Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Specimen of Drogheda Irish

Title
A Specimen of Drogheda Irish
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Williams, N.J.A.
Composition Date
1851
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1969-1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ardaigh an corpán ar mhuin Thomáis



A' siúl na hoíche, a Mhic Ghiolla Claonaigh,
b'é sin ábhar aitis, b'é sin ábhar aitis
nach raibh fáilt dídin ná cead síneadh
i measc na marbh, i measc na marbh.
Labhair sé go ciúin faiteach le Tomás Mhag Eacháin
bocht Mhag Eacháin, bocht Mhag Eacháin:
"Dhá n-ardachadh mo chorpán gan sultghairdeas,
bhéarfaidh mé mart duit, bhéaraidh mé mart duit".



"'S dhá ndéanfamuist réiteach ar a' chaoi sin
gá 'l a' mart sin atá tú a ghealladh?"
"Seon beag Bingeam, Seon mór Bingeam
is iad mo ghaoltaibh, is iad mo ghaoltaibh.
Scríobhfaidh mé nóta ar chorr-litir
go Béal an Asáin, go Béal an Asáin
's gheobhaidh tú crúiscín faoin charnán-aoiligh
gruama glasa, gruama glasa.
's tabhair leat é mar luach astair
mar luach astair, mar luach astair".



Leis sin tógadh an corpán ar mhuin Thomáis
insna bealaí, insna bealaí
tríd bóithre cúnga cruaidhe casta
le solas na gealaí, le solas na gealaí.
"Tá mac dearthára áthara damh i mBaile Mhic Mairtín
's fáig ansin mé, 's faig ansin mé."
's ardaigh an corpán ar mhuin Thomáis
le na bealaí, le solas na gealaí.



Thug muinn a' scríob sin go teampall a' Díomais
agus fuair mé glas air, agus fuair mé glas air.
"O, Dhé, a mharbháin, ...
tá sé daigean, tá sé daigean."
"Ó, 'Dhé, a chompánach, ná bí meata
...
Gheobhaidh tú an eochair ar chúl a' dorais
nó faoin tarsach, nó faoin tarsach."


L. 317


Chromais fairis agus d'fhoscail suas é
's thlig mé an corpán mar bhé' pucán
...
"A, cuirfear gad air, cuirfear gad air."
'S fuair mé spáid ar dheis mo láimhe
's bhain mé preab léith', 's bhain mé preab léith'.
Bhris mé láirge an bhodaigh Ghallta
a bhí faoin talamh, a bhí faoin talamh.
"Brog and browns! You broke my bones
ar an fear sin, ar an fear sin
"Where's the rogue? Here's the rope
and I'll hang him, and I'll hang him."



D'éirigh Caitrín mhór Ní Raghallaigh
leis a' challán, leis a' challán
agus Oilibhéar cumhachtach aniar ó Londain
i bhfad ó bhaile, i bhfad ó bhaile.
'S labhair aon acu le glór Ghaolaic
"Gá raibh sé riamh nó gá bhfuair sé a bheatha?"
"Sín ar lár é, 's is aige atá 'fhios é.
Níl a fhios agam, níl a fhios agam."



D'éirigh gabha Giles a bhí i dtaobh thíos de
's Seorsa Cartan, 's Seorsa Cartan
"Gá'l a' casúr, where's my hammer?
There's a robber, there's a robber
's d'éirigh a' mhéid a bhí 'nsa chréafóg
's ba ábhar aitis, 's ba ábhar aitis.



'S tógadh an corpán ar mhuin Thomáis
mar bhí roimhe, mar bhí roimhe
Agus bhuail gach aon acu corradh 's céad leadhb air
le reveille insna bealaí.
'S ardaíodh a' corpán ar mhuin Thomáis
insna bealaí, insna bealaí
tríd bóithre caola cruaidhe chasta
le solas na gealaí, le solas na gealaí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services