuibh láech ó Londuin,
do-chuaidh ort an ardbhladh,
ní fhuair a holc d'ionarbadh.



Do fhágbhuis, ó chenn go cenn
an fonn aoibhinn-se Éireann
gan ghuid, gan éginn, gan olc,
gan bhruid, dárbh fhéitir fhortacht.



An dóchus do andaidh sibh,
math dúinn a n-onóir mh'aisdir,
bíoth go bhfuil ar lúaighill lag,
tar muir fad thúairim thánag.



Thadeus dally cc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services